An Bhruiséil,8.7.2025

COM(2025) 368 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

maidir le cur chun feidhme Threoir 2012/34/EAE
arna leasú le Treoir (AE) 2016/2370

{SWD(2025) 178 final}


1.Réamhrá

Déantar athbhreithniú sa tuarascáil seo ar chur chun feidhme Threoir 2012/34/AE 1 (‘an Treoir’) arna leasú le Treoir (AE) 2016/2370 2 (‘an Treoir um Rialachas’) maidir leis an earnáil iarnróid mar a cheanglaítear le hAirteagal 63(1) de Threoir 2012/34/AE. Is é is aidhm don tuarascáil seo forbhreathnú a thabhairt ar na príomh-shaincheisteanna agus na príomhfhadhbanna a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach. Mar sin féin, ní féidir leis an tuarascáil seo cuntas uileghabhálach a sholáthar ar gach beart cur chun feidhme náisiúnta agus ní thugtar réamhbhreithiúnas léi ar aon seasamh a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh in aon imeacht dlí sa todhchaí.

Mar a fhorordaítear le hAirteagal 63(1) de Threoir 2012/34/AE, déantar meastóireacht sa tuarascáil go háirithe ar an méid seo a leanas: (1) seirbhísí iarnróid ardluais a fhorbairt agus cleachtais idirdhealaitheacha maidir le rochtain ar línte ardluais; agus (2) cé acu atá nó nach bhfuil cleachtais idirdhealaitheacha nó cineálacha eile saofa iomaíochta fós ann i ndáil le bainisteoirí bonneagair (BBanna) atá mar chuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach. Leis an anailís ar an margadh ardluais i gcomhthéacs na tuarascála cur chun feidhme seo, cuireadh bonn eolais freisin faoi dhréachtú na teachtaireachta maidir le hiarnróid ardluais 3 atá le glacadh ag an gCoimisiún.

Meastar go bhfuil sé ríthábhachtach borradh a chur faoin iarnród chun an t‑iompar a dhícharbónú toisc go bhfuil an t‑iarnród ar cheann de na modhanna iompair is éifeachtúla ann. In 2022, is ar iarnród a bhí 7,2 % d’iompar paisinéirí an Aontais agus 11,9 % d’iompar lasta an Aontais agus ní raibh sé freagrach ach as 0,3 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar. Ní bhaineann ach 1,8 % de thomhaltas fuinnimh deiridh iompair an Aontais le hiarnróid.

Léirítear sa tuarascáil seo go bhfuil roinnt bacainní ann ag cur bac fós ar fhíorlimistéar Eorpach aonair iarnróid a fhorbairt. Mar sin féin, fágann na moilleanna ar thrasuí náisiúnta na Treorach um Rialachas, tionchar phaindéim COVID-19 agus an ghéarchéim fuinnimh le blianta beaga anuas 4 nach féidir measúnú cuimsitheach a dhéanamh go fóill ar thionchar na Treorach ar an margadh iarnróid. Theastódh fianaise níos fairsinge chun údar a thabhairt tograí reachtacha nua a chur i láthair ag an tráth seo. Mar sin féin, d’fhéadfadh idirghabhálacha spriocdhírithe maidir leis na saincheisteanna a shainaithnítear sa tuarascáil seo a bheith indéanta trí ghníomhaíochtaí beartais sonracha nó trí athbhreithnithe ar ghníomhartha eile, amhail gníomhartha cur chun feidhme, gníomhartha tarmligthe nó treoirlínte.

Ba mhór ag an gCoimisiún an t‑ionchur a fuair sé ó pháirtithe leasmhara don tuarascáil seo, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo, agus cuirfidh sé an t‑ionchur sin san áireamh in aon ghníomhaíocht leantach a d’fhéadfadh a bheith ann.

Ní áirítear sa tuarascáil figiúirí maidir leis na forbairtí is déanaí sa mhargadh. Mar sin féin, tá forbhreathnú cuimsitheach, lena n‑áirítear staidreamh, le fáil in Iarscríbhinn C a ghabhann leis an Doiciméad Inmheánach Oibre.

2.Trasuí

In 2016 a rinneadh an Treoir a leasú go deireanach leis an Treoir um Rialachas, lena ndéileáiltear le seirbhísí intíre iompair do phaisinéirí a oscailt agus le rialachas an bhonneagair iarnróid araon. Rinne an Coimisiún faireachán ar thrasuí na Treorach sa dlí náisiúnta agus sheol sé roinnt imeachtaí um shárú in aghaidh na mBallstát. Bhain leath de na himeachtaí sin le Ballstáit nár thug fógra don Choimisiún in am maidir lena mbearta trasuite. Díríodh sa leath eile ar ghnéithe neamh-chomhréireachta, is é sin cásanna nár trasuíodh an Treoir i gceart. Ba iad seo a leanas na gnéithe neamhchomhréireachta ba mhó a tháinig chun cinn (liostaithe in ord minicíochta):

-rialachas BB;

-an creat muirearaithe;

-ról an chomhlachta rialála;

-cearta rochtana bonneagair a dheonú;

-leithdháileadh an toillte bonneagair;

-ceadúnais a dheonú.

Tá tuilleadh sonraí maidir leis na cásanna um shárú le fáil in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an Doiciméad Inmheánach Oibre.

3.Cur chun feidhme na bpríomhfhorálacha

a.Oscailt an mhargaidh

Is cosúil go bhfuil éifeachtaí dearfacha ag oscailt an mhargaidh ó thaobh custaiméirí de, mar a léirítear i staidéar a d’fhoilsigh an Coimisiún le déanaí 5 .

