An Bhruiséil,14.10.2025

COM(2025) 632 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

An Cúigiú Tuarascáil Bhliantúil maidir le scagadh infheistíochta dírí coigríche isteach san Aontas

{SWD(2025) 296 final}


RÉAMHRÁ

Is í an Tuarascáil seo an cúigiú Tuarascáil Bhliantúil ón gCoimisiún Eorpach ar chur i bhfeidhm Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le Scagadh Infheistíochta Dírí Coigríche (IDC) (an ‘Rialachán maidir le Scagadh IDC’ nó an ‘Rialachán’).

Cumhdaíonn an Tuarascáil an bhliain 2024 agus soláthraíonn sí trédhearcacht maidir le hoibriú scagadh IDC san Aontas agus maidir le forbairtí ó thaobh sásraí náisiúnta um scagadh de. Cuireann sé le cuntasacht an Aontais i réimse nach féidir agus nach iomchuí trédhearcacht a bheith ann maidir le hidirbhearta aonair, i bhfianaise na leasanna slándála atá i gceist.

Tá sé bunaithe ar thuarascálacha ó na 27 mBallstát agus ar fhoinsí eile, agus tá ceithre chaibidil ann:

§Caibidil 1 maidir le treochtaí agus figiúirí i dtaca le IDC san Aontas;

§Caibidil 2 maidir le forbairtí reachtacha sna Ballstáit;

§Caibidil 3 maidir le gníomhaíochtaí um scagadh IDC arna ndéanamh ag na Ballstáit;

§Caibidil 4 maidir le sásra comhair an Aontais um scagadh IDC.

Is uirlis thábhachtach í an tuarascáil bhliantúil seo le haghaidh rialuithe straitéiseacha trádála agus infheistíochta chun an tslándáil san Aontas a áirithiú.



CAIBIDIL 1 – INFHEISTÍOCHT DHÍREACH CHOIGRÍCHE ISTEACH SAN AONTAS EORPACH

1.Treochtaí foriomlána

Tháinig méadú 7,5 % ar stoc IDC 1 idir 2023 agus 2024. Go sonrach, tháinig méaduithe carnacha bliantúla 10 % (ó 20 329 go 22 302) agus 6,0 % (ó 28 405 go 30 108), faoi seach (Fíor 1, colúin) ar chumaisc agus éadálacha eachtracha agus ar láithreáin úrnua. Tá an méadú sin comhsheasmhach leis na treochtaí a tugadh faoi deara ó bhí 2015 ann, agus méadú leanúnach de bheagnach 5 250 infheistíocht dhíreach choigríche ar an meán gach bliain tagtha ar an stoc IDC isteach in AE27 le linn na tréimhse 10 mbliana sin. Ag féachaint ar an treocht sin de réir an chineáil IDC, fuair AE27 2 230 margadh cumasc agus éadálacha ar an meán agus 3 011 infheistíocht úrnua choigríche gach bliain idir 2015 agus 2024. Deimhnítear leis na treochtaí carnacha dearfacha sin oscailteacht Bhallstáit an Aontais d’infheistíochtaí coigríche, rud a léiríonn a tharraingtí atá siad d’infheisteoirí idirnáisiúnta.

Fíor 1: Stoic agus sreafaí IDC bliantúla 2015-2024 isteach in AE27 (líon na margaí agus na dtionscadal)

Foinse: Léirmhíniú ón Airmheán Comhpháirteach Taighde bunaithe ar shonraí Bureau van Dijk, arna n-asbhaint an 26 Márta 2025 ó Orbis M&A agus Orbis Crossborder Investment. Comhfhreagraíonn na sonraí do 2015 do na sreafaí IDC in 2015, agus comhfhreagraíonn na sonraí a léirítear sna barraí do na blianta ina dhiaidh sin do shuim charnach na sreafaí bliantúla.

Tháinig laghdú ar insreafaí iomlána IDC (Fíor 1, línte) le 2 bhliain anuas, le laghduithe 23 % ó 2022 go 2023 agus 8,4 % ó 2023 go 2024, faoi seach. Mar sin féin, ag féachaint ar an líon infheistíochtaí díreacha coigríche, d’fhreagair cumaisc agus éadálacha agus infheistíochtaí úrnua, ar bhealach difriúil. Go sonrach, tháinig laghdú 3,6 % in 2022 agus 15 % in 2023 ar shreabhadh na margaí coigríche cumasc agus éadálacha, ar tháinig téarnamh láidir orthu in 2021, sular tháinig méadú 2,7 % orthu in 2024. Ar an taobh eile, tháinig méadú 23 % ar shreafaí infheistíochta úrnua in 2021 agus tháinig méadú 13 % orthu in 2022. Mar sin féin, tháinig laghdú 2 bhliain as a chéile ar an treocht dhearfach sin (29 % in 2023 agus 19 % in 2024). D’fhéadfaí treocht anuas na sreafaí IDC bliain ar bhliain a tugadh faoi deara in 2023 agus go páirteach in 2024 (i gcás infheistíochtaí úrnua) a chur i leith éiginnteachtaí leanúnacha 2 a dhéanann difear do gheilleagar an Aontais agus do bhraistint riosca na n-infheisteoirí.

2.Príomhthíortha tionscnaimh na n-infheisteoirí coigríche

Léiríonn comparáid idir margaí coigríche cumasc agus éadálacha 2023 agus 2024 de réir dlínse tionscnaimh (Fíor 2, an chairt ar chlé) méadú foriomlán in 2024 i gcomparáid le 2023 i gcás gach príomhdlínse, seachas an Ríocht Aontaithe, lárionaid airgeadais eischósta agus Ceanada. Os a choinne sin, léirigh an laghdú ar líon iomlán na n-infheistíochtaí úrnua a breathnaíodh in 2024 go raibh laghdú tagtha ar an líon tionscadal ó gach dlínse, cé is moite de Cheanada, áit nár tháinig aon athrú ar an líon (Fíor 2, an chairt ar dheis).

Fíor 2: Líon na n-éadálacha bunanna cothromais (ar chlé) agus na n-infheistíochtaí úrnua (ar dheis) isteach san Aontas de réir dlínse eachtrach (na 10 n-infheisteoir is mó) in 2023 agus 2024

Foinse: Léirmhíniú ACT bunaithe ar shonraí Bureau van Dijk, arna n-asbhaint an 26 Márta 2025 ó Orbis M&A agus Orbis Crossborder Investment. IAEnna: Ionaid airgeadais eischósta 3 . RoW: An chuid eile den domhan.

Bhí na Stáit Aontaithe ar an bpríomhinfheisteoir coigríche in AE27 in 2024, as ar tháinig 30 % de na héadálacha uile (597 margadh), agus 37 % d’infheistíochtaí úrnua (626 thionscadal). Cé gur tháinig méadú 7 % ar mhargaí cumasc agus éadálacha de thionscnamh na Stát Aontaithe in 2024 i gcomparáid le 2023, tháinig laghdú 17 % dhá bhliain as a chéile ar infheistíochtaí úrnua in 2024.

Tháinig 23 % (451 mhargadh) de na héadálacha uile in 2024 agus 24 % (412 idirbheart) de thionscadail úrnua isteach in AE27 ó infheisteoirí ón Ríocht Aontaithe, rud a d’fhág go raibh an Ríocht Aontaithe sa dara háit i rangú na ndlínsí coigríche. Sa chás sin, tháinig laghdú 8,9 % agus 13 %, faoi seach, ar líon na margaí cumasc agus éadálacha agus líon na dtionscadal úrnua araon in 2024 i gcomparáid le 2023. Bhí treocht dhiúltach sna príomhionaid airgeadais eischósta agus i gCeanada maidir le margaí cumasc agus éadálacha idir 2023 agus 2024, agus thit siad 8,9 % agus 19 %, faoi seach. Ba iad Singeapór (85 %) agus an Iorua (34 %) ina dhiaidh sin na dlínsí a raibh na méaduithe bliantúla is mó ar mhargaí coigríche cumasc agus éadálacha acu in 2024. Ar deireadh, tháinig méadú 23 % bliain ar bhliain in 2024 ar líon na margaí cumasc agus éadálacha de thionscnamh na Síne agus Hong Cong, tar éis an laghdaithe bhliantúil 20 % a tugadh faoi deara in 2023.

I gcás infheistíochtaí úrnua, tháinig laghdú ar an líon IDCanna ó na 10 ndlínse tionscnaimh is mó, seachas Ceanada, in 2024 i gcomparáid le 2023, agus laghduithe bliantúla idir 46 % i gcás na hIorua agus 2,5 % i gcás na Síne agus Hong Cong.

