An Bhruiséil,30.7.2025

COM(2025) 439 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

An naoú tuarascáil faireacháin ar fhorbairt an mhargaidh iarnróid faoi Airteagal 15(4) de
Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

{SWD(2025) 239 final}


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

An naoú tuarascáil faireacháin ar fhorbairt an mhargaidh iarnróid faoi Airteagal 15(4) de
Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

1NA PRÍOMHTHORTHAÍ

Is gné bhunúsach de thuiscint a fháil ar fhorbairtí an mhargaidh iarnróid agus de chinntí beartais eolacha a dhéanamh faireachán iontaofa ar an margadh.

Cumhdaítear sonraí suas go dtí 2022 sa tuarascáil seo agus tagraítear inti d’fhorbairtí níos déanaí san earnáil i gcás ina mbeidh siad ar fáil.

Tá roinnt príomhthorthaí ann maidir le 2018-2022.

·Trácht paisinéirí: mar thoradh ar phaindéim COVID-19, tháinig laghdú géar 46% ar thrácht paisinéirí in 2020 i gcomparáid le 2019. Tháinig téarnamh láidir ina dhiaidh sin, agus shroich trácht paisinéirí iarnróid iomlán AE-27 395.5 billiún ciliméadar paisinéara in 2022, nach raibh ach beagán faoi bhun an 411.8 billiún a taifeadadh in 2019.

·Trácht lasta: i gcás lasta iarnróid, arna thomhas i dtona-ciliméadair, ní raibh an laghdú chomh mór sin in 2020 (-8 % i gcomparáid le 2019) toisc gur lean seirbhísí lasta de sheirbhísí criticiúla a sholáthar don gheilleagar le linn na paindéime. Faoi 2022, is beag nár shroich an trácht lasta iomlán na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim, le 416 bhilliún tona-ciliméadar.

·Cion módach na bpaisinéirí iarnróid: tháinig méadú beag ar sciar módach na niarnród laistigh d’iompar de thalamh AE-27 ó 7,8 % in 2018 go 8,1 % in 2022, d’ainneoin laghdú géar 2,4 pointe céatadáin a tharla in 2020 mar gheall ar an bpaindéim.

·Iarnród ardluais: leathnaíodh líonra ardluais AE-27 beagnach 1 100 km idir 2018 agus 2022, ag sroicheadh 12 015 km. Léiríonn an fás sin tiomantas fadtéarmach chun an earnáil iarnróid ardluais a chur chun cinn, earnáil ar léir go bhfuil an cumas aici dul in iomaíocht go héifeachtach le modhanna eile iompair.

·Fostaíocht iarnróid: in 2022, bhí thart ar 900 000 duine fostaithe in earnáil iarnróid AE-27, rud a bhí ina laghdú beag i gcomparáid le 2018.

·An sciar den mhargadh atá ag iontrálaithe nua: faoi 2022, bhí sciar 49% den mhargadh ag iontrálaithe nua san earnáil lasta iarnróid (suas ó 39% in 2018) agus sciar 21% de sheirbhísí paisinéirí oibleagáide seirbhíse poiblí (OSP) (+ 8 bpointe céatadáin i gcomparáid le 2018). Tháinig méadú ar an iomaíocht i seirbhísí tráchtála do phaisinéirí freisin, agus ghabh iontrálaithe nua 12,6% den mhargadh (+ 6,6 pointe céatadáin).

·Caiteachas iarnróid: in 2022, ba é EUR 178,31 in aghaidh an áitritheora AE-27 costas iomlán na niarnród (caiteachas bonneagair + cúiteamh OSP), arb ionann é agus méadú ainmniúil 29% ó 2018. Mar sin féin, is cosúil gurb é an boilsciú is cúis le cuid mhór den mhéadú.

2MODHEOLAÍOCHT

Is é seo an naoú eagrán den tuarascáil faireacháin ar an margadh iarnróid a chuireann an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach dara bliain faoi Airteagal 15(4) de Threoir 2012/34/AE 1 . Is é is cuspóir di forbhreathnú a thabhairt ar na príomhfhorbairtí i margaí iarnróid i gcomhthéacs bheartas margaidh iarnróid an Aontais 2 . Dírítear go príomha sa naoú tuarascáil ar fhorbairtí idir 2018 agus 2022, le tagairtí do threochtaí agus d’fhorbairtí beartais a théann thar an tréimhse tuairiscithe suas go dtí dáta ullmhúcháin na tuarascála seo.