Léiríonn réamhthorthaí bunaithe ar thaithí na gceannródaithe in oscailt na margaí paisinéirí intíre, i gcás ina raibh roinnt roghanna ag paisinéirí, gur éirigh seirbhísí iarnróid níos saoire agus de bheith ar fáil níos minice.

Agus an próiseas maidir le hoscailt an mhargaidh de réir a chéile á thabhairt chun críche, moladh sa Treoir d’oibreoirí iarnróid a bheith níos freagrúla do riachtanais na gcustaiméirí agus a gcost-éifeachtúlacht a fheabhsú, rud a chuirfeadh feabhas ar ról an iarnróid maidir le dlús a chur le hastaíochtaí iompair agus plódú a laghdú.

Faoi chreat rialála reatha an Aontais, ní féidir soláthar seirbhísí rochtana oscailte do phaisinéirí a theorannú ach amháin má chinntear le tástáil cothromaíochta eacnamaíche (TCE), de réir Airteagal 11 den Treoir, go gcuirfeadh seirbhís nua do phaisinéirí isteach ar chothromaíocht eacnamaíoch seirbhíse poiblí a dhéantar ar an mbealach céanna nó ar bhealach malartach. Is eisceacht é TCE ar oscailt an mhargaidh agus ba cheart é a úsáid dá réir sin. Tá ábhair imní éagsúla ag baint le TCE a chur i bhfeidhm, ón réamhfhógra 18 mí maidir le seirbhísí nua a cheanglaítear le hAirteagal 38(4) den Treoir go dtí an léirmhíniú neamhréireach ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1795, lena leagtar síos an nós imeachta agus na critéir maidir le cur i bhfeidhm TCE 6 .

Tá inacmhainneacht agus áisiúlacht fós ina dtosca criticiúla do phaisinéirí a roghnaíonn an traein thar mhodhanna eile, agus ní mór iomaíochas an iompair d’iarnród a fheabhsú fós. Ina theannta sin, tá bearta curtha chun feidhme cheana féin laistigh den Aontas Eorpach nach gcumhdaíonn ach go páirteach na costais sheachtracha a bhaineann le modhanna atá níos déine ó thaobh carbóin de, go háirithe Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais.

Tá sé fós dúshlánach seirbhísí trasteorann a sholáthar mar gheall ar shaincheisteanna a bhaineann le hidir-inoibritheacht agus le comhordú acmhainneachta. Tá na saincheisteanna sin thar a bheith dúshlánach d’iontrálaithe nua agus do ghnólachtaí nuathionscanta beaga, a bhíonn ag brath ar chomhpháirtithe iomadúla. Tá sé thar a bheith deacair traenacha oíche, a bhfuil corrlaigh bhrabúis dhiúltacha nó an-chúng acu, a chur ar bun.

Tá bacainní móra ann fós ar iontráil i ndáil le gach seirbhís do phaisinéirí agus ní thugtar aghaidh ar na bacainní sin i gcónaí i reachtaíocht an Aontais.

Tá infhaighteacht rothstoic fíor-riachtanach chun seirbhísí iompair d’iarnród a sholáthar. Tá sé costasach rothstoc nua a cheannach agus teastaíonn amanna fada seachadta chuige sin, go háirithe i gcás rothstoc paisinéirí. Is dúshlán é sin, go háirithe d’oibreoirí beaga agus d’iontrálaithe nua ‘íona’, a bhíonn ag streachailt go minic chun a n‑infheistíochtaí a mhaoiniú i gcomparáid le hoibreoirí móra atá sa mhargadh cheana agus a bhfochuideachtaí.

Níl léasú dea-fheidhmiúil ná margaí athláimhe le haghaidh rothstoc paisinéirí ar fáil go fóill, murab ionann agus an earnáil lasta, áit ar osclaíodh an margadh i bhfad níos luaithe agus a raibh am ag an margadh léasaithe forbairt. In earnáil na bpaisinéirí, d’fhéadfadh sé gurbh fhearr le hoibreoirí gníomhacha rothstoc a dhiúscairt seachas é a athdhíol chun fabhar le hiomaitheoirí a chosc. I gcásanna áirithe, tá infhaighteacht rothstoic athláimhe teoranta a thuilleadh mar gheall ar an ngá atá le seanábhar a thabhairt i gcomhréir le rialacháin a rinneadh le déanaí (mar shampla le haghaidh rothstoc ina bhfuil aispeist). Ní luaitear aon ní sa Treoir atá ann faoi láthair maidir leis an mbacainn mhór sin ar iontráil.

Fágann tírdhreach ticéadaithe ilroinnte agus easpa tréthicéad nach bhfuil taisteal d’iarnród chomh tarraingteach céanna do phaisinéirí 7 . Tá an Coimisiún ag obair faoi láthair ar thionscnaimh shonracha i ndáil leis sin (mar shampla ar sheirbhísí soghluaisteachta digití ilmhódacha agus ar áirithint/ticéadú digiteach aonair sa bhreis ar athbhreithniú spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 2021/782 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid).

