An Bhruiséil,3.12.2025

COM(2025) 741 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Tuarascáil Bhliantúil 2025 maidir le cur chun feidhme Ionstraimí Gníomhaíochta Seachtraí an Aontais Eorpaigh in 2024

{SWD(2025) 390 final}


Clár

BROLLACH    

GEALLTANAIS DHOMHANDA    

Freagairt an Aontais ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine    

An tAontas: gníomhaí láidir domhanda    

Global Gateway – forbairt inbhuanaithe a chothú    

Cabhair dhaonnúil    

Iltaobhachas agus dúshláin dhomhanda    

FORBHREATHNÚ TÉAMACH    

Forbairt Dhaonna    

An taistriú glas    

Digitiú, eolaíocht, teicneolaíocht, nuálaíocht agus bonneagar    

Fás agus poist inbhuanaithe    

An imirce agus easáitiú éigeantais    

Rialachas daonlathach agus cearta an duine, síocháin agus slándáil    

RAON DOMHANDA    

An Afraic Fho-Shahárach    

An Áise agus an tAigéan Ciúin    

Críocha Mheiriceá agus an Mhuir Chairib    

Méadú an Aontais (na Balcáin Thiar, an Tuirc, an Úcráin, Poblacht na Moldóive, an tSeoirsia)    

Comharsanacht na hEorpa    

Comharsanacht Oirthir na hEorpa (an Airméin, an Asarbaiseáin agus an Bhealarúis)    

Comharsanacht Deiscirt na hEorpa    

Tíortha agus críocha thar lear    



BROLLACH

Ba bhliain mhór í 2024 maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais. I rith na bliana, lean an tAontas de bheith tiomanta aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, a leasanna agus a luachanna a chur chun cinn agus tacú leis an daonlathas, le cearta an duine agus leis an iltaobhachas ar an leibhéal domhanda. Baineann an gealltanas sin le roinnt príomhréimsí éagsúla, lena n‑áirítear comhar maidir le comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, trádáil, slándáil agus cosaint, beartas comharsanachta, cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta.

Tá cónaí orainn i ndomhan atá á athshainiú féin. Tá roinnt náisiún ag iarraidh a dtionchar a bhrú chun cinn trí fhorneart, agus tá náisiúin eile ag iarraidh a gcumhacht eacnamaíoch atá ag méadú nó atá bunaithe cheana a ghiaráil chun dinimic dhomhanda a athmhúnlú. Tá go leor cumhachtaí atá ag teacht chun cinn á gcur féin in iúl ar an leibhéal domhanda de réir mar a théann a gcuid muiníne i méid.

Leis an timpeallacht athraitheach sin, d’fhéadfaí aistriú stairiúil a bheith ann ón gcomhar go dtí an iomaíocht, agus d’fhéadfadh iomadú coinbhleachtaí agus úsáid fornirt bhrúidiúil a bheith ann chun cuspóirí polaitiúla a bhaint amach. Ó chogadh foghach leanúnach na Rúise in aghaidh na hÚcráine go coinbhleachtaí sa Mheánoirthear, in oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus in áiteanna eile, rinneadh laghdú ar an tsíocháin agus ar an tslándáil in 2024.

Sa chomhthéacs sin, chuir an t‑Aontas tús lena athshuí ar an leibhéal domhanda. Díríodh ar thacaíocht a thabhairt don Úcráin, ar chosaint agus ar shlándáil na hEorpa a neartú, agus ar chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a threisiú.

Seasann an tAontas amach níos mó agus níos mó mar phríomhthacadóir an iltaobhachais agus an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe chun clár oibre domhanda dearfach a chur chun cinn nach bhfágfaidh aon duine ar lár. Chuaigh an tAontas i mbun plé maidir leis an gcóras iltaobhach a athchóiriú chun córas nua-aimseartha éifeachtúil a dhéanamh de. Ba chéim mhór chun cinn é glacadh rathúil an Chomhshocraithe don Todhchaí de chuid na Náisiún Aontaithe ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i mí Mheán Fómhair 2024.

Ní neart go cur le chéile. Le chéile, tá an tAontas agus a Bhallstáit ag infheistiú inár gcomhghuaillíochtaí agus inár gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta. Tá beartas eachtrach eacnamaíoch nua á bhunú againn lena ndírítear ar shlándáil eacnamaíoch, ar thrádáil agus ar infheistíocht chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais; tá ár gcomhpháirtíochtaí cosanta agus slándála á leathnú againn; agus táimid ag baint úsáid as an straitéis infheistíochta inbhuanaithe Global Gateway chun tairbhí nithiúla a chur ar fáil do dhaoine ar fud an domhain agus sa bhaile. Is é is aidhm don straitéis Global Gateway an bhearna infheistíochta dhomhanda don fhorbairt inbhuanaithe a laghdú trí thacú le tionscadail fuinnimh ghlais, iompair agus digitithe, agus trí chórais sláinte, oideachais agus taighde a neartú ar fud tíortha comhpháirtíochta ar fud an domhain freisin.

Leagtar amach sa tuarascáil seo an méid oibre a dhéanann institiúidí an Aontais, na Ballstáit agus institiúidí maoinithe forbraíochta de mheon Fhoireann na hEorpa chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Déantar doiciméadú leis ar ár n‑iarrachtaí i dtreo réitigh inbhuanaithe agus cothroma i dtíortha comhpháirtíochta atá i gcomhréir lenár luachanna. Cumhdaítear leis na gníomhaíochtaí sin díothú na bochtaineachta, forbairt inbhuanaithe, cabhair dhaonnúil, cosaint shibhialta, saorthrádáil chóir, slándáil, síocháin agus cobhsaíocht, cur chun cinn chearta an duine, an daonlathais agus an smachta reachta, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar neamhionannais eile. Le raon iomlán tionscnamh tacaítear freisin le tíortha comhpháirtíochta a théann i ngleic leis an athrú aeráide agus atá ag cosaint na bithéagsúlachta.

Bliain dhúshlánach ba ea 2024, ach d’oibrigh an tAontas agus a Bhallstáit lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta chun comhpháirtíochtaí níos láidre agus níos athléimní a chruthú. Táimid ag bailiú nirt agus tionscnaimh Global Gateway, ár bPleananna Eacnamaíocha agus Infheistíochta le Comhpháirtíocht an Oirthir, le Comharsanacht an Deiscirt agus leis na Balcáin Thiar agus ár bpunann iomlán tionscadal á gcur i bhfeidhm againn. Trínár gcur chuige Fhoireann na hEorpa, leanann an tAontas de thorthaí láidre agus inbhuanaithe a bhaint amach a rachaidh chun tairbhe do dhaoine agus don phláinéad.