De bhreis ar na sonraí maidir le faireachán ar an margadh iarnróid (RMMS) a chuir na Ballstáit agus an Iorua isteach, baineann an tuarascáil seo leas freisin as ionchuir ón leabhar póca staitisticí EU transport in figures [Iompar an Aontais i bhfigiúirí] 3 , tuarascálacha ó Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh 4 agus Eurostat 5 , staitisticí a bhailigh eagraíochtaí éagsúla earnála, cuir i láthair agus staidéir. I gcás inarb é Rialachán RMMS an t‑aon fhoinse, déanann an tuarascáil measúnú ar fhorbairtí le haghaidh 2018-2022 chun a áirithiú go bhfuil na sonraí inchomparáide. I gcás ina n‑úsáidtear foinsí eile, cuireann an tuarascáil forbairtí i láthair thar thréimhse is faide.

Tagraíonn sonraí comhiomlánaithe agus meánmhéideanna do AE-27 (an líon Ballstát den Aontas Eorpach atá ann faoi láthair) 6 .

3AN tIARNRÓD AGUS AN INBHUANAITHEACHT

Tá astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha laghdaithe nach mór go leanúnach ag an earnáil iarnróid ó bhí 1990 ann, agus 16.6 % de lasta agus 8.1 % de phaisinéirí á iompar ar an iarnród ar fud na modhanna uile laistigh den Aontas in 2022. Is í earnáil an iompair (lena n‑áirítear eitlíocht idirnáisiúnta agus muirí) is cúis leis an gceathrú cuid d’iomlán na n‑astaíochtaí GCT in AE-27. Laistigh d'earnáil an iompair, ní raibh san iompar d’iarnród ach 0,3 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ó gach modh iompair in AE-27. 31,0 % den tomhaltas fuinnimh deiridh iomlán in AE-27 in 2022 a bhí san earnáil iompair. Laistigh den earnáil iompair, ní raibh san iompar d'iarnród ach 0,6 % den tomhaltas fuinnimh deiridh. Chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, beidh ar an iarnród sciar níos mó d’iompar paisinéirí agus lasta a bheith aige.

4GRÉASÁN IARNRÓID AN AONTAIS

Bhí fad iomlán ghréasán iarnróid AE-27 in 2022 thart ar 202 131 chiliméadar líne, méadú beag 0,1% i gcomparáid le 2018. Tá thart ar 57% den líonra leictrithe, méadú 1,4% ó bhí 2018 ann.

Fíor 1: Fad na ngréasán náisiúnta de réir tíre (míle km sa líne, 2022) agus an t‑athrú coibhneasta (2018-2022)

Foinse: Eurostat, 2024 (https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ttr00003/default/table?lang=en&category=t_rail)

Breis agus 12 015 ciliméadar a bhí i ngréasán iarnród ardluais an Aontais faoi dheireadh 2022, is é sin méadú 10,4% ó bhí 2018 ann. Tá spriocanna uaillmhianacha don trácht iarnróid ardluais socraithe ag an Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, spriocanna lenar cheart méideanna tráchtanna a mhéadú faoi dhó faoi 2030 agus faoi thrí faoi 2050 i gcomparáid le bonnlíne 2015.

5FORBAIRT SEIRBHÍSÍ IARNRÓID

Tar éis deich mbliana d’fhás measartha, bhí tionchar an‑mhór ag paindéim COVID-19 ar chiliméadair thraenach an Aontais (idir phaisinéirí agus lasta). In 2020, tháinig laghdú 8% ar sheirbhísí lasta i gcomparáid le 2019, agus tháinig laghdú níos géire 46% ar sheirbhísí paisinéirí. Mar sin féin, faoi 2021, bhí na méideanna lasta téarnaithe go hiomlán, rud a bhí ag teacht lena leibhéil in 2019 sular tháinig laghdú beag orthu in 2022. Maidir le seirbhísí paisinéirí, in 2022 tháinig siad sin ar ais chuig 96% de na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim, agus shroich siad 395 bhilliún ciliméadar paisinéara.

Fíor 2: Méideanna paisinéirí agus lasta (ciliméadar paisinéara, ciliméadar tona agus ciliméadar traenach, 2018-2022)

Foinse: RMMS, 2022

In 2022, d’iompair an t‑iarnród thart ar 1.5 billiún tona lasta agus 6.6 billiún paisinéir, rud a léiríonn téarnamh ón laghdú géar a chonacthas le linn phaindéim COVID-19.

Lean seirbhísí intíre do phaisinéirí de bheith i gceannas, arbh ionann iad agus 93% de na ciliméadair paisinéara uile in AE-27. Paisinéirí intíre atá sa chuid is mó de thrácht paisinéirí ar iarnróid agus is iad is cúis le sciar níos mó den trácht sin anois mar gheall ar an bpaindéim. Roimh an ngéarchéim, thart ar 7 % den trácht iarnróid iomlán a bhí i seirbhísí idirnáisiúnta do phaisinéirí, ach thit an sciar sin go níos lú ná 4% in 2020 mar gheall ar shrianta taistil. Faoi 2022, bhí sciar na seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta do phaisinéirí tagtha chuige féin go 7%.

Fíor 3: Forbairt méideanna tráchta paisinéirí iarnróid (intíre, idirnáisiúnta agus na méideanna idirnáisiúnta mar chion den trácht iomlán) (billiún ciliméadar paisinéara, 2018-2022)

Foinse: RMMS, 2022

In 2020, thit claonadh mhuintir na hEorpa ar an meán taisteal d'iarnród go dtí 500 ciliméadar paisinéara in aghaidh an áitritheora in aghaidh na bliana, síos ó 934 km in 2019. Faoi 2022, bhí an figiúr sin aisghafa go páirteach go 888 km in aghaidh an áitritheora. Tháinig laghdú 2,4 pointe céatadáin ar chion módach an iarnróid, arbh ionann é agus 7,8% in 2019, de réir mar a chuaigh níos mó daoine chuig gluaisteáin phríobháideacha. Faoi 2022, áfach, tháinig sé ar ais go 8,1%, rud a sháraigh na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim, agus bhí gluaisteáin fós ar an modh ceannasach ag 82,4 %.

Fíor 4: Cion módach iompair paisinéirí ar talamh de réir tíre (% in 2022)

Foinse: Eurostat, 2024 (https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/tran_hv_ms_psmod/default/table?lang=en&category=tran.tran_hv_ms)

Tháinig laghdú ar an trácht lasta iarnróid iomlán in AE-27 ó 422 bhilliún tona-ciliméadar in 2019 go 405 bhilliún in 2020 mar gheall ar an bpaindéim. Faoi 2022, bhí beagnach 416 bhilliún tona-ciliméadar tagtha chuige féin, gar do na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim.

D’fhan cion na seirbhísí lasta iarnróid idirnáisiúnta go comhsheasmhach os cionn 50% le linn na tréimhse, ag buaicphointe 55% in 2019 agus ag cobhsú ag 54% in 2022. Tá an chobhsaíocht sin i gcodarsnacht le tionchar níos suntasaí na paindéime ar thrácht idirnáisiúnta paisinéirí iarnróid.

Fíor 5: Forbairt méideanna tráchta lasta iarnróid (intíre, idirnáisiúnta agus na méideanna idirnáisiúnta mar chion den trácht iomlán) (billiún ciliméadar tona, 2018-2022)

Foinse: RMMS, 2022

Idir 2018 agus 2022, bhí an t‑iompar de bhóthar fós ar an modh iompair lasta ba mhó laistigh de AE-27, rud a sháraigh go comhsheasmhach 75 % den sciar iomlán d’iompar lasta de thalamh i dtonaí‑ciliméadair agus ba é 77,7 % an buaicphointe in 2022. Le linn na tréimhse céanna, tháinig laghdú ar sciar módach an iompair d'iarnród ó 18,7% go 17,2%, rud a léiríonn aistriú leanúnach i dtreo iompar de bhóthar, cé gur fheidhmigh iompar idirmhódúil d’iarnród i bhfad níos fearr ná ábhair bhuilc agus iompar vaigíní aonair. Bhí an laghdú foriomlán thar a bheith mór sa Laitvia, san Eastóin agus sa Liotuáin, áit ar tháinig laghdú nach beag ar mhéideanna lasta mar gheall ar mhalartuithe laghdaithe leis an Rúis.

Fíor 6: Cion módach iompair lasta ar talamh de réir tíre (% in 2022) agus an t‑athrú don iarnród i bpointí céatadáin (2018-2022)

 

Foinse: Eurostat, 2024 (https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/tran_hv_ms_frmod/default/table?lang=en&category=tran.tran_hv_ms)

6FORBAIRT CREATDÁLAÍ SAN EARNÁIL IARNRÓID

Muirir ar bhonneagair

In 2022, d’fhan muirir rianrochtana d’iarnród ardluais (gan marcálacha suas a áireamh) níos airde ná na muirir le haghaidh seirbhísí eile do phaisinéirí i ngach tír inar cuireadh na muirir sin i bhfeidhm. Mar sin féin, bhí na muirir rochtana ar iarnród ardluais níos ísle go ginearálta in 2022 ná mar a bhí in 2018 i mBallstáit ina bhfuil líonraí ardluais.

Fíor 7: Muirir rochtana (gan uasmharcálacha san áireamh) le haghaidh catagóirí éagsúla traenacha do phaisinéirí, de réir tíre (EUR in aghaidh an chiliméadair traenach, 2022)

Foinse: RMMS, 2022

Déantar faireachán ar last‑táillí (gan uasmharcálacha san áireamh) le haghaidh trí olltonnáiste uasta éagsúla (1 000, 1 600 agus 6 000). I bhformhór na mBallstát, téann táillí rochtana i méid de réir mhéid na traenach, cé nach gá go dtéann siad i méid i gcomhréir leis an tonnáiste.

Fíor 8: Muirir rochtana (gan uasmharcálacha san áireamh) le haghaidh catagóirí éagsúla traenacha lasta, de réir tíre (EUR in aghaidh an chiliméadair traenach, 2022)

Foinse: RMMS, 2022

Chun tionchar eacnamaíoch phaindéim COVID-19 a mhaolú, le Rialachán (AE) 2020/1429, a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2020, ceadaíodh do na Ballstáit muirir rianrochtana a tharscaoileadh, a laghdú nó a chur siar go sealadach 7 . Leis an mbeart sin, tugadh faoiseamh airgeadais fíor-riachtanach do ghnóthais iarnróid, go háirithe gnóthais iompair paisinéirí, de réir mar a tháinig laghdú ar mhéideanna tráchta. Cuireadh síneadh ceithre huaire leis an Rialachán, a socraíodh ar dtús ar feadh tréimhse theoranta, agus chuaigh sé in éag ar deireadh an 31 Nollaig 2022. Bhí ról ríthábhachtach aige maidir le hoibríochtaí iarnróid a choinneáil ar bun le linn na paindéime, ag tacú le téarnamh na hearnála de réir mar a tháinig trácht paisinéirí ar ais.

Leithdháileadh toillte agus srianta bonneagair

In 2022, bhí dlús comhcheangailte úsáide (traenacha lasta agus paisinéirí) 18,7 míle ciliméadar traenach in aghaidh an chiliméadair líne ag gréasán iarnróid AE-27, beagán níos airde ná na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim (18,1 in 2018). Bhain 79% den úsáid sin le traenacha paisinéirí.

Tháinig méadú mór ar fhad iomlán an riain a dearbhaíodh plúchta in AE-27 idir 2018 agus 2020 ach thit sé beagán in 2022 go 6 711 chiliméadar, lena n‑áirítear 3 523 chiliméadar de chonairí lasta iarnróid. Tharla an t‑ardú géar ó leibhéil 2018 den chuid is mó mar gheall ar athrú ar chritéir na hIodáile maidir le plódú a dhearbhú.

I gcásanna plódaithe, is iad na seirbhísí is mó a dtugann na Ballstáit tosaíocht dóibh na seirbhísí sin a sholáthraítear faoi OSP, agus ina dhiaidh sin seirbhísí idirnáisiúnta do phaisinéirí, agus is annamh a thugtar príomhthosaíocht don trácht lasta 8 .

Chun úsáid níos éifeachtúla an líonra a chur chun cinn agus chun aghaidh a thabhairt ar neamh‑chomhoiriúnacht idir córais náisiúnta leagáide um rialú traenacha, tá an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) á thabhairt isteach mar chomhchóras comharthaíochta Eorpach. Tráth a foilsíodh an tuarascáil seo, tá ERTMS feistithe ar thart ar 14% den chroíghréasán, agus tá conarthaí i bhfeidhm le haghaidh 19% eile. Cé go bhfuil dul chun cinn déanta, tá an t‑imscaradh fós chun deiridh ar na spriocanna tosaigh, mar sin tá gá le hiarrachtaí méadaithe chun dlús a chur leis an gcur chun feidhme.

Caiteachas agus cistiú bonneagair

Tháinig méadú ar an gcaiteachas iomlán ainmniúil ar bhonneagar de chuid AE-27 ó EUR 38.7 billiún in 2018 go EUR 50.8 billiún in 2022. In 2022, dáileadh an caiteachas go measartha cothrom ar fud na gcatagóirí: 25% le haghaidh cothabhála, 25% le haghaidh athnuachaintí, 26% le haghaidh uasghráduithe, agus 24% le haghaidh infheistíochtaí bonneagair nua. D’ainneoin fás ainmniúil nach beag, rinne boilsciú ard le linn na tréimhse sin maolú ar mhéaduithe san fhíorthéarma. Nuair a coigeartaíodh é go leibhéil praghsanna 2018, bhí an fás iarbhír níos measartha, arbh ionann é agus thart ar 5% i dtéarmaí réadacha.

Fíor 9: Caiteachas ar bhonneagar agus an cion cothabhála agus athnuachaintí (EUR billiún, 2018-2022)

Foinse: RMMS, 2022

In 2022, b’ionann an caiteachas iomlán ar chothabháil agus ar athnuachan in AE-27 agus EUR 25,2 billiún, arb ionann é agus 50% den chaiteachas iomlán ar bhonneagar, le héagsúlachtaí móra i measc tíortha. Ba iad na buiséid náisiúnta an phríomhfhoinse chistiúcháin i gcónaí, rud a chuir 70% den chaiteachas iomlán ar bhonneagar iarnróid ar fáil. 8% a bhí i gcómhaoiniú ón Aontas agus tháinig an 22% eile ó fhoinsí eile amhail iasachtaí, maoiniú cothromais agus muirir.

Cáilíocht na seirbhísí iompair d’iarnród

Tá an tsábháilteacht fós ina príomhthosaíocht don limistéar Eorpach aonair iarnróid, agus leanann Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) d’fhaireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht. Athdhearbhaítear i dtuarascáil ERA 2024 9 go bhfuil iarnróid na hEorpa fós i measc na modhanna iompair is sábháilte, agus go bhfuil baol báis ann a bhaineann le taisteal i gcarr beagnach 84 uair níos airde ná taisteal d’iarnród, agus go bhfuil riosca 7.3 uair níos mó ag baint le taisteal ar bhus ná taisteal ar iarnród.

Bhí meánphoncúlacht 90 % ag na seirbhísí réigiúnacha agus áitiúla do phaisinéirí 10 in AE-27, síos ó 94% in 2020 ach fós níos airde ná na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim. Thit poncúlacht na seirbhísí fadraoin agus ardluais do phaisinéirí go 87% in 2022, i gcomparáid le 93% in 2020.

Ó thaobh iontaofachta de 11 , tháinig méadú ar sciar na seirbhísí réigiúnacha agus áitiúla a cuireadh ar ceal ó 1,9% in 2018 go 4,4% in 2022. I gcás seirbhísí fadraoin agus ardluais, d'ardaigh cealuithe ó 1,3% in 2018 go 4,9% in 2022. I measc na ndúshlán a dhéanann difear d'iontaofacht tá ganntanas foirne, bonneagar atá ag dul in aois, agus riaráistí cothabhála.

I gcás lasta iarnróid, ba é 56% meánphoncúlacht 12 na seirbhísí intíre in AE-27 in 2022 agus ba é 42% meánphoncúlacht na seirbhísí lasta idirnáisiúnta. Shroich sciar na seirbhísí lasta intíre a cuireadh ar ceal 8,1% in 2022 agus cuireadh 14,5% de sheirbhísí idirnáisiúnta ar ceal.

Conarthaí seirbhísí poiblí

In 2022, 58,7% ar an meán de chiliméadair paisinéara iomlána in AE-27 a bhí i seirbhísí OSP do phaisinéirí, síos ó 66% in 2020. Léiríonn an laghdú sin athrú de réir a chéile i dtreo margadh iarnróid níos iomaíche. Cumhdaíodh beagnach gach trácht paisinéirí le OSP sa Danmhairg, san Eastóin, in Éirinn, sa Laitvia, i Lucsamburg, san Ísiltír agus sa Rómáin. Is seirbhísí intíre den chuid is mó iad OSPanna, arb ionann iad agus 99,1% de chiliméadair paisinéara OSP in 2022 le leitheadúlacht seirbhísí réigiúnacha thar fhad‑achair.

Tháinig méadú ar sciar na n‑oibreoirí tráchtála sa mhargadh idir 2018 agus 2022. I seirbhísí tráchtála do phaisinéirí, bhí sciar 12,6% den mhargadh ag iomaitheoirí in 2022, méadú ó 6% in 2018. I margadh OSP, d’ardaigh sciar na n‑iomaitheoirí go 21% in 2022, méadú 8 bpointe céatadáin ó bhí 2018 ann.

Fíor 10: Sciar na tráchta paisinéirí a cuireadh ar fáil faoi OSP agus seirbhísí iarnróid tráchtála de réir tíre (% de chiliméadair paisinéara, 2022)

Foinse: RMMS, 2022

In 2022, 29% den 231 bhilliún ciliméadar paisinéara OSP in AE-27, bhí siad ar sheirbhísí a dámhadh trí thairiscintí iomaíocha. Cosúil leis na blianta roimhe sin, bhí an líon paisinéirí ba mhó a tairgeadh ar bhonn iomaíoch comhchruinnithe in dhá thír luathliobrálacha: An Ghearmáin (81%) agus an tSualainn (13%). Is foinse mhór ioncaim do ghnóthais iarnróid i bhformhór na mBallstát é go fóill cúiteamh OSP.

Ceadúnú

In 2022, tuairiscíodh 1 202 cheadúnas iarnróid ghníomhacha san iomlán in AE-27, méadú ó 1 192 in 2020. Bhí an líon is airde ceadúnas gníomhach fós ag an nGearmáin, le 490 gnóthas iarnróid ceadúnaithe, agus an Pholainn ina dhiaidh sin le 126 agus an tSeicia le 109.

An méid oscailte margaidh agus úsáid ceart rochtana

In 2022, shroich sciar margaidh na n‑iontrálaithe nua in earnáil lasta iarnróid AE-27 49%, ag leanúint de threocht aníos ó 39% in 2018.

Fíor 11: An sciar den mhargadh a bhí ag iomaitheoirí sa mhargadh lasta iarnróid de réir tíre (% in 2022) agus an t‑athrú i bpointí céatadáin (2018-2022)

Foinse: RMMS, 2022

In earnáil an iarnróid paisinéirí tráchtála, bhí sciar 12.6% den mhargadh ag iontrálaithe nua in 2022, beagnach dhá oiread an 6,6% a taifeadadh in 2020. Sa mhargadh paisinéirí OSP náisiúnta, bhí sciar 21% den mhargadh ag iomaitheoirí in 2022, rud a bhí ina mhéadú nach beag ó 18,5% in 2020.

Fíor 12: An sciar den mhargadh a bhí ag iomaitheoirí sa mhargadh tráchtála do phaisinéirí de réir tíre (% in 2022) agus an t‑athrú i bpointí céatadáin (2018-2022)

Foinse: RMMS, 2022

Fíor 13: An sciar den mhargadh a bhí ag iomaitheoirí i margadh paisinéirí OSP de réir tíre (% in 2022) agus an t‑athrú i bpointí céatadáin (2018-2022)

Foinse: RMMS, 2022



Fostaíocht agus coinníollacha sóisialta

Faoi dheireadh 2022, bhí thart ar 900 000 duine fostaithe san earnáil iarnróid in AE-27, agus 511 000 duine ag obair do ghnóthais iarnróid agus 389 000 duine ag obair do bhainisteoirí bonneagair. Léiríonn sé sin laghdú beag ó fhigiúirí 2020.

Tá an lucht saothair iarnróid fós fireann den chuid is mó, agus ní mná iad ach 23% d’fhostaithe in 2022, suas pointe céatadáin amháin ó bhí 2020 ann.

Fíor 14: An líon iomlán fostaithe (príomhbhainisteoirí bonneagair agus gnóthais iarnróid) de réir an struchtúir inscne (% in 2022)

Foinse: RMMS, 2022

Tá an lucht saothair atá ag dul in aois fós ina ábhar imní, cé go raibh feabhas beag tagtha air. In 2022, bhí 41,9% d’fhoireann na ngnóthas iarnróid os cionn 50 bliain d'aois, laghdú beag ó 42,4 % in 2018. Tháinig méadú beag ar chion na bhfostaithe óga faoi bhun 30 bliain d'aois ó 10,6% in 2018 go 10,9% in 2022.

Fíor 15: Fostaithe de réir aoisghrúpa, príomhghnóthais iarnróid agus príomhbhainisteoirí iarnróid (%, 2018-2022)

Foinse: RMMS, 2022

Is í an fhostaíocht lánaimseartha fós an stádas fostaíochta is coitianta d’oibrithe iarnróid maidir le bainisteoirí bonneagair agus gnóthas iarnróid araon.



7Conclúidí

Tá athléimneacht nach beag léirithe ag earnáil iarnróid na hEorpa tar éis phaindéim COVID-19. Tháinig laghdú géar 46% ar thrácht paisinéirí in 2020 i gcomparáid le 2019, agus tháinig sé ar ais go 96% de na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim in 2022, agus shroich iomlán na gciliméadar paisinéara 395 bhilliún. Bhí tionchar níos lú ag seirbhísí lasta, agus bhí téarnamh bainte amach cheana féin faoi 2021, nuair a d'fhill méideanna suas go leibhéil 2019. In 2022, áfach, tháinig crapadh beag ar mhéideanna sa mhargadh lasta iarnróid.

Cuireadh borradh faoi théarnamh na hearnála iarnróid le hidirghabhálacha spriocdhírithe ón Aontas, lena n‑áirítear Rialachán (AE) 2020/1429, rud a chuir ar chumas na mBallstát muirir rochtana a tharscaoileadh chun brú airgeadais ar ghnóthais iarnróid a mhaolú. Thug na bearta sin faoiseamh láithreach agus chuir siad ar chumas na hearnála oibríochtaí a choinneáil ar bun ag buaicphointe na paindéime. De réir mar a leanann na Ballstáit de phleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme faoi Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais, tá ról lárnach ag infheistíochtaí iarnróid maidir le fás eacnamaíoch agus fás a bhaineann le soghluaisteacht a spreagadh.

Tá an t‑iompar d’iarnród fós ina chuid ríthábhachtach de straitéis an Aontais chun a spriocanna aeráide a bhaint amach. Ós rud é nach bhfuil ach 0,3% d’iomlán na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le hiompar ann, is é an t‑iarnród an modh iompair innealta is neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Le leictriú 57 % de ghréasán iarnróid an Aontais agus iarfheistiú leanúnach vaigíní lasta le teicneolaíochtaí níos ciúine agus níos glaise, leagtar béim ar thiomantas na hearnála a lorg comhshaoil a laghdú. Tá sé d’aidhm ag infheistíochtaí iarnróid faoin gComhaontú Glas agus faoin Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste an lasta iarnróid a dhúbailt agus trácht paisinéirí ardluais a mhéadú faoi thrí faoi 2050 i gcomparáid le bonnlíne 2015, rud atá ina athrú nach beag i dtreo iompar inbhuanaithe.

Tá truailliú torainn fós ina ábhar imní, agus 22 mhilliún duine san Eoraip neamhchosanta ar thorann díobhálach iarnróid. Tá aghaidh á tabhairt ar an dúshlán sin ag tionscnaimh de chuid an Aontais amhail vaigíní lastais a iarfheistiú le bloic choscáin thostacha agus sonraíochtaí teicniúla torainn a athbhreithniú. Tá tacaíocht airgeadais agus rialála leanúnach ríthábhachtach chun spriocanna uaillmhianacha inbhuanaitheachta a bhaint amach.

Tá léirscaoileadh margaidh tar éis iomaíocht a spreagadh in earnáil iarnróid na hEorpa, agus sciar nach beag den mhargadh ag iontrálaithe nua, go háirithe san iompar lasta. Sa deighleog sin, tháinig méadú ar mheánsciar na niomaitheoirí den mhargadh in AE-27 ó 39% go 49% idir 2018 agus 2022. I margadh na bpaisinéirí, bhí an méadú ar an sciar den mhargadh a bhí ag na hiomaitheoirí mór freisin, i gcás seirbhísí tráchtála (sciar 12,6% den mhargadh, le méadú 6,6% idir 2018 agus 2022) agus i gcás OSP (sciar 21% den mhargadh, nó + 8% i gcomparáid le 2018). Mar sin féin, tá dúshláin fós ann, lena náirítear éagothromaíochtaí i muirir rochtana agus an gá atá leis na rialacháin atá ann cheana a chur chun feidhme ar bhealach níos cothroime ar fud na mBallstát. Agus rialacha an Cheathrú Pacáiste Iarnróid á gcur i bhfeidhm go hiomlán anois 13 , táthar ag súil le hoscailt bhreise ar an margadh, rud a chuirfeadh borradh faoin nuálaíocht agus a mhéadódh cáilíocht na seirbhíse do phaisinéirí agus do lastas araon.

Leanfaidh an Coimisiún de dhlúthfhaireachán a dhéanamh féachaint an bhfuil an Ceathrú Pacáiste Iarnróid 14 á thiontú i gceart ina dhlí náisiúnta agus á chur chun feidhme chun a áirithiú go mbainfidh sé a acmhainneacht iomlán amach.

In 2022, cuid nach beag d’oibríochtaí paisinéirí iarnróid a bhí in OSPanna. Ar an meán, 58,7% d’iomlán na gciliméadar paisinéara in AE-27 a bhí i seirbhísí OSP do phaisinéirí, síos ó 66% in 2020. Tugtar le fios leis sin go mbogfaí i dtreo margadh iarnróid níos iomaíche de réir a chéile. Tá méadú tagtha ar thairiscint iomaíoch OSPanna agus tá coinne leis go leanfaidh sé de bheith ag méadú sna blianta amach romhainn, rud a chuirfidh feabhas ar cháilíocht na seirbhíse agus ar chostéifeachtúlacht. Mar sin féin, tá dúshláin fós ann maidir le cothromaíocht a bhaint amach idir léirscaoileadh an mhargaidh agus rochtain chothrom a áirithiú, go háirithe i réigiúin nach bhfuil an daonra chomh mór sin iontu. Tá níos mó trédhearcachta agus iomaíochta á spreagadh ag an Aontas chun an tionchar sóisialta agus eacnamaíoch a bharrfheabhsú.

Is bunchloch d’iarrachtaí nuachóirithe iompair na hEorpa é an t‑iarnród ardluais. Leathnaíodh an líonra go 12 015 chiliméadar in 2022, agus tá pleananna ann le haghaidh 1 600 ciliméadar breise faoi 2035. Tá an Spáinn, an Fhrainc agus an Iodáil fós ar thús cadhnaíochta maidir le hinfheistíochtaí ardluais, rud a chuireann le nascacht fheabhsaithe agus le hamanna taistil laghdaithe ar fud na mór-roinne.

Tá infheistíocht sa bhonneagar ríthábhachtach i gcónaí, agus cistiú mór á leithdháileadh ag an Aontas trí shásraí amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe. Tugann na hinfheistíochtaí sin tús áite do thionscadail lena dtugtar aghaidh ar scrogaill, lena bhfeabhsaítear nascacht ilmhódach, agus lena ndéantar an bonneagar atá ann cheana a uasghrádú. Leis an mbéim ar dhigitiú, lena n‑áirítear imscaradh ERTMS, neartaítear a thuilleadh acmhainneacht an iarnróid chun freastal ar riachtanais soghluaisteachta amach anseo.

Tá sé beartaithe go gcuirfidh teicneolaíochtaí digiteacha feabhas nach beag ar an earnáil iarnróid, rud a chuirfidh le héifeachtúlacht oibríochtúil agus le taithí paisinéirí. Tá sé beartaithe go gcuirfidh leathadh amach ERTMS, ar príomhghné de straitéis an Aontais um aistriú digiteach é, feabhas ar idir-inoibritheacht agus ar shábháilteacht ar fud ghréasáin iarnróid na hEorpa, cé nach bhfuil ach thart ar 33% den chroíghréasán feistithe le ERTMS nó go bhfuil conarthaí daingnithe aige maidir lena shuiteáil go dtí seo. Ina theannta sin, cuideoidh infheistíochtaí i gcórais ticéadaithe chliste agus in ardáin sonraí fíor-ama leis an iarnród a dhéanamh níos inrochtana agus níos so-úsáidte do phaisinéirí.

Tá an nuálaíocht tríd an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa ag dul chun cinn i réimsí amhail oibríochtaí uathoibrithe traenach, bainistiú lasta digiteach, agus bainistiú sócmhainní inbhuanaithe. Tá na tionscnaimh sin ag teacht le spriocanna níos leithne an Aontais chun an t‑iarnród a shuí mar chnámh droma córais iompair ilmhódaigh inbhuanaithe.

Agus an Eoraip ag aistriú i dtreo todhchaí níos glaise agus níos nasctha, beidh ról lárnach ag an iarnród maidir le hastaíochtaí a laghdú, soghluaisteacht a fheabhsú agus borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch. Tá infheistíochtaí leanúnacha i mbonneagar, oscailt an mhargaidh agus nuálaíocht theicneolaíoch ríthábhachtach chun fís an Aontais de chóras iompair inbhuanaithe a bhaint amach faoi 2050. Beidh cur chun feidhme iomlán an Cheathrú Pacáiste Iarnróid, nascacht trasteorann a neartú, aghaidh a thabhairt ar shrianta acmhainne, agus rochtain níos cothroime ar sheirbhísí iarnróid a áirithiú ina bpríomhthosaíochtaí sna blianta amach romhainn.

Trí na gnéithe straitéiseacha sin a chomhtháthú, tá deis ag earnáil iarnróid na hEorpa a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le claochlú thírdhreach iompair na mór-roinne, agus a gealltanas maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe, éifeachtúil agus chuimsitheach a chomhlíonadh.

(1)

 Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid, IO L 343, 14.12.2012, lch. 32.

(2)

 I dteannta na tuarascála ar an margadh iarnróid, foilsíonn Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh tuarascálacha bliantúla ar shábháilteacht agus idir-inoibritheacht na n‑iarnród.

(3)

  https://transport.ec.europa.eu/facts-funding/studies-data/eu-transport-figures-statistical-pocketbook/statistical-pocketbook-2024_en

(4)

  https://www.era.europa.eu/library/documents-regulations/corporate-publications

(5)

  https://ec.europa.eu/eurostat/web/transport/database

(6)

Glacann an Iorua páirt in RMMS, ach ní chuirtear sonraí na hIorua san áireamh in iomláin agus meánmhéideanna an Aontais.

(7)

Rialachán (AE) 2020/1429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 lena mbunaítear bearta le haghaidh margadh iarnróid inbhuanaithe i bhfianaise ráig COVID-19 (IO L 333, 12.10.2020, lch. 1).

(8)

San iomlán, thuairiscigh 14 thír gur thug siad tosaíocht do thrácht OSP i gcás plódú. Sa chleachtas, áfach, d'fhéadfadh dialltaí tarlú ag amanna áirithe nó ag brath ar imthosca áitiúla.

(9)

Tuarascáil maidir le Sábháilteacht agus Idir-inoibritheacht Iarnróid san Aontas Eorpach 2024 ( https://www.era.europa.eu/content/report-railway-safety-and-interoperability-eu-2024 ).

(10)

De réir RMMS, meastar traein paisinéara a bheith poncúil mura mbíonn moill níos mó ná 5 nóiméad uirthi.

(11)

Agus í sainmhínithe i dtéarmaí an sciar seirbhísí a cuireadh ar ceal.

(12)

De réir RMMS, meastar traein lasta a bheith poncúil mura mbíonn moill níos mó ná 15 nóiméad uirthi.

(13)

An idirthréimhse dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 chun ligean do na Ballstáit an margadh iarnróid a oscailt de réir a chéile agus conarthaí seirbhíse poiblí iarnróid a thairiscint, chuaigh sí in éag i mí na Nollag 2023.

(14)

Go háirithe go n-urramaítear prionsabal na tairisceana éigeantaí le haghaidh conarthaí seirbhíse poiblí d’iarnród paisinéirí.