An Bhruiséil,9.9.2025

COM(2025) 464 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir leis an dul chun cinn i dtreo bhaint amach spriocanna Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin


1. Réamhrá

Is príomhionstraim í an tSaoráid don Úcráin (an tSaoráid), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/792, de straitéis an Aontais Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar scála agus ar chastacht na ndúshlán atá os comhair na hÚcráine i bhfianaise chogadh foghach leanúnach na Rúise. Trí thacaíocht bhuiséadach an Aontais don Úcráin a chomhthiomsú i sásra tacaíochta aonair, is é is aidhm don tSaoráid EUR 50 billiún de mhaoiniú comhleanúnach, intuartha agus solúbtha a chur ar fáil don Úcráin in 2024–2027. Áirítear ar phríomhchuspóirí na Saoráide tacú le riachtanais mhaoiniúcháin agus atógáil na hÚcráine, infheistíochtaí a shlógadh agus athchóirithe atá riachtanach chun go ndéanfaí comhalta den Aontas di a chur chun cinn.

Is gealltanas mór ón Aontas í an tSaoráid chun athléimneacht agus acmhainneacht na hÚcráine a neartú chun bagairtí seachtracha a sheasamh, a téarnamh a chothú agus a conair i dtreo forbairt inbhuanaithe agus ballraíocht san Aontas a éascú. Is infheistíocht straitéiseach í an tSaoráid freisin in Úcráin atá láidir agus inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de, rud atá ríthábhachtach do chobhsaíocht an Aontais agus chun tionchar díchobhsaitheach na Rúise a chomhrac.

Is ionstraim í an tSaoráid a bhfuil trí phríomhcholún inti.

·Colún I: leagtar amach i bPlean na hÚcráine fís na hÚcráine dá téarnamh, dá hatógáil agus dá nuachóiriú, agus na hathchóirithe atá beartaithe mar chuid dá próiseas aontachais don Aontas ó 2024–2027. Faoin bplean, cuirfear suas le EUR 38.3 billiún in iasachtaí agus i ndeontais ar fáil don Úcráin a luaithe a bheidh na coinníollacha arna gcomhaontú idir an tAontas agus an Úcráin comhlíonta aici.

·Colún II: leis an gCreat Infheistíochta don Úcráin, tacaítear le hinfheistíochtaí poiblí, le hoibríochtaí díreacha earnála príobháidí agus le hoibríochtaí cothromais idirghafa. Cuirtear ar chumas cuideachtaí príobháideacha atá lonnaithe san Aontas leis ról lárnach a bheith acu maidir le hinfheistíocht a dhéanamh in atógáil bhonneagar, earnáil fuinnimh agus phríomhthionscail na hÚcráine. Leis na hinfheistíochtaí sin, cuideofar leis an Úcráin geilleagar nua-aimseartha athléimneach a atógáil agus tairbhí eacnamaíocha a ghiniúint do ghnólachtaí an Aontais an tráth céanna.

·Colún III: dírítear leis an tríú colún ar chúnamh teicniúil agus bearta tacaíochta a chur ar fáil chun ailíniú na hÚcráine le dlíthe agus rialacháin an Aontais a éascú. Áirítear leis sin tionscnaimh fothaithe acmhainneachta (lena n‑áirítear an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí, údaráis áitiúla agus réigiúnacha) agus cúnamh don Úcráin chun na hathchóirithe is gá le haghaidh ballraíocht san Aontas a chur chun feidhme.

Agus bliain amháin de chur chun feidhme na Saoráide curtha i gcrích, déantar measúnú mionsonraithe sa tuarascáil seo ar an dul chun cinn atá déanta maidir le gach ceann de na trí cholún. Tuairiscítear inti ar an dul chun cinn maidir leis na spriocanna a áirítear sa Rialachán maidir leis an tSaoráid don Úcráin a bhaint amach agus tugtar samplaí inti de na príomhéachtaí a baineadh amach. Déantar cur síos inti freisin ar an gcóras bainistithe agus rialaithe a bhunaigh an Úcráin, agus ar na bearta chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú chomh maith leis an gcéad Idirphlé maidir leis an tSaoráid don Úcráin a tionóladh le Parlaimint na hEorpa.

Tá sé léirithe cheana féin leis an tSaoráid, in ainneoin go bhfuiltear fós ag céim luath dá cur chun feidhme, go bhfuiltear in ann léi tacaíocht ríthábhachtach a chur ar fáil don Úcráin agus na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a chuirfidh le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine á gcur chun cinn an tráth céanna. Tá sí fós ar an bpríomhuirlis trínar féidir leis an Aontas tacaíocht mheántéarmach a chur ar fáil don tír agus rannchuidiú le hatógáil eacnamaíoch agus ailíniú leis an Aontas, ar nithe iad lena dtreisítear an dá thaobh. Deimhnítear leis an gcur chun feidhme rathúil le linn 2024 tiomantas an Aontais agus na hÚcráine don chonair sin.

Sa chéad bhliain dá cur chun feidhme, slógadh EUR 19.6 billiún i dtacaíocht ón Aontas don Úcráin leis an tSaoráid, ar faoi Phlean na hÚcráine a raibh EUR 16.1 billiún de sin. Tríd an tSaoráid, rannchuidíodh freisin le ceann de na hinfheistíochtaí coigríche is mó san Úcráin óna neamhspleáchas, arb é is aidhm di bonneagar teileachumarsáide na hÚcráine a nuachóiriú agus a leathnú.

Tá luas nach beag faoi chur chun feidhme an Chreata Infheistíochta don Úcráin freisin. D’fhógair an Coimisiún síniú ranníocaíochtaí EUR 1.4 billiún i ráthaíochtaí agus deontais an Aontais le hinstitiúidí airgeadais comhpháirtíochta, lena bhféadfaí EUR 6 bhilliún d’infheistíochtaí a scaoileadh i réimsí atógála agus nuachóirithe amhail bonneagar fuinnimh agus bardasach. Tá roinnt oibríochtaí tagtha chun cinn cheana féin san Úcráin ó tugadh na comhaontuithe sin i gcrích. Faoi Cholún III, bunaíodh Saoráid um Chomhar Teicniúil don Úcráin 2024 agus cuireadh chun feidhme go rianúil í.

2. Staid na himeartha maidir le cur chun feidhme na Saoráide

2.a. Colún I – Plean na hÚcráine

Leagtar amach i bPlean na hÚcráine, faoin gcéad cholún den tSaoráid, an straitéis athchóirithe agus infheistíochta don tír in 2024–2027. Leagtar amach sa Phlean fís an rialtais maidir le hatógáil, nuachóiriú agus na hathchóirithe, sna hearnálacha a bhfuil an acmhainneacht fáis is mó acu, mar chuid dá phróiseas aontachais don Aontas. D’fhorbair Rialtas na hÚcráine an Plean, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hÚcráine, is é sin Verkhovna Rada, agus le sochaí shibhialta na hÚcráine, agus cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin é an 20 Márta 2024. Tar éis don Choimisiún measúnú dearfach a dhéanamh 1 , ghlac an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme an 14 Bealtaine 2024 2 .

Tugtar aghaidh sa Phlean ar fheabhsuithe sa riarachán poiblí agus béim á leagan ar dhea-rialachas, ar an aistriú glas, ar chloí leis an smacht reachta agus ar an gcomhrac i gcoinne an éillithe agus na calaoise. Cumhdaítear 15 réimse leis na hathchóirithe a mholtar faoin bplean, lena n‑áirítear fuinneamh, talmhaíocht, iompar, an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, caipiteal daonna, chomh maith le fiontair faoi úinéireacht stáit, an timpeallacht ghnó, airgeadas poiblí agus dílárú.

Fíor 1: Caibidlí Phlean na hÚcráine

Sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle maidir le formheas an mheasúnaithe dhearfaigh ón gCoimisiún ar Phlean na hÚcráine, leagadh amach tráthchlár ina bhfuil coinníollacha (i.e. táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla) a bheidh le comhlíonadh ag an Úcráin i ngach ráithe, go dtí R4 2027. Léirítear leis na coinníollacha sin an dul chun cinn atá déanta maidir leis na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe a mhol an Úcráin sa Phlean.

Mheas an Coimisiún go bhfuil acmhainneacht nach beag ag athchóirithe agus infheistíochtaí i bPlean na hÚcráine borradh a chur faoin bhfás, cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chothú, feabhas a chur ar an staid fhioscach agus conair aontachais na hÚcráine don Aontas a threisiú. Nuair a rinneadh measúnú ar an bPlean i mí Aibreáin 2024, measadh go dtiocfadh méadú 6.2 % ar OTI na hÚcráine faoi 2027 agus méadú 14.2 % air faoi 2040, dá gcuirfí na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí uile a bhí beartaithe chun feidhme ina n‑iomláine. D’fhéadfadh laghdú an fhiachais thart ar 10 bpointe céatadáin de OTI a bheith mar thoradh ar chur chun feidhme an Phlean freisin faoi 2033 i gcomparáid le cás malartach gan an tSaoráid.

