An Bhruiséil,2.10.2025

COM(2025) 587 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

maidir leis an gcéad mheastóireacht eatramhach ar an nGníomhaíocht Príomhchathacha Cultúir na hEorpa 2020-2033

{SWD(2025) 284 final}


1.Réamhrá

Gníomhaíocht shuaitheanta de chuid an Aontais Eorpaigh is ea Príomhchathair Chultúir na hEorpa (dá ngairtear ECoC anseo feasta) a gineadh as smaoineamh a bhí ag Melina Mercouri, iar-Aire Cultúir na Gréige, in 1985. Is é is aidhm don tionscnamh éagsúlacht shaibhir chultúrtha agus oidhreacht chomhroinnte na hEorpa a chur chun cinn agus a cheiliúradh, agus ar an gcaoi sin cur le braistint na saoránach go bhfuil siad páirteach i limistéar cultúrtha comhchoiteann, agus rannchuidiú an chultúir le forbairt fhadtéarmach na gcathracha a neartú. Ar dtús, ba iad na Ballstáit, ag gníomhú dóibh ar bhonn Rún ó na hAirí a bhí Freagrach as Gnóthaí Cultúrtha, a d’ainmnigh na cathracha mar ‘Chathracha Cultúir na hEorpa’, rud a thug aitheantas don ról ríthábhachtach a bhíonn ag cathracha i gcruthú agus leathadh an chultúir san Eoraip. Tar éis Cinneadh 1419/1999/CE (arna leasú le Cinneadh Uimh. 649/2005/CE in 2005) a ghlacadh, rinneadh ‘Príomhchathracha Cultúir na hEorpa’ den tionscnamh ‘Cathracha Cultúir na hEorpa’ agus bunaíodh é mar ghníomhaíocht Chomhphobail. In 2006 glacadh cinneadh eile (1622/2006/CE), lenar iomlánaíodh na rialacha maidir le Príomhchathracha Cultúir éagsúla na hEorpa a roghnú agus faireachán a dhéanamh orthu. Is in 2014 a glacadh an bunús dlí atá ann faoi láthair, Cinneadh Uimh. 445/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun na blianta 2020-2033 a chumhdach.

Is í seo an chéad mheastóireacht eatramhach ar an ngníomhaíocht ECoC don tréimhse 2020-2033, mar a cheanglaítear le hAirteagal 16(2) den Chinneadh. Déantar measúnú léi ar fheidhmíocht na gníomhaíochta in aghaidh na gcúig chritéar meastóireachta a bunaíodh sna Treoirlínte agus Bosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr: Éifeachtacht, Éifeachtúlacht, Ábharthacht, Comhleanúnachas agus Breisluach AE chomh maith le tionchar fadtéarmach na hidirghabhála chun tuiscint níos fearr a fháil ar an oidhreacht fhéideartha a bhaineann le Príomhchathair Chultúir na hEorpa a óstáil. Tá sé d’aidhm aici freisin dea-chleachtais agus ceachtanna a shainaithint le haghaidh ECoCanna eile amach anseo agus le haghaidh cathracha Eorpacha ar spéis leo tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a gcuid straitéisí cultúrtha agus ar a dtairgtear iontu ó thaobh an chultúir de. Ar deireadh, sainaithnítear sa mheastóireacht feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an ngníomhaíocht atá le cur san áireamh don tionscnamh a thiocfaidh i gcomharbacht air tar éis 2033.

Mar gheall ar thionchar COVID-19 ar chur chun feidhme na gníomhaíochta i dtús na tréimhse 2020-2033, rinneadh an rogha go gcuirfí san áireamh raon níos leithne de Phríomhchathracha éagsúla Cultúir na hEorpa agus de chathracha is sealbhóirí teidil a roghnófaí agus ar a ndéanfaí faireachán faoi fhorálacha na hionstraime dlí roimhe sin. Measadh go raibh gá leis sin chun dearcadh níos fearr a fháil ar an tionchar fadtéarmach a bhaineann leis an ngníomhaíocht.

Dearadh na gníomhaíochta

Faoin mbunús dlí atá ann faoi láthair lena gcumhdaítear an tréimhse ó 2020 go 2033, tá dhá Bhallstát i dteideal an ghníomhaíocht ECoC a óstáil gach bliain, de réir ord croineolaíoch a leagtar amach sa Chinneadh. Thairis sin, sna blianta 2022, 2024, 2028, 2030 agus 2033, féadtar an teideal a bhronnadh freisin ar chathair i dtír CSTE/LEE, i dtír is iarrthóir nó i dtír is iarrthóir ionchasach (tíortha nach Ballstáit den Aontas iad). Bainistíonn na Ballstáit a nós imeachta roghnúcháin ar an leibhéal náisiúnta, faoi fhreagracht a n‑údaráis ábhartha agus le cúnamh ón gCoimisiún Eorpach. Is é an Coimisiún atá freagrach go díreach as eagrú na gcomórtas oscailte idir na cathracha i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad.