            

An tArdionadaí      An Coimisinéir      An Coimisinéir      An Coimisinéir        An Coimisinéir

/An Leas-Uachtarán

KAJA KALLAS     DUBRAVKA ŠUICA      MARTA KOS      JOZEF SÍKELA         HADJA LAHBIB

do Ghnóthaí um Réigiún na um Méadú     um Chomhpháirtíochtaí um Chomhionannas,

Eachtracha &      Meánmhara              Idirnáisiúnta         agus um Ullmhacht agus

don Bheartas                                Bainistíocht Ghéarchéime

Slándála                     

                             

              

 



GEALLTANAIS DHOMHANDA

Freagairt an Aontais ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine

I rith 2024, lean an tAontas de thacaíocht pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, dhlíthiúil agus mhíleata nach bhfacthas a leithéid riamh cheana a thabhairt don Úcráin agus de smachtbhannaí a chur in úsáid an tráth céanna chun acmhainn chogaidh na Rúise a lagú. Le Saoráid nua an Aontais don Úcráin, cuirfear suas le EUR 50 billiún de thacaíocht intuartha ar fáil don Úcráin le haghaidh 2024-2027 chun cabhrú lena téarnamh, lena hatógáil agus lena nuachóiriú.

In 2024, shlóg an tAontas EUR 19,6 billiún san iomlán faoi thrí cholún na saoráide agus eisíocadh EUR 16,4 billiún. Leis an gCreat Infheistíochta don Úcráin, síníodh an chéad EUR 1,4 billiún i bhfoirm deontas agus comhaontuithe ráthaíochta i mí an Mheithimh ag an gComhdháil ar Théarnaimh na hÚcráine i mBeirlín. I mí Iúil, cuireadh EUR 1,5 billiún a gineadh le sócmhainní blocáilte de chuid na Rúise ar fáil don Úcráin.

Ó bhí 2022 ann, tá os cionn EUR 47,3 billiún de thacaíocht mhíleata curtha ar fáil ag an Aontas agus a Bhallstáit don Úcráin, agus as sin cuireadh EUR 6,1 billiún ar fáil tríd an tSaoráid Eorpach Síochána. Ina theannta sin, slógadh os cionn EUR 2 bhilliún trí na Lánaí Dlúthpháirtíochta, ar tháinig EUR 1,5 billiún de as Saoráid um Chónascadh na hEorpa le haghaidh Iompair( 1 ).

Le linn 2024, leithdháil an Coimisiún EUR 165 mhilliún i gcabhair dhaonnúil don Úcráin. Leanann an Úcráin de thairbhiú den oibríocht is mó, is faide agus is casta de Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta i stair an Aontais. Cuireadh síneadh leis an Treoir um Chosaint Shealadach le haghaidh daoine atá ag teitheadh ón gcogadh go dtí mí an Mhárta 2026.

In 2024, ghlac an tAontas trí phacáiste bhreise smachtbhannaí i gcoinne na Rúise. Faoi dheireadh na bliana, glacadh 15 phacáiste smachtbhannaí san iomlán, lena liostaítear breis agus 2 300 duine aonair agus eintiteas.

Cuireadh síneadh leis na Bearta Trádála Uathrialacha, lenar léirscaoileadh go hiomlán an trádáil idir an tAontas agus an Úcráin, go dtí mí an Mheithimh 2025, rud a thacaíonn le geilleagar na hÚcráine trí ioncam onnmhairiúcháin breise dar luach EUR 2 bhilliún in aghaidh na bliana.

Tríd an Ionstraim Eorpach um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach, lean an tAontas ar aghaidh le gníomhaíochtaí a bhaineann le sábháilteacht núicléach, lena ndéantar bonneagar cosanta núicléach agus radaíochta na hÚcráine a atógáil agus a athbhunú, lena n‑áirítear déanamh amhlaidh ar shuíomh Shearnóbail.

An tAontas: gníomhaí láidir domhanda

In 2024, i measc géarchéimeanna forluiteacha iomadúla, athruithe geopholaitiúla agus brú breise ar an iltaobhachas, chuir an tAontas dlús lena iarrachtaí a chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a neartú – go háirithe tríd an straitéis Global Gateway.

D’oibrigh an tAontas chun a chosaint agus a shlándáil a neartú. D’oibrigh an tAontas freisin leis na tíortha is iarrthóirí, lena n‑áirítear an Úcráin, ar na hathchóirithe is gá a dhéanamh, agus le hiarrthóirí ionchasacha chun ullmhúcháin a dhéanamh dá n‑aontachas leis an Aontas amach anseo.

Le linn na bliana, chuidigh an tAontas le daoine a bhí i ngátar agus d’fhreagair sé do ghuaiseacha nádúrtha agus do thubaistí de dhéanamh an duine ar fud an domhain, rud a dhaingnigh a ról ceannasach maidir leis an gcúnamh domhanda. Tá cabhair dhaonnúil á cur ar fáil ag an Aontas sa Mheánoirthear, agus tá sé tiomanta i gcónaí teacht ar réitigh ar na géarchéimeanna éagsúla ann.

In 2024, bhí an tAontas agus a Bhallstáit i dteannta a chéile fós ar an soláthraí cúnaimh oifigiúil forbraíochta ba mhó le EUR 88,7 billiún, méid a chomhfhreagraíonn do 42 % den chúnamh oifigiúil forbraíochta domhanda( 2 ) bunaithe ar réamhshonraí ECFE. Léiríonn na figiúirí is déanaí freisin gurbh é an tAontas an ranníocóir is mó ar domhan maidir le Cúnamh don Trádáil in 2022 le EUR 22,2 billiún – 36 % den Chúnamh don Trádáil iomlán a tugadh ar fud an domhain( 3 ).

Global Gateway – forbairt inbhuanaithe a chothú

Trína straitéis Global Gateway, tá an tAontas, a Bhallstáit, agus a mbainc forbartha agus a n‑institiúidí maoiniúcháin chun thart ar EUR 300 billiún a shlógadh faoi 2027 chun domhan níos cothroime, níos athléimní agus níos inbhuanaithe a mhúnlú. Idir 2021 agus 2023, shlóg an tAontas, na Ballstáit, an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha infheistíochtaí dar luach EUR 179 billiún chun tacú le cur chun feidhme Global Gateway. As a measc, thacaigh an tAontas le EUR 50 billiún agus shlóg Ballstáit den Aontas, an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha EUR 129 mbilliún.

Tá dul chun cinn suntasach déanta cheana féin agus breis agus 250 tionscadal suaitheanta curtha i bhfeidhm ar fud an domhain. Ó thaobh téama de, baineann 50 % de na tionscadail le réimsí na haeráide agus an fhuinnimh, 20 % i réimse an iompair, 13 % sa réimse dhigiteach, 10 % i réimse na sláinte, agus 7 % san oideachas agus sa taighde. Léiríonn an miondealú geografach go bhfuil 45 % de na tionscadail san Afraic Fho-Shahárach, 20 % i gCríocha Mheiriceá agus i Muir Chairib, 18 % sna réigiúin Chomharsanachta agus Mhéadaithe, 15 % san Áise agus san Aigéan Ciúin, agus gur tionscadail réigiúnacha nó domhanda iad 2 %.

In 2024, d’fhan an tAontas ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn agus spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Is í an straitéis Global Gateway príomh-rannchuidiú an Aontais Clár Oibre 2030 agus a spriocanna forbartha inbhuanaithe a shaothrú i ngníomhaíocht sheachtrach, arb é is aidhm di acmhainní a shlógadh chun na spriocanna sin a bhaint amach agus rannchuidiú go mór leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta.