Leithdháiltear suas le EUR 38.3 billiún in iasachtaí agus i ndeontais faoi Cholún I den tSaoráid (mar a leagtar amach i bhFíor 2 thíos) chun cuidiú leis an Úcráin an bhearna fhioscach a dhúnadh agus chun tacú le cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí.

Tá gach íocaíocht faoin tSaoráid ag brath ar an Úcráin a bheith ag leanúint de shásraí éifeachtacha daonlathacha a choinneáil ar bun agus a urramú, lena n‑áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, agus urraim a ráthú do chearta an duine, lena n‑áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.

Fíor 2: Colún I den tSaoráid don Úcráin – Gealltanais tháscacha de réir bliana in EUR billiún

Íocaíochtaí faoi Cholún I den tSaoráid

Sainaithnítear i bPlean na hÚcráine 69 n‑athchóiriú agus 10 gcéim infheistíochta, nó táscairí, arna miondealú i 146 chéim cháilíochtúla agus chainníochtúla (léirítear roinnt na n‑athchóirithe in aghaidh na bliana i bhFíor 3). I bhfianaise staid mhaicreacnamaíoch agus inbhuanaitheacht fiachais na hÚcráine, tugtar tús-ualú don mhaoiniú faoi Phlean na hÚcráine sa chéad agus sa dara bliain den chur chun feidhme. Tá an tús-ualú sin le sonrú freisin sa líon athchóirithe atá le tabhairt chun críche.

Fíor 3: Próifíl Íocaíochta: Athchóirithe agus Infheistíochtaí le himeacht ama

An 20 Márta 2024, d’eisíoc an Coimisiún an chéad EUR 4.5 billiún i maoiniú idirlinne eisceachtúil chun leachtacht a raibh géarghá léi a chur ar fáil don Úcráin. Eisíocadh an dara tráthchuid de EUR 1.5 billiún i maoiniú idirlinne eisceachtúil an 24 Aibreán. Tháinig sé sin sna sála ar an measúnú dearfach ón gCoimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha beartais a leagtar amach i Meabhrán Tuisceana (MT) a shínigh an Úcráin agus an Coimisiún an 13 Márta. Rinne an Coimisiún measúnú dearfach freisin maidir leis an réamhchoinníoll chun sásraí daonlathacha éifeachtacha a choinneáil ar bun a bheith comhlíonta. Cumhdaíodh leis an maoiniú idirlinne cúig choinníoll beartais a comhaontaíodh sa MT, agus a áirítear freisin i bPlean na hÚcráine mar a chuir an Úcráin faoi bhráid an Choimisiúin é.

1.Coimisiún Roghnúcháin a bhunú maidir le hIomaíocht a Sheoladh chuig Seirbhís na gCigirí Araíonachta de chuid na hArd-Chomhairle Bhreithiúnais.

2.Plean Gníomhaíochta a ghlacadh lena dtabharfar aghaidh ar na rioscaí a shainaithnítear sa Mheasúnú Náisiúnta Riosca.

3.Straitéis Náisiúnta Ioncaim le haghaidh 2024–2030 a ghlacadh.

4.Nósanna imeachta a ghlacadh chun buiséad an stáit a leithdháileadh chun páirceanna tionsclaíocha a chruthú.

5.Aistriú uathoibríoch sonraí idir Clár Cadastrach an Stáit agus Clár an Stáit um Chearta Maoine maidir le Réadmhaoin a chur chun feidhme.

An 27 Meitheamh, d’eisíoc an Coimisiún réamh-mhaoiniú EUR 1.9 billiún, a bhí ina chéatadán 7 % den tacaíocht iasachta a raibh an Úcráin incháilithe lena fáil, chun tacú le cur chun feidhme an Phlean. Chun an réamh-mhaoiniú a eisíoc, dhaingnigh Verkhovna Rada Creat-Chomhaontú an 6 Meitheamh agus shínigh Uachtarán na hÚcráine é an 19 Meitheamh, agus síníodh comhaontú iasachta an 24 Meitheamh.

Tar éis iarraidh ar íocaíocht ón Úcráin an 9 Iúil agus measúnú dearfach ón gCoimisiún an 18 Iúil, chomh maith le formheas ón gComhairle an 6 Lúnasa, eisíocadh an chéad íocaíocht faoi Phlean na hÚcráine arbh fhiú nach mór EUR 4.2 billiún é an 13 Lúnasa. As an méid iomlán, soláthraíodh EUR 1.5 billiún i bhfoirm tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus eisíocadh os cionn EUR 2.6 billiún i bhfoirm iasachtaí. Mheas an Coimisiún gur chomhlíon an rialtas na naoi dtáscaire athchóirithe nó naoi gcéim a bhain leis an gcéad íocaíocht rialta sa phlean go sásúil 3 .

Cuireadh na naoi gcéim sin chun feidhme in R2 2024:

Bainistíocht Airgeadais Phoiblí 

1.Glacadh an phlean um dhigitiú Sheirbhís Custaim an Stáit.

2.Formheas an Dearbhaithe Buiséid le haghaidh 2025–2027.

3.Glacadh an Phlean Gníomhaíochta um Chur Chun Feidhme an Treochláir um bainistiú infheistíochta poiblí a athchóiriú.

An troid in aghaidh an éillithe agus an sciúrtha airgid

4.Ceannasaí nua a cheapadh ar an nGníomhaireacht Náisiúnta um Éilliú a Chosc.

Bainistiú sócmhainní poiblí agus an timpeallacht ghnó

5.Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta chun caighdeáin rialachais chorparáidigh fiontar faoi úinéireacht stáit a fheabhsú, agus caighdeáin idirnáisiúnta á gcur san áireamh.

6.Teacht i bhfeidhm an dlí maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar bhunús dlí Bhiúró Slándála Eacnamaíche na hÚcráine.

An earnáil fuinnimh agus an earnáil agraibhia

7.Glacadh an Phlean Chomhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide.

8.Glacadh na Straitéise um nuachóiriú teirmeach foirgneamh go dtí 2050.

9.An Plean Gníomhaíochta agus glacadh an doiciméid straitéisigh maidir le Gníomhaíocht Mianach le haghaidh na tréimhse suas le 2033.

Tar éis don Choimisiún measúnú dearfach a dhéanamh 4 ar iarratas ar íocaíocht ón Úcráin an 10 Deireadh Fómhair, agus tar éis don Chomhairle formheas a thabhairt, glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle. Leis sin, bhíothas in ann an dara íocaíocht faoi Phlean na hÚcráine arbh fhiú nach mór EUR 4.1 billiún é a eisíoc an 18 Nollaig. As an iomlán sin, cuireadh EUR 1.5 billiún ar fáil i bhfoirm tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus eisíodh os cionn EUR 2.5 billiún i bhfoirm iasachtaí.

Bhí an measúnú dearfach ón gCoimisiún mar thoradh ar na naoi gcéim ba ghá a bheith comhlíonta ag an Úcráin faoi R3 2024.

An troid in aghaidh an éillithe agus an sciúrtha airgid

1.An méadú ar an lucht saothair in Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe (SAPO).

2.An leasú ar an gCód Coiriúil agus ar an gCód Nós Imeachta Choiriúil.

3.Glacadh an Phlean Gníomhaíochta chun an Straitéis um Aisghabháil Sócmhainní le haghaidh 2023–2027 a chur chun feidhme.

Caipiteal daonna

4.Glacadh Straitéis Dhéimeagrafach na hÚcráine don tréimhse suas go dtí 2040.

An timpeallacht ghnó agus beartais réigiúnacha

5.Glacadh an Phlean Gníomhaíochta maidir le Dírialáil agus Feabhsú na hAeráide Gnó.

6.Leasú ar Straitéis an Stáit um Fhorbairt Réigiúnach le haghaidh 2021–2027.

Earnáil an fhuinnimh agus an comhshaol

7.Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta tánaistí i ndáil le dlí an Rialacháin maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh.

8.Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le truailliú tionsclaíoch a chosc, a laghdú agus a rialú.

9.Nóta coincheapa a fhorbairt ina sainítear raon feidhme na maoluithe ó rialacha an Mheasúnaithe ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) agus ó rialacha an Mheasúnaithe Straitéisigh Comhshaoil (MSC).

2.a.i. Faighteoirí cistithe faoi Phlean na hÚcráine

Foráiltear in Airteagal 27 den Rialachán maidir leis an tSaoráid don Úcráin nach mór don Úcráin sonraí cothrom le dáta a fhoilsiú maidir le daoine agus eintitis, lena n‑áirítear conraitheoirí, a fhaigheann méideanna cistiúcháin ar mó iad ná coibhéis EUR 100 000 carnach thar an tréimhse 4 bliana chun na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a shonraítear i bPlean na hÚcráine a chur chun feidhme.

Ceanglaítear ar an Úcráin an fhaisnéis seo a fhoilsiú i bhformáid mheaisín-inléite ar leathanach gréasáin, in ord na gcistí iomlána a fuarthas, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht agus ar shlándáil, go háirithe cosaint sonraí pearsanta. I gcás daoine dlítheanacha, áirítear san fhaisnéis sin an t‑ainm dlíthiúil iomlán agus an uimhir CBL nó an uimhir aitheantais chánach, nó aitheantóir uathúil eile arna bhunú ar an leibhéal náisiúnta.

