An Bhruiséil,27.6.2025

COM(2025) 337 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN

CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH

maidir le cur chun feidhme agus torthaí an chláir Pericles IV chun an euro a chosaint ar ghóchumadh in 2024


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN

CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH

maidir le cur chun feidhme agus torthaí an chláir Pericles IV chun an euro a chosaint ar ghóchumadh in 2024

1.Ginearálta

Is clár malartaithe, cúnaimh agus oiliúna é an clár Pericles IV chun an euro a chosaint ar ghóchumadh. Tagann sé in ionad an chláir Pericles 2020 a bhí i bhfeidhm ó 2013 go dtí 2020, agus na gclár Pericles a bhí i bhfeidhm le linn na tréimhse 2002-2013. Bunaíodh an clár le Rialachán (AE) 2021/840 1 . Leathnaíodh a chur i bhfeidhm go dtí na Ballstáit neamh-rannpháirteacha le Rialachán (AE) 2021/1696 ón gComhairle 2 . Le Rialachán (AE) 2021/840 socraítear tréimhse an chláir go dtí an 31 Nollaig 2027. Le hAirteagal 12(3) den Rialachán sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún faisnéis bhliantúil faoi thorthaí an chláir a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhanc Ceannais Eorpach. Is í seo an tuarascáil bhliantúil le haghaidh 2024. Cuirtear faisnéis ar fáil sa tuarascáil maidir le gealltanais agus cur chun feidhme an chláir Pericles IV in 2024, chomh maith le cur chun feidhme in 2024 maidir le gníomhaíochtaí a gealladh sna blianta roimhe sin.

2.Gealltanais faoi chlár oibre bliantúil 2024

Socraíodh gurbh é EUR 884 755 an buiséad bliantúil do chur chun feidhme an chláir Pericles IV le haghaidh 2024 agus maoiníodh é ó líne bhuiséid 06.030100-C1 3  de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do 2024. Gealladh EUR 884 755 san iomlán in 2024, is é sin 100 % den bhuiséad iomlán. Cuirtear an clár chun feidhme trí ghníomhaíochtaí cómhaoinithe (deontais) a thagann ó údaráis inniúla na mBallstát agus trí ‘ghníomhaíochtaí an Choimisiúin’, a eagraíonn an Coimisiún go díreach. Áirítear le méid an ghealltanais iomláin freisin gealltanas de EUR 37 225 chun na costais bhliantúla maidir le húsáid na huirlise eGrants a chumhdach, córas bainistíochta leictreonaí (gan pháipéar) iomlán le haghaidh deontas 4 . Sa bhreis ar an líne bhuiséid oibríochtúil, cuireadh EUR 81 896,64 ar fáil ar an líne bhuiséid lena náirítear an tioncam sannta inmheánach (líne bhuiséid 06.030100-C4 de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh) 5 . Gealladh EUR 66 456,34 den mhéid sin in 2024 le haghaidh dhá dheontas 6 .

Léiríonn cur chun feidhme an chláir tiomantas na mBallstát agus an Choimisiúin don euro a chosaint ar ghóchumadh. Mar thoradh ar phlé ar an straitéis bhliantúil ag cruinnithe de chuid an Ghrúpa Saineolaithe um Ghóchumadh an Euro, bhíothas in ann na príomhbhagairtí a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu agus 100 % den bhuiséad foriomlán a ghealladh in 2024.

Gealladh 10 dtionscadal san iomlán a chistiú tríd an gclár 7 : dámhadh ocht ndeontas d’iarratais a tháinig ó údaráis inniúla na mBallstát agus cistíodh dhá ghníomhaíocht de chuid an Choimisiúin.

Cuireadh an dá ghníomhaíocht de chuid an Choimisiúin chun feidhme in 2024 agus cuireadh dhá dheontas chun feidhme go páirteach in 2024, agus cuirfear na deontais eile chun feidhme in 2025 agus ina dhiaidh sin.

Cairt I agus Cairt II: An cineál gníomhaíochta a maoiníodh agus an líon gníomhaíochtaí in aghaidh an Bhallstáit (gníomhaíochtaí a gealladh in 2024, féach Iarscríbhinn I)

  

Fuair an Iodáil agus an Spáinn, dhá cheann de na Ballstáit is mó a raibh tionchar ag góchumadh an euro orthu, deontais Pericles arís i mbliana. Ina theannta sin, fuair an Phortaingéil agus an Chróit deontais faoin gclár in 2024. Cuireann na hiarrachtaí sin uile le cosaint an euro, rud a théann chun tairbhe do na Ballstáit eile uile.

