An Bhruiséil,23.6.2025

COM(2025) 324 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE


maidir leis an athbhreithniú ar an margadh fánaíochta

{SWD(2025) 164 final}


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

 
maidir leis an athbhreithniú ar an margadh fánaíochta

1.Réamhrá

Is fíorghaisce Eorpach é an beartas fánaíochta, lena bhféadfar na milliúin tomhaltóirí agus gnólachtaí san Aontas tairbhe a bhaint as bheith nasctha gan formhuirir sa mhargadh aonair digiteach ina saol laethúil. Ó bhí an 15 Meitheamh 2017 ann, tá rochtain ag cónaitheoirí an Aontais ar sheirbhísí soghluaiste (guthghlaonna, SMS agus sonraí) gan aon chostas breise agus iad ag taisteal go tréimhsiúil san Aontas Eorpach (‘AE’)/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘LEE’).

Sna cásanna sin, ní cheadaítear d’oibreoirí soghluaiste aon mhuirear a thobhach sa bhreis ar an bpraghas baile ar sheirbhísí fánaíochta. Tugtar ‘Fánaíocht ar Tháillí Baile’ (FATB) ar na rialacha fánaíochta sin go forleathan.

In 2022, rinneadh athbhreithniú ar rialacha FATB. Leagtar amach na rialacha sin anois i Rialachán athmhúnlaithe (AE) 2022/612 (an Rialachán Fánaíochta) ( 1 ) lenar cuireadh síneadh 10 mbliana breise lena gcur i bhfeidhm go dtí mí an Mheithimh 2032.

In 2022, tugadh isteach na gnéithe nua seo a leanas chun tairbhí agus cosaintí do thomhaltóirí a mhéadú:

·Leis na bearta nua maidir le cáilíocht seirbhíse (‘QoS’), lenar soiléiríodh na forálacha roimhe seo, áirithítear gur féidir le custaiméirí seirbhísí fánaíochta tairbhe a bhaint as an leibhéal céanna cáilíochta fánaíochta thar lear, e.g. luas agus glúin líonra, agus mar a bhíonn acu sa bhaile de ghnáth, i gcás inarb indéanta go teicniúil. Thairis sin, ceanglaítear ar oibreoirí líonraí soghluaiste sa tír ar tugadh cuairt uirthi rochtain a thabhairt d’oibreoirí soghluaiste ar cuairt ar gach teicneolaíocht líonra agus gach glúin líonra, má dhéanann siad iarraidh réasúnta ar rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola.

·Tugadh isteach rialacha feabhsaithe maidir le cumarsáid éigeandála chun a áirithiú gur féidir le custaiméirí atá ag fánaíocht rochtain a fháil gan uaim ar sheirbhísí éigeandála gan an baol ann go ngearrfar muirear orthu. Is féidir leo, mar shampla, glao a chur ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach, 112, ar fud an Aontais, nó SMS nó feidhmchláir éigeandála a úsáid gan aon fhormhuirear. Ina theannta sin, ba cheart taistealaithe a chur ar an eolas faoi na modhanna chun teagmháil a dhéanamh le seirbhísí éigeandála, lena náirítear seirbhísí éigeandála a dheartar d’úsáideoirí faoi mhíchumas, sa tír AE/LEE a bhfuil siad ag tabhairt cuairt uirthi.

·Chun custaiméirí seirbhísí fánaíochta a chosaint ar fhormhuirir gan choinne, tugadh isteach rialacha nua chun a áirithiú go dtabharfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta faisnéis leordhóthanach dá gcustaiméirí faoi na costais mhéadaithe a d’fhéadfaidís a thabhú as seirbhísí breisluacha a úsáid le linn fánaíochta chomh maith le nascadh le líonra neamh-thrastíre amhail ar long nó eitleán. Baineann custaiméirí seirbhísí fánaíochta tairbhe anois as dhá theorainn scoite uathoibríocha nuair a dhéanann siad EUR 50 agus EUR 100 de sheirbhísí fánaíochta a thomhailt, in ionad rogha a dhéanamh a bheith páirteach i seirbhís den sórt sin mar a bhí sa rialachán roimhe sin.

·Ar deireadh, rinneadh córas FATB inbhuanaithe d’oibreoirí. Ar an leibhéal mórdhíola, laghdaíodh na huasteorainneacha praghsanna go substaintiúil a thuilleadh in 2022, go háirithe i gcás trácht sonraí. Áirithítear leis an gconair faoileoireachta go ndéanfar laghduithe de réir a chéile ar na huasteorainneacha praghsanna gach bliain go dtí 2027 (a shroichfidh EUR 1 in aghaidh an GB), chun a áirithiú gur féidir le gníomhaithe margaidh tairbhe a bhaint as rátaí mórdhíola lena gceadaítear seirbhísí fánaíochta a sholáthar ar bhealach inbhuanaithe dá gcustaiméirí gan aon mhuirear a thobhach anuas ar an bpraghas baile.