Threisigh an tAontas a thairiscint infheistíochta Global Gateway, agus choinnigh sé acmhainní tiomnaithe ar bun chun páirt a ghlacadh in áiteanna leochaileacha agus ina bhfuil coinbhleacht. D’fhéach an tAontas le dul i ngleic le bunchúiseanna na leochaileachta agus na himirce trí thionscadail Global Gateway a chomhtháthú le cur chuige an naisc idir an Daonnúlacht, an Fhorbairt agus an tSíocháin.

Cabhair dhaonnúil

In 2024, chuir an tAontas cabhair dhaonnúil ar fáil do dhaoine in 116 thír ar fud an domhain, arbh é is aidhm di tacú leis na pobail is leochailí a bhí buailte ag tubaistí de dhéanamh an duine agus tubaistí nádúrtha araon. I dteannta a chéile, is príomhdheontóirí cabhrach daonnúla iad an tAontas agus na Ballstáit, agus cuireann siad thart ar 27,4 % den chabhair dhaonnúil dhomhanda atá geallta ar fáil, agus tá buiséad bliantúil os cionn EUR 2,48 billiún acu. Chuir an tAontas cúnamh ar fáil do bhreis agus 259 milliún duine( 4 ) in 2024, maidir le géarchéimeanna an-fheiceálach amhail an Úcráin, an Phalaistín 5*, agus an tSúdáin, agus maidir le géarchéimeanna atá ligthe i ndearmad amhail Háítí, Mósaimbíc, agus géarchéim na Sachrámhach.

Ina theannta sin, úsáideann an Coimisiún a uirlisí freagartha éigeandála daonnúla féin freisin. D’fhreagair an Acmhainneacht Eorpach um Fhreagairt Dhaonnúil ar 16 ghéarchéim a chuaigh i bhfeidhm ar 17 dtír, lenar seachadadh níos mó ná 5 300 tona méadrach de chabhair dhaonnúil. Shlóg an tAontas thart ar EUR 38,9 milliún ón mBosca Uirlisí Éigeandála chun freagairt do thubaistí a tháinig chun cinn go tobann.

D’fhreagair Lárionad Comhordaithe Práinnfhreagartha an Aontais do 23 iarraidh ó thríú tíortha. In 2024, d’fhreagair Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta do ghéarchéimeanna móra sa Mheánoirthear, do ráig víreas Marburg i Ruanda, agus d’aslonnú agus d’aisdúichiú ó Háítí agus Vanuatú.

Iltaobhachas agus dúshláin dhomhanda

In 2024, lean an tAontas de bheith ag seasamh ar son an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe, an iltaobhachais, an dlí idirnáisiúnta lena n‑áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta, na cuntasachta, chearta an duine agus an daonlathais. I mí Mheán Fómhair, ghlac ceannairí domhanda Comhshocrú don Todhchaí de chuid na Náisiún Aontaithe, an Comhshocrú Digiteach Domhanda agus an Dearbhú maidir leis na Glúnta atá le Teacht. Is é is aidhm dóibh sin an córas iltaobhach – a bhfuil na Náisiúin Aontaithe ina chroílár – a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos cuimsithí agus níos ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

Is éacht mór é an Comhshocrú don iltaobhachas. Rannchuidigh an tAontas go mór leis trí thoradh uaillmhianach a éileamh lena léireofaí luachanna agus tosaíochtaí an Aontais.

Lean an taistriú domhanda fuinnimh, dul i ngleic leis an athrú aeráide, agus cosaint na bithéagsúlachta de bheith ina bpríomhthosaíochtaí in 2024. Is iad an tAontas agus a Bhallstáit an soláthraí is mó ar domhan de mhaoiniú poiblí idirnáisiúnta don aeráid( 6 ). Rinneadh trí mhórchaibidlíocht iltaobhacha le linn 2024: Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide san Asarbaiseáin, Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an nGaineamhlú san Araib Shádach agus Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht sa Cholóim. Ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht, nocht an tAontas tionscnaimh nua dar luach beagnach EUR 160 milliún chun tacú le tíortha comhpháirtíochta an bhithéagsúlacht a chosaint.

Lean an tAontas dá iarrachtaí taidhleoireachta maidir leis na haigéin agus choinnigh sé ardleibhéal tiomantais do Chomhaontú BBNJ( 7 ) ar bun. Gheall an tAontas EUR 40 milliún mar chuid de chlár domhanda na naigéan chun tacú le comhpháirtithe san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin ina niarrachtaí an Comhaontú a dhaingniú agus a chur chun feidhme – rud a fhágann gurb é an tAontas an deontóir is mó a thacaíonn le cosaint na Mórmhara ar fud an domhain.

Bhí ról tábhachtach ag an Aontas i seoladh an Chomhaontais Dhomhanda chun an t‑ocras agus an bhochtaineacht a chomhrac ag Cruinniú Mullaigh G20 in Rio de Janeiro i mí na Samhna 2024. Ag Cruinniú Mullaigh G7 a reáchtáladh san Iodáil i mí an Mheithimh, seoladh tionscnamh Apulia maidir le Slándáil Bia agus léiríodh an obair leanúnach ar an gComhpháirtíocht um Bonneagar agus Infheistíocht Dhomhanda.



FORBHREATHNÚ TÉAMACH

Forbairt Dhaonna

Tá díothú na bochtaineachta fós i gcroílár chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta an Choimisiúin. Faoi láthair, maireann 8,5 % de dhaonra an domhain (beagnach 700 milliún duine) faoi bhun líne fhíorbhochtaineachta USD 2,15 in aghaidh an lae. Díríonn dhá thionscnamh réigiúnacha de chuid Fhoireann na hEorpa go díreach ar laghdú na bochtaineachta: ‘Cosaint Shóisialta san Afraic Fho-Shahárach’, a seoladh in 2024, agus ‘Sochaithe Cuimsitheacha agus Comhionanna’ i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib.

Tá slándáil bia agus cothú i gcroílár na gclár oibre geopholaitiúil agus geo-eacnamaíochta ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Tá 294 mhilliún duine buailte le géar-neamhshlándáil an tsoláthair bia( 8 ) ar fud 59 dtír agus críoch, agus fógraíodh gorta den chéad uair ó bhí 2017 ann i gcúig limistéar sa tSúdáin. Chaith an tAontas thart ar EUR 730 milliún i gcúnamh daonnúil bia agus cothaithe in 2024, agus bhí Global Gateway ar thús cadhnaíochta maidir le hinfheistíochtaí i dtalmhaíocht agus i slabhraí luacha bia atá níos athléimní agus níos inbhuanaithe.

In 2024, ba é EUR 357 milliún cúnamh sláinte daonnúil an Aontais ar fud an domhain, de réir cur chuige trasearnála comhtháite atá bunaithe ar riachtanais. Áirítear leis sin, rochtain atá ag daoine ar chúram sláinte príomhúil, ar shláinte atáirgthe agus freagairtí leighis ar fhoréigean inscnebhunaithe, ar thacaíocht mheabhairshláinte agus shíceasóisialta, ar chúram tráma agus ar athshlánú a chothú.

