AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.11.2025
COM(2025) 704 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le húdaruithe onmhairiúcháin in 2024 de bhun an Rialacháin maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach
1.Réamhrá
Is é is cuspóir do Rialachán (AE) 2019/125 maidir le trádáil in earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (‘an Rialachán) cosc a chur, i dtíortha lasmuigh den Aontas, ar phionós an bháis, ar thaobh amháin, agus ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach ar an taobh eile. Déantar idirdhealú leis idir:
-earraí atá mí-úsáideach ó nádúr agus nár cheart a thrádáil in aon chor (Iarscríbhinn II); agus
-earraí a bhféadfadh úsáidí dlisteanacha a bheith acu, amhail trealamh forfheidhmithe dlí (Iarscríbhinn III) agus earraí le haghaidh úsáid theiripeach (Iarscríbhinn IV).
Tá an trádáil in earraí a liostaítear in Iarscríbhinní III agus IV faoi réir srianta áirithe, lena n‑áirítear an ceanglas maidir le hiarratas ar údarú a chur faoi bhráid údarás inniúil Ballstáit chun na hearraí sin a onnmhairiú.
Luaitear in Airteagal 26(3) den Rialachán nach mór do na Ballstáit tuarascáil bhliantúil phoiblí ar ghníomhaíochtaí a tharraingt suas ina gcuirfear faisnéis ar fáil maidir le líon na n‑iarratas arna bhfáil, na hearraí agus na tíortha lena mbaineann, agus na cinntí a rinneadh i leith na n‑iarratas. Luaitear in Airteagal 26(4) nach mór don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas arb éard a bheidh inti na tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí arna bhfoilsiú ag na Ballstáit. Ní mór dó an tuarascáil a chur ar fáil go poiblí.
Cuirtear faisnéis ar fáil sa tuarascáil seo ón gCoimisiún faoi ghníomhaíochtaí údaraithe na mBallstát i dtaca le honnmhairiú earraí in 2024 a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh phionós an bháis.
Thuairiscigh na Ballstáit uile maidir leis an líon údaruithe onnmhairiúcháin a deonaíodh agus a diúltaíodh faoi Airteagal 11(1) agus Airteagal 16(1) den Rialachán agus maidir leis na hearraí agus na tíortha is ceann scríbe a bhí i gceist. I gcásanna áirithe, thuairiscigh údaráis inniúla na mBallstát freisin maidir leis an líon nó na cainníochtaí earraí arna n‑údarú lena n‑onnmhairiú agus maidir le catagóir na n‑úsáideoirí deiridh ar soláthraíodh na hearraí dóibh.
|
Údaruithe faoi Rialachán (AE) 2019/125
Éilítear le hAirteagal 11(1) agus Airteagal 16(1) den Rialachán go mbeidh údarú ag teastáil i leith onnmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn III agus in Iarscríbhinn IV.
Liostaítear in Iarscríbhinn III earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach. Tagann na hearraí in Iarscríbhinn III faoi na ceannteidil seo a leanas: earraí atá ceaptha chun daoine a shrianadh; airm agus gléasanna atá ceaptha chun círéib a smachtú nó le haghaidh féinchosanta; agus airm agus trealamh lena scaiptear substaintí ceimiceacha éagumasúcháin nó greannacha chun círéib a smachtú nó le haghaidh féinchosanta, agus substaintí gaolmhara áirithe.
Liostaítear in Iarscríbhinn IV ceimiceáin áirithe a d’fhéadfaí a úsáid in instealltaí marfacha.
Seachas i gcás ina n‑úsáidtear an t‑údarú ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas a leagtar amach in Iarscríbhinn V le haghaidh onnmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, ní mór an t‑údarú chun earraí a onnmhairiú a fháil ó údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán.
Is iondúil gur féidir onnmhairí chuig na cinn scríbe a liostaítear san údarú ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas a dhéanamh gan údarú aonair nó údarú foriomlán arna dheonú ag Ballstát a fháil. Is é an cur chuige a bhí i bhfeidhm go dtí seo tríú tír a chur le hIarscríbhinn V i gcás inar dhaingnigh sí comhaontú idirnáisiúnta ábhartha agus inar thug sí gealltanas go gcealódh sí pionós an bháis i gcás gach coire. Maidir le tíortha nach comhaltaí de Chomhairle na hEorpa iad, ciallaíonn sin nach mór an Dara Prótacal Roghnach a ghabhann leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla a bheith daingnithe gan forchoimeád ag an tír lena mbaineann.
Mar sin féin, má tá amhras réasúnach ann i leith chumas an onnmhaireora téarmaí an údaraithe nó reachtaíocht maidir le rialú ar onnmhairiú a chomhlíonadh, féadfaidh an t‑údarás inniúil toirmeasc a chur ar an onnmhaireoir an t‑údarú ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas a úsáid.
Luaitear in Airteagal 20(2) den Rialachán sin go bhféadfadh údarú aonair (údarú i leith onnmhairí chuig úsáideoir deiridh amháin nó chuig coinsíní amháin i dtríú tír) nó údarú foriomlán (údarú i leith onnmhairí chuig úsáideoir deiridh sonraithe amháin nó níos mó nó chuig dáileoirí i dtríú tír shonraithe amháin nó níos mó) a bheith i gceist le húdarú onnmhairiúcháin arna dheonú ag Ballstát.
Le hAirteagail 3, 4 agus 5 den Rialachán cuirtear toirmeasc ar onnmhairiú, allmhairiú agus idirthuras na n‑earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II faoi seach. Féadfaidh údaráis inniúla maolú ar an toirmeasc a dheonú sa chás go léirítear go mbainfear úsáid eisiach as na hearraí lena mbaineann lena gcur ar taispeáint phoiblí i músaem (i dtríú tír nó, de réir Airteagal 4, i mBallstát) i bhfianaise na tábhachta stairiúla a bhaineann leo, agus sa chás sin amháin.
|
2.Údaruithe arna ndeonú agus arna ndiúltú
In 2024, ba é 248 an líon iomlán údaruithe tuairiscithe, agus thuairiscigh 7 Bhallstát gur dheonaigh siad údaruithe. Chuir na Ballstáit eile in iúl don Choimisiún nach bhfuair siad aon iarratas ar údarú de bhun an Rialacháin, rud a thugann gníomhaíocht theoranta le fios sa réimse sin. Mar an gcéanna leis na cleachtaí tuairiscithe a rinneadh roimhe seo, ní sholáthraítear mais chriticiúil leis na sonraí chun teacht ar chonclúidí cuí-réasúnaithe.
Ó tharla nach bhfuil gné chainníochtúil i gceist leis na sainmhínithe ar ‘údarú aonair’ agus ar ‘údarú foriomlán’ in Airteagal 2 den Rialachán, ní thugann tásc ar an líon údaruithe an líon ná an chainníocht earraí a bhaineann leis na húdaruithe sin le tuiscint. Ní hiondúil go ndéantar idirdhealú idir údaruithe aonair agus údaruithe foriomlána in aon fhaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil don Choimisiún ach oiread.
Thuairiscigh na Ballstáit gur dhiúltaigh siad dhá iarratas ar údarú onnmhairiúcháin in 2024. Bhain na cásanna diúltaithe a tuairiscíodh le hearraí a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn III cód 3.1 a bhí beartaithe lena n‑onnmhairiú chuig an tSile agus bhí na hearraí a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn IV cód 1.1 d) beartaithe lena n‑onnmhairiú chuig Iosrael.
Le hAirteagail 3, 4 agus 5 den Rialachán cuirtear toirmeasc ar onnmhairiú, allmhairiú agus idirthuras na n‑earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II faoi seach. Leis an Rialachán, ceadaítear d’údaráis inniúla náisiúnta maolú ar an toirmeasc a dheonú i gcás ina léirítear go mbainfear úsáid eisiach as na hearraí lena mbaineann lena gcur ar taispeáint phoiblí i músaem (i dtríú tír nó, de réir Airteagal 4, i mBallstát) i bhfianaise na tábhachta stairiúla a bhaineann leo, agus sa chás sin amháin. Thuairiscigh na húdaráis inniúla nár dheonaigh siad maoluithe den sórt sin in 2024.
In Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar forléargas ar an líon údaruithe onnmhairiúcháin tuairiscithe arna dheonú agus arna dhiúltú ag na Ballstáit le linn na tréimhse 2017-2024.
In Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar faisnéis faoin líon údaruithe onnmhairiúcháin tuairiscithe a d’eisigh na Ballstáit a mhéid a bhaineann leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III.
In Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar faisnéis faoi cheann scríbe tuairiscithe na n‑onnmhairí údaraithe agus diúltaithe a mhéid a bhaineann leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III.
In Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an tuarascáil seo déantar achoimre ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil don Choimisiúin faoin úsáid deiridh thuairiscithe onnmhairí údaraithe a mhéid a bhaineann leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III.
In Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar forléargas mionsonraithe ar onnmhairí údaraithe earraí Iarscríbhinn III in 2024.
In Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar faisnéis faoin líon údaruithe onnmhairiúcháin tuairiscithe a d’eisigh na Ballstáit a mhéid a bhaineann leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.
In Iarscríbhinn 7 a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar faisnéis faoi cheann scríbe tuairiscithe na n‑onnmhairí údaraithe a mhéid a bhaineann leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.
In Iarscríbhinn 8 a ghabhann leis an tuarascáil seo déantar achoimre ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil don Choimisiúin faoi úsáid deiridh thuairiscithe onnmhairí údaraithe a mhéid a bhaineann leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.
In Iarscríbhinn 9 a ghabhann leis an tuarascáil seo tugtar forléargas mionsonraithe ar onnmhairí údaraithe earraí Iarscríbhinn IV in 2024.