Áirithítear freisin leis na huasteorainneacha ar phraghsanna fánaíochta mórdhíola, bunaithe ar staidéar samhla costais (
2 ) ina gcuirtear costais oibreoirí san áireamh, go n‑aisghabhfaidh an toibreoir a sholáthraíonn an tseirbhís fánaíochta mórdhíola na costais mhórdhíola ina n‑iomláine. Ina theannta sin, tá buntáistí ag baint leis na huasteorainneacha mórdhíola laghdaitheacha ar thaobh an mhiondíola. Ós rud é go socraítear leis na huasteorainneacha mórdhíola an formhuirear miondíola uasta is féidir le hoibreoirí a chur i bhfeidhm, tá laghdú leanúnach mar sin ag teacht ar fhormhuirir a chuirtear i bhfeidhm go heisceachtúil.

Fíor 1: Is féidir treocht laghdaitheach sna hoibreoirí formhuirir sonraí a bheith i bhfeidhm le himeacht na mblianta (EUR/GB)

Foinse: Rialachán (AE) 2022/612

I gcomhréir lena oibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos sa Rialachán Fánaíochta( 3 ), an 15 Eanáir 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún Doiciméad Inmheánach Oibre (‘SWD’) maidir le torthaí athbhreithniú tréimhsiúil 2023 ar na rialacha i ndáil leis an mbeartas maidir le húsáid chóir fánaíochta agus an maolú inbhuanaitheachta a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún. I ndáil leis na beartais maidir le úsáid chóir, thángthas ar an gconclúid i dTuarascáil Athbhreithnithe 2023 go raibh na beartais sin éifeachtach ar an iomlán ( 4 ).

Leis an Rialachán Fánaíochta, tugtar sainordú breise don Choimisiún tuarascáil chuimsitheach maidir le hathbhreithniú a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh faoin 30 Meitheamh 2025 ina ndéanfar measúnú ar fheidhmiú an mhargaidh fánaíochta. Is é sin cuspóir na Tuarascála seo agus an Doiciméid Inmheánaigh Oibre a ghabhann léi.

2.FEIDHMIÚ AN MHARGAIDH FÁNAÍOCHTA

2.1. Comhlíonadh na rialacha

Chomh maith le bailiú cuimsitheach sonraí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán Fánaíochta, ní mór do na húdaráis rialála náisiúnta faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin Fánaíochta.

Sainaithníodh ardleibhéal comhlíontachta an Rialacháin Fánaíochta, bunaithe ar ionchuir ó na húdaráis rialála náisiúnta agus ó Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC). Úsáideann na húdaráis rialála náisiúnta cuir chuige frithghníomhacha (e.g. déileáil le gearán ó thomhaltóirí) agus réamhghníomhacha (e.g. athbhreithnithe tréimhsiúla) chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme fhorálacha FATB.

An tráth céanna, is cosúil go bhfuil leibhéal ard sástachta i measc tomhaltóirí, bunaithe ar ionchur ón dá staidéar Eorabharaiméadair is déanaí( 5 ) (measann thart ar 80 % de thaistealaithe ar fud an Aontais go bhfuil siad ag baint tairbhe as rialacha fánaíochta), agus is beag go leor atá an líon gearán a fhaigheann na húdaráis rialála náisiúnta ( 6 ).

Ar deireadh, sna naoi dtír a thuairiscigh cásanna neamhchomhlíonta ó bhí 2022 ann, réitigh na húdaráis rialála náisiúnta formhór na saincheisteanna go pras, rud a léiríonn forfheidhmiú éifeachtach. Níor thuairiscigh na húdaráis rialála náisiúnta go fóill faireachán ar na forálacha maidir le cáilíocht seirbhíse a tugadh isteach in 2022. Tugtar le fios i dtorthaí an Staidéir maidir le Cáilíocht na Seirbhíse ( 7 ) go bhféadfaí feabhas nach beag a chur ar an leibhéal comhlíontachta. Mar sin féin, is gá faireachán agus measúnú breise a dhéanamh ar na himthosca bunúsacha.

2.2. Margadh fánaíochta miondíola

Is é tomhaltas sonraí is cúis leis an méadú leanúnach ar thomhaltas fánaíochta

In 2017, spreagadh le tabhairt isteach FATB méadú láithreach agus ollmhór ar thrácht fánaíochta miondíola i gcomparáid le luachanna roimh FATB. Sa chéad bhliain tar éis FATB a thabhairt isteach, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna an bhliain roimhe sin, tháinig méadú faoi fhachtóir 5( 8 ) ar thomhaltas sonraí fánaíochta agus tháinig méadú 2.5 ( 9 ) ar na glaonna gutháin fánaíochta a rinneadh.

Le blianta beaga anuas, tháinig méadú ollmhór ar thomhaltas sonraí soghluaiste le linn fánaíochta. Nuair a bhreathnaítear ar R3 maidir le gach bliain, an ráithe is déine fánaíochta, is féidir fás leanúnach ar thomhaltas sonraí‑a thabhairt faoi deara, agus méadú 48 noiread ar an bhfás sin ó tugadh isteach córas FATB in 2017( 10 ).

Mar sin féin, tá laghdú beag, ach seasta, tagtha ar thrácht guthghlaonna fánaíochta miondíola ó bhí R3 2019 ann. D’fhéadfaí an treocht sin a bheith mar thoradh ar an méadú ar ardáin ar líne (OTT), lena dtairgtear seirbhísí guthghlaonna agus teachtaireachtaí ar an idirlíon, rud a chuireann go méadaitheach le guthghlaonna agus teachtaireachtaí SMS traidisiúnta, agus leis an méadú ar thomhaltas sonraí fánaíochta san am céanna.

Leis an méadú ollmhór ar an méid sonraí fánaíochta miondíola, deimhnítear a rathúla agus a éifeachtaí atá córas FATB maidir le tairbhí nithiúla a thabhairt do chónaitheoirí an Aontais, rud a chuireann ar a gcumas fanacht nasctha ar an mbealach céanna agus a bhíonn siad nasctha ina dtír dhúchais agus iad ag taisteal go tréimhsiúil i limistéar FATB.

Bhain tomhaltóirí tairbhe as an méadú ar liúntais sonraí fánaíochta, ar tháinig méadú orthu mar thoradh ar an laghdú de réir a chéile ar uasteorainneacha mórdhíola

De réir mar a thagann laghdú de réir a chéile ar uasteorainneacha mórdhíola, agus sprioc EUR 1 in aghaidh an ghigibhirt faoi 2027, baineann tomhaltóirí an Aontais tairbhe dhíreach as na praghsanna níos ísle ar an leibhéal miondíola. Go deimhin, chuir 71 % d’oibreoirí beartas maidir le húsáid chóir i bhfeidhm in 2024 maidir le ‘cuach sonraí oscailte’, a bhfuil an liúntas sonraí ina leith nasctha go díreach leis na huasteorainneacha mórdhíola, atá ag titim faoi láthair. Dá bhrí sin, tá tomhaltóirí an Aontais ag baint tairbhe as liúntas sonraí níos airde, bliain i ndiaidh bliana, mar a léirítear i bhFíor 2 thíos.

Fíor 2: Forbairt amach anseo ar theorainneacha sonraí faoin mbeartas maidir le húsáid chóir (GB/mí) le haghaidh praghsanna miondíola éagsúla (gan CBL a áireamh) i gcás inar cuireadh an teorainn sonraí ar chuacha neamhtheoranta i bhfeidhm in 2025-2032( 11 .

Foinse: an Coimisiún Eorpach. Ríomh bunaithe ar Airteagal 4(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún i gcomhar le hAirteagal 11 (1) de Rialachán (AE) 2022/612 maidir le Fánaíocht( 12 ).

Mar thoradh ar an treocht laghdaitheach maidir le huasteorainneacha mórdhíola, tá síormhéadú leanúnach tagtha ar an liúntas sonraí fánaíochta, rud a théann chun tairbhe do thomhaltóirí an Aontais agus lenar tugadh aghaidh ar an ngá méadaitheach atá le toirteanna fánaíochta. De réir mar a leanann an uasteorainn mhórdhíola de bheith ag laghdú, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbeidh an tairbhe bhreise do thomhaltóirí ag brath ar an gcineál síntiúis atá ag an tomhaltóir. Bainfidh tomhaltóirí a ghlacann síntiús le pleananna cuachta sonraí neamhtheoranta (i.e. i gcás nach bhfuil aon teorainn ar mhéid sonraí baile san áireamh sa síntiús) tairbhe de réir a chéile as liúntais níos airde, i gcomhréir leis na huasteorainneacha mórdhíola níos ísle ( 13 ).

Tá beartais maidir le húsáid chóir oiriúnach don fheidhm, agus ní chuirtear formhuirir thar aon teorainn beartais maidir le húsáid chóir i bhfeidhm ach go heisceachtúil

Cuireann oibreoirí beartais maidir le húsáid chóir chun feidhme go forleathan (chuir 80 % de na hoibreoirí ceann amháin ar a laghad de na bearta de chuid na mbeartas maidir le húsáid chóir i bhfeidhm in 2024). Cé go gcuireann na hoibreoirí na beartais maidir le húsáid chóir i bhfeidhm go coitianta fós, is fiú a thabhairt faoi deara nach mbaineann formhór na gcustaiméirí seirbhísí fánaíochta na teorainneacha sin amach choíche (gan ach 4,65 % de chustaiméirí fánaíochta i R3 2024), rud a fhágann go bhfuil cur i bhfeidhm na bhformhuirear thar aon teorainn nó bearta sna beartais maidir le húsáid chóir eisceachtúil.

Ó bhí 2022 ann, d’aithin oibreoirí éifeachtacht shásraí na mbeartas maidir le húsáid chóir ach tháinig laghdú ar thorthaí na noibreoirí in 2024. Ní léir na cúiseanna atá leis an éabhlóid sin ó na sonraí atá ar fáil ná ó Thuairim BEREC( 14 ), agus déanfaidh an Coimisiún faireachán orthu. Ina theannta sin, leag na páirtithe leasmhara béim freisin ar chastacht theicniúil agus ar chostas roinnt beart de chuid na mbeartas maidir le húsáid chóir . Mar sin féin, bíonn tionchar ag na deacrachtaí a bhaineann le cur chun feidhme na mbeartas maidir le húsáid chóir ar oibreoirí nua den chuid is mó, ós rud é gur chuir formhór na noibreoirí atá ann cheana beartais maidir le húsáid chóir chun feidhme ó bhí 2017 ann.

Is féidir formhuirir arna bhforchur ag oibreoirí a chur i bhfeidhm i gcásanna an-annamh nuair a ghníomhachtaítear sásraí coimirce nó nuair a sháraíonn úsáideoirí na beartais socraithe maidir le húsáid chóir, ach tá na formhuirir sin teoranta do leibhéal na n‑uasteorainneacha mórdhíola. Mar a thuairiscítear thuas, leanann na huasteorainneacha an conair faoileoireachta laghdaitheach a socraíodh in 2022. Ó 2025 ar aghaidh, socraítear na huasteorainneacha ag EUR 1,30 in aghaidh an GB (agus laghdófar iad a thuilleadh go EUR 1 in 2027), EUR 0,003 in aghaidh an SMS, agus EUR 0,019 in aghaidh an nóiméid i gcás glao.

Dá bhrí sin, tá bearta de chuid na mbeartas maidir le húsáid chóir fós oiriúnach don fheidhm, lena mbaintear cothromaíocht amach idir na tairbhí do thomhaltóirí an Aontais ar thaobh amháin, agus riachtanais inbhuanaitheachta agus aisghabhála costas na noibreoirí ar an taobh eile, gan dochar d’fheidhmiú na saoirsí bunúsacha. Deimhnítear le hanailís an Choimisiúin torthaí Thuarascáil Athbhreithniúcháin 2023 ( 15 ) agus ní éilítear gníomhaíocht láithreach leis. Ba cheart a thabhairt faoi deara go leanann an Coimisiún d’athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar na rialacha maidir leis an mbeartas maidir le húsáid chóir mar a fhoráiltear faoi Airteagal 7 den Rialachán Fánaíochta.

Feidhmíonn an sásra maolaithe mar líontán sábhála éifeachtach don líon beag oibreoirí eile a éilíonn bearta den sórt sin

Ó tugadh isteach rialacha FATB, d’éirigh go héifeachtach leis na rialacha maolaithe inbhuanaitheachta. Le blianta beaga anuas, tá laghdú soiléir tagtha ar an líon oibreoirí a bhfuil maoluithe de dhíth orthu. Ó bhí 2022 ann, níor iarr aon oibreoir líonraí soghluaiste maoluithe inbhuanaitheachta ná níor chuir siad isteach orthu.( 16 ). Thit méideanna na seirbhísí fánaíochta guthghlaonna agus sonraí atá faoi réir formhuirir inbhuanaitheachta faoi bhun 0,82 % i ngach Ballstát arna meas.

Is féidir na torthaí dearfacha sin a mhíniú den chuid is mó leis an ísliú ar na huasteorainneacha fánaíochta mórdhíola agus, i gcásanna áirithe, bhí na muirir fánaíochta mhórdhíola a cuireadh i bhfeidhm go héifeachtach faoi bhun na n‑uasteorainneacha fiú.

Mar sin féin, i gcás oibreoirí eile amhail oibreoirí líonraí fíorúla soghluaiste, úsáidtear an sásra maolaithe fós agus tá sé úsáideach mar líontán sábhála éifeachtach. Leis an sásra sin, is féidir le hoibreoirí méaduithe ar phraghsanna baile a sheachaint, má tá siad in ann corrlach diúltach dóchúil ábhartha a léiriú maidir le seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar.

D’fhéadfadh sé gur chuir an córas maolaithe inbhuanaitheachta freisin leis an méadú ar phraghsanna baile a chosc nuair a tháinig FATB i bhfeidhm. An teorainn 3 % le haghaidh an chorrlaigh dhiúltaigh, a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 mar íoschoinníoll do na húdaráis rialála náisiúnta chun maoluithe a dheonú, níor chuir an teorainn sin bac ar chuspóirí inbhuanaitheachta na maoluithe.

Ní dhéanann FATB difear do threochtaí ná do struchtúr na bpraghsanna taraife baile

D’ainneoin an mhéadaithe atá ag teacht ar mhéideanna tráchta fánaíochta, ní bhíonn tionchar diúltach ag córas FATB ar struchtúr na dtaraifí baile ná ar threochtaí praghsanna i dtíortha AE/LEE.

Léirítear le sonraí BEREC gur fhan an Meánioncam in aghaidh an Úsáideora Íocaíochta (ARRPU) cobhsaí ó 2019 go 2024, ina raibh praghsanna tairiseacha agus seirbhísí leathnaithe, amhail méideanna sonraí níos mó. Ní féidir méaduithe in ARRPU a nascadh le FATB amháin, toisc go ndéantar difear do bhoilsciú agus iomaíocht le praghsáil. Feictear do BEREC treocht i dtreo pleananna taraife neamhtheoranta agus leagann sé béim ar a thábhachtaí atá beartais maidir le húsáid chóir chun FATB a choinneáil.

Ní féidir leis na húdaráis rialála náisiúnta ná BEREC measúnú cruinn a dhéanamh ar éifeachtaí an Rialacháin Fánaíochta ar mhargaí náisiúnta mar gheall ar chineál dinimiciúil na n‑éifeachtaí sin. Ní féidir leo a chinneadh cé na hathruithe ar an margadh náisiúnta arb í an idirghabháil fánaíochta is cúis leo i gcomparáid le tosca eile. Níor aimsigh BEREC aon fhianaise gur fhág soláthraithe soghluaiste an margadh mar gheall ar oibleagáidí an Rialacháin Fánaíochta.

Deimhnítear i dtorthaí staidéar 2017-24 dar teideal ‘Mobile Broadband Price in Europe’ [Praghas Leathanbhanda Soghluaiste san Eoraip] ( 17 ) treocht iartheachtach i bpraghsanna ar fud an Aontais tar éis chur chun feidhme FATB. Tháinig laghdú 19-86 % ar an meán idir 2017 agus 2024 ar na praghsanna ar na tairiscintí is saoire do na chiseáin mhóibíleacha uile a ndearnadh measúnú orthu.

Ní ghlacann ach céatadán beag d’úsáideoirí síntiús leis na pleananna taraife baile amháin. Léirítear sa tuairim ó BEREC gur tháinig laghdú ó 4,4 % go 3,2 % idir R4 2021 agus R3 2024 ar mheánsciar na dtaraifí baile amháin laistigh den Aontas/LEE ina n‑úsáidtear cártaí SIM atá cumasaithe don fhánaíocht. Ó R3 2024, is é 3 % céatadán na síntiúsóirí ar tharaifí baile amháin i gcás oibreoirí líonraí soghluaiste agus is é 2 % céatadán na síntiúsóirí ar tharaifí baile amháin i gcás oibreoirí líonraí fíorúla soghluaiste.

Leanann úsáid taraifí malartacha treocht leanúnach anuas. D’ainneoin taraifí malartacha a bheith á dtairiscint ag aon trian d’oibreoirí, in R3 2024 ba é 5,5 % cion na nóiméad glaonna fánaíochta a rinne síntiúsóirí laistigh de LEE a raibh taraifí malartacha acu, agus ba é 4,2 % an sciar comhfhreagrach d’úsáid sonraí. De réir BEREC, in R3 2024, bhí síntiús le taraif mhalartach ag 4,17 % ar an meán de chustaiméirí LEE a bhí cumasaithe don fhánaíocht.

Ar an iomlán, léiríonn sé sin go dtugtar tairbhí le córas FATB do chónaitheoirí an Aontais gan tionchar a imirt ar an struchtúr taraifí ar an leibhéal náisiúnta, rud a dheimhníonn a thuilleadh rath thionscnamh FATB.

Síneadh a chur leis na tairbhí ‘fánaíocht ar tháillí baile’ lasmuigh de theorainneacha an Aontais

Tá na buntáistí a bhaineann le beartas FATB do thomhaltóirí le feiceáil chomh soiléir sin gur chinn roinnt réigiún lasmuigh den Aontas bearta a thabhairt isteach chun táillí fánaíochta a ísliú i‑suíomhanna trasteorann. Sna Balcáin Thiar, bunaíodh córas réigiúnach FATB ó bhí 2021 ann.

Leis an Rialachán Fánaíochta, spreagtar tionscnaimh arb é is aidhm dóibh na muirir fánaíochta ar sheirbhísí fánaíochta idir an tAontas agus tríú tíortha a ísliú ar bhonn cómhalartach. Lasmuigh de na tairbhí eacnamaíocha, dealraíonn sé freisin i gcásanna áirithe, go háirithe do shaoránaigh na dtíortha is iarrthóirí, go bhfuil luach siombalach ag baint le bheith mar chuid de ‘an Aontais’ má bhíonn siad in ann gléasanna soghluaiste a úsáid gan bhac agus iad ag taisteal go tréimhsiúil san Aontas.

Rinne an Aontas bearta cheana féin chun limistéar FATB a leathnú chuig tíortha laistigh de LEE agus le déanaí, chuig roinnt tíortha is iarrthóirí freisin. Le síneadh na dtairbhí Fánaíochta ar Tháille Baile chuig tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, ceanglaítear ar na tíortha sin acquis fánaíochta an Aontais, mar a thugtar air, a ionchorprú ina ndlí náisiúnta. Áirítear le ‘acquis fánaíochta an Aontais’ an Rialachán maidir le Fánaíocht, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún( 18 ), Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún ( 19 ), chomh maith le forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2018/1971( 20 ) agus de Threoir (AE) 2018/1972 ( 21 ).

Rinne an Úcráin agus an Moldóiv dul chun cinn maith i dtreo dul isteach i limistéar FATB an Aontais. Tá an Úcráin ailínithe go hiomlán le reachtaíocht fánaíochta an Aontais, agus, ar an mbonn sin, mhol an Coimisiún don Chomhairle an Úcráin a áireamh i limistéar FATB an Aontais, agus idirthréimhse a bheith ann do na hoibreoirí chun oiriúnú. Ní mór do Chomhairle an Aontais Eorpaigh an togra seo a fhormheas sula bhféadfar cinneadh críochnaitheach a ghlacadh, chun limistéar FATB an Aontais a leathnú go héifeachtach chuig an Úcráin, thug an Moldóiv fógra don Choimisiún maidir lena ailíniú le acquis fánaíochta an Aontais agus d’fhéadfadh sí dul isteach i limistéar FATB freisin, faoi réir measúnú dearfach ar mhéid an ailínithe. Breathnóidh an Coimisiún ar an toradh ar FATB a leathnú chuig an dá thír is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha eile amhail na Balcáin Thiar, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma.

Tá an Coimisiún ag féachaint ar réitigh atá inmharthana ó thaobh an dlí de chun limistéar FATB a leathnú chuig na Balcáin Thiar, mar obair leantach ar Phlean Fáis na mBalcán Thiar. An tráth céanna, chuir oibreoirí san Úcráin( 22 ), sa Mholdóiv ( 23 ) agus sna Balcáin Thiar ( 24 ) socruithe deonacha i bhfeidhm le roinnt oibreoirí de chuid an Aontais chun muirir fánaíochta a ísliú.

Fánaíocht na coda eile den domhan

Chun súil a choinneáil ar mhéaduithe féideartha ar rátaí fánaíochta lasmuigh den Aontas/LEE, bailíonn BEREC sonraí dá Thuarascálacha Idirnáisiúnta ar Thagarmharcanna Fánaíochta. Níor aimsíodh aon léiriú ar mhéadú ar phraghsanna fánaíochta neamh-LEE tar éis FATB a chur chun feidhme. Go deimhin, tuairiscíonn oibreoirí treocht ghinearálta maidir le laghdú a bheith ag teacht ar mheánphraghsanna miondíola seirbhísí fánaíochta lasmuigh den Aontas/LEE.

Idir R4 2020 agus R3 2024, thug oibreoirí le fios gur tháinig laghdú ar a meánrátaí miondíola le haghaidh fánaíocht sonraí sa ‘chuid eile den domhan’ ó EUR 10,87/GB go EUR 5,16/GB, agus tháinig laghdú níos céimsí ar na praghsanna ar ghlaonna a fuarthas, ar ghlaonna a rinneadh agus ar theachtaireachtaí SMS ( 25 ). D’ainneoin na treochta laghdaithí dearfaí sin, léirítear le roinnt gearán a fuair na húdaráis rialála náisiúnta ó thomhaltóirí go mbíonn fadhbanna ann fós ó am go chéile maidir le muirir an-ard a ghearradh ar thomhaltóirí a bhíonn ag úsáid seirbhísí fánaíochta lasmuigh den Aontas, go háirithe nuair nach mbaineann siad tairbhe as socruithe speisialta (breiseáin, tairiscintí speisialta, pacáistí saoire).

Ar deireadh, ba cheart a thabhairt faoi deara, tar éis Brexit, gur thug formhór na bpríomh-oibreoirí líonraí soghluaiste sa Ríocht Aontaithe formhuirir mhiondíola isteach arís dá gcustaiméirí maidir le fánaíocht san Aontas, rud a léiríonn a ábhartha atá an córas FATB atá ann faoi láthair. Is díol sásaimh don Choimisiún freisin tionscnaimh ó go leor oibreoirí an Aontais chun coinníollacha fabhracha a choinneáil ar bun agus chun fánaíocht a chaomhnú gan formhuirir laistigh den Ríocht Aontaithe dá síntiúsóirí, rud a rachaidh chun tairbhe do thomhaltóirí na hEorpa.

2.3.Margadh fánaíochta mórdhíola

Tá laghdú seasta ag teacht ar phraghsanna fánaíochta mórdhíola

Mar a chuirtear i láthair sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis seo, thit meánphraghsanna fánaíochta mórdhíola LEE le haghaidh seirbhísí sonraí ó EUR 2,2/GB in 2018 go EUR 1,3/GB in 2021, laghdú 41 %. Tá an laghdú sin ag teacht leis an laghdú ar an uasteorainn sonraí mórdhíola rialáilte, a íslíodh sa tréimhse chéanna ó EUR 6/GB in 2018 go EUR 3/GB in 2021 ( 26 ).

Leis an Rialachán athmhúnlaithe maidir le Fánaíocht in 2022, bunaíodh conair faoileoireachta nua chun na huasteorainneacha mórdhíola a ísliú a thuilleadh, agus socraíodh é ag EUR 2/GB in 2022, EUR 1,8/GB in 2023 agus ag EUR 1,55/GB in 2024 le haghaidh seirbhísí fánaíochta sonraí. Léiríodh na laghduithe sin sna huasteorainneacha mórdhíola rialáilte sna bpraghsanna mórdhíola a cuireadh i bhfeidhm iarbhír, ar tháinig laghdú orthu go EUR 0,7/GB in R3 2024. Is laghdú 50 % é sin i gcomparáid leis na praghsanna mórdhíola EUR 1,3/GB a cuireadh i bhfeidhm iarbhír in R3 2021 ( 27 ).

I gcás seirbhísí guthghlaonna fánaíochta, tá laghdú tagtha de réir a chéile ar na huasteorainneacha mórdhíola rialáilte ó EUR 3,2 cent/nóim in 2017 go EUR 2,2 cent/nóim in 2022( 28 . D’ainneoin na conaire faoileoireachta seasta sin, tá laghdú ag teacht de réir a chéile ar chur i bhfeidhm iarbhír na bpraghsanna le 5 bliana anuas. Thit praghsanna ó EUR 2,14 cent/nóim in R2 2018 go EUR 1,97 cent/nóim in R2 2021, laghdú 8 %. Faoi R3 2024, tháinig laghdú breise ar na praghsanna go dtí EUR 1,3 cent/nóim, rud a léiríonn laghdú 34 % i gcomparáid le luach 2021.

Ba iad roinnt tosca go príomha ba chúis leis an laghdú ar phraghsanna fánaíochta mórdhíola. Ar an gcéad dul síos, socraítear uasteorainneacha níos ísle do phraghsanna mórdhíola le praghsanna uasta fánaíochta mórdhíola nua atá ag laghdú de réir a chéile, a tugadh isteach i rialachán fánaíochta 2017, mar aon le laghduithe breise ar uasteorainn a tugadh isteach in athmhúnlú 2022 ar an Rialachán Fánaíochta. Spreag sé sin dinimic iomaíoch an mhargaidh i measc oibreoirí a thairgeann rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola faoi bhun na n‑uasteorainneacha sin.

Ar an dara dul síos, tháinig méadú suntasach ar mhéideanna fánaíochta mar thoradh ar chur chun feidhme FATB, mar a léirítear sa chéad roinn. Sa chomhthéacs sin, tá méadú ag teacht ar an líon oibreoirí a thairgeann lascainí praghais bunaithe ar mhéideanna tráchta fánaíochta, cleachtas ar laghdaíodh praghsanna fánaíochta mórdhíola leis a thuilleadh faoi bhun na n‑uasteorainneacha rialála. Cuireadh dlús leis an iomaíocht mar gheall ar mhéideanna méadaithe agus dreasachtaí praghsála méidbhunaithe le chéile, lena ndéantar praghsanna fánaíochta mórdhíola a laghdú a thuilleadh i dtimpeallacht mhargaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar.

Is díol sásaimh don Choimisiún an dinimic mhargaidh sin ar féidir feidhmiú níos fearr agus cobhsaí na margaí fánaíochta a bheith mar thoradh uirthi. Is féidir le treochtaí margaidh den sórt sin cur le margadh fánaíochta mórdhíola níos dinimiciúla agus níos tairbhiúla ach beidh gá le tuilleadh breathnóireachta agus measúnaithe.

Ar deireadh, le héabhlóid teicneolaíocht 5G, laghdaíodh go mór na costais ghinearálta a bhaineann le seirbhísí líonra a sholáthar, rud a chuireann ar a gcumas d’oibreoirí rátaí fánaíochta mórdhíola níos ísle fós a thairiscint. I dteannta a chéile, chuir na tosca sin cosc ar éifeachtaí díobhálacha FATB ar oibreoirí amach.

Leis an tsamhail chostais nua, léirítear acmhainneacht eacnamaíoch le haghaidh tuilleadh laghduithe ar na huasteorainneacha mórdhíola

D’fhoilsigh an Coimisiún staidéar seachtrach chun samhail chostais a thógáil le haghaidh líonra soghluaiste a fheidhmeoidh go héifeachtúil i ngach tír AE/LEE ( 29 ). Na meastacháin is féidir a thuiscint ón tsamhail agus ó shonraí breise faoi phraghsanna idirthurais arna soláthar ag oibreoirí ( 30 ), léirítear leis na meastacháin sin go rabhthas in ann aisghabháil iomlán a dhéanamh ar chostais ar an leibhéal mórdhíola móide corrlach mar gheall ar na huasteorainneacha ar phraghsanna fánaíochta mórdhíola a leagadh síos sa Rialachán Fánaíochta in 2017, mar aon le laghduithe breise ar uasteorainn a tugadh isteach in athmhúnlú 2022 ar an Rialachán Fánaíochta.

Leis an laghdú ar phraghsanna fánaíochta mórdhíola, inar lean meánphraghsanna an mhargaidh mórdhíola de bheith ag dul faoi bhun na dtaraifí uasta mórdhíola rialáilte atá ag laghdú, léirítear go raibh oibreoirí in ann freastal ar an éileamh méadaitheach ar sheirbhísí fánaíochta mórdhíola agus, an tráth céanna, costas a n‑infheistíochta líonra a aisghabháil, lena n‑áirítear costas an chaipitil.

Mheas BEREC, bunaithe ar staidéar seachtrach an Choimisiúin, go bhfuil roinnt spáis eacnamaíoch ann chun na huasteorainneacha mórdhíola a laghdú a thuilleadh agus iad a choinneáil os cionn na gcostas bunúsach i ngach Ballstát san am céanna agus roinnt spáis le haghaidh caibidlíochta faoi bhun na n‑uasteorainneacha san áireamh.

Breithneoidh an Coimisiún na hionchuir sin ina mheasúnú ar na huasteorainneacha mórdhíola. Breithneoidh an Coimisiún freisin tionchar leathnú limistéar FATB chuig tíortha lasmuigh den Aontas, mar a thuairiscítear thuas.

Cás sonrach oibreoirí líonraí fíorúla soghluaiste ar an margadh fánaíochta mórdhíola

Mar gheall ar a gcineál sonrach ( 31 ), ní féidir le hoibreoirí líonraí fíorúla soghluaiste freastal ar thrácht fánaíochta ó oibreoirí líonraí soghluaiste eachtracha mar mhalairt ar an trácht fánaíochta a sheolann siad chuig na hoibreoirí líonraí soghluaiste sin. Ina ionad sin, an trácht fánaíochta amach a ghineann a gcustaiméirí ar an gcoigríoch, ní mór dóibh an trácht fánaíochta sin a cheannach ar rátaí mórdhíola, gan an cumas an trácht sin a thrádáil nó a mhalartú ar thrácht fánaíochta isteach.

