AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.11.2025
COM(2025) 703 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le hinfhaighteacht saoráidí oiriúnacha scíthe do thiománaithe agus saoráidí páirceála daingnithe, agus maidir le limistéir pháirceála shábháilte shlána a dheimhnítear i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1012 a fhorbairt
1.RÉAMHRÁ
Le Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar() (‘Rialachán 561/2006’) leagtar síos rialacha maidir le hamanna tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe do thiománaithe atá ag gabháil d’iompar earraí agus paisinéirí. Le hAirteagal 8a(2) de Rialachán 561/2006() cumhachtaítear an Coimisiún Eorpach caighdeáin mhionsonraithe maidir le leibhéal seirbhíse agus slándála na limistéar páirceála sábháilte slán agus maidir leis na nósanna imeachta chun na limistéir pháirceála sin a dheimhniú.
Ghníomhaigh an Coimisiún de réir an chumhachtaithe sin trí Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1012 an 7 Aibreán 2022() a ghlacadh, lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna criticiúla atá roimh earnáil an iompair de bhóthar agus cuireann sé le córas iompair níos éifeachtúla agus níos comhchuibhithe ar fud an Aontais Eorpaigh. I Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1012, leagtar síos caighdeáin mhionsonraithe maidir le limistéir pháirceála atá le deimhniú mar limistéir atá sábháilte agus slán. Cumhdaíonn na caighdeáin sin gnéithe éagsúla, lena n‑áirítear bearta slándála fisiciúla, faireachas, soilsiú agus rialú rochtana. Ní mór saoráidí oiriúnacha a sholáthar do thiománaithe sna limistéir pháirceála shábháilte shlána, mar shampla leithris, cithfholcadáin agus seirbhísí bia, chun a áirithiú gur féidir le tiománaithe a scíth a ligean go compordach agus go sábháilte.
Bunaítear ceithre leibhéal slándála le haghaidh na limistéar páirceála sábháilte slán: (i) cré-umha; (ii) airgead; (iii) ór; agus (iv) platanam. Tá siad ceaptha chun freastal ar riachtanais éagsúla agus creat soiléir a sholáthar d’oibreoirí iompair an leibhéal iomchuí slándála a roghnú, rud atá bunaithe ar luach na n‑earraí atá á n‑iompar acu freisin. Ar na nósanna imeachta chun limistéir pháirceála shábháilte shlána a dheimhniú, tá cigireachtaí agus iniúchtaí tráthrialta chun comhlíonadh na gcaighdeán bunaithe a áirithiú, rud a áiritheoidh go soláthrófar timpeallacht iontaofa agus shlán do thiománaithe agus go gcosnófar lastais go héifeachtach.
Le hAirteagal 8a(4) de Rialachán 561/2006 ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le hinfhaighteacht saoráidí oiriúnacha scíthe do thiománaithe agus saoráidí páirceála daingnithe. Ba cheart don Choimisiún tuairisciú freisin ar fhorbairt na limistéar páirceála sábháilte slán arna ndeimhniú de réir na gcaighdeán a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1012. Thairis sin, féadfar liosta de bhearta molta a áireamh sa tuarascáil ón gCoimisiún arb é is aidhm dóibh an líon limistéar páirceála sábháilte slán agus a gcáilíocht a mhéadú.
Thairis sin, ceanglaítear le hAirteagal 8a(3) de Rialachán 561/2006 gur cheart do na Ballstáit cruthú spáis páirceála d’úsáideoirí tráchtála bóthair a spreagadh i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 39(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013() maidir leis an nGréasán Tras‑Eorpach Iompair (GTE-I), ar cuireadh Rialachán (AE) 2024/1679 ina ionad ina dhiaidh sin(). Le hAirteagal 31(4) de Rialachán (AE) 2024/1679, ceanglaítear ar na Ballstáit limistéir pháirceála shábháilte shlána a fhorbairt faoin 31 Nollaig 2040, limistéir a bheidh deimhnithe de réir chaighdeáin an Aontais, feadh bhóithre an chroíghréasáin agus an chroíghréasáin bhreisithe, nó laistigh d’achar tiomána 3 km ón mbealach amach is gaire den bhóthar den ghréasán tras‑Eorpach, agus meánachar uasta 150 ciliméadar a bheith ann idir dhá limistéar páirceála shábháilte shlána.
Bhí an tuarascáil seo bunaithe ar staidéar a rinneadh don Choimisiún maidir le hinfhaighteacht saoráidí scíthe agus páirceála do thiománaithe gairmiúla(). Sa staidéar rinneadh anailís ar an éileamh atá ann faoi láthair ar spásanna páirceála le haghaidh tiománaithe gairmiúla agus rinneadh anailís ar a soláthar freisin, agus ar na féidearthachtaí chun an líonra de limistéir pháirceála shábháilte shlána a leathnú, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1679. Bhí an staidéar bunaithe ar chomhairliúcháin fhorleathana le saineolaithe ó na Ballstáit, le hoibreoirí iompair agus páirceála, le ceardchumainn agus le tiománaithe gairmiúla().