Is éard atá sna gníomhaíochtaí ar tugadh gealltanais ina leith in 2024 ceithre sheimineár, trí mhalartú foirne, dhá sheisiún oiliúna teicniúla, agus ceannach trealaimh amháin.

Tá na gníomhaíochtaí le déanamh laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach, ag brath ar riachtanais shonracha. Ó bunaíodh an clár, tá a chur chuige réigiúnach comhdhlúite aige trí ghníomhaíochtaí a chur chun feidhme a bhaineann le réigiúin an domhain a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo sa chomhrac in aghaidh an ghóchumtha, amhail oirdheisceart na hEorpa, an tSín, an Tuirc agus Meiriceá Theas.

3.Cur chun feidhme gníomhaíochtaí in 2024

Forbhreathnú

Déantar anailís sa roinn seo ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí uile a fuair cistiú ó Pericles sa bhliain féilire 2024. Dá bhrí sin, áirítear ann gníomhaíochtaí a gealladh faoi bhuiséid Pericles IV 2023 8 agus 2024 9 (11 dheontas agus dhá ghníomhaíocht de chuid an Choimisiúin).

In 2024 cuireadh 13 ghníomhaíocht a fuair cistiú ó Pericles chun feidhme ar an iomlán, lena n‑áirítear:

·cur chun feidhme páirteach dhá ghníomhaíocht deontais ag an gCróit agus ag an bPortaingéil, ar gníomhaíochtaí iad a gealladh in 2024;

·cur chun feidhme naoi ngníomhaíocht deontais ag na Ballstáit, ar gníomhaíochtaí iad a gealladh in 2023: is iad an Iodáil (ceithre ghníomhaíocht), an Spáinn (ceithre ghníomhaíocht) agus an Fhrainc (gníomhaíocht amháin) a chuir na gníomhaíochtaí sin chun feidhme;

·cur chun feidhme dhá ghníomhaíocht de chuid an Choimisiúin arna soláthar (a gealladh in 2024).

Is éard atá sna gníomhaíochtaí thuas cúig mhalartú foirne, ceithre sheisiún oiliúna teicniúla, trí sheimineár agus ceannach trealaimh amháin. Meastar go raibh thart ar 415 shaineolaí rannpháirteach sna gníomhaíochtaí 10 .

Ar deireadh, rinneadh an mheastóireacht mheántéarma ar an gclár Pericles IV in 2024. Sa mheastóireacht (lena gcumhdaítear 2021-2023), rinneadh measúnú, i measc nithe eile, ar a bhfuil bainte amach ag cuspóirí an chláir de réir chritéir na héifeachtachta, na héifeachtúlachta, na hábharthachta, an chomhleanúnachais agus an bhreisluacha AE.



Cairt III agus Cairt IV: Tionscnamh agus cúlra gairmiúil na rannpháirtithe (gníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme in 2024)

Tionscnamh na rannpháirtithe

Tháinig na rannpháirtithe ó 51 thír. Ba as an Eoraip d’fhormhór na ndaoine a d’fhreastail ar sheisiúin oiliúna (70 %): 52 % ó Bhallstáit an limistéir euro, 6 % ó Bhallstáit nach bhfuil sa limistéar euro agus 12 % ó thíortha san Eoraip nach Ballstáit den Aontas iad. As measc na rannpháirtithe eile, tháinig 12 % ó Mheiriceá Laidineach, 6 % ó institiúidí Eorpacha, 6 % ón Afraic agus 6 % ó réigiúin eile.

Cúlra gairmiúil na rannpháirtithe

Ba chomhaltaí ó fhórsaí póilíneachta iad 49 % de na rannpháirtithe. Tá an láithreacht shuntasach sin ann toisc go ndéanann údaráis phóilíneachta ionadaíocht thar ceann na líne tosaigh sa chomhrac in aghaidh ghóchumadh an euro, agus áirítear ar fhoireann na bpóilíní imscrúdaitheoirí agus teicneoirí araon. Ba shaineolaithe ó na bainc cheannais náisiúnta iad 32 % de na rannpháirtithe, rud a d’fhág gurbh iad an dara grúpa ba mhó iad. Mar a tharla in 2023, bhí na bainc cheannais rannpháirteach i roinnt gníomhaíochtaí in 2024. Ghlac foireann ó na hinstitiúidí Eorpacha (6 %), miontaí náisiúnta (3 %), na breithiúna (3 %), lucht custaim (2 %) agus catagóirí eile (3 %) páirt freisin, rud a léiríonn raon iomlán cúlraí gairmiúla. Ar deireadh, d’fhreastail ionadaithe ó thionscal na meaisíní próiseála monaí (3 %) ar an gCúigiú Cruinniú d’Ardán 1210 don chúigiú bliain. Leanann sé sin den earnáil phríobháideach a dhearbhú mar pháirtí leasmhar mór sa chomhrac in aghaidh an ghóchumtha. Mar thoradh air sin, comhlíonann cur chun feidhme an chláir gnéithe trasnáisiúnta agus ildisciplíneacha a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 2021/840 agus tá an-éagsúlacht ag baint leis ó thaobh cúlra gairmiúil de.