Cuirtear tús leis na comórtais tráth nach déanaí ná 6 bliana roimh an mbliain teidil, nuair a fhoilsíonn an Ballstát lena mbaineann (nó an Coimisiún i gcás an chomórtais idir na cathracha i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad) glao ar thíolacadh iarratas. Sa ghlao áirítear na sé chritéar mar a shonraítear iad sa bhunús dlí: ‘rannchuidiú leis an straitéis fhadtéarmach’, ‘an ghné Eorpach’, ‘ábhar cultúrtha agus ealaíonta’, ‘cumas torthaí a bhaint amach’, ‘for-rochtain’ agus ‘bainistiú’.

Ansin eagraítear an próiseas roghnúcháin ina dhá chéim: an réamh-roghnúchán a dhéantar tráth nach déanaí ná 5 bliana roimh an mbliain teidil (laghdaítear líon na gcathracha is iarrthóirí chun gearrliosta díobh a chur le chéile) agus ina dhiaidh sin roghnú na cathrach 9 mí dár gcionn (moltar cathair amháin don teideal). Déanann painéal saineolaithe scrúdú ar na tairiscintí in aghaidh na gcuspóirí agus na gcritéar a bhaineann leis an ngníomhaíocht. Ar bhonn mholadh an phainéil, déanann an Ballstát lena mbaineann (nó an Coimisiún i gcás tíortha nach Ballstáit den Aontas iad) an chathair bhuaiteach a ainmniú go foirmiúil.

An túisce a ainmnítear an chathair, cuirtear faoi réir próiseas faireacháin í go dtí an bhliain teidil. Mar chuid den phróiseas sin, tionólann an Coimisiún trí chruinniú idir an chathair agus an painéal chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn agus ar mhaithe le treoir a thabhairt. Ar bhonn moladh ón bpainéal i ndeireadh an phróisis faireacháin, cinneann an Coimisiún cé acu a íocfaidh nó nach n‑íocfaidh sé Duais Melina Mercouri leis an gcathair ag tús na bliana teidil. Is faoin gclár Eoraip na Cruthaitheachta a mhaoinítear an Duais.

Bíonn suas le 12 chomhalta ar an bpainéal Saineolaithe atá i bhfeighil an phróisis roghnúcháin agus faireacháin: déanann Institiúidí agus Comhlachtaí an Aontais deichniúr díobh a ainmniú ar bhonn atrátha i gcomhair sainorduithe 3 bliana (Parlaimint na hEorpa a ainmníonn triúr díobh, an Chomhairle triúr díobh, an Coimisiún triúr díobh agus Coiste Eorpach na Réigiún duine amháin díobh) agus ainmníonn an Ballstát lena mbaineann suas le beirt chomhaltaí.

Déanann an Coimisiún na saineolaithe Eorpacha a réamhroghnú trí ghlao oscailte ar léiriú spéise. Is in Airteagal 6 den bhunús dlí a liostaítear na critéir chun na saineolaithe a roghnú.

Déantar an ghníomhaíocht a bhainistiú sa Choimisiún trí aonad Eoraip na Cruthaitheachta san Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr (AS EAC).

I gcomparáid leis an tionscnamh a bhí ann roimhe, seo a leanas na hathruithe a tugadh isteach leis an ngníomhaíocht ECoC a rialaítear le Cinneadh Uimh. 445/2014/AE:

-Cuireadh deireadh leis an ngá le deimhniú a fháil ar leibhéal an Aontais le haghaidh na gcathracha a roghnaíodh, agus anois déanann an Ballstát lena mbaineann sealbhóirí teidil ECoC a ainmniú go díreach;

-Osclaíodh an ghníomhaíocht do thíortha is iarrthóirí, do thíortha is iarrthóirí ionchasacha agus do thíortha CSTE/LEE;

-Tugadh isteach critéir roghnúcháin níos sonraí agus níos láidre, lenar cuireadh béim níos láidre ar thionchar fadtéarmach na gníomhaíochta agus ar an ngné Eorpach;

-Sa bhunús dlí cuireadh san áireamh nithe le breithniú maidir le próifílí chomhaltaí an phainéil;

-Eagraíodh trí cinn de chruinnithe faireacháin seachas dhá cheann, agus reáchtáladh an chéad cheann 3 bliana roimh an mbliain teidil agus an ceann deireanach cúpla mí roimh an mbliain teidil;

-Rinneadh an fhreagracht as an meastóireacht ex post a aistriú ón gCoimisiún Eorpach go dtí an chathair ainmnithe;

-Cuireadh siar tráth íoctha Dhuais Melina Mercouri ó 2 mhí roimh thosach na bliana teidil go dtí tús na bliana teidil.

2.Staid Forbartha na Gníomhaíochta

Ó 1985 i leith, bronnadh an teideal ar 82 chathair éagsúla i mBallstáit uile an Aontais (lena n‑áirítear an Ríocht Aontaithe go dtí teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar in 2020) agus deonaíodh é do chathracha i gcúig thír nach Ballstáit den Aontas iad: An Íoslainn (2000), an Tuirc (2010), an Iorua (2000, 2008, 2024), an tSeirbia (2022) agus an Mhacadóin Thuaidh (2028). Roghnaíodh 22 chathair faoin mbunús dlí atá ann faoi láthair, agus tráth dréachtaithe na Teachtaireachta seo, tá 13 chathair díobh tar éis an ghníomhaíocht a óstáil, sin nó tá siad á hóstáil, agus roghnaíodh 9 gcathair eile atá i mbun ullmhúcháin i gcomhair óstáil a mbliana teidil.

