AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.9.2025
COM(2025) 482 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
maidir le gníomhaíochtaí agus comhairliúcháin an Ghrúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2019/125 maidir le trádáil in earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach
1.Réamhrá
Le hAirteagal 31(4) de Rialachán (AE) 2019/125 an 16 Eanáir 2019 (‘an Rialachán’) maidir le trádáil in earraí áirithe a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach
, cuirtear de cheangal ar an gCoimisiún tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, scrúduithe agus comhairliúcháin an Ghrúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Ní ceart leis an tuarascáil dochar a dhéanamh do leasanna tráchtála daoine nádúrtha nó dlítheanacha.
Leis an tuarascáil seo soláthraítear faisnéis faoi ghníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht in 2024.
2.Creat rialála
Is é is cuspóir don Rialachán cosc a chur ar phionós an bháis, ar thaobh amháin, agus ar chéastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach i dtíortha lasmuigh den Aontas, ar an taobh eile, trí thrádáil in earraí áirithe a shrianadh. Déantar idirdhealú ann idir na hearraí seo a leanas:
-earraí atá mí-úsáideach ó nádúr agus nár cheart trádáil a dhéanamh iontu in aon chor (Iarscríbhinn II); agus
-earraí a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (Iarscríbhinn III) nó le haghaidh phionós an bháis (Iarscríbhinn IV) ach a bhféadfar úsáid dhlisteanach a bhaint astu freisin, amhail earraí le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí nó le haghaidh úsáid theiripeach.
Tá trádáil in earraí a liostaítear in Iarscríbhinní II, III agus IV faoi réir srianta áirithe. Go sonrach, déantar an méid seo a leanas leis an Rialachán:
I.maidir le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II nach féidir úsáid phraiticiúil a bhaint astu seachas chun críocha phionós an bháis nó chun críoch céastóireachta, toirmisctear a n‑allmhairiú isteach san Aontas, a n‑onnmhairiú as agus a n‑idirthuras tríd. Toirmisctear leis soláthar aon chúnaimh theicniúil a bhaineann leis na hearraí sin, lena n‑áirítear oiliúint ar conas iad a úsáid. Toirmisctear leis freisin fógraíocht a dhéanamh ar na hearraí sin sna meáin chlóite, ar an idirlíon, ar an teilifís nó ar an raidió, agus iad a thaispeáint nó a thairiscint lena ndíol ag taispeántas nó ag aonach trádála.
II.tá réamhúdarú ina cheanglas leis, ar bhonn cás ar chás, le haghaidh onnmhairí earraí a liostaítear in Iarscríbhinn III, a d’fhéadfaí a úsáid chun críoch céastóireachta, ach a bhféadfar úsáid dhlisteanach eile a bhaint astu (e.g. le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí). Tá réamhúdarú onnmhairiúcháin ina cheanglas freisin chun cúnamh teicniúil nó seirbhísí bróicéireachta a sholáthar a bhaineann leis an gcatagóir earraí sin. Ní áirítear in Iarscríbhinn III:
a)airm thine atá faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 258/2012
;
b)ítimí dé-úsáide faoi réir Rialachán (AE) 2021/821
; nó
c)earraí atá faoi réir théarmaí Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle
;
III.rialaítear leis trádáil in earraí in Iarscríbhinn IV a fhéadtar a úsáid le haghaidh phionós an bháis (e.g. trí instealladh marfach), ach a bhféadtar úsáid chun críoch dlisteanach teiripeach a bhaint astu freisin. Tugadh isteach údarú ceadúnais sonrach (údarú ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas (UGO-AE)) chun onnmhairiú earraí den sórt sin a rialú agus chun cosc a chur ar a n‑aistriú lena n‑úsáid i mbásuithe le hinstealladh marfach, gan srian a chur ar thrádáil iontu chun críoch míochaine nó tréidliachta, ná chun críoch dlisteanach eile.
3.Gníomhaíochtaí an Ghrúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht
Bunaíodh an Grúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht de bhun Rialachán (AE) 2016/2134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
chun ceisteanna maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin a scrúdú.
Is ardán é an Grúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht lenar féidir le saineolaithe ó na Ballstáit agus seirbhísí an Choimisiúin faisnéis faoi chleachtais riaracháin a mhalartú agus plé a dhéanamh ar shaincheisteanna maidir le léirmhíniú an Rialacháin, saincheisteanna teicniúla maidir leis na hearraí a liostaítear, forbairtí a bhaineann leis an Rialachán, agus aon ní eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn. Téann an Coimisiún i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht nuair a bhíonn gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú aige freisin, i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr
.
Tháinig an Grúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht le chéile dhá uair in 2024, an 6 Meitheamh agus an 5 Nollaig, ar líne, chun faisnéis maidir le roinnt saincheisteanna (a bhfuil achoimre orthu thíos) i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin a mhalartú.
3.1Forbairtí a bhaineann leis an mbunghníomh
Níor glacadh aon ghníomh tarmligthe in 2024 lena leasaítear an Rialachán. Mar sin féin, chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin fhorleathana le saineolaithe an Ghrúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht sna Ballstáit maidir le dréachtghníomh tarmligthe lena leasófaí Iarscríbhinní II agus III chun raon feidhme an Rialacháin a leathnú.