Ní raibh na leasuithe a tugadh isteach leis an Treoir um Rialachas chomh hábhartha céanna maidir le lasta iarnróid, atá ag feidhmiú i margadh AE atá go hiomlán oscailte ó 2007 i leith. Mar sin féin, níl na forbairtí is déanaí sa mhargadh lasta iarnróid chomh spreagúil sin agus níl aistriú módach i dtreo an iarnróid tagtha chun cinn go fóill. Go deimhin, léiríonn ranna éagsúla den mhargadh lasta iarnróid dinimicí éagsúla. Mar shampla, tá claochlú gheilleagar na hEorpa ag aistriú an éilimh ar iompar ó bhulc-thráchtearraí – amhail gual, ceimiceáin, bunmhiotail agus táirgí peitriliam – i dtreo iompar i gcoimeádán. Dá bhrí sin, rinneadh dea-fheidhmíocht an iompair d’iarnród idirmhódúil le blianta beaga anuas a fhritháireamh go maith leis an laghdú ar an mbulciompar, arb é croílár na gníomhaíochta lasta iarnróid é. Tá an gnó lastais vaigín aonair ag streachailt freisin, mar gheall ar na costais a bhaineann leis agus a chasta is atá sé.

Ceann de na tosca is criticiúla chun go n‑éireoidh leis an earnáil lasta iarnróid is ea acmhainneacht ghréasáin ar ardchaighdeán a bheith ar fáil, rud a ligeann d’oibreoirí iarnróid freagairt go tapa d’iarrataí ar an margadh agus seirbhís iontaofa a sholáthar do sheoltóirí. Faoi láthair, tá tosaíocht íseal ag lasta iarnróid i leithdháileadh toillte iarnróid (agus tosaíocht á tabhairt d’iompar paisinéirí) agus is é is mó a bhíonn thíos le srianta sealadacha toillte mar gheall ar oibreacha cothabhála agus deisiúcháin. Déantar tuilleadh plé ar ghnéithe bainistíochta acmhainneachta i bpointe (e), thíos.

Saincheist chriticiúil eile is ea cistiú bonneagair agus intuarthacht an chistithe sin, toisc gur gá do BBanna pleananna gnó a tharraingt suas chun infheistíocht leordhóthanach in iompar d’iarnród a áirithiú. Tá gá le tuilleadh anailíse ar chur chun feidhme Airteagal 8, ina leagtar amach ceanglais maidir le BBanna a mhaoiniú, i ndáil leis sin.

Ar deireadh, ba cheart breathnú freisin i measúnú cuimsitheach ar éifeachtaí oscailt an mhargaidh ar ghnéithe sóisialta, lena n‑áirítear: (i) slándáil poist; (ii) dálaí oibre; agus (iii) inbhuanaitheacht na hearnála ar bhonn níos ginearálta. Fadhb atá aitheanta go maith is ea easpa foirne speisialaithe iarnróid.

b.Rochtain ar shaoráidí seirbhísí agus ar na seirbhísí a sholáthraítear sna saoráidí sin

Tá rochtain ar shaoráidí seirbhísí agus ar na seirbhísí a sholáthraítear sna saoráidí sin fíor-riachtanach chun seirbhísí iompair d’iarnród a sholáthar.

Ní i gcónaí a thuigeann páirtithe leasmhara éagsúla an t‑idirdhealú idir bonneagar iarnróid agus saoráidí seirbhísí ar an mbealach céanna, agus bíonn tionchar ag an easpa comhthuisceana sin ar fhorfheidhmiú na rialacha lena rialaítear rochtain agus muirearú. Ós rud é nach bhfuil sainmhíniú beacht inúsáidte ann ar mhíreanna sonracha bonneagair nó saoráidí seirbhísí, is deacair freisin na míreanna sin a chatagóiriú go haonchiallach agus na forálacha comhfhreagracha a chur i bhfeidhm. Tá fadhb freisin leis an meascán de shainmhínithe doiléire agus easpa cuimsitheachta (mar shampla maidir leis an méid ba cheart a mheas mar sheirbhís bhreise nó mar sheirbhís choimhdeach i gcomhthéacs Iarscríbhinn II). I gcásanna áirithe, bíonn níos mó ná saoráid amháin ar an láithreán céanna nó soláthraítear níos mó ná seirbhís amháin sa tsaoráid chéanna, rud a chruthaíonn éiginnteachtaí maidir leis na rialacha is infheidhme (mórshamplaí díobh sin is ea calafoirt, seirbhísí cothabhála troma agus éadroma i saoráidí iarnróid ardluais agus críochfoirt lasta ilghníomhaíochta).

Tá teorainn freisin le hinfhaighteacht faisnéise maidir le saoráidí seirbhísí agus inrochtaineacht seirbhísí laistigh de na saoráidí sin, mar a cheanglaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177 maidir le rochtain ar shaoráidí seirbhísí agus ar sheirbhísí 8 a bhaineann leis an iarnród.

Ar deireadh, níl aon fhorálacha i gcreat rialála an Aontais chun cosc a chur ar chleachtais idirdhealaitheacha ag saoráidí seirbhísí atá faoi úinéireacht gnóthas iarnróid (GInna) seanbhunaithe, nuair is féidir le húsáid na saoráidí seirbhísí sin a bheith ríthábhachtach d’iomaitheoirí GInna chun seirbhísí iarnróid a sholáthar.

c.Ceadúnú

Rannchuidigh Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA), mar an stór d’fhógraí ó údaráis cheadúnúcháin náisiúnta (Airteagal 24(8)), go mór le measúnú an Choimisiúin ar fhorálacha maidir le ceadúnú GInna, agus béim á leagan aici ar shaincheisteanna a bhaineann leis an méid seo a leanas: (i) na fógraí (moilleanna, léirmhínithe éagsúla ar na nósanna imeachta, digitiú teoranta); (ii) an easpa faisnéise maidir le creataí náisiúnta éagsúla um dhliteanas sibhialta; agus (iii) an idirghníomhaíocht idir an Treoir agus Treoir (AE) 2016/798 (Treoir maidir le Sábháilteacht Iarnróid) 9 . Thug an Coimisiún faoi deara go bhfuil easpa soiléireachta ag páirtithe leasmhara maidir le cé acu is féidir nó nach féidir le fochuideachta nó brainse GI brath ar cheadúnas a máthairchuideachta/a mháthairchuideachta. Rinne na páirtithe leasmhara tagairt do na nithe seo a leanas: (i) an débhríocht a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le léirmhíniú roinnt de na doiciméid is gá chun acmhainn airgeadais a liostaítear in Iarscríbhinn III a chruthú; agus (ii) an easpa tagartha do thuarascálacha airgeadais caighdeánacha atá ann faoi láthair.