Is é an t‑oideachas príomhchumasóir na spriocanna forbartha inbhuanaithe uile. In 2024, dhírigh infheistíochtaí an Aontais ar mhúinteoirí agus ar an bhfoghlaim, agus ar chórais oideachais chothroma chuimsitheacha a rannchuidíonn le haistrithe digiteacha agus glasa na dtíortha comhpháirtíochta, lena n‑áirítear tríd an ngné idirnáisiúnta de Erasmus+. Chuidigh an tAontas agus a Bhallstáit leis na cuspóirí sin a threisiú in 80 tír chomhpháirtíochta trí infheistíocht a dhéanamh sna cistí ‘Comhpháirtíocht Dhomhanda um Oideachais’ agus ‘Education Cannot Wait’. Ina theannta sin, caitheadh 10 % de bhuiséad tosaigh bliantúil an Aontais um chabhair dhaonnúil ar oideachas i gcásanna éigeandála.

I mí Aibreáin 2024, d’eagraigh an tAontas Imeacht Oideachais Ardleibhéil Global Gateway, inar leagadh béim ar ról an Aontais maidir leis an oideachas domhanda a chlaochlú agus bearnaí scileanna a dhúnadh.

Lean an tAontas de thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí domhanda chun foréigean inscnebhunaithe a chosc agus a dhíothú, lena n‑áirítear trí chláir nua tíre ‘an Tionscnamh Spotsolais’ in Eacuadór, Uganda, Siarra Leon agus an Libéir, agus trí chlár réigiúnach san Afraic.

In 2024, chuir an tAontas dlús lena ghealltanas tacú le rochtain níos fearr ar uisce, le sláintíocht agus le sláinteachas agus tionscadail Global Gateway á gcur chun feidhme i thart ar 50 tír.

An t‑aistriú glas

I gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, lean an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta rochtain ar fhuinneamh inbhuanaithe a mhéadú agus an earnáil fuinnimh a dhícharbónú agus poist áitiúla á gcruthú an tráth céanna.

I mí na Samhna 2024, sheol Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh von der Leyen agus Uachtarán na hAfraice Theas Ramaphosa an feachtas Scaling up Renewables in Africa [Ag cur le Fuinnimh In-athnuaite san Afraic]. I measc na samplaí eile de ghníomhaíocht an Aontais tá an tionscnamh réigiúnach i Meiriceá Laidineach maidir le comhtháthú leictreachais, idirnasc idir Peiriú agus Eacuadór, saoráid mhaoiniúcháin de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta do Mheiriceá Láir agus seoladh na Comhdhála Aireachta um Fhuinneamh Glan maidir le stíleanna maireachtála inbhuanaithe, cothroime agus rochtain ar theicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a chur chun cinn( 9 ).

Tá an tAontas tiomanta do thomhaltas agus do tháirgeadh inbhuanaithe a chur chun cinn. Ar an leibhéal domhanda, thacaigh an tAontas le gníomhaíochtaí chun ciorclaíocht a phíolótú i slabhraí luacha domhanda, lena n‑áirítear trí Chomhpháirtíocht na Náisiún Aontaithe maidir leis an nGeilleagar Glas, trí Green Economy Coalition [Chomhghuaillíocht an Gheilleagair Ghlais], tríd an Green Growth Knowledge Platform [Ardán Eolais maidir leis an bhFás Glas] agus tríd an gclár Switch to Circular Value Chains [Aistriú go Luachshlabhraí Ciorclacha]. In 2024, thug an tAontas tacaíocht do bhreis agus 100 tír ar fud an domhain le haghaidh tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe agus an geilleagar ciorclach.

In 2024, lean an tAontas de bheith ina cheannaire domhanda san aistriú glas. Trí pháirt a ghlacadh in COP29 de Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, chomhaontaigh na páirtithe maidir le sprioc nua chainníochtaithe chomhchoiteann maidir le maoiniú don aeráid chun tacú le tíortha i mbéal forbartha. Chomh maith leis na hiarrachtaí sin, tá an tAontas rannpháirteach go gníomhach freisin sa chaibidlíocht maidir le cur chun feidhme chlár Just Transition Work de chuid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide.

Roimh an tríú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis na hAigéin, ghlac sé cláir bhreise freisin chun rialachas na n‑aigéan, an geilleagar gorm inbhuanaithe agus an caomhnú san Aigéan Ciúin (EUR 20 milliún), san Aigéan Indiach Thiar (EUR 58 milliún) agus san Afraic Láir (EUR 42 mhilliún) a neartú.

In 2024, shlóg an Coimisiún beagnach EUR 1 300 milliún don bhithéagsúlacht, agus rinneadh tionscnamh Fhoireann na hEorpa maidir le Slabhraí Luacha gan Dífhoraoisiú a mhéadú suas le EUR 86 mhilliún.

Digitiú, eolaíocht, teicneolaíocht, nuálaíocht agus bonneagar

Lean an tAontas de thacaíocht a thabhairt d’éiceachórais taighde agus nuálaíochta i dtíortha i mbéal forbartha. Leis an tacaíocht sin, díríodh ar fhothú acmhainneachta agus ar chreataí beartais, chomh maith le nuálaíocht agus taighde chun cinntí infheistíochta feasacha a ghlacadh agus iomaíochas teicneolaíochta an Aontais á threisiú. Mar shampla, bunaíodh Ionad Barr Feabhais um Fhaireachas Cógas in Ollscoil Rinn an Iarthair san Afraic Theas chun oiliúint a chur ar fáil do rialtóirí agus do thaighdeoirí sa réigiún.

In 2024, lean an tAontas dá chomhpháirtíochtaí a neartú chun borradh a chur faoi chlaochlú digiteach atá slán agus duine-lárnach le tíortha comhpháirtíochta. Faoin straitéis Global Gateway, cuireann an tAontas úsáid soláthróirí iontaofa teicneolaíochtaí digiteacha chun cinn. Tá cláir réigiúnacha san Afraic Fho-Shahárach agus i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib ag cuidiú le Margadh Aonair Digiteach réigiúnach a chruthú. Tá dul chun cinn déanta ag Ardán Trádála Digití Mheiriceá Láir. Laistigh de thionscnamh Fhoireann na hEorpa maidir le Rialachas Sonraí san Afraic, chuir an tAontas Saoráid Infheistíochta Digití ar bun chun tacú le tionscadail lárionad sonraí agus Pointe Malartaithe Idirlín a bhfuil gealladh fúthu san Afraic.

Leathnaigh Mol an Aontais ‘Digitiú don Fhorbairt’ (D4D) a ról maidir le cur chuige Fhoireann na hEorpa i ndáil le comhar digiteach agus comhpháirtíochtaí digiteacha a neartú agus lean sé d’idirghabhálacha digiteacha comhpháirteacha a éascú leis an earnáil phríobháideach, leis an tsochaí shibhialta agus leis an saol acadúil.

Tríd an straitéis Global Gateway, thacaigh an tAontas freisin le hinfheistíochtaí ilearnálacha in iompar de bhóthar, in iompar d’iarnród, in iompar muirí agus in aeriompar, trí chur chuige 360 céim, i ngach réigiún lena mbaineann idirghabháil.

