An Bhruiséil,2.7.2025

COM(2025) 525 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Roghnaigh an Eoraip do na heolaíochtaí beatha

Straitéis chun an tAontas Eorpach a chur ar an áit is tarraingtí ar domhan le haghaidh
eolaíochtaí beatha faoi 2030





























Roghnaigh an Eoraip do na heolaíochtaí beatha

Straitéis chun an tAontas Eorpach a chur ar an áit is tarraingtí ar domhan le haghaidh

eolaíochtaí beatha faoi 2030

1.Deis eolaíochtaí beatha na hEorpa: fís straitéiseach don cheannaireacht dhomhanda

Réamhrá

Tá sé d’uaillmhian ag an Aontas Eorpach a bheith ina rabhchán domhanda d’eolaíochtaí beatha faoi 2030, agus éiceachóras á chur ar fáil ina dtiocfaidh borradh faoin nuálaíocht agus ina gcuirtear feabhas ar an saol a bhuí le fionnachtana sa tsláinte, sa bhia agus san inbhuanaitheacht.

Tá na heolaíochtaí beatha i gcroílár chumas na hEorpa feabhas a chur ar an saol, geilleagar iomaíoch a fhorbairt, agus an pláinéad a chosaint. Ó chóireálacha leighis ceannródaíocha go talmhaíocht inbhuanaithe agus réitigh aeráidchliste, tá na nuálaíochtaí lena múnlófar todhchaí níos sláintiúla, níos sábháilte agus níos rathúla do gach Eorpach á spreagadh leo. Leis an straitéis seo cuirtear chun cinn uaillmhian atá misniúil ach praiticiúil: ceannaire domhanda a dhéanamh den Aontas sna heolaíochtaí beatha, agus taighde ceannródaíoch a aistriú ina réitigh fhíorshaoil lena neartaítear an tsláinte phoiblí, lena spreagtar cur in úsáid teicneolaíochtaí glana, agus lena dtacaítear le tionscail nua agus poist ardcháilíochta san Eoraip agus lena ndéantar iad a mhéadú.

Ní mór tuilleadh tacaíochta a thabhairt do shármhaitheas na hEorpa i réimse na sláinte, na bith‑theicneolaíochta, na talmhaíochta, an bhia agus eolaíocht an chomhshaoil trí infheistíochtaí spriocdhírithe agus comhordú níos fearr ar fud earnálacha, réigiún agus disciplíní eolaíocha. Is iomaí buntáiste inláimhsithe a d’fhéadfadh a bheith ann: ó dhlús a chur le nuálaíochtaí leighis go galair a chosc agus a chóireáil, cúram a phearsantú, agus córais sláinte a neartú; ó thacú le córais bhia iomaíocha, inbhuanaithe agus athléimneacha agus le tionscail bhithbhunaithe lena gcosnaítear an dúlra agus lena laghdaítear an tionchar comhshaoil, go bith‑theicneolaíochtaí nua lena spreagtar fás breosla i réimsí cuir i gcás an bhithmhonaraíocht agus ardábhair. Beidh na nithe sin uile ina rannchuidiú díreach le teacht aniar straitéiseach trí rochtain a dhaingniú ar eolas, uirlisí agus teicneolaíochtaí criticiúla a dhéantar san Eoraip.

I gcás na saoránach, ciallaíonn sé sin sláinte níos fearr do gach duine gan beann ar aois, rogha níos leithne de bhia sábháilte, timpeallachtaí níos glaine agus níos athléimní, agus geilleagair láidre atá réidh don todhchaí. I gcás gnólachtaí, tríd sin cuirtear éiceachórais nuálaíochta dhinimiciúla agus bealaí intuartha ar fáil chun réitigh a uas‑scálú. Chomh maith le leanúint de bheith iomaíoch, is infheistíocht straitéiseach é sin freisin i gcothroime idirghlúine, toisc gurb é an aidhm atá ann go mbeidh an Eoraip ar thús cadhnaíochta, ionas go bhfreastalóidh an nuálaíocht ar dhaoine agus ar an bpláinéad, anois, agus do na glúnta atá le teacht.



Cad iad na heolaíochtaí beatha?

Leis na heolaíochtaí beatha déantar staidéar ar chórais bheo, ó dhaoine, ainmhithe, plandaí agus miocrorgánaigh go héiceachórais agus a n‑idirnascacht, trí roinnt disciplíní a bhíonn idirghaolmhar go minic. Leis an dul chun cinn maidir le tuiscint a fháil ar shásraí na beatha, tá léargas agus deiseanna nua ann chun feidhmchláir eolaíochta beatha a úsáid i roinnt earnálacha (cuir i gcás an tsláinte, an bia nó an talmhaíocht – féach thíos). Baineann cumhacht nuálach na n‑eolaíochtaí beatha le leas a bhaint as teicneolaíochtaí ceannródaíocha 1 , agus bith‑theicneolaíochtaí, digitiú agus intleacht shaorga (IS) san áireamh. Meastar gur earnáil inti féin í an bhith‑theicneolaíocht, ar uirlis fhíor‑riachtanach í chun eolas sna heolaíochtaí beatha a chur chun cinn, lena gcumhdaítear roinnt mhaith réimsí feidhme, idir bhia agus sláinte, phróisis thionsclaíocha agus chosmaidí.

I dtuarascálacha ardleibhéil le déanaí (Letta 2 , Draghi 3 , Heitor 4 , Niinistö 5 ) soláthraíodh moltaí don Aontas chun a mhargadh aonair, a iomaíochas agus a ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna a neartú. Tá an‑acmhainneacht sna heolaíochtaí beatha agus ina bhfeidhmeanna chun na moltaí sin a chur i bhfeidhm agus chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú.

I dTreoirlínte Polaitiúla an Uachtaráin Ursula von der Leyen 6 cuireadh i dtábhacht an straitéis um eolaíochtaí beatha na hEorpa mar thosaíocht do Choimisiún 2024‑2029. Dfhoilsigh an Coimisiún an Compás Iomaíochais ó shin 7 , agus béim á cur aige ar acmhainneacht na n‑eolaíochtaí beatha borradh a chur faoin iomaíochas ar fud earnálacha éagsúla, agus ar an ról atá acu maidir leis an nuálaíocht sa bhith‑theicneolaíocht a spreagadh.

Comhthéacs

Bhí thart ar 29 milliún duine fostaithe in earnálacha eolaíocht bheatha na hEorpa 8 in 2022 san iomlán. Ghin siad EUR 1,5 trilliún i mbreisluach, rud a chomhfhreagraíonn do 13,6 % den fhostaíocht fhoriomlán san Aontas agus 9,4 % de OTI an Aontais (féach Fíor 1) 9 . Le deich mbliana anuas, ghin earnálacha eolaíochta beatha an Aontais fás bliantúil seasta de 4‑7 % dá mbreisluach.

Fíor 1: Breisluach arna ghiniúint ag earnálacha na heolaíochta beatha (in EUR milliún agus mar chéatadán de OTI an Aontais; ó Lasarte‑López, J., González‑Hermoso, H., M’barek, R., 2025)

De dheasca príomhtháscairí déimeagrafacha amhail aosú an daonra san Eoraip, agus na costais a bhaineann le cúram sláinte a bheith ag dul i méid, tá gá le bealaí níos cliste agus níos costéifeachtaí chun galair a chosc, a dhiagnóisiú agus a chóireáil. De réir mar a bhreathnaímid ar an todhchaí, is féidir níos mó airde a dhíriú ar chúram a thabhairt do gach glúin, go háirithe do dhaoine scothaosta. Is féidir leas a bhaint as dinimic ‘geilleagar na ndaoine scothaosta’, mar a thugtar air, agus as an ngeilleagar fadsaoil chun an nuálaíocht, an taighde agus an fás eacnamaíoch a spreagadh. Tá sé ríthábhachtach don rathúnas agus d’fholláine na sochaí daonra sláintiúil a choinneáil ar bun, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí aistí bia sláintiúla cothaitheacha. Thairis sin, i ré ina bhfuil dúshláin mhóra gheopholaitiúla, tá nuálaíocht sláinte ríthábhachtach chun slándáil agus neamhspleáchas sláinte an Aontais a chinntiú. Is mol don nuálaíocht iad na hearnálacha talmhaíochta agus bia Eorpacha, ina bhfuil táirgí agus slabhraí luacha nua ina gcomhcheanglaítear sábháilteacht, inbhuanaitheacht agus freagracht shóisialta. Braitheann limistéir thuaithe bhríomhara agus tionscail bhia nuálacha ar dhul chun cinn a sholáthraítear le heolaíochtaí beatha, agus rannchuidíonn bithbhreoslaí forbartha inbhuanaithe agus breoslaí a dhíorthaítear ó phróisis atá bunaithe ar dhramhaíl le cuspóirí aeráide agus leis an tslándáil fuinnimh an tráth céanna. Tá ról ríthábhachtach ag teicneolaíochtaí eolaíochtaí beatha freisin maidir leis an gcomhshaol a chosaint agus a athbhunú, cleachtais cuir i gcás feabhas a chur ar agra‑éiceolaíocht, agrafhoraoiseacht nó feirmeoireacht orgánach chun táirgí a fhorbairt chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nó cineálacha nua barr atá athléimneach in aghaidh an athraithe aeráide, agus lorg comhshaoil an tionscail a laghdú, rud a chuidíonn le hacmhainní nádúrtha na hEorpa a chosaint do na glúnta atá le teacht.

Pointí láidre na hEorpa

Dfhéadfadh an Eoraip a bheith ina ceannaire domhanda sna heolaíochtaí beatha. Cuireann sí deiseanna taighde agus oideachais den scoth ar fáil, agus tiomantas daingean don tsaoirse acadúil, don éagsúlacht agus don chuimsiú, mar a cuireadh i dtábhacht sa tionscnamh Roghnaigh an Eoraip  10 . Tá tírdhreach dinimiciúil eolaíochta beatha san Eoraip 11 , agus scoth na n‑institiúidí taighde na mbonneagar a tháirgeann obair cheannródaíoch agus braislí bith‑theicneolaíochta 12 lena spreagtar nuálaíocht.

Ar bhonn comhsheasmhach, tá an tAontas i measc na réigiún is fearr ar fud an domhain le haghaidh foilseacháin eolaíochta beatha 13 . Tá sé dinimiciúil freisin ó thaobh paitinniú ardluacha domhanda in earnáil na mbith‑theicneolaíochtaí, agus tá sé rangaithe sa dara háit (agus sciar 18 % aige), taobh thiar de na Stáit Aontaithe (39 %). Mar sin féin, ní fada go ndéanfaidh an tSín, atá ag breith suas go tapa, agóid i gcoinne a sheasaimh (agus sciar 10 % aici) 14 ,  15 .

Ó thaobh dinimiceas tionscail, is spreagthaí láidre iad bith‑theicneolaíochtaí don nuálaíocht in earnálacha na heolaíochta beatha agus tá siad ríthábhachtach do gheilleagar an Aontais agus diomaíochas a thionscail. Tá táirgiúlacht san earnáil seo i bhfad níos airde ná meán an Aontais agus tá a fostaíocht ag fás sé huaire níos tapúla ná geilleagar foriomlán an Aontais 16 . Leis sin cuirtear i dtábhacht acmhainneacht ollmhór na bith‑theicneolaíochta Eorpaí le haghaidh feidhmeanna tionsclaíocha. In 2024, bhí 15 % de phríomhghnóthais an domhain lonnaithe san Aontas ó thaobh infheistíocht taighde agus nuálaíochta (T&N) san earnáil eolaíochta beatha a bhaineann leis an tsláinte (64 ghnólacht a bhfuil a gceanncheathrú san Aontas) 17 . Tá baint ag táirgí a fhorbraítear san Aontas le cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht. An tráth céanna, tháinig méadú faoi dhó beagnach ar chaiteachas gnó ar T&F in earnálacha na heolaíochta beatha idir 2012 agus 2022 (féach Fíor 2) 18 .

Fíor 2: Business expenditure on R&D in the life science sectors (ó Lasarte‑López, J., González‑Hermoso, H., M’barek, R., 2025)

Dúshláin romhainn

iomaíocht ghéar os comhair an Aontais ar an leibhéal domhanda ó gheilleagair eile cuir i gcás na Stáit Aontaithe agus an tSín, agus tá bearna nuálaíochta ann atá ag dul i méid agus teip scanrúil táirgí nó seirbhísí a dhéanamh den nuálaíocht. Bíonn deacrachtaí ag cuideachtaí nuálacha uas‑scálú a dhéanamh san Eoraip 19 . Tá an bhearna in infheistíochtaí caipitil fiontair ag leathnú freisin. Léiríonn na treochtaí diúltacha sin bacainní struchtúracha lena ndéantar difear do shlabhraí luacha eolaíocht beatha na hEorpa. Tá teorainn á cur lenár n‑acmhainneacht de dheasca éiceachórais T&N ilroinnte, luachshocrú teoranta agus, go minic, moillithe ar fhionnachtana teicneolaíochta agus tearcúsáid sonraí agus intleachta saorga (IS).

Thairis sin, léiríonn roinnt treochtaí in earnáil na n‑eolaíochtaí beatha forbairtí ar ábhar imní iad: mar shampla i dtéarmaí an lín trialacha cliniciúla a dhéantar 20 nó an sciar den mhargadh le haghaidh táirgí ardluacha cuir i gcás táirgí íocshláinte ardteiripe (ATMPanna).

In amanna, ní mór do nuálaithe eolaíochta beatha a mbealach a dhéanamh trí chreataí rialála casta freisin. Is minic is gá do nuálaithe reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht náisiúnta araon a leanúint, ar reachtaíochtaí iad nach bhfuil sách fabhrach don nuálaíocht, nach bhfuil slán i bhfad na haimsire agus nach bhfuil bealaí soiléire acu chun rochtain a fháil ar mhargaí. Tá an baol go gcaillfear iomaíochas i réigiúin eile ard go háirithe i réimsí cuir i gcás feistí leighis agus taighde cliniciúil. Chuige sin, ní mór do na Ballstáit agus don Choimisiún dul i gcomhar le chéile.

Tá sé fíor‑riachtanach na bacainní sin a shárú chun leas iomlán a bhaint as na heolaíochtaí beatha. Maidir le bith‑theicneolaíochtaí, tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún cheana féin ar conas reachtaíocht an Aontais agus a cur chun feidhme a chuíchóiriú chun ilroinnt a laghdú, leas a bhaint as an bhféidearthacht simpliú a dhéanamh agus an t‑am a ghiorrú chun nuálaíochtaí bith‑theicneolaíochta a mhargú. Beidh sé d’aidhm ag an nGníomh um an mBith‑theicneolaíocht atá ar na bacáin dlús a chur le haistriú na nuálaíochta bith‑theicneolaíochta chuig próisis thionsclaíocha agus táirgí tionsclaíocha feabhsaithe is féidir a thabhairt chun an mhargaidh.

Leas a bhaint as acmhainneacht na n‑eolaíochtaí beatha bríomhara san Aontas Eorpach – straitéis um eolaíochtaí beatha na hEorpa

Tá sé de chuspóir foriomlán ag an straitéis seo an tAontas a chur in iúl mar an áit is tarraingtí ar domhan deolaíochtaí beatha faoi 2030 21 . Leis an straitéis fógraítear sraith gníomhaíochtaí atá le forbairt agus le cur chun feidhme sna blianta amach romhainn chun éiceachóras eolaíochtaí beatha dinimiciúil agus iomaíoch a chothú. Chun an fhís sin a bhaint amach, is gá gníomhaíocht chomhordaithe a dhéanamh ar fud shlabhra luacha na n‑eolaíochtaí beatha ina iomláine – ó T&N go cur in úsáid ar an margadh agus glacadh táirgí agus seirbhísí sábháilte agus inbhuanaithe de chuid an úsáideora. Éilítear leis freisin oibriú i gcomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eolaíochta beatha chun an úsáid is éifeachtaí a bhaint as infheistíochtaí, saineolas agus acmhainní.