Ar deireadh, thuairiscigh ERA freisin saincheisteanna a tháinig chun cinn maidir leis an teimpléad agus an nós imeachta um fhógra a thabhairt mar a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/171 10 .

d.Muirearú

Glacann BBanna cineálacha éagsúla cur chuige chun muirir rianrochtana (MRRanna) a rianú, go háirithe chun uasmharcálacha a shocrú agus chun na ranna margaidh ina gcuirtear MRRanna i bhfeidhm a chinneadh. I dtaobh na bpáirtithe leasmhara freisin: (i) tharraing siad aird ar an easpa comhordaithe idir BBnna maidir le MRRanna a chuirtear i bhfeidhm ar bhealaí idirnáisiúnta le haghaidh seirbhísí iarnróid trasteorann; agus (ii) thuairiscigh siad léirmhínithe agus cur i bhfeidhm éagsúla ar na codanna den Treoir a bhaineann le muirearú i gcomhar le hIarscríbhinní V agus VI. Ar an gcúis sin, ghlac an Coimisiún treoirlínte 11 chun soiléireacht a thabhairt maidir leis na hoibleagáidí dlíthiúla atá ann cheana, chomh maith le samplaí de dhea-chleachtais agus d’fhorbairtí a tugadh faoi deara i margaí iarnróid éagsúla an Aontais.

Tuairiscíonn páirtithe leasmhara freisin na deacrachtaí a bhíonn ag BBanna maidir le sonraí a bhailiú ó GInna chun MRRanna a ríomh, chomh maith leis an easpa soiléireachta i gcoincheap na gcostas díreach a thugtar isteach in Airteagal 30 agus a shonraítear i Rialachán (AE) 2015/909. 12 Tá ról tábhachtach ag na comhlachtaí rialála náisiúnta maidir le faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ina leith sin.

e.An toilleadh a bhainistiú

Leagtar síos sa Treoir na rialacha atá ann faoi láthair maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú. Léiríonn fianaise nach ndéanann an creat atá i bhfeidhm faoi láthair freastal chomh maith céanna ar ranna uile an mhargaidh iarnróid. Leis an iompar lasta agus trasteorann go háirithe, bítear ag streachailt chun toilleadh de chainníocht agus de cháilíocht oiriúnach a fháil chun freastal ar riachtanais na gcustaiméirí.

In 2023, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán lena ndéantar athbhreithniú ar na rialacha sin, 13 lena dtugtar isteach an méid seo a leanas: (i) timthriall pleanála ilbhliantúil nua; (ii) comhordú trasteorann níos fearr; agus (iii) úsáid níos mó a bhaint as dreasachtaí eacnamaíocha, athbhreithniú ar fheidhmíocht, agus uirlisí digiteacha. Leis an togra, atá á chaibidliú faoi láthair i gcruinnithe tríthaobhacha, cuirfear creat aonair is infheidhme go díreach in ionad an chreata dhlíthiúil atá ann cheana le haghaidh ghréasán iarnróid iomlán an Aontais.

Luann páirtithe leasmhara go córasach go bhfuil tionchar mór ag bainistiú tráchta agus pleanáil chothabhála ar fhorbairt an iompair d’iarnród agus i gcásanna áirithe tugann siad faoi deara go bhfuil ceanglais na Treorach maidir leis na hábhair sin doiléir nó go gcuirtear i bhfeidhm go míchothrom iad. Luaitear critéir thosaíochta laga maidir le trácht idirnáisiúnta, rochtain theoranta mhíthráthúil ar phleanáil oibreacha, agus srianta ar thoilleadh mar fhoinsí móra suaite freisin. Measann cuid acu nach náiritheofaí neamhspleáchas BBanna ach trí bhainistíocht tráchta agus pleanáil cothabhála a áireamh laistigh de na feidhmeanna riachtanacha, ach tá eagla ar chuid eile go bhféadfadh sé seo oibríochtaí criticiúla a dhéanamh níos dolúbtha. Measann go leor acu gur cheart dreasachtaí feidhmíochta do BBanna a dhéanamh níos éifeachtaí. Cuirtear pleananna gnó fadtéarmacha ar fáil do GInna faoi chreat-chomhaontuithe ach níor cheart dóibh éiginnteacht a chruthú (mar shampla maidir le hathnuachan na gcreat-chomhaontuithe sin) ná níor cheart iad a úsáid chun cosc a chur ar iontráil sa mhargadh. De réir comhlachtaí rialála, ní chuirtear cosc ar na rioscaí sin faoi láthair le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/545 maidir le creat-chomhaontuithe 14 .

f.Na comhlachtaí rialála

Chun forbairt shláintiúil an mhargaidh iarnróid a áirithiú, tá gá le comhlachtaí rialála láidre neamhspleácha. Tá sé sin fíor go háirithe le linn rolladh amach na hiomaíochta agus i láthair gnóthais atá comhtháite go hingearach. Chun na dualgais mhóra agus leathnaithe a leagtar síos leis an Treoir a chomhlíonadh, ní mór an fhoireann oilte agus an cistiú is gá a bheith ag na comhlachtaí rialála. Tá an Treoir fós sách ginearálta maidir leis an bpointe sin, rud a fhágann go bhfuil sé de shaoirse ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an sásra cistiúcháin agus maidir le líon na bhfostaithe araon a cheanglaítear orthu a bheith ‘comhréireach le tábhacht na hearnála iarnróid sa Bhallstát’.