I gcuid 2 den tuarascáil tá forbhreathnú ar na limistéir pháirceála do thiománaithe gairmiúla san Aontas, agus i gCuid 3 pléitear na dúshláin atá roimh limistéir pháirceála shábháilte shlána. I gcuid 4 cuirtear i láthair na conclúidí, lena n‑áirítear na príomh‑mholtaí maidir le líonra na limistéar páirceála sábháilte slán a leathnú.
2.FORBHREATHNÚ AR LIMISTÉIR PHÁIRCEÁLA SAN AONTAS
Sa chuid seo cuirtear i láthair tíopeolaíocht a bhaineann le limistéir pháirceála shábháilte shlána do thiománaithe gairmiúla ar fud an Aontais agus príomhfhigiúirí maidir le limistéir pháirceála shábháilte shlána.
2.1.Tíopeolaíocht limistéar páirceála
Tá na limistéir pháirceála a úsáideann tiománaithe gairmiúla an‑éagsúil ó thaobh cuspóra agus leibhéil slándála de. Féadfar iad a aicmiú mar a leanas:
a.Limistéir pháirceála ar mhótarbhealach
Is minic a bhíonn na limistéir pháirceála seo ar oscailt do gach cineál feithicle, rud a chiallaíonn go roinneann trucailí an limistéar seo le carranna príobháideacha, cóistí príobháideacha agus cineálacha eile feithiclí príobháideacha. Ag brath ar an mBallstát, is minic a bhíonn na limistéir pháirceála seo faoi úinéireacht údarás poiblí, á n‑oibriú acu nó faoi lamháltas acu.
b.Limistéir pháirceála nach bhfuil ar mhótarbhealach
Is iondúil go mbíonn na limistéir pháirceála seo suite thart ar 3 chiliméadar ón mótarbhealach. Is minic a bhíonn siad faoi úinéireacht oibreoirí príobháideacha agus iad á n‑oibriú acu agus tá siad curtha in áirithe do thrucailí agus d’fheithiclí éadroma tráchtála.
c.Limistéir feithimh trucailí ag calafoirt agus críochfoirt iarnróid
Murab ionann agus limistéir pháirceála phoiblí, is limistéir speisialta iad seo ag calafoirt agus críochfoirt iarnróid do thiománaithe chun fanacht agus iad ag fanacht ar dhul isteach sa chríochfort. Ag brath ar an mBallstát, d’fhéadfadh críochfoirt a bheith faoi úinéireacht údarás poiblí nó cuideachtaí príobháideacha agus iad á n‑oibriú acu, cé go bhfuil úinéireacht phoiblí an‑choitianta.
d.Láithreacha cuideachtaí iompair príobháideacha (iostaí cuideachtaí)
Tá na limistéir pháirceála seo á dtairiscint ag soláthróirí áirithinte páirceála trucailí i gcarrchlóis atá faoi úinéireacht cuideachtaí iompair. Sa scéim sin, osclaíonn an chuideachta iompair a clós do thiománaithe ó chuideachtaí iompair eile – ar bhealach atá cosúil le seirbhís cóiríochta ar chíos gearrthéarmach atá in áirithe trí aip. Úsáideann oibreoirí iompair nideoige cineál malartach den mhúnla sin, amhail na cuideachtaí iompair a iompraíonn carranna, a bhíonn ag páirceáil i gclóis a chéile.
e.Limistéir pháirceála shábháilte shlána
Is féidir limistéir pháirceála shábháilte shlána a fhoroinnt i limistéir pháirceála dheimhnithe agus limistéir pháirceála neamhdheimhnithe. Ní leagtar caighdeáin amach sa reachtaíocht seachas caighdeáin an Aontais a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1012. Leis na caighdeáin sin, bunaítear ceithre leibhéal slándála agus leibhéal seirbhíse coitinne mar réamhchoinníoll le deimhniú. Comhlachtaí iniúchóireachta neamhspleácha neamhchlaonta atá creidiúnaithe de réir rialacha trédhearcacha a leagtar amach sa Rialachán Tarmligthe a dhéanann an deimhniú.
Caighdeáin tionscail eile is ea iad Ceanglais Slándála Páirceála TAPA EMEA, arb é caighdeán an Chomhlachais um Chosaint Sócmhainní Iompartha (TAPA) é, agus deimhniú na hEagraíochta Eorpaí um Pháirceáil Shlán (ESPORG) le haghaidh páirceála agus saoráidí.