In 2017 leasaíodh Cinneadh Uimh. 445/2014/AE chun go gcuimseofaí tíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa atá ina bpáirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Leasaíodh arís é in 2020 mar gheall ar phaindéim COVID-19. Thug leasú 2020 deis do Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa (Rijeka agus Gaillimh) síneadh a chur lena mbliain teidil mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa go dtí an 30 Aibreán 2021. Thairis sin, cuireadh siar an bhliain ECoC in Timișoara agus Elefsina ó 2021 go 2023, agus cuireadh siar an bhliain teidil in Novi Sad ó 2021 go 2022.

Deonaíodh an stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas don Úcráin agus don tSeoirsia in 2022 agus 2023, rud a d’fhág go raibh an dá thír incháilithe don chomórtas atá oscailte do chathracha i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad toisc go nglacann an dá thír páirt freisin sa chlár Eoraip na Cruthaitheachta.

3.Torthaí na Meastóireachta: Nithe ar éirigh go maith leo agus Dúshláin

Éifeachtacht

Fuarthas amach gur spreag an ghníomhaíocht ECoC méadú ar an líon gníomhaíochtaí cultúrtha agus leathnú ar a rabhthas a thairiscint ó thaobh an chultúir de sna cathracha óstacha, agus sin i dtéarmaí seánraí agus suíomhanna araon. Is léir ó na meastóireachtaí áitiúla a rinneadh faoi ECoC idir 2013 agus 2022, go dtarlaíonn thart ar 1 000 go 1 200 gníomhaíocht chultúrtha ar leithligh le linn gnáthbhliain ECoC. Is amhlaidh a bhí tionchar suntasach aige freisin ar infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí cultúrtha agus i mbonneagar cultúrtha ar fud na gcathracha óstacha, agus ba mhinic le buiséid chultúrtha riaracháin na gcathracha óstacha a bheith thart ar 5 huaire níos mó mar thoradh ar an mbliain ECoC a óstáil iontu. Sna figiúirí tinrimh oifigiúla le haghaidh na mblianta ECoC don tréimhse 2013-2022 léirítear gur ghlac thart ar 38,5 milliún duine páirt i ngníomhaíocht chultúrtha a fuair tacaíocht ECoC le linn na tréimhse sin mar bhall den lucht féachana, mar choimeádaí nó mar thairbhí tionscadail. Mar thoradh ar an dinimiceas sin, agus ó tharla go raibh an deis ag an bpobal freastal ar go leor imeachtaí saor in aisce, cuidíodh le leathnú na gcineálacha tairbhithe a bhlais de na himeachtaí cultúrtha agus i gcás daoine nach gnách leo imeachtaí cultúrtha a thaithí spreagadh iad le freastal ar roinnt imeachtaí cultúrtha. Mar shampla, i roinnt de Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa rinneadh rannpháirtithe de dhaltaí scoile, de dhaoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste (amhail imircigh agus daoine dífhostaithe), chomh maith le daoine a chónaíonn i gcomharsanachtaí forimeallacha na cathrach.

Rannchuidigh reáchtáil ECoC freisin le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a neartú i gcathracha óstacha. Cé gur tháinig cuid den tionchar sin ó thionscadail a bhí tiomanta don tógáil acmhainneachta, ba é cruthú éiceachóras cultúrtha foirmiúil agus neamhfhoirmiúil ba chúis leis an gcuid is mó de. Tríd an ghníomhaíocht ECoC spreagadh na páirtithe leasmhara áitiúla le dul i gcomhar le chéile chun cláir chultúrtha a dhearadh agus a sholáthar. Ba chuidiú é an comhar sin, mar aon leis an taithí a fuarthas ar líon mór tionscadal cultúrtha a bhainistiú, le tallann áitiúil a fhorbairt agus acmhainneacht earnála fhadtéarmach a fhorbairt.

Leagtar béim sa mheastóireacht ar an gcaoi a n‑éiríonn leis an ngníomhaíocht ECoC dul i ngleic lena cuspóir straitéiseach maidir le próifíl idirnáisiúnta na gcathracha óstacha a ardú trí chlár cultúrtha láidir a sholáthar. Léirítear é sin go háirithe leis an méadú a bhíonn ar líon na gcuairteoirí eachtracha ar na cathracha óstacha, le breis poiblíochta sna meáin idirnáisiúnta sula dtosaíonn an bhliain agus le linn na bliana, agus le comhar idirnáisiúnta feabhsaithe. Ar an iomlán, má bhreathnaítear ar na sonraí ábhartha a bailíodh le linn anailísí a rinneadh ar na gníomhaíochtaí ECoC sin feictear go bhféadfadh méadú 30-40 % a theacht ar líon na gcuairteoirí i gcathair atá ina cathair óstach ar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa (agus sciar 25-35 % díobh ag teacht ón gcoigríoch).