Chun na spriocanna sin a bhaint amach, moltar sa straitéis gníomhaíocht i dtrí chéim idirnasctha, ar céimeanna iad uile atá mar bhonn taca faoin ‘aistear nuálaíochta in eolaíocht na beatha’:

·éiceachóras T&N a bharrfheabhsú chun earnáil eolaíocht na beatha atá iomaíoch ar fud an domhain a bhaint amach: trí chomhar neartaithe agus úsáid bharrfheabhsaithe a bhaint as acmhainní, cur chuige iomlánaíoch a chur chun cinn, úsáid a bhaint as cumhacht na sonraí agus IS, scileanna oiriúnacha a chinntiú agus tacú le tionscal inbhuanaithe;

·rochtain rianúil agus thapa ar an margadh a chinntiú le haghaidh nuálaíochtaí eolaíochta beatha: trí rialáil níos neamhdhíobhálaí don nuálaíocht, prionsabal na nuálaíochta a úsáid chomh maith le boscaí gainimh rialála, agus infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí a shlógadh ar bhealach níos fearr;

·borradh a chur faoi ghlacadh agus úsáid na nuálaíochta san eolaíocht bheatha: trí mhodhanna níos fearr chun teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh chun bréagaisnéis a chomhrac agus muinín a chothú, agus oibriú ar bhealach níos dlúithe le húsáideoirí deiridh chun réitigh oiriúnacha ar a riachtanais shonracha a chinntiú.

Beidh roinnt tionscnamh de chuid an Aontais, straitéis an Aontais um ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú 22 , straitéis an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta 23 , Aontas na Scileanna 24 agus Gníomh an Aontais um an mBith‑theicneolaíocht, an straitéis um fhrithbhearta leighis, an straitéis um stoc-charnadh agus an straitéis bhithgheilleagair atá ar na bacáin san áireamh, ina rannchuidiú leis na haidhmeanna a leagtar amach sa straitéis um eolaíochtaí beatha na hEorpa a bhaint amach.

Molann an Coimisiún comhordú treisithe ar a chuid seirbhísí chun na gníomhaíochtaí sa straitéis a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu.

Tá méid os cionn EUR 10 mbilliún ó chláir chistiúcháin an Aontais (Fís Eorpach, an Clár EU4Health, an clár don Eoraip Dhigiteach, LIFE, an Ciste don Nuálaíocht, Erasmus+) ina thaca bliantúil le gníomhaíocht chun an straitéis seo a chur chun feidhme sa chreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair.

2.Éiceachóras T&N a bharrfheabhsú chun earnáil na heolaíochta beatha atá iomaíoch a chur chun cinn ar fud an domhain

T&N Eorpach a threisiú

Is bonn fíor‑riachtanach é eolas nua a chruthú le haghaidh éiceachóras beoga eolaíochtaí beatha agus chun teicneolaíochtaí agus nuálaíochtaí a fhorbairt. Tá an clár Fís Eorpach, clár réime an Aontais um T&N, ina thaca le taighde bunúsach agus taighde ar thús cadhnaíochta 25 agus feidhmíonn sé chun feidhmeanna agus táirgí praiticiúla a dhéanamh dfhionnachtana atá ag teacht chun cinn 26 , lena náirítear é sin a dhéanamh trí thionscadail idirdhisciplíneacha chomhoibríocha 27 . Comhlánaítear é sin le beartas comhtháthaithe an Aontais lena ndírítear ar acmhainneachtaí réigiúnacha T&N a neartú. Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do thaighde láidir eolaíochta beatha. Tacóidh an Coimisiún freisin le bonneagair thaighde agus theicneolaíochta uile‑Eorpacha 28 agus déanfaidh sé próisis táirgthe a bharrfheabhsú, mar shampla le haghaidh teicneolaíochtaí bithgheilleagair. Beidh sé daidhm ag straitéis an Aontais atá ar na bacáin maidir le bonneagair thaighde agus theicneolaíochta a n‑inbhuanaitheacht, a gcomhordú agus a n‑inrochtaineacht a neartú.

Cé go bhfuil bunús láidir T&N ag an Aontas, tá bacainní roimhe maidir le dul chun cinn eolaíoch a thiontú ina bhfeidhmeanna fíorshaoil. D’ainneoin raon ionstraimí cistiúcháin, tá barr feabhais fós le baint amach ag an Aontas maidir le tacaíocht a sholáthar do theicneolaíochtaí ar fud céimeanna forbartha agus níl maoiniú leantach leordhóthanach aige le haghaidh torthaí a bhfuil gealladh fúthu.

Is féidir dúshlán na hilroinnte agus na sadhlann a shárú trí dhisciplíní eolaíochta beatha, páirtithe leasmhara agus maoiniú a thabhairt le chéile in éiceachórais T&N dhinimiciúla agus nasctha toisc gur fearr is féidir riachtanais shonracha le haghaidh réiteach a mheaitseáil le nuálaíocht a bhfuil gealladh fúithi a bhuí le comhar idir taighdeoirí, nuálaithe, lucht tionscail, úsáideoirí agus lucht ceaptha beartas. Cuirtear feabhas ar an dóigh sin freisin ar éifeachtúlacht an phróisis a bhaineann le heolas a aistriú i bhfeidhmeanna fíorshaoil.

Ar na samhlacha rathúla le haghaidh éiceachórais T&N cuimsítear comhpháirtíochtaí, misin agus bithbhraislí. Le Comhpháirtíochtaí Eorpacha 29 agus misin Eorpacha 30 faoin gclár Fís Eorpach, cothaítear comhar fadtéarmach, laghdaítear ilroinnt agus cuirtear scála criticiúil ar fáil.

Is é is aidhm don chomhpháirtíocht chómhaoinithe an Chomhghuaillíocht Eorpach um Thaighde ar Ghalair Neamhchoitianta (ERDERA 31 ) ceannaire domhanda a dhéanamh den Eoraip i dtaighde agus nuálaíocht maidir le galair neamhchoitianta trí mhaoinitheoirí taighde AE agus náisiúnta a thabhairt le chéile. Cuimsítear leis sin freisin bonneagair thaighde na n‑eolaíochtaí beatha Eorpacha, an tArdán Eorpach um Chlárú Galar Neamhchoitianta atá á bhainistiú ag JRC 32 , eagraíochtaí othar, na Líonraí Tagartha Eorpacha arna maoiniú leis an gclár EU4Health 33 agus eagraíochtaí poiblí, fondúireachtaí agus tionscail a dhéanann taighde. Ar na comhpháirtíochtaí cómhaoinithe eile de chuid an Aontais cuimsítear Biodiversa+ a chuireann deiseanna ar fáil chun éiceachórais a athchóiriú agus a chosaint agus chun tacú leis an bplean gníomhaíochta Aon Sláinte Amháin agus leis an gComhpháirtíocht Eorpach maidir le Sláinte agus Leas Ainmhithe 34 a chuireann deiseanna ar fáil chun taighde ar eolaíochtaí beatha a chothú chun sláinte ainmhithe a neartú. Laistigh den Chomhbheartas Talmhaíochta, leis an gComhpháirtíocht Eorpach Nuálaíochta um Tháirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta tacaítear le tionscadail nuálacha áitiúla ón mbun aníos chun a chinntiú go mbeidh an dul chun cinn sna heolaíochtaí beatha ina nuálaíochtaí praiticiúla lena dtugtar aghaidh ar fhíor‑riachtanais feirmeoirí, foraoiseoirí agus pobal tuaithe.

Is é sprioc an Mhisin Eorpaigh Comhaontú Ithreach don Eoraip (Misean Ithreach) 35 100 Saotharlann Bheo agus Teach Solais a chruthú faoi 2030 chun bainistiú inbhuanaithe talún agus ithreach a chur chun cinn i gceantair uirbeacha agus thuaithe.

Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do ghlacadh nuálaíochtaí sna heolaíochtaí beatha ar fud na n‑éiceachóras T&N uile, déanfaidh an tAontas, trína Bheartas Comhtháthaithe, idirnascacht agus comhtháthú críochach níos láidre a chothú i measc gníomhaithe áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta. Trí leas a bhaint as na solúbthachtaí nua a tugadh isteach tríd an athbhreithniú meántéarma ar an mBeartas Comhtháthaithe, go háirithe an rogha chun acmhainní Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a ath-leithdháileadh ar an Ionstraim um Infheistíocht Nuálaíochta Idir-réigiúnach (I3), is féidir cuidiú le réitigh eolaíochtaí beatha a leathnú agus slabhraí luacha T&N a chomhtháthú ar bhealach níos fearr ar fud na dtíortha agus na réigiún.

Bíonn ról lárnach ag Pobal na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT), go háirithe na Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) EIT Health, EIT Food, EIT Climate agus EIT Water atá ar na bacáin, maidir leis na heolaíochtaí beatha a chur chun cinn ar fud na hEorpa. Cuimsíonn sé oideachas, fiontraíocht, infheistíocht agus comhar trasearnála, a bhfuil sé d’aidhm acu uile nuálaíocht a chothú agus aghaidh a thabhairt ar mhórdhúshláin cúraim sláinte, talmhaíochta, córas bia nó aeráide.

Tá bithbhraislí, a fhaigheann tacaíocht freisin ó ghníomhaíochtaí an Ardáin Comhair do Bhraislí Fiontar Eorpacha, ina gcineál eile éiceachórais fós ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta. Tugann siad páirtithe leasmhara éagsúla le chéile d’fhonn dlús a chur leis an nuálaíocht trí eolas a dhíriú ar réimsí sonracha eolaíochta beatha, go háirithe sa bith‑theicneolaíocht. Ba cheart samhlacha den sórt sin a ghiaráil le haghaidh trialacha cliniciúla ilnáisiúnta agus ATMPanna.

Cruthófar tairbhí móra freisin trí acmhainneachtaí bithbhraislí Eorpacha a ghiaráil. Tá roinnt bithbhraislí san Eoraip cheana féin. Tá deis ann feabhas a chur ar a seasamh domhanda 36 chun caipiteal príobháideach a mhealladh, fiontraíocht a spreagadh agus a chinntiú go leanfaidh an tAontas de bheith iomaíoch. Trí níos mó ionaid barr feabhais a shainaithint 37 , is féidir leis an Aontas borradh a chur faoina inniúlacht i nuálaíocht eolaíochta beatha.

Tá éiceachórais T&N den sórt sin oiriúnach, mar shampla, chun bainistíocht inbhuanaithe bithmhaise a chinntiú, nó chun frithbhearta leighis a fhorbairt nó le haghaidh cógais leighis chriticiúla, a chumhdófar faoi seach tríd an straitéis bhithgheilleagair atá ar na bacáin, tríd an straitéis um fhrithbhearta leighis agus tríd an nGníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla 38 . Léirítear i dtuarascálacha Draghi agus Letta go bhfuil gá le gníomhaíochtaí go háirithe le haghaidh trialacha cliniciúla ilnáisiúnta agus ATMPanna.

Tá sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus forbairt ATMP , ní hamháin chun torthaí othar a fheabhsú ach chun seasamh na hEorpa mar cheannaire domhanda sa nuálaíocht bhithleighis a neartú freisin. Is catagóir cheannródaíoch cóireálacha iad ATMPanna atá ceaptha chun réimse leathan galar daonna a chóireáil, agus galair thromchúiseacha, ainsealacha nó neamhchoitianta san áireamh, inar minic nach mbíonn cóireálacha caighdeánacha chomh maith sin.

Mar shampla, bhí ar leanaí a bhfuil an galar géiniteach neamhchoitianta ADA‑SCID orthu (ar a dtugtar leanaí bolgáin) maireachtáil i ndálaí steiriúla agus leithlisithe de dheasca a gcórais imdhíonachta lagaithe. Bhí taighdeoirí Eorpacha ina gceannródaithe ar an gcéad ATMP chun cóireáil a chur ar ADA‑SCID, rud a maoiníodh i bpáirt leis na cláir réime um thaighde agus nuálaíocht 39 . Leis an teiripe, nach gá a thabhairt ach uair amháin, ceartaítear an ghéin éalangach sna cealla imdhíonachta, rud a chuireann ar chumas na leanaí sin dul ar ais ar scoil agus saol sásúil a bheith acu. Sampla eile is ea an tionscadal Arrest Blindness 40 , a dfhorbair bithchoirne rud a thug an t‑amharc ar ais dothair a bheadh faoi lagamharc nó dall murach sin 41 .

Is cineál taighde iad trialacha cliniciúla lena ndéantar staidéar ar thástálacha agus cóireálacha nua agus lena ndéantar meastóireacht ar a n‑éifeachtaí ar thoradh shláinte an duine nó sláinte ainmhithe 42 . Tá na staidéir thaighde sin fíor‑riachtanach chun fíor‑réitigh cúraim sláinte a dhéanamh dfhionnachtana eolaíocha 43 . Tá buntáistí uathúla ag an Eoraip i dtaighde cliniciúil daonna, a bhuí lena daonra mór agus lena héagsúlacht ghéiniteach shaibhir, chomh maith le barr feabhais eolaíoch, bonneagair thaighde, agus ardchaighdeáin eitice, cháilíochta agus sábháilteachta. Tá cur chuige cuimsitheach i leith trialacha cliniciúla ríthábhachtach chun leas a bhaint as na buntáistí sin 44 .

Chun feabhas a chur ar an gcreat le haghaidh taighde cliniciúil san Eoraip, is gá dúinn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin rialála (féach roinn 3) agus feabhas a chur ar éiceachóras an taighde chliniciúil, cuir i gcás trí thacú le bonneagair agus lárionaid agus líonraí trialacha cliniciúla. Ina theannta sin, ní mór tuilleadh maoinithe a chur ar fáil do thrialacha cliniciúla ilnáisiúnta san Eoraip agus an tsamhail d’ionaid taighde chliniciúil atá comhtháite go réigiúnach a chur chun cinn, go háirithe chun tacú le FBManna agus chun taighde cliniciúil a chuireann an tsláinte phoiblí chun cinn a chur chun cinn.

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag rannchuidiú le trialacha cliniciúla ilnáisiúnta a éascú trí chomhpháirtíochtaí Eorpacha, agus Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach (IHI JU) san áireamh 45 , agus leas á bhaint go háirithe as na bonneagair thaighde Eorpacha atá ann cheana 46 , líonraí trialacha cliniciúla nó sásraí chun trialacha cliniciúla a bhaineann le hullmhacht a chomhordú 47 . Cuirfidh an Coimisiún tús píolótach freisin le cur chuige nua chun trialacha cliniciúla ilnáisiúnta a mhaoiniú agus molfaidh sé gníomhaíochtaí breise chun feabhas a chur ar an tírdhreach maoiniúcháin.

Tá an Coimisiún ag obair freisin tríd an tionscnamh Dlús a chur le Trialacha Cliniciúla san Aontas Eorpach (ACT EU 48 ) chun tacú le trialacha cliniciúla trí nuálaíocht rialála, theicneolaíoch agus phróisis.

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair i gcomhar le coistí eitice taighde leighis na mBallstát sa tionscnamh MedEthicsEU 49 , chun dlús a chur le hiarrachtaí chun a bpróisis oibríochtúla a ailíniú. Sa chomhthéacs sin, leanfar de theimpléid sampla a fhorbairt agus dreasófar a n‑úsáid, ar teimpléid iad is féidir a bheith ina rannchuidiú le ceanglais náisiúnta a chomhchuibhiú.