Tá cumas na gcomhlachtaí rialála rialacha a fhorfheidhmiú ag brath freisin ar na cumhachtaí atá acu faoin reachtaíocht náisiúnta. Aon uair a fhanann an Treoir ginearálta maidir le leibhéal nirt na gcumhachtaí rialála sonracha, d’fhéadfadh creataí náisiúnta a bheith éagsúil, agus d’fhéadfadh sé sin cóir chomhionann gnóthas ar fud an Aontais a chur i mbaol. Samplaí de sin is ea na cumhachtaí smachtbhannaí agus leibhéal na bpionós is féidir leis na comhlachtaí rialála a fhorchur (ní luaitear sa Treoir ach nach mór iad a bheith ‘iomchuí’), nó ról comhlachtaí rialála maidir le faireachán a dhéanamh ar mhuirir, lena n‑áirítear cumhacht meastóireachta ex ante i roinnt Ballstát, ach i mBallstáit eile tá sé teoranta do sheiceálacha ex post. Go ginearálta, d’fhéadfadh léirmhíniú níos soiléire ar a gcumhachtaí tairbhiú d’éifeachtacht ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí rialála.

Ar deireadh, déanann sainmhínithe doiléire nó sainmhínithe atá in easnamh ar roinnt gnéithe den Treoir obair na gcomhlachtaí rialála níos casta agus cruthaíonn siad éiginnteacht do ghníomhaithe sa mhargadh.

4.Seirbhísí ardluais

Bhí an creat rialála fabhrach arna shainmhíniú sa Treoir ina phríomhthoisc d’fhás na seirbhísí iarnróid ardluais, lena ndéantar daoine agus margaí a nascadh níos mó agus níos mó ar bhealach tapa agus costéifeachtach le modh iompair níos inbhuanaithe 15 .

Is céim ríthábhachtach iad naisc iarnróid ardluais níos fearr chun Eoraip níos nasctha, níos inrochtana agus níos aontaithe a chruthú. Aithníonn an Coimisiún an méid sin sa teachtaireacht atá le teacht uaidh maidir le hiarnród ardluais, ina leagtar amach na céimeanna is gá chun an méid seo a leanas a bhaint amach: (1) gréasán iarnróid ardluais ardfheidhmíochta agus atá go hiomlán idir-inoibritheach; (2) samhail seirbhíse iomaíoch atá dírithe ar an bpobal; agus (3) fís do thionscal soláthair iarnróid iomaíoch san Eoraip.

Tháinig laghdú mór ar phraghsanna sa roinn iarnróid ardluais chomh maith le méadú ar an marcaíocht i ndiaidh iomaíocht a thabhairt isteach i seirbhísí intíre san Iodáil, sa Spáinn agus le déanaí sa Fhrainc. Bíonn an tionchar a bhíonn ag iomaíocht ar tháillí, ar mhinicíochtaí, ar sheirbhísí ar bord agus ar amanna taistil ag brath ar na straitéisí gnó a ghlacann GInna iomaíocha ach bíonn sé fabhrach do thaistealaithe iarnróid ardluais de ghnáth.

Mar sin féin, tá cleachtais idirdhealaitheacha agus roinnt bacainní ar iontráil fós maidir le rochtain a fháil ar línte iarnróid ardluais, agus lagaíonn siad sin an tionchar dearfach a bhíonn ann nuair a osclaítear an margadh. Tá infhaighteacht rothstoic ina bacainn mhór ar iontráil i gcás margaí ardluais atá ag fás go tapa. Cuireadh roinnt cásanna faoi bhráid an Choimisiúin ina mbíonn bacainní roimh iontrálaithe nua mar gheall ar na rialacha náisiúnta atá fós ann, moilleanna fada maidir leis na húdaruithe is gá a fháil, agus cuid mhór ama agus costais a bheith i gceist chun an rothstoc a chur in oiriúint do shonraíochtaí teicniúla éagsúla, go háirithe nuair atá seirbhís trasteorann á soláthar.

Ní bhíonn saoráidí seirbhísí atá ann cheana, amhail ceardlanna cothabhála, in ann na seirbhísí a theastaíonn ó thraenacha ardluais a sholáthar i gcónaí, agus i gcás ina bhfuil siad in ann na seirbhísí sin a sholáthar, d’fhéadfadh sé nach gcuirfí a ndáileadh críochach in oiriúint do riachtanais iontrálaithe nua. Mar sin féin, chun ceardlanna cothabhála nua a chur ar bun nó chun ceardlanna atá ann cheana a oiriúnú, tá gá le ham agus le hinfheistíocht mhór, chomh maith le suíomh iomchuí a bheith ar fáil, rud nach mbíonn indéanta go minic d’oibreoirí beaga nach bhfuil na barainneachtaí scála ná an bonneagar leagáide acu atá ag oibreoirí atá sa mhargadh cheana féin.