Fás agus poist inbhuanaithe

I gcomhréir le treoirlínte polaitiúla 2024-2029 agus le fócas méadaithe an bheartais eacnamaíoch eachtraigh ar an tslándáil eacnamaíoch, ar an trádáil agus ar an infheistíocht i gcomhpháirtíochtaí, bliain idirthréimhse a bhí in 2024. Mhéadaigh an tAontas a ghníomhaíocht maidir le hamhábhair chriticiúla le teacht i bhfeidhm an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla an 23 Bealtaine. Tugadh cúig chomhpháirtíocht nua le haghaidh slabhraí luacha amhábhar inbhuanaithe i gcrích leis an Astráil, leis an Iorua, le Ruanda, leis an tSeirbia agus leis an Úisbéiceastáin, rud a chuir leis na naoi gcomhpháirtíocht atá ann cheana.

Chuir an Sainghrúpa Ardleibhéil, ar thug an Coimisiún sainordú dó mar chomhlacht comhairleach neamhspleách, a thuarascáil chríochnaitheach isteach maidir le maoiniú inbhuanaithe a mhéadú i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim ( 10 ). Shainaithin an Sainghrúpa Ardleibhéil dúshláin agus deiseanna maidir le maoiniú inbhuanaithe agus chuir sé moltaí ar fáil maidir le hobair an Choimisiúin le tíortha comhpháirtíochta.

Ba thosaíocht thrasearnálach é poist chuibhiúla a chruthú agus dálaí oibre a fheabhsú fós. Is tionscnamh suaitheanta de chuid Global Gateway é tionscnamh Fhoireann na hEorpa ‘Infheistiú i nGnólachtaí Nua san Afraic’ a thacaíonn le gnólachtaí luathchéime agus le fiontraithe óga – go háirithe mná – san Afraic gnólachtaí inbhuanaithe agus cuimsitheacha a sheoladh, a chomhdhlúthú agus a fhás.

An imirce agus easáitiú éigeantais

In 2024, tháinig laghdú mór ar thrasnuithe teorann neamhrialta isteach san Aontas ar bhealach na Meánmhara Láir. Mar sin féin, tháinig méadú ar an líon imirceach neamhrialta ar bhealaí an Atlantaigh, na Meánmhara Thiar agus na Meánmhara Thoir. Chonacthas leibhéil easáitithe éigeantaigh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo in 2024, a raibh baint acu den chuid is mó le coinbhleachtaí, lena n‑áirítear sa tSúdáin, in Gaza agus i Mailí, ach freisin mar gheall ar thubaistí a bhaineann leis an aeráid, rud a d’fhág go raibh níos mó ná 120 milliún duine easáitithe go héigeantach faoi dheireadh mhí an Mheithimh.

Rinne an tAontas céimeanna breise chun feabhas a chur ar a straitéis maidir le himirce agus tearmann, le glacadh Chomhshocrú an Aontais maidir le hImirce agus Tearmann i mí na Bealtaine 2024( 11 ). Cuireann gné sheachtrach an chomhshocraithe de chúram ar an Aontas dul i dteagmháil le tíortha comhpháirtíochta trí chur chuige straitéiseach cuimsitheach chun aghaidh a thabhairt ar réimsí imní, agus béim láidir á leagan ar bhealaí imirce i dtreo an Aontais (cur chuige an bhealaigh iomláin). Déantar a chur chun feidhme a chomhordú go dlúth trí chur chuige Fhoireann na hEorpa le Ballstáit an Aontais. Tá ról tábhachtach fós ag an gcomhar le príomheagraíochtaí idirnáisiúnta comhpháirtíochta, amhail an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce agus Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, maidir leis an gcomhshocrú a chur chun feidhme san Aontas agus feadh bealaí imirce i dtreo an Aontais.

Chuir an tAontas, lena náirítear trína ghníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile, tacaíocht shaincheaptha ar fáil do thíortha comhpháirtíochta tábhachtacha, lena náirítear sna Balcáin Thiar agus sa Tuirc, i gComharsanacht an Aontais, san Afraic Fho-Shahárach agus san Áise, faoi threoir Phleananna Gníomhaíochta tiomnaithe an Aontais lena gcumhdaítear na príomhbhealaí imirce i dtreo na hEorpa i gcur chuige an bhealaigh iomláin agus trí ghníomhaíochtaí oibríochtúla ábhartha an timthrialla beartais (EMPACT( 12 )).

In 2024, sheol an tAontas an Chomhpháirtíocht Straitéiseach agus Chuimsitheach leis an Éigipt, agus sheol an Coimisiún agus an Mháratáin an Chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an Mháratáin maidir leis an Imirce. Leanadh de chur chun feidhme na Comhpháirtíochta Straitéisí agus Cuimsithí idir an tAontas agus an Túinéis (a síníodh in 2023) freisin, lena n‑áirítear cur chun feidhme maidir le réimse na himirce. Fógraíodh pacáiste tacaíochta airgeadais EUR 1 bhilliún don Liobáin, ar glacadh leath de.

Rialachas daonlathach agus cearta an duine, síocháin agus slándáil

Is réamhriachtanas iad sochaithe síochánta, daonlathacha agus athléimneacha do chuspóirí forbartha eile agus do shlándáil an duine. Ba bhliain suaite í 2024 inar bhris coinbhleachtaí nua amach, inar ghéaraigh géarchéimeanna a bhí ann cheana, inar méadaíodh tubaistí a bhaineann leis an aeráid agus inar sáraíodh cearta an duine le saoirse ó phionós.

In 2024, choinnigh an tAontas tiomantas láidir do chur chun cinn na síochána agus na slándála, go háirithe trína 12 mhisean agus oibríocht de chuid an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta. Sheol an tAontas oibríocht mhuirí nua de chuid an Aontais ASPIDES go luath in 2024 lenar tugadh freagairt thapa ar an mbagairt ar an tslándáil mhuirí sa Mhuir Rua. Bhí an tAontas rannpháirteach in 78 nIdirphlé agus gComhairliúchán Síochána, Slándála agus Cosanta le 39 gcomhpháirtí agus thug sé 6 Chomhpháirtíocht Slándála agus Chosanta i gcrích le Poblacht na Moldóive, an Iorua, an tSeapáin, an Chóiré Theas, an Albáin agus an Mhacadóin Thuaidh. Bhunaigh an tAontas comhpháirtíochtaí síochána nua agus níos doimhne freisin le comhpháirtithe déthaobhacha agus réigiúnacha.

Ina theannta sin, le clár téamach na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda maidir leis an tsíocháin, an chobhsaíocht agus cosc coinbhleachtaí, leanadh d’aghaidh a thabhairt ar chosc coinbhleachtaí agus ar chothú na síochána chomh maith le tosaíochtaí bagartha domhanda agus trasréigiúnacha i dtríú tíortha.

Bhí an tAontas ina phríomhsholáthraí cúnaimh thoghchánaigh ar fud an domhain. Iarradh ar an Aontas measúnú a dhéanamh ar thoghcháin, breathnóireacht a dhéanamh ar thoghcháin nó obair leantach a dhéanamh ar mhisin bhreathnóireachta a bhí ann roimhe sin in 20 tír. San Afraic Fho-Shahárach amháin, thug an tAontas cúnamh do 15 thír ina bpróisis toghcháin agus chuir sé feabhas ar ról an Aontais Afracaigh agus líonraí réigiúnacha breathnóirí intíre.