Éifeachtúlacht

Fuarthas amach sa mheastóireacht gur gníomhaíocht chostéifeachtach, trí dhearadh, é ECoC atá in ann cistiú poiblí agus príobháideach a ghiaráil ar chostas réasúnta íseal don Aontas (thart ar EUR 3-5 mhilliún in aghaidh na bliana). San anailís a rinneadh ar bhuiséid na ECoCanna a reáchtáladh idir 2013 agus 2022, léiríodh go raibh an ghníomhaíocht ina spreagadh le haghaidh thart ar EUR 900 milliún i gcistiú a cuireadh i dtreo an chláir oibre chultúrtha ar fud an Aontais, agus an cistiú uile a caitheadh ó fhoinsí AE, náisiúnta, réigiúnacha, áitiúla agus príobháideacha á chur san áireamh.

Ní sholáthraíonn Duais Melina Mercouri (EUR 1,5 milliún) ach cuid den bhuiséad iomlán ECoC a thugtar do na cathracha is sealbhóirí teidil, is é sin méid idir 2 % agus 7 % den bhuiséad foriomlán ECoC. Is ó fhoinsí poiblí a thagann sciar nach beag den bhuiséad, agus is ó chistiú náisiúnta, áitiúil agus réigiúnach le chéile a thagann 71 % de. Mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur minic a bhíonn neamhréireacht idir na buiséid phleanáilte agus na buiséid iarbhír, agus go mbíonn easnaimh roimh fhormhór na gcathracha mar gheall ar thosca éagsúla, amhail gealltanais airgeadais laghdaithe ó rialtais náisiúnta agus imthosca gan choinne. Is beag cathair a chuir a cuid clár i gcrích laistigh dá réamh-mheastacháin bhuiséid bhunaidh.

Ina theannta sin, tugadh breac-chuntas sa mheastóireacht ar dhúshláin a dhéanann difear d’éifeachtúlacht na gníomhaíochta agus ar na ceachtanna a d’fhéadfadh cathracha is iarrthóirí nó cathracha is sealbhóirí teidil a fhoghlaim óna dtaithí ar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa a óstáil. Mar shampla, deacracht do chathracha is iarrthóirí is ea na srianta ama idir an chéim réamhroghnúcháin agus an chéim roghnúcháin dheiridh, ó tharla gurb amhlaidh, uaireanta, nach féidir leo feabhas iomlán a chur ar a n‑iarratas idir an dá bhabhta roghnúcháin. Ag céim níos déanaí, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith acu leas a bhaint as an obair a rinneadh agus as na hinniúlachtaí a gnóthaíodh le linn an phróisis tairisceana. Thairis sin, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith acu brath ar fhoghlaim agus ar chumarsáid leordhóthanach idir cathracha ECoC a bhí ann roimhe seo, atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

Éifeachtúlacht na nósanna imeachta roghnúcháin agus faireacháin

Sa phróiseas roghnúcháin, faoin mbunús dlí atá ann faoi láthair, tá na céimeanna seo a leanas:

-Glao ar thíolacadh iarratas: 6 bliana ar a laghad roimh an mbliain teidil.

-Sprioc-am tíolactha iarratas: 10 mí ar a laghad tar éis fhoilsiú an ghlao ar thíolacadh iarratas.

-Cruinniú réamhroghnúcháin agus tuarascáil: 5 bliana roimh an mbliain teidil.

-Sprioc-am athbhreithnithe tíolactha iarratais, agus cruinniú roghnúcháin agus tuarascáil: isteach is amach ar 9 mí tar éis an chruinnithe réamhroghnúcháin.

-Ainmniú na cathrach: 4 bliana roimh an mbliain teidil.

Tar éis an roghnúcháin, tionóltar trí chruinniú faireacháin 3 bliana, 18 mí agus 2 mhí roimh an mbliain teidil. Cé go bhfuil na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo den tuairim go bhfuil na próisis roghnúcháin agus faireacháin atá ann faoi láthair ag feidhmiú go maith ar an iomlán, luaigh siad réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu freisin:

-Amlíne iarratais: Cé go meastar, ar leibhéal an rialtais, go bhfuil an amlíne don phróiseas roghnúcháin leordhóthanach ar an iomlán, bíonn dúshláin roimh na cathracha na spriocdhátaí atá ann faoi láthair a chomhlíonadh. Baineann dúshlán, go háirithe, leis an tréimhse 9 mí idir an réamhroghnúchán agus an roghnúchán deiridh. Leis an tráthchlár teann sin chuirtear brú breise ar na cathracha, go háirithe na cathracha atá beag nó nach bhfuil an méid taithí céanna acu i dtéarmaí caidrimh idirnáisiúnta a thógáil agus gealltanais a aontú le páirtithe leasmhara áitiúla.

-Cruinnithe faireacháin: Mhol roinnt páirtithe leasmhara go nimeofaí ó phróiseas faireacháin go dtí ról a bheadh níos cosúla le ról comhairleach ina mbeadh saineolaithe painéil ag obair go dlúth le cathracha, agus réitigh agus meantóireacht fíor-ama á dtairiscint acu. Bheadh sé sin i gcomhréir leis na dúshláin a bhaineann leis na scileanna riachtanacha agus an cumas fothaithe acmhainneachta a bheith in easnamh i bPríomhchathracha Cultúir na hEorpa.