Is ann do chaighdeáin tionscail réigiúnacha freisin, amhail deimhniúcháin Vereinigung Deutscher Autohöfe e.V. (VEDA) (Páirceáil Shármhaith agus Páirceáil ar Ardchaighdeán), ach tá siad fós imeallach.
f.Limistéir pháirceála do chóistí
Ní fhanann tiománaithe cóiste thar oíche go ginearálta sna limistéir pháirceála a úsáideann tiománaithe trucailí. Is gnách leo fanacht in óstáin agus is fearr leo limistéir seirbhíse agus saoráidí páirceála tiomnaithe gar do chinn scríbe nó do chríochfoirt. Agus an treocht sin á haithint, tá críochfoirt pháirceála thiomnaithe do chóistí i limistéir uirbeacha bunaithe ag roinnt bardas, amhail Pamplona sa Spáinn agus an Bhruiséil sa Bheilg. Dá bhrí sin, ní bhaineann limistéir pháirceála shábháilte shlána le hábhar mórán le haghaidh an tionscail cóistí, i bhfianaise a riachtanas oibríochtúil ar leith.
g.Saoráidí eile
Tá thart ar 123 000 óstán ann ar fud AE-27. Tá saoráid oíche aíochta amháin laistigh de 3 chiliméadar ar a laghad ag 46 % de na limistéir pháirceála atá deimhnithe ag an Aontais. Ar fud na gcatagóirí páirceála uile, tá saoráid amháin ar a laghad laistigh den achar sin ag thart ar leath de na limistéir pháirceála. Is iad na bandaí achair is ábhartha 1 chiliméadar, a mheastar gur achar siúil atá ann, agus 3 chiliméadar, ar féidir le seirbhís tointeála freastal ar an achar. Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh na hachair sin a thomhas i líne dhíreach trasna na tíre, i gcás saoráid chóiríochta a mheastar a bheith lonnaithe gar do limistéar páirceála, d’fhéadfadh sé gur gá taisteal achair níos faide i ndáiríre.
Mar thoradh air sin, níl cóiríocht oiriúnach in aice láimhe ag go leor limistéir pháirceála. Cé go bhféadfadh roghanna a bheith ann ag achair níos mó, níl siad sin inmharthana do thiománaithe trucailí, toisc nach mbíonn iompar (de chineál mótarthrealmhaithe) acu de ghnáth nuair a bhíonn a dtrucail páirceáilte i limistéar páirceála slán.
Freastalaíonn go leor óstán a shainaithnítear gar do limistéir pháirceála shábháilte shlána ar thurasóirí agus ar thaistealaithe gnó go príomha agus níl siad inacmhainne do thiománaithe trucailí. Go deimhin, deimhnítear sna torthaí go bhfuil an chuid is mó de na rátaí óstáin róchostasach do thiománaithe trucailí.
2.2.Na príomhfhigiúirí maidir le limistéir pháirceála shábháilte shlána
Thart ar 380 000, sin an líon iomlán spásanna páirceála do thrucailí san Aontas faoi láthair (idir shlán agus neamhshlán), a bhfuil 60 816 díobh ar leibhéal níos airde ná an leibhéal bunúsach (i.e. spásanna nach bhfuil deimhnithe ach a bhfuil roinnt eilimintí slándála ag gabháil leo), 23 651 díobh deimhnithe mar spásanna slána faoi mhodhanna deimhniúcháin éagsúla, agus 4 943 díobh deimhnithe i gcomhréir le caighdeáin an Aontais (ar leibhéal óir a bhformhór, lena soláthraítear leibhéal réasúnta ard slándála). Fágann dáileadh na suíomhanna deimhnithe, atá braislithe i mbeagán tíortha/réigiún (an Bheilg, réigiún na bPiréiní, tuaisceart na hIodáile agus an Ungáir), bearnaí móra ar fud chroíghréasán GTE-I, mar shampla san Ostair, sa tSeicia, sa Ghearmáin, sa Pholainn agus sa tSlóvaic() .
Tá limistéir seirbhíse agus saoráidí bunúsacha ag gach limistéar páirceála, bíodh siad deimhnithe nó ná bíodh. Is féidir leis an leibhéal slándála agus na háiseanna atá ar fáil a bheith an‑éagsúil ar fud na suíomhanna sin. Cuireann limistéir seirbhíse feadh mórbhóithre, lena n‑áirítear mótarbhealaí agus débhealaí, áiseanna fíor-riachtanacha ar fáil do thiománaithe. Ar a laghad, bíonn stáisiúin pheitril, roghanna itheacháin agus leithris phoiblí sna limistéir sin. Cuireann go leor acu áiseanna breise ar fáil freisin amhail cithfholcadáin agus siopaí, rud a fhágann go bhfuil siad oiriúnach do shosanna gearra agus do thréimhsí scíthe fada araon le linn taisteal cianaistir.
Tá limistéir pháirceála shábháilte shlána nua á dtógáil faoi láthair, nó tá sé beartaithe tús a chur lena dtógáil go luath. Cuimsítear leis sin 49 dtionscadal de chuid na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE)(), agus meastar go gcuirfear 4 614 spás páirceála do thrucailí leis na limistéir pháirceála shábháilte shlána, rud a dhéanfaidh an soláthar atá ann faoi láthair a dhúbailt, nach mór.
Sa ghlao deireanach ar thograí le haghaidh deontais ghníomhaíochta ón Aontas i réimse an iompair faoi SCE, a foilsíodh in 2024 agus a dúnadh in 2025, formheasadh 14 thogra san iomlán le haghaidh tionscadail maidir le limistéir pháirceála shábháilte shlána chun cistiú a fháil (12 faoin imchlúdach Ginearálta agus 2 faoin imchlúdach Comhtháthaithe), le haghaidh cistiú carnach níos mó ná EUR 91 mhilliún().
Is é is aidhm do na tionscadail limistéir pháirceála shábháilte shlána a fhorbairt ar fud Ballstáit éagsúla den Aontas faoi thionscnamh GTE-I. Féachann na forbairtí sin le sábháilteacht ar bhóithre agus slándáil a fheabhsú, agus dálaí níos fearr a chur ar fáil do thiománaithe gairmiúla trí shaoráidí páirceála a leathnú agus a uasghrádú chun caighdeáin a leagtar síos i Rialacháin an Aontais a chomhlíonadh.
Cé go gcuirfidh na suíomhanna nua sin feabhas ar chumhdach geografach limistéar páirceála sábháilte slán ar fud na hEorpa, tá an baol ann go mbeidh bearnaí móra fós ann, mar gheall ar an éileamh atá ag dul i méid i gcónaí agus ar an am is gá chun limistéir pháirceála nua a sholáthar.
3.NA DÚSHLÁIN ATÁ ANN FAOI LÁTHAIR I LIMISTÉIR PHÁIRCEÁLA SHÁBHÁILTE SHLÁNA
Tá roinnt dúshláin chriticiúla roimh earnáil iompair de bhóthar an Aontais a bhaineann le hinfhaighteacht agus feidhmiúlacht limistéar páirceála sábháilte slán. Déanann na dúshláin sin difear do shlándáil, sábháilteacht agus folláine na dtiománaithe, rud a chuireann leis an nganntanas tiománaithe gairmiúla, agus ní hamháin sin ach déanann siad difear d’éifeachtúlacht na slabhraí lóistíochta agus don tsábháilteacht fhoriomlán ar bhóithre. Ar na príomhthosca a mbíonn tionchar acu ar úsáid limistéar páirceála sábháilte slán, tá (i) slándáil, sábháilteacht, glaineacht agus compord na saoráidí; agus (ii) infhaighteacht páirceála. Leagann freagróirí béim freisin ar an ngá atá ann feabhas a chur ar bhainistiú sonraí agus ar rochtain ar nuashonruithe fíor-ama maidir le hinfhaighteacht páirceála. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an costas a bhaineann le rochtain a fháil ar na saoráidí a bheith ina thoisc mhór i bhfabhar limistéir pháirceála ag a bhfuil leibhéal slándála agus seirbhíse níos ísle.
3.1.Gadaíocht lastais agus ábhair imní maidir leis an tslándáil
Is ábhar mór imní d’oibreoirí iompair de bhóthar agus do thiománaithe í an tslándáil. Tuairiscíonn 85 % d’oibreoirí iompair gur tharla gadaíocht nó loitiméireacht nuair a bhí a gcuid feithiclí páirceáilte i limistéir nach raibh slán. Cé go dtiteann an figiúr go 41 % i limistéir pháirceála shlána, tá leibhéal na dteagmhas fós ard agus cuireann sé i dtábhacht an géarghá atá le tuilleadh beart slándála. Ina theannta sin, tuairiscíonn 79 % de thiománaithe go raibh orthu aghaidh a thabhairt ar bhagairt slándála agus/nó ar shaincheist chontúirteach le linn a bhfeithicil a bheith páirceáilte, agus ní thuairiscíonn ach 9 % de thiománaithe go mbraitheann siad sábháilte ag limistéir pháirceála san Eoraip. Is fadhb fós í an ghadaíocht lastais, agus tarlaíonn teagmhais lena n‑áirítear gadaíocht bhreosla, briseadh isteach i gcábáin agus bordáil neamhúdaraithe paisinéirí chun críoch inimirce neamhrialta. Tuairiscítear robálacha foréigneacha freisin, rud a chuireann beatha tiománaithe i mbaol.
