AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,2.7.2025
COM(2025) 378 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan a bhaint amach I
An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan a bhaint amach I
1. Réamhrá
Sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan
, chuir an Coimisiún bearta nithiúla i láthair chun dícharbónú agus iomaíochas thionscal na hEorpa a spreagadh a thuilleadh. Freagraíonn na bearta don éileamh ar chur chuige dea-chomhtháite ar fud bheartais uile an Aontais chun tacú leis an dá chuspóir sin. Léiríonn siad freisin tiomantas an Aontais maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh ár dtionscal, amhail an bhearna i bpraghsanna fuinnimh idir an tAontas agus a phríomhiomaitheoirí, éileamh mall nó iomaíocht dhomhanda éagórach, agus ag an am céanna deimhneacht a thabhairt do chuideachtaí, idir mhór agus bheag, chomh maith le hinfheisteoirí, go leanfaidh an Eoraip de bheith ina geilleagar aeráidneodrach faoi 2050, agus cothroime, neodracht theicneolaíoch agus costéifeachtúlacht á gcur san áireamh, aistriú cóir á gcinntiú agus inbhuanaitheacht chomhshaoil á bhfeabhsú. Trí infheistíocht a dhéanamh sa dícharbónú, cuirfear borradh faoi iomaíochas gheilleagar na hEorpa, neartófar athléimneacht agus slándáil eacnamaíoch agus fuinnimh na hEorpa, agus cruthófar poist chobhsaí a sheasfaidh an aimsir.
I lár an ráis dhomhanda i dtreo na glan-nialasachta, cuirfidh an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan ar chumas an Aontais a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le margaí teicneolaíochta glaine na todhchaí a fhorbairt. De réir na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, tá an margadh domhanda le haghaidh na sé theicneolaíocht fuinnimh ghlain ollmhonaraithe
is mó le hardú go dtí os cionn USD 2 thrilliún faoi 2035 — gar don mheánluach a bhí ar mhargadh amhola an domhain le blianta beaga anuas
. Idir an dá linn, meastar go sroichfidh trádáil na teicneolaíochta glaine USD 575 bhilliún faoi 2035. Mar a léirítear sa tuarascáil infheistíochta is déanaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta
, tá dea-thoradh ar sheasamh láidir na hEorpa i nuálaíocht agus trádáil na teicneolaíochta glaine. Tá méadú 65 % tagtha ar onnmhairithe teicneolaíochtaí ísealcharbóin san Eoraip ó 2017 i leith, mar shampla, i gcomparáid le 79 % i gcás na Síne agus gan ach 22 % i gcás na Stát Aontaithe. Ní mór don Aontas a chinntiú go gcoinneofar agus go neartófar an buntáiste iomaíoch sin.
Chun an seasamh láidir sin a choinneáil, tá intuarthacht de dhíth ar earnáil na tionsclaíochta maidir le treo thaistil na hEorpa, mar aon le creat rialála lena n‑íoslaghdófar an maorlathas nach bhfuil gá leis agus cur chun feidhme tapa agus éifeachtach na mbeart uile atá beartaithe. Ní mór caitheamh leis an dícharbónú agus leis an ationsclú mar ghnéithe atá fite fuaite ina chéile, agus níl aon bhealach inchreidte ann i dtreo an dícharbónaithe gan bonn tionsclaíoch Eorpach láidir athléimneach a bheith ann. Sin an fáth, in éineacht leis an togra chun an Dlí Aeráide Eorpach a leasú chun go leagfar síos sprioc aeráide 2040, leis na solúbthachtaí is gá, go léirítear sa Teachtaireacht seo go bhfuil an cur i bhfeidhm ar bun cheana féin. Díreach cúpla mí tar éis an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan a chur i láthair, táimid ag cur tús le gníomhaíochtaí, ag tacú go gníomhach leis an tionscal tríd an aistriú ríthábhachtach seo, chun bonn tionsclaíoch na hEorpa a neartú, chun cothrom iomaíochta domhanda a chothú agus chun an nuálaíocht, i measc nithe eile, a scaoileadh saor.
Tá dul chun cinn déanta i ngach ceann de na sé phríomhspreagadh gnó a sainaithníodh sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan. Leis na bearta, baintear cothromaíocht amach idir tacú le spriocanna uaillmhianacha an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus cothrom iomaíochta a choinneáil ar bun sa Mhargadh Aonair, ionas gur féidir leis na Ballstáit tacaíocht airgeadais spriocdhírithe a chur ar fáil le haghaidh iarrachtaí dícharbónaithe agus chun slabhraí luacha ceannasacha a thógáil sa teicneolaíocht ghlan i gcás inar gá gan saobhadh iomaíochta míchuí a chruthú. Tugann siad de chumhacht do na Ballstáit freisin dreasachtaí cánach a ghiaráil mar spreagadh d’infheistíocht phríobháideach i dtionscadail dícharbónaithe, rud a éascaíonn ar deireadh aistriú tapa chuig córas fuinnimh Eorpach atá glan agus inacmhainne.
Ag an am céanna, lean an Coimisiún dá rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara. Ó glacadh an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, rinneadh Pleananna Gníomhaíochta tiomnaithe
mar thoradh ar an Idirphlé Straitéiseach maidir le Todhchaí an Tionscail Gluaisteán agus Todhchaí Thionscal Cruach na hEorpa, agus tá gníomhaíochtaí nithiúla earnáilsonracha iontu chun buntáiste iomaíoch na hEorpa a choinneáil. D’eagraigh an Coimisiún Idirphlé Tionsclaíochta Glaine maidir leis an nGeilleagar Ciorclach freisin chun an Gníomh um an nGeilleagar Ciorclach a ullmhú. Cuirfear bearta breise i láthair bunaithe ar an Idirphlé leis na Tionscail Chógaisíochta agus Ceimiceán, lena dtabharfar aghaidh ar ábhair imní shonracha na n‑earnálacha sin.