I gcás daoine nádúrtha, foilsítear céadainm agus sloinne nó céadainmneacha agus sloinnte an fhaighteora. Thairis sin, chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 35 den Rialachán maidir leis an tSaoráid don Úcráin, ceanglaítear ar an Úcráin freisin a áirithiú go mbaileofar sonraí leordhóthanacha maidir le daoine agus eintitis a fhaigheann cistiú, lena n‑áirítear faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, agus a áirithiú go mbeidh rochtain ar na sonraí sin. Tá sé sin i gcomhréir le prionsabail an Aontais maidir le cosaint sonraí agus leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí. Go sonrach, áirítear leis an gceanglas sin freisin faisnéis faoi (fho)chonraitheoirí ábhartha agus a n‑úinéirí tairbhiúla.

Tá dul chun cinn gníomhach á dhéanamh ag an Úcráin maidir leis an obair ar thrédhearcacht, ceanglais maidir le bailiú sonraí a chur chun feidhme sa chreat dlíthiúil náisiúnta agus páirt a thabhairt do na húdaráis ábhartha uile chun bailiú cuimsitheach sonraí maidir le faighteoirí deiridh a áirithiú. Tá obair á déanamh ag an Úcráin chun an fhaisnéis sin a ullmhú i mbunachar sonraí comhdhlúite. Foilsíodh liosta d’fhaighteoirí deiridh a fhaigheann os cionn EUR 100 000 ar leathanach gréasáin Aireacht Geilleagair na hÚcráine 5 .

Ceanglaítear ar an Úcráin Airteagal 11 den Rialachán maidir leis an tSaoráid don Úcráin a chomhlíonadh maidir le hincháilitheacht daoine agus eintiteas agus tionscnamh an tsoláthair agus na n‑ábhar agus soláthar poiblí á dhéanamh faoin tSaoráid. Comhtháthaítear na ceanglais sin sa Chreat-Chomhaontú idir an tAontas agus an Úcráin maidir le Socruithe Sonracha chun Cistiú an Aontais faoin tSaoráid don Úcráin a Chur Chun Feidhme. I gcomhréir leis na ceanglais sin, maidir leis na hinfheistíochtaí faoi Cholún I, tá córas faireacháin agus rialaithe á bhunú ag an Úcráin chun a áirithiú go gcloífear leis na ceanglais agus chun aon soláthar lena mbaintear úsáid as na díolúintí faoi Airteagal 11 den Rialachán maidir leis an tSaoráid don Úcráin a thaifeadadh agus a thuairisciú. In 2024, níor ghá don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar aon ábhar maidir le soláthar poiblí.

2.b.    Colún II – An Creat Infheistíochta don Úcráin

Is é an Creat Infheistíochta don Úcráin uirlis shuaitheanta an Aontais chun borradh a chur faoi théarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine. Le tacaíocht EUR 9.3 billiún, lena n‑áirítear EUR 7.8 billiún i ráthaíochtaí agus EUR 1.5 billiún i maoiniú measctha, is é is aidhm dó suas le EUR 40 billiún in infheistíocht a chur ar fáil, rud a chuirfidh an tAontas i gcroílár na n‑iarrachtaí idirnáisiúnta chun an Úcráin a atógáil.

Tá ról ríthábhachtach ag ráthaíochtaí an Aontais maidir le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha araon a dhí-rioscú, rud atá ríthábhachtach i leith théarnamh rathúil na hÚcráine. Trí rioscaí airgeadais a mhaolú, spreagtar leis na ráthaíochtaí sin rannpháirtíocht níos mó ó infheisteoirí san earnáil phríobháideach, ó institiúidí airgeadais agus ó chomhpháirtithe forbartha, a bhfuil gá leo uile chun geilleagar agus bonneagar na hÚcráine a atógáil tar éis an chogaidh.

Ar an gcaoi chéanna, le sásraí maoinithe measctha an Aontais, comhcheanglaítear deontais le hacmhainní neamhdheontais, amhail iasachtaí, cothromas, agus ráthaíochtaí ó institiúidí airgeadais, chomh maith le hiasachtaí agus infheistíochtaí tráchtála. Leis an gcur chuige nuálach sin, déantar cistí poiblí a ghiaráil chun infheistíocht bhreise ón earnáil phríobháideach a scaoileadh, lena gcruthaítear tionchar forbartha forleathan. Trí úsáid a bhaint as maoiniú measctha, uasmhéadaíonn an tAontas luach gach euro a chaitear, rud a chumasaíonn tionscadail a bhfuil tionchar níos mó acu agus a rannchuidíonn go díreach le téarnamh agus athléimneacht fhadtéarmach na hÚcráine.

Tá an Creat Infheistíochta don Úcráin i gcroílár na hiarrachta sin, agus é ceaptha go sonrach chun cuidiú le bonneagar criticiúil na hÚcráine a atógáil agus a geilleagar a spreagadh. Is iad príomhearnálacha amhail fuinneamh, tionsclaíocht, scoileanna, ospidéil agus seirbhísí bardasacha an príomhfhócas, agus is é is aidhm dó sin Úcráin níos athléimní, níos inbhuanaithe agus níos nua-aimseartha a chruthú. Ina theannta sin, tugtar aghaidh freisin sa Chreat Infheistíochta don Úcráin ar riachtanais gnólachtaí beaga, pobal a bhfuil difear á dhéanamh dóibh ag an gcogadh, agus grúpaí leochaileacha, lena n‑áirithítear nach bhfágfar ar lár na pobail is mó atá thíos leis.

An 31 Nollaig 2024, 3 bliana ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, meastar i Mearmheasúnú comhpháirteach nuashonraithe ar Dhamáiste agus ar Riachtanais (RDNA4) gurb é a bheidh i gcostas iomlán atógáil agus théarnamh na hÚcráine EUR 506 bhilliún sna 10 mbliana amach romhainn. Leis an measúnú cuimsitheach sin, leagtar béim ar scála ollmhór an dúshláin atá roimh an Úcráin maidir lena geilleagar, a bonneagar agus a hinstitiúidí a atógáil.

Sa chomhthéacs sin, tá an Creat Infheistíochta don Úcráin ríthábhachtach chun an bhearna mhaoiniúcháin nach beag maidir le hatógáil na hÚcráine a dhúnadh. Cuirtear ar fáil leis sásra struchtúrtha comhordaithe chun acmhainní airgeadais a dhíriú ar na réimsí tosaíochta is práinní a shainaithnítear i bPlean na hÚcráine. Áirithítear le tacaíocht spriocdhírithe an Chreata Infheistíochta don Úcráin go mbeidh na hacmhainní is gá ag an Úcráin chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais chriticiúla agus, an tráth céanna, an bealach a réiteach don téarnamh agus don fhás fadtéarmach.

Tá an Creat Infheistíochta don Úcráin ina phríomhspreagadh don infheistíocht phríobháideach in atógáil na hÚcráine freisin. Trí uirlisí dí-rioscaithe agus cumhdach riosca cogaidh a chur ar fáil agus cothromas príobháideach a shlógadh, cruthaítear leis deiseanna maoiniúcháin nua do ghnólachtaí de chuid na hÚcráine agus an Aontais araon.

Tá dlúthnasc idir Colún II agus conair athchóirithe agus aontachais na hÚcráine. Leis na hinfheistíochtaí i ngeilleagar agus i mbonneagar na hÚcráine arna gcumasú leis an gCreat Infheistíochta don Úcráin, cuirtear dlús freisin lena comhtháthú i Margadh Aonair an Aontais, agus comhtháthaítear an Úcráin i mbonneagar tras-Eorpach i bhfuinneamh agus in iompar, i slabhraí luacha an Aontais agus trasuitear caighdeáin agus cleachtais ghnó an Aontais. Trí gheilleagar na hÚcráine a dhaingniú le geilleagar an Aontais, is inneall straitéiseach é an Creat Infheistíochta don Úcráin chun seasamh geopholaitiúil agus eacnamaíoch an Aontais a chur chun cinn.

Feidhmíonn an Creat Infheistíochta don Úcráin freisin mar ardán uathúil comhordúcháin d’ailtireacht téarnaimh na hÚcráine. Tugtar le chéile leis Rialtas na hÚcráine, Ballstáit an Aontais, agus mórinstitiúidí airgeadais amhail an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF), an Banc Domhanda, Institiúidí Airgeadais Forbartha na mBallstát, etc. chun freagairt oibríochtúil chomhpháirteach ar riachtanais téarnaimh agus atógála na hÚcráine a ailíniú agus a thabhairt.

Cuireadh an Creat Infheistíochta don Úcráin ar bun ar an dá luas. Tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir leis an tSaoráid don Úcráin i mí an Mhárta 2024, tháinig an chéad Bhord Stiúrtha de chuid an Chreata Infheistíochta don Úcráin le chéile i mí Aibreáin 2024 agus d’fhormhuinigh sé an chéad sraith de chláir infheistíochta. I mí an Mheithimh 2024 ag Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine i mBeirlín, d’fhógair an Coimisiún síniú na chéad chláir infheistíochta faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin dar luach EUR 1.4 billiún i gcomhaontuithe nua ráthaíochta agus deontais chun tacú le téarnamh agus atógáil na hÚcráine.