3.2.Ganntanais agus bearnaí sa dháileadh
Thuairiscigh oibreoirí iompair agus tiománaithe araon go raibh ganntanas saoráidí páirceála ar fáil. Ina theannta sin, dáiltear limistéir pháirceála shábháilte shlána go neamhchothrom ar fud an Aontais, go háirithe i réigiúin iompair lasta ard‑dlúis. Tá roinnt mhaith réigiún ann san Aontas nach gcomhlíonann an dlús is gá de limistéir pháirceála shábháilte shlána dheimhnithe, rud a fhágann nach bhfuil ach roghanna teoranta ag tiománaithe chun scíth shábháilte a ghlacadh. Cuireann an ganntanas sin leis an tsaincheist maidir le páirceáil neamhdhleathach, rud a mhéadaíonn rioscaí sábháilteachta do thiománaithe. Is iad an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, an Phortaingéil agus an Spáinn na limistéir a mheasann tiománaithe nach bhfreastalaíonn limistéir pháirceála shábháilte shlána orthu.
Meastar go bhfuil gá le thart ar 395 000 spás páirceála faoi láthair. Ag glacadh leis gur cheart an t‑éileamh iomlán a shásamh le limistéir pháirceála shábháilte shlána dheimhnithe, is é an bearna atá ann 390 057 spás páirceála(), méid is comhionann le 3 250 limistéar páirceála(). Faoi 2040, meastar go dtiocfaidh méadú breise ar an éileamh, agus i bhfianaise na treochta infheistíochta atá ann faoi láthair, is é 483 000 spás páirceála, nó 4 025 limistéar páirceála deimhnithe i gcomhréir le caighdeáin an Aontais, an bhearna a mheastar a bheidh ann(). Tá an bhearna soláthair-éilimh ann ar fud an Aontais, cé gur éagsúil a scála de réir réigiúin agus Ballstáit. Feictear go bhfuil na bearnaí is mó in iardheisceart agus lár na hEorpa().
3.3.Cáilíocht na saoráidí páirceála atá ar fáil
I measc na dtiománaithe, mheas 52 % de na freagróirí nach raibh saoráidí limistéar páirceála glan agus mheas 46 % díobh go raibh na saoráidí inghlactha. Níor mheas ach 2 % de na freagróirí tiománaithe uile go raibh saoráidí limistéar páirceála glan (tá gach cineál limistéir páirceála san áireamh ansin). Maidir le limistéir pháirceála shábháilte shlána, bíodh siad deimhnithe ag an Aontas nó ná bíodh, deir thart ar 55 % de na freagróirí go bhfuil na saoráidí ‘glan’ nó ‘inghlactha’.
3.4.An costas a bhaineann le saoráidí páirceála a úsáid
Aontaíonn tiománaithe agus oibreoirí iompair nár cheart do thiománaithe an costas páirceála a iompar. Léirítear san anailís ar limistéir pháirceála slándála níos airde, is é sin leibhéil platanaim agus óir, go bhfuil idir thart ar EUR 15 agus thart ar EUR 35 in aghaidh na hoíche ar na praghsanna reatha. Bíonn costas idir EUR 5 agus EUR 15 ar limistéir pháirceála slándála níos ísle, mar atá leibhéil airgid agus cré-umha. Is cosúil gur praghas ard do chuideachtaí iompair é EUR 15 in aghaidh na hoíche in aghaidh an spáis páirceála. Ar bhonn toilteanas chomh híseal sin íoc as páirceáil, ní dócha go mbeidh oibreoirí iompair toilteanach íoc as cóiríocht óstáin.
3.5.Dúshláin theicneolaíocha
Tá easpa shuntasach sonraí cuimsitheacha ann maidir le bealaí a phleanáil agus córais áirithinte páirceála. Le drochbhainistiú sonraí cuirtear cosc ar thiománaithe rochtain a fháil ar fhaisnéis fíor-ama maidir leis na spásanna páirceála slána atá ar fáil. Tá an bonneagar is gá le haghaidh córais chliste iompair in easnamh ar go leor saoráidí páirceála atá ann cheana(). Dá gcuirfí na córais sin chun feidhme, d’fhéadfaidís an strus a bhaineann le páirceáil shábháilte a aimsiú i limistéir phlódaithe a mhaolú go mór trí nuashonruithe agus áirithintí fíor-ama a thairiscint trí ardáin dhigiteacha.