3.Na cinn scríbe is mó san Aontas le haghaidh éadálacha eachtracha

Bhí líon na margaí coigríche cumasc agus éadálacha isteach san Aontas leithdháilte go míchothrom ar fud na mBallstát cinn scríbe (Fíor 3, an chairt ar chlé). Fuair formhór na dtíortha níos mó margaí in 2024 ná mar a fuair siad in 2023, seachas an Fhrainc, an Spáinn, Éire agus an Danmhairg, a raibh níos lú margaí acu. Os a choinne sin, lean an líon infheistíochtaí úrnua coigríche isteach san Aontas (Fíor 3, an chairt ar dheis) treocht dhifriúil in 2024, agus níor raibh méadú ach ag dhá thír (an tSualainn agus an Fhionlainn) i gcomparáid le 2023.

Fíor 3: Líon na n-éadálacha bunanna cothromais (ar chlé) agus na n-infheistíochtaí úrnua (ar dheis) in 2023 agus in 2024 de réir Ballstáit (na 10 bhfaighteoir AE27 is mó)

Foinse: Léirmhíniú ón Airmheán Comhpháirteach Taighde bunaithe ar shonraí Bureau van Dijk, arna n-asbhaint an 26 Márta 2025 ó Orbis M&A agus Orbis Crossborder Investment. Seasann RoEU27 don ‘chuid eile de AE27’.

Ba iad an Ghearmáin agus an Fhrainc na príomhchinn scríbe le haghaidh margaí coigríche cumasc agus éadálacha in 2024, agus bhain 21 % (412 mhargadh) agus 13 % (264 mhargadh) de líon iomlán na margaí leo, faoi seach. Mar sin féin, bhí a dtreochtaí ó bhliain go bliain in 2024 éagsúil, agus tháinig méadú ar líon na margaí sa Ghearmáin (17 %) agus laghdú sa Fhrainc (1,1 %). D’ainneoin an laghdaithe bhig sin, tháinig an Fhrainc os cionn na Spáinne mar fhaighteoir IDC agus rangaíodh í sa dara háit in 2024. Is ag an Spáinn a bhí an tríú háit in 2024, agus sciar 12 % aici (230 margadh). Chomh maith leis an bhFrainc agus an Spáinn, fuair dhá Bhallstát eile, Éire (-26 %) agus an Danmhairg (-9,1 %), níos lú margaí coigríche cumasc agus éadálacha in 2024 ná mar a fuair siad in 2023. Idir an dá linn, thaifead an Pholainn an méadú is láidre ar ghníomhaíocht cumasc agus éadálacha in 2024 (39 %), agus an Ísiltír ina dhiaidh sin (30 %).

Ba iad an Spáinn agus an Ghearmáin an dá fhaighteoir infheistíochtaí úrnua coigríche ba mhó in 2024, agus iad ag fáil 24 % (412 idirbheart) agus 12 % (212 idirbheart) de na tionscadail uile faoi seach. Bhí an Fhrainc díreach faoi bhun an lín sin (11 %, 191 idirbheart). Bhí an laghdú bliain ar bhliain ar líon na dtionscadal le sonrú go háirithe i gcás na hÉireann (36 %) agus na Polainne (35 %), agus i gcás dhá Bhallstát, an tSualainn (22 %) agus an Fhionlainn (140 %), tháinig fás bliain ar bhliain ar líon na dtionscadal úrnua coigríche a fuarthas.

4.Faisnéis a bhaineann go sonrach le hearnáil

Tháinig laghdú bliain ar bhliain ar chumaisc agus éadálacha eachtracha i mbeagnach gach ceann de na cúig chatagóir earnála 4 is mó in 2024 i gcomparáid le 2023, cé is moite de mhargaí i ngníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla (GET) (Fíor 4, an chairt ar chlé). Os a choinne sin, níor tháinig méadú ar an líon margaí úrnua coigríche ach i gcás ceann amháin de na cúig chatagóir earnála is mó (cóiríocht) in 2024 (Fíor 4, an chairt ar dheis).

Fíor 4: Líon na mbunanna cothromais (ar chlé) agus na n-infheistíochtaí úrnua (ar dheis) in 2023 agus in 2024 de réir earnálacha NACE Ath. 2 (na cúig chatagóir is mó)

Foinse: Léirmhíniú ón Airmheán Comhpháirteach Taighde bunaithe ar shonraí Bureau van Dijk, arna n-asbhaint an 26 Márta 2025 ó Orbis M&A agus Orbis Crossborder Investment. Seasann GET do ghníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla (NACE Ath. 2, mír M), agus tá saoráidí T&F san áireamh, i measc nithe eile. Seasann TFC d’fhaisnéis agus cumarsáid (NACE Ath. 2, mír J). Comhfhreagraíonn Monaraíocht do NACE Ath. 2, mír C. Comhfhreagraíonn Airgeadais do NACE Ath. 2, mír K (‘Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais’). Comhfhreagraíonn Miondíol do NACE Ath. 2, mír G (‘Trádáil mhórdhíola agus mhiondíola’). Comhfhreagraíonn cóiríocht do NACE Ath. 2, mír I (‘Gníomhaíochtaí cóiríochta agus seirbhísí bia’).

In 2024, bhí an mhonaraíocht fós ar an bpríomhearnáil a mhéid a bhain le margaí a dhéanamh, agus 27 % de chumaisc agus éadálacha coigríche i gceist léi (526 idirbheart). D’fhan faisnéis agus cumarsáid (TFC) sa dara háit le 24 % (467 n-idirbheart). Tháinig méadú ar líon na margaísa dá earnáil, agus tháinig méadú 3,3 % ar líon na margaí i réimse na monaraíochta agus 5,4 % i réimse TFC in 2024 i gcomparáid le 2023. Bhí gníomhaíochtaí GET, inar tháinig laghdú 14 % ar líon na margaí i ndáil le 2023, sa tríú háit le 10 %, agus ina dhiaidh sin bhí airgeadas (8,1 %) agus miondíol (7,3 %).

Maidir le hinfheistíochtaí úrnua, bhí beagnach aon trian (31 %) de thionscadail choigríche in 2024 (523 thionscadal) i gceist le gníomhaíochtaí a bhaineann le miondíol. Ba é GET an dara hearnáil ba mhó in 2024 agus sciar 15 % aici. In 2024, bhí an mhonaraíocht, ag a raibh sciar 13 %, ar an tríú hearnáil is mó le haghaidh infheistíochtaí úrnua, agus is í an earnáil TFC, ag a bhfuil sciar 10 %, a bhí sa cheathrú háit. Tháinig an laghdú bliain ar bhliain ba mhó ar infheistíochtaí úrnua san earnáil TFC agus sa mhiondíol – tháinig laghdú 27 % agus 21 % faoi seach ar líon na dtionscadal in 2024. Ba í an chóiríocht an t-aon earnáil sna cúig cinn ba mhó ina raibh méadú ar líon na dtionscadal (1,2 %) sa tréimhse chéanna.

5.Conclúidí

Tá méadú seasta tagtha ar stoic IDC idir 2015 agus 2024 in AE27, agus fuarthas 5 250 infheistíocht dhíreach choigríche ar an meán in aghaidh na bliana. Le blianta beaga anuas, áfach, tá moilliú tagtha ar insreafaí IDC, agus bhí laghduithe bliantúla ann in 2023 (23 %) agus 2024 (8,4 %). Ba é laghdú in infheistíochtaí úrnua coigríche (19 %) ba chúis leis an laghdú ar insreafaí 2024 agus bhí téarnamh bliain ar bhliain (2,7 %) ag cumaisc agus éadálacha.

In 2024, tháinig na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe chun cinn mar na hinfheisteoirí coigríche is mó. Bhí na Stáit Aontaithe ar thús cadhnaíochta le 30 % de líon iomlán M&Anna agus 37 % d’infheistíochtaí úrnua, agus an Ríocht Aontaithe ina dhiaidh sin le 23 % de M&Anna agus 24 % d’infheistíochtaí úrnua. Maidir leis na Ballstáit a fuair IDC, ba í an Ghearmáin an ceann scríbe ab fhearr le haghaidh cumasc agus éadálacha (21 %), agus fuair an Spáinn an líon infheistíochtaí úrnua ba mhó (24 %). Ar deireadh, i dtéarmaí dáileadh earnála, ba í an mhonaraíocht (27 %) an earnáil ba mhó le haghaidh margaí cumasc agus éadálacha, agus bhí an miondíol (31 %) chun tosaigh maidir le gníomhaíochtaí infheistíochta úrnua.

Bhí tionchar ag an meath bliantúil ar thionscadail úrnua in 2024 ar bheagnach gach dlínse tionscnaimh, gach Ballstát cinn scríbe agus gach earnáil. Is cosúil go bhfuil an feabhas bliantúil measartha foriomlán ar infheistíochtaí cumasc agus éadálacha a breathnaíodh in 2024 roinnte ar bhealach níos cothroime ar fud dlínsí tionscnaimh, cinn scríbe agus earnálacha.

CAIBIDIL 2 – FORBAIRTÍ REACHTACHA SNA BALLSTÁIT IN 2024

1.Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le Scagadh IDC agus sásraí um scagadh IDC de chuid na mBallstát den Aontas

Le linn 2024, lean an Coimisiún Eorpach de na Ballstáit uile a spreagadh chun sásraí náisiúnta um scagadh IDC a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh uirlisí iomchuí ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit uile chun IDCanna a bhfuil rioscaí slándála nó rioscaí oird poiblí ag baint leo a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu.

Mhol an Coimisiún Eorpach ailíniú na sásraí náisiúnta IDC um scagadh agus na gcleachtas scagtha. Chuidigh sé leis na Ballstáit trí threoraíocht theicniúil agus bheartais, trí chruinnithe agus trí mhalartú faisnéise a dhéanamh, go háirithe maidir le dea-chleachtais. Mar sin féin, tá difríochtaí suntasacha fós ann idir sásraí náisiúnta um scagadh, go háirithe: (i) céard is scagadh foirmiúil ar IDC ann (rud a spreagann fógra faoi IDC don sásra comhair); (ii) amlínte an nós imeachta náisiúnta um scagadh; (iii) cumhdach earnála na sásraí náisiúnta um scagadh; agus (iv) ceanglais maidir leis na bpáirtithe san idirbheart fógra a thabhairt do na húdaráis náisiúnta. Aghaidh a thabhairt ar na difríochtaí sin, sin ceann de na cúiseanna leis an togra reachtach ón gCoimisiún i mí Eanáir 2024 chun athbhreithniú a dhéanamh ar an sásra comhair, atá á thabhairt chun críche faoi láthair ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa.

2.Forléargas ar shásraí um scagadh IDC de chuid na mBallstát agus ar fhorbairtí reachtacha

Le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus éiginnteacht maidir le forbairtí geopholaitiúla, tá níos mó béime ná riamh á cur ar an ngá atá ann teicneolaíochtaí agus bonneagar criticiúil (ardfhorbartha) a chosaint. Dá bhrí sin, chuir roinnt Ballstát nach bhfuil sásraí um scagadh acu tús le céimeanna breise chun sásraí náisiúnta um scagadh a ghlacadh nó chun sásraí náisiúnta um scagadh a thabhairt cothrom le dáta agus a leathnú mar fhreagairt ar imthosca atá ag athrú.

In 2024, chuaigh 3 Bhallstát i mbun gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh sásra um scagadh a ghlacadh, tháinig sásraí um scagadh IDC arna nglacadh le déanaí i bhfeidhm in 2 Bhallstát, agus thug 10 mBallstát leasuithe isteach ar an reachtaíocht atá acu cheana maidir le scagadh.

Faoi dheireadh 2024, bhí reachtaíocht maidir le scagadh IDC i bhfeidhm ag 24 Bhallstát den Aontas.



Tá forbhreathnú sa léarscáil thíos ar an staid reachtach i mBallstáit an Aontais in 2024.

Tá forbhreathnú sa léarscáil thíos ar an staid reachtach i ngach Ballstát an 31 Nollaig 2024 5 .

Sásra náisiúnta um scagadh IDC i bhfeidhm (gan aon athrú reachtach)

An Bheilg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Iodáil, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an Spáinn

Rinneadh leasú ar shásra a bhí ann cheana

An Danmhairg, an Fhrainc, an Ísiltír, an Liotuáin, an Pholainn, an Rómáin, an tSeicia, an tSualainn, an tSlóvaic, an Ungáir

Teacht i bhfeidhm sásra nua náisiúnta um scagadh IDC

An Bhulgáir, Éire

Tá próiseas comhairleach nó reachtach ann a bhfuil coinne leis go ndéanfaí sásra nua a ghlacadh dá bharr

An Chipir, an Chróit, agus an Ghréig

Teacht i bhfeidhm sásraí nua um scagadh IDC

Sa Bhulgáir, glacadh an sásra náisiúnta um scagadh a moladh sa Pharlaimint in 2023 an 22 Feabhra 2024, fógraíodh é an 8 Márta 2024 agus tiocfaidh sé i bhfeidhm tráth éigin nuair a ghlacfar na rialacháin cur chun feidhme is gá 6 . In Éirinn, tháinig an tAcht um Scagadh Idirbheart Tríú Tíortha, a achtaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2023, i bhfeidhm an 6 Eanáir 2025.

Tá próiseas comhairleach nó reachtach ann a bhfuil coinne leis go ndéanfaí sásra nua a ghlacadh dá bharr

Faoin 31 Nollaig 2024, ní raibh sásra náisiúnta um scagadh IDC bunaithe ag an gCipir. Cuireadh dréachtdlí faoi bhráid Theach na nIonadaithe i mí an Mhárta 2024. Tar éis roinnt leasuithe, cuireadh an dréachtdlí faoi bhráid Oifig Dlí Phoblacht na Cipire arís, agus déanfar grinnfhiosrúchán dlíthiúil air go luath in 2025. Cuirfear an téacs faoi bhráid Theach na nIonadaithe arís lena ghlacadh tráth éigin.

Sa Chróit, bunaíodh meitheal i mí Dheireadh Fómhair 2023 chun togra reachtach a dhréachtú chun sásra um scagadh IDC a bhunú. Faoin 31 Nollaig 2024, bhí an próiseas dréachtaithe fós ar siúl.

Sa Ghréig, tá dréachtú na reachtaíochta chun sásra náisiúnta um scagadh a bhunú críochnaithe ag an Aireacht Gnóthaí Eachtracha.

Nuashonruithe ar shásraí um scagadh IDC a bhí ann cheana

Sa tSeicia, seoladh obair ullmhúcháin chun an sásra ginearálta um scagadh IDC (Acht Uimh. 34/2021) agus an sásra um scagadh earnála faoin Acht Fuinnimh (Acht Uimh. 458/2000) a leasú. Is é is aidhm do leasuithe ar an sásra ginearálta um scagadh IDC scagadh infheistíochta agus imscrúdú ar fhóirdheontais eachtracha a nascadh agus rialacha nua a thabhairt isteach maidir le cumarsáid le hinfheisteoirí coigríche áirithe.

Rinne an Danmhairg leasú ar a sásra um scagadh IDC trí Dhlí Uimh. 674 an 11 Meitheamh 2024, lenar tugadh isteach an fhéidearthacht go ndéanfaí scagadh níos luaithe ar chomhaontuithe airgeadais speisialta a bhaineann le tairiscintí gaoithe amach ón gcósta nó le mórthionscadail fuinnimh phoiblí eile. Tháinig na forálacha nua i bhfeidhm an 1 Iúil 2024.

Sa Fhrainc, tháinig an liosta athbhreithnithe de ghníomhaíochtaí T&F i dteicneolaíochtaí criticiúla a chumhdaítear leis an sásra um scagadh infheistíochta i bhfeidhm in 2024, tar éis gníomh riaracháin a ghlacadh an 28 Nollaig 2023. Tá fótónaic agus tuairisc nua ar fhuinneamh glan ar an liosta athbhreithnithe anois.

San Ungáir, rinneadh dhá shraith de leasuithe ar an reachtaíocht maidir le scagadh IDC, agus bhíothas in ann forálacha áirithe de Threoir (AE) 2022/2555 maidir leis an gcibearshlándáil agus de Threoir (AE) 2022/2557 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Rinne an Liotuáin nuashonrú ar dhá liosta atá ábhartha do ghníomhaíochtaí scagtha IDC: (i) liosta an trealaimh agus na sócmhainní atá tábhachtach don tslándáil náisiúnta i mí Iúil agus i mí Dheireadh Fómhair 2024; agus (ii) liosta na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a measadh a bheith tábhachtach go straitéiseach don tslándáil náisiúnta an 13 Samhain 2024. Leathnaíodh raon feidhme na bhfo-earnálacha chun criptea-airgeadraí agus comharthaí sócmhainn-tagartha a chumhdach.