Lasmuigh de thoghcháin, trí thionscnaimh faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III agus faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda agus le comhar Fhoireann na hEorpa, bhí an tAontas fós ina phríomhghníomhaí maidir le tacú leis an daonlathas ar fud an domhain, rannpháirtíocht shibhialta agus pholaitiúil na mban agus na hóige a chur chun cinn, institiúidí daonlathacha a neartú agus tacú leis na meáin neamhspleácha agus le hiriseoirí neamhspleácha.

Bhí an comhionannas inscne fós ina thosaíocht. Chuir an tAontas an clár oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil chun cinn go gníomhach, i measc clár oibre eile. I measc na bpríomhthionscnamh bhí gníomhaíocht EUR 6 mhilliún a ghlacadh chun tacú le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta chun Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme i Sead, chomh maith le cleachtadh comhpháirteach Anailíse Coinbhleachta atá Freagrach ó thaobh Inscne de le Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe sa Libéir agus Próifíl Tíre Inscne a sheoladh don Afganastáin i gcomhpháirtíocht le Mná na Náisiún Aontaithe chun bonn eolais a chur faoi chláir agus gníomhaíochtaí amach anseo.

Tá ról lárnach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag údaráis áitiúla i dtionscnaimh de chuid Global Gateway agus Fhoireann na hEorpa. Reáchtáil eagraíochtaí na sochaí sibhialta Global Gateway agus Ardán Idirphlé na nÚdarás Áitiúil 12 chomhairliúchán in 2024 maidir le hábhair éagsúla amhail cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta III maidir le hInscne agus athbhreithnithe meántéarma na hIonstraimí um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda ar fud réigiúin éagsúla.

In 2024, tugadh Comhpháirtíochtaí téamacha Creata um chearta an duine agus um an daonlathas i gcrích chun caidrimh cur chun feidhme straitéiseacha níos fadtéarmaí a chruthú le cuibhreannais ardacmhainneachta d’eagraíochtaí neamhrialtasacha. Tá sé d'aidhm acu sin obair a chur chun cinn chun an chéastóireacht a chomhrac, chun bheith in aghaidh phionós an bháis, chun go mbeidh daoine óga in ann saoirsí comhthionóil agus comhlachais a theachtadh, agus meáin neamhspleácha iolraíocha agus iriseoireacht ar ardchaighdeán a chur chun cinn.

In 2024, thug an tAontas tacaíocht cosanta do 10 050 gcosantóir chearta an duine agus baill teaghlaigh trína chiste éigeandála agus tríd an gclár suaitheanta ProtectDefenders.EU , arna bhainistiú ag cuibhreannas de 12 eagraíocht neamhrialtasach idirnáisiúnta.

RAON DOMHANDA

An Afraic Fho-Shahárach

Is é an tAontas príomh-chomhpháirtí na hAfraice in go leor réimsí, ó thrádáil, infheistíocht agus slándáil go dtí an taistriú glas agus an claochlú digiteach. Sheol an tAontas tionscadail shuaitheanta chlaochlaitheacha Global Gateway i roinnt réimsí tosaíochta in 2024, ó oideachas agus digitiú go táirgeadh vacsaíní agus éiceachórais a athchóiriú. Sa Tuarascáil Chomhpháirteach idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach( 13 ) a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair, déantar roinnt mhaith samplaí de thionscadail shuaitheanta Global Gateway a dhoiciméadú. San iomlán, seoladh 116 thionscadal shuaitheanta ar an mór-roinn in 2023 agus in 2024.

Cuireadh an Comhaontú Shamó idir an tAontas agus comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2024.

Bhí dúshláin mhéadaithe roimh an gcaidreamh leis an Afraic Thiar mar gheall ar ghéarchéimeanna sa tSaiheil Láir agus lagú na gcreataí réigiúnacha. Chuaigh an tAontas Eorpach in oiriúint don timpeallacht athraitheach. Ceapadh Ionadaí Speisialta nua AE don tSaiheil i mí na Samhna 2024.

Lean an tAontas dá Straitéis athnuaite maidir le Mór-Lochanna a chur chun feidhme agus mhéadaigh sé a rannpháirtíocht taidhleoireachta trí Ionadaí Speisialta nua an Aontais Eorpaigh le haghaidh Réigiún na Mór-Lochanna a cheapadh. Thacaigh an tAontas le tionscnaimh réitigh coinbhleachta, lena n‑áirítear próisis Nairobi agus Luanda, chun an ghéarchéim i réigiún thoir Phoblacht Dhaonlathach an Chongó a réiteach. Thacaigh an tAontas freisin leis an bpróiseas aistrithe sa Ghabúin, trí Mhisean Saineolaithe Toghcháin a imscaradh don reifreann bunreachtúil i mí na Samhna.

Tá an choinbhleacht agus an ghéarchéim dhaonnúil sa tSúdáin anois ar an ngéarchéim easáitithe is mó ar domhan, agus tá 11,5 milliún Duine Easáitithe ina dTír féin ann – thart ar 30 % den daonra ar fad agus 15 % de na Daoine Easáitithe ina dTír Féin ar fud an domhain. Chuir an tAontas os cionn EUR 147 milliún de chúnamh tarrthála ar fáil dóibh siúd atá thíos leis an ngéarchéim, sa tSúdáin agus i dtíortha comharsanachta araon. Ina theannta sin, rinne an tAontas a Acmhainneacht Eorpach um Fhreagairt Dhaonnúil a shlógadh chun tacú leis an bhfreagairt ar ghéarchéim na Súdáine.

San Afraic Thoir, neartaigh an tAontas a chomhpháirtíocht eacnamaíoch, pholaitiúil agus slándála leis an gCéinia, le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an Chéinia an 1 Iúil.

Gheall an tAontas EUR 20 milliún chun ráig na bolgaí moncaí a chomhrac i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó i mí Dheireadh Fómhair 2024.

An Áise agus an tAigéan Ciúin

In 2024, bhí Comhpháirtíocht Straitéiseach idir an tAontas agus an India 20 bliain ar an bhfód. Áiríodh i dTreoirlínte Polaitiúla 2024-2025 gealltanas clár oibre straitéiseach nua a fhorbairt maidir leis an India. Díreofar leis ar rathúnas agus inbhuanaitheacht, ar theicneolaíocht agus nuálaíocht, ar shlándáil agus cosaint, ar nascacht agus saincheisteanna domhanda, agus ar theagmhálacha idirphearsanta a neartú.

Tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas agus an Téalainn i bhfeidhm go sealadach an 20 Deireadh Fómhair 2024. Tá an chaibidlíocht maidir le Comhaontuithe Saorthrádála ag céim níos déanaí leis an Astráil, tá dlús a chur léi leis an India, leis an Indinéis agus leis an Téalainn agus tá tús curtha arís léi leis na hOileáin Fhilipíneacha agus leis an Malaeisia, agus tugadh comhaontú trádála digití le Singeapór chun críche.

Ag tógáil ar an idirphlé idir an tAontas agus an tSín, ghlac an tAontas gníomhaíocht nua in 2024 lena dtacaítear le spriocanna idirnáisiúnta aeráide trí mhalartú saineolais idir an tAontas agus an tSín a éascú agus trí dhea-chleachtais maidir le trádáil astaíochtaí a chomhroinnt.

In 2024, d’úsáid an Coimisiún EUR 239 milliún i gcistí ‘measctha’ trí Shaoráid Infheistíochta na hÁise agus an Aigéin Chiúin. Leis na cistí sin, déanfar os cionn EUR 3 bhilliún de mhaoiniú poiblí agus príobháideach breise a ghiaráil, agus cuirfidh tionscadail le fás inbhuanaithe ar fud na hÁise Láir, na hÁise Theas, na hÁise Thoir Theas agus an Aigéin Chiúin.

I mí Eanáir 2024, d’éirigh leis an Aontas ‘Fóram Infheisteoirí Global Gateway maidir le Nascacht Iompair idir an tAontas agus an Áise Láir’ a óstáil sa Bhruiséil. Ag an bhFóram, gealladh EUR 10 mbilliún d’infheistíochtaí don Áise Láir.

Seoladh an tArdán Comhordúcháin don Chonair Iompair Thras-Chaispeach i mí Dheireadh Fómhair chun bealaí tapa agus éifeachtúla a bhunú lena nascfar an Eoraip agus tíortha na hÁise Láir.

Tionóladh an chéad Chruinniú Mullaigh riamh idir an tAontas agus Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille an 16 Deireadh Fómhair 2024, le plé inar athdhearbhaíodh an tiomantas do chomhpháirtíocht straitéiseach trádála agus infheistíochta agus do chomhar maidir leis an aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach.

Tar éis 11 bhliain coinbhleachta, tá ceann de na géarchéimeanna daonnúla is measa ar domhan ar siúl in Éimin. Chomh maith leis sin, is í an tríú tír is leochailí ar domhan í i leith an athraithe aeráide. In 2024, leithdháil an tAontas EUR 125 mhilliún i gcabhair dhaonnúil chun tacú leis na pobail is leochailí agus is mó atá faoi mhíbhuntáiste.

Le hoibríocht chabhlaigh an Aontais EUNAVFOR ASPIDES, a seoladh i mí Feabhra 2024, cosnaítear loingseoireacht tráchtála sa Mhuir Rua ar ionsaí, inar ghabh níos mó ná 350 soitheach le linn na bliana.

Is comhpháirtí idirphlé é an tAontas d’Fhóram Oileáin an Aigéin Chiúin, príomheagraíocht pholaitiúil an réigiúin; in 2024, ghlac sé páirt i gCruinniú na gCeannairí in Tonga.

Críocha Mheiriceá agus an Mhuir Chairib

Ba dhul chun cinn don dá réigiún é teacht ar chomhaontú polaitiúil maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta AE-Mercosur an 6 Nollaig 2024. Leis an gcomhpháirtíocht nua sin, neartaítear an comhar geopholaitiúil, eacnamaíoch, inbhuanaitheachta agus slándála idir an tAontas agus tíortha Mercosur; an Airgintín, an Bhrasaíl, Paragua agus Uragua.

I measc na bpríomh-gharspriocanna eile bhí Clár Oibre Infheistíochta Global Gateway idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib agus seoladh an tsásra comhordúcháin chomhairligh idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh i Hondúras i mí na Bealtaine. In 2024, d’fhás an Chomhghuaillíocht Dhigiteach idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib go 51 chomhalta, agus tháinig Greanáda, an Bheilís agus an Ghuáin isteach ann.

Céim shuntasach chun cinn a bhí sna hiarrachtaí chun cistiú seachtrach agus comhtháthaithe an Aontais a chomhordú ar bhealach níos dlúithe agus an chéad ghlao riamh ar thionscadail chun dul i ngleic le dúshláin, amhail bagairt sargassum, arna roinnt ag na réigiúin is forimeallaí san Aontas, ag tíortha agus críocha thar lear agus ag tíortha nach de chuid an Aontais iad.

Mar chuid de Thionscnamh Athléimneachta Sláinte idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, sheol an tAontas clár PharmaNext, ar fiú EUR 8,9 milliún é, chun earnáil cógaisíochta Mhuir Chairib a neartú. Dírítear ar chreataí rialála sláinte a nuachóiriú, aistriú scileanna a chur chun cinn agus borradh a chur faoin infheistíocht leis.

Cuireadh an Comhaontú Shamó idir an tAontas agus comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2024.

I Háítí, bhí níos mó ná 1 mhilliún duine (9 % den daonra) easáitithe ina dtír féin faoi dheireadh 2024. Sheol an tAontas trí thionscnamh dar luach EUR 40 milliún san iomlán chun tacú le hearnáil oideachais Háítí, chun feabhas a chur ar riarachán custaim agus chun forbairt áitiúil a chothú san Oirthuaisceart. Tá na tionscadail sin mar chuid de straitéis níos leithne lena dtugtar aghaidh ar an ngéarchéim agus chun athléimneacht na bpobal áitiúil a neartú. Chuir an tAontas EUR 36,5 milliún de chabhair dhaonnúil ar fáil freisin.

Méadú an Aontais (na Balcáin Thiar, an Tuirc, an Úcráin, Poblacht na Moldóive, an tSeoirsia)

Cuireadh neart úr le próiseas an mhéadaithe in 2024 agus cuireadh tús leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Úcráin agus le Poblacht na Moldóive (dá ngairtear an Mholdóiv anseo feasta) sna chéad chomhdhálacha idir-rialtasacha an 25 Meitheamh. I mí an Mhárta 2024, rinne an Chomhairle Eorpach cinneadh tús a chur le caibidlíocht maidir le haontachas leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin. Os a choinne sin, chuir gníomhaíochtaí údaráis na Seoirsia stop le, a bheag nó a mhór, próiseas aontachais na tíre sin ó bhí earrach 2024 ann.

Tháinig an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis dar luach EUR 6 bhilliún, ar gné lárnach í den Phlean Fáis do na Balcáin Thiar, i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2024. Comhlánaíonn sé sin an Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta don réigiún chun a chóineasú eacnamaíoch leis an Aontas a mhéadú agus chun dlús a chur leis an athchóiriú.

In 2024, lean an tAontas de thacaíocht a thabhairt don Tuirc ina hiarrachtaí thart ar thrí mhilliún dídeanaí a óstáil, agus EUR 1 bhilliún breise á leithdháileadh aige chun bunriachtanais, cúram sláinte, tacaíocht oideachais agus cúnamh comhtháthaithe shóisialta a sholáthar. Áiríodh leis an tacaíocht freisin leithdháileadh substaintiúil chun acmhainneacht na Tuirce a neartú maidir leis an imirce a bhainistiú agus a teorainneacha a rialú.