Buaicphointí ó 2024

D’éirigh leis an gclár comhar réigiúnach idirnáisiúnta a choinneáil ar bun agus a neartú a thuilleadh in oirdheisceart na hEorpa agus i Meiriceá Laidineach in 2024:

·In 2024 cuireadh roinnt gníomhaíochtaí Pericles chun feidhme lenar díríodh ar chomhar láidir a spreagadh agus a choinneáil ar bun i measc na núdarás náisiúnta in oirdheisceart na hEorpa. Áiríodh leis sin malartuithe foirne a d’eagraigh Comando Carabinieri Antifalsificazione Monetaria (CCAFM) na hIodáile, dhá mhalartú foirne a d’eagraigh Guardia di Finanza (GdF) na hIodáile, agus oiliúint theicniúil a d’eagraigh Banc Náisiúnta na Cróite (CNB) le rannpháirtithe ó naoi dtír in oirdheisceart na hEorpa, a thabharfar chun críche in 2025. Áiríodh leis na gníomhaíochtaí sin freisin cuairteanna staidéir ar shaineolaithe ón Tuirc agus/nó rannpháirtíocht saineolaithe ón Tuirc, ar príomhthír tosaíochta í sin toisc gur teophointe féideartha í chun táirgí góchumtha euro a tháirgeadh agus a iompar.

·D’eagraigh Brigada de Investigación del Banco de España (BIBE) na Spáinne cúrsa oiliúna maidir le góchumadh airgeadra le haghaidh saineolaithe ó thíortha i Meiriceá Laidineach, lenar tugadh le chéile údaráis 10 dtír i Meiriceá Laidineach in Buenos Aires na hAirgintíne. Leis an ngníomhaíocht, cuireadh bearta chun cinn chun an euro a chosaint ar ghóchumadh i dtíortha i Meiriceá Laidineach a d’fhéadfadh a bheith soghabhálach i leith an ghóchumtha. Thairis sin, leis an ngníomhaíocht neartaítear na naisc idir lároifigí náisiúnta sonracha a bunaíodh le déanaí sa réigiún sin.

Bhí gníomhaíochtaí i gceist freisin le cur chun feidhme an chláir in 2024 lenar díríodh ar fhorbairtí tráthúla sa chomhrac in aghaidh góchumadh airgeadra:

·Ba thosaíocht ar tugadh aghaidh uirthi trí ghníomhaíochtaí éagsúla an comhrac in aghaidh aicmí ardchaighdeáin de nótaí agus monaí góchumtha, cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1210/2010 agus monaí euro atá mí‑oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil. I measc na ngníomhaíochtaí a bhí dírithe air sin, bhí an ghníomhaíocht oiliúna maidir le hanailís ar mhonaí góchumtha le haghaidh saineolaithe teicniúla agus oiliúint theicniúil ar dhea-chleachtais chun monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil, ar eagraigh Banco de España iad araon. Ag an Séú Cruinniú d’Ardán 1210, a eagraíodh mar ghníomhaíocht de chuid an Choimisiúin, tugadh páirtithe leasmhara ó thionscal na meaisíní próiseála monaí agus ó na lárionaid náisiúnta um anailísiú monaí le chéile.

·An tosaíocht maidir le comhar a chothú le húdaráis na dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad i gcás ina bhfuil amhras nó fianaise ann go dtáirgtear euro góchumtha iontu, léiríodh an tosaíocht sin ag an tríú cruinniú ardáin idir an tAontas agus an tSín maidir le hairgeadraí a chosaint ar ghóchumadh. Eagraíodh an timeacht mar ghníomhaíocht de chuid an Choimisiúin agus b’obair leantach é ar imeachtaí a eagraíodh roimhe sin faoi ardán an Aontais-na Síne sa Bhruiséil (2017) agus i mBéising (2019). Ag an gcruinniú, bhí deis ag údaráis an Aontais agus na Síne leanúint den chomhar ar an leibhéal oibríochtúil agus ar an leibhéal riaracháin, agus cuireadh i dtábhacht an gá atá le bealaí cumarsáide a fheabhsú agus malartú faisnéise a éascú. Rinneadh dianphlé ar dhúshláin fhrithpháirteacha i réimse an fhrith-ghóchumtha, amhail an fhadhb a bhaineann le nótaí bainc dearaidh athraithe, gnéithe slándála euro góchumtha agus monaí euro góchumtha a allmhairítear ón tSín. Leis sin, bhíothas in ann dul chun cinn a dhéanamh i dtreo comhar a fheabhsú ar an leibhéal riaracháin.

Ar deireadh, in 2024 cuireadh roinnt cúrsaí oiliúna teicniúla ar fáil, ar cúrsaí iad a raibh dearadh níos nuálaí orthu. Go sonrach, d’eagraigh OCRFM na Fraince ‘oiliúint theicniúil agus oibríochtúil maidir leis an euro a chosaint ar ghóchumadh’ (TOTP), arbh é a bhí i gceist léi roinnt ceardlann ionsamhlúcháin inar cuireadh na rannpháirtithe i gcásanna a bhí múnlaithe ar imscrúduithe frith-ghóchumtha iarbhír. Thairis sin, chuir Policia Judiciaria na Portaingéile chun feidhme go páirteach an ‘Tionscnamh fothaithe acmhainneachta maidir le nótaí bainc euro góchumtha a bhrath, a anailísiú agus a thuairisciú ag údaráis phóilíneachta Cabo Verde’ (COUNTERACT), arbh é a bhí ann an trealamh is gá a cheannach d’údaráis Cabo Verde chun imscrúduithe frith-ghóchumtha a dhéanamh agus oiliúint a chur orthu maidir le conas é a úsáid.

4.Faireachán ar na táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla

Iarrtar in Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2021/840 gur cheart a chur san áireamh sa tuarascáil seo táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla an chláir Pericles IV. Is iad seo a leanas na sonraí maidir leis na táscairí sin le haghaidh 2024:

1.An líon euro góchumtha a braitheadh (nótaí bainc: 554 000, monaí: 416 276): Is é an sprioc don táscaire seo an líon nótaí bainc agus monaí euro góchumtha a braitheadh a choinneáil faoi smacht laistigh de raon +/- 5 % de mheán na tréimhse 2014-2020 (671 000/174 112). Tá an líon nótaí bainc góchumtha a braitheadh níos ísle ná an sprioc ach tá méadú ag teacht air de réir a chéile. Sháraigh an líon monaí a braitheadh an sprioc a leagadh síos. Mar sin féin, níl ach nasc indíreach idir an clár agus na táscairí sin, toisc go bhfuil ról tábhachtach ag tosca seachtracha éagsúla freisin. Áirítear ar na tosca seachtracha sin dul chun cinn imscrúduithe póilíneachta agus méid an táirgthe ghóchumtha.

2.An líon ceardlann neamhdhleathach ar cuireadh deireadh leo (9): Is é an sprioc maidir leis an líon ceardlann neamhdhleathach ar cuireadh deireadh leo an líon a choinneáil faoi smacht laistigh de +/- 10 % den fhigiúr le haghaidh 2019 (22). Tá an líon ceardlann neamhdhleathach ar cuireadh deireadh leo in 2024 níos ísle ná an sprioc. Mar a mhínítear faoi tháscaire 1, níl ach nasc indíreach idir an clár agus an táscaire seo, toisc go bhfuil ról tábhachtach ag tosca seachtracha éagsúla.

3.An líon údarás inniúil uathúil a bhfuil iarratas curtha isteach acu ar an gclár (9): Tá sé d’aidhm ag an táscaire seo suim na núdarás inniúil náisiúnta sa chlár a thomhas. Is é 12 an sprioc le haghaidh 2024 agus is é 24 an sprioc le haghaidh 2027. Cé go bhfuil méadú ag teacht ar an líon iarratasóirí uathúla ar an gclár, tá sé fós níos ísle ná an sprioc.

4.Ráta sástachta na rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí a maoiníodh leis an gclár (99,36 %): Leis an táscaire seo, déantar tomhas ar cháilíocht na hoiliúna dar leis na rannpháirtithe. Is é 75 % an sprioc. Tá an ráta d’aiseolas dearfach i bhfad níos airde ná an sprioc.

5.Aiseolas ó na rannpháirtithe a ghlac páirt cheana i ngníomhaíochtaí Pericles roimhe seo maidir le tionchar an chláir ar a gcuid gníomhaíochtaí chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (98,78 %): Leis an táscaire seo, déantar tomhas ar inbhuanaitheacht ghníomhaíochtaí an chláir. Is é 75 % an sprioc. Tá an céatadán d’aiseolas dearfach i bhfad níos airde ná an sprioc.

5.Conclúidí agus an bealach chun cinn

Leanann an clár Pericles IV, cosúil lena réamhtheachtaí, de bheith ina uirlis thábhachtach agus éifeachtúil sa chomhrac in aghaidh an ghóchumtha. Leis an gclár, tacaítear le staidéir, déantar comhar a choinneáil ar bun agus a fhorbairt, agus tacaítear le malartú dea-chleachtas i measc na bpáirtithe leasmhara uile atá páirteach sa chomhrac in aghaidh ghóchumadh an euro. Ós rud é gur gealladh 100 % den bhuiséad foriomlán in 2024, léiríonn sé sin spéis na mBallstát sa chlár.

Déanann an Coimisiún torthaí na dtionscadal a dtacaítear leo faoin gclár a scaipeadh go tráthrialta ar shaineolaithe sa Ghrúpa Saineolaithe um Ghóchumadh an Euro. In 2024, tionóladh trí chruinniú de chuid an Ghrúpa Saineolaithe um Ghóchumadh an Euro. Léirítear leis an gclár ardleibhéal comhsheasmhachta agus comhlántachta le cláir agus gníomhaíochtaí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais toisc go bhfuil sé tiomanta go heisiach don euro a chosaint ar ghóchumadh trí chineál sonrach coireachta eagraithe a chosc agus a chomhrac, is é sin góchumadh an euro. I measc na samplaí tá an Ionstraim um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise (TAIEX) de chuid Ard‑Stiúrthóireacht NEAR, a úsáidtear go minic chun tacú le caibidlíocht aontachais, agus an Ciste Slándála Inmheánaí de chuid Ard‑Stiúrthóireacht HOME – Póilíní 11 , lena gcumhdaítear an choireacht a chosc agus a chomhrac go ginearálta. Tar éis brionnú airgid a chuimsiú mar cheann de na tosaíochtaí i bplean gníomhaíochta oibríochtúil EMPACT 12 , tá an Coimisiún ag comhordú go dlúth le spreagthach EMPACT chun an chomhlántacht idir an dá fhoinse maoinithe a uasmhéadú.

Ar bhonn thorthaí an chláir go dtí seo agus ar an anailís leanúnach ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn a pléadh i nGrúpa Saineolaithe um Ghóchumadh an Euro, is iad seo a leanas na tosaíochtaí le haghaidh 2025 13 :

·tacú le gníomhaíochtaí a dhírítear ar chomhar a fheabhsú i measc na mBallstát sin a dtéann táirgeadh agus dáileadh nótaí agus monaí góchumtha i gcion go mór orthu;

·comhar a chothú le húdaráis na dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad i gcás ina bhfuil amhras nó fianaise ann go dtáirgtear euro góchumtha iontu;

·creat éifeachtach a choinneáil ar bun chun an euro a chosaint in oirdheisceart na hEorpa;

·forbairtí tráthúla:

onótaí agus monaí góchumtha agus comhpháirteanna ardchaighdeáin a dháileadh ar an idirlíon dorcha, agus táirgí ‘airgid scannáin’ agus ‘cóipe prapa’ ar líne (lena náirítear nótaí dearaidh athraithe);

otacaíocht do bhunú/athneartú lároifigí náisiúnta;

omonaí euro: an comhrac in aghaidh aicmí ardchaighdeáin de nótaí agus monaí góchumtha, cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1210/2010 agus monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil.

(1) Rialachán (AE) 2021/840 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár “Pericles IV”), agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 331/2014.
(2)  Rialachán (AE) 2021/1696 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2021 lena leathnaítear cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/840 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (“clár Pericles IV”) go dtí na Ballstáit neamh-rannpháirteacha.
(3)  Líne bhuiséid 06.030100-C1: An euro a chosaint ar ghóchumadh. C1: Leithreasuithe arna vótáil ag an Údarás Buiséadach don bhuiséad reatha.
(4)  Ba é EUR 44 941 an méid iomlán le haghaidh úsáid na huirlise eGrants.
(5)  Líne bhuiséid 06.030100-C4: An euro a chosaint ar ghóchumadh – ioncam sannta. C4: Tagann an tioncam sannta ó ordú gnóthaithe (an méid arna thabhairt ar ais ag tairbhí don Choimisiún mar thoradh ar réamh-mhaoiniú nár caitheadh) i leith Airteagal 21 den rialachán airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) .
(6)  Cuirfear an EUR 15 440,30 a bheidh fágtha ar fáil le haghaidh chur chun feidhme Pericles 2025 (líne bhuiséid IAR2/2|2025|ECFIN|E.06030100|PERICLES_21_27)
(7)  Tá forbhreathnú cuimsitheach ar ghníomhaíochtaí Pericles a gealladh in 2024 le fáil in Iarscríbhinn I.
(8) Tá forbhreathnú cuimsitheach ar ghníomhaíochtaí ar gealladh cistí ina leith roimh 2024 agus a cuireadh chun feidhme in 2024 le fáil in Iarscríbhinn II.
(9) Tá forbhreathnú cuimsitheach ar ghníomhaíochtaí Pericles a gealladh in 2024 le fáil in Iarscríbhinn I. Tabhair do d’aire nach dtagraítear sa chaibidil seo ach do na gníomhaíochtaí sin atá in Iarscríbhinn I a cuireadh chun feidhme (go páirteach) in 2024.
(10)  Tá an meastachán bunaithe ar an tuarascáil theicniúil chríochnaitheach (i gcás ina bhfuil sí faighte cheana) agus ar fhoirmeacha iarratais arna seoladh ag tairbhithe
(11)