Is gnéithe eile iad leibhéal, struchtúr agus cobhsaíocht MRRanna a mbíonn tionchar acu ar thairiscint an mhargaidh agus ar leibhéal na hiomaíochta san earnáil iarnróid ardluais. Is cuid shubstaintiúil iad MRRanna de na costais oibriúcháin le haghaidh GInna ardluais agus, ag an am céanna, is foinse ioncaim iad do BBanna. Is minic a bhíonn seirbhísí iarnróid ardluais, ar gnách leo a bheith níos brabúsaí ná gnáthsheirbhísí mar gheall ar mhéideanna níos mó paisinéirí agus praghsáil ard, faoi réir uasmharcálacha sa bhreis ar mhuirir dhíreacha chostasbhunaithe. Téann sé sin chun tairbhe do bhunlíne BBanna ach bíonn tionchar diúltach aige ar chostais na n‑oibreoirí agus ar phraghsanna ticéad ar deireadh, rud a laghdaíonn cumas an iarnróid dul in iomaíocht le modhanna iompair eile. Ag brath ar phraghasleaisteachas, d’fhéadfaí coigilteas GInna ó MRRanna níos ísle a chur ar aghaidh chuig paisinéirí i bhfoirm táillí níos ísle, rud a chuirfeadh borradh faoin éileamh agus, ar deireadh, faoi ioncam BBanna. Fiú gan an coigilteas sin a chur ar aghaidh, d’fhéadfadh corrlaigh bhrabúis fheabhsaithe oibreoirí a spreagadh chun a seirbhísí a leathnú, rud a mhéadódh ioncam BBanna freisin.

Ar deireadh, is féidir le héiginnteacht maidir leis na MRRanna is infheidhme (easpa trédhearcachta, foirmlí róchasta, athruithe rialta) a bheith ina bacainn ar iontráil sa mhargadh freisin. Mar gheall ar an easpa intuarthachta maidir leis an gcostas a bhaineann le rochtain a fháil ar an mbonneagar, déantar níos casta é pleananna gnó láidre a fhorbairt agus baintear an bonn de mhuinín infheisteoirí ionchasacha, a dteastaíonn cobhsaíocht uathu thar thréimhsí fada.

Is i gcóras rochtana oscailte den chuid is mó a thairgtear seirbhísí iarnróid ardluais, ach tá cásanna ann ina ndéantar na seirbhísí sin a chomhcheangal le soláthar oibleagáidí seirbhíse poiblí Státchistithe (OSPanna). D’fhéadfadh ceist a bheith faoin gcomhcheangal sin nuair: (i) nach bhfuil aon deighilt shoiléir chuntasaíochta ná oibríochtúil ann idir na codanna tráchtála agus OSP den tseirbhís chun tras-fhóirdheonú a sheachaint; nó (ii) mar thoradh ar rialacha tosaíochta, go dtugtar cóir fhabhrach do sholáthraithe a thairgeann seirbhísí comhcheangailte agus é chun aimhleasa na soláthraithe sin nach soláthraíonn ach seirbhísí tráchtála amháin.

Ar deireadh, beidh gá le faireachán iontaofa ar an margadh chun aon ghníomhaíocht a dhéanamh chun borradh a chur faoi naisc iarnróid ardluais. Mar sin féin, tá easpa táscairí cuimsitheacha sa staidreamh Eorpach atá deartha go sonrach chun faireachán a dhéanamh ar mhargaí iarnróid ardluais, ar na línte agus ar na seirbhísí araon. Is é is cúis leis sin i bpáirt sainmhínithe neamhbheachta nó neamhleanúnacha ar línte nó ar sheirbhísí ardluais ar fud reachtaíocht an Aontais. Tabharfaidh tionscnaimh ar leibhéal an Aontais aghaidh ar an tsaincheist sin 16 .

5.Gnóthais atá comhtháite go hingearach

Ní fhorchuirtear leis an Treoir cineál sonrach rialachais san earnáil iarnróid, agus tá tuairimí an-éagsúil i measc páirtithe leasmhara maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na forálacha atá ann faoi láthair éifeachtach chun iompar frithiomaíoch ó ghnóthais atá comhtháite go hingearach a chosc, i gcás ina bhfuil BBanna agus GInna mar chuid den eintiteas céanna. Measann roinnt páirtithe leasmhara gurb é díchuachadh iomlán an t‑aon bhealach éifeachtach chun coinbhleachtaí leasa agus iompraíocht fhrithiomaíoch a sheachaint, ach leagann páirtithe eile béim ar na tairbhí a bhaineann le rialachas comhtháite don tsochaí (‘fís an chórais’). Measann na comhlachtaí rialála nach féidir tionchar na samhla rialachais ar an iomaíocht a ghinearálú ach áitíonn siad gur gágá maoirseacht níos déine a dhéanamh ar ghnóthais atá comhtháite go hingearach.

Leis an Treoir um Rialachas, tugadh isteach forálacha sonracha chun a áirithiú nach ann do choinbhleachtaí leasa ná d’iompar frithiomaíoch ag gnóthais atá comhtháite go hingearach. Dírítear i leagan leasaithe d’Airteagal 7 den Treoir ar neamhspleáchas BBanna, go háirithe laistigh de ghnóthais atá comhtháite go hingearach, lena bhforchuirtear deighilt eagraíochtúil in eintitis dhlítheanacha ar leithligh, lena gcuirtear cosc ar cheapacháin chomhthráthacha nó ar bhainistíocht shinsearach a fhostú ó BB in GI (nó vice versa) i measc nithe eile. Tá an pointe deireanach sin ábhartha go háirithe, toisc go dtugann roinnt samplaí de shainorduithe dúbailte agus d’aistrithe foirne laistigh d’eintitis chomhtháite le fios go bhfuil coinbhleachtaí leasa móra fós ann, fiú i gcásanna ina bhfuil gnóthais atá comhtháite go hingearach ag comhlíonadh na bhforálacha dlíthiúla go foirmiúil. Tá cumhachtaí maoirseachta na gcomhlachtaí rialála maidir le coinbhleachtaí leasa éagsúil ó thír go tír.