Comharsanacht na hEorpa

Comharsanacht Oirthir na hEorpa (an Airméin, an Asarbaiseáin agus an Bhealarúis)

In 2024, lean Comhpháirtíocht an Oirthir de bheith ina creat solúbtha, bunaithe ar dhreasachtaí atá saincheaptha do riachtanais na dtíortha comhpháirtíochta. Lean an Chomhpháirtíocht de thorthaí follasacha a bhaint amach, rud a fhágann tionchar dearfach ar shaol daoine agus a thacaíonn le hathchóirithe criticiúla.

Sa Bhealarúis go háirithe, cuireadh dlús leis an gcúnamh do rannpháirtíocht dhaonlathach shibhialta agus do cheannaireacht i bhfianaise staid chearta an duine atá ag dul in olcas a thuilleadh agus tacaíocht an réimis do chogadh foghach na Rúise san Úcráin.

Le linn 2024, lean an tAontas de thacaíocht a thabhairt chun teacht ar réitigh shíochánta ar choinbhleachtaí i gCugas Theas, lena n‑áirítear an choinbhleacht idir an Airméin agus an Asarbaiseáin. In 2024, chuir Misean an Aontais san Airméin leis an gcobhsaíocht agus leis an tslándáil dhaonna feadh na teorann leis an Asarbaiseáin. 

Comharsanacht Deiscirt na hEorpa

In Gaza, d’oibrigh an tAontas chun rochtain a fháil ar chabhair dhaonnúil agus chun thacaíocht a chur ar fáil d’idirghabhálaithe sa chaibidlíocht maidir leis an sos cogaidh. Mhéadaigh an tAontas a chabhair dhaonnúil in 2024 go EUR 237 milliún. Chun an iarracht chistithe a chomhlánú, lean an tAontas ar aghaidh leis an tacaíocht oibríochtúil, agus sheol sé 32 eitilt de chuid Oibríocht Aerdhroichid Dhaonnúil an Aontais, lenar iompraíodh níos mó ná 2 700 tona méadrach cabhrach. Chuir an tAontas pacáiste cúnaimh éigeandála EUR 382,5 milliún ar fáil freisin chun tacú le hÚdarás na Palaistíne, lena nasctar íocaíochtaí le cur chun feidhme athchóirithe forleathana.

In 2024, lean an tAontas de thacaíocht láidir a chur ar fáil do mhuintir na Siria agus do thíortha comharsanachta a bhfuil dídeanaithe ón tSiria á n‑óstáil acu. Lean an tAontas dá iarrachtaí teacht ar réiteach buan ar an gcoinbhleacht, lena n‑áirítear trí thacú le hobair Thoscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe don tSiria agus trí bhearta sriantacha a choinneáil ar bun maidir le réimeas Assad. Bhí an tAontas agus a Bhallstáit fós ar na deontóirí is mó don tSiria, agus níos mó ná EUR 37 mbilliún slógtha acu ó bhí 2011 ann. Áiríodh leis an tacaíocht freisin rochtain ar sheirbhísí bunúsacha do dhídeanaithe ón tSiria i dtíortha comharsanachta, do dhaoine easáitithe ina dtír féin sa tSiria agus dá bpobail óstacha sa réigiún. Tá súil againn go mbeidh todhchaí níos fearr i ndán do mhuintir na Siria mar thoradh ar thitim thobann réimeas Assad ag deireadh 2024.

Tionóladh an 9ú Aontas d’Fhóram Réigiúnach don Réigiún Meánmhuirí in Barcelona an 28 Deireadh Fómhair 2024, inar díríodh ar an staid sa Mheánoirthear agus ar iarrachtaí leanúnacha athchóirithe eagraíochtúla.

Tíortha agus críocha thar lear

Is eintitis neamhcheannasacha iad na 13 Thír agus Chríoch Thar Lear a choinníonn naisc bhunreachtúla speisialta ar bun leis an Danmhairg, leis an bhFrainc agus leis an Ísiltír. In éineacht leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas, tá ról straitéiseach ag na críocha sin i ndáil leis an Aontas mar ambasadóirí réigiúnacha do luachanna Eorpacha. Tá sócmhainní straitéiseacha acu, lena n‑áirítear limistéir eacnamaíocha eisiacha ollmhóra, an fhéidearthacht bonneagar straitéiseach a óstáil (amhail Galileo) agus rochtain ar acmhainní amhábhar criticiúil.

In 2024, cuimsíodh leis an idirphlé tráthrialta institiúideach idir an tAontas agus na Tíortha agus na Críocha Thar Lear trí chruinniú thrípháirteacha chomh maith leis an bhFóram idir na Tíortha agus na Críocha Thar Lear agus an tAontas. Bhí an caidreamh leis an nGraonlainn an-ghníomhach, agus osclaíodh Oifig an Aontais in Nuuk mar chuid de straitéis an Aontais maidir leis an Artach. Leathnaigh an tAontas agus an Ghraonlainn an comhar eatarthu, ón oideachas go dtí réimse an fháis ghlais, lena n‑áirítear forbairt earnáil na n‑amhábhar criticiúil. Reáchtáladh an chéad mhisean gnó riamh de chuid an Aontais i mí Dheireadh Fómhair.

(1)

Saoráid a thacaíonn le bonneagar iompair a fhorbairt mar fhreagairt ar riachtanais chriticiúla nascachta leis an Úcráin agus leis an Moldóiv.

(2)

Sainítear cúnamh oifigiúil forbraíochta domhanda anseo mar chúnamh oifigiúil forbraíochta arna thuairisciú ag an Aontas i dteannta a chéile agus ag gach tír bhronntach eile.

(3)

Bailítear iad sin ó fhoinsí ECFE a bhfuil moill 2 bhliain orthu.

(4)

 An líon measta daoine a sroicheadh le cabhair dhaonnúil arna chistiú ag an Aontas mar a thuairiscigh comhpháirtithe agus a ríomhtar in EVA Actions.

(5)

* Ní dhéanfar an t‑ainmniú sin a fhorléiriú mar aitheantas gur ann do Stát na Palaistíne agus tá sé gan dochar do sheasaimh éagsúla na mBallstát ar an tsaincheist sin.

(6)

 Sonraí is déanaí atá ar fáil. Beidh na chéad fhigiúirí eile ar fáil ó dheireadh na bliana 2025.

(7)

Comhaontú maidir le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den Dlínse Náisiúnta (BBNJ), a glacadh i mí an Mheithimh 2023.

(8)

  Tuarascáil Dhomhanda maidir le Géarchéimeanna Bia 2024

(9)

  Stíleanna Maireachtála Inbhuanaithe, Cothroime agus Rochtain ar Theicneolaíochtaí Fuinnimh Ghlain | Comhdháil Aireachta um Fhuinneamh Glan

(10)

  Tuarascáil chríochnaitheach an tSainghrúpa Ardleibhéil , 2024. 

(11)

  https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/priorities-2019-2024/promoting-our-european-way-life/migration-and-asylum/pact-migration-and-asylum_ga

(12)

 An tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla. https://home-affairs.ec.europa.eu/policies/internal-security/law-enforcement-cooperation/empact-fighting-crime-together_en

(13)

  https://international-partnerships.ec.europa.eu/publications-library/joint-report-european-commission-auda-nepad-implementation-2030-vision_en