  Regulation (EU) 2021/1149  Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 94).

(12) Is tionscnamh slándála é EMPACT (an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla) atá á chur chun cinn ag Ballstáit an Aontais chun bagairtí a bhaineann le coireacht idirnáisiúnta eagraithe agus thromchúiseach a aithint, a chur in ord tosaíochta agus aghaidh a thabhairt orthu. In 2021, rinneadh ionstraim bhuan de EMPACT, mar a leagtar amach sna conclúidí ón gComhairle maidir le leanúint bhuan de Thimthriall Beartais an Aontais don choireacht idirnáisiúnta eagraithe agus thromchúiseach. Is í an Bhulgáir an Ballstát a chuireann chun cinn tosaíocht EMPACT a chumhdaíonn ‘coireacht maoine intleachtúla, góchumadh earraí agus airgeadraí’.
(13)

Is cuid riachtanach den chlár oibre bliantúil iad tosaíochtaí an chláir le haghaidh 2025, atá i gceangal leis an gCinneadh ón gCoimisiún an 18.2.2025 maidir le maoiniú an chláir Pericles IV agus maidir le glacadh an chláir oibre bhliantúil le haghaidh 2025, C(2025) 972 final.


An Bhruiséil,27.6.2025

COM(2025) 337 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH

maidir le cur chun feidhme agus torthaí an chláir Pericles IV chun an euro a chosaint ar ghóchumadh in 2024















Iarscríbhinn I: Forbhreathnú ar ghníomhaíochtaí ar gealladh cistí ina leith in 2024

Eagarthóir 1

Teideal na gníomhaíochta

Suíomh agus dáta

Ranníocaíocht ón gCoimisiún 2

Seimineáir

BDP

An Phortaingéil

Pericles 2025 – Fís phraiticiúil den chomhrac in aghaidh an ghóchumtha (Cosaint an Euro 2025)

Liospóin (PT):

18-20 Márta 2025

EUR 86 042,00

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: Éifeachtúlacht a mhéadú maidir le monaí euro a fhíordheimhniú agus maidir le monaí euro góchumtha a aicmiú.

An Coimisiún Eorpach

ECFIN

An Tríú Cruinniú Ardáin idir an tAontas agus an tSín maidir le hAirgeadraí a Chosaint ar Ghóchumadh

An Bhruiséil (BE):

17-18 Meán Fómhair 2024

An Háig (NL):

19 Meán Fómhair 2024

EUR 117 000,00

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: éifeachtúlacht a mhéadú maidir le monaí euro a fhíordheimhniú agus maidir le monaí euro góchumtha a aicmiú.

An Coimisiún Eorpach

ECFIN

An Séú Cruinniú d’Ardán 1210

Ságrab (HR):

2-3 Deireadh Fómhair 2024 

EUR 130 808,60

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: Éifeachtúlacht a mhéadú maidir le monaí euro a fhíordheimhniú agus maidir le monaí euro góchumtha a aicmiú.

BIBE

An Spáinn

Cúrsa speisialaithe maidir le góchumadh le haghaidh tíortha Ibéir-Mheiriceánacha 2025 (Curso Quito 2025)

Quito (EC):

25-28 Samhain 2025

EUR 180 081,00

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: Comhar a neartú agus saineolas a mhalartú.

Oiliúint theicniúil

CNB

An Chróit

Oiliúint maidir le hanailís theicniúil ar ghóchumadh an euro agus forfheidhmiú líonra ALERT in Oirdheisceart na hEorpa (ALERT)

Ságrab (HR):

8 Samhain 2024

EUR 119 377,33

Cúrsaí oiliúna teicniúla sna tíortha rannpháirteacha: ME, MK, RS, AL, TR, XK, BH, EL

(Feabhra-Meitheamh 2024)

Iostanbúl (TR):

15-16 Meán Fómhair 2025

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: Comhar a neartú agus saineolas a mhalartú.