Is éard atá sna comhaontuithe sin, a síníodh le roinnt comhpháirtithe cur chun feidhme, amhail BEAF, BEI, an Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta, Kreditanstalt für Wiederaufbau agus Bank Gospodarstwa Krajowego, EUR 1 bhilliún de ráthaíochtaí iasachta an Aontais agus EUR 400 milliún i ndeontais. Téann siad chun tairbhe do chuideachtaí príobháideacha, lena n‑áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, bardais agus fiontair faoi úinéireacht stáit na hÚcráine. Tacaíonn na hoibríochtaí le hearnálacha tosaíochta amhail fuinneamh, iompar, bonneagar bardasach, rochtain ar mhaoiniú agus fiontair atá buailte ag an gcogadh; agus is é is aidhm dóibh infheistíochtaí EUR 6 bhilliún a scaoileadh.

A bhuí le ráthaíochtaí an Chreata Infheistíochta don Úcráin, a bhí ríthábhachtach chun na rioscaí infheistíochta a mhaolú, tá go leor oibríochtaí tagtha chun cinn cheana féin san Úcráin in 2024.

·Ceann de na hinfheistíochtaí coigríche is mó san Úcráin ó bhain sí neamhspleáchas amach. Éadáil dhá oibreoir teileachumarsáide (Lifecell agus Datagroup Volia) ag infheisteoir Francach, rud a chruthaíonn príomhoibreoir comhtháite ag a bhfuil plean láidir infheistíochta le haghaidh bonneagar teileachumarsáide agus fheabhsú na nascachta digití. Chómhaoinigh an Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta an t‑idirbheart sin, le tacaíocht ó ráthaíocht ón gCreat Infheistíochta don Úcráin.

·Infheistíocht nach beag i láithreán úrnua le haghaidh fuinneamh in-athnuaite, lena gcómhaoinítear tógáil feirme gaoithe nua i réigiún Volyn ag a bhfuil acmhainneacht 147 MW, arna cómhaoiniú ag BEAF agus ag an gCorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta le ráthaíocht a dtacaíonn an tAontas léi.

·Scaoileadh iasachtú criticiúil do Chathair Chív le ráthaíocht an Chreata Infheistíochta don Úcráin, lenar cumasaíodh tacaíocht leachtachta éigeandála don téamh ceantair bhardasaigh chun soláthar teasa gan bhriseadh a áirithiú le linn gheimhreadh 2024/2025, trí iasacht arna soláthar ag BEAF a ráthú.

·Scaoileadh iasacht nua BEAF do Nova Poshta le ráthaíocht an Chreata Infheistíochta don Úcráin chun maoiniú a dhéanamh ar leathnú agus nuachóiriú a líonra críochfort beartán agus brainsí, in éineacht le bearta a bhfuil tionchar láidir sóisialta acu, lenar tógadh os cionn 600 foscadán buamála, agus lenar reáchtáladh cláir chun deiseanna fostaíochta a chruthú d’iarshaighdiúirí cogaidh agus do mhná leochaileacha.

Chun cur leis an móiminteam sin, seoladh babhta nua de ghlaonna faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin ar thograí le haghaidh infheistíochtaí poiblí, oibríochtaí díreacha earnála príobháidí agus oibríochtaí cothromais idirghafa i mí Mheán Fómhair 2024 a raibh leithdháileadh táscach EUR 2.75 billiún ag baint leis. Beidh an glao oscailte ar feadh bliana ar a laghad agus beidh sprioc-amanna idirmheánacha i bhfeidhm.

Cuireadh gníomhaíochtaí faoi Cholún II chun feidhme i gcomhréir leis na prionsabail foinsithe agus soláthair a leagtar amach in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/792. Síníodh comhaontuithe ráthaíochta breisiúcháin agus oibríochtaí maoinithe measctha i mí an Mheithimh 2024 agus cuireadh in úsáid iad mar bhearta práinneacha chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais láithreacha atógála agus athshlánaithe, go háirithe san earnáil fuinnimh.

2.c.    Colún III

Le Colún III, dírítear ar chúnamh teicniúil agus bearta tacaíochta a chur ar fáil chun ailíniú na hÚcráine le dlíthe agus rialacháin an Aontais a éascú. Maoinítear leis gníomhaíochtaí comhair theicniúil a chuirtear chun feidhme thar roinnt blianta, amhail tionscnaimh fothaithe acmhainneachta, lena n‑áirítear comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí sochaí sibhialta, chomh maith le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus cúnamh don Úcráin chun na hathchóirithe is gá le haghaidh aontachas don Aontas a chur chun feidhme agus chun a áirithiú go n‑úsáidfear cúnamh airgeadais go héifeachtach.

Le Colún III maoinítear freisin na fóirdheontais ráta úis le haghaidh chostais na n‑iasachtaí arna soláthar faoi Cholún I den tSaoráid agus faoi chúnamh macrairgeadais a bhí ann roimhe seo. Thairis sin, maoinítear leis feidhmiú Bhord Iniúchóireachta na Saoráide don Úcráin agus tacaítear leis le tionscnaimh eile atá dírithe ar fhreagairt d’fhogha na Rúise faoin Úcráin, lena n‑áirítear forfheidhmiú an dlí idirnáisiúnta i ndáil le coireanna arna ndéanamh ag an Rúis ar chríoch na hÚcráine.

In 2024, glacadh an chéad Chlár Oibre Bliantúil faoi Cholún III den tSaoráid, lenar slógadh níos mó ná EUR 488 milliún.

2.c.i Cur Chun Feidhme na Saoráide um Chomhar Teicniúil

Tá an Ghníomhaíocht ‘Saoráid um Chomhar Teicniúil don Úcráin 2024 (TCF 2024)’ ag a bhfuil buiséad geallta de thart ar EUR 248 milliún ceaptha chun ailíniú forásach na hÚcráine le acquis an Aontais a éascú d’fhonn go mbeadh sí in ann ballraíocht a ghlacadh san Aontas amach anseo agus chun tacú le cur chun feidhme Phlean na hÚcráine. An tráth céanna, treisítear léi athléimneacht na hÚcráine agus a hacmhainneacht chun freagairt do thionchair uafásacha chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Mar uirlis sholúbtha fhreagrúil, cuirtear cúnamh saincheaptha ar fáil le TCF 2024, a chuirtear in oiriúint do riachtanais athraitheacha na hÚcráine. Tacaítear le cumarsáid straitéiseach, taidhleoireacht phoiblí, agus rannpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta agus le gníomhaithe cultúrtha freisin leis, ar nithe iad uile atá ríthábhachtach chun infheictheacht dhearfach an Aontais a threisiú san Úcráin.

I mí na Samhna 2024, méadaíodh buiséad TCF 2024 faoi EUR 105 mhilliún, a bhuí le EUR 103 mhilliún i mbrabúis ó shócmhainní blocáilte na Rúise agus ranníocaíocht bhreise EUR 2 mhilliún ón Danmhairg. Leis an leasú sin, neartaíodh go mór acmhainneacht na Saoráide tacú le tosaíochtaí amhail bonneagar criticiúil fuinnimh a athchóiriú.

Tá cur chun feidhme TCF 2024 faoi lán seoil, agus tá níos mó ná EUR 136 mhilliún, is é sin, níos mó ná 50 % den bhuiséad iomlán, curtha ar conradh cheana féin in 2024. Tá na cistí sin dírithe ar na príomhthosaíochtaí seo a leanas: athléimneacht fuinnimh, dílárú, agus tacaíocht do phróiseas aontachais na hÚcráine don Aontas.

·San earnáil fuinnimh, tá an tAontas ag rannchuidiú le hathléimneacht fuinnimh na hÚcráine trí thacaíocht a thabhairt do Chiste Tacaíochta Fuinnimh na hÚcráine, a dhéanann Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh bainistiú air. Leis an gciste sin, éascaítear seachadadh trealaimh éigeandála agus soláthairtí riachtanacha chun córas fuinnimh na hÚcráine a chobhsú.

·Maidir le hathchóiriú ar an dílárú, tá dul chun cinn á dhéanamh ar an gcéad chéim eile de thionscnamh suaitheanta Fhoireann na hEorpa ‘U-LEAD with Europe,’ arna chómhaoiniú ag an nGearmáin agus ag an Danmhairg. Is é misean an tionscnaimh tacú le rialachas trédhearcach cuntasach ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, rud a chuirfidh go díreach le hatógáil na hÚcráine.

·Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt i dtaobh na n‑iarrachtaí aontachais don Aontas, tá feabhas á chur ar acmhainneachtaí phríomhinstitiúidí na hÚcráine trí Thionscnamh Fhoireann na hEorpa a seoladh le déanaí, ‘Ukraine2EU – Clár Tacaíochta um Lánpháirtiú na hÚcráine san Aontas’ (arna chómhaoiniú ag an Danmhairg agus ag an Liotuáin). Áirítear leis sin tacaíocht do Pharlaimint na hÚcráine, aistriúchán acquis an Aontais, cumarsáid straitéiseach, agus comhordú an phróisis aontachais fhoriomláin.