Go sonrach, measann formhór na n‑oibreoirí iompair go bhfuil rochtain fíor-ama ar infhaighteacht páirceála ríthábhachtach chun bealaí a phleanáil, cé nach measann ach 27 % díobh go bhfuil an fhaisnéis pháirceála atá ann faoi láthair iontaofa. Ina theannta sin, creideann 75 % d’oibreoirí go gcuireann sonraí cruinne maidir le limistéir pháirceála shábháilte shlána feabhas ar phleanáil bealaí agus go gcuidíonn siad le rialacháin maidir le ham tiomána agus scíthe a chomhlíonadh. Maidir le hinfhaighteacht agus bainistiú sonraí i ndáil le pleanáil bealaí agus áirithintí, cuireann oibreoirí iompair in iúl nach bhfuil córas ródúcháin ná plean seasta acu le haghaidh stadanna, agus léiríonn os cionn 50 % díobh nach ndéanann siad áirithintí maidir le limistéir pháirceála ar chor ar bith.
3.6.Saincheisteanna inscne-shonracha
Leis an éagothroime shoiléir inscne sa tionscal, agus gan ach 6 % de na tiománaithe ina mná, cuirtear i dtábhacht an gá atá le saoráidí atá inscne-íogair. Tá dúshláin bhreise roimh thiománaithe mná, mar shampla sábháilteacht phearsanta agus riachtanais sláinteachais nach bhfuil na saoráidí atá ann faoi láthair ag freastal orthu go cuí.
4.CONCLÚIDÍ
Ní mór aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a chuirtear i láthair i gCuid 3 den tuarascáil seo le hinfheistíochtaí straitéiseacha agus coigeartuithe beartais. Tá sé sin ríthábhachtach chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus slándáil earnáil iompair de bhóthar an Aontais agus chun na dálaí oibre a fheabhsú agus, dá bhrí sin, an tóir a bhíonn ar an ngairm do thiománaithe a fheabhsú.
Leis an éileamh ar iompar lasta de bhóthar atá ag méadú, leagtar béim ar an ngéarghá atá le tuilleadh bonneagair páirceála, go háirithe limistéir pháirceála shábháilte shlána dheimhnithe. Ní féidir leis an soláthar atá ann faoi láthair freastal ar an éileamh, agus toisc go meastar go dtiocfaidh méadú breise ar an éileamh, tá gá le hinfheistíocht láithreach agus deimhniú a dhéanamh ar limistéir pháirceála atá ann cheana ag a bhfuil gnéithe sábháilteachta agus slándála. Cuirtear tuilleadh béime ar an bpráinn sin leis an gceanglas atá ar na Ballstáit a áirithiú, faoin 31 Nollaig 2040, go bhforbrófar limistéir pháirceála shábháilte shlána dheimhnithe feadh chroíghréasán agus chroíghréasán leathnaithe GTE-I, nó laistigh d’achar tiomána 3 km ón mbealach amach is gaire den bhóthar den ghréasán tras‑Eorpach, agus meánachar uasta 150 km a bheith eatarthu. Is féidir roinnt gníomhaíochtaí leantacha reachtacha agus neamhreachtacha a shainaithint.
Tá na tionscnaimh fhéideartha seo a leanas bunaithe ar an anailís ar an staidéar agus ar thorthaí an staidéir agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a thuiscint mar rannchuidiú le plé níos leithne. Is é is cuspóir dóibh eolas a chur in iúl agus tacú le tuilleadh machnaimh, gan aon chinneadh a bhaineann le gníomhaíochtaí amach anseo a réamh‑mheas ná tionchar a imirt orthu.
4.1.Tionscnaimh nach mbaineann le gníomhartha dlí
4.1.1.
Uasghráduithe toraidh tapa a dhreasú
Measann an Coimisiún gurb é an bealach níos éifeachtúla chun an bhearna a dhúnadh idir an líon limistéar páirceála sábháilte slán is gá agus an líon limistéar páirceála sábháilte slán atá ann faoi láthair saoráidí páirceála neamhshlána feadh mótarbhealaí a uasghrádú. Is féidir é sin a dhéanamh trí oibreacha agus infheistíochtaí chun cuidiú leis na saoráidí sin deimhniú ar leibhéal cré-umha nó níos airde a bhaint amach.
Ba cheart díriú ar bhearta slándála fíor-riachtanacha amhail soilsiú teorann, díspreagthaí amhairc, seiceálacha faireachais tráthrialta, faireachán ag pointí dul isteach agus imeachta, agus comharthaíocht shoiléir chun rochtain a shrianadh d’fheithiclí údaraithe. D’fhéadfadh sé gur ghá freisin infheistíochtaí a dhéanamh i saoráidí scíthe feadh mótarbhealaí, saoráidí a dearadh ar dtús go príomha do phaisinéirí carranna príobháideacha.