A mhéid a bhaineann leis an méadú atá ag teacht ar an líon cóireálacha nuálacha agus pearsantaithe ina gcomhcheanglaítear cógais agus feistí leighis, tacaíonn an clár COMBINE 50 le hurraitheoirí nuair a chuireann siad an creat rialála le haghaidh trialacha cliniciúla ar chógais agus le haghaidh feistí leighis araon i bhfeidhm. Is é is aidhm don chlár an comhéadan idir na creataí rialála sin a chuíchóiriú. Tá próiseas measúnaithe comhordaithe uilechuimsitheach,  á reáchtáil ar bhonn píolótach, lena gcomhcheanglaítear formheas ó údaráis leighis agus feistí agus coistí eitice ar fud roinnt Ballstát in aon phróiseas amháin, lena laghdaítear an t‑ualach riaracháin ar urraitheoirí.

I bhfianaise acmhainneacht na gcomhpháirtíochtaí agus na mbithbhraislí, tathantaíonn an Coimisiún ar na Ballstáit agus ar chomhpháirtithe eile borradh a chur faoina dtacaíocht do chomhpháirtíochtaí Eorpacha agus infheistíocht spriocdhírithe T&N a mhéadú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.

Ar deireadh, chun fanacht chun tosaigh ar fud an domhain, ní mór don Aontas fionnachtana eolaíocha atá ag teacht chun cinn a shainaithint go luath trí scanadh ionchais 51 agus tacú ansin lena n‑aistriú tapa chuig nuálaíocht. Beidh an méid sin ina chuidiú le heolas a dhéanamh dinfheistíochtaí poiblí 52 agus do na hinfheistíochtaí sin a chur in ord tosaíochta. Beidh ról lárnach ag Grúpa Comhordaithe na mBallstát um Chomhordú na hEolaíochta Beatha (féach Roinn 5) maidir le deiseanna a mhapáil, tosaíochtaí maoiniúcháin a ailíniú agus gníomhaíochtaí atá ann cheana a chomhtháthú 53 .

Na gníomhaíochtaí atá beartaithe:

·(Tionscnamh Suaitheanta) Molfaidh an Coimisiún plean infheistíochta le haghaidh taighde cliniciúil chun maoiniú a éascú do thrialacha cliniciúla ilnáisiúnta, i gcomhréir le rialacha iomaíochta, agus chun bonneagair thaighde Eorpacha i réimse an taighde chliniciúil a fhorbairt agus a chuíchóiriú a thuilleadh.

·(Tionscnamh Suaitheanta) Cruthóidh an Coimisiún líonra dIonaid Barr Feabhais Eorpacha i dtáirgí íocshláinte ardteiripe (ATMPanna) chun a bhforbairt bhreise a chomhordú, in éineacht leis na Ballstáit, agus na lárionaid atá ann cheana á gcur san áireamh, agus tacaíocht airgeadais EUR 4 mhilliún á fáil ó chlár oibre an chláir Fís Eorpach 2026‑2027 54 .

·Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le Trialacha Cliniciúla agus é mar aidhm fhoriomlán aige an Eoraip a dhéanamh níos iomaíche do thrialacha cliniciúla agus dinfheistíochtaí taighde leighis.

·Seolfaidh an Coimisiún treoirthionscadal chun taighde comhoibríoch a chistiú de réir a chéile agus céim ar chéim faoi chlár oibre an chláir Fís Eorpach 2026‑2027 55 , agus torthaí ó thionscadail de chuid an Aontais a bhí ann roimhe sin á ngiaráil aige, chun dlús a chur le forbairt teicneolaíochtaí sláinte a bhfuil gealladh fúthu.

·Fiosróidh an Coimisiún treoirthionscadal chun deiseanna comhair idir braislí bith‑theicneolaíochta an Aontais a shainaithint agus a shaothrú ar fud an Aontais, agus béim á cur ar thacú le huas‑scálú a ngnólachtaí nuathionscanta agus ar fheabhas a chur ar a seasamh nuálaíochta tionsclaíche domhanda. Leis an ngníomhaíocht, ba cheart cur leis na gníomhaíochtaí atá ann cheana, cuir i gcás an tArdán Comhair do Bhraislí Fiontar Eorpacha.

Cur chuige iomlánaíoch a chur chun cinn i leith na n‑eolaíochtaí beatha

Níl creat comhleanúnach comhtháite ag an Aontas faoi láthair le haghaidh na n‑eolaíochtaí beatha, rud a chuireann teorainn leis an raon feidhme le haghaidh ailíniú beartais, comhar trasearnála agus réitigh inbhuanaithe. Ar na réimsí ina dtairbheofaí go mór de chreat níos comhtháite tá na cinn sin lena n‑éilítear cuir chuige Aon Sláinte Amháin, chomh maith leis an réimse ina ndéantar staidéar ar na naisc idir an t‑athrú aeráide agus an tsláinte.

Leis an gcur chuige Aon Sláinte Amháin 56 aithnítear idirnascthacht shláinte an duine, sláinte ainmhithe agus shláinte an chomhshaoil agus féachtar le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda ar bhealach inbhuanaithe. Is féidir leis an Aontas glacadh leis an gcur chuige Aon Sláinte Amháin chun sláinte daoine a chosaint ar bhealach níos fearr, an t‑aistriú glas a chumhachtú agus borradh a chur faoin iomaíochas. Tá sé thar a bheith tábhachtach sláinte an chomhshaoil a chinntiú agus deireadh a chur le díothú speiceas. Sa tuairim eolaíoch, Rialachas Aon Sláinte Amháin san Aontas 57 , moltar gníomhaíocht a dhéanamh chun dul i ngleic le hilroinnt beartas, leis an easpa trasdisciplíneachta agus idirdhisciplíneachta, agus le comhordú neamh‑leordhóthanach i measc earnálacha gaolmhara. Sampla cruthanta de bhreisluach trí chur chuige Aon Sláinte Amháin a ghlacadh is ea an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac, rud nach féidir a shárú ach amháin má chuirtear idirnaisc idir daoine, ainmhithe agus an comhshaol san áireamh. Is féidir leis an Aontas cur lena chuid oibre sa réimse sin ar an Moladh ón gComhairle maidir le dlús a chur le gníomhaíochtaí an Aontais chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac i gcur chuige Aon Sláinte Amháin 58 agus leis an gcomhar idir an tAontas agus na Ballstáit 59 . Sampla eile is ea an ullmhacht agus an fhreagairt níos fearr do ghalair thógálacha, ina ndaingníonn saghsanna comhair amhail DURABLE 60 , líonra de shaotharlanna sláinte poiblí agus ainmhithe agus institiúidí taighde acadúla inniúlacht an Aontais freagairt go tapa do bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte atá ag teacht chun cinn.

Ach cur chuige Aon Sláinte Amháin a ghlacadh, chruthófaí deiseanna móra i réimse na micribhithóm freisin, ar pobail miocrorgánach iad, cuir i gcás baictéir nó fungais a chónaíonn le chéile i dtimpeallacht shonrach, agus idirnaisc dhoimhne eatarthu. Trí thuiscint chríochnúil a fháil ar mhicribhithóim agus ar a n‑idirghníomhaíochtaí, cruthófar deiseanna chun feabhas a chur ar tháirgí nua agus chun iad a chruthú le haghaidh sláinte, bia, talmhaíocht agus foraoiseacht inbhuanaithe, dobharshaothrú agus athchóiriú éiceolaíoch.

Ag an am céanna, ní mór dúinn tuiscint níos fearr a fháil ar na naisc idir an tathrú aeráide agus an tsláinte, agus aird á tabhairt ar aoisghrúpaí éagsúla, lena náirítear daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas 61 . Leis an gclár oibre straitéiseach nua um thaighde agus nuálaíocht maidir leis an tsláinte agus leis an athrú aeráide 62 , tacófar le réitigh ardtionchair a fhorbairt agus a chur in úsáid, uirlisí faireachais riosca sláinte, idirghabhálacha feabhsaithe coisc agus teicneolaíochtaí leighis ísealcharbóin san áireamh. Leis an bplean Eorpach um oiriúnú don athrú aeráide atá ar na bacáin, cuideofar leis na Ballstáit pleanáil athléimneachta a neartú, measúnuithe riosca aeráide a thabhairt cothrom le dáta agus bonneagar níos láidre atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a fhorbairt agus an taithí a fuair Misean an Aontais maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide 63 chomh maith le coincheapa agus prionsabail Bauhaus Eorpach Nua á gcur san áireamh.

Na gníomhaíochtaí atá beartaithe:

·(Tionscnamh Suaitheanta) Cuirfidh an Coimisiún cuir chuige Aon Sláinte Amháin chun cinn sa taighde agus sa nuálaíocht trí chomhoibriú leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile chun an méid seo a leanas a dhéanamh: 
i) réimsí tosaíochta breise a shainaithint a thairbheodh de chuir chuige Aon Sláinte Amháin lena mbreithniú i leith tacaíocht airgeadais, agus sonraí agus stórais atá ann cheana a ghiaráil, agus

ii) treoraíocht a fhorbairt chun tacú le T&N idirdhisciplíneach agus trasdisciplíneach in Aon Sláinte Amháin. 

·(Tionscnamh Suaitheanta) Tá sé duaillmhian ag an gCoimisiún nuálaí den chéad scoth a dhéanamh den Aontas i réitigh atá bunaithe ar mhicribhithóim Aon Sláinte Amháin, agus trí bheagnach EUR 100 milliún a shlógadh faoi chláir oibre an chláir Fís Eorpach le haghaidh 2026‑2027 san áireamh, agus sin chun tacú leis na réitigh sin a fhorbairt agus a chur in úsáid.

·(Tionscnamh Suaitheanta) Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme an clár oibre straitéiseach nua um thaighde agus nuálaíocht maidir leis an tsláinte agus leis an athrú aeráide, lena náirítear é sin a dhéanamh trí EUR 170 milliún de mhaoiniú ón gclár Fís Eorpach a shlógadh, agus iarrann sé ar na Ballstáit agus ar an tionscal rannchuidiú leis sin. Molfaidh an Coimisiún comhar taighde domhanda freisin chun ailíniú a chothú idir maoinitheoirí domhanda agus chun tacú le réitigh a fhorbairt chun ár dteacht aniar a mhéadú agus chun tacú leis an oiriúnú don athrú aeráide agus leis an maolú ar an athrú aeráide.

·Forbróidh an Coimisiún clár oibre straitéiseach T&N maidir le córais bhia chun forbairt réiteach córas bia iomaíoch, inbhuanaithe agus athléimneach a chothú, rud a chomhlánóidh an cur chuige straitéiseach atá le teacht maidir le T&N sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht agus i gceantair thuaithe a fógraíodh san Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia 64 .

Leas a bhaint as cumhacht na sonraí agus IS le haghaidh nuálaíocht cheannródaíoch

Tá rochtain ar thacair sonraí ardcháilíochta ar mhórscála agus an cumas anailís a dhéanamh orthu fíor‑riachtanach chun fionnachtana eolaíochta beatha a chur chun cinn. Leis an bpléascadh sonraí a ghintear ar fud an domhain 65 , mar aon le dul chun cinn tapa san intleacht shaorga (IS), cuirtear deiseanna móra ar fáil do réimsí éagsúla, cuir i gcás an comhshaol nó an tsláinte. Cuimsítear orthu anailís ar chórais chasta bhitheolaíocha, cúram sláinte pearsantaithe a fhorbairt, agus réitigh shaincheaptha do dhaonraí sonracha cuir i gcás mná agus daoine scothaosta agus roinnt mhaith eile san áireamh.

Tá an Eoraip ar thús cadhnaíochta maidir le IS a ghlacadh le haghaidh taighde eolaíoch agus seoladh roinnt tionscnamh de chuid an Aontais chun leas a bhaint as na cumais IS agus sonraí Eorpacha 66 .

Leis an bPlean Gníomhaíochta Ilchríochach IS 67 , an straitéis atá le teacht maidir le IS a chur i bhfeidhm, mar aon le straitéis thiomnaithe maidir le IS san eolaíocht agus sna Monarchana IS 68 , cuirfear dlús breise le glacadh míchothrom IS agus éascófar fionnachtana eolaíochta beatha atá cumhachtaithe le IS 69 . Maidir le 10 gcinn ar a laghad as 13 Mhonarcha IS, a thugann le chéile na hacmhainní agus na páirtithe leasmhara is gá chun samhlacha agus feidhmchláir IS cheannródaíocha a thógáil, freastalóidh siad ar éiceachórais atá ábhartha deolaíochtaí beatha, i measc éiceachórais eile a thacaíonn le fionnachtain drugaí agus anailís géanóim. Thairis sin, infheisteofar EUR 20 billiún chun suas le cúig Ghigeamhonarcha IS a chruthú a bheidh tiomnaithe dfhorbairt agus doiliúint samhlacha IS den chéad ghlúin eile ina mbeidh na trilliúin paraiméadar.

In earnáil na sláinte, leis an Rialachán maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte (EHDS) 70 bunaítear creat soiléir chun rochtain a fháil ar ríomhshonraí sláinte ar bhealach slán cuíchóirithe.

Tá rialacha agus prionsabail an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí leabaithe i gcreataí dlíthiúla cuir i gcás EHDS, an Gníomh um Rialachas Sonraí agus an Gníomh um IS chun taighde agus nuálaíocht atá ag brath ar shonraí pearsanta a chumasú. Thairis sin, le Straitéis an Aontais Sonraí atá ar na bacáin, glacfar cur chuige trasearnála chun cur le hinfhaighteacht agus úsáid sonraí le haghaidh IS agus chun aghaidh a thabhairt ar an ilroinnt dhlíthiúil, lena n‑áiritheofar timpeallacht sonraí níos comhtháite agus níos éifeachtúla ar fud an Aontais.

Mar sin féin, tá dúshláin fós ann. Cruthaíonn ilroinnt i gcur i bhfeidhm náisiúnta reachtaíocht an Aontais agus léirmhínithe náisiúnta éagsúla éiginnteacht dhlíthiúil agus leanann siad de theorainn a chur le húsáid iomlán sonraí pearsanta 71 . Cómhaireachtáil sonraí pearsanta agus neamhphearsanta agus na formáidí sonraí éagsúla, in éineacht le córais éagsúla rochtana sonraí agus an fíoras gur minic a leanann sonraí de bheith i stóras, cuireann na nithe sin leis an gcastacht. Is measa fós na dúshláin sin mar gheall ar ábhair imní eiticiúla maidir le IS agus úsáid agus athúsáid sonraí.

Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, is gá comhar níos dlúithe a bhunú idir údaráis na mBallstát, atá freagrach as T&N eolaíochta beatha, réimsí a bhaineann IS agus sonraí, agus páirtithe leasmhara institiúideacha an Aontais chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann le sonraí ar bhealach comhsheasmhach. Leis an gcomhar sin, feabhsófar an chomhthuiscint ar na dúshláin atá ag éirí níos casta, níos trasearnálaí agus níos cothrománaí maidir le comhroinnt sonraí le haghaidh eolaíochtaí beatha, éascófar malartú dea‑chleachtas agus comhchuibhiú cur chuige i réimsí a théann níos faide ná réimsí rialála earnáilsonracha. Agus é ag tógáil ar an gcomhar trasrialála sin, breithneoidh an Coimisiún an bealach chun cinn is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin athfhillteacha gan réiteach atá os comhair páirtithe leasmhara T&N.

Braitheann taighde agus nuálaíocht sna heolaíochtaí beatha go mór freisin ar thuiscint agus taiscéaladh sonraí géanómaíocha agus bitheolaíocha daonna agus neamhdhaonna (bithshonraí) 72  agus sonraí tacsanomaíocha san áireamh. Bheadh tábhacht ar leith ag baint le sonraí neamhdhaonna agus daonna a nascadh chun na cuir chuige Aon Sláinte Amháin a chur chun cinn, mar a luadh roimhe seo. Tá an Coimisiún ag tacú cheana féin le bunachar sonraí tagartha géanómaíocha Eorpach cuimsitheach a bhunú chun tacú le dul chun cinn sa leigheas pearsantaithe.