Tá níos mó i gceist leis an obair chun athléimneacht agus iomaíochas ár dtionscal a threisiú ná an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan. An Straitéis maidir le Margadh Aonair, Straitéis an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, an Straitéis Athléimneachta maidir le hUisce, an Teachtaireacht maidir le hAontas na Scileanna lena ngabhann Plean Gníomhaíochta maidir le Bunscileanna agus Plean Straitéiseach um Oideachas ETIM, Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus um Ghnólachtaí atá i mbun Fáis, i measc nithe eile, neartaíonn siad cuspóirí an Chomhaontaithe. Treisítear iad sin a thuilleadh le ceithre phacáiste simpliúcháin Omnibus arb é is aidhm dóibh an t‑ualach rialála a mhaolú.
Sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn, déanfaidh an Coimisiún cur chun feidhme na mbeart atá fágtha a bhfuil achoimre orthu sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan a chur chun cinn go cinntitheach.
2. An Chéad Phacáiste i dtaca leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan a chur i gcrích
Gné ríthábhachtach chun uaillmhianta agus cuspóirí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan a bhaint amach is ea creat nua Státchabhrach an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan, a ghlac an Coimisiún an 25 Meitheamh. Le formheas níos mó ná EUR 85 bhilliún i gcabhair faoi mhí an Mheithimh 2025 faoi na ranna um ‘aistriú’ den Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe, léirítear gur féidir le rialacha simplithe maidir le Státchabhair méadú a dhéanamh ar scála agus ar thoilteanas na mBallstát Státchabhair a úsáid le haghaidh chuspóirí an aistrithe ghlais. Thairis sin, ós rud é go raibh formhór na mBallstát tosaithe cheana féin ar na bearta a chur chun feidhme chun dlús a chur leis an aistriú glan faoin gCreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe, leagtar béim ar an taithí phraiticiúil a fuarthas agus ar an ngá atá le creat cobhsaí fadtéarmach chun teacht in ionad an chreata shealadaigh agus leanúint de thacaíocht a thabhairt don dícharbónú tionsclaíoch.
Leis an gcreat nua Státchabhrach, simplítear agus cuirtear dlús breise leis an bpróiseas do na Ballstáit chun cabhair a dheonú trí chritéir níos soiléire agus níos solúbtha a sholáthar maidir le measúnú a dhéanamh ar bhearta Státchabhrach, rud lena ndéantar tréimhse phleanála níos faide a chur ar fáil, agus lena méadaítear intuarthacht agus slándáil infheistíochta a mhéadú do ghnólachtaí. I gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan, díríonn an creat sin ar gach gnóthas tionsclaíoch, agus béim á leagan ar thionscail dianfhuinnimh agus ar an earnáil teicneolaíochta glaine agus tugtar isteach leis bearta cabhrach chun dlús a chur le leathadh amach an fhuinnimh in-athnuaite, infheistíochtaí i ndícharbónú tionsclaíoch agus san acmhainneacht mhonaraíochta le haghaidh teicneolaíocht ghlan. Beidh na Ballstáit in ann cuidiú le leathnú ar mhonarú na dteicneolaíochtaí glana san Eoraip a mhaoiniú, trí úsáid a bhaint as ionchur athchúrsáilte agus ionchur príomhúil araon, rud a chuirfidh le hathléimneacht shlabhraí soláthair na hEorpa a neartú. Cuirfidh sé ar chumas na mBallstát freisin laghdú a dhéanamh ar chostas leictreachais na n‑úsáideoirí dianfhuinnimh atá ag feidhmiú i dtionscail atá i mbaol a n‑athlonnaithe lasmuigh den Aontas chuig tíortha nach bhfuil rialacháin chomhshaoil acu nó nach bhfuil rialacháin acu atá chomh huaillmhianach céanna, mar mhalairt ar infheistíochtaí dícharbónaithe. Cuireann an creat nua tarraingteacht cistí príobháideacha chun cinn trí rioscaí infheistíochta a laghdú i dtionscadail atá ailínithe le cuspóirí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan.
Thairis sin, leis na rialacha nua, rannchuidítear le príomh-mhargaí a chruthú le haghaidh táirgí glana agus éascaítear an meascán de chistiú ón gCiste don Nuálaíocht agus maoiniú náisiúnta trí fhormheas Státchabhrach a éascú do na Ballstáit ar mian leo tacú le tionscadail a bhfuil séala Ceannasachta acu faoin gciste sin. Comhlánaíonn an creat nua Státchabhrach na rialacha maidir le Státchabhair, rialacha atá fós ar fáil go hiomlán, agus cumhdaíonn siad bearta eile a rannchuideoidh leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan. Is féidir leis na Ballstáit fógra a thabhairt faoi bhearta a thacaíonn le táirgeoirí teicneolaíochta glaine, amhail ceallraí, chun scála éifeachtúil a bhaint amach faoi na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair. Faoi ghnáthdhálaí an mhargaidh, ba cheart táirgeoirí teicneolaíochta glaine a bheith in ann a gcostais oibriúcháin a chumhdach gan aon tacaíocht phoiblí bhreise. Tá an Coimisiún réidh le cabhrú leis na Ballstáit na bealaí iomchuí a shainaithint chun tacaíocht phoiblí a dhearadh, faoi na rialacha maidir le Státchabhair, ar tacaíocht í lena dtugtar aghaidh ar theipeanna margaidh, atá riachtanach, comhréireach agus nach ndéanann saobhadh míchuí ar iomaíocht ná ar thrádáil sa mhargadh aonair, nó chun tacaíocht phoiblí den sórt sin a dhearadh saor ó státchabhair.
Mar a fógraíodh sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, mar chuid den athbhreithniú ar an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin féachaint an féidir rialacha maidir le státchabhair a thabhairt cothrom le dáta chun dreasachtaí níos fearr a chur ar fáil don tionscal chun infheistíocht a dhéanamh in uas-sciliú, athsciliú, poist ar ardchaighdeán agus earcú oibrithe le haghaidh aistriú cóir, agus conas is féidir na rialacha sin a thabhairt cothrom le dáta. Féachfaidh an Coimisiún go háirithe ar na rialacha lena gcumhdaítear cabhair d’fhiontair shóisialta agus earcú oibrithe faoi mhíbhuntáiste. Sa chomhthéacs sin, forbróidh an Coimisiún treoir thiomnaithe chun cabhrú leis na Ballstáit agus bearta státchabhrach á gceapadh acu le haghaidh tacaíocht shóisialta agus infheistíocht shóisialta. I gcuid mhór cásanna, ní mheastar gur cabhair ná blocdhíolúine í tacaíocht den sórt sin faoin Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine.
I gcomhthráth leis an gcreat nua Státchabhrach, leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le Dreasachtaí Cánach, a glacadh inniu, spreagtar infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí glana agus i ndícharbónú tionsclaíoch, trí bhearta amhail dímheas luathaithe agus creidmheasanna cánach. Laghdóidh sé sin go héifeachtach na bacainní airgeadais do chuideachtaí a infheistíonn san inbhuanaitheacht agus cuirfidh sé borradh faoi mhargaí tosaigh le haghaidh táirgí dícharbónaithe. Trí thacú le dímheas flaithiúil luathaithe suas le híoc laithreach agus creidmheasanna cánach solúbtha inaisíoctha, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún cinnteacht agus tacaíocht thráthúil a chur ar fáil do ghnólachtaí.
Tá ár gcóras fuinnimh ríthábhachtach chun na dálaí cearta a chur ar fáil maidir lenár ngeilleagar a dhícharbónú. Tá gá le gach réiteach fuinnimh saor ó charbón agus ísealcharbóin, lena n‑áirítear foinsí in-athnuaite fuinnimh, fuinneamh núicléach, éifeachtúlacht fuinnimh, stóráil, gabháil, úsáid agus stóráil carbóin (GÚSC), aistrithe carbóin, fuinneamh geoiteirmeach agus hidreafhuinneamh, agus gach teicneolaíocht glan-nialasach fuinnimh eile atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, chun an córas fuinnimh a dhícharbónú faoi 2040, mar aon le neartú na heangaí agus na hacmhainneachta stórála. Chun bonn a chur ar fáil do na Ballstáit agus do na húdaráis rialála náisiúnta chun dlús a chur leis an aistriú chuig córas fuinnimh atá glan agus níos solúbtha, le heangacha agus stóráil dhea-fhorbartha, tá pacáiste treoirdhoiciméad á ghlacadh ag an gCoimisiún. Cumhdaítear leis na doiciméid sin (i) teicneolaíochtaí nuálacha agus cineálacha cur in úsáid fuinnimh in-athnuaite, (ii) limistéir thiomnaithe bonneagair eangaí agus stórála a ainmniú agus (iii) modheolaíochtaí na dtaraifí gréasáin. Trí thacú le tionscadail bhreise fuinnimh ghlain agus gréasáin a chur in úsáid, rachaidh cur chun feidhme an treoirphacáiste sin chun tairbhe do mhonarú intíre na dteicneolaíochtaí glana éagsúla a bhfuil ceannaireacht dhomhanda ag an Eoraip ina leith.
Tacaíonn an treoir maidir le foirmeacha nuálacha agus cineálacha úsáide fuinnimh in-athnuaite le foinsí fuinnimh in-athnuaite a leathnú, rud a chuidíonn le costais ár soláthair fuinnimh a laghdú. Cuireann spleáchas na hEorpa ar bhreoslaí iontaise allmhairithe go mór le costais soláthair luaineacha arda. Trí fhoinsí fuinnimh in-athnuaite nuálacha a leathnú agus leas a bhaint as acmhainneacht neamhshaothraithe (e.g. agrai-ghrianfhuinnimh, fuinneamh in-athnuaite ar snámh, fuinneamh aigéin), is féidir leis an Aontas na costais sin a mhaolú. Idir 2021 agus 2023, shábháil tomhaltóirí leictreachais an Aontais EUR 100 billiún cheana féin a bhuí le giniúint leictreachais ó ghrianfhuinneamh fótavoltach agus toilleadh gaoithe nuashuiteáilte.
Tá an treoraíocht maidir le hainmniú na n‑eangach agus na limistéar stórála ceaptha chun leathnú ár n‑eangach a threisiú agus dlús a chur leis, chomh maith le dlús a chur le húsáid réiteach stórála. Tá sé sin ríthábhachtach i bhfianaise an fháis a bhfuiltear ag súil leis ar ghiniúint dhíláraithe fuinnimh in-athnuaite, an mhéadaithe ar an éileamh ar leictreachas, agus na srianta atá ann cheana ar an eangach leictreachais, ar nós an ghá atá le bonneagar athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha a nascadh, agus na tairbhí a bhaineann leis ó thaobh stórála agus an chórais fuinnimh ar an iomlán de, chomh maith leis an ngá atá le 40 % de na heangacha atá ann cheana a nuachóiriú. Thairis sin, tá an acmhainneacht leictreachais in-athnuaite ag fás go tapa, agus cuireadh thart ar 78 GW leis in 2024 amháin. Ós rud é gur cheart go sroichfeadh leathnú bliantúil na hacmhainneachta leictreachais in-athnuaite thart ar 100 GW ar an meán suas le 2030, ní mór dlús suntasach a chur le nósanna imeachta deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail stórála fuinnimh in-athnuaite agus le haghaidh na ngréasán ina gcomhtháthaítear fuinneamh in-athnuaite.
Sa tríú treoirdhoiciméad, maidir le modheolaíochtaí na dtaraifí gréasáin, cuirtear dearadh taraifí gréasáin chun cinn arb é is aidhm dó costais fhoriomlána an chórais a ísliú trí sholúbthacht agus dreasachtaí suímh a fheabhsú chomh maith le borradh a chur faoi éifeachtúlacht úsáid agus bhainistiú na heangaí. Tá an t‑aistriú sin chun athrú iompraíochta a spreagadh ríthábhachtach chun buaicthréimhsí tomhaltais a bhainistiú go héifeachtach ar bhealach costéifeachtach. Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag taraifí gréasáin trí gach úsáideoir córais a spreagadh chun a bpatrúin úsáide a bharrfheabhsú. Tá tairbhí suntasacha ag baint le cur chuige comhordaithe, lena n‑áirítear costais bainistithe eangaí agus plódú costasach a laghdú, feabhas a chur ar acmhainneacht na heangaí giniúint in-athnuaite a ionsú, agus an gá atá le hathneartuithe fairsinge eangaí a theorannú a mhéid is féidir. Laghdóidh sé sin na costais fhoriomlána gréasáin a íocann tomhaltóirí ar a mbillí fuinnimh agus rachaidh sé chun tairbhe go díreach d’úsáideoirí, agus ar an gcaoi sin rannchuideofar le comhtháthú an chórais fuinnimh.
I measc na ndúshlán eile atá os comhair an tionscail tá neamhchosaint ar iomaíocht idirnáisiúnta éagórach agus ualach rialála. Ó seoladh Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE), tugadh aghaidh go héifeachtach ar an riosca sceite carbóin trí lamháltais saor in aisce a dheonú d’earnálacha atá neamhchosanta ar an riosca sin. Cuirfear deireadh de réir a chéile le lamháltais saor in aisce le haghaidh suiteálacha CTA AE a tháirgeann earraí SCCT ó 2026 go 2034, i gcomhthráth le céimniú isteach oibleagáidí airgeadais SCCT le haghaidh earraí allmhairithe. Cé go dtugann SCCT aghaidh ar an riosca sceite carbóin i dtáirgeadh earraí SCCT don Aontas, d’fhéadfadh méadú teacht ar an riosca sceite carbóin maidir le hearraí SCCT a tháirgeadh le haghaidh margaí onnmhairiúcháin trí dheireadh a chur de réir a chéile le leithdháileadh saor in aisce, fad is nach dtugann tríú tíortha áirithe praghsáil choibhéiseach carbóin isteach. D’iarr earnálacha éagsúla SCCT go ndéanfaí gníomhaíocht phráinneach chun aghaidh a thabhairt ar sceitheadh carbóin onnmhairiúcháin.
Mar a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Cruach agus Miotail, dá bhrí sin, bhreithnigh an Coimisiún roghanna maidir le conas aghaidh a thabhairt ar an riosca sin. Ba cheart aon réiteach a ailíniú go hiomlán le cuspóirí comhshaoil SCCT, agus rialacha ábhartha EDT á n‑urramú ag an am céanna. Ina theannta sin, ba cheart é a chur chun feidhme go tapa chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar agus chun ualach riaracháin míchuí a sheachaint. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún togra tiomnaithe a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an ioncam a ghintear le SCCT — agus déanfar SCCT a leathnú — chun tacú le táirgeadh ar féidir go mbainfidh sceitheadh carbóin. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí na táirgeoirí dá ndéantar difear a chúiteamh go comhréireach le céimniú amach na lamháltas saor in aisce faoi réir torthaí insoláthartha maidir le dícharbónú fadtéarmach. Ní mór an raon feidhme a bhunú ar chritéir oibiachtúla. Bheadh an scéim sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse a saineofar ar dtús, le hathbhreithniú in 2027. Chuirfí an togra ar aghaidh faoi dheireadh 2025, mar aon leis an togra lena leathnófaí SCCT chun earraí iartheachtacha a chumhdach agus lena dtabharfaí isteach bearta chun teacht timpeall a sheachaint, agus beidh sé gan dochar do na tograí atá ann cheana ón gCoimisiún maidir le hAcmhainní Dílse nua do bhuiséad an Aontais. Is é is aidhm don réiteach sin cóir chomhionann a chinntiú i gcás earraí SCCT — cibé acu a tháirgtear agus a dhíoltar san Aontas iad, a onnmhairítear ón Aontas chuig tríú tíortha nó a allmhairítear isteach san Aontas iad — chun comhoiriúnacht na hEagraíochta Domhanda Trádála a choinneáil ar bun. Cuirfidh an Coimisiún tuilleadh anailíse ar fáil ar an riosca sceite carbóin i dtáirgeadh earraí SCCT le haghaidh onnmhairí ar mhaithe leis an mbeart a dhearadh go leordhóthanach agus rachaidh sé i gcomhairle le hearnálacha SCCT maidir leis na pleananna sin roimh an togra, agus imthosca náisiúnta sonracha á gcur san áireamh aige freisin. Eagrófar idirphlé ardleibhéil chuige sin.
Príomhcholún eile den Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan is ea simpliú. Rinneadh dul chun cinn i roinnt réimsí reachtacha arb é is aidhm dóibh an t‑ualach rialála a laghdú agus a chur ar chumas na tionsclaíochta glacadh leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe ar bhealach níos éifeachtaí agus níos pragmataí. Is é is aidhm don togra simplithe maidir leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT), a glacadh mar chuid den phacáiste Omnibus I, i mí Feabhra 2025, an maorlathas a laghdú agus cur chun feidhme rianúil SCCT a chinntiú nuair a thiocfaidh sé i bhfeidhm go hiomlán i mí Eanáir 2026. Go háirithe, tugtar isteach leis an togra tairseach bhliantúil mhaisbhunaithe 50 tona lena n‑eisiatar thart ar 90 % d’allmhaireoirí ó aon oibleagáidí SCCT, agus lena n‑áirithítear ag an am céanna go gcumhdaítear 99 % d’astaíochtaí faoi raon feidhme SCCT. Níos luaithe an mhí seo, tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir leis an Rialachán leasaithe, a chloíonn le príomhpharaiméadair an togra ón gCoimisiún.
3. Obair leanúnach i réimsí eile den Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan
Chomh maith leis an gcéad sraith de ghníomhaíochtaí nithiúla faoin gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, tá dul chun cinn suntasach déanta i roinnt réimsí a bhaineann leis an straitéis seo. Tá dul chun cinn déanta maidir le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne ó glacadh é i mí Feabhra 2025. An 16 Meitheamh, sheol an Coimisiún Eorpach agus Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh Tascfhórsa an Aontais Fuinnimh go comhpháirteach. Tabharfaidh an Tascfhórsa aghaidh ar bhacainní teicniúla agus rialála a chuireann bac ar fhíor-Aontas Fuinnimh a thabhairt chun críche, trí fheabhas a chur ar úsáid agus ar fhorbairt bonneagar atá dea-nasctha, trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní náisiúnta ar cheadú, trí chur in úsáid stórála agus úsáid seirbhísí solúbthachta a mhéadú, trí chomhordú gníomhaíochtaí réigiúnacha, náisiúnta agus de chuid an Aontais a fheabhsú, agus trí thacú le príomhghníomhaíochtaí chun an Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne a chur chun feidhme, mar shampla maidir le ceadú, cánachas agus solúbthacht an chórais.
Tá an t‑airgeadas ríthábhachtach. D’oibrigh an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta i ndlúthchomhar le chéile chun táirgí airgeadais nua a fhorbairt — táirgí atá incháilithe faoi Chlár InvestEU — táirgí a ceapadh chun rioscaí d’infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach a laghdú. An 19 Meitheamh, sheol an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) scéimeanna nua chun frithráthaíochtaí a thairiscint do chomhaontuithe ceannaigh cumhachta (CCAnna) idir forbróirí fuinnimh ghlain agus tionscal, a bhfuil acmhainneacht EUR 500 milliún acu. Féachann an tionscnamh seo le rochtain a éascú don tionscal ar phraghsanna fuinnimh níos cobhsaí agus infheistíocht a spreagadh i dtionscadail ghiniúna nua. Ina theannta sin, sheol BEI an dara scéim frithráthaíochta chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le comhpháirteanna nua eangaí a mhonarú (agus an tsamhail atá in úsáid aige cheana féin d’earnáil na gaoithe á cur i bhfeidhm) le EUR 1,5 bhilliún, rud atá ríthábhachtach do na riachtanais do ghréasán atá ag leathnú ar fud na hEorpa, chomh maith le clár TechEU chun cuidiú leis an mbearna mhaoiniúcháin a dhúnadh chun tacú leis an nuálaíocht shuaiteach, chun acmhainneacht thionsclaíoch na hEorpa a neartú agus chun cuideachtaí atá ag méadú a neartú. Tá cumas maoinithe an Phacáiste um Cumhacht Ghaoithe á leathnú aige freisin ó EUR 5 bhilliún go EUR 6,5 bhilliún, agus bhunaigh sé táirge ráthaíochta nua le haghaidh teicneolaíocht ghlan atá ag teacht chun cinn le himchlúdach iasachtaithe EUR 250 milliún ó BEI a bhfuil tacaíocht le fáil aige ó InvestEU.
Tá an Coimisiún ar an mbóthar ceart freisin i leith treoirthionscadal a sheoladh don Bhanc um Dhícharbónú Tionsclaíoch atá ar na bacáin, faoi dheireadh 2025. Le buiséad EUR 1 bhilliún, beidh an treoirthionscadal sin ina cheant a bheidh dírithe ar theas le haghaidh próiseas tionsclaíoch a dhícharbónú trí leictriú agus teas in-athnuaite díreach (amhail grianfhuinneamh teirmeach nó geoiteirmeach). Rachaidh sé chun tairbhe do chuideachtaí in earnálacha tionsclaíocha éagsúla, lena n‑áirítear fiontair mheánmhéide. Feidhmíonn sé mar threoirthionscadal don Bhanc um Dhícharbónú Tionsclaíoch trí thacú le tionscadail lena mbaineann laghdú astaíochtaí carbóin mar mhéadracht. I mí Aibreáin, léiríodh i mórchomhairliúchán le páirtithe leasmhara tacaíocht láidir tionscail don tionscnamh seo. Sna sála air sin, tá na dréacht-téarmaí ceantála agus na dréachtchoinníollacha comhairliúcháin foilsithe ag an gCoimisiún ó shin.
Ghlac an Coimisiún freisin an chéad dá liosta de Thionscadail Straitéiseacha a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, lena gcumhdaítear tionscadail laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha araon. Clúdaíonn na tionscadail roghnaithe raon leathan ábhar straitéiseach agus céimeanna slabhra luacha agus rannchuideoidh siad le soláthar slán amhábhar straitéiseach an Aontais. Chun a chinntiú go gcuirfear i gcrích go tráthúil iad, tabharfar tacaíocht do na tionscadail chun infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a éascú chomh maith le dlús a chur le ceadú le haghaidh tionscadail san Aontas.
Is príomhthosaíocht de chuid an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan é margaí tosaigh a fhorbairt a thuilleadh. An 6 Aibreán, ghlac an Coimisiún plean oibre 2025-2030 le haghaidh an Rialacháin maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe agus an Rialacháin maidir le Lipéadú Fuinnimh. Soláthraítear leis an bplean liosta táirgí ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh, amhail cruach agus alúmanam, chun ceanglais éicidhearthóireachta agus lipéadú fuinnimh a thabhairt isteach sna 5 bliana amach romhainn. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin glacadh táirgí atá inbhuanaithe, indeisithe, ciorclach agus tíosach ar fhuinneamh chun cinn ar fud na hEorpa. Nuair a bheidh ceanglais chomhchuibhithe maidir le hinbhuanaitheacht táirgí atá deartha i gceart ar leibhéal an Aontais againn, déanfar an margadh aonair a threisiú, bacainní ar thrádáil a chosc, cothrom iomaíochta agus faisnéis do thomhaltóirí a fheabhsú chomh maith leis an ualach riaracháin a laghdú.
I gcomhthéacs an Idirphlé Straitéisigh maidir le Todhchaí an Tionscail Gluaisteán a bhí ar siúl in R1 2025 agus mar a fógraíodh i bPlean gníomhaíochta tionsclaíoch an Aontais um an tionscal gluaisteán an 5 Márta 2025, mhol an Coimisiún solúbthacht don earnáil mótarfheithiclí i ndáil le spriocanna 2025 maidir le díolacháin flít a chomhlíonadh trí athrú spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 2019/631, atá glactha ag comhreachtóirí. Tugann sé sin solúbthacht bhreise do mhonaróirí a mhéid a bhaineann lena n‑oibleagáidí comhlíontachta, trí thréimhse chomhlíontachta 3 bliana a cheadú le haghaidh 2025, 2026 agus 2027, seachas tréimhse bhliantúil. Leis an leasú spriocdhírithe, tugtar isteach solúbthacht bhreise den sórt sin do mhonaróirí agus leibhéal uaillmhéine na sprice laghdaithe astaíochtaí á choinneáil an tráth céanna. Is é is aidhm dó sin tacú le hinfheistíocht san aistriú glan agus an uaillmhian fhoriomlán aeráide a chaomhnú ag an am céanna. An 5 Márta, thug an Coimisiún an Liosta Dramhaíola cothrom le dáta freisin chun ceallraí agus a n‑amhábhair chriticiúla a choinneáil sa gheilleagar ar feadh tréimhse níos faide.
Chuir an tSaoráid Bonneagair Breoslaí Malartacha (AFIF) faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa EUR 570 milliún ar fáil chun bonneagar luchtaithe a chur in úsáid le haghaidh 2025-2026, agus béim á leagan ar fheithiclí tromshaothair. Sa dara scoithdháta an 11 Meitheamh 2025, bhí 25 thogra tionscadail ann a raibh costas infheistíochta iomlán EUR 665 mhilliún ag baint leo. Ar an iomlán, iarradh thart ar EUR 287 milliún de chistiú ón Aontas le haghaidh tionscadail bonneagair luchtaithe d’fheithiclí leictreacha; le EUR 245 mhilliún le haghaidh bonneagar luchtaithe tiomnaithe d’Fheithiclí Tromshaothair.
Maidir leis an ngné sheachtrach, sheol an Coimisiún caibidlíocht maidir leis an gcéad Chomhpháirtíocht um Thrádáil agus Infheistíocht Ghlan leis an Afraic Theas le linn an Chruinnithe Mullaigh idir an tAontas agus an Afraic Theas an 13 Márta 2025. Forbraítear an chomhpháirtíocht i gcomhar le príomh-chomhpháirtithe straitéiseacha chun spleáchais straitéiseacha a bhainistiú go héifeachtach agus chun ról an Aontais i slabhraí luacha domhanda ríthábhachtacha a threisiú. Gheall an Coimisiún agus an Afraic Theas comhaontú a shaothrú chun tacú le slabhraí luacha straitéiseacha níos glaine a fhorbairt le haghaidh amhábhar. Áirítear leis sin díriú ar thairbhiú áitiúil, ar fhuinneamh in-athnuaite agus ísealcharbóin (lena n‑áirítear hidrigin ísealcharbóin atá sábháilte agus inbhuanaithe) agus ar theicneolaíocht ghlan trí fheabhas a chur ar na dálaí le haghaidh infheistíochtaí a théann chun tairbhe don dá thaobh. Ina theannta sin, le linn an chruinnithe mullaigh, d’fhógair an Coimisiún Pacáiste Infheistíochta Global Gateway dar luach EUR 4,7 mbilliún, a ndéanfar EUR 4,4 bhilliún de a infheistiú i dtionscadail a thacaíonn le haistriú fuinnimh glan agus cóir sa tír. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún dul chun cinn cinntitheach a léiriú maidir leis an gComhpháirtíocht um Thrádáil agus Infheistíocht Ghlan leis an Afraic Theas roimh Chruinniú Mullaigh G20 Johannesburg, atá beartaithe don 22-23 Samhain 2025.
Ina theannta sin, ghéaraigh an Coimisiún an beart coimirce cruach chun tionscal cruach an Aontais a chosaint ar bhorradh a bheith faoi allmhairí, rud lena gcuirtear i gcrích Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cruach agus Miotail. Cé gur tháinig formhór na gcoigeartuithe i bhfeidhm an 1 Aibreán, tiocfaidh na hathruithe a bhaineann le luas níos moille léirscaoilte agus deireadh a chur le tabhairt anonn méideanna nár úsáideadh i bhfeidhm an 1 Iúil 2025. Ós rud é go rachaidh an beart coimirce in éag go dlíthiúil an 30 Meitheamh 2026, molfaidh an Coimisiún beart cruach fadtéarmach lena gcuirfear leibhéal cosanta an-éifeachtach ar fáil d’earnáil chruach an Aontais don tréimhse i ndiaidh mhí an Mheithimh 2026 i mí Mheán Fómhair 2025. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i bhfianaise taraifí méadaithe na Stát Aontaithe ar alúmanam i gcruach, rud a chuireann le staid dheacair na dtionscal sin.
Feabhas a chur ar an gciorclaíocht, is bealach tábhachtach é le tionscail mhiotail a dhícharbónú agus tá sé tábhachtach dá n‑iomaíochas. Mar sin féin, tá laghdú ag teacht ar mhéid an dramh-mhiotail a úsáidtear le haghaidh athchúrsála san Aontas mar gheall ar éileamh laghdaithe ó thionscal an Aontais agus praghsanna níos airde ar dhramh-mhiotail a íoctar i dtríú tíortha. Mar chéad chéim chun an treocht sin a aisiompú, chuir an Coimisiún sonraí ábhartha ó bhunachar sonraí an Fhaireachais Custaim ar fáil go poiblí, rud atá comhchosúil le gníomhaíocht a rinneadh le déanaí in earnáil na gceimiceán. Tá an tionscnamh seo ina chuid de shásra faireacháin níos leithne le haghaidh allmhairí agus onnmhairí alúmanaim, copair agus cruach lena gcuirfear feabhas ar infhaighteacht faisnéise margaidh, agus ar an gcaoi sin cleachtais chiorclacha a chur chun cinn agus glacadh beart trádála a éascú chun infhaighteacht leordhóthanach dramh-mhiotal san Aontas a chinntiú, de réir mar is gá, ag tosú le bearta le haghaidh alúmanaim. Oibreoidh an Coimisiún freisin chun an t‑éileamh ar tháirgí athchúrsáilte a mhéadú.
Fógraíodh sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus sa Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Mótarfheithiclí araon go molfadh an Coimisiún coinníollacha le haghaidh infheistíochtaí coigríche, go sonrach san earnáil mótarfheithiclí, lena n‑áirítear comhpháirteanna, agus an slabhra soláthair ceallraí mar an tosaíocht is práinní. Molfaidh an Coimisiún coinníollacha sonracha maidir le critéir athléimneachta agus inbhuanaitheachta sa Ghníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch agus, b’fhéidir, tionscnaimh eile.
I ndlúthchomhairliúchán le páirtithe leasmhara tionscail agus leis na Ballstáit, molfaidh an Coimisiún bearta chun a chinntiú gur fearr a rannchuideoidh infheistíochtaí coigríche san Aontas le hiomaíochas fadtéarmach thionscal an Aontais, lena bhuntáiste teicneolaíoch agus lena hathléimneacht eacnamaíoch, agus le cruthú post ar ardchaighdeán san Aontas. Mar shampla, i gcás tionscadail lena mbaineann infheistíocht choigríche, go háirithe nuair atá maoiniú poiblí i gceist, d’fhéadfadh na Ballstáit breithniú comhchoiteann a dhéanamh ar choinníollacha ar nós úinéireacht an trealaimh, ionchuir arb é an tAontas is foinse dóibh, earcú foirne atá lonnaithe san Aontas, an ghá le comhfhiontair nó le haistrithe maoine intleachtúla, ag tosú le roinnt earnálacha straitéiseach, an earnáil mótarfheithiclí nó an earnáil monaraíochta do threalamh le haghaidh tairgeadh in‑athnuaite, mar shampla.
Maidir leis an earnáil mótarfheithiclí go sonrach, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún plé a dhéanamh leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha ar conas breisluach na n‑infheistíochtaí isteach a uasmhéadú agus cuidiú le sodar go grinneall agus ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a chosc. Leis na coinníollacha sin, cuirfear bonn ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht le príomh-chomhpháirtithe idirnáisiúnta a bhfuil hinfheistíochtaí suntasacha san Aontas acu agus go háirithe sa slabhra soláthair d’fhuinneamh in-athnuaite agus do mhótarfheithiclí.
Molfaidh an Coimisiún Pacáiste maidir le Tionscal na gCeimiceán go luath, lena n‑áirítear Plean Gníomhaíochta do thionscal ceimiceán an Aontais agus Omnibus maidir le ceimiceáin. Leis an bPlean Gníomhaíochta, tabharfar isteach bearta nithiúla chun iomaíochas domhanda earnáil ceimiceán na hEorpa a fheabhsú, lena n‑áirítear FBManna, agus chun a bonn táirgthe a neartú trí ghníomhaíochtaí i bpríomhréimsí, amhail táirgeadh criticiúil, praghas fuinnimh agus tacú leis an nuálaíocht agus leis an dícharbónú.
Mar a fógraíodh sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, bhunaigh an Coimisiún mol tacaíochta maidir le tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEInna) chun dlús a chur le dearadh IPCEInna nua. Tá tacaíocht á tairiscint ag an gCoimisiún faoi láthair do roinnt Ballstát chun dlús a chur le dearadh IPCEInna nua a d’fhormhuinigh an Fóram Comhpháirteach Eorpach maidir le IPCEInna i mí na Samhna 2024 agus i mí an Mhárta 2025. Leis an obair ar an IPCEI maidir le hArdábhar Ciorclach agus ar na IPCEInna maidir le teicneolaíochtaí núicléacha nuálacha, rannchuideofar go háirithe le dlús a chur le cuspóirí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan.
Ghlac an Coimisiún freisin an 13 Meitheamh 2025 an Clár Léiriúcháin Núicléach (PINC). Tugann sé sin forléargas cothrom le dáta ar riachtanais infheistíochtaí fuinnimh núicléach san Aontas agus ar dhea-chleachtais samhlacha maoiniúcháin le haghaidh pleananna infheistíochta éifeachtúla. Chun pleananna na mBallstát maidir le fuinneamh núicléach a chur i gcrích, beidh gá le hinfheistíochtaí suntasacha, thart ar EUR 241 bhilliún go dtí 2050, chun síneadh a chur le saolré na n‑imoibreoirí atá ann cheana agus chun imoibreoirí mórscála nua a thógáil araon. Tá gá le hinfheistíochtaí breise le haghaidh Imoibreoirí Modúlacha Beaga (SMRanna), Ard-Imoibreoirí Modúlacha (AMRanna) agus micrea-imoibreoirí agus i bhfuinneamh comhleá don todhchaí fhadtéarmach.
Rinneadh bearta suntasacha freisin chun scileanna agus cáilíocht post a fheabhsú san Aontas, mar chuid den Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan. An 5 Márta 2025, glacadh Teachtaireacht maidir le hAontas na Scileanna, lenar tugadh isteach príomhthionscnaimh amhail an Bord Ardleibhéil Eorpach um Scileanna, Faireachlann Scileanna, agus tionscnaimh uas-scilithe agus athscilithe atá ann cheana á dtreisiú ag an am céanna. Ina theannta sin, sheol an Coimisiún comhairliúcháin leis na comhpháirtithe sóisialta chun an Treochlár um Poist ar Ardchaighdeán a ullmhú, ag díriú ar thacaíocht do phróisis athstruchtúraithe agus d’aistrithe córa, agus mhol sé leasuithe spriocdhírithe ar an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú agus ar Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe chun dlús a chur leis an tacaíocht d’oibrithe atá i mbaol cailliúint post mar gheall ar athstruchtúrú atá nasctha leis an dícharbónú agus chun borradh a chur faoin tacaíocht sin.
Leis an athbhreithniú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe, a mhol an Coimisiún i mí Aibreáin, tabharfar an deis do na Ballstáit agus do na réigiúin, trína gcláir, iomaíochas na hEorpa a neartú agus an bhearna nuálaíochta a dhúnadh. Cé go bhfuil an togra fós faoi chaibidil sa phróiseas comhchinnteoireachta, tá an Coimisiún ag tnúth le toradh deiridh atá uaillmhianach. Sa chomhthéacs sin, chumasófaí tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa d’fhiontair mhóra nuair a rannchuidíonn siad le Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne nó nuair a oibríonn siad i réimsí criticiúla, amhail cosaint, teicneolaíochtaí straitéiseacha, agus dícharbónú. Ina theannta sin, tacóidh sé leis an aistriú fuinnimh trí idirnascairí fuinnimh a chur chun cinn (cáblaí talún agus fomhuirí lena nasctar córais leictreachais na dtíortha comharsanachta) agus bonneagar athluchtúcháin a chur ar bun Le hinfheistíochtaí i dtithíocht inacmhainne atá tíosach ar fhuinneamh, i mbainistiú inbhuanaithe uisce agus i nuálaíocht lena rannchuidítear le cuspóirí an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), neartófar an bonn don tionsclaíocht ghlan ar fud na réigiún freisin. Mar dhreasacht airgeadais chun infheistíocht a dhéanamh i dtosaíochtaí straitéiseacha, mhol an Coimisiún cead a thabhairt do na Ballstáit agus do na réigiúin tairbhiú de 30 % den réamh-mhaoiniú in 2026 agus de rátaí cómhaoinithe níos airde do thionscadail arna bhforbairt faoi na tosaíochtaí straitéiseacha.
3. Conclúid
Tá cur chun feidhme rathúil an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan ag brath ar thiomantas na mBallstát agus a n‑údarás a ghníomhaíochtaí a chur ar bun go héifeachtach.
Tá an Coimisiún diongbháilte i gcónaí maidir lena thiomantas an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan a bhaint amach agus go ndéanfar den dícharbónú spreagadh d’iomaíochas agus rathúnas na hEorpa, lena n‑áirítear trí sprioc idirmheánach 2040 a mholadh ar an mbealach i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050. Cuirfidh sé an chuid eile de ghníomhaíochtaí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan i gcrích trí shraith pacáistí, agus tá na chéad chinn eile beartaithe don dara leath de 2025. Déanfar gach pacáiste a chur in oiriúint chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sonracha de chuspóirí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan, agus ar an gcaoi sin déanfar iarrachtaí comhchoiteanna a threisiú ar fheabhas a chur ar iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa agus ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna dícharbónaithe an Aontais.