Ar an iomlán, cé go bhféadfadh sé gur leor tréimhse 4 bliana tar éis an roghnúcháin chun go mbeadh cathracha in ann an t‑imeacht a reáchtáil, d’fhéadfadh an tráthchlár sin a bheith dúshlánach mura bhfuil leibhéal áirithe aibíochta cultúrtha bainte amach ag cathair cheana féin. Cé nach gá go dtabharfaí le tuiscint leis sin nár cheart cathracha nach bhfuil chomh ullmhaithe céanna a bhreithniú le haghaidh an teidil, ba cheart a leabhar tairisceana a scrúdú agus a mheas ar bhealach réalaíoch i bhfianaise acmhainneacht chultúrtha iarbhír na cathrach, agus i gcás ina roghnaítear í, ba cheart treoir leordhóthanach, faireachán leordhóthanach agus deiseanna leordhóthanacha fothaithe acmhainneachta a chur ar fáil.

Ina theannta sin, luaigh na páirtithe leasmhara go bhféadfadh sé go gcuirfí am amú mar gheall ar mhíthuiscintí a bhaineann le dhá cheann de na príomhghnéithe ECoC: an ghné Eorpach agus cúrsaí oidhreachta. Cé go ndúirt rannpháirtithe sa mheastóireacht gur thuig siad an dá théarma ar deireadh, d’airigh cuid acu go sábhálfaí am le linn na gcéimeanna tairisceana nó pleanála dá dtabharfaí treoir níos soiléire maidir leis an gcaoi a bhfeidhmíonn an ghné Eorpach sa chleachtas.

Réimsí féideartha feabhais eile is ea ionduchtú na saineolaithe painéil agus eolas a thabhairt ar láimh ó cheann go chéile, mar is minic nach mbíonn na huirlisí iomchuí ag comhaltaí nua chun aistriú rianúil a chinntiú, rud a fhágann go gcailltear eolas agus go mbíonn rannpháirtíocht mhíchothrom ann. D’fhéadfadh an ghníomhaíocht ECoC leas a bhaint as próisis ionduchtaithe struchtúrtha a fhorbairt agus as béim a leagan ar ról comhairleach a bheith ag saineolaithe painéil chun na dúshláin sin a shárú. Ar bhonn níos ginearálta, dá mbeadh straitéis chumarsáide níos láraithe ann ar leibhéal an Aontais, measadh go gcuirfí le hinfheictheacht an tionscnaimh ina iomláine ach le hinfheictheacht na gcathracha is sealbhóirí teidil freisin, rud a thabharfadh tacaíocht luachmhar dóibh.

Comhleanúnachas

Léiríonn an ghníomhaíocht ECoC comhleanúnachas láidir inmheánach agus seachtrach. Tá na próisis chun cathracha óstacha a roghnú agus a bhainistiú ailínithe go maith leis na cuspóirí ECoC agus sainordaítear leis an bpróiseas tairisceana go ndéanfaidh cathracha a dtionscadal ECoC a leabú i straitéis chultúrtha níos leithne, agus páirtithe leasmhara éagsúla agus leibhéil éagsúla rialachais a dhéanamh rannpháirteach ann san am céanna. Baineann ríthábhacht thar na bearta le páirtithe leasmhara, agus is minic a bhreathnaíonn siad ar ECoC mar cheist thábhachtach náisiúnta. Mar sin féin, d’fhéadfadh dúshláin teacht chun cinn maidir le cothromaíocht a bhaint amach idir tosaíochtaí áitiúla agus cuspóirí Eorpacha, go háirithe maidir leis an ngné Eorpach.

Tá an ghníomhaíocht ECoC ag teacht le cláir eile de chuid an Aontais, go háirithe le hEoraip na Cruthaitheachta, clár suaitheanta an Aontais le haghaidh earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Tá croíchuspóirí i bpáirt ag an dá cheann acu, amhail an éagsúlacht chultúrtha a fheabhsú agus an comhar trasteorann a chothú. Ar an gcaoi chéanna, tacaíonn an dá cheann acu le hiomaíochas Earnálacha Cultúir agus Cruthaitheachta an Aontais, feabhsaíonn siad an rannpháirtíocht chultúrtha, agus cuireann siad an fhéiniúlacht Eorpach chun cinn. Tá gnéithe i bpáirt ag an ngníomhaíocht ECoC le tosaíochtaí an Aontais i réimsí an ghlasaithe agus an chuimsithe shóisialta. D’fhéadfaí feabhas a chur ar an ailíniú le tosaíochtaí comhshaoil agus le beartais sheachtracha an Aontais. Cé gur féidir le cathracha is sealbhóirí teidil, nó cé gur féidir leis an réigiún nó an Ballstát ina bhfuil siad, tairbhe a bhaint as cistiú ón Aontas, lena n‑áirítear cistiú ón mbeartas comhtháthaithe i réimse an chultúir, is teoranta fós an comhordú réamhghníomhach a dhéantar idir na gníomhaíochtaí ECoC agus foinsí eile cistiúcháin ón Aontas. Maidir leis an gcaidreamh le tionscnaimh náisiúnta, sa mheastóireacht tugtar sineirgí faoi deara, chomh maith le roinnt réimsí teoranta forluí.