Tá dlús a chur le fionnachtana eolaíocha, caomhnú na bithéagsúlachta, agus rannchuidiú le hathchóiriú an dúlra 73 ag brath go mór freisin ar fheabhas a chur ar cháilíocht, inrochtaineacht, idir‑inoibritheacht agus inbhuanaitheacht acmhainní bithshonraí. Tá gá le comhar idirnáisiúnta iltaobhach níos láidre le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo chun rochtain fhadtéarmach ar acmhainní domhanda bithshonraí agus maoirseacht orthu a chinntiú.

Ar deireadh, chun fionnachtana eolaíochta beatha a thabhairt chun tosaigh go mear ón gcoincheap go dtí an margadh, ba cheart uirlis idirghníomhach atá cumhachtaithe le IS a bheith ag taighdeoirí agus nuálaithe chun a mbealach a dhéanamh trí thírdhreach rialála an Aontais agus na stórais sonraí agus na seirbhísí atá ar fáil a ghiaráil go hiomlán. Le huirlis den sórt sin, tabharfar aghaidh ar riachtanais thrasdisciplíneacha agus thrasearnálacha eolaithe an tsaoil nua‑aimseartha, ag tacú le taighdeoirí agus nuálaithe chun i) comhlíontacht rialála a leabú ag an gcéim deartha an‑luath, ii) bacainní so‑aimsitheachta sonraí a shárú agus iii) leas iomlán a bhaint as na seirbhísí sonraí a sholáthraítear le bonneagar agus ionstraimí atá maoinithe ag an Aontas (féach Roinn 3).

Na gníomhaíochtaí atá beartaithe:

·(Tionscadal Suaitheanta) Bunóidh an Coimisiún Comhthionól Sonraí Eorpach maidir le T&N i leith Eolaíochtaí Beatha ina dtabharfar le chéile raon dúdaráis an Aontais agus na mBallstát atá ag obair i réimsí a bhaineann le sonraí agus príomhchomhlachtaí T&N de chuid an Aontais chun tacú le léirmhíniú agus comhchuibhiú comhsheasmhach ar na creataí sonraí dlíthiúla ábhartha agus chun comhordú agus comhar trasrialála a neartú.

·Tacóidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí chun acmhainní bithshonraí straitéiseacha a fhorbairt agus a chur ar fáil, lena náirítear bithshonraí neamhdhaonna, agus chun rochtain a chumasú dúsáideoirí Eorpacha agus domhanda mar chomhlánú ar straitéis an Aontais Eorpaigh um Shonraí.

·Infheisteoidh an Coimisiún EUR 50 milliún i dteicneolaíochtaí IS ghiniúnaigh ilmhódacha a chomhtháthú i dtaighde bithleighis ildisciplíneach trí Chlár Oibre an chláir Fís Eorpach 2025.

·Infheisteoidh an Coimisiún EUR 25 mhilliún ó chlár oibre 2026 don Eoraip Dhigiteach chun borradh a chur faoi bhonneagar sonraí géanómaíocha na hEorpa, i gcomhréir le EHDS.

Eolaíochtaí beatha mar spreagadh don inbhuanaitheacht thionsclaíoch

Tá sé ríthábhachtach dlús a chur le forbairt agus glacadh bith‑theicneolaíochtaí atá nuálach, ciorclach, tíosach ar acmhainní agus de chineál íseal‑astaíochta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, le cailliúint bithéagsúlachta agus leis an truailliú, chun díghrádú ithreach a laghdú agus soláthar inbhuanaithe seirbhísí éiceachórais a chinntiú. Chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na biteicneolaíochta chun feabhas a chur ar phróisis thionsclaíocha agus chun tionscal na hEorpa a dhéanamh glas, tá gá le hinfheistíochtaí spriocdhírithe ar fud na píblíne nuálaíochta ar fad agus ar fud na mBallstát agus na Réigiún uile, go háirithe i gcríocha a bhfuil dúshláin nuálaíochta rompu. Cuimsítear leis sin úsáid acmhainní, uisce agus fuinnimh a laghdú, i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan.

Is féidir le nuálaíocht eolaíochta beatha a bheith ina cuidiú le spleáchas na hEorpa ar bhithmhais theoranta inbhuanaithe a laghdú 74 trí réitigh athghiniúnacha agus dhúlrabhunaithe a úsáid agus bithmhais a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla, trí tháirgí luachmhara a dhéanamh den dramhaíl agus tacú le húsáid carbóin ó ghabháil agus úsáid carbóin. Tá sé fíor‑riachtanach tacú le cuir chuige mhodheolaíocha núíosacha a chur chun cinn sa bhithmhonaraíocht, toisc go gcuirtear feabhas leis sin ar an tarraingteacht chun bith‑theicneolaíocht a ghlacadh go tionsclaíoch. Tá ról tábhachtach ag teicneolaíochtaí nua le haghaidh bithfheabhsú freisin maidir leis an gcomhshaol a athbhunú. Sonraítear sa straitéis Eorpach maidir le hathléimneacht i réimse an uisce go bhféadfadh taighde agus nuálaíocht laghdú mór a dhéanamh ar na costais a bhaineann le truailleáin an‑mharthanach a fheabhsú, cuir i gcás substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS), trí theicneolaíochtaí núíosacha, agus teicneolaíochtaí bithbhunaithe san áireamh. Príomhshampla atá sna bithscaglanna den dóigh ar féidir le teicneolaíochtaí eolaíochta beatha tacú le bithgheilleagar ciorclach agus é a chumasú 75 . A bhuí le roinnt tionscnamh de chuid an Aontais, bhíothas in ann dramhaíl agus sruthanna iarmhair ón talmhaíocht, ón iascach agus ón dobharshaothrú 76 a chlaochlú ina dtáirgí ar luach níos airde cuir i gcás bia, beatha, leasacháin, teicstílí agus plaistigh 77 .

Mar shampla, leis an tionscadal Bithcharbón Ciorclach, arna mhaoiniú leis an gComhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe, táthar ag obair le húdaráis áitiúla chun dramhaíl chathrach a úsáid chun bithpholaiméirí a tháirgeadh a bhfuil raon feidhmeanna acu ó thalmhaíocht go hardábhair. Tá coinne leis gur féidir le breis agus 20 000 saoráid aisghabhála dramhaíola san Eoraip torthaí an tionscadail a mhacasamhlú, rud a chuirfidh bealach ar fáil chun gar do 50 % den ~220 milliún tona de dramhaíl chathrach a ghintear go bliantúil san Aontas a luachshocrú 78 .

Tá acmhainneacht mhór in ardteicneolaíochtaí coipthe, cuir i gcás coipeadh beachtais agus bithmhaise, toisc gur féidir leo speictream leathan táirgí ardleibhéil a tháirgeadh 79 , 80  ó amhábhair in‑athnuaite a bhfuil tionchar íseal acu ar an gcomhshaol. Ar na táirgí cuimsítear réimse leathan de chomhábhair bhia inbhuanaithe (mar shampla datháin nádúrtha, milseoirí ar bheagán calraí), bithpholaiméirí (mar shampla síoda damháin alla), cosmaidí nó bith‑dhromchlaghníomhaithe, bithlotnaidicídí nó ceimiceáin. Tá ról ceannasach ag gnólachtaí nuathionscanta agus ag FBManna eile maidir le nuálaíocht a chur chun cinn in ardteicneolaíochtaí coipthe 81 . Is próiseas dianchaipitiúil agus dúshlánach é an t‑uas‑scálú agus éilítear leis, mar shampla, réamhchóireáil bithmhaise agus próiseáil iartheachtach a fhorbairt.

Leis an straitéis bhithgheilleagair (2025) nua atá ar na bacáin, spreagfar cur in úsáid agus glacadh na nuálaíochtaí sin ar fud slabhraí luacha agus soláthar inbhuanaithe bithmhaise á chinntiú an tráth céanna. Le tionscnaimh chomhlántacha (agus an Gníomh um an nGeilleagar Ciorclach, an Teachtaireacht maidir le hArdábhair le haghaidh Ceannaireacht Thionsclaíoch 82  agus an moladh athbhreithnithe ón gCoimisiún maidir le Ceimiceáin agus Ardábhair atá Sábháilte agus Inbhuanaithe trí Dhearadh (SSbD) san áireamh 83 ), saothraítear cuspóirí inbhuanaitheachta agus iomaíochais an Aontais. Is é is aidhm do chreat SSbD a bheith ina thagarmharc domhanda don nuálaíocht san aistriú tionsclaíoch glan, agus an tionscal a spreagadh chun roghanna malartacha níos sábháilte agus níos inbhuanaithe a chur in ionad substaintí ar ábhar imní iad. Mar ullmhúchán don Ghníomh um Ardábhair, fiosróidh an Coimisiún i gcomhar le páirtithe leasmhara freisin conas is féidir le heolaíochtaí ábhair agus eolaíochtaí beatha iomaíochas a n‑earnálacha gaolmhara a threisiú go frithpháirteach.

Le huirlisí núíosacha cuir i gcás modheolaíochtaí cur chuige nua (NAManna) – modhanna turgnamhacha nuálacha nach mbaineann le hainmhithe beo – is féidir dlús a chur leis an nuálaíocht, costais a laghdú agus éifeachtúlacht in T&N tionsclaíoch a mhéadú. Leis na modheolaíochtaí sin úsáidtear raon teicneolaíochtaí nua‑aimseartha cuir i gcás ardsamhlacha ar ríomhaire agus cúpla fíorúil 84 (léiriú digiteach ar chealla, fíocháin, orgáin nó córais bheo, mar shampla). Le NAManna is féidir staidéir áirithe ar ainmhithe a chomhlánú nó a ionadú, dlús a chur le forbairt cógas sábháilte agus éifeachtach agus feabhas a chur ar mheasúnuithe sábháilteachta ar cheimiceáin agus ar tháirgí eile. Trí na huirlisí nua sin a ghlacadh agus infheistiú iontu, is féidir leis an earnáil tionsclaíochta nuálaíocht a dhéanamh ar bhealach níos tapúla, costais a laghdú agus taighde agus forbairt a dhéanamh níos inbhuanaithe.

Na gníomhaíochtaí atá beartaithe:

·Tacóidh an Coimisiún le taighde agus nuálaíocht i dteicneolaíochtaí eolaíochta beatha trasearnála chun táirgí nua a fhorbairt lenar féidir nuálaíocht thionsclaíoch agus inbhuanaitheacht thionsclaíoch a spreagadh (agus móilíní núíosacha agus ardábhair san áireamh), feabhas a chur ar éifeachtúlacht na bithmhonaraíochta agus próisis bhith‑theicneolaíochta thionsclaíocha eile, agus tacú le bithfheabhsú. Cuimsítear leis sin EUR 200 milliún a shlógadh faoi chlár oibre an chláir Fís Eorpach 2026‑2027.

·Tacóidh an Coimisiún le huas‑scálú agus glacadh ardchoipthe inbhuanaithe trí nuálaíocht a chur chun cinn trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna eile a oibríonn sa réimse sin a uas‑scálú agus trí chomhdháil bhliantúil a eagrú maidir le hardchoipeadh chun páirtithe leasmhara a nascadh, comhar a chothú agus malartú eolais a chur chun cinn.

·Tacóidh an Coimisiún le taighde agus nuálaíocht sna heolaíochtaí beatha chun seasamh ceannaireachta an Aontais maidir le réitigh bhithgheilleagair agus bainistíocht inbhuanaithe ar bhithmhais a chur chun cinn. Cuimsítear leis sin níos mó ná EUR 150 milliún a shlógadh faoi chlár oibre an chláir Fís Eorpach 2026‑2027.

·Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit, le lucht tionscail, leis an saol acadúil agus le rialtóirí chun tacú le forbairt, bailíochtú agus glacadh modheolaíochtaí cuir chuige nua chun forbairt táirgí íocshláinte agus feistí leighis nua a dhí‑rioscú trí ghníomhaíocht beartais nua de chuid an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) 85 . Ina theannta sin, leis an gclár Fís Eorpach, leithdháilfear EUR 50 milliún ar na modheolaíochtaí sin trína chlár oibre 2026‑2027.

·Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do theacht chun cinn agus do ghlacadh na chéad ghlúine eile de réitigh um chúpla fíorúil i gcomhthéacs an Tionscnaimh Eorpaigh um Chúpla Fíorúil. Tiomnóidh an Coimisiún EUR 8 milliún le haghaidh Gorlann Cúpla Fhíorúil chun tacú le glacadh réiteach cúpla fhíorúil sa mhargadh Eorpach agus lena n‑úsáid i dtaighde cliniciúil (mar shampla trialacha cliniciúla, imscrúduithe cliniciúla) tríd an gClár Oibre don Eoraip Dhigiteach 2025‑2027.

Scileanna agus gairmeacha a neartú le haghaidh eolaíochtaí beatha Eorpacha iomaíocha

Tá na heolaíochtaí beatha ag athrú go tapa. Mar gheall ar eolas, teicnící agus teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn i gcónaí, tá sé dúshlánach don lucht acadúil, do thaighdeoirí agus do chleachtóirí coinneáil suas leis an dul chun cinn. An tráth céanna, tá dúshláin ghairme roimh thaighdeoirí, agus ionchais ghairme theoranta, soghluaisteacht shrianta agus míchothromaíochtaí inscne leanúnacha i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (ETIM) san áireamh 86 .

I bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, athdhearbhaíonn an tAontas go bhfuil sé tiomanta don tsaoirse acadúil agus don chomhar taighde idirnáisiúnta oscailte, agus don Eoraip a bheith ina mol don nuálaíocht dhomhanda agus do dhul chun cinn a chothú i réimsí criticiúla eolaíochta beatha cuir i gcás an tsláinte agus an aeráid. Tá réimse ionstraimí ag an Aontas chun tacú le forbairt scileanna agus naisc a chothú idir an saol acadúil agus lucht tionscal, agus Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska‑Curie, EIT 87 , clár a fhaigheann tacaíocht ó Erasmus+ agus scéimeanna oiliúna a sholáthraíonn bonneagair thaighde Eorpacha san áireamh. Molann an Coimisiún do na Ballstáit cláir náisiúnta a neartú lena gcuirtear an nuálaíocht agus an fhiontraíocht chun cinn i bpríomhearnálacha eolaíochta saoil, chomh maith le foghlaim ar feadh an tsaoil, uas-sciliú agus athsciliú le haghaidh gairmithe sna hearnálacha sin.

In Aontas na Scileanna a seoladh le déanaí 88 moltar gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun scileanna atá dírithe ar an todhchaí a chur chun cinn ar mhaithe le hiomaíochas na hEorpa. Is é is aidhm don phlean straitéiseach oideachais ETIM a ghabhann leis 89  cáilíocht an oideachais agus na hoiliúna ETIM a fheabhsú agus tallann a chothú i réimsí criticiúla atá ag fás go tapa, cuir i gcás na heolaíochtaí beatha, lena náirítear é sin a dhéanamh trí chomhaltachtaí speisialaithe ETIM san áireamh chun na heolaithe agus na saineolaithe is fearr a mhealladh chuig an Aontas, agus tríd an gcomhar idir an t‑oideachas, an taighde agus an gnó a neartú chun sineirgí a chruthú agus aistriú eolais a éascú. Ina theannta sin, cuirfidh an plean straitéiseach curaclaim ETIM atá dírithe ar an todhchaí chun cinn i scoileanna, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus san oideachas treasach. I gcomhréir leis na hiarrachtaí sin, rannchuideoidh na héiceachórais timpeall ar Mhonarchana IS le scileanna agus saineolas ceannródaíoch glúine nua eolaithe agus gairmithe a fhorbairt ar fud réimsí éagsúla, agus na heolaíochtaí beatha san áireamh.