Cuireadh gníomhaíochtaí faoi Cholún III chun feidhme i gcomhréir leis na prionsabail foinsithe agus soláthair a leagtar amach in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/792, agus tosaíocht tugtha do thíortha incháilithe. Cuireadh maoluithe i bhfeidhm i gcomhréir le forálacha dlíthiúla, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha le haghaidh trealamh criticiúil fuinnimh, ar cheanglais chomhoiriúnachta le córais na hÚcráine atá ann cheana, agus ar dhálaí géarchéime ar an láthair.

2.c.ii Ranníocaíocht le sásraí cuntasachta agus maoiniú an Bhoird Iniúchóireachta

Mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhí bás, fulaingt agus scriosadh forleathan i gceist ar fud na tíre ar fad. An 14 Samhain 2022, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe Rún lena n‑aithnítear an gá atá le sásra idirnáisiúnta a bhunú chun cúiteamh a dhéanamh ar dhamáiste, caillteanas nó díobháil a tharla de dheasca ghníomhartha Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar gníomhartha iad a bhí éagórach go hidirnáisiúnta. Tá an tAontas ag stiúradh na n‑iarrachtaí idirnáisiúnta chun an Rúis a choinneáil cuntasach, agus chuaigh sé isteach i gClár an Damáiste arna dhéanamh ag Fogha Chónaidhm na Rúise faoin Úcráin i mí na Bealtaine 2023 agus rinneadh Rannpháirtí iomlán de i mí Iúil 2024. Faoi láthair, tá 43 stát agus an tAontas mar chuid den Chlár.

In 2024, ranníoc an tAontas thart ar EUR 846 000 leis an bPáirt-Chomhaontú Méadaithe maidir leis an gclár damáiste mar thoradh ar fhogha Chónaidhm na Rúise faoin Úcráin, agus leis sin, áirithíodh go gcomhlíonfadh an tAontas a oibleagáidí airgeadais mar chomhalta den Pháirt-Chomhaontú Méadaithe.

Déantar taifead sa Chlár ar éilimh incháilithe ar dhamáiste, caillteanas nó díobháil a rinneadh do gach duine nádúrtha agus dlítheanach lena mbaineann agus do Stát na hÚcráine freisin, agus feidhmítear é mar ardán digiteach slán chun fianaise a bhailiú agus a phróiseáil. Tá sé le bheith mar chuid de Choimisiún Éileamh amach anseo, a dhéanfaidh measúnú ar éilimh agus a chinnfidh cúiteamh. Is céim thábhachtach é an tionscnamh seo chun a áirithiú go nglacfaidh an Rúis freagracht iomlán as a cuid gníomhaíochtaí.

Tá 44 fhoirm éilimh san iomlán beartaithe chun cineálacha éagsúla damáistí a chumhdach, lena n‑áirítear scriosadh maoine, díobháil phearsanta, agus easáitiú éigeantach. Faoi dheireadh 2024, bhí os cionn 13 000 éileamh faighte ag an gClár agus taifeadadh 832 chinneadh maidir le scriosadh réadmhaoine cónaithe, le meánéileamh EUR 54 000. Táthar ag leanúint den obair ar phróiseas na n‑éileamh a leathnú.

Bunaíodh Bord Iniúchóireachta na Saoráide don Úcráin i mí an Mheithimh 2024 trí Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún; bunaíodh a théarma freisin (go dtí an 30 Meitheamh 2028) agus sainíodh a mhisean, a chomhdhéanamh, ceapachán a chomhaltaí agus a Chathaoirleach, a Rúnaíocht agus a chúraimí. Cuireadh thart ar EUR 11 mhilliún ar fáil faoin tSaoráid don Úcráin chun tacú leis an ngníomhaíocht sin.

Is é príomhchúram an Bhoird Iniúchóireachta faireachán a dhéanamh ar úsáid thrédhearcach agus éifeachtach suas le EUR 50 billiún i gcúnamh airgeadais ón Aontas don Úcráin idir 2024 agus 2027. Go sonrach, is é an misean atá aige a mheas cé acu atáthar nó nach bhfuiltear ag áirithiú le córais bhainistithe agus rialaithe earnála poiblí na hÚcráine go n‑úsáidtear cistí an Aontais i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, amhail éifeachtacht, barainneacht, éifeachtúlacht agus trédhearcacht, agus calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí eile á gcosc an tráth céanna.

Tá an Bord Iniúchóireachta lonnaithe sa Bhruiséil agus tá Rúnaíocht thiomnaithe aige i gCív. Trí ghlao ar léirithe spéise, roghnaíodh triúr comhaltaí neamhspleácha ar an mbord iniúchóireachta in 2024, ar saoránach den Aontas gach duine acu agus a bhfuil taithí nach beag acu ar iniúchóireacht agus ar bhearta frithchalaoise.

2.c.iiii. Costas iasachtaíochta agus costais leagáide

I mí an Mheithimh 2024, glacadh cinneadh maoiniúcháin chun na costais leagáide bhliantúla a bhaineann leis na hiasachtaí faoi chúnamh macrairgeadais eisceachtúil an Aontais a soláthraíodh in 2022 (‘MFA1’ agus ‘MFA2’) a chumhdach agus chun rannchuidiú leis an soláthar a íoctar isteach sa chiste don soláthar coiteann i ndáil leis na hiasachtaí sin, le méid iomlán níos mó ná EUR 227 milliún.

Leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas dar luach EUR 6 bhilliún a eisíocadh i mí Lúnasa 2022 (MFA1) agus idir mí Dheireadh Fómhair agus mí na Nollag 2022 (MFA2), tugadh tacaíocht thapa phráinneach do bhuiséad na hÚcráine. Féadfaidh an tAontas ús a shaothrú trí fhóirdheontas úis a dheonú i leith iasachtaí den sórt sin.

I mí Feabhra 2024, chuir an Úcráin an iarraidh fhoirmiúil isteach chun fóirdheontas úis a fháil le haghaidh na muirear a bhí dlite in 2024. Maidir leis na ceanglais atá mar bhonn taca le scaoileadh na dtráthchodanna faoi chúnamh macrairgeadais eisceachtúil an Aontais, measadh gur comhlíonadh iad in 2022.

3. Dul chun cinn maidir leis an tSaoráid a chur chun feidhme

3.a.    Dul chun cinn maidir leis na spriocanna faoin Rialachán maidir leis an tSaoráid don Úcráin

Leagtar amach sa Rialachán maidir leis an tSaoráid don Úcráin trí sprioc straitéiseacha atá dírithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ar an aistriú glas, agus ar thrí ghné de bhardais atá ríthábhachtach do théarnamh, atógáil agus nuachóiriú fadtéarmach na hÚcráine.

3.a.i Tacaíocht d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (Airteagal 28(6))

Is iad FBManna cnámh droma gheilleagar na hÚcráine agus tá ról ríthábhachtach acu maidir le hathléimneacht eacnamaíoch, nuálaíocht agus cruthú post a chur chun cinn. Agus an méid sin á aithint, ceanglaítear leis an Rialachán maidir leis an tSaoráid don Úcráin go n‑úsáidfear 15 % ar a laghad de ráthaíochtaí an Aontais chun tacú le micrifhiontair, le fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna), lena n‑áirítear gnólachtaí nuathionscanta.

In 2024, rinne an tAontas dul chun cinn nach beag i dtreo an chuspóra sin. Síníodh dhá chomhaontú, trínar áirithíodh suas le EUR 290 milliún i gcumhdach ráthaíocht an Aontais a dhíreofaí go sonrach ar iasachtú le MFBManna. Ina theannta sin, slógadh EUR 20 milliún trí ranníocaíochtaí maoinithe measctha. Tá na tionscnaimh sin ceaptha chun maoiniú a chur ar fáil do ghnólachtaí beaga agus chun tacú le cuideachtaí atá buailte ag an gcogadh, rud a chinntíonn gur féidir leo leanúint de bheith ag feidhmiú agus de chur leis an ngeilleagar.

Chun cur leis an móiminteam sin, seolfaidh an tAontas glao saincheaptha ar thograí in 2025 chun tacaíocht spriocdhírithe bhreise a chur ar fáil do FBManna, arna seoladh trí bhainc agus trí idirghabhálaithe airgeadais. Leis an iarracht sin, tabharfar tús áite do rochtain ar mhaoiniú do ghnólachtaí beaga agus cuideofar chun earnáil phríobháideach na hÚcráine a threisiú le linn na céime criticiúla seo den atógáil.