Molann an Coimisiún do na Ballstáit measúnú cúramach a dhéanamh ar an rogha sin chun na ceanglais a leagtar síos i Rialachán GTE-I a chomhlíonadh. Moltar d’oibreoirí saoráidí scíthe feadh mótarbhealaí meastóireacht a dhéanamh ar ábharthacht infheistíochtaí den sórt sin dá samhlacha gnó. I gcás nach bhfuil cás gnó inmharthana ag baint le hinfheistíocht phríobháideach amháin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le sásraí tacaíochta poiblí agus pleanáil chomhordaithe chun a áirithiú go ndéanfar an bonneagar is gá a sheachadadh go tráthúil.
I réigiúin ina bhfuil teagmhais níos airde gadaíochta lastais, ba cheart do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt freisin do thógáil limistéar páirceála sábháilte slán atá deimhnithe ar leibhéal platanaim agus d’uasghrádú limistéar chuig an leibhéal sin chun an tslándáil agus an chosaint is mó is féidir a áirithiú do thiománaithe agus do lastas. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do shásraí tacaíochta poiblí sna réigiúin sin.
4.1.2. Comhar agus feasacht na bpáirtithe leasmhara a chur chun cinn
Ba cheart do na Ballstáit forbairt na limistéar páirceála sábháilte slán a áireamh mar chuid dá bpleananna náisiúnta iompair(). Tacaíonn na Comhordaitheoirí Eorpacha arna gceapadh faoi Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2024/1679 le cur chun feidhme comhordaithe na gConairí Iompair Eorpacha. De réir Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2024/1679, déanfaidh gach Comhordaitheoir Eorpach, faoin 19 Iúil 2026 ar a dhéanaí agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, plean oibre a tharraingt suas ina mbeidh anailís mhionsonraithe ar staid chur chun feidhme na conaire agus faoina mhéid atá ceanglais Rialachán (AE) 2024/1679 á gcomhlíonadh, lena n‑áirítear maidir le limistéir scíthe agus limistéir pháirceála shábháilte shlána a chur in úsáid, mar aon leis na tosaíochtaí i dtaca lena fhorbairt amach anseo.
Measann an Coimisiún freisin gur cheart d’oibreoirí cianaistir a dtiománaithe a spreagadh chun a scíth a ligean ag limistéir pháirceála shábháilte shlána. Ba cheart limistéir pháirceála shábháilte shlána a chomhtháthú mar ábhar sa Ghrúpa Eorpach um Shoghluaisteacht Uirbeach agus san Fhóram Digiteach Iompair agus Lóistíochta (DTLF)(). D’fhéadfaí topaic na limistéar páirceála sábháilte slán a áireamh freisin san oiliúint tosaigh agus thréimhsiúil ar thiománaithe mar ghné nua atá deartha go sonrach d’fholláine na dtiománaithe, mar aon leis an digitiú agus nuashonruithe teicneolaíochta.
4.1.3. Feabhas a chur ar nascacht na limistéar páirceála sábháilte slán
D’fhéadfadh oibreoirí na limistéar páirceála sábháilte slán ardán digiteach coiteann uile-Aontais (faireachlann) a chur i bhfeidhm, ardán a bheidh ar fáil freisin mar aip fóin chliste, lena gcuirfear ar a gcumas do thiománaithe agus cuideachtaí iompair rochtain a fháil ar shonraí fíor-ama maidir le hinfhaighteacht páirceála, áirithintí a dhéanamh agus cumarsáid a dhéanamh leis na saoráidí páirceála. Tá tionscadal seolta ag an gCoimisiún freisin chun aip a fhorbairt a bhailíonn aiseolas agus rátálacha tiománaithe maidir le príomhphointí spéise feadh bealaí trucaile, lena n‑áirítear pointí seirbhíse agus limistéir scíthe().
4.1.4. Feabhas a chur ar shábháilteacht, slándáil, folláine agus cuimsitheacht
Bíonn limistéir pháirceála níos mealltaí do thiománaithe nuair:
·atá siad sábháilte, a mhéid a bhaineann le cúrsaíocht trucailí agus coisithe araon;
·atá siad glan agus caighdeáin dhiana sláinteachais á n‑urramú ar fud na saoráide;
·a chuireann siad cláir folláine chun cinn lena ndírítear ar thacú le meabhairshláinte tiománaithe cianaistir agus lena soláthraítear saoráidí áineasa agus spásanna sóisialta;
·a chuireann siad bearta inscne-chuimsitheacha ar fáil ar nós spásanna páirceála in áirithe gar d’oifigí slándála do thiománaithe mná ionas nach mbeidh ar mhná siúl trasna an limistéir páirceála leo féin, go háirithe san oíche;
·a chuireann siad ar fáil seirbhísí atá saincheaptha do riachtanais éagsúla chultúrtha agus reiligiúnacha, ar nós roghanna éagsúla bia agus córais faisnéise ilteangacha.
Ba mhór ag tiománaithe trucailí freisin daoine slándála a bheith ar an láthair.
Thairbheodh tiománaithe trucailí de chóiríocht inacmhainne inrochtana, mar shampla móstáin gar do limistéir pháirceála shábháilte shlána, má fhorbraítear i réigiúin iompair lasta ard‑dlúis iad; d’áiritheodh sé sin roghanna comhsheasmhacha iontaofa le haghaidh oíche aíochta do thiománaithe.
4.1.5.
Cistiú
Cistiú na limistéar páirceála sábháilte slán, lena n‑áirítear trí chistí AE, cruthaíodh gur ionstraim an‑tábhachtach agus éifeachtach é. Chun leanúint leis an uirlis thábhachtach tacaíochta sin, mhol an Coimisiún, an 16 Iúil 2025, Saoráid um Chónascadh na hEorpa 3, a mbeadh buiséad iompair EUR 51,5 billiún aici sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (‘CAI’) le haghaidh 2028 go 2034() .
4.2.Tionscnaimh a bhaineann le gníomhartha dlí
4.2.1.
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1012
Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar cheart athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2022/1012 i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíocha atá ann cheana() , d’fhéadfadh sé, ar bhonn an chomhairliúcháin leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara, breithniú a dhéanamh freisin ar na rudaí seo a leanas:
·deimhnithe catagóire ar leibhéal idirmheánach a thabhairt isteach chun uasghráduithe tapa ar limistéir pháirceála shábháilte shlána a dhreasú. Mar shampla, i gcás limistéar páirceála airgid ag a n‑infheistítear i seirbhísí ardleibhéil, d’fhéadfadh sé deimhniú airgid+ a fháil;
·oibleagáid a áireamh maidir le pearsanra slándála ar an láthair a bheith ag limistéir pháirceála shábháilte shlána ar leibhéal platanaim chun caighdeáin slándála fisiciúla a leathnú;
·córas comharthaíochta do limistéir pháirceála shábháilte shlána a fhorbairt lena dtabharfar eolas faoi spásanna páirceála atá curtha in áirithe do thiománaithe mná;
·breithnithe cothaithe a chur leis agus sonraí imdhealaithe de réir gnéis a bhailiú faoi na tiománaithe i seomraí scíthe.
4.2.2. Rialachán (CE) Uimh. 561/2006
Dá ndéanfaí agus nuair a dhéanfaí athbhreithniú níos leithne ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, d’fhéadfadh an Coimisiún, a mhéid a bhaineann le limistéir pháirceála shábháilte shlána, na leasuithe seo a leanas ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mholadh:
·critéir bhreise a bhaineann le folláine tiománaithe a áireamh sna caighdeáin maidir le leibhéal seirbhíse na limistéar páirceála sábháilte slán. D’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin, mar shampla, bearta chun freastal ar thiománaithe a bhfuil cúlraí cultúrtha nó teanga éagsúla acu.
·cead a thabhairt do thiománaithe a scíth tráthrialta a ghlacadh i gcábáin feithiclí má tá siad feistithe leis na feidhmeanna uile is gá le haghaidh compoird agus má tá siad páirceáilte i limistéir pháirceála shábháilte shlána ardcháilíochta. Thabharfadh sé sin an deis do thiománaithe bualadh le chéile agus scíth a ligean in áiteanna ina bhfuil ardleibhéil sábháilteachta agus seirbhísí.
Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar fhorbairt saoráidí oiriúnacha scíthe agus páirceála do thiománaithe gairmiúla, go háirithe limistéir pháirceála shábháilte agus shlána atá deimhnithe de réir caighdeáin arna mbunú faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1012. Cinnfidh an Coimisiún freisin an bealach is iomchuí chun tacú leis na moltaí, agus tosaíochtaí beartais, indéantacht agus ionchur ó na páirtithe leasmhara ábhartha uile á gcur san áireamh. Sa mheasúnú uaidh, díreoidh an Coimisiún ar na bearta lena bhfeabhsófar cáilíocht na saoráidí páirceála agus lena méadófar an líon limistéar páirceála sábháilte slán.
Cuireann an Coimisiún i dtábhacht gurb iad na Ballstáit atá freagrach as a áirithiú go bhforbrófar líonra na limistéar páirceála sábháilte slán go cuí. Cé go bhfuil sé tábhachtach leanúint de chistiú SCE, is cistiú de chineál teoranta é. Dá bhrí sin, tá an tacaíocht náisiúnta, phríobháideach agus phoiblí fíor-riachtanach chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh go héifeachtach ar bhearnaí agus ar spotaí bána ar ghréasán GTE-I, chun infhaighteacht leordhóthanach limistéar páirceála sábháilte slán a choinneáil ar bun.