Chun gairmeacha taighde a dhéanamh níos tarraingtí, cuirfidh an tAontas chun feidhme an creat Eorpach nua le haghaidh gairmeacha taighde, an Moladh ón gComhairle maidir le gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe san ardoideachas 90 agus an Chairt Eorpach le haghaidh Taighdeoirí 91 , agus tacaíocht á fáil ó ionstraimí saincheaptha 92 . Ag cur leo sin, oibreoidh an Coimisiún chun tallann taighde dhomhanda a mhealladh agus bacainní dlíthiúla ar bith atá fós ann a shárú trí ghníomhaíocht faoin nGníomh um an Limistéar Eorpach Taighde (LET) atá ar na bacáin (2026).

Thairis sin, trí úsáid fheabhsaithe a bhaint as an deimhniú Eorpach maidir le scileanna digiteacha agus as digitiú cáilíochtaí acadúla agus deimhnithe eile, lena n‑áirítear micridhintiúir, chomh maith le cuntais foghlama aonair atá inrochtana go digiteach, cuirfear leis an trédhearcacht maidir leis na deiseanna oiliúna agus tacaíochta atá ar fáil, agus éascófar aitheantas uathoibríoch cáilíochtaí acadúla chun deiseanna oiliúna agus oibre a chur ar fáil d’eolaithe ar fud an Aontais. Leis na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sheolfaidh na Ballstáit uile faoi dheireadh 2026, cuirfear ardán uile-Aontais ar fáil chun deimhnithe cáilíochta digiteacha a láimhseáil agus chun iad a chur faoi chúram eolaithe.

Na gníomhaíochtaí atá beartaithe:

·(Tionscadal Suaitheanta) Déanfaidh an Coimisiún beart chun tacú le forbairt gairme taighdeoirí eolaíochta beatha agus cuidiú le taighdeoirí, ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad, iad féin a bhunú san Aontas, lena náirítear é sin a dhéanamh tríd an tionscnamhRoghnaigh an Eoraip, agus oibreoidh sé i sineirge le gníomhaíochtaí comhchosúla arna reáchtáil ag na Ballstáit 93 .

·Seolfaidh an Coimisiún staidéar fadbhreathnaitheachta chun inniúlachtaí, scileanna agus riachtanais oiliúna na n‑eolaíochtaí beatha a shainaithint, agus chun glacadh na hintleachta saorga a bharrfheabhsú san áireamh. Le tacaíocht airgeadais EUR 1 mhilliún ó chlár oibre an chláir Fís Eorpach 2026‑2027, leis an staidéar comhlánófar sonraí agus anailís ábhartha ón bhFaireachlann Eorpach um Fhaisnéis Scileanna.

3.Rochtain éasca agus thapa ar an margadh a sholáthar do nuálaíochtaí eolaíochta beatha

Rialáil atá freagrúil don nuálaíocht a chur chun cinn

Tá ardchaighdeáin na hEorpa maidir le cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht sna heolaíochtaí beatha mar bhonn taca faoi mhuinín an phobail agus cinntítear leo go soláthraítear fíorluach do dhaoine a bhuí le nuálaíochtaí. Mar sin féin, de dheasca constaicí rialála agus riaracháin, is féidir moill mhór a chur ar an turas ón gcoincheap go dtí an margadh, agus costais á méadú agus éiginnteacht á cruthú – go háirithe do ghnólachtaí nuathionscanta agus nuálaithe. I réimse réiteach bithgheilleagair, sa Straitéis Bhithgheilleagair nua (2025) atá ar na bacáin, molfar gníomhaíochtaí maidir le dlús a chur le glacadh agus uas‑scálú réiteach bithgheilleagair sa mhargadh, agus éifeachtúlacht acmhainne á huasmhéadú agus soláthar bithmhaise a fhoinsítear go hinbhuanaithe á chinntiú, ag féachaint ar bhacainní rialála agus riachtanais infheistíochta.

Is dúshlán iad ilroinnt agus castacht i gconairí rialála, go háirithe i gcás táirgí núíosacha, nó táirgí comhcheangailte a thagann faoi roinnt creataí dlíthiúla nó ar gá iad a chur ar aghaidh trí chéimeanna rialála éagsúla. Mar thoradh air sin, bíonn amlínte malla ann agus an baol ann go mbeidh cinntí ag teacht salach ar a chéile. Fiú le cuir chuige láraithe, le nósanna imeachta fada um údarú faoi chreataí rialála lena n‑éilítear údarú réamh‑mhargaidh chun sábháilteacht do shláinte an duine agus don chomhshaol a chinntiú, is féidir moill a chur ar iontráil táirgí nuálacha sa mhargadh. I gcás staidéir chliniciúla ilnáisiúnta, d’fhéadfadh moilleanna a bheith mar thoradh ar an ngá atá le trialacha a chur trí fhormheas eitice náisiúnta comhthreomhar.

Chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na nuálaíochta bith-theicneolaíochta san Eoraip, tá sé tábhachtach measúnú a dhéanamh ar na nósanna imeachta rialála atá ann faoi láthair, go háirithe maidir le sláinte, feistí leighis agus feidhmeanna bia, chun iad a dhéanamh níos solúbtha agus níos comhréirí, gan sábháilteacht ná déine eolaíoch a chur i mbaol. Ba cheart iarrachtaí a dhéanamh freisin cur leis an éifeachtúlacht agus fad na nósanna imeachta údarúcháin i réimsí na sláinte, na bhfeistí leighis agus an bhia a laghdú go suntasach, chun an tAontas a dhéanamh níos tarraingtí i gcomparáid le réigiúin eile ar domhan.

Ní mór do chórais rialála a bheith freagrúil do theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus a bheith bord ar bhord le dul chun cinn eolaíoch. Leis an reachtaíocht a bheidh ann amach anseo, ba cheart clásail turgnamhaíochta, maoluithe agus úsáid timpeallachtaí tástála a chomhtháthú cuir i gcás boscaí gainimh rialála 94 mar a rinneadh, mar shampla, san athchóiriú atá beartaithe ar reachtaíocht chógaisíochta an Aontais. Tríd sin soláthraítear an tsolúbthacht chun réitigh nua a thástáil, fianaise a bhailiú agus a chinntiú go leanfaidh creataí rialála de bheith freagrúil don nuálaíocht agus tacúil léi.

Tá an tAontas tiomanta do phrionsabal na nuálaíochta 95 , a chur chun cinn, ar uirlis ceaptha beartas é atá ceaptha lena chinntiú go mbeidh beartas agus rialáil ina dtaca gníomhach leis an nuálaíocht mar spreagadh chun cuspóirí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach, agus slándáil sláinte, sábháilteacht comhshaoil, inbhuanaitheacht agus athléimneacht eacnamaíoch san áireamh. Tá sé doibleagáid ar an Aontas freisin, de bharr a chonarthaí bunaidh, iarracht a dhéanamh ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaint amach. Ciallaíonn sin timpeallacht rialála a mhúnlú lena seastar le dianchaighdeáin na hEorpa agus lena gcruthaítear na dálaí is fearr is féidir chun go mbeidh rath ar an nuálaíocht san eolaíocht bheatha agus chun riachtanais na sochaí a chomhlíonadh. Le Comhpháirtíochtaí Eorpacha faoin gclár Fís Eorpach, go háirithe Comhghnóthais cuir i gcás Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach (IHI JU), is maith is féidir tacú le hathruithe rialála i réimsí eolaíocha agus inniúlacht an Aontais a neartú chun rialáil a oiriúnú do theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn i gcomhréir iomlán le prionsabal an réamhchúraim.

Tá ról tábhachtach ag caighdeáin maidir le nuálaíocht agus rochtain ar an margadh a éascú trí thionchar a imirt ar chleachtais tionscail, trí bheartais a threorú agus trína chinntiú go gcomhlíontar tagarmharcanna aitheanta maidir le cáilíocht, sábháilteacht agus inbhuanaitheacht le táirgí agus próisis. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag spreagadh caighdeáin Eorpacha a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta i réimse na n‑eolaíochtaí beatha agus go háirithe le haghaidh na bith‑theicneolaíochta agus na bithmhonaraíochta, agus tacaíocht á fáil ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais.

Mar shampla, tá iarrachtaí á ndéanamh trí IHI JU 96 chun creat cuimsitheach a fhorbairt le haghaidh boscaí gainimh rialála láidre i réimse shláinte an duine, go háirithe i ndáil le hathchóiriú reachtaíocht chógaisíochta an Aontais.

Le comhar idir Gníomhaireachtaí náisiúnta agus de chuid an Aontais sa Chomhpháirtíocht chómhaoinithe um Measúnú ar Rioscaí ó Cheimiceáin 97 éascaítear glacadh tráthúil na nuálaíochta sa chleachtas rialála.

Bíonn ról ríthábhachtach ag luath-threoraíocht rialála do thaighdeoirí agus do nuálaithe i dturas nuálaíochta na heolaíochta beatha. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún uirlis idirghníomhach atá cumhachtaithe le IS a chruthú chun cuidiú le taighdeoirí agus nuálaithe a mbealach a dhéanamh trí thírdhreach rialála an Aontais, rud a chomhlánóidh an fhaisnéis atá ar fáil do ghnólachtaí tríd an Mol Bith‑theicneolaíochta agus Bithmhonaraíochta, go háirithe le haghaidh luathchéimeanna an taighde agus na forbartha. Beidh an uirlis cúnaimh phearsantaithe sin ina cuidiú le nuálaithe le bealach a dhéanamh trí chreataí rialála trasearnála agus trasteicneolaíochta ó chéim luath an deartha nuálaíochta. Beidh an uirlis idirghníomhach chun cuidiú le húsáideoirí príomhfhaisnéis, tacair sonraí agus uirlisí atá saincheaptha dá riachtanais nuálacha shonracha a shainaithint agus a rochtain.

Tá creat maoine intleachtúla (MI) intuartha agus cothrom ríthábhachtach le haghaidh éiceachóras bríomhar nuálaíochta san eolaíocht bheatha. Is minic is sócmhainn chriticiúil é MI a dhéanann gnólachtaí nuathionscanta a ghiaráil chun maoiniú a fháil dá ngníomhaíochtaí T&N. Cuireann an Coimisiún córas na Paitinne Aonadaí chun cinn agus molann sé do Bhallstáit uile an Aontais a bheith páirteach sa chóras sin. Chun feabhas a chur ar chóras an Aontais le haghaidh deimhnithe forlíontacha cosanta (SPCanna), tacaíonn an Coimisiún go gníomhach leis an bpróiseas comhchinnteoireachta leanúnach chun an córas sin a athchóiriú agus tá sé d’aidhm aige SPC aonadach a chruthú go tapa, rud a chuirfidh glacadh na paitinne aonadaí chun cinn. Déanann an Coimisiún faireachán freisin ar chur i bhfeidhm Threoir 98/44/CE maidir le cosaint dhlíthiúil aireagán bith-theicneolaíoch chun a áirithiú go leanfaidh sí de bheith oiriúnach dá feidhm. Ar deireadh, tacaíonn an Coimisiún le cearta MI a chomhdú agus a bhainistiú, agus gníomhaíocht faoin gCiste FBM san áireamh. 

Thairis sin, tá sé d’aidhm ag athchóirithe iomadúla ar rialacháin atá ann cheana agus ar rialacháin a glacadh cheana chomh maith le rialacháin atá fós le moladh tacú le ‘prionsabal na nuálaíochta’ a chur chun cinn, agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol á chosaint ag an am céanna.

Cuimsítear san athchóiriú atá beartaithe ar reachtaíocht chógaisíochta an Aontais 98 bearta chun cuíchóiriú a dhéanamh ar an gcreat rialála chun cógais nuálacha a fhorbairt agus a údarú go tráthúil. Leis an athchóiriú sin, déantar foráil maidir le hidirghníomhaíocht luath idir rialtóirí agus gnólachtaí, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna. Cuimsítear leis freisin féachaint chuige go mbeidh bearta slán i bhfad na haimsire chun a chinntiú go gcoinneoidh an córas rialála bord ar bhord leis an dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch, cuir i gcás boscaí gainimh rialála agus creataí oiriúnaithe chun nuálaíocht cheannródaíoch a chothú.

Le Rialachán an Aontais maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte, tugtar isteach an fhéidearthacht d’fhorbróirí teicneolaíochta sláinte táirgí leighis comhairle a iarraidh maidir lena bplean forbartha cliniciúla i gcomhthreo leis an gcomhairle eolaíoch a thugtar i gcomhthéacs phróiseas rialála na gcógas. Tá coinne leis go n‑éascófar leis sin táirgeadh fianaise cliniciúla lenar féidir ceanglais rialála agus HTA a chomhlíonadh go comhuaineach agus dlús a chur le rochtain táirgí nuálacha ar an margadh.

Seasann an Rialachán maidir le Trialacha Cliniciúla 99 agus gníomhaíochtaí gaolmhara diarrachtaí chun tarraingteacht agus iomaíochas na hEorpa a chinntiú le haghaidh infheistíochtaí sa taighde cliniciúil agus rochtain luath ar chógais nuálacha a sholáthar dothair san Eoraip. Leanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha, de chur chun feidhme iomchuí an Rialacháin maidir le Trialacha Cliniciúla a chinntiú, go háirithe maidir le trialacha cliniciúla ilnáisiúnta. Déantar faireachán ar an dul chun cinn trí phríomhtháscairí feidhmíochta, a fhoilsítear go tráthrialta, a bhailiú 100 .

Tá feistí leighis agus diagnóisic fíor‑riachtanach do chórais cúraim sláinte toisc go gcumasaítear leo galair a bhrath go cruinn, cóireáil éifeachtach, agus faireachán leanúnach a dhéanamh ar othair, rud a fheabhsaíonn torthaí sláinte agus a shábhálann beatha daoine ar deireadh. Tá timthriall nuálaíochta gearr acu agus is gá dóibh an margadh a bhaint amach go héifeachtúil. Tá an Coimisiún ag obair chun dul i ngleic le dúshláin a sainaithníodh maidir leis an gcreat rialála le haghaidh feistí leighis agus feistí diagnóiseacha in vitro. Tá meastóireacht spriocdhírithe á déanamh aige ar na rialacháin lena mbaineann. Bunaithe ar an meastóireacht sin, beidh an Coimisiún réidh chun idirghabháil reachtach a mholadh lena mbainfear amach an chothromaíocht idir rialacháin an Aontais a bhaineann le feistí leighis agus diagnóisic in vitro a shimpliú, agus sábháilteacht othar agus an tsláinte phoiblí a chosaint go héifeachtach, agus éigeandálaí sláinte á gcur san áireamh freisin.

Ina theannta sin, an Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa 101 atá ar na bacáin, a bheidh ina huirlis chun bacainní riaracháin a shimpliú agus a laghdú, tacóidh sí le taighdeoirí agus ceanglais rialála á mbainistiú, amhail a sonraí agus a ndintiúir fhíoraithe a bhainistiú agus a chomhroinnt go slán le riaracháin phoiblí agus/nó le hinfheisteoirí.

Ar deireadh, molfaidh an Coimisiún an Gníomh Eorpach um an mBith‑theicneolaíocht chun timpeallacht rialála an Aontais a dhéanamh níos fabhraí don nuálaíocht, nuálaithe agus infheisteoirí a mhealladh, agus é a dhéanamh níos fusa do sheach‑chuideachtaí, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú bith‑theicneolaíochtaí a thabhairt ón tsaotharlann go dtí an mhonarcha agus ar an margadh. Thairis sin, cuimseofar bearta sa Ghníomh freisin atá comhlántach le gnéithe rialála.

Na gníomhaíochtaí atá beartaithe:

·(Tionscnamh suaitheanta) Molfaidh an Coimisiún Gníomh Bith‑theicneolaíochta de chuid an Aontais chun córas rialála an Aontais a dhéanamh níos fabhraí don nuálaíocht bhith‑theicneolaíochta in earnálacha éagsúla bith‑theicneolaíochta, i dteannta bearta tacaíochta.