3.a.ii An tAistriú Glas a Chur Chun Cinn (Airteagal 28(9))

Tá an tSaoráid ailínithe le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus tacaítear léi le haistriú na hÚcráine chuig geilleagar atá aeráidneodrach, athléimneach ó thaobh na haeráide de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Meastar go gcomhlíonfar le Colún I den tSaoráid na prionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, a mhéid is féidir i gcomhthéacs téarnaimh agus atógála cogaidh nó iarchogaidh. Meastar go mbeidh 20 % ar a laghad de na hinfheistíochtaí a dhéantar faoi Phlean na hÚcráine agus faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin ina rannchuidiú le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, le cosaint an chomhshaoil bithéagsúlachta lena n‑áirítear caomhnú na bithéagsúlachta, agus leis an aistriú glas níos leithne.

Faoi Phlean na hÚcráine, meastar go mbeidh 80 % ar a laghad d’infheistíochtaí i mbonneagar iompair agus 60 % ar a laghad d’infheistíochtaí i mbonneagar fuinnimh mar thaca le cuspóirí glasa. Tá an chuid is mó de na hinfheistíochtaí a bhaineann leis an aistriú glas faoi Cholún I sceidealaithe lena gcur chun feidhme faoi R4 2027. Déanfar an measúnú foriomlán ar cé acu a baineadh nó nár baineadh amach an sprioc maidir leis an aistriú glas mar chuid den iarraidh deiridh ar íocaíocht a bheidh dlite faoi dheireadh 2027.

Ina theannta sin, meastar go mbeidh na chéad oibríochtaí faoi Cholún II — a cuireadh ar conradh i lár 2024 — ina rannchuidiú nach beag freisin. Áirítear orthu sin oibríochtaí faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin atá dírithe ar sheirbhísí fíor-riachtanacha amhail bonneagar uisce agus leictreachais a athshlánú agus a uasghrádú.

3.a.iii Bardasachtaí (Airteagal 16(4))

Ní mór méid atá coibhéiseach le 20 % ar a laghad den tacaíocht neamh-inaisíoctha faoi Cholún I a leithdháileadh ar riachtanais na n‑údarás fonáisiúnta. Déanfar é sin a mheasúnú ar bhonn na dtuarascálacha ón Státchiste ina dtabharfar údar leis gur leithdháileadh an méid sin ar a laghad sa bhuiséad náisiúnta do riachtanais den sórt sin, i gcomhréir le modheolaíocht a ullmhóidh an Úcráin agus a chomhaontófar leis an gCoimisiún. Déanfar an chéad mheasúnú ar an gceanglas sin mar chuid den naoú hiarraidh ar íocaíocht faoi Phlean na hÚcráine, a bhfuil coinne leis tar éis R2 2026, lena gcinnfear ar leithdháileadh méid 5 % ar a laghad. San iarraidh deiridh ar íocaíocht de chuid Phlean na hÚcráine, atá dlite faoi dheireadh R4 2027, déanfar measúnú ar an sprioc iomlán.

3.b. Rannchuidiú le próiseas aontachais na hÚcráine

Leis an tSaoráid, nasctar tacaíocht airgeadais don Úcráin le clár oibre uaillmhianach don athchóiriú fáis arb é is aidhm dó claochlú struchtúrach a éascú agus tacú le conair na hÚcráine dul isteach san Aontas an tráth céanna. Tá Plean na hÚcráine i gcroílár na Saoráide lena gcuirtear téarnamh eacnamaíoch, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine chun cinn, agus ailíniú le acquis an Aontais á chothú an tráth céanna.

Chun dul chun cinn fóinteach a áirithiú, sainaithníodh céimeanna sonracha sa Phlean, a bhfuil dlúthbhaint ag go leor acu le acquis an Aontais i bpríomhréimsí tosaíochta. Cuimsítear leis na céimeanna sin raon beart fíor-riachtanach chun an Úcráin a thabhairt níos gaire do acquis an Aontais sa ghearrthéarma, lena n‑áirítear reachtaíocht a ghlacadh lena gcuirtear chun cinn cur chun feidhme an acquis, cur chun feidhme mholtaí an Aontais, agus glacadh chaighdeáin an Aontais ar fud earnálacha éagsúla. Cé go dtacaíonn cur chun feidhme rathúil Phlean na hÚcráine le hailíniú na hÚcráine le creat rialála an Aontais, tá comhlíonadh na n‑athchóirithe faoin tSaoráid fós ar leithligh ón measúnú ar an ailíniú le acquis an Aontais faoin bpróiseas aontachais leanúnach agus tá sé gan dochar don mheasúnú sin.

Go sonrach, sa dá thráthchuid a ndearnadh measúnú orthu in 2024, tá ceithre chéim san iomlán (thart ar 22 % den iomlán) curtha i gcrích lena rannchuidítear freisin le hailíniú le acquis an Aontais (féach Tábla 1 thíos). Ar na hearnálacha lena mbaineann, áirítear dílárú, fuinneamh agus an comhshaol.

Tábla 1: Céimeanna Phlean na hÚcráine lena dtagraítear do acquis an Aontais a tugadh chun críche in 2024

Uimhir sheicheamhach

Athchóiriú

Ainm an bhirt

Tráthchuid

9.5

Athchóiriú 3.

Beartas réigiúnach a fhorbairt agus a chur chun feidhme

Rúin a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar Straitéis an Stáit um Fhorbairt Réigiúnach le haghaidh na tréimhse 2021–2027

R3 2024

10.8

Athchóiriú 3.

Athchóiriú ar an margadh leictreachais

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta tánaistí i ndáil le dlí an Rialacháin maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh

R3 2024

15.1

Athchóiriú 1.

Truailliú tionsclaíoch a chosc, a laghdú agus a rialú

Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le truailliú tionsclaíoch a chosc, a laghdú agus a rialú agus na forálacha á gcur i bhfeidhm go páirteach

R3 2024

15.10

Athchóiriú 5. Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) agus Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC)

Nóta coincheapa a fhorbairt ina sainítear raon feidhme na ndialltaí ó rialacha an Mheasúnaithe ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) agus ó rialacha an Mheasúnaithe Straitéisigh Comhshaoil (MSC)

R3 2024

3.c. Rannchuidiú le cobhsaíocht fhioscach na hÚcráine trí thacaíocht bhuiséadach

Bhí tionchar suaiteach ag mór-ionradh na Rúise ar gheilleagar na hÚcráine, ar tháinig crapadh nach mór 30 % air in 2022. Tháinig méadú nach beag ar an mboilsciú agus ar an dífhostaíocht araon. Shroich easnamh ginearálta an rialtais beagnach 20 % de OTI in 2023 mar gheall ar chaiteachas ard ar chosaint. Mar gheall gur chaill an Úcráin rochtain ar mhargaí idirnáisiúnta airgeadais, leanann sí de bheith ag brath ar an gcúnamh eachtrach. Tá sé measta ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta gurb é EUR 143 bhilliún an bhearna charnach i maoiniú ginearálta an rialtais suas go dtí 2027.

Sa chomhthéacs sin, cuirtear tacaíocht bhuiséadach dhíreach ar fáil le Plean na hÚcráine i bhfoirm tacaíocht neamh-inaisíoctha agus iasachtaí ar ardleibhéal lamháltais. Is é EUR 38.3 billiún an tacaíocht airgeadais iomlán faoi Cholún I . Tugadh tús áite do na cistí sa chéad bhliain agus sa dara bliain de chur chun feidhme Phlean na hÚcráine.

Tá tacaíocht bhuiséadach dhíreach ina cuidiú ag an Úcráin chun feidhmeanna rialtais a choinneáil ar bun agus seirbhísí poiblí fíor-riachtanacha a chur ar fáil, rud atá ríthábhachtach le linn tréimhse ina bhfuil an t‑ioncam intíre ag dul i méid ach fós easnamhach. Áirithítear leis an tacaíocht sin go n‑íocfar tuarastail phoiblí, pinsin, agus go leanfar de sheirbhísí amhail oideachas agus cúram sláinte, agus an tráth céanna cuidítear léi cobhsaíocht mhacra-airgeadais a choinneáil ar bun tríd an ngá le hiasachtaí intíre iomarcacha a laghdú.

Áirítear i bPlean na hÚcráine bearta chun bainistiú fioscach a neartú, amhail athbhreithnithe buiséadacha bliantúla a athbhunú agus éifeachtacht caiteachais phoiblí a fheabhsú. Dírítear leis freisin ar bhorradh a chur faoi shlógadh ioncaim agus faoi bhainistiú fiachais phoiblí ar mhaithe le hinbhuanaitheacht airgeadais fhadtéarmach. Ina theannta sin, an fóirdheontas úis ar iasachtaí ó chúnamh macrairgeadais eisceachtúil an Aontais in 2022, cuidíonn sé leis an Úcráin cobhsaíocht a choinneáil ar bun trína híocaíochtaí úis fabhraithe don bhliain sin a shaoradh.

3.d. Tacaíocht chun comhionannas inscne a neartú

Tá cur chun feidhme na Saoráide bunaithe ar phrionsabail an chomhionannais inscne agus chumhachtú na mban (GEWE), mar a shonraítear sa Rialachán. Mar sin féin, níltear á cur in úsáid sách fada chun tuairisc a thabhairt ar shamplaí nithiúla de thorthaí le haghaidh GEWE.