3.2Faisnéis trádála: sonraí a thuairisciú
Chuir an Coimisiún i láthair an Ghrúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht staid na himeartha maidir leis an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 26(3) den Rialachán. Thug an Coimisiún chun cuimhne an fheidhmiúlacht a forbraíodh roimhe seo lena n‑iarrtar ar na húdaráis sna Ballstáit na sonraí atá ina gceanglas a uaslódáil go díreach i leabharlann an Chórais Dé-Úsáide Leictreonaigh chun críoch tuairiscithe, faoin modúl a bhaineann leis an Rialachán ‘Frithchéastóireachta’. Tá sé beartaithe leis sin comhiomlánú na sonraí a chuíchóiriú agus a éascú ar fud na mBallstát uile. Leis an bhfaisnéis a bhailítear, áirítear go sonrach an cineál earra, an ceann scríbe onnmhairiúcháin agus an úsáid deiridh. Léirítear na gnéithe sin sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún dá dtagraítear thuas. Cuireadh an tuarascáil faoi bhráid an Ghrúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht tar éis a glactha
.
3.3Trádáil gan chéastóireacht
Chuir an Coimisiún an Grúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht ar an eolas faoi ábhar na tuarascála téamaí bliantúla maidir le ‘trádáil dhomhanda in airm, trealamh agus gairis a bhíonn in úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí agus ag údaráis phoiblí eile, a d’fhéadfaí a úsáid chun céastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a dhéanamh’ ó Alice Edwards, Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Céastóireacht, a eisíodh an 24 Lúnasa 2023.
Sa tuarascáil, cuireann Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe forléargas bliantúil i láthair ar threochtaí agus ar fhorbairtí a bhaineann le céastóireacht, chomh maith le staidéar téamach ar an trádáil dhomhanda in airm, trealamh agus feistí a úsáideann údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis phoiblí eile a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh céastóireachta agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.
Thug an Coimisiún dá aire ábharthacht na tuarascála sin i gcomhthéacs neartú féideartha Rialachán an Aontais.
Ina theannta sin, sainaithnítear sa tuarascáil liosta ítimí a mheastar a bheith cruálach, mídhaonna nó táireach ó nádúr agus ar cheart, dá réir sin, iad a thoirmeasc (liosta neamh-uileghabhálach de 20 cineál trealaimh/airm). Moltar inti ansin liosta earraí ba cheart a rialáil ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cé go mbaintear úsáid dhlisteanach as na hítimí sin, d’fhéadfaí mí-úsáid a bhaint astu le haghaidh céastóireachta agus, dá bhrí sin, tá gá le leibhéal formhaoirseachta ina leith.
Ag deireadh na tuarascála tá moladh chun ‘ionstraim idirnáisiúnta trádála atá saor ó chéastóireacht a fhorbairt chun na hoibleagáidí atá ann cheana a chomhlánú agus a threisiú, is é sin, na hoibleagáidí chun céastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a thoirmeasc agus a chosc.’
Chuir an Coimisiún an Grúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht ar an eolas freisin faoi ghrúpa de bhreis agus 30 eagraíocht sochaí sibhialta ó na réigiúin uile a thacaíonn leis na hiarrachtaí leanúnacha i dtreo ‘Trádáil gan Chéastóireacht.’ Tá na heagraíochtaí sin ag oibriú i gcomhar le chéile chun conradh idirnáisiúnta a iarraidh d’fhonn rialú a dhéanamh ar an trádáil in uirlisí ceastóireachta, ar uirlisí iad a úsáidtear chun agóidí síochánta a chur faoi chois agus chun mí-úsáid a bhaint as daoine atá faoi choinneáil ar fud an domhain. I ndearbhú a síníodh i Londain i mí Eanáir 2023, d’iarr eagraíochtaí neamhrialtasacha um chearta an duine conradh chun toirmeasc a chur ar mhonarú trealaimh atá mí-úsáideach ó nádúr agus ar thrádáil ann, chomh maith le rialuithe a thabhairt isteach maidir leis an trádáil i dtrealamh caighdeánach forfheidhmithe dlí, rialuithe lena ndíreofaí níos mó ar chearta an duine.
3.4Obair leantach ar an tuarascáil athbhreithniúcháin ón gCoimisiún: Rialachán (AE) 2019/125 ón gCoimisiún a neartú
Thug an Coimisiún chun cuimhne, tar éis dréacht-togra le haghaidh gníomh tarmligthe a chur i láthair ag cruinniú 2023 an Ghrúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht i mí na Samhna, gur sheol an Coimisiún nós imeachta i scríbhinn chun tuairimí chomhaltaí an Ghrúpa a lorg. Fuair an Coimisiún barúlacha inar tugadh aghaidh ar cheisteanna sonracha nó inar lorgaíodh tuilleadh soiléirithe, agus ba mhór ag an gCoimisiún an méid sin. Thairis sin, chuir an Coimisiún an Grúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht ar an eolas faoi na hathruithe atá beartaithe aige a thabhairt isteach tar éis chéim an chomhairliúcháin, mar atá, leasuithe ar liosta na n‑earraí a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinní II (earraí nach mbaintear aon úsáid phraiticiúil astu seachas le haghaidh phionós an bháis nó le haghaidh céastóireachta nó íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach) agus III (earraí a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach).