AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.4.2025
COM(2025) 350 final
2025/0091(BUD)
DRÉACHTBHUISÉAD LEASAITHEACH UIMH. 1
A GHABHANN LE BUISÉAD GINEARÁLTA 2025
LENA nIONTRÁILTEAR BARRACHAS NA BLIANA AIRGEADAIS 2024
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.4.2025
COM(2025) 350 final
2025/0091(BUD)
DRÉACHTBHUISÉAD LEASAITHEACH UIMH. 1
A GHABHANN LE BUISÉAD GINEARÁLTA 2025
LENA nIONTRÁILTEAR BARRACHAS NA BLIANA AIRGEADAIS 2024
Ag féachaint don mhéid seo a leanas:
‒an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
‒Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh 1 , a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2021,
‒Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) 2 , agus go háirithe Airteagal 44 de,
‒buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2025, a glacadh an 27 Samhain 2024 3 ,
Leis seo, cuireann an Coimisiún Eorpach Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 1 a ghabhann le buiséad 2025 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
ATHRUITHE AR AN RÁITEAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DE RÉIR ROINNE
Tá na hathruithe ar an ráiteas ginearálta ioncaim agus ar roinn III féin le fáil ar EUR-Lex ( https://eur-lex.europa.eu/budget/www/index-ga.htm ).
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
Tá sé beartaithe le Dréachtbhuiséad Leasaitheach (DBL) Uimh. 1/2025 go n‑iontrálfar an barrachas a eascraíonn as cur chun feidhme na bliana airgeadais 2024 sa bhuiséad le haghaidh 2025. Mar a fhoráiltear in Airteagal 18(3) den Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais 4 (an ‘Rialachán Airgeadais’), is é an t‑iarmhéid ó 2024 ábhar aonair an DBL seo agus tá sé le cur isteach laistigh de 15 lá tar éis na cuntais shealadacha a chur isteach ag deireadh mhí an Mhárta 2025.
1.Tar éis buiséad na bliana 2024 a chur chun feidhme, tá barrachas thart ar EUR 1,3 billiún ann, a chuirtear isteach mar ioncam sa bhuiséad le haghaidh 2025 dá réir.
(in EUR)
|
Miondealú olltoraidh 2024 |
|
|
Ioncam barrachais |
1 071 992 058 |
|
Caiteachas barrachais |
272 541 081 |
|
Barrachas iomlán |
1 344 533 139 |
2.Ach an barrachas á bhuiséadú, laghdófar ranníocaíocht iomlán na mBallstát chuig maoiniú bhuiséad na bliana 2025 dá réir. Beidh tionchar freisin ar na ranníocaíochtaí ó na Ballstát ag réamhaisnéis athbhreithnithe na n‑acmhainní dílse a chuirfear ar fáil tar éis chruinniú an Choiste Chomhairligh maidir le hAcmhainní Dílse níos déanaí in 2025 agus áireofar an réamhaisnéis sin i nDréachtbhuiséad Leasaitheach ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 44(1)(b) den Rialachán Airgeadais.
3.Léirítear sa tábla thíos miondealú an olltoraidh le haghaidh na bliana 2024 i dtéarmaí chur chun feidhme an ioncaim:
(in EUR)
|
Miondealú olltoraidh 2024 |
Buiséad
|
Olltoradh |
Athrúchán |
|
|
Ioncam fo-iomlán |
149 744 313 559 |
150 816 305 617 |
1 071 992 058 |
|
|
— |
Teideal 1 - Acmhainní Dílse |
141 170 058 938 |
141 046 924 153 |
-123 134 785 |
|
|
Tobhaigh agus dleachtanna eile san earnáil siúcra |
0 |
0 |
0 |
|
|
Dleachtanna custaim |
20 119 010 896 |
20 066 448 320 |
-52 562 576 |
|
|
Acmhainní dílse a fhabhraíonn ó CBL |
23 462 700 300 |
23 438 378 443 |
-24 321 857 |
|
|
Acmhainní dílse bunaithe ar OIN |
90 448 647 342 |
90 333 902 377 |
-114 744 965 |
|
|
Ceartú míchothromaíochtaí buiséadacha a deonaíodh don Ríocht Aontaithe |
0 |
0 |
|
|
|
Oll-laghdú ar an ranníocaíocht bhliantúil bunaithe ar OIN a deonaíodh do roinnt Ballstát |
0 |
22 974 957 |
22 974 957 |
|
|
Acmhainní dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte |
7 139 700 400 |
7 185 220 055 |
45 519 655 |
|
— |
Teideal 2 - Barrachais, iarmhéideanna agus coigeartuithe |
632 625 574 |
668 812 073 |
36 186 499 |
|
— |
Teideal 3 - Ioncam riaracháin |
2 124 029 799 |
2 207 810 074 |
83 780 275 |
|
— |
Teideal 4 - Ioncam airgeadais, ús mainneachtana agus fíneálacha |
3 477 560 897 |
4 688 270 282 |
1 210 709 385 |
|
— |
Teideal 5 - Ráthaíochtaí buiséadacha, oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí |
0 |
0 |
0 |
|
— |
Teideal 6 - Ioncam, ranníocaíochtaí agus aisíocaíochtaí a bhaineann le beartais an Aontais |
2 340 038 351 |
2 204 489 035 |
-135 549 316 |
4.Is é lúide EUR 86,9 milliún méid na nglanathrúchán comhcheangailte i dTeideal 1 (Acmhainní Dílse) agus Teideal 2 (Barrachais, iarmhéideanna agus coigeartuithe). Difríochtaí ráta malairte agus na hacmhainní dílse á n‑íoc, is iad sin, den chuid is mó, is cúis leis an difríocht bheag dhiúltach sin. Bhí olltoradh na ndleachtanna custaim an-ghar (99,7 %) don réamhaisnéis nuashonraithe a áiríodh i mbuiséad leasaitheach 4/2024 5 .
5.Is é EUR 1 210,7 milliún an méid atá sna hathrúcháin i dTeideal 4 (Ioncam airgeadais, ús mainneachtana agus fíneálacha), ina bhfuil ioncam ó fhíneálacha iomaíochta agus ús mainneachtana, íocaíochtaí pionósacha eile agus ús a bhaineann le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha. Léirítear sa tábla thíos miondealú de réir caibidil ábhartha/airteagal ábhartha:
(in EUR)
|
Miondealú olltoraidh 2024 |
Buiséad (lena n‑áirítear BL1-5) |
Olltoradh |
Athrúchán |
|
|
4 0 |
Ioncam ó infheistíochtaí agus cuntais |
43 343 107 |
219 127 182 |
175 784 075 |
|
4 1 |
Ús mainneachtana |
5 000 000 |
414 070 684 |
409 070 684 |
|
4 2 |
Fíneálacha agus pionóis |
3 429 217 790 |
4 055 072 417 |
625 854 627 |
|
4 2 0 |
Fíneálacha a bhaineann le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta |
2 759 966 510 |
3 876 925 186 |
1 116 958 676 |
|
4 2 1 |
Íocaíochtaí pionósacha agus cnapshuimeanna arna bhforchur ar Bhallstát |
392 582 618 |
425 027 787 |
32 445 169 |
|
4 2 4 |
Ús a bhaineann le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha |
266 392 350 |
277 051 137 |
10 658 787 |
|
4 2 5 |
Ús, agus muirir eile atá dlite agus torthaí diúltacha ar fhíneálacha a cealaíodh nó a laghdaíodh |
-534 433 777 |
-534 433 777 |
|
|
4 2 9 |
Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha neamhshannta eile |
10 276 312 |
10 502 084 |
225 772 |
|
Iomlán Theideal 4 - Ioncam airgeadais, ús mainneachtana agus fíneálacha |
3 477 560 897 |
4 688 270 282 |
1 210 709 385 |
|
Áirítear sa mhéid foriomlán le haghaidh Theideal 4 méideanna a iontráladh mar ioncam diúltach i mbuiséad 2024 i gcomhréir le hAirteagal 48(2), pointe (b), den Rialachán Airgeadais, ar fiú EUR 534,4 milliún san iomlán iad. Cumhdaítear leis sin na híocaíochtaí a rinneadh faoi chomhaontuithe socraíochta a tugadh i gcrích agus a íocadh in 2024, mar ús cúiteach ar ráta caighdeánach agus cúiteamh úis mainneachtana atá dlite do sheacht ngnóthas, i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte an 11 Meitheamh 2024 i gCás C-221/22 P Deutsche Telekom v an Coimisiún, i ndáil le haisíocaíocht fíneálacha iomaíochta arna gcur ar neamhní nó arna laghdú ag Cúirteanna an Aontais, mar a leagtar amach sa tábla thíos:
|
Cás fíneála — ainm cuideachta |
Tagairt Bhreithiúnais/ Cháis/ Socraíochta |
Méid a íocadh in 2024 |
|
Intel Corporation |
C(2024) 7789 - socraíocht |
515 547 908,15 |
|
HSBC Continental Europe |
C(2024) 8168 - socraíocht |
3 470 878,20 |
|
Cargolux Airlines |
C(2024) 8961 - socraíocht |
9 167 720,98 |
|
Alfa Acciai Spa |
C(2024) 8935 - socraíocht |
2 177 207,60 |
|
Ferriera Valsabbia S.p.A. agus Valsabbia Investimenti S.p.A |
C(2024) 8935 - socraíocht |
3 110 295,82 |
|
AB LIETUVOS GELEZINKELIAI |
C(2024) 9249 - socraíocht |
954 307,25 |
|
Ferriere Nord |
C-31/23 P – forálacha FR 2024 |
5 459,18 |
|
Iomlán |
534 433 777,17 |
|
6.Léirítear sa tábla thíos miondealú an olltoraidh le haghaidh na bliana 2024 i dtéarmaí chur chun feidhme buiséid an chaiteachais le haghaidh na n‑institiúidí uile:
(in EUR)
|
Miondealú olltoraidh 2024 |
Buiséad
|
Olltoradh |
Athrúchán |
|
|
Caiteachas fo-iomlán |
149 744 313 559 |
149 471 772 478 |
-272 541 081 |
|
|
Leithreasuithe olltoraidh údaraithe sa bhuiséad |
149 744 313 559 |
149 666 470 351 |
-77 843 208 |
|
|
— |
An Coimisiún Eorpach |
144 789 478 943 |
144 755 050 234 |
-34 428 709 |
|
|
Ceannteideal 1 - An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach |
20 900 214 848 |
20 891 008 487 |
-9 206 361 |
|
|
Ceannteideal 2a - Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach |
26 492 680 940 |
26 492 552 689 |
-128 250 |
|
|
Ceannteideal 2b - Athléimneacht agus Luachanna |
9 487 240 081 |
9 486 872 539 |
-367 542 |
|
|
Ceannteideal 3 - Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol |
56 109 912 207 |
56 102 662 897 |
-7 249 310 |
|
|
Ceannteideal 4 - Imirce agus Bainistiú Teorainneacha |
3 261 454 374 |
3 259 659 164 |
-1 795 210 |
|
|
Ceannteideal 5 - An tSlándáil agus an Chosaint |
2 083 506 364 |
2 078 863 226 |
-4 643 138 |
|
|
Ceannteideal 6 - An Chomharsanacht agus an Domhan |
14 453 653 092 |
14 452 755 403 |
-897 689 |
|
|
Ceannteideal 7 - Riarachán Poiblí Eorpach |
7 101 665 987 |
7 091 530 325 |
-10 135 662 |
|
|
Ionstraimí speisialta téamacha |
4 899 151 050 |
4 899 145 503 |
-5 547 |
|
— |
Institiúidí eile |
4 954 834 616 |
4 911 420 117 |
-43 414 499 |
|
|
Parlaimint na hEorpa |
2 382 263 574 |
2 375 167 078 |
-7 096 496 |
|
|
Comhairle & an Chomhairle Eorpach |
676 881 123 |
652 535 893 |
-24 345 230 |
|
|
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh |
503 782 531 |
498 590 992 |
-5 191 539 |
|
|
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa |
185 655 890 |
181 501 318 |
-4 154 572 |
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa |
164 945 524 |
163 650 457 |
-1 295 067 |
|
|
Coiste na Réigiún |
123 178 345 |
123 021 166 |
-157 179 |
|
|
an tOmbudsman Eorpach |
13 667 466 |
13 504 003 |
-163 463 |
|
|
an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí |
24 329 460 |
23 361 542 |
-967 918 |
|
|
an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí |
880 130 703 |
880 087 667 |
-43 036 |
|
Cealú leithreasuithe arna dtabhairt anonn ó bhlianta airgeadais roimhe sin |
0 |
-151 063 465 |
-151 063 465 |
|
|
— |
An Coimisiún Eorpach |
0 |
-96 231 813 |
-96 231 813 |
|
|
Cealú leithreasuithe nár úsáideadh arna dtabhairt anonn ó bhlianta airgeadais roimhe sin (de réir Airt. 12(7) den Rialachán Airgeadais) |
0 |
-41 545 794 |
-41 545 794 |
|
|
Cealú leithreasuithe nár úsáideadh arna dtabhairt anonn ó bhlianta airgeadais roimhe sin (go huathoibríoch agus trí chinneadh) |
0 |
-54 686 019 |
-54 686 019 |
|
— |
Institiúidí eile |
0 |
-54 831 651 |
-54 831 651 |
|
|
Parlaimint na hEorpa |
0 |
-25 848 495 |
-25 848 495 |
|
|
Comhairle & an Chomhairle Eorpach |
0 |
-7 732 840 |
-7 732 840 |
|
|
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh |
0 |
-3 883 888 |
-3 883 888 |
|
|
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa |
0 |
-432 050 |
-432 050 |
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa |
0 |
-2 110 497 |
-2 110 497 |
|
|
Coiste na Réigiún |
0 |
-823 819 |
-823 819 |
|
|
an tOmbudsman Eorpach |
0 |
-71 295 |
-71 295 |
|
|
an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí |
0 |
-569 588 |
-569 588 |
|
|
an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí |
0 |
-13 359 180 |
-13 359 180 |
|
Athrúcháin sa ráta malartaithe ar chaiteachas |
0 |
-43 634 408 |
-43 634 408 |
|
7.Ba é EUR 272,5 milliún méid na leithreasuithe buiséid a vótáladh nár chuir na hinstitiúidí uile chun feidhme le chéile iad. Chuir an Coimisiún 99,98 % de na leithreasuithe íocaíochta údaraithe chun feidhme (lena n‑áirítear leithreasuithe arna dtabhairt anonn go 2025). Bhain tearcúsáid an Choimisiúin le EUR 34,4 milliún de leithreasuithe a vótáladh, chomh maith le EUR 96,2 milliún de leithreasuithe arna dtabhairt anonn ó bhlianta roimhe sin.
8.Ar an gcaoi chéanna, bhí tearcúsáid agus cealú leithreasuithe na n‑institiúidí eile fós íseal in 2024.