BDE

An Spáinn

Gníomhaíocht oiliúna maidir le hanailís ar mhonaí góchumtha le haghaidh saineolaithe teicniúla (TA-coins 2025)

Maidrid (ES):

Meitheamh 2025

EUR 45 102,00

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: Éifeachtúlacht a mhéadú maidir le monaí euro a fhíordheimhniú agus maidir le monaí euro góchumtha a aicmiú.    

Malartuithe foirne

CCAFM

An Iodáil

Malartú foirne maidir le teicnící imscrúdaithe in aghaidh góchumadh airgeadra

(SEITACC5)

An Róimh (IT) - In 2025:

18-21 Feabhra (BH)

7-11 Aibreán (EL, MD, MK, XK)

14-16 Bealtaine (AT)

EUR 76 439,73

Cuairteanna in 2025 ar na tíortha rannpháirteacha: AT, BH, EL,

MD, MK, XK

(Aibreán-Meán Fómhair)

Iasachtaí in 2025: 12-23 Bealtaine: Saineolaí ó phóilíní na hOstaire chuig CCAFM

1-12 Meán Fómhair: Saineolaí CCAFM chuig údaráis na hOstaire

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: Comhar a neartú agus saineolas a mhalartú.

GdF

An Iodáil

Comhrac ghníomhaireachtaí na hIodáile agus na Tuirce le chéile in aghaidh ghóchumadh an euro (2024-IT-INTEGRATE)

An Iodáil: Feabhra 2025

EUR 44 685,00 3

An Tuirc: Aibreán 2025

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: Comhar a neartú agus saineolas a mhalartú.

BIBE

An Spáinn

Bunú NCO in Uragua 2025 a chur chun cinn (Tionscadal NCO Uragua)

Uragua: 5-9 Bealtaine 2025

EUR 37 542,06 4

An Spáinn: 9-13 Meitheamh 2025

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: Comhar a neartú agus saineolas a mhalartú.

Trealamh a cheannach

PJ

An Phortaingéil

Tionscnamh fothaithe acmhainneachta maidir le nótaí bainc euro góchumtha a bhrath, a anailísiú agus a thuairisciú ag údaráis phóilíneachta Cabo Verde (COUNTERACT)

Praia (CV):

4-8 Samhain 2024

10-21 Márta 2025

EUR 76 908,62

Cúnamh ar líne:

1 Aibreán-31 Iúil 2025

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: tacú le húdaráis inniúla náisiúnta tríú tíortha ina gcomhrac in aghaidh ghóchumadh an euro

Uirlis eGrants

An Coimisiún Eorpach

ECFIN

Táille bhliantúil eGrants

EUR 37 225,00

Tugann úsáid na huirlise eGrants táille bhliantúil as a húsáid le tuiscint, rud a chuireann le hinbhuanaitheacht agus le foireann tacaíochta teicniúla an ardáin eGrants a dhéanann iarrataí ar athruithe agus a óstálann bonneagar.

(1)

     Is féidir ainmneacha na n‑eagarthóirí nach bhfuil giorraithe a fháil ar liosta na n‑údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle, IO C 264, 12.8.2015, lgh. 2-29. 

(2)

     An méid a gealladh in euro - Líne bhuiséid: 06.030100-C1-ECFIN.

(3)

     Líne bhuiséid 06.030100-C4-ECFIN.

(4)

     Línte buiséid: 06.030100-C1-ECFIN (EUR 15 770,72) agus 06.030100-C4-ECFIN (EUR 21 771,34).


An Bhruiséil,27.6.2025

COM(2025) 337 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN mBANC CEANNAIS EORPACH

maidir le cur chun feidhme agus torthaí an chláir Pericles IV chun an euro a chosaint ar ghóchumadh in 2024















Iarscríbhinn II: Forbhreathnú ar ghníomhaíochtaí ar gealladh cistí ina leith roimh 2024 agus a cuireadh chun feidhme in 2024

Eagarthóir 1

Teideal na gníomhaíochta

Suíomh agus dáta

Ranníocaíocht ón gCoimisiún 2

Seimineáir

BIBE

An Spáinn

Cúrsa speisialaithe i ngóchumadh airgeadra do thíortha i Meiriceá Laidineach 2024 (Curso Buenos Aires 2024)

Buenos Aires (AR)

25-28 Samhain 2024

EUR 176 253,94

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: Comhar a neartú agus saineolas a mhalartú.

Oiliúint theicniúil

OCRFM

An Fhrainc

Oiliúint theicniúil agus oibríochtúil maidir leis an euro a chosaint ar ghóchumadh (TOTP)

Clermont-Ferrand (FR)

25-28 Márta 2024

EUR 47 055,98

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: Comhar a neartú agus saineolas a mhalartú.