Leagtar síos leis an Treoir roinnt coinníollacha chun a áirithiú go mbeidh neamhspleáchas eagraíochtúil agus cinnteoireachta ag BB a mhéid a bhaineann le feidhmeanna fíor-riachtanacha (Airteagal 7a) chun idirdhealú i bhfabhar GInna comhtháite a sheachaint. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin na feidhmeanna fíor-riachtanacha (muirearú agus leithdháileadh conairí) a shannadh do chomhlacht neamhspleách feidhmeanna fíor-riachtanacha. Faoi láthair, is iad Éire, an Ungáir, Lucsamburg agus an Laitvia amháin a roghnaigh an réiteach sin.

Bíonn gnóthais atá comhtháite go hingearach ag gabháil níos mó agus níos mó do ghníomhaíochtaí nach croíghníomhaíochtaí iad amhail cothabháil rothstoic, ticéadú, bainistiú fuinnimh, nó táirgeadh agus soláthar seirbhísí teileachumarsáide. D’fhéadfadh feidhmiú gníomhaíochtaí soláthair fuinnimh agus cothabhála rothstoic ag gnóthais atá comhtháite go hingearach bacainní iomaíocha a chruthú ar gá aird níos mó a thabhairt orthu – go háirithe nuair a úsáideann na gnóthais atá comhtháite go hingearach sin bonneagar iarnróid a maoiníodh ar dtús le cistí poiblí.

Is saincheisteanna móra fós iad deighilt chuntasaíochta agus trédhearcacht airgeadais sreafaí airgeadais inghrúpa. I measc na saincheisteanna móra eile tá easpa trédhearcachta agus na deacrachtaí a bhíonn ag na comhlachtaí rialála rochtain a fháil ar an bhfaisnéis airgeadais is gá chun a ndualgais faireacháin agus forfheidhmithe a chomhlíonadh. I measc na samplaí d'iompar toirmiscthe den chineál sin tá: (i) téarmaí maoinithe fabhracha inghrúpa (ii) carnadh cúraimí agus freagrachtaí in-ghnóthas atá comhtháite go hingearach; (iii) Easpa trédhearcachta; agus (iv) mainneachtain cuntais a dheighilt. D’fhéadfadh gur fadhb freisin aistrithe díreacha sócmhainní idir eintitis sa ghrúpa céanna.

Tá gníomhaíocht na gcomhlachtaí rialála ríthábhachtach chun comhlíonadh na rialacha a bhaineann le gnóthais atá comhtháite go hingearach a áirithiú, go háirithe rialacha maidir le deighilt chuntasaíochta agus coimircí i gcoinne cleachtais neamh-idirdhealaitheacha. Le hAirteagal 56(12) den Treoir, tugtar de chumhacht do na comhlachtaí rialála comhlíonadh Airteagal  6 (deighilt chuntasaíochta) agus Airteagal 7d (trédhearcacht airgeadais) a fhíorú. Mar sin féin, braitheann éifeachtacht chumhachtaí imscrúdaitheacha na gcomhlachtaí rialála ar an gcreat reachtach náisiúnta agus níl sé aonfhoirmeach ar fud na mBallstát. Áirítear ar na dúshláin atá fós ann déine na n‑iniúchtaí ó thaobh acmhainní de agus na deacrachtaí a bhaineann le rochtain a fháil ar fhaisnéis chriticiúil. Trí chumhachtaí na gcomhlachtaí rialála a chuíchóiriú, feabhas a chur ar a rochtain ar shonraí, agus breithniú a dhéanamh ar iniúchtaí tríú páirtí arna gcistiú ag oibreoirí, d’fhéadfaí feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus forfheidhmiú rialála comhsheasmhach a áirithiú.

D’fhéadfaí saobhadh iomaíochta agus cleachtais idirdhealaitheacha a chosc a thuilleadh le tionscnaimh rialála, amhail: (i) aghaidh a thabhairt ar dhébhríochtaí dlíthiúla i bpríomh-shainmhínithe; (ii) trédhearcacht a mhéadú maidir le rochtain ar shonraí agus sreafaí airgeadais; (iii) deighilt fhisiceach agus oibríochtúil na gcóras TF idir BBanna agus GInna; (iv) rochtain chothrom ar shaoráidí seirbhísí agus ar spásanna stáisiún; agus (v) neamhspleáchas, acmhainní agus cumais forfheidhmithe na gcomhlachtaí rialála a neartú. 17  

6.Conclúidí

Tá sé dúshlánach measúnú iomlán iontaofa a thabhairt ag an tráth seo ar éifeachtaí na Treorach athbhreithnithe. Sin de bharr na nithe seo a leanas: (i) an tréimhse ghearr ama ó achtaíodh an Treoir go hiomlán sna Ballstáit; (ii) tionchar phaindéim COVID-19 ar an earnáil iarnróid; agus (iii) tionchar na géarchéime fuinnimh ar an earnáil iarnróid. Mar sin féin, in ainneoin na bhforbairtí dearfacha i roinnt margaí, tá tásca láidre ann go bhfuil bacainní go leor fós ann ag cur teorainn le bunú Limistéir Eorpaigh Aonair Iarnróid, mar a bheartaítear sa Treoir, agus go bhfuil gnéithe den Treoir ann nach dtugann aghaidh i gceart ar na bacainní sin atá fós ann.