Ghlac an Ísiltír Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le gaoth amach ón gcósta an 1 Eanáir 2024. Ceadaítear leis an Rialachán scagadh a dhéanamh ar rannpháirtithe i dtairiscintí le haghaidh feirmeacha gaoithe amach ón gcósta agus aistriú rialaithe sula gcuirfear feirm ghaoithe i bhfeidhm.

Sa Pholainn, leis an Rialachán ó Chomhairle na nAirí an 18 Nollaig 2024, leasaíodh liosta na n-eintiteas faoi chosaint (cuideachtaí a bhfuil sócmhainní acu i mbonneagar criticiúil nó atá gníomhach in earnálacha straitéiseacha) agus na n-údarás comhfhreagrach a dhéanann maoirseacht orthu.

Sa Rómáin, le glacadh Reacht Éigeandála Uimh. 152/2024 soiléiríodh an coincheap ‘infheisteoir de chuid an Aontais Eorpaigh’ agus tugadh isteach forálacha nua maidir le spriocdhátaí dlíthiúla. Ina theannta sin, cuireadh Rúnaíocht Choimisiún IDC faoi fho-ordú díreach Uachtarán an Choimisiúin IDC, in ionad Uachtarán an Údaráis Iomaíochta.

Leathnaigh an tSualainn liosta na ‘seirbhísí riachtanacha’ a chumhdaítear leis an Acht um Scagadh IDC (2023:560) chun gníomhaíochtaí nua a chumhdach an 1 Deireadh Fómhair 2024. Is é an leasú is suntasaí gur cuireadh isteach roinnt gníomhaíochtaí atá i dteideal cosanta i ndáil le feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha i réimse na faisnéise agus na cumarsáide.

Sa tSlóvaic, mar thoradh ar ghlacadh Ghníomh Uimh. 367/2024 maidir le bonneagar criticiúil agus maidir le leasuithe agus breiseanna ar ghníomhartha áirithe, rinneadh leasú teoranta maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi ghníomhaíochtaí scagtha IDC.

Sa doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis seo, tá tuilleadh sonraí maidir le forbairtí reachtacha i sásraí náisiúnta um scagadh de chuid na mBallstát. Tá liosta cothrom le dáta de na sásraí náisiúnta um scagadh ar tugadh fógra ina leith ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh 7 .

CAIBIDIL 3 - GNÍOMHAÍOCHTAÍ UM SCAGADH IDC DE CHUID NA mBALLSTÁT

Faoin Rialachán maidir le Scagadh IDC, leagtar amach creat lena bhféadfaidh na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar IDCanna ina gcríoch ar fhorais na slándála agus an oird phoiblí agus bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha. Is é an Ballstát ina ndéantar an infheistíocht, agus an Ballstát sin amháin, atá freagrach as an gcinneadh maidir le scagadh a dhéanamh ar IDC ar leith. Leis an Rialachán, cruthaíodh sásra comhair freisin idir an Coimisiún agus údaráis scagtha na mBallstát chun rioscaí idirbhearta aonair IDC a mheas. Leis an sásra sin, is féidir faisnéis a mhalartú agus cuirtear ar chumas an Choimisiúin agus na mBallstát eile rioscaí féideartha slándála nó oird phoiblí a bhaineann le IDC a chur in iúl do Bhallstáit eile nó do chláir nó tionscadail ar leibhéal an Aontais. Fágann sé sin gur féidir na rioscaí sin a mheasúnú agus a mhaolú. Cé go gcuidíonn an sásra comhair leis an mBallstát ina ndéantar an infheistíocht measúnú agus maolú a dhéanamh ar rioscaí slándála nó oird phoiblí, cinneann an Ballstát sin cé na hinfheistíochtaí a ndéanfar scagadh, formheas, coinníoll nó blocáil ina leith.

Soláthraítear sa chaibidil seo faisnéis chomhiomlánaithe maidir le gníomhaíochtaí náisiúnta scagtha arna ndéanamh in 2024 bunaithe ar thuarascálacha bliantúla na mBallstát chuig an gCoimisiún faoi Airteagal 5 den Rialachán. Ar an iomlán, láimhseáil na Ballstáit a bhfuil sásraí náisiúnta um scagadh i bhfeidhm acu 3 136 iarraidh ar údarú agus cásanna arna dtionscnamh ag na húdaráis féin (cásanna ex officio) 8 , suas ó 1 808 in 2023 agus 1 444 in 2022. Scagadh 41 % díobh sin go foirmiúil agus measadh go raibh thart ar 59 % díobh neamh-incháilithe nó nach raibh scagadh foirmiúil ag teastáil ina leith (Fíor 5) 9 .

Fíor 5 - Gníomhaíochtaí um Scagadh IDC de chuid na mBallstát

 Foinse: Tuairisciú ó na Ballstáit.

As na IDCanna a ndearnadh scagadh foirmiúil orthu in 2024, agus ar thuairiscigh na Ballstáit cinneadh ina leith, údaraíodh formhór mór díobh (86 %) gan choinníollacha (Fíor 6). Ciallaíonn sé sin gur ceadaíodh an infheistíocht gan aon ghníomhaíocht bhreise a bheith ag teastáil ón infheisteoir. I gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, d’údaraigh na Ballstáit céatadán beagán níos airde de IDCanna a ndearnadh scagadh foirmiúil orthu gan choinníollacha (85 % a bhí san fhigiúr sin in 2023).

San am céanna, bhí formheas le coinníollacha nó le bearta maolaitheacha i gceist le 9 % de na cinntí, ráta atá beagnach níos ísle ná an 10 % a bhí ann in 2023. Sna cásanna sin, rinne na húdaráis náisiúnta um scagadh IDC gníomhaíochtaí, ráthaíochtaí agus gealltanais áirithe a chaibidliú leis na hinfheisteoirí sula ndearna siad an IDC a fhormheas.

Ar deireadh, chuir na húdaráis náisiúnta bac ar infheistíochtaí i thart ar 1 % de na cásanna uile le cinneadh (mar a bhí sna blianta roimhe sin). Ar deireadh, tharraing na páirtithe 4 % de na comhduithe siar sula ndearnadh cinneadh foirmiúil.

Fíor 6 – Cinntí faoinar tugadh fógra maidir le cásanna IDC

Foinse: Tuairisciú na mBallstát don Choimisiún.

Conclúidí maidir le gníomhaíochtaí um scagadh IDC de chuid na mBallstát

§Is é a bhí i gcion na IDCanna a ndearnadh scagadh foirmiúil orthu 41 % de na hiarrataí uile ar údarú a chuir infheisteoirí/páirtithe an idirbhirt faoi bhráid na n-údarás náisiúnta um scagadh IDC agus a scrúdaigh na húdaráis náisiúnta ar a dtionscnamh féin. Tá tionchar mór ag an tSualainn ar an bhforbairt sin, os rud é gur thuairiscigh sí líon an-ard cásanna IDC don bhliain tuairiscithe.

§I gcás fhormhór na IDCanna, údaraíodh iad gan aon choinníoll (86 %), ráta atá beagán níos ísle ná mar a bhí in 2023 (85 %). Léiríonn sé sin nach bhfuil timpeallacht infheistíochta níos sriantaí ann mar thoradh ar scagadh IDC i mBallstáit an Aontais, ach cruthaítear feasacht níos fearr i measc na mBallstát agus an Choimisiúin ar IDC maidir rioscaí slándála nó oird phoiblí a aithint.

§A mhéid a bhaineann le húdaruithe a bhfuil coinníollacha ag gabháil leo, tá sciar na gcásanna inar forchuireadh bearta maolaitheacha (9 %) beagán níos ísle ná mar a bhí in 2023 (10 %).

§Bhí thart ar 1 % i gceist fós le sciar na IDCanna ar chuir na Ballstáit bac orthu, rud atá ag teacht leis an meán a bhí ann le blianta beaga anuas.

§Ar an iomlán, leis na huimhreacha sin, léirítear treocht chobhsaí, lena ndeimhnítear go bhfuil an tAontas fós oscailte don infheistíocht choigríche agus nach gcuireann na Ballstáit bac ach ar na IDCanna sin ar bagairt an-tromchúiseach iad ar an tslándáil agus ar an ord poiblí.