·(Tionscnamh Suaitheanta) Beidh an Coimisiún réidh chun reachtaíocht a mholadh lena mbainfear cothromaíocht amach idir rialacháin an Aontais a bhaineann le feistí leighis agus diagnóisic in vitro a shimpliú, dfhonn oibríochtaí gnólachtaí ar fud mhargadh aonair an Aontais a éascú, agus sábháilteacht othar agus an tsláinte phoiblí a chosaint go héifeachtach.

·Cruthóidh an Coimisiún uirlis idirghníomhach atá cumhachtaithe le IS chun cuidiú le taighdeoirí agus nuálaithe a mbealach a dhéanamh trí thírdhreach rialála an Aontais, go háirithe sna luathchéimeanna den taighde agus den fhorbairt.

Infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a scaoileadh

Tá dúshláin mhóra maoinithe agus infheistíochta fós le sárú ag tionscal na heolaíochta beatha san Eoraip. Ar na dúshláin sin cuimsítear margaí caipitil ilroinnte, róbhrath ar mhaoiniú na mbanc agus easpa comhordaithe i maoiniú poiblí. Leis an margadh tairisceana tosaigh don phobal (TTP) de chuid na hEorpa atá sách tearcfhorbartha, lena hinfhaighteacht caipitil fiontair (VC) theoranta, agus lena leibhéal íseal rannpháirtíochta le hinfheisteoirí institiúideacha agus coigríche, cuirtear srian breise ar chumas fáis agus scála na hearnála 102 . Cé gur cuireadh feabhas ar infheistíocht VC san Aontas le deacáid anuas, tá sí fós faoi bhun na leibhéal a fheictear i réigiúin dhomhanda eile.

In 2024, leis an tsláinte, na heolaíochtaí beatha agus an teicneolaíocht dhomhain mealladh i bhfad níos mó infheistíochta ná earnálacha eile. Mar sin féin, is gá i bhfad níos mó a dhéanamh chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na hEorpa agus ceannaireacht iomaíoch a chothú sna réimsí sin 103 .

Fágann amlínte fada forbartha agus údaraithe, go háirithe le haghaidh táirgí a bhaineann leis an tsláinte, mar aon leis an saineolas speisialaithe is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar infheistíochtaí sa réimse sin, go bhfuil sé níos deacra d’infheisteoirí deiseanna a bhfuil gealladh fúthu a shainaithint agus infheistiú iontu. Cuireann sé sin teorainn le cumas nuálaithe uas‑scálú agus réitigh eolaíochtaí beatha a thabhairt chun margaidh san Aontas.

Tá príomhról ag sásraí tacaíochta poiblí maidir le hinfheistíochtaí a dhí‑rioscú agus maidir le cuidiú le gnólachtaí nuathionscanta garspriocanna ríthábhachtacha forbartha a bhaint amach ar féidir caipiteal príobháideach leantach a mhealladh leo. Tá bearta spriocdhírithe déanta ag an gCoimisiún cheana féin chun feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú le haghaidh teicneolaíochtaí agus nuálaíochtaí eolaíochta beatha. Cuimsítear orthu an Ciste Eorpach um Bithgheilleagar Ciorclach, scéim HERA Invest agus tacaíocht thiomnaithe do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú san eolaíocht bheatha trí InvestEU agus tríd an gComhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE) 104 . Ina theannta sin, trí thionscnaimh mhaoiniúcháin níos leithne de chuid an Aontais, cuir i gcás an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) agus an clár InvestEU, tá feabhas á chur ar an rochtain ar chaipiteal trí thacú le gnólachtaí atá dírithe ar nuálaíocht agus trí infheistíochtaí cúltaca a sholáthar i gcistí VC 105 . Bíonn ról tábhachtach ag cistí bainistíochta comhroinnte freisin, go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le tacú le gnólachtaí nuálacha rochtain a fháil ar mhaoiniú trí ionstraimí deontais agus airgeadais, agus trí infheistíochtaí príobháideacha breise a mhealladh chomh maith leis sin.

Chun dul i ngleic leis na príomhdhúshláin i bhfeidhmiú mhargaí caipitil an Aontais, tá straitéis an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta (SIU) á cur chun feidhme ag an gCoimisiún 106 . Le SIU laghdófar ilroinnt an mhargaidh, cruthófar deiseanna infheistíochta níos fearr do shaoránaigh agus cuideofar le roghanna maoiniúcháin a leathnú do ghnólachtaí. Go háirithe, féachfar le feabhas a chur ar rochtain ar chothromas agus maoiniú fiachais do gach gnólachta, agus gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú san áireamh, ról an chaipitil fiontair agus infheisteoirí institiúideacha a neartú agus ionstraimí cistiúcháin phoiblí an Aontais a ailíniú ar bhealach níos fearr le cuspóirí SIU.

Ina theannta sin, moltar i straitéis an Aontais um ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú (2025) a glacadh le déanaí conas fás gnólachtaí nuálacha san Eoraip a éascú agus dlús a chur lena rochtain ar mhaoiniú agus ar an margadh. Aithnítear go sonrach inti an ríthábhacht straitéiseach a bhaineann le heolaíochtaí beatha agus leis an mbith‑theicneolaíocht. Leis an gCiste um Eoraip na nGnólachtaí atá ag Méadú, a fógraíodh sa straitéis Eorpach um ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, dúnfar an bhearna mhaoiniúcháin agus scaoilfear infheistíochtaí príobháideacha do ghnólachtaí nuathionscanta a oibríonn i réimsí atá straitéiseach do cheannasacht theicneolaíoch agus slándáil eacnamaíoch na hEorpa, agus sna heolaíochtaí beatha san áireamh. Forlíonfar obair an Chiste le bearta chun rannpháirtíocht infheisteoirí institiúideacha agus cistí pinsin a scaoileadh agus tá ríthábhacht leo sin freisin toisc go bhfuil siad tearcionadaithe i dtírdhreach maoiniúcháin eolaíochtaí beatha na hEorpa.

Leis an nGníomh Eorpach um Nuálaíocht (2026) atá ar na bacáin, cuirfear rochtain ar shócmhainní a ghintear le T&N a mhaoinítear go poiblí chun cinn a thuilleadh.

Léiríodh freisin gur modh éifeachtúil iad infheistíochtaí comhpháirteacha ó mhaoinitheoirí poiblí, ó fhondúireachtaí agus ón tionscal chun dul i ngleic le taighde ardriosca agus le réimsí núíosacha cur i bhfeidhm a bhféadfadh tairbhí móra a bheith ag baint leo sna heolaíochtaí beatha. Le comhpháirtíochtaí Eorpacha – cuir i gcás Comhghnóthas IHI, Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 nó an Comhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe – tugtar le chéile comhpháirtithe ón earnáil phríobháideach agus/nó ón earnáil phoiblí. Chumasaigh siad comhar agus maoiniú taighde fadtéarmach chun dul i ngleic le dúshláin iontu le haghaidh a n‑earnálacha faoi seach agus léirigh siad a úsáidí atá siad chun iomaíochas Eorpach a neartú.

Tá gá le hidirghníomhaíocht struchtúrtha idir comhpháirtithe tionsclaíocha agus infheisteoirí chun dlús breise a chur le fás agus méadú gnólachtaí nuathionscanta ceannródaíocha in eolaíocht na beatha. Déanfar comhpháirtíochtaí Eorpacha faoin gclár Fís Eorpach agus faoin Líonra Fiontar Eorpach a ghiaráil, i dteannta phunann CNE de ghnólachtaí ceannródaíocha eolaíochta beatha, Líonra Infheisteoirí Iontaofa (TIN) CNE atá comhdhéanta d’infheisteoirí a bhfuil taithí acu agus a bhainistíonn sócmhainní ar fiú os cionn EUR 300 billiún iad. Beidh na hidirghníomhaíochtaí sin dírithe ar an éileamh agus solúbtha, beidh siad dírithe ar leasanna coiteanna, cuir i gcás deiseanna comhinfheistíochta, conairí éadála, agus rannpháirtíocht luath maidir le riachtanais theicneolaíocha nach bhfuiltear ag freastal orthu, agus déanfar iad i gcomhréir le rialacha iomaíochta.

An ghníomhaíocht atá beartaithe:

·(Tionscnamh Suaitheanta) Dfhonn dlús a chur le gnólachtaí nuathionscanta san eolaíocht bheatha ina dturas chuig an margadh, seolfaidh an Coimisiún comhéadan straitéiseach meaitseála lena nascfar gnólachtaí nuathionscanta, lucht tionscail agus infheisteoirí san eolaíocht bheatha, agus punanna CNE, Líonra Infheisteoirí Iontaofa (TIN) CNE agus príomhpháirtithe leasmhara Eorpacha eile á ngiaráil aige.

4.Borradh a chur faoi ghlacadh agus úsáid na nuálaíochta san eolaíocht bheatha

Soláthar poiblí a úsáid chun glacadh na nuálaíochta a chothú

Tá gá ag an earnáil phoiblí le réitigh inbhuanaithe nuálacha agus tá sé de chumhacht aici réitigh a mhúnlú agus margaí a chruthú. Mar a moladh i dtuarascáil Letta, le buiséid an Aontais agus buiséid náisiúnta, ba cheart tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht in ardteicneolaíochtaí sláinte agus cur in úsáid na n‑ardteicneolaíochtaí sin trí sholáthar poiblí. Is luamhán tábhachtach beartais iad institiúidí poiblí freisin chun soláthar glas a dhreasú, mar shampla chun aistí bia sláintiúla agus inbhuanaithe a chur chun cinn. In earnálacha ina bhfuil ardchaiteachas poiblí cuir i gcás earnáil an chúraim sláinte, is uirlis straitéiseach é soláthar poiblí réiteach nuálach chun glacadh nuálaíochtaí a chothú agus deiseanna a chruthú do ghnólachtaí Eorpacha chun rochtain a fháil ar mhargaí agus chun bheith ag fás. Trí ghlaonna a dhaingniú ar sholáthar nuálaíochta i dtaighde ar tugadh tacaíocht dó roimhe sin nó i réimsí atá ag teacht chun cinn, ní hamháin go dtreisítear an tacaíocht feadh na píblíne T&F iomláine ach cuirtear ar chumas na hearnála poiblí freisin freagairt go tapa do riachtanais atá ag teacht chun cinn.

Faoi láthair, tá rialacha soláthair phoiblí casta agus ní bhaintear leas iomlán as acmhainneacht an tsoláthair nuálaíochta. Tá tearcinfheistíocht ann freisin i soláthar táirgí agus seirbhísí nuálachaFágann sin gur deacair do ghnólachtaí nuálacha sna heolaíochtaí beatha dul isteach i margadh soláthair phoiblí an Aontais. Leis an athbhreithniú ar rialacha soláthair phoiblí an Aontais agus leis an an Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht atá ar na bacáin, cuirfear bearta chun cinn chun cuidiú le gnólachtaí nuálacha a gcéad chustaiméirí a aimsiú agus iarratas a dhéanamh ar sholáthar san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach. Seolfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí chun úsáid níos leithne an tsoláthair nuálaíochta a chothú ar fud an Aontais.

An ghníomhaíocht atá beartaithe:

·Spreagfaidh an Coimisiún, tríd an gclár Fís Eorpach agus EU4Health, soláthar nuálaíochta san eolaíocht bheatha trí ghlaonna tiomnaithe i réimsí cuir i gcás oiriúnú don athrú aeráide, vacsaíní den chéad ghlúin eile nó réitigh inacmhainne ar ailse, a bhfuil maoiniú de thart ar EUR 300 milliún mar thaca leo 107 .

Muinín agus for‑rochtain an phobail a chothú

Rannchuidíonn nuálaíochtaí eolaíochta beatha go mór le saol laethúil daoine agus le folláine an duine aonair agus na sochaí. Chun muinín an phobail agus glacadh teicneolaíochtaí a chothú, ní mór do dhaoine tuiscint a fháil ar an dóigh a n‑oibríonn na heolaíochtaí beatha agus ar an dóigh a bhféadfar feabhas a chur ar fholláine daoine a bhuí le teicneolaíochtaí 108 .

Ní ráthaítear an t‑iontaobhas sin. Tá méadú ag teacht ar an mbagairt sin mar gheall ar scaipeadh tapa na mífhaisnéise agus na bréagaisnéise agus mar gheall ar fhor‑rochtain neamh‑leordhóthanach ar dhaoine chun dul i ngleic lena n‑ábhair imní agus lena n‑ionchais. Chun muinín a choinneáil ar bun agus a dhoimhniú, go háirithe i measc daoine óga, ní mór do lucht ceaptha beartas T&N agus gníomhaithe tionscail a bheith in ann dul i dteagmháil leis an bpobal agus taighde freagrach a dhéanamh ar bhealach níos fearr.

Tá tuiscint an phobail ríthábhachtach go háirithe i réimsí cuir i gcás talmhaíocht agus teicneolaíocht an bhia, réimsí ina dtrasnaíonn an nuálaíocht cúrsaí sláinte agus inbhuanaitheachta. Cuirfear na saincheisteanna sin ar chlár oibre an Idirphlé bhliantúil faoi Bhia a fógraíodh san Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia. De dheasca easpa faisnéis shoiléir faoi na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le ‘bianna ultraphróiseáilte’, mar a thugtar orthu, is féidir éiginnteacht a chruthú do thomhaltóirí. Lorgóidh an Coimisiún comhairle eolaíoch agus eiticiúil maidir le ‘bianna ultraphróiseáilte’, mar a thugtar orthu, ón Sásra um Chomhairle Eolaíoch agus ón nGrúpa Eorpach um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí.

Cuidíonn idirphlé ionchuimsitheach le feabhas a chur ar fheasacht, glacadh a chothú, tacú le cur in úsáid fhreagrach na nuálaíochta agus faisnéis chruinn a chur chun cinn. Tá príomhról ag tionscadail taighde atá maoinithe ag an Aontas maidir le hidirphlé a chumasú le daoine, leis an tsochaí shibhialta, leis na húdaráis agus le gníomhaithe tionsclaíocha. Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit cumarsáid eolaíochta agus for‑rochtain ar chomhaltaí den phobal a neartú freisin.

Na gníomhaíochtaí atá beartaithe:

·Slógfaidh an Coimisiún tacaíocht airgeadais EUR 2 mhilliún ó chlár oibre an chláir Fís Eorpach 2026‑2027 chun tacú le páirtithe leasmhara eolaíochta beatha agus lucht ceaptha beartas i bhfor‑rochtain phoiblí trí stór uirlisí agus dea‑chleachtas a bhunú in T&N freagrach, cumarsáid riosca agus eolaíochta, agus bearta píolótacha for‑rochtana poiblí.

5.Rialachas – Grúpa um Chomhordú na hEolaíochta Beatha

Is gá beartas eolaíochta beatha an Aontais a chomhordú chun cuidiú leis na bacainní agus na dúshláin a shárú, ar bacainní agus dúshláin iad lena gcuirtear bac ar an bpróiseas a bhaineann le smaointe nuálacha a aistriú ina dtáirgí agus ina seirbhísí lena bhfreagraítear do riachtanais na n‑úsáideoirí deiridh. Tá sé ríthábhachtach páirtithe leasmhara Eorpacha agus domhanda a thabhairt le chéile, agus lucht tionscail, an saol acadúil agus an tsochaí shibhialta san áireamh chun a chinntiú go mbeidh gníomhaíocht an Aontais ailínithe le tosaíochtaí, acmhainní agus forbairtí idirnáisiúnta na bpáirtithe leasmhara, agus chun tacaíocht a ghiaráil d’fhorbairt agus do ghlacadh eolaíochtaí beatha nuálacha. Ar an dóigh sin, maidir le tionscnaimh éagsúla atá ábhartha d’eolaíochtaí beatha agus dá n‑earnálacha, go háirithe straitéis an Aontais um ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, cinnteofar go gcomhlánóidh siad a chéile agus go mbeidh siad i sineirge le chéile.