Meabhraítear i bPlean na hÚcráine prionsabail na cuimsitheachta, an chomhionannais inscne agus an chomhtháthaithe shóisialta mar réimsí tábhachtacha trasearnálacha nach mór a chur san áireamh. Leagtar béim ann freisin ar shaincheisteanna a bhaineann le caipiteal daonna agus leis an timpeallacht ghnó. Chun na céimeanna a leagtar amach sa Phlean a bhaint amach, in 2024, ghlac an Úcráin an straitéis nua forbartha déimeagrafaíochta suas go dtí 2040. Áirítear freisin sa dlí nua maidir le feabhas a chur ar rialachas corparáideach fiontar atá faoi úinéireacht stáit, agus sa straitéis gníomhaíochta náisiúnta maidir le mianaigh suas le 2033, bearta lena spreagtar comhionannas inscne.

Cuirtear an Creat Infheistíochta don Úcráin chun feidhme trí chomhpháirtíochtaí le hinstitiúidí airgeadais atá ailínithe le gealltanais idirnáisiúnta agus gealltanais an Aontais maidir le GEWE. Tá tacaíocht do GEWE mar chuid de threoshuíomhanna straitéiseacha an Chreata Infheistíochta don Úcráin freisin.

Faoi Cholún III, cuirtear cúnamh tionscadalbhunaithe ar fáil trí ghníomhaíocht aonair ar a dtugtar an tSaoráid um Chomhar Teicniúil. Leis an tSaoráid um Chomhar Teicniúil, cuirtear tionscadail chun feidhme lena gcomhtháthófar cuspóirí chun GEWE a neartú i gcomhréir le príomhshruthú inscne.

3.e. Príomhphointí

D’ainneoin luathchéim a cur chun feidhme, tá torthaí móra bainte amach cheana féin tríd an tSaoráid i roinnt mhaith réimsí.

·Acmhainneacht mhéadaithe chun an t‑éilliú a chomhrac: mar chuid de na hathchóirithe faoi Phlean na hÚcráine, mhéadaigh an Úcráin foireann Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe (SAPO), agus rinne sí leasú chomh maith ar an gCód Coiriúil agus ar an gCód Nós Imeachta Choiriúil chun éifeachtúlacht an chomhraic in aghaidh an éillithe a mhéadú. Go sonrach, cuireadh feabhas nach beag ar chreat dlíthiúil na margála pléadála.

·Feabhsú caighdeán rialachais chorparáidigh: Ghlac an Úcráin dlí faoi Phlean na hÚcráine chun feabhas a chur ar chaighdeáin rialachais chorparáidigh i bhfiontair faoi úinéireacht stáit, rud a thugann níos gaire do chaighdeáin idirnáisiúnta iad. Bunaítear leis an dlí nua cumhachtaí eisiacha bhoird mhaoirseachta na bhfiontar faoi úinéireacht stáit chun POFanna a cheapadh agus a bhriseadh as a bpost, agus chun pleananna infheistíochta straitéiseacha agus airgeadais fiontar faoi úinéireacht stáit a fhormheas. Ceanglaítear leis go mbeidh formhór chomhaltaí an bhoird maoirseachta neamhspleách, agus tugtar isteach leis nós imeachta meastóireachta bliantúil do bhoird mhaoirseachta.

·Slándáil eacnamaíoch agus an comhrac i gcoinne imghabháil cánach: Ghlac an Úcráin an reachtaíocht is gá chun Biúró Slándála Eacnamaíche na hÚcráine a athchóiriú. Is céim daingean é an dlí nua chun an Biúró a chlaochlú ina údarás maoirseachta a bheidh níos éifeachtaí maidir le himghabháil cánach agus coireacht eacnamaíoch a chomhrac. Tugtar isteach leis nósanna imeachta earcaíochta atá oscailte agus bunaithe ar fhiúntas, lena n‑áirítear earcaíocht le haghaidh Ceann nua a roghnóidh coimisiún de sheisear comhaltaí, a mbeidh a leath díobh sin ina saineolaithe idirnáisiúnta. Beidh an dlí ina chuidiú freisin chun ionracas agus inniúlachtaí gairmiúla leordhóthanacha na foirne a áirithiú.

·Fuinneamh agus an aeráid: Ghlac an Úcráin a céad Dlí Réime maidir leis an Aeráid, lena n‑áirítear cuspóir chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, agus a Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, lena ndéantar beartais fuinnimh agus aeráide a chomhordú agus a phleanáil faoi 2030, le spriocanna sonracha lena n‑áirítear laghdú nach beag ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus sciar méadaithe d’fhuinneamh in-athnuaite.

·Timpeallacht rialála fheabhsaithe: Ghlac an Úcráin Plean Gníomhaíochta chun an t‑ualach ar ghnólachtaí a laghdú trí rialacháin fhorluiteacha a athbhreithniú agus a bhaint, trí ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhírialú agus trí nósanna imeachta riaracháin a dhigitiú.

·Tacaíocht bhuiséadach: bhí na heisíocaíochtaí rialta a bhain le cur chun feidhme iomlán na n‑athchóirithe faoin bPlean ríthábhachtach don Úcráin toisc go raibh siad ina gcuidiú chun feidhmeanna riachtanacha rialtais a choinneáil ar bun, lena n‑áirítear tuarastail a íoc agus seirbhísí poiblí amhail oideachas agus cúram sláinte a sholáthar, tráth a bhí easnaimh mhóra ioncaim i gceist. Bhí siad mar thaca freisin le cobhsaíocht mhacra-airgeadais trí theorainn a chur leis an ngá a bhí le hiasachtaí intíre agus réitíodh an bealach leis d’inbhuanaitheacht fhioscach fhadtéarmach trí bhainistíocht fheabhsaithe airgeadais phoiblí.

·Infheistíochtaí: bhí an Creat Infheistíochta don Úcráin ina rannchuidiú le ceann de na hinfheistíochtaí coigríche is mó san Úcráin óna neamhspleáchas, mar atá, éadáil dhá oibreoir teileachumarsáide (Lifecell agus Datagroup Volia) ag infheisteoirí ón bhFrainc agus ón Úcráin. Leis an oibríocht, a fuair tacaíocht ón gCorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, cruthaíodh príomhoibreoir comhtháite san Úcráin le plean láidir infheistíochta le haghaidh bonneagar teileachumarsáide agus feabhsú na nascachta digití. Is é is aidhm don infheistíocht bonneagar teileachumarsáide na hÚcráine a nuachóiriú agus a leathnú, chun feabhas a chur ar athléimneacht agus nascacht líonraí ar fud na tíre, lena n‑áirítear i gcríocha a saoradh. Mar thoradh air sin, déanfar nasc fón póca do bhreis agus 10 milliún duine san Úcráin a thabhairt ar ais, a nuachóiriú agus a fheabhsú agus beidh idirlíon níos tapúla i gceithre mhilliún teach.

4. Rialuithe i gcur chun feidhme na Saoráide

Le córas rialaithe inmheánaigh na hÚcráine san earnáil phoiblí, cuirtear faireachán agus maoirseacht airgeadais éifeachtach ar fáil, lena gcomhlíontar caighdeáin an Aontais maidir le trédhearcacht agus cuntasacht. Áirítear sa struchtúr rialachais an Comhordaitheoir Náisiúnta san Aireacht Geilleagair a dhéanann maoirseacht ar chur chun feidhme, agus seiceálann an Aireacht Airgeadais agus an tSeirbhís Iniúchóireachta Stáit comhlíontacht trí iniúchtaí. Tacaíonn lucht an tSeomra Cuntasaíochta le formhaoirseacht pharlaiminteach.

Rinneadh iniúchadh tosaigh don Choimisiún i mí na Nollag 2024. D’ainneoin sriantachtaí acmhainní, éascaítear acmhainneacht riaracháin leordhóthanach le taithí na hÚcráine ar chabhair airgeadais idirnáisiúnta a bhainistiú. Áirítear i bPlean na hÚcráine freisin athchóirithe chun feabhas a chur ar bhainistíocht airgeadais phoiblí, calaois a chosc, agus rioscaí a bhaineann le cistiú dúbailte a laghdú. Tacaítear leis na hiarrachtaí sin leis an gCreat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, ina leagtar amach sásraí le haghaidh maoirseacht airgeadais, cosc calaoise, agus coimircí dlíthiúla chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

4.a. Cosaint leasanna airgeadais an Aontais

Agus an tSaoráid á cur chun feidhme, tá bearta iomchuí á ndéanamh ag an gCoimisiún agus ag an Úcráin chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Tá dhá shraith i gcreat rialaithe an Choimisiúin, mar atá, (i) dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑eisíocaíochtaí ráithiúla leis an Úcráin faoi Cholún I den tSaoráid a áirithiú; agus (ii) leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Chun dlíthiúlacht agus rialtacht a áirithiú, déanann an Coimisiún réamhrialuithe cuimsitheacha sula ndéantar aon mheasúnú dearfach ar iarraidh ar íocaíocht arna cur isteach ag an Úcráin. Cuirtear an méid seo a leanas san áireamh sa mheasúnú dearfach ón gCoimisiún:

·measúnú ar an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(1) den Rialachán maidir leis an tSaoráid don Úcráin go leanfaidh an Úcráin de shásraí éifeachtacha daonlathacha agus urraim do chearta an duine a chaomhnú agus a urramú, agus moltaí ábhartha ó chomhlachtaí idirnáisiúnta, amhail Comhairle na hEorpa agus Coimisiún na Veinéise, á gcur san áireamh;

·anailís ar chomhlíonadh sásúil na gcéimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla i ngach iarraidh ar íocaíocht bunaithe ar dhoiciméid fíorúcháin arna soláthar ag an Úcráin i gcomhréir leis an gCreat-Chomhaontú idir an Coimisiún agus an Úcráin.