CAIBIDIL 4 – SÁSRA COMHAIR AN AONTAIS UM SCAGADH IDC

1.Fógraí faoin Rialachán maidir le Scagadh IDC

1.1 Forbhreathnú ar an ngníomhaíocht in 2024

In 2024, chuir 21 Bhallstát 477 bhfógra isteach ar an iomlán, de bhun Airteagal 6 den Rialachán maidir le Scagadh IDC, i gcomparáid le 488 bhfógra arna gcur isteach ag 18 mBallstát in 2023 10 . Bhí ceithre Bhallstát (an Spáinn, an Ostair, an Iodáil, an Fhrainc) freagrach as 76 % de na fógraí agus bhí seacht mBallstát (an Spáinn, an Ostair, an Iodáil, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ísiltír agus an Liotuáin) freagrach as 84 % de na fógraí sin 11 . Bhí éagsúlacht mhór sna hidirbhearta ar tugadh fógra ina leith, lena n-áirítear ó thaobh raon na n-earnálacha, luach an idirbhirt agus áit tionscnaimh na n-infheisteoirí deiridh de, i measc paraiméadar eile.

                 Foinse: Tuairisciú ó na Ballstáit.

Léirítear sa léarscáil thuas líon na IDCanna ar thug na Ballstáit fógra ina leith do na Ballstáit eile agus don Choimisiún faoi chuimsiú shásra comhair an Aontais maidir le scagadh IDC. In 2024, as na 21 Bhallstát a bhfuil sásra náisiúnta um scagadh i bhfeidhm acu, chuir 7 mBallstát níos mó ná 10 bhfógra isteach, chuir 6 Bhallstát idir 6-10 bhfógra isteach, agus chuir 8 mBallstát níos lú ná 5 fhógra isteach.

I gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, in 2024, tháinig laghdú 2 % ar an líon fógraí ó 488 go 477. Seachas an laghdú beag sin, tá méadú leanúnach tagtha ar líon na bhfógraí in aghaidh na bliana. Bhí 414 fhógra ann in 2021, 421 in 2022 agus 488 in 2023, agus mhéadaigh líon na mBallstát a thug fógra faoi IDCanna ó 13 in 2021 go 21 in 2024.

1.2Príomhearnálacha 12  na IDCanna ar tugadh fógra don sásra comhair ina leith

Ba iad na cúig earnáil ina raibh an líon ab airde idirbheart in 2023 monaraíocht 13 (25 % de na hidirbhearta uile) TFC 14 (22 %), mórdhíol agus miondíol 15 (14 %), seirbhísí airgeadais 16 (10 %) agus gníomhaíochtaí gairmiúla 17 (9 %). Tá sé sin an-chosúil leis an mbliain seo caite, nuair a bhí na cúig earnáil chéanna in uachtar san ord céanna. Bhí tábhacht níos airde fós ag baint le fógraí a bhaineann le gníomhaíochtaí monaraíochta i gcomparáid le 2023, nuair a bhí sciar 23 % i gceist leo. Ar deireadh, bhí fógraí a bhain leis an earnáil fuinnimh agus iompair faoi seach i gceist le 6 % agus 5 % de mhéid iomlán na bhfógraí in 2024, agus in earnálacha eile 18 bhí 9 % i gceist leo.

Fíor 7 – Miondealú ar na fógraí uile in 2024 de réir earnála

Foinse: Fógraí ó na Ballstáit.

1.3Luach iomlán IDC ar tugadh fógra don sásra comhair ina leith

Maidir le luach na n-idirbheart, bhí luach 19 níos lú ná EUR 500 milliún ag 58 % de na IDCanna ar tugadh fógra ina leith, luach a d’ardaigh 5 phointe céatadáin ó 53 % in 2023. Bhí luach EUR 500 milliún agus níos mó i gceist le 30 % de na hidirbhearta (29 % a bhí ann in 2023).

Fíor 8 – Luach ar leith in aghaidh idirbheart IDC ar tugadh fógra ina leith in 2024 20

Foinse: Fógraí ó na Ballstáit.

1.4Nósanna imeachta agus luas maidir le cásanna IDC a dhúnadh

I gcomhréir leis an Rialachán maidir le Scagadh IDC, déanann an Coimisiún measúnú ar idirbhearta IDC ar thug na Ballstáit fógra ina leith in dhá chéim. Déantar réamh-mheasúnú ar gach idirbheart ar tugadh fógra ina leith (‘Céim 1’), agus ní théann ach líon teoranta ar aghaidh go Céim 2.

Measúnú níos mionsonraithe ar chásanna atá i gceist le Céim 2, cásanna a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an tslándáil nó ar an ord poiblí i níos mó ná aon Bhallstát amháin, nó a d’fhéadfadh rioscaí a chruthú do thionscadail nó do chláir atá chun leasa an Aontais. Is féidir na cásanna i gCéim 2 a thabhairt i gcrích le tuairim ón gCoimisiún, mar a fhoráiltear sa Rialachán maidir le Scagadh IDC. Mar sin féin, coinnítear na tuairimí sin faoi rún de bhun Airteagal 10 den Rialachán. Féadfar an méid seo a leanas a dhéanamh sa tuairim: (i) a chur in iúl go measann an Coimisiún gur dócha go ndéanfaidh IDC difear diúltach don tslándáil nó don ord poiblí i níos mó ná Ballstát amháin nó do thionscadal nó clár atá chun leasa an Aontais, (ii) bearta iomchuí a mholadh lena mbreithniú, nó (iii) faisnéis ábhartha a roinnt maidir leis an IDC ar a bhfuil scagadh á dhéanamh chun bonn eolais a chur faoi mheasúnú agus faoi chinneadh críochnaitheach an Bhallstáit a thug an fógra.

In 2024, dhún an Coimisiún 92 % de na 477 gcás i gCéim 1, i.e. laistigh de 15 lá féilire tar éis do na Ballstáit a rinne an scagadh fógra a thabhairt (an sciar céanna mar a bhí ann in 2023). Chuaigh an 8 % eile d’idirbhearta ar aghaidh go Céim 2 agus iarradh faisnéis bhreise ar an mBallstát a thug an fógra 21 . In 2024, tháinig níos mó ná 66 % de chásanna i gCéim 2 ó chúig Bhallstát, laghdú i gcomparáid le 2023, nuair a tháinig 60 % de chásanna i gCéim 2 ó na cúig Bhallstát is mó a thug fógra don Choimisiún faoi chásanna a lean go dtí Céim 2. Mar a tharla in 2023, d’eisigh an Coimisiún tuairim i gcás níos lú ná 2 % de na hidirbhearta ar tugadh fógra ina leith.

Fíor 9 – Cásanna a dúnadh i gCéim 1 agus i gCéim 2

Foinse: Fógraí ó na Ballstáit.

Agus tús á chur aige le Céim 2, lorgaíonn an Coimisiún tuilleadh faisnéise ón mBallstát a thug an fógra, ag brath ar an idirbheart agus ar shonraí na faisnéise a cuireadh isteach leis an bhfógra 22 . Is minic a áirítear san fhaisnéis sin ceisteanna faoi rúin agus plean gnó an infheisteora maidir leis an sprioc-chuideachta nó custaiméirí na sprioc-chuideachta in earnálacha íogaire. Iarrtar an fhaisnéis sin chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar chriticiúlacht na sprioc-chuideachta agus chun measúnú a dhéanamh ar na mbagairtí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an infheisteoir choigríche.

In 2024, ghlac na Ballstáit páirt sa sásra comhair inter alia trí cheisteanna a chur in thart ar 10 % de na cásanna agus trí bharúlacha a eisiúint le haghaidh idirbhearta IDC a tharla i mBallstáit eile. 3 % a bhí i sciar na gcásanna ar eisigh na Ballstáit barúlacha ina leith, ráta a bhí go mór faoi bhun sciar 2023, 6 % 23 . Níor tháinig aon athrú ar sciar na mBallstát a d’eisigh barúlacha chuig Ballstáit eile, thart ar aon trian a bhí sa ráta sin 24 .

1.5Príomhearnálacha IDC atá faoi réir mheasúnú riosca mionsonraithe an Choimisiúin maidir leis an tslándáil nó an t-ord poiblí

Ba í an mhonaraíocht an phríomhearnáil le haghaidh chásanna Chéim 2, a raibh 50 % de na hidirbhearta uile i gceist léi, ráta a bhí i bhfad os cionn an sciar 39 % in 2023 (Fíor 10). Ba é TFC an dara hearnáil ba mhó, a raibh beagnach an cúigiú cuid de chásanna Chéim 2 uile i gceist léi (24 % in 2023). Rangaíodh cásanna Chéim 2 maidir le gníomhaíochtaí airgeadais sa tríú háit le sciar 8 %, mar an gcéanna leis an mbliain seo caite.

Fíor 10 - Na príomhearnálacha ar díríodh orthu faoi Chéim 2 i gcásanna 2024

Foinse: Fógraí ó na Ballstáit.

I bhfianaise thábhacht na hearnála monaraíochta, tugtar forléargas i bhFíor 11 ar na tosca 25 a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar chriticiúlacht idirbhearta na hearnála monaraíochta i ndáil leis an tslándáil agus leis an ord poiblí. Ba é an toisc is minice a úsáideadh nuair a bhain an t-idirbheart le hinfheistíocht choigríche i dteicneolaíochtaí criticiúla, bhí an toisc sin i gceist le 49 % den iomlán in 2024 (51 % in 2023). Bhain an dara toisc is mó, a raibh sciar 26 % i gceist leis (34 % in 2023), le IDCanna i mbonneagar criticiúil, agus ina dhiaidh sin bhí soláthar na n-ionchur criticiúil i gceist le 20 % (13 % in 2023). Ar deireadh, ní raibh rochtain ar fhaisnéis íogair (lena n-áirítear sonraí pearsanta) i gceist ach i gcás 5 % den iomlán, ardú 3 phointe céatadáin ó 2 % in 2023.

Fíor 11 – Tosca as a dtagann cásanna Chéim 2 sa mhonaraíocht

Foinse: Fógraí ó na Ballstáit

Má bhreathnaítear ar na fógraí a bhaineann le teicneolaíochtaí criticiúla atá faoi réir Chéim 2 (Fíor 12) ar bhealach níos mionsonraithe, is léir go raibh gníomhaíochtaí a raibh baint acu le cosaint i gceist le 37 % de na cásanna sin, ardú 11 phointe céatadáin ó 26 % in 2023, agus ina dhiaidh sin bhí leathsheoltóirí i gceist le 21 % agus aeraspás i gceist le 16 % díobh. I gcomparáid le 2023, tá athrú tagtha ar rangú an dá theicneolaíocht dheireanacha sin, toisc gur leathsheoltóirí a bhí i gceist le 17 % agus aeraspás a bhí i gceist le 22 % an bhliain sin. Bhí na teicneolaíochtaí criticiúla eile, lena n-áirítear an intleacht shaorga agus an róbataic, i gceist le 26 % den iomlán.

Fíor 12 – Cineálacha teicneolaíochtaí criticiúla i gcásanna Chéim 2

Foinse: Fógraí ó na Ballstáit

1.6Áiteanna tionscnaimh na n-infheisteoirí IDC ar tugadh fógra ina leith don sásra comhair

As na 477 gcás ar tugadh fógra ina leith in 2024, ba iad Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Ríocht Aontaithe, an tSín (lena n-áirítear Hong Cong), Ceanada agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha na 6 phríomhdhlínse tionscnaimh. I gcomparáid le 2023, tháinig méadú 7 bpointe céatadáin ar an sciar IDC ó infheisteoirí de chuid na Stát Aontaithe ó 33 % in 2023 go 40 % de na hidirbhearta uile in 2024. Ar an lámh eile, tháinig laghdú beag ar sciar na n-infheisteoirí ón Ríocht Aontaithe ó 12 % in 2023 go 11 % in 2024. Forbairt mhór eile ab ea an méadú ar idirbhearta ón tSín, ar tháinig méadú 50 % ar a sciar ó 6 % in 2023 go 9 % in 2024. Bhí IDCanna ón tSeapáin sa cheathrú háit in 2024 ó thaobh líon iomlán na n-idirbheart de agus is é 4 % an sciar a bhí acu(ráta a bhí mar an gcéanna le 2023). Ar deireadh, bhí sciar 3 % i gceist le IDC ó infheisteoirí i gCeanada agus in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha araon (laghdú ó 5 % agus 6 % in 2023, faoi seach).

Tháinig 30 % 26 de na cásanna ar tugadh fógra ina leith ó thíortha seachas na sé cinn is mó i gcomparáid le 2023, nuair a bhí 33 % i gceist leis an sciar sin. Léiríonn an méid sin go bhfuil méadú beag tagtha ar chomhchruinniú na n-infheistíochtaí ó na tíortha tionscnaimh is mó. In 2023, is ó na sé infheisteoir is mó a tháinig 66 % de na cásanna ar tugadh fógra ina leith, i gcomparáid le 70 % in 2024.

Fíor 13 – Tíortha tionscnaimh na n-infheisteoirí deiridh i gcásanna 2024

Foinse: Fógraí ó na Ballstáit.

1.7Fógraí ildlínse don sásra comhair agus na príomhearnálacha a bhaineann leo

As na cásanna uile ar tugadh fógra ina leith in 2024, bhain 19 % de na fógraí le hidirbhearta a bhfuil scagadh á dhéanamh orthu i roinnt Ballstát (i gcomparáid le 29 % sa chéad tuarascáil bhliantúil, 28 % sa dara tuarascáil bhliantúil, 20 % sa tríú tuarascáil bhliantúil agus 36 % sa cheathrú tuarascáil bhliantúil) 27 . Ba iad seo a leanas na príomhearnálacha a raibh baint acu leis na fógraí sin: (i) monaraíocht, ag a raibh sciar 26 % (23 % in 2023); (ii) TFC, ag a raibh sciar 20 % (21 % in 2023); (iii) mórdhíol agus miondíol, ag a raibh sciar 14 % (19 % in 2023); (iv) gníomhaíochtaí gairmiúla, ag a raibh sciar 7 % (13 % in 2023); agus (v) fuinneamh, ag a raibh sciar 6 % (5 % in 2023) (Tábla 1). Bhí foirgníocht agus sláinte i gceist le 6 % de na hidirbhearta ildlínse. Ar deireadh, bhí earnálacha eile, lena n-áirítear iompar agus uisce, i gceist le 7 % de líon iomlán na gcásanna ildlínse.

Tábla 1 — Príomhearnálacha IDCanna ildlínse

Monaraíocht

26 %

TFC

20 %

Mórdhíol agus miondíol

14 %

Gníomhaíochtaí airgeadais

10 %

Gníomhaíochtaí gairmiúla

7 %

Tógáil

6 %

Fuinneamh

6 %

Sláinte

6 %

Eile

7 %

Foinse: Fógraí ó na Ballstáit

1.8Cásanna nár tugadh fógra ina leith

Leis an Rialachán maidir le Scagadh IDC, cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis a mhalartú maidir le IDCanna nár tugadh fógra ina leith do shásra comhair an Aontais agus i gcás ina sainaithneoidh na Ballstáit eile nó an Coimisiún rioscaí slándála nó rioscaí oird phoiblí, féadfar barúlacha nó tuairim a chur ar fáil. In 2024, bhain an Coimisiún úsáid theoranta as an nós imeachta sin chun idirbhearta nach bhfuil scagadh á dhéanamh orthu a fhiosrú.

Conclúidí maidir le sásra comhair an Aontais um scagadh IDC

§Ar an gcéad dul síos, lean scagadh IDC de bheith ina uirlis fhíor-riachtanach chun rannchuidiú le slándáil chomhchoiteann an Aontais in aghaidh idirbhearta ó thríú tíortha a bhféadfadh riosca a bheith ag baint leo.

§Ar an dara dul síos, tá sásra comhair an Aontais um scagadh IDC fós an-ábhartha. Is léir an méid sin ón líon fógraí, a d’fhan ar an leibhéal céanna agus a bhí in 2023 (477 bhfógra in 2024 i gcomparáid le 488 bhfógra in 2023). Bíodh sin mar atá, tháinig 84 % de na fógraí uile ó sheacht mBallstát: An Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, an Liotuáin, an Ostair agus an Spáinn. Cé go bhfuil sásraí um scagadh curtha i bhfeidhm ag 24 Bhallstát anois, thug 21 Bhallstát fógra faoi idirbhearta (suas ó 13 Bhallstát in 2021). Léiríonn an treocht aníos go bhfuiltear ag dul i dtaithí ar an sásra comhair. Ina theannta sin, bhí deis ag na Ballstáit plé a dhéanamh ar an leibhéal teicniúil ag Cruinnithe an tSainghrúpa maidir le scagadh IDC agus ag an ‘Acadamh Scagthóirí’ bliantúil, arna óstáil ag údarás scagtha IDC na Rómáine in 2024.