Breisluach AE

Léiríonn an ghníomhaíocht ECoC go mbaineann breisluach AE soiléir suntasach léi trí chomhar idirnáisiúnta a chothú i measc gníomhaithe cultúrtha atá sna cathracha óstacha agus piaraí dá gcuid i dtíortha eile, trí infheictheacht chathracha na hEorpa a fheabhsú, agus trí fhéiniúlacht chultúrtha Eorpach chomhroinnte a chur chun cinn. Tríd an tacaíocht ó na gníomhaíochtaí ECoC, d’éirigh le cathracha — go mór mór cathracha beaga agus cathracha is lú a fhaigheann aird idirnáisiúnta — rochtain rathúil a fháil ar líonraí cultúrtha domhanda, rinne siad cláir chultúrtha uaillmhianacha agus éagsúla a óstáil, agus mheall siad lucht féachana agus éisteachta agus aird ó na meáin chumarsáide nach bhféadaidís a fháil ar shlí eile.

Ní hamháin gur tháinig borradh faoin turasóireacht idirnáisiúnta agus faoi chomhpháirtíochtaí trasteorann mar thoradh ar an tionscnamh, ach rannchuidigh sé freisin le hathghiniúint uirbeach, rannpháirtíocht shibhialta, agus le neartú earnálacha cultúrtha áitiúla. Tá roinnt de na cathracha ina n‑eiseamláirí cumhachtacha a léiríonn an chaoi inar féidir leis an teideal ECoC a bheith ina chatalaíoch don fhorbairt fhadtéarmach agus don taidhleoireacht chultúrtha, agus léirítear ina steillbheatha iontu luachanna an Aontais amhail an chaoinfhulaingt agus an tsíocháin. Trí chomhar a chumasú idir ealaíontóirí agus institiúidí ó thíortha an Aontais agus ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad, tacaíonn an ghníomhaíocht le spriocanna taidhleoireachta cultúrtha an Aontais agus neartaíonn sí uige chultúrtha na hEorpa ina hiomláine.

Mar sin féin, caitear solas sa mheastóireacht ar roinnt teorainneacha struchtúracha a chuireann bac ar acmhainneacht iomlán na gníomhaíochta ECoC. Go sonrach, toisc nach bhfuil sásra foirmiúil institiúideach ann chun eolas a chomhroinnt agus toisc nach ann do bhunachar sonraí láraithe ina bhfuil sonraí na n‑oibreoirí cultúrtha, cuirtear srian ar inbhuanaitheacht agus ar raon na líonraí a cruthaíodh le linn na bliana teidil. Thairis sin, cé go gcuirtear luachanna Eorpacha chun cinn go rathúil leis an tionscnamh, is féidir go gcuirfí tionchar na bliana teidil i mbaol mar thoradh ar thacaíocht pholaitiúil neamhsheasmhach agus rannpháirteachas teoranta le linn na tréimhse iartheidil. Dá bhrí sin, moltar sa mheastóireacht go mbeadh tacaíocht níos struchtúrtha ar leibhéal an Aontais (i réimse na cumarsáide, na comhroinnte sonraí agus na pleanála oidhreachta) fíor-riachtanach má táthar chun éifeachtacht agus tionchar marthanach na gníomhaíochta ECoC a fheabhsú.

Ábharthacht

Tá forbairt ag teacht ar an ngníomhaíocht i gcónaí i gcomhthreo le hathruithe éagsúla socheacnamaíocha agus tírdhreach cultúrtha na hEorpa. Fiú agus é ar cheann de na gníomhaíochtaí cultúrtha is faide ré san Aontas, tá an tionscnamh fós ailínithe le spriocanna forbartha fadtéarmacha na gcathracha, go háirithe maidir leis an gcultúr a leabú sa phleanáil uirbeach agus sa cheapadh beartas. Mar gheall ar an gceanglas atá ar chathracha tairisceana straitéisí cuimsitheacha cultúrtha a fhorbairt, tá athrú ó bhonn tagtha ar an gcaoi a mbreathnaíonn bardais ar an gcultúr agus ar an gcaoi a n‑úsáideann siad é, rud a fhágann go minic go gcruthaítear nó go mionchoigeartaítear beartais chultúrtha ar fud na cathrach. Ní ar na cathracha rathúla is sealbhóirí teidil amháin a dtéann na próisis sin i bhfeidhm; go fiú sna cathracha nach n‑éiríonn leo an teideal a bhaint amach, baintear tairbhe as straitéisí cultúrtha neartaithe agus as creataí pleanála feabhsaithe. Tá roinnt samplaí ann ina bhfeictear an chaoi ar féidir leis an bpróiseas tairisceana forbairt straitéisí réigiúnacha a spreagadh lasmuigh de leibhéal na cathrach.

Is minic a tharlaíonn sé, mar gheall ar chomhtháthú na gníomhaíochta ECoC le creataí beartais cathrach, go dtreisítear agus go leathnaítear bearta atá ann cheana, rud a bhronnann dlisteanacht ar an bhforbairt chultúrtha agus a leagann béim athnuaite uirthi. Thairis sin, spreagann an próiseas tairisceana muinín as ceannaireacht pholaitiúil agus as earnáil an chultúir araon, rud a fhágann gur minic a dhéantar infheistíochtaí follasacha san athghiniúint uirbeach atá bunaithe ar chultúr. Tá na torthaí sin thar a bheith suntasach i bhfianaise an laghdaithe atá ag teacht ar na buiséid bhardasacha in earnáil an chultúir: Feidhmíonn na príomhchathracha cultúrtha mar thionscnamh suaitheanta lena n‑áirithítear go bhfaightear lán-tacaíocht ón aos polaitiúil áitiúil agus lena gcuirtear fianaise láidir ar fáil maidir leis an luach socheacnamaíoch a bhaineann leis an infheistíocht chultúrtha. Léirítear an éifeacht ghiarála arís is arís eile sna meastóireachtaí ex post, éifeacht lena ngintear tairbhí eacnamaíocha agus cultúrtha níos leithne i gcomhréir leis an infheistíocht tosaigh, ar tairbhí iad a úsáideann cathracha chun údar a thabhairt le tacaíocht leanúnach agus mhéadaithe do thionscnaimh chultúrtha.

Tá oidhreacht na gníomhaíochta fós i gcroílár na gceisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hábharthacht na ngníomhaíochtaí ECoC. Cé go bhfuil roinnt cathracha ann atá tar éis eagraíochtaí oidhreachta a bhunú, tá cathracha eile ann nach bhfuil sásraí pleanála fadtéarmacha leordhóthanacha acu. Ó tharla nach léir go leor de na buntáistí a bhaineann leis an mbliain teidil go ceann blianta tar éis a deiridh, is minic a chailltear deiseanna chun móiminteam a choinneáil má dhéantar céimniú amach tapa ar na comhlachtaí seachadta ECoC. Baintear an bonn den chumas tionchar iomlán an tionscnaimh a ghabháil mar thoradh ar phleanáil oidhreachta lag i dteannta teorainneacha sonraí agus easpa creataí meastóireachta fadtéarmacha. Ar an iomlán, chuidigh an tionscnamh ECoC leis an tábhacht a bhaineann le meastóireacht ar bheartas cultúrtha ar fud na hEorpa a mhéadú. Chuir grúpaí fócais i dtábhacht an spéis mhéadaitheach atá ann maidir le measúnú a dhéanamh ar thionchar an chultúir, agus tá go leor líonraí sna cathracha Eorpacha tar éis sruthanna oibre tiomnaithe maidir le measúnú tionchair chultúrtha a chruthú. Is rud é sin lena dtugtar le fios go bhfuil ról lárnach ag an tionscnamh maidir le cleachtas na meastóireachta beartais cultúir a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil.

Gné thábhachtach eile den ábharthacht a bhaineann leis an ngníomhaíocht is ea an acmhainneacht atá inti tacú leis an bhforbairt réigiúnach trí chomhar idir cathracha agus na limistéir máguaird. Léiríonn roinnt samplaí an chaoi inar conas leis an tionscnamh na tairbhí cultúrtha a leathadh go rathúil ón lár amach agus rochtain a mhéadú ar fud roinnt bardas. Mar sin féin, tá dúshláin struchtúracha fós ann, go háirithe i gceantair thuaithe agus i mbardais níos lú a d’fhéadfadh a bheith ar uireasa acmhainneachta chun páirt a ghlacadh go héifeachtach.

San am céanna, cuireadh an ghníomhaíocht in oiriúint chun leanúint de bheith ábhartha i leith thosaíochtaí beartais an Aontais, lena n‑áirítear incháilitheacht a leathnú chuig tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, béim níos láidre ar an tionchar fadtéarmach a leabú inti, agus an ghné Eorpach di a chur chun cinn. Mar sin féin, sna díospóireachtaí leanúnacha atá ar siúl maidir le ról agus infheictheacht na gné Eorpaí, agus maidir le gainne na dtosaíochtaí comhshaoil agus digiteacha sna critéir roghnúcháin fhoirmiúla, léirítear réimsí ina bhféadfaí tuilleadh mionchoigeartaithe a dhéanamh chun ábharthacht an tionscnaimh a choinneáil ar bun i gcomhthéacs ina bhfeictear beartais ag athrú go tapa.

4.Conclúidí agus Ceachtanna a Foghlaimíodh

Léirítear sa mheastóireacht gur gníomhaíocht shuaitheanta rathúil de chuid an Aontais í ECoC lena mbaineann costéifeachtúlacht láidir agus nach mbíonn ach tionchar an-teoranta aici ar bhuiséad an Aontais. Thairis sin, d’fhéadfadh tionchar claochlaitheach a bheith ag an ngníomhaíocht ar na cathracha éagsúla is iarrthóirí agus ar na cathracha éagsúla a roghnaítear toisc go bhfuil gá le pleanáil fhadtéarmach agus le cuimsiú an chultúir i mbeartas áitiúil na cathrach má táthar chun an chathair a bhreithniú i gcomhair an teidil. Ina theannta sin, tá an ghníomhaíocht comhleanúnach ar bhealach láidir le gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe Eoraip na Cruthaitheachta, agus tugtar caoi léi ar luachanna an Aontais agus gairmithe cultúrtha agus ealaíontóirí Eorpacha, agus a gcuid saothar, a scaipeadh san Aontas agus níos faide i gcéin.