Tar éis na n‑eisíocaíochtaí, déanfaidh an Coimisiún iniúchtaí rioscabhunaithe freisin ar chur chun feidhme chéimeanna Phlean na hÚcráine chun dearbhú breise a fháil maidir le fírinneacht na faisnéise arna soláthar ag an Úcráin. Sular thug an Coimisiún an measúnú dearfach ar Phlean na hÚcráine, mheas sé freisin go bhfuil coinne leis go n‑áiritheofar leibhéal leormhaith cosanta do leasanna airgeadais an Aontais leis na socruithe atá beartaithe ag an Úcráin.

4.b. Córas rialaithe inmheánaigh na hÚcráine san earnáil phoiblí

Le córas rialaithe inmheánaigh na hÚcráine san earnáil phoiblí, cuirtear formhaoirseacht airgeadais éifeachtach ar fáil, agus déantar ailíniú le caighdeáin an Aontais maidir le trédhearcacht agus cuntasacht. Déanann an Comhordaitheoir Náisiúnta san Aireacht Geilleagair maoirseacht ar an gcur chun feidhme, agus déanann an Aireacht Airgeadais iniúchtaí agus seiceálacha airgeadais, le tacaíocht ón tSeirbhís Iniúchóireachta Stáit.

I mí na Nollag 2024, in iniúchadh tosaigh córas don Choimisiún, sainaithníodh réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu, agus eisíodh moltaí go luath in 2025. Cuirfear chun feidhme iad faoi fhormhaoirseacht Bhord Iniúchóireachta na Saoráide don Úcráin. D’ainneoin sriantachtaí acmhainní, áirithítear acmhainneacht riaracháin leordhóthanach le taithí na hÚcráine ar chabhair airgeadais idirnáisiúnta a bhainistiú.

Le Plean na hÚcráine, sainordaítear athchóirithe i mbainistíocht airgeadais phoiblí agus trédhearcacht infheistíochta chun córais iniúchóireachta a neartú agus calaois a chosc. Le Creat-Chomhaontú leis an Aontas Eorpach, arna chomhlánú le Comhaontuithe Maoiniúcháin agus Iasachta, leagtar síos bearta atá ceangailteach ó thaobh dlí de maidir le bainistiú cistí, cosc calaoise, agus coimircí airgeadais, lena n‑áirithítear cuntasacht maidir le húsáid thacaíocht an Aontais.

5. Cumarsáid agus idirphlé

An tIdirphlé maidir leis an tSaoráid don Úcráin le Parlaimint na hEorpa

Faoi Airteagal 37 den Rialachán maidir leis an tSaoráid don Úcráin, reáchtálann an Coimisiún idirphlé le Parlaimint na hEorpa gach 4 mhí ar a laghad chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le gach ceann de thrí cholún na Saoráide.

Reáchtáladh an chéad idirphlé i mí na Nollag 2024 leis na Coistí um an mBuiséad agus um Ghnóthaí Eachtracha, inar cumhdaíodh príomh-shaincheisteanna amhail tacaíocht a choinneáil ar bun tar éis 2027, infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach a shlógadh, agus coimircí airgeadais a áirithiú. Tá an Coimisiún tiomanta i gcónaí don idirphlé leanúnach chun an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn, dúshláin agus iarrachtaí cur chun feidhme.

6. Conclúidí

Sa chéad bhliain dá cur chun feidhme, tá tús curtha cheana féin ag an tSaoráid lena cuspóirí a bhaint amach. Tar éis EUR 19.6 billiún a shlógadh in 2024, ar eisíocadh EUR 16.1 billiún de sin go díreach le buiséad na hÚcráine, bhí ról cinntitheach aici mar cheann de na príomhthosca cobhsaíochta don Úcráin agus mar ceann de na príomhuirlisí atá ar fáil don Aontas chun tacú lena téarnamh, lena hatógáil agus lena nuachóiriú.

Bhí an tacaíocht a cuireadh ar fáil do bhuiséad an stáit faoi Cholún I den tSaoráid, Plean na hÚcráine, ríthábhachtach chun cobhsaíocht mhacrairgeadais na hÚcráine a choinneáil ar bun. Comhlíonadh na céimeanna athchóirithe uile a leagtar amach i bPlean na hÚcráine in 2024, rud a réiteoidh an bealach do théarnamh fadtéarmach na hÚcráine, a chuirfidh dlús leis na céimeanna i dtreo méadaithe, agus a chuideoidh le hinstitiúidí na hÚcráine a thabhairt i gcomhréir le caighdeáin an Aontais. Cuireadh athchóirithe tábhachtacha chun cinn leis, lena n‑áirítear an comhrac i gcoinne an éillithe, an timpeallacht ghnó, an t‑aistriú glas agus cosaint an chomhshaoil.

Beidh sé tábhachtach anois coinneáil suas le cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí i bPlean na hÚcráine. Má chuirtear chun feidhme iad, meastar go rannchuideofar go mór leo le feabhas a chur ar an bhfás, cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chothú, an staid fhioscach a fheabhsú agus conair aontachais na hÚcráine leis an Aontas a threisiú.

Tá ról lárnach ag Colún II den tSaoráid, an Creat Infheistíochta don Úcráin, maidir leis na hinfheistíochtaí is gá le haghaidh na hatógála a shlógadh, lena n‑áirítear infheistíocht faoi chuimsiú na hatógála glaise. Tá a chur chun feidhme ag dul chun cinn níos tapúla ná riamh, agus tá cláir dar luach EUR 1.4 billiún fógartha cheana féin lena síniú agus glaonna seolta sa chéad bhliain den chur chun feidhme. Tá oibríochtaí tosaithe cheana féin, go háirithe chun tacú le riachtanais phráinneacha i réimsí amhail fuinneamh, seirbhísí téimh agus infheistíochtaí nua i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite úrnua. Fónann an Creat Infheistíochta don Úcráin do leasanna straitéiseacha an Aontais freisin trí dheiseanna eacnamaíocha a chur ar fáil do ghnólachtaí atá bunaithe san Aontas chun infheistíocht a dhéanamh, deiseanna trádála a chruthú, agus fás a chur chun cinn ar fud na mór-roinne.

Faoi Cholún III den tSaoráid, cuirtear cúnamh teicniúil ríthábhachtach ar fáil don Úcráin chun tacú lena hailíniú forásach le acquis an Aontais d’fhonn ballraíocht a bhaint amach sa todhchaí, agus le cur chun feidhme Phlean na hÚcráine chomh maith. Ina theannta sin, le cúnamh tionscadalbhunaithe, lena n‑áirítear trí dheisiúcháin phráinneacha ar bhonneagar fuinnimh, neartaíodh athléimneacht agus acmhainneacht na tíre freagairt do na tionchair a d’eascair as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Faoi Colún III, tugadh fóirdheontas freisin do na muirir úis atá dlite don Úcráin in 2024 i ndáil le hiasachtaí ó ionstraimí roimhe seo, rud a chruthaigh spás fioscach i mbuiséad an stáit.

Déantar an tSaoráid a chur chun feidhme laistigh de chreat láidir faireacháin agus rialaithe, arna fhorbairt chun a áirithiú go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais go cuí. Chomh maith le córas rialaithe inmheánaigh na hÚcráine san earnáil phoiblí a neartú, áirítear leis sin freisin feidhmiú an Bhoird Iniúchóireachta, a chuidíonn leis an gCoimisiún trí mheasúnú a dhéanamh ar chórais bhainistithe agus rialaithe earnála poiblí na hÚcráine agus trí mholtaí a sholáthar.

In 2024, bhí an tSaoráid mar bhonn agus mar thaca ag tacaíocht an Aontais don Úcráin, rud a léiríonn a ghealltanas tacú leis an Úcráin agus lena pobail a fhad is gá. Bhí sé ina chuid lárnach den chúnamh airgeadais a cuireadh ar fáil, agus an tráth céanna cuireadh a iarracht athchóirithe chun cinn léi. In 2025, leanfar den mhéid sin a dhéanamh trí dhul isteach i gcéim iomlán an chur chun feidhme, agus trí leanúint de thacaíocht a áirithiú do théarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine.

(1)

COM(2024) 172 final.

(2)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle.

(3)

COM(2024) 321 final.

(4)

COM(2024) 544 final.

(5)

  https://me.gov.ua/view/d9c13c33-a438-406f-8daf-3145852df99a