An ghníomhaíocht atá beartaithe:

·(Tionscnamh Suaitheanta) Neartóidh an Coimisiún comhordú a sheirbhísí agus bunóidh sé Grúpa um Chomhordú na hEolaíochta Beatha laistigh den Choimisiún chun beartais, maoiniú agus gníomhaíochtaí comhleanúnacha atá fabhrach don nuálaíocht a chinntiú. Déanfaidh an Grúpa um Chomhordú an méid seo a leanas freisin:

oplé tráthúil ardleibhéil a eagrú idir lucht ceaptha beartas agus páirtithe leasmhara;

ofaireachán ar an dul chun cinn maidir leis an straitéis sin a chur chun feidhme;

oan Comhthionól Sonraí T&N maidir le hEolaíocht Bheatha na hEorpa a bhainistiú;

otacú le huirlis idirghníomhach a fhorbairt chun cuidiú le taighdeoirí agus nuálaithe Eorpacha a mbealach a dhéanamh trí thimpeallacht rialála na heolaíochta beatha agus faisnéis a sholáthar maidir le seirbhísí agus uirlisí sonraí;

ogníomhaíochtaí eile a eagrú agus a bhainistiú, cuir i gcás:

§fóram páirtithe leasmhara a chruthú le haghaidh eolaíochtaí beatha chun idirphlé agus rannpháirtíocht leathan a spreagadh;

§cumais scanta ionchais a fhorbairt agus a chomhordú chun teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus a bhfuil gealladh fúthu agus a bhfuil ardacmhainneacht acu deolaíochtaí beatha a shainaithint.

6.Conclúidí

Tá earnáil eolaíochta beatha na hEorpa ag pointe cinniúnach. Agus a inniúlacht chun nuálaíocht a spreagadh, borradh a chur faoin iomaíochas, poist ardcháilíochta a sholáthar agus folláine na sochaí a fheabhsú, is colún straitéiseach iad na heolaíochtaí beatha a bheidh mar bhonn taca faoi rathúnas na hEorpa amach anseo.

Chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na hearnála, tá sé ríthábhachtach an slabhra luacha iomlán a neartú, ó T&N go cur in úsáid agus glacadh feidhmchlár nua. Chuige sin, tá gá le timpeallacht rialála a choinníonn suas ní hamháin leis an nuálaíocht ach a chothaíonn tástáil fhreagrach freisin, ionas gur féidir réitigh atá ag teacht chun cinn a thástáil, a bheachtú agus a chur ar an margadh go tapa agus go freagrach araon.

Ní chuirfidh an tAontas an straitéis chun feidhme ina aonar; glacann sé cur chuige ilpháirtithe leasmhara. Cuimsítear leis sin rannpháirtíocht ghníomhach ó na Ballstáit, taighdeoirí, nuálaithe, gnólachtaí, infheisteoirí, reachtóirí, comhaltaí den phobal agus an tsochaí shibhialta. Tá an rath ag brath ar thiomantas comhroinnte a bhaint amach ar fud gach leibhéil – leibhéal Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach. Ar deireadh, tá sé fíor‑riachtanach freisin dul i gcomhar ar scála domhanda chun dúshláin chasta a shárú, dul chun cinn eolaíoch a spreagadh agus a chinntiú go ndéanfar tairbhí na nuálaíochta san eolaíocht bheatha a chomhroinnt go cothrom.

Le gníomhaíocht chomhordaithe, infheistíocht straitéiseach agus rialachas ionchuimsitheach, is féidir leis an Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta sa chéad rabharta eile de nuálaíochtaí eolaíochta beatha – agus feabhas á chur ar an saol, borradh á chur faoi theacht aniar agus todhchaí níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe á múnlú do na glúnta atá le teacht. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an ngníomhaíocht a rinneadh chun na críche sin agus faoi 2028 tuairisceoidh sé ar chur chun feidhme na straitéise.

Mar achoimre, leagtar amach sa straitéis seo conas na tairbhí inláimhsithe agus marthanacha a bhfuil tuairisc orthu thuas agus an maoiniú atá ar fáil a ghiniúint. Is mithid gníomhaíocht a dhéanamh. Roghnaigh an Eoraip do na heolaíochtaí beatha!



AN STRAITÉIS UM EOLAÍOCHTAÍ BEATHA NA hEORPA

ACHOIMRE AR GHNÍOMHAÍOCHTAÍ

T&N Eorpach a threisiú

·Plean Infheistíochta um Thaighde Cliniciúil (2026)

·Líonra Eorpach dIonaid Barr Feabhais ATMP (2026) a bhunú

·Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le Trialacha Cliniciúla (ó 2025)

·Treoirthionscadal maidir le cistiú taighde comhoibríoch céim ar chéim le haghaidh nuálaíochtaí sláinte (2026)

·Treoirthionscadal maidir le leas a bhaint as an gcomhar i measc bhraislí bith‑theicneolaíochta an Aontais (ó 2026)

Cur chuige iomlánaíoch a chur chun cinn i leith na n‑eolaíochtaí beatha

·Cur chuige Aon Sláinte Amháin i leith T&N (ó 2026)

·An Tionscnamh Micribhithóim Aon Sláinte Amháin (2026)

·An Clár Oibre T&N um an Athrú Aeráide agus um an tSláinte a chur chun feidhme agus comhar domhanda a chur ar bun (ó 2026)

·Clár oibre straitéiseach T&N maidir le córais bhia (2026)

Leas a bhaint as cumhacht na sonraí agus IS le haghaidh nuálaíocht cheannródaíoch

·Comhthionól Sonraí T&N maidir le hEolaíochtaí Beatha na hEorpa a bhunú (2026)

·Tacaíocht dacmhainní straitéiseacha bithshonraí (2025)

·Infheistiú i dteicneolaíochtaí IS ghiniúnaigh ilmhódacha i dtaighde bithleighis (2025)

·Borradh a chur faoin mbonneagar sonraí géanómaíocha Eorpach (2026)

Eolaíochtaí beatha mar spreagadh don inbhuanaitheacht thionsclaíoch

·T&N chun nuálaíocht thionsclaíoch agus inbhuanaitheacht a spreagadh (ó 2026 ar aghaidh)

·Uas‑scálú agus glacadh ardnuálaíochtaí coipthe inbhuanaithe (ó 2026)

·T&N chun bainistíocht inbhuanaithe a dhéanamh ar bhithmhais (ó 2025 ar aghaidh)

·Modheolaíochtaí Cur Chuige Nua (NAManna) a fhorbairt agus a ghlacadh (ó 2025 ar aghaidh)

·Gorlann Cúpla Fhíorúil (2025‑2027)

Scileanna agus gairmeacha a neartú le haghaidh eolaíochtaí beatha Eorpacha iomaíocha

·Forbairt gairme sna hEolaíochtaí beatha trí Roghnaigh an Eoraip (ó 2025)

·Staidéar fadbhreathnaitheachta chun na hinniúlachtaí, na scileanna agus na riachtanais oiliúna do na heolaíochtaí beatha a shainaithint (2025)

Rialáil atá freagrúil don nuálaíocht a chur chun cinn

·An Gníomh Eorpach um an mBith-theicneolaíocht (2026 ar a dhéanaí)

·Simpliú rialála le haghaidh feistí leighis agus diagnóisic in vitro (ó 2025 ar aghaidh)

·Uirlis idirghníomhach atá cumhachtaithe le IS maidir le tírdhreach rialála an Aontais (2026)

Infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a scaoileadh

·Infheisteoirí Eolaíochtaí Beatha agus Comhéadan Corparáideach (2026)

Soláthar poiblí a úsáid chun glacadh na nuálaíochta a chothú

·Tacaíocht le haghaidh soláthar nuálaíochta san eolaíocht bheatha (2025)

Muinín agus for‑rochtain an phobail a chothú

·Stóras uirlisí in T&N freagrach, cumarsáid riosca agus eolaíochta, agus treoirghníomhaíochtaí rannpháirtíochta pobail (2026)

Rialachas – Grúpa um Chomhordú na hEolaíochta Beatha

·An Grúpa um Chomhordú na hEolaíochta Beatha (2025)

(1)

 Is éard atá i gceist leis an mbith‑theicneolaíocht eolaíocht agus teicneolaíocht a chur i bhfeidhm maidir le horgánaigh bheo, chomh maith le codanna, táirgí agus samhlacha díobh, chun ábhair bheo nó neamhbheo a athrú chun eolas, earraí agus seirbhísí a tháirgeadh (ECFE; https://dx.doi.org/10.1787/085e0151-en ). Is fothacar deolaíochtaí beatha í an bhith‑theicneolaíocht (féach Haaf, A., Sale, V., Measuring the Economic Footprint of the Biotechnology Industry in the European Union, prepared for EuropaBio, WifOR Darmstadt, 2025 https://www.europabio.org/wp-content/uploads/2025/03/WifOR_EuropaBio2025.pdf ; nó Comhlachas Biththionscail na Ríochta Aontaithe https://www.bioindustry.org/about/what-is-biotech.html ).

(2)

  https://single-market-economy.ec.europa.eu/news/enrico-lettas-report-future-single-market-2024-04-10_en .

(3)

  https://commission.europa.eu/topics/eu-competitiveness/draghi-report_en .

(4)

  https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_24_5305 .

(5)

  https://commission.europa.eu/topics/defence/safer-together-path-towards-fully-prepared-union_en .

(6)

  https://commission.europa.eu/document/e6cd4328-673c-4e7a-8683-f63ffb2cf648_en .

(7)

COM(2025) 30 final ( https://commission.europa.eu/document/download/10017eb1-4722-4333-add2-e0ed18105a34_en ).

(8)

 Cuimsíonn earnálacha na n‑eolaíochtaí beatha na gníomhaíochtaí a bhraitheann ar eolas agus nuálaíocht sna heolaíochtaí beatha, agus cúram sláinte, táirgí íocshláinte, bith‑theicneolaíocht, feistí leighis, agus teicneolaíochtaí agraibhia san áireamh (féach Lasarte‑López, J., González‑Hermoso, H., Mbarek, R., The Life Sciences sectors in the EU: drivers of economic growth and innovation. An Coimisiún Eorpach, Sevilla, 2025, JRC142396, https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC142396 ).

(9)

Lasarte-López, J., González-Hermoso, H., Mbarek, R., The Life Sciences sectors in the EU: drivers of economic growth and innovation. An Coimisiún Eorpach, Sevilla, 2025, JRC142396, https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC142396 ).

(10)

Le ‘Roghnaigh an Eoraip’, tá an Eoraip ina ceann scríbe rogha don taighde, don nuálaíocht agus don fhiontraíocht (https://commission.europa.eu/topics/research-and-innovation/choose-europe_en).

(11)

Lasarte-López, J., González-Hermoso, H., Mbarek, R., The Life Sciences sectors in the EU: drivers of economic growth and innovation. An Coimisiún Eorpach, Sevilla, 2025, JRC142396, https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC142396 ).

(12)

Is éard is bithbhraisle ann comhchruinniú geografach de ghnólachtaí idirnasctha, d’institiúidí taighde agus d’eagraíochtaí atá dírithe ar an mbith‑theicneolaíocht agus ar na heolaíochtaí beatha, rud a chothaíonn comhar agus nuálaíocht.

(13)

 An líon iomlán foilseachán in irisleabhair a aicmítear mar ‘Eolaíochtaí Beatha’ agus ‘Eolaíochtaí Sláinte’ faoi Réimsí Ábhair ASJC, arna normalú ar dhaonraí na dtíortha faoi seach; sonraí a aisghabhadh i mí Aibreáin 2025.

(14)

 Grassano, N. et al., Exploring the global landscape of biotech Innovation: preliminary insights from patent analysis, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2024, doi:10.2760/567451, JRC137266.

(15)

Grassano, N., Mbarek, R., Trends in Patents in Life Science: focus on Pharmaceuticals and Medical Technologies. An Coimisiún Eorpach, Sevilla, 2025, JRC142609, https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC142609 .

(16)

 Haaf, A., Sale, V., Measuring the Economic Footprint of the Biotechnology Industry in the European Union, prepared for EuropaBio, WifOR Darmstadt, 2025 ( https://www.europabio.org/wp-content/uploads/2025/03/WifOR_EuropaBio2025.pdf ) https://www.europabio.org/wp-content/uploads/2025/03/WifOR_EuropaBio2025.pdf .

(17)

  https://iri.jrc.ec.europa.eu/data .

(18)

 Lasarte-López, J., González-Hermoso, H., Mbarek, R., The Life Sciences sectors in the EU: drivers of economic growth and innovation. An Coimisiún Eorpach, Sevilla, 2025, JRC142396, https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC142396 ).

(19)

  https://commission.europa.eu/topics/eu-competitiveness/draghi-report_en .

(20)

 Key performance indicators (KPIs) to monitor the European clinical trials environment [Príomhtháscairí feidhmíochta (KPInna) chun faireachán a dhéanamh ar thimpeallacht na dtrialacha cliniciúla Eorpacha]. Doiciméid – An tAontas Eorpach ( https://accelerating-clinical-trials.europa.eu/documents_en?f%5B0%5D=document_title%3AKPI&f%5B1%5D=priority_actions_priority_actions%3A2 ).

(21)

 Déanfar dul chun cinn a thomhas in aghaidh táscairí lena rianaítear fás san earnáil cuir i gcás fostaíocht, breisluach, caiteachas gnó in T&F agus an líon trialacha cliniciúla ilnáisiúnta.

(22)

 COM(2025) 270 final ( https://research-and-innovation.ec.europa.eu/document/download/2f76a0df-b09b-47c2-949c-800c30e4c530_en ).

(23)

 COM(2025) 124 final ( https://finance.ec.europa.eu/document/download/13085856-09c8-4040-918e-890a1ed7dbf2_en?filename=250319-communication-savings-investmlents-union_en.pdf ).

(24)

COM(2025) 90 final ( https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX%3A52025DC0090 ).

(25)

Féach, mar shampla, an Chomhairle Eorpach um Thaighde ( https://erc.europa.eu/projects-statistics/mapping-erc-frontier-research ) agus Treo‑Aimsitheoir CNE ( https://eic.ec.europa.eu/eic-funding-opportunities/eic-pathfinder_en ).

(26)

Féach Biannual monitoring report 2024 on partnerships in Horizon Europe [Tuarascáil faireacháin leathbhliantúil 2024 maidir le comhpháirtíochtaí sa chlár Fís Eorpach] ( https://op.europa.eu/en/web/eu-law-and-publications/publication-detail/-/publication/8f71dfd0-76fe-11ef-bbbe-01aa75ed71a1 ) agus Luasaire CNE ( https://eic.ec.europa.eu/eic-funding-opportunities/eic-accelerator_en ).

(27)

Horizon Europe, pillar II – Global challenges and European industrial competitiveness [An clár Fís Eorpach, colún II – Dúshláin Dhomhanda agus an tIomaíochas Tionsclaíoch Eorpach].

(28)

Tá trí bhonneagar teicneolaíochta ann cheana chun tástáil sábháilteachta a dhéanamh ar theicneolaíochtaí leighis agus ceithre cinn le haghaidh nana‑ábhair bhithbhunaithe: Trialacha Nuálaíochta Oscailte le haghaidh Ardábhar – An Coimisiún Eorpach ( https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/0aaf1e05-2082-11ee-94cb-01aa75ed71a1/language-en ).

(29)

  https://research-and-innovation.ec.europa.eu/funding/funding-opportunities/funding-programmes-and-open-calls/horizon-europe/european-partnerships-horizon-europe_en .

(30)

  https://research-and-innovation.ec.europa.eu/funding/funding-opportunities/funding-programmes-and-open-calls/horizon-europe/eu-missions-horizon-europe_en .

(31)

  https://erdera.org/ .

(32)

  https://eu-rd-platform.jrc.ec.europa.eu/_en .

(33)

  https://health.ec.europa.eu/rare-diseases-and-european-reference-networks/european-reference-networks_en .

(34)

  https://www.eupahw.eu/ .