Sa chéad mheastóireacht eatramhach ar Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa 2020-2033, cuireadh i dtábhacht nithe ar éirigh go maith leo agus nithe dúshlánacha, agus cuireadh ar fáil ceachtanna tábhachtacha i gcomhair an tionscnaimh sa todhchaí. Beidh na torthaí ina dtreoir do ECoC agus é ag dul isteach sa chéad chéim eile den tionscnamh tar éis 2033, rud a chinnteoidh go mbeidh rath air agus ábharthacht ag baint leis go leanúnach.

Fócas níos láidre ar ‘an ngné Eorpach’ sa chomórtas:: Is príomhghné de ghníomhaíocht ECoC agus dá critéir roghnúcháin í an ‘ghné Eorpach’. Mar sin féin, bunaithe ar an aiseolas, is cosúil gur minic nach dtuigeann na páirtithe leasmhara éagsúla a bhfuil i gceist léi go hiomlán. D’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach féachaint ar bhealaí chun tuiscint ar an ngné sin a fhorbairt.

Eolas fadtéarmach: Toisc nach ann do líonra foirmiúil ECoC, tá baol ann go gcaillfear eolas idir cathracha nuacheaptha agus cathracha a ceapadh roimhe seo. D’fhéadfadh an Coimisiún taighde a dhéanamh ar an gcaoi leis an gcomhroinnt eolais a chothú sa phobal ECoC chun go mbainfidh an ghníomhaíocht a lánacmhainneacht amach, go háirithe i ndáil lena gné Eorpach.

Cumarsáid: Bíonn an Coimisiún Eorpach i mbun cumarsáide go gníomhach faoi ainmniú oifigiúil Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa trí bhealaí éagsúla, lena n‑áirítear preaseisiúint, suíomhanna gréasáin agus na meáin shóisialta. Mar sin féin, níl aon ghníomhaíochtaí cumarsáide comhchruinnithe ar leibhéal an Aontais á ndéanamh ag an gCoimisiún Eorpach ná ag institiúidí eile ar fud an Aontais chun cathracha a bhíonn ina bPríomhchathair Chultúir na hEorpa a chur chun cinn. Cuireann sé sin teorainn le hinfheictheacht agus tionchar na Gníomhaíochta agus le feasacht an phobail uirthi. Rachadh sé chun tairbhe don ghníomhaíocht ECoC dá ndéanfadh an tAontas iarrachtaí cumarsáide chun tacú le hobair na gcathracha is sealbhóirí teidil agus chun an obair sin a chomhlánú, i gcomhar leis na Ballstáit agus le hionchur uathu. D’fhéadfadh sé cabhrú leis an tionscnamh dá gceapfaí ambasadóirí ECoC ar an leibhéal polaitiúil.

Sonraí: Ar bhonn na dtorthaí ón bpróiseas meastóireachta agus ar bhonn na mbearnaí sonraí a sainaithníodh lena linn ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an tacar táscairí a chuireann an Coimisiún Eorpach ar fáil do na heagraíochtaí atá i gceannas ar na comórtais éagsúla ECoC.

Painéal saineolaithe: Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh na scileanna agus na hacmhainní ag an bpainéal saineolaithe chun a chúraimí a chur i gcrích go héifeachtach. D’fhéadfadh an Coimisiún an comhar le hinstitiúidí eile a neartú chun a áirithiú go mbeidh éagsúlacht comhaltaí ar an bpainéal ó thaobh ionadaíochta agus saineolais araon de. Ina theannta sin, chuideodh próiseas ionduchtaithe struchtúrtha le haghaidh comhaltaí nua lena áirithiú go mbeidh siad dea-ullmhaithe, agus thacódh sé le haistriú rianúil agus le heolas a thabhairt ar láimh go rianúil ó chomhaltaí atá ag imeacht.

Pleanáil fhadtéarmach: Léiríodh sa mheastóireacht nach mbíonn tionchar fadtéarmach na gníomhaíochta le brath go feadh a hacmhainneachta iomláine i roinnt cathracha. D’fhéadfadh an Coimisiún féachaint an bhféadfaí an critéar ‘rannchuidiú leis an straitéis fhadtéarmach’ a threisiú agus critéir agus táscairí meastóireachta a neartú chun tionchair níos fadtéarmaí a chothú sna cathracha éagsúla is iarrthóirí.

Mar fhocal scoir, tugann an mheastóireacht léargas ríthábhachtach ar dhul chun cinn agus acmhainneacht an chláir. Tar éis 40 bliain, tá an ghníomhaíocht fós ábhartha agus tá tóir mhaith ag cathracha agus críocha uirthi chun iad féin a fhorbairt tríd an gcultúr. Mar sin féin, tá sé tábhachtach an ghníomhaíocht a nuashonrú chun a áirithiú go leanfaidh sí de bheith ábhartha amach anseo, go háirithe trí threochtaí atá ag teacht chun cinn a chur san áireamh, ar treochtaí iad a chonacthas le blianta beaga anuas, amhail an líon méadaithe cathracha beaga ar bronnadh an teideal orthu.