§Ar an tríú dul síos, i gcomhthéacs thiomantas láidir an Aontais do thimpeallacht oscailte infheistíochta, tá sásra comhair an Aontais fós ag feidhmiú mar uirlis theoranta spriocdhírithe le haghaidh cásanna eisceachtúla inar dócha go mbeidh drochthionchar ag IDC ar an tslándáil nó ar an ord poiblí. As na 477 gcás ar tugadh fógra ina leith in 2024, dúnadh formhór mór na gcásanna (92 %) i gCéim 1, i.e. laistigh de 15 lá féilire tar éis do na Ballstáit a bhfuil scagadh á dhéanamh acu fógra a thabhairt ina leith, agus ní dhearna an Coimisiún measúnú riosca slándála mionsonraithe ach ar 8 % de na cásanna. I gcomparáid le 2023, níor tháinig aon athrú ar an gcion sin. Mar a tharla in 2023, d’eisigh an Coimisiún tuairim i gcás níos lú ná 2 % de na cásanna in 2024.

§Ar an gceathrú dul síos, tá méadú tagtha fiú ar ról ceannasach na monaraíochta le haghaidh chásanna Chéim 2, ó 39 % in 2023 go 50 % in 2024. Ag féachaint ar na tosca a bhí taobh thiar den ghá atá le grinnmheasúnuithe riosca slándála Chéim 2, léirítear gurbh é ábharthacht na sprice le haghaidh ‘teicneolaíochtaí criticiúla’ an toisc a spreag tuilleadh measúnaithe in 49 % de na cásanna (51 % in 2023). Léirítear sna fógraí a bhaineann le teicneolaíochtaí criticiúla atá faoi réir Chéim 2 go bhfuil tábhacht níos mó ag baint le gníomhaíochtaí a bhaineann le cosaint, a raibh 37 % den iomlán i gceist leo i gcomparáid le 26 % in 2023. Thairis sin, i gcomparáid le 2023, tháinig leathsheoltóirí in áit na hearnála aeraspáis agus rangaíodh iad sa dara háit ag 21 %, agus an t-aeraspás ina dhiaidh sin ag 16 %.

§Ar deireadh, lean formhór na n-infheisteoirí de bheith ag teacht ón dá dhlínse tionscnaimh is mó céanna: tháinig 51 % den infheistíocht ar fad ar tugadh fógra ina leith do shásra comhair an Aontais ó na Stáit Aontaithe agus ón Ríocht Aontaithe. Mar sin féin, tháinig méadú mór ar sciar infheisteoirí na Stát Aontaithe ó 33 % in 2023 go 40 % in 2024. Os a choinne sin, tháinig laghdú beag ar sciar infheisteoirí na Ríochta Aontaithe ó 12 % in 2023 go 11 % in 2024. Baineann forbairt shuntasach eile le hinfheisteoirí Síneacha (lena n-áirítear Hong Cong) ar tháinig méadú 50 % ar a sciar, ó 6 % in 2023 go 9 % in 2024. Idir an dá linn, bhí sciar níos lú de na hidirbhearta iomlána ag infheisteoirí ó Cheanada agus ó Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, a raibh sciar 3 % acu, laghdú ó 5 % agus 6 % in 2023, faoi seach.

2.An dul chun cinn is déanaí i scagadh IDC agus ag féachaint romhainn: an t-athbhreithniú beartaithe ar an Rialachán maidir le Scagadh IDC

Mar chuid de Straitéis Slándála Eacnamaíche na hEorpa 28 , chuir an Coimisiún Eorpach togra reachtach i láthair an 24 Eanáir 2024 chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Scagadh IDC 29 . Cuireann an togra leis an taithí a fuarthas le breis agus 1 200 cás IDC, staidéar ECFE, grinnmheastóireacht ón gCoimisiún, agus tuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Féachann an togra le dul i ngleic le príomheasnaimh an chreata reatha, lena n-áirítear easpa sásraí um scagadh i ngach Ballstát, ilroinnt rialála agus easpa cur chuige caighdeánaithe i leith na n-idirbheart nach mór do na Ballstáit uile a scagadh. Tá sé d’aidhm aige na nithe seo a leanas a bhaint amach:

§a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit uile sásraí um scagadh i bhfeidhm;

§raon feidhme íosta comhchoiteann agus comhchuibhiú íosta ar shásraí náisiúnta a thabhairt isteach;

§infheisteoirí atá bunaithe san Aontas atá faoi rialú deiridh ag eintitis neamh-AE a thabhairt faoi raon feidhme an scagtha;

§comhar a neartú agus cuntasacht idir na Ballstáit agus an Coimisiún a fheabhsú.

3.Athbhreithniú Infheistíochta Amach – glacadh Mholadh (AE) 2025/63 ón gCoimisiún

An 15 Eanáir 2025, ghlac an Coimisiún moladh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar infheistíochtaí amach an Aontais. Is é is aidhm don tionscnamh slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú, roghanna beartais amach anseo a threorú agus cur le timpeallacht infheistíochta oscailte an Aontais.

Tá feidhm ag an Moladh maidir le trí réimse teicneolaíochta lena ngabhann tábhacht straitéiseach a mheastar a bhfuil ardriosca féideartha ag baint leo (leathsheoltóirí, an intleacht shaorga agus teicneolaíochtaí candamacha) agus iarrtar ar na Ballstáit ann measúnú a dhéanamh ar na rioscaí don tslándáil eacnamaíoch a d’fhéadfadh eascairt as idirbhearta infheistíocht amach an Aontais. Go sonrach, ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

§Athbhreithniú a dhéanamh ar infheistíochtaí amach, san am a chuaigh thart agus atá ar siúl faoi láthair, de chuid cuideachtaí atá bunaithe ina gcríocha faoi seach sna trí réimse teicneolaíochta.

§Faisnéis a bhailiú agus measúnú a dhéanamh, in éineacht leis an gCoimisiún, ar aon rioscaí agus ábhair imní slándála a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hinfheistíochtaí amach, agus freagairtí beartais iomchuí a mheas ag deireadh na tréimhse athbhreithnithe 15 mhí atá beartaithe. D’fhéadfadh na rioscaí sin a bheith mar thoradh ar sceitheadh teicneolaíochta nó feasa gnó mar chuid d’infheistíocht amach, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an teicneolaíocht a úsáid chun críoch míleata nó faisnéise in aghaidh an Aontais nó a Bhallstát, nó chun an bonn a bhaint den tsíocháin agus den tslándáil idirnáisiúnta.

§Dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha agus oibriú leo, lena n-áirítear gnólachtaí, an saol acadúil agus an tsochaí shibhialta, chun léargas iomlán a fháil ar an timpeallacht infheistíochta agus ar na rioscaí slándála a d’fhéadfadh a bheith ann.

Tá an Moladh bunaithe ar phlé leis na Ballstáit i nGrúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir le hInfheistíocht Amach, a bunaíodh i mí Iúil 2023, agus ar an gcomhairliúchán poiblí a rinneadh tar éis an Pháipéir Bháin maidir le hInfheistíocht Amach a foilsíodh i mí Eanáir 2024.

Obair leantach agus na chéad chéimeanna eile

Bhí ar na Ballstáit Pointe Teagmhála Aonair a ainmniú faoin 15 Márta 2025. Tráth a ullmhaíodh an tuarascáil seo, bhí fógra tugtha ag 25 Bhallstát don Choimisiún faoi na húdaráis le haghaidh Athbhreithniú ar Infheistíocht Amach.

Iarrtar ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh freisin: (i) tuarascáil ar dhul chun cinn a chur ar fáil faoin 15 Iúil 2025, agus (ii) tuarascáil chuimsitheach a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm an Mholta seo agus aon riosca a shainaithnítear faoin 30 Meitheamh 2026.

(1)

Is féidir idirbhearta infheistíochta dírí coigríche a mhiondealú ina n-infheistíochtaí úrnua agus ina gcumaisc agus éadálacha. Is iondúil go mbíonn cruthú cuideachta nua nó bunú saoráidí thar lear i gceist le hinfheistíochtaí úrnua idirnáisiúnta, agus is éard atá i gceist le cumasc nó éadáil idirnáisiúnta úinéireacht sócmhainní atá ann cheana a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch a aistriú chuig úinéir thar lear. Cuirtear cumaisc agus éadálacha san áireamh má thugtar le tuiscint leo go bhfaightear bunanna cothromais os cionn 10 % de chaipiteal gnólachta AE27.

(2)

Tosaíodh an ceathrú bliain de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine i mí Feabhra 2025. Bhí teannas geopholaitiúil breise, amhail leathnú agus doimhniú na coinbhleachta sa Mheánoirthear nó an bhagairt go gcuirfí leis an teannas trádála domhanda atá ag dul in olcas, ina bhfoinsí riosca freisin le linn 2024.