Le blianta beaga anuas, tá tionscnaimh glactha ag an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar réimsí sonracha imní sa Treoir. Áirítear ar na tionscnaimh sin an togra le haghaidh Rialachán maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid agus na treoirlínte MRR. Sa teachtaireacht maidir le hiarnród ardluais atá le teacht ón Aontas, téitear i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le rialáil an mhargaidh agus leis an ngá atá le hinfheistíochtaí i mbonneagar. Tá tionscnaimh maidir le ticéadú ar siúl cheana féin.

D’ainneoin na dtionscnamh sin ón gCoimisiún le déanaí, tá aghaidh le tabhairt fós ar ghnéithe achrannacha eile i gcur chun feidhme na rialála iarnróid.

Is príomhghné d’oscailt an mhargaidh é TCE agus ba cheart é a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach agus a úsáid go hiomchuí. Ag brath ar thorthaí an mheasúnaithe ar úsáid TCE agus ar chur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1795, d’fhéadfadh an Coimisiún a chinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán sin.

Tá rochtain chothrom agus neamh-idirdhealaitheach ar shaoráidí seirbhísí agus ar na seirbhísí a sholáthraítear sna saoráidí sin de dhíth ar sheirbhísí iompair d’iarnród, ach tá bacainní móra fós sa réimse sin. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na bacainní sin agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177.

I bhfianaise na saincheisteanna a bhaineann le ceadúnú, féachfaidh an Coimisiún freisin ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/171, chun a fháil amach conas is féidir é a thabhairt cothrom le dáta agus a fheabhsú.

Maidir leis an easpa táscairí sonracha cuimsitheacha chun faireachán a dhéanamh ar an margadh, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1100 chun táscairí sonracha maidir le hiarnród ardluais agus táscairí maidir le gnéithe sóisialta agus oibre a chur san áireamh, agus san am céanna na hoibleagáidí tuairiscithe a shimpliú a mhéid is féidir.  

Is eol don Choimisiún go bhfuil gá le measúnú domhain breise ar roinnt gnéithe achrannacha den Treoir agus leanfaidh sé de bheith ag obair leis an earnáil chun aghaidh a thabhairt orthu. Mórshampla de na gnéithe achrannacha sin is ea infhaighteacht agus maoiniú rothstoic. Maidir leis na saincheisteanna leanúnacha a bhaineann le gnóthais atá comhtháite go hingearach, tá rún daingean ag an gCoimisiún na forálacha atá ann faoi láthair sa réimse seo a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

(1)

Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (athmhúnlú) Téacs atá ábhartha maidir le LEE IO L 343, 14.12.2012, lgh. 32-77.

(2)

Treoir (AE) 2016/2370 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena leasaítear Treoir 2012/34/AE a mhéid a bhaineann leis an margadh do sheirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d’iarnród a oscailt agus maidir le rialachas an bhonneagair iarnróid, IO L 352, 23.12.2016, lgh. 1- 17

(3)

Teachtaireacht maidir le hiarnróid ardluais, le teacht.

(4)

An Coimisiún Eorpach, ‘ Impact of the COVID-19 pandemic on the financial sustainability of the railway sector [Tionchar phaindéim COVID-19 ar inbhuanaitheacht airgeadais na hearnála iarnróid](2024) ’.

(5)

An Coimisiún Eorpach, Study on passenger and freight rail transport services’ prices for final customers [Staidéar ar phraghsanna seirbhísí iompair paisinéirí agus lasta d’iarnród do chustaiméirí deiridh], (2024).

(6)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1795 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2018 lena leagtar síos nós imeachta agus critéir maidir le cur i bhfeidhm na tástála cothromaíochta eacnamaíche de bhun Airteagal 11 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 294, 21.11.2018, lgh. 5-14.

(7)

In Airteagal 13a de Threoir 2012/34/AE, deirtear: ‘Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorbairtí sa mhargadh iarnróid maidir le faisnéis choiteann agus córais tréthicéadaithe a thabhairt isteach agus a úsáid agus déanfaidh sé measúnú ar an ngá atá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, agus tionscnaimh mhargaidh á gcur san áireamh’. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 12 de Rialachán 2021/782 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid do roinnt oibleagáidí ar ghnóthais iarnróid tréthicéid a thairiscint.

(8)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2017 maidir le rochtain ar shaoráidí seirbhísí agus ar sheirbhísí a bhaineann leis an iarnród (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 307, 23.11.2017, lgh. 1-13.

(9)

Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (athmhúnlú), IO L 138, 26.5.2016, lgh. 102-149.

(10)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/171 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2015 maidir le gnéithe áirithe den nós imeachta um cheadúnú gnóthas iarnróid (IO L 29, 5.2.2015, lgh. 3- 10

(11)

Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte léirmhínitheacha a bhaineann le muirir a bhunú le bonneagair iarnróid a úsáid, IO C, C/2025/2606, 7.5.2025.

(12)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/909 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2015 maidir leis na módúlachtaí chun costas a ríomh a tabhaíodh go díreach de thoradh an tseirbhís traenach a oibriú, IO L 148, 13.6.2015, lch. 17.

(13)

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, lena leasaítear Treoir 2012/34/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010

(14)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/545 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2016 maidir le nósanna imeachta agus critéir a bhaineann le creat-chomhaontuithe maidir le leithdháileadh toilleadh bonneagair iarnróid (IO L 94, 8.4.2016, lgh. 1- 11

(15)

Aithris (29) de Threoir (AE) 2016/2370.

(16)

Féach Iarscríbhinn C a ghabhann leis an Doiciméad Inmheánach Oibre

(17)

Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir leis an mír sin, féach Input study on vertically integrated rail undertakings in the European Union [Staidéar ionchuir ar ghnóthais iarnróid atá comhtháite go hingearach san Aontas Eorpach] ar shuíomh gréasáin AS MOVE.