BDE

An Spáinn

Dea-chleachtais maidir le monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil (Oiriúnacht monaí le haghaidh meaisíní próiseála monaí (CPManna))

Maidrid (ES):

2-5 Aibreán 2024 agus

17-18 Nollaig 2024

EUR 58 915,70 

Vín (AT):

28-30 Bealtaine 2024

Liospóin (PT):

19-21 Meitheamh 2024

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: Éifeachtúlacht a mhéadú maidir le monaí euro a fhíordheimhniú agus maidir le monaí euro góchumtha a aicmiú.    

BDE

An Spáinn

TA Coins - Gníomhaíocht oiliúna maidir le hanailís ar mhonaí góchumtha le haghaidh saineolaithe teicniúla

(TA Coins 2024)

Maidrid (ES):

11-12 Meitheamh 2024

EUR 42 510,74 

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: Éifeachtúlacht a mhéadú maidir le monaí euro a fhíordheimhniú agus maidir le monaí euro góchumtha a aicmiú.    

Malartuithe foirne

BDE

An Spáinn

Malartú foirne maidir le nósanna imeachta, eolas agus taithí chun feabhas a chur ar mhodhanna oibre inmheánacha

(Malartú foirne NL-ES)

Maidrid (ES):

21-26 Aibreán 2024

EUR 32 146,55 

Zeist (NL):

9-14 Meitheamh 2024

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: Comhar a neartú agus saineolas a mhalartú.

CCAFM

An Iodáil

Malartú foirne maidir le teicnící imscrúdaithe in aghaidh góchumadh airgeadra

(SEITACC3)

Cuairteanna ar na tíortha rannpháirteacha: BH, EG, HU, MT, TN, TR (Eanáir-Bealtaine 2024)

EUR 63 664,73 

An Róimh (IT):

9-14 Meán Fómhair 2024

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: Comhar a neartú agus saineolas a mhalartú.

GdF

An Iodáil

Oiliúint theicniúil agus oibríochtúil maidir leis an euro a chosaint ar ghóchumadh (2023-IT-LENTE)

Cuairteanna ar na tíortha rannpháirteacha: AL, EL, HU, RS, TR (Aibreán-Iúil 2024)

EUR 69 303,26 

An Róimh/Napoli (IT):

4-8 Márta 2024

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: Comhar a neartú agus saineolas a mhalartú.

CCAFM

An Iodáil

Malartú foirne leis an mBulgáir (SEITACC4)

An Róimh (IT):

20-31 Bealtaine 2024

EUR 21 836,83 3

Sóifia (BG):

3-14 Meitheamh 2024

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: Comhar a neartú agus saineolas a mhalartú.

GdF

An Iodáil

Gníomhaireachtaí Forfheidhmithe Dlí in aghaidh ghóchumadh an euro (2023-IT-LEGION)

An Róimh/Napoli (IT):

22-28 Meán Fómhair 2024

An Tuirc:

30 Meán Fómhair-11 Deireadh Fómhair 2024

EUR 23 235,26

Príomhchuspóir na gníomhaíochta: Comhar a neartú agus saineolas a mhalartú.

Meastóireacht mheántéarma ar an gClár Pericles IV

An Coimisiún Eorpach

ECFIN

Meastóireacht mheántéarma ar an gClár Pericles IV

EUR 156 502,50 4

Léirítear in Airteagal 13 de Rialachán Pericles IV go ndéanfar an mheastóireacht mheántéarma ar an gclár Pericles IV tráth nach déanaí ná 4 bliana i ndiaidh tús a chur leis, agus cuireadh tús leis in 2021. Sa mheastóireacht mheántéarma (lena gcumhdaítear 2021-2023), déanfar measúnú, i measc nithe eile, ar a bhfuil bainte amach ag cuspóirí an Chláir de réir chritéir na héifeachtachta, na héifeachtúlachta, na hábharthachta, an chomhleanúnachais agus an bhreisluacha AE.

(1)

     Is féidir ainmneacha na n‑eagarthóirí nach bhfuil giorraithe a fháil ar liosta na n‑údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle, IO C 264, 12.8.2015, lgh. 2-29. 

(2)

     An méid a gealladh in euro - Líne bhuiséid: 06.030100-C1-ECFIN.

(3)

     Línte buiséid: 06.030100-C1-ECFIN (EUR 15 430,12) agus 06.039901-C5-ECFIN (EUR 6 406,71).

(4)

     Línte buiséid BGUE-B2023-06.010200-C1-ECFIN.