(3)

Is iad seo a leanas na príomhionaid airgeadais eischósta de réir líon na n-idirbheart in 2024 (in ord aibítre): Beirmiúda, Lichtinstéin, Monacó, Oileáin Bhriotanacha na Maighdean, Oileáin Cayman. Le haghaidh liosta iomlán na n-ionad airgeadais eischósta, féach e.g. Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, ‘Following up on the Commission Communication ‘Welcoming Foreign Direct Investment while Protecting Essential Interests’’ [Obair Leantach ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le fáilte a chur roimh infheistíocht dhíreach choigríche agus leasanna fíor-riachtanacha á gcosaint san am céanna] – SWD(2019) 108 final – 13 Márta 2019.

(4)

Tagraíonn na catagóirí a úsáidtear do Struchtúr Leathan NACE Ath. 2, féach: https://ec.europa.eu/eurostat/web/nace-rev2 .

(5)

Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin maidir le scagadh IDC a ghabhann leis seo.

(6)

 Faoin 16 Meitheamh 2025, níor glacadh na rialacháin cur chun feidhme ábhartha le haghaidh shásra na Bulgáire um scagadh go fóill.

(7)

Liosta na sásraí um scagadh ar thug na Ballstáit fógra ina leith (nuashonrú deireanach: an 8 Eanáir 2025):

  https://circabc.europa.eu/rest/download/7e72cdb4-65d4-4eb1-910b-bed119c45d47 .

(8)

     Tá nósanna imeachta éagsúla ag na Ballstáit maidir le scagadh atá éagsúil ó thaobh raon feidhme, céimeanna próisis, seiceálacha incháilitheachta ex anteex post, amlínte le haghaidh scagadh etc., rud a léirítear i dtuairisciú na gcásanna. Mar shampla, dearbhaíonn roinnt Ballstát nach bhfuil infheistíochtaí incháilithe sula gcuirtear faoi nós imeachta foirmiúil um scagadh iad, ach déanann roinnt eile cásanna a scagadh go foirmiúil ar dtús agus dearbhaíonn siad ansin nach bhfuil siad incháilithe. Dá bhrí sin, is é is aidhm do na graif agus na huimhreacha a thuairiscítear sa chaibidil seo meániompraíocht ghníomhaíochtaí scagtha na mBallstát le linn na bliana tuairiscithe a léiriú agus tá siad bunaithe ar shonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit.

(9)

     Tabhair faoi deara go bhfuil tionchar mór ag an tSualainn ar na sonraí tuairiscithe os rud é gur thuairiscigh sí líon an-ard cásanna sa chéad bhliain iomlán dá sásra um scagadh IDC, líon a bhí i bhfad níos airde ná líon bliantúil na gcásanna arna dtuairisciú ag aon Bhallstát eile. Dá n-eisiafaí an tSualainn ón ríomh, 67 % a bheadh i sciar na gcásanna a ndearnadh scagadh foirmiúil orthu agus 33 % a bheadh i sciar na gcásanna nár ghá scagadh foirmiúil a dhéanamh orthu.

(10)

 Féach  https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=COM(2024)464&lang=ga .

(11)

 In 2023, 69 % agus 85 % faoi seach a bhí i gceist leis an sciar sin.

(12)

 De réir an ghnáthchur chuige, roghnaíodh príomhearnáil na gníomhaíochta mar an príomhtháscaire. Tá an méid sin ag teacht freisin leis an bhfaisnéis atá sna cairteacha earnála uile sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil bhliantúil seo.

(13)

Cuimsíonn monaraíocht gníomhaíochtaí cuideachtaí a bhfuil baint acu le tiontú ábhar ina dtáirgí nua (mar shampla, monarú trealaimh agus mótar leictreach, innealra agus trealamh tionsclaíoch, airm agus armlón, agus cógaisíocht).

(14)

Seasann TFC do theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. Cuimsíonn sé gníomhaíochtaí cuideachtaí a sholáthraíonn bonneagair agus uirlisí riachtanacha chun eolas a chruthú, a chomhroinnt agus a scaipeadh (mar shampla, ríomhchlárú, foilsiú bogearraí, próiseáil agus óstáil sonraí, gníomhaíochtaí teileachumarsáide gan sreang).

(15)

 Áirítear ar mhórdhíol agus miondíol gníomhaíochtaí mórdhíola agus miondíola a bhaineann le hearraí cógaisíochta, táirgí ceimiceacha, trealamh agus soláthairtí leictreonacha agus teileachumarsáide, ríomhairí, trealamh forimeallach agus bogearraí ríomhaireachta, miotail agus mianta miotail.

(16)

Cuimsíonn gníomhaíochtaí airgeadais gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag sealúchais, cistí nó gníomhaithe comhchosúla san earnáil airgeadais arb é is aidhm dóibh bun sonrach (cothromais) nó rialú sonrach a fháil i sprioc-chuideachta (mar shampla, gníomhaíochtaí bainistíochta cistí, gníomhaíochtaí cuideachtaí sealbhaíochta, seirbhísí airgeadais agus gníomhaíochtaí árachais).

(17)

Áirítear ar ghníomhaíochtaí gairmiúla gníomhaíochtaí a dhéanann gnólachtaí dlí agus cuntasaíochta, chomh maith le gníomhaíochtaí comhairliúcháin agus innealtóireachta (mar shampla, gníomhaíochtaí ceannoifigí, taighde margaidh agus pobalbhreitheanna, comhairleacht, agus taighde agus forbairt thurgnamhach sa bhith-theicneolaíocht).

(18)

Cuimsíonn an chatagóir ‘eile’ gach earnáil eile faoi bhun 5 %, go háirithe gníomhaíochtaí tógála, sláinte agus riaracháin.

(19)

     Baineann an luach, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, le luach iomlán an idirbhirt a raibh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith ina chuid de.

(20)

Áirítear le ‘níl siad ar fáil/neamhnochta’ bána, nach bhfuil ar fáil/nár nochtadh agus nach bhfuil infheidhme (mar shampla, toisc gur bhain idirbheart le hathstruchtúrú nó nár soláthraíodh aon infheistíocht).

(21)

I gcásanna den sórt sin, is é an sprioc-am chun barúlacha a thabhairt nó tuairim a eisiúint 20 lá féilire tar éis an fhaisnéis a iarradh a fháil ón mBallstát a thug fógra.

(22)

Foirm an fhógra: iarrataí ar fhaisnéis ó infheisteoir chun críoch fógraí a thabhairt faoi Airteagal 6 den Rialachán, áirithíonn siad go soláthraítear méid áirithe aonfhoirmeachta agus íosleibhéal faisnéise faoin idirbheart, faoin infheisteoir agus faoin sprioc-chuideachta i bhfógraí a thugtar faoin Rialachán. Tá an fhoirm le fáil ag https://policy.trade.ec.europa.eu/enforcement-and-protection/investment-screening_ga.

(23)

Tabhair faoi deara gur féidir le tíortha éagsúla barúil a eisiúint maidir leis an idirbheart céanna.

(24)

I bhformhór na gcásanna inar chuir na Ballstáit ceisteanna, mhaolaigh an freagra a fuair siad na hábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ann, agus mar sin níor eisíodh aon bharúil.

(25)

Leagtar amach na tosca sin in Airteagal 4 den Rialachán maidir le Scagadh IDC. Is féidir níos mó ná toisc amháin a úsáid le haghaidh idirbheart amháin chun measúnú a dhéanamh ar chriticiúlacht IDC ar leith don tslándáil agus don ord poiblí.

(26)

Bhí Geirsí, an India, Singeapór agus an Eilvéis i measc na dtíortha agus na ndlínsí a raibh sciar neamhdhiomaibhseach acu, a raibh sciar 2 % faoi seach acu. Bhí IDC ón Rúis i gceist le 1 % d’iomlán na n-infheistíochtaí ar tugadh fógra ina leith don sásra comhair in 2024.

(27)

Sa chomhthéacs sin, ciallaíonn ‘idirbhearta ildlínse IDC’ idirbhearta IDC inar grúpa corparáideach é an sprioc-chuideachta a bhfuil láithreacht aige i níos mó ná Ballstát amháin (agus, b’fhéidir, i dtríú tíortha freisin), mar shampla, trí mheán fochuideachtaí i níos mó ná Ballstát amháin. Féadfaidh níos mó ná Ballstát amháin fógra a thabhairt faoi mhargaí den sórt sin má thagann an t-idirbheart faoi raon feidhme a sásra um scagadh agus má thionscnaíonn siad scagadh foirmiúil air.

(28)

  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=celex:52023JC0020 .

(29)

  https://circabc.europa.eu/ui/group/aac710a0-4eb3-493e-a12a-e988b442a72a/library/f5091d46-475f-45d0-9813-7d2a7537bc1f/details?download=true .