(35)

  https://research-and-innovation.ec.europa.eu/funding/funding-opportunities/funding-programmes-and-open-calls/horizon-europe/eu-missions-horizon-europe/soil-deal-europe_en .

(36)

Van Looy, Bart, et al. ‘Growth of biotech clusters over several decades through pioneering, variety and entrepreneurial science.’ Nature biotechnology 42.1 (2024): 20-25.

(37)

 Is eintitis shonracha iad na hIonaid Barr Feabhais laistigh de bhithbhraislí atá dírithe ar réimse saineolais ar leith agus a chuireann príomhbhonneagair nuálaíochta ar fáil chun taighde a chur chun cinn i dteicneolaíochtaí ardluacha sonracha, aistriú eolais agus forbairt táirgí.

(38)

  https://health.ec.europa.eu/medicinal-products/legal-framework-governing-medicinal-products-human-use-eu/critical-medicines-act_en .

(39)

Ardteiripí Cillbhunaithe chun Easpa Imdhíonachta Phríomhúil a Chóireáil (CELL-PID; FP7) ( https://cordis.europa.eu/project/id/261387 ); Developing Genetic medicines for Severe Combined Immunodeficiency [Cógais Ghéiniteacha a Fhorbairt le haghaidh Dian-Imdhíonacht Chomhcheangailte] (SCIDNET; Fís 2020) ( https://cordis.europa.eu/project/id/666908 ).

(40)

Advanced Regenerative and REStorative Therapies to combat corneal BLINDNESS [Ardteiripí Athghiniúnacha agus Athchóiritheacha chun DAILLE choirneach a chomhrac] (ARREST BLINDNESS) ( https://cordis.europa.eu/project/id/667400 ).

(41)

 Dfhorbair an gnólacht de chuid na Sualainne LinkoCare ( https://www.linkocare.com/ ) an choirne bhith‑innealtóireachta a thuilleadh: Is éard is LinkCor® ann ionchlannán coirneach bith‑chomhoiriúnach chun daille choirneach agus lagú coirneach a bhainistiú.

(42)

 Féach sainmhíniú na hEagraíochta Domhanda Sláinte (https://www.who.int/health-topics/clinical-trials#tab=tab_1); i Rialachán Uimh  536/2014 maidir le Trialacha Cliniciúla, sainmhínítear trialacha cliniciúla ar bhealach níos cúinge mar thástáil táirgí íocshláinte imscrúdaitheacha ar dhaoine faoi dhálaí sonracha.

(43)

Cuimsítear leis sin cóireálacha bunaithe ar theicnící míochaine núicléiche, cuir i gcás teiripe ailse spriocdhírithe nuálach, lena gcuirtear chun cinn rochtain ar othair Eorpacha. Sa réimse sin, a bhuí leis an mbonneagar núicléach agus na sócmhainní núicléacha atá ar fáil, d’fhorbair Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Achtainiam‑225‑PSMA ceannródaíoch. Léirigh an chomhdhúil nuálach sin acmhainneacht ard na teiripe alfa spriocdhírithe maidir le cóireáil ailse agus bhí sí ina spreagadh le spéis mhór ar fud an domhain i radachógais bhreise a fhorbairt atá lipéadaithe le hAchtainiam‑225.

(44)

Féach Guidance for best practices for clinical trials de chuid EDS (2024).

(45)

https://www.ihi.europa.eu/projects-results/health-spotlights/impact-clinical-trials.

(46)

Cuir i gcás ECRIN, an Gréasán Bonneagair um Thaighde Cliniciúil Eorpach ( https://ecrin.org/ecrin.org ); BBMRI, an Bonneagar Taighde Eorpach le haghaidh acmhainní bithbhaincéireachta agus bithmhóilíneacha ( https://www.bbmri-eric.eu ); nó EATRIS, an bonneagar Eorpach le haghaidh míochaine aistritheach ( https://eatris.eu ).

(47)

 An Foghrúpa de Bhord HERA le comhairle a thabhairt maidir le tosaíocht a thabhairt do thrialacha cliniciúla agus maidir lena maoiniú le haghaidh éigeandálaí sláinte poiblí

(E03860/1; https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/expert-groups/consult?lang=en&fromMainGroup=true&groupID=104872 ); Tionscadal CoMECT an chláir Fís Eorpach ( https://cordis.europa.eu/project/id/101136531 ).

(48)

Is tionscnamh comhpháirteach de chuid an Choimisiúin, na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí agus Cheannairí na nGníomhaireachtaí Leigheasra náisiúnta é ACT EU ( https://www.ema.europa.eu/en/human-regulatory-overview/research-development/clinical-trials-human-medicines/accelerating-clinical-trials-eu-act-eu ).

(49)

  https://health.ec.europa.eu/medicinal-products/clinical-trials/medethicseu_en .

(50)

  https://health.ec.europa.eu/medical-devices-topics-interest/combined-studies_en .

(51)

Fianaise atá ag teacht chun cinn agus comharthaí luatha an athraithe san am i láthair a bhrath chun cuidiú leis na tionchair a dfhéadfadh a bheith acu amach anseo a réamh‑mheas ( https://www.oecd.org/en/about/programmes/strategic-foresight.html ), agus maidir le forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha a dfhéadfaí a chur i bhfeidhm san áireamh.

(52)

Féach mar shampla Tuarascáil Teicneolaíochta CNE 2024.

(53)

Mar shampla trí úsáid a bhaint as an Radar Nuálaíochta ( https://innovation-radar.ec.europa.eu/ ); nó staidéir amhail Weak signals in Science and Technologies [Comharthaí laga san Eolaíocht agus i dTeicneolaíochtaí] (2024; ( https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC140959 ).

(54)

Laistigh d’imchlúdaigh an chláir atá ann cheana.

(55)

 Laistigh d’imchlúdaigh an chláir atá ann cheana.

(56)

  https://health.ec.europa.eu/one-health/overview_en .

(57)

 Tuairim eolaíoch ón Sásra um Chomhairle Eolaíoch One Health Governance in the European Union [Rialachas Aon Sláinte Amháin san Aontas Eorpach] ( https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/56b65e58-a309-11ef-85f0-01aa75ed71a1/language-en ).

(58)

  https://health.ec.europa.eu/publications/council-recommendation-stepping-eu-actions-combat-antimicrobial-resistance-one-health-approach_en .

(59)

Mar shampla, an Tionscnamh Comhphleanála maidir le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha ( https://www.jpiamr.eu/ ), an chomhpháirtíocht Eorpach atá ar na bacáin maidir le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha Aon Sláinte Amháin (EUP OHAMR;  https://www.jpiamr.eu/activities/one-health-amr/ ), nó an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach maidir le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha agus Ionfhabhtuithe atá Comhlachaithe le Cúram Sláinte (EUJAMRAI2; https://eu-jamrai.eu/ ).

(60)

  https://durableproject.org/ .

(61)

Féach, mar shampla, https://www.ohchr.org/en/climate-change/impact-climate-change-rights-older-persons .

(62)

   https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/616cce9c-39e5-11f0-8a44-01aa75ed71a1 .

(63)

  https://research-and-innovation.ec.europa.eu/funding/funding-opportunities/funding-programmes-and-open-calls/horizon-europe/eu-missions-horizon-europe/adaptation-climate-change_en .

(64)

 COM(2025) 75 final ( eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52025DC0075 ).

(65)

I dtréimhse is gairide ná deacáid, tá méadú faoi chúig tagtha ar líon na sonraí domhanda (an straitéis Eorpach maidir le sonraí, COM(2020) 66 final). De réir Forbes, tá coinne leis gur sonraí cúraim sláinte a bheidh i gceist le thart ar 36 % de na sonraí uile ar domhan faoi dheireadh 2025 ( https://www.forbes.com/councils/forbestechcouncil/2023/12/12/what-to-do-about-healthcares-messy-desk-data-dilemma/ ).

(66)

Mar shampla: ‘GenAI4EU’, an Tionscnamh Eorpach ‘1+ Milliún Géanóim’, an Tionscnamh Eorpach um an Ailse a Thuiscint, Líonraí Tagartha Eorpacha agus a gclárlanna.

(67)

  https://commission.europa.eu/topics/eu-competitiveness/ai-continent_en .

(68)

  https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/policies/ai-factories .

(69)

 Mar a léirítear in https://cordis.europa.eu/article/id/459569 .

(70)

  https://health.ec.europa.eu/ehealth-digital-health-and-care/european-health-data-space-regulation-ehds_en .

(71)

An Dara Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí, COM(2024) 357 final.

(72)

 Cuir i gcás ‘Catalóg na Beatha’, lena soláthraítear innéacs de speicis aitheanta ainmhithe, plandaí, fungas agus miocrorgánach, mar bhonn don chomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo i bhfóraim idirnáisiúnta cuir i gcás an G20 agus atá ina rannchuidiú le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach i gcomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha cuir i gcás Creat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming‑Montréal.

(73)

Rialachán (AE) 2024/1991 maidir le hathchóiriú an dúlra ( https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN-GA/TXT/?from=EN&uri=CELEX%3A32024R1991 ).  

(74)

  https://knowledge4policy.ec.europa.eu/visualisation/eu-bioeconomy-monitoring-system-dashboards_en .

(75)

  https://www.fao.org/food-safety/news/news-details/en/c/1735814/ .

(76)

Strategic guidelines for a more sustainable and competitive EU aquaculture for the period 2021 to 2030 [Treoirlínte straitéiseacha maidir le dobharshaothrú AE atá níos inbhuanaithe agus níos iomaíche le haghaidh na tréimhse 2021 go 2030 ( https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex:52021DC0236 ).

(77)

 Féach, mar shampla, bithscaglanna taispeántais agus shuaitheanta faoin gComhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe, https://www.cbe.europa.eu/ .

(78)

  https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Municipal_waste_statistics .

(79)

Leis an gconair aistrithe don éiceachóras agraibhia tionsclaíoch, sainaithníodh coipeadh beachtais mar theicneolaíocht nuálach agraibhia ba cheart a fhiosrú chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais: https://single-market-economy.ec.europa.eu/sectors/agri-food-industrial-ecosystem/transition-pathway-agri-food-industrial-ecosystem_en .

(80)

  https://www.fao.org/food-safety/news/news-details/en/c/1735814/ .

(81)

  https://gfi.org/resource/fermentation-meat-seafood-eggs-dairy-and-ingredients-state-of-the-industry/ .

(82)

COM(2024) 98 final ( https://research-and-innovation.ec.europa.eu/document/download/0fcf06ea-c242-44a6-b2cb-daed39584996_en?filename=com_2024_98_1_en_act_part1.pdf ).

(83)

  https://research-and-innovation.ec.europa.eu/research-area/industrial-research-and-innovation/chemicals-and-advanced-materials/safe-and-sustainable-design_en .

(84)

 Féach, mar shampla, an Tionscnamh Eorpach maidir le Cúpla Fíorúil ( https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/policies/virtual-human-twins ).

(85)

Féach Clár Oibre Beartais LET 2025‑2027 ( https://european-research-area.ec.europa.eu/era-policy-agenda-2025-2027 ).

(86)

Mar shampla, ní chomhdaíonn mná ach 10 % diarratais ar phaitinní ( https://projects.research-and-innovation.ec.europa.eu/en/knowledge-publications-tools-and-data/interactive-reports/she-figures-2024 ).

(87)

 Stiúrann Pobal EIT, go háirithe trí PENanna ábhartha, iarrachtaí chun tallann nua a mhealladh agus an lucht saothair atá ann cheana a uas‑sciliú trí thionscnaimh athscilithe, oiliúint ar an láthair oibre, turais foghlama phearsantaithe lena gcomhtháthaítear treochtaí fiontraíochta agus tionscail, lena gcomhordaítear comhpháirtíochtaí scileanna leis an tionscal agus deiseanna foghlama eile.

(88)

  https://commission.europa.eu/topics/eu-competitiveness/union-skills_en .

(89)

Plean Straitéiseach um Oideachas ETIM: scileanna le haghaidh iomaíochais agus nuálaíochta (COM(2025) 89 final; https://education.ec.europa.eu/document/stem-education-strategic-plan-legal-document ).

(90)

Moladh ón gComhairle an 25 Samhain 2024 maidir le gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe san ardoideachas. 

(91)

Moladh ón gComhairle an 18 Nollaig 2023 maidir le creat Eorpach chun daoine tréitheacha taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip.

(92)

  https://european-research-area.ec.europa.eu/horizon-europe-support-research-careers .

(93)

 Cuir i gcás tionscnaimh náisiúnta agus réigiúnacha a bhaineann leis na heolaíochtaí beatha faoi Roghnaigh an Eoraip le haghaidh na hEolaíochta ( https://euraxess.ec.europa.eu/jobs#choose-europe-for-science-new ), agus, mar shampla, tionscnamh na Fraince um Áit Shábháilte don Eolaíocht, nó Mol Eolaíochta na Danmhairge san áireamh.

(94)

Doiciméad Inmheánach Oibre den Choimisiún: Regulatory learning in the EU, Guidance on regulatory sandboxes, testbeds and living labs in the EU, with a focus section on energy [Foghlaim rialála san Aontas Eorpach, Treoraíocht maidir le boscaí gainimh rialála, binsí tástála agus saotharlanna beo san Aontas Eorpach, agus roinn béime ann ar fhuinneamh] (SWD(2023) 277/2 final).

(95)

  https://research-and-innovation.ec.europa.eu/law-and-regulations/ensuring-eu-legislation-supports-innovation_en .

(96)

  https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/portal/screen/opportunities/topic-details/horizon-ju-ihi-2024-08-03-two-stage .

(97)

  https://www.eu-parc.eu/ .

(98)

  https://health.ec.europa.eu/medicinal-products/legal-framework-governing-medicinal-products-human-use-eu/reform-eu-pharmaceutical-legislation_en .

(99)

  https://health.ec.europa.eu/medicinal-products/clinical-trials/clinical-trials-regulation-eu-no-5362014_en .

(100)

  https://accelerating-clinical-trials.europa.eu/documents_en?f%5B0%5D=document_title%3AKPI&f%5B1%5D=priority_actions_priority_actions%3A2 .

(101)

  https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/14663-European-Business-Wallet-digital-identity-secure-data-exchange-and-legal-notifications-for-simple-digital-business_en .

(102)

Attracting Life Science Investments in Europe, mí Dheireadh Fómhair 2023; https://www.biomedeurope.org/wp-content/uploads/2024/09/Life_Science_Attractiveness_-_2023_November_22_Final_Final_LR2.pdf .

(103)

Tuarascáil Eorpach 2025 maidir le Teicneolaíocht Dhomhain.

(104)

 De réir Thuarascáil Tionchair CNE 2025, idir 2020‑2024 rinneadh infheistíochtaí ar fiú suas le EUR 625 mhilliún iad i ngnólachtaí nuathionscanta eolaíochta beatha (bith‑theicneolaíocht thionsclaíoch, bith‑theicneolaíocht agraibhia agus bith‑theicneolaíocht cúraim sláinte).

(105)

Is é BEI an soláthraí fiachais fiontair is mó d’earnáil na n‑eolaíochtaí beatha san Eoraip ag a raibh punann de bhreis agus EUR 2,7 billiún i ndeireadh 2023 lena dtacaítear le níos mó ná 100 gnólacht nuálach, a bhfuil beagnach a leath díobh i réimse na bith‑theicneolaíochta (Tuarascáil Draghi 2024).

(106)

 Aontas Coigiltis agus Infheistíochta Straitéis chun Rachmas agus Iomaíochas Eacnamaíoch na Saoránach a Chothú san Aontas Eorpach (COM(2025) 124, final).

(107)

 Laistigh d’imchlúdaigh na gclár atá ann cheana.

(108)

Féach EDS 2021, Health Promotion Glossary of Terms 2021 ( https://iris.who.int/bitstream/handle/10665/350161/9789240038349-eng.pdf?sequence=1%209789240038349-eng.pdf ).