Leis an difríocht struchtúrach sin, cuirtear oibreoirí líonraí fíorúla soghluaiste i staid ar leith ó oibreoirí líonraí soghluaiste agus rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola á caibidliú acu, mar a d’aithin BEREC ina thuairimí roimhe seo (2019 agus 2021). Leis na dúshláin sin, cuirtear leis an deacracht a bhíonn ag oibreoirí líonraí fíorúla soghluaiste dul in iomaíocht le hoibreoirí líonraí soghluaiste. Is é an phríomhchúis atá leis sin ná a spleáchas ar oibreoirí líonraí soghluaiste le haghaidh rochtain ar líonraí, sa bhaile agus go hidirnáisiúnta araon. Ina theannta sin, toisc go mbíonn oibreoirí líonraí fíorúla soghluaiste níos lú de ghnáth ó thaobh méide de, is minic nach mbíonn cumhacht ceannaigh mhór acu. Tugtar tuairisc níos mionsonraithe air sin sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo.

Cáilíocht seirbhíse

Ó bhí 2022 ann, leagtar síos leis an Rialachán Fánaíochta oibleagáidí nua agus soiléirithe QoS ar an leibhéal miondíola agus mórdhíola. Ar an leibhéal miondíola, ní mór do sholáthraithe seirbhísí fánaíochta a áirithiú gur féidir le custaiméirí seirbhísí fánaíochta an leibhéal céanna cáilíochta fánaíochta a bheith acu agus mar a bhíonn acu sa bhaile de ghnáth, i gcás inarb indéanta go teicniúil. Ar an leibhéal mórdhíola, ní mór d’oibreoirí ar ar tugadh cuairt a áirithiú go gcomhlíonfar gach iarraidh réasúnta ar rochtain mhórdhíola agus go dtabharfar rochtain do chuardaitheoir rochtana mórdhíola ar na teicneolaíochtaí agus na líonraí uile, chun bheith in ann an leibhéal QoS a sholáthraíonn siad de ghnáth dá gcustaiméirí sa bhaile a sholáthar.

Áirithítear le hoibleagáid an leibhéil mórdhíola nach gcuirfidh oibreoirí ar tugadh cuairt orthu teorainn leis an rochtain mhórdhíola ar líonraí nó teicneolaíochtaí áirithe. Leis an méadú atá ag teacht ar chur chun feidhme 5G, tá coinne leis go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar na neamhréireachtaí a mhínítear thíos i dtéarmaí QoS idir seirbhísí baile agus seirbhísí fánaíochta. Áirítear sa Rialachán Fánaíochta leibhéal solúbthachta do sheirbhísí fánaíochta chun teacht suas le forbairtí teicneolaíochta de réir a chéile.

I dTuairim BEREC, ní shainaithníonn sé aon saincheist maidir le forálacha QoS agus measann sé go bhfuil siad bunriachtanach d’fheidhmiú phrionsabal FATB. Níor thuairiscigh na húdaráis rialála náisiúnta aon díospóid idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta (cuardaitheoirí rochtana agus soláthraithe rochtana) maidir le QoS, bíodh sin maidir le seirbhísí fánaíochta rialáilte nó maidir le seirbhísí fánaíochta Meaisín le Meaisín (M2M).

Measann páirtithe leasmhara a rannchuidigh leis an nglao ar ionchur i dTuairim BEREC go bhfuil na hoibleagáidí maidir le rialacha QoS éifeachtach chun a áirithiú go mbainfidh custaiméirí seirbhísí fánaíochta tairbhe as an QoS céanna agus a bhíonn acu sa bhaile. Chuir roinnt oibreoirí imní in iúl faoi chleachtais idirdhealaitheacha. Deimhníonn BEREC gur saincheist í cáilíocht seirbhíse a n‑éilítear faireachán leanúnach ina leith agus go bhféadfadh sé go mbeadh ga le haird bhreise a thabhairt uirthi agus le hathbhreithniú breise a dhéanamh uirthi amach anseo, chomh maith leis na tosca a chuireann le héagsúlachtaí a shainaithint.

I dTuarascáil Athbhreithnithe 2023, chuir an Coimisiún torthaí mionsonraithe maidir le QoS i láthair. De réir na dtorthaí, bhí seirbhís fánaíochta ar cháilíocht níos ísle ag thart ar 1 as gach 4 tomhaltóirí ná mar a bhíonn acu sa bhaile de ghnáth, amhail luasanna níos ísle agus glúin dhifriúil líonra.

Deimhnítear le suirbhé Eorabharaiméadair 2025 go bhfuil difríochtaí fós ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta idir a QoS baile agus QoS fánaíochta. Bhí luasanna idirlín soghluaiste níos ísle ag duine as gach triúr de na freagróirí a thaistil le dhá bhliain anuas (11 % d’iomlán na bhfreagróirí ar an suirbhé) i gcomparáid leis na luasanna a bhíonn acu sa bhaile de ghnáth. Tá caighdeán leathanbhanda níos ísle ag beagnach duine as gach triúr de na freagróirí i gcomparáid leis an gcaighdeán baile.

Deimhníonn BEREC go bhfuil QoS ar cheann de na catagóirí ina bhfaightear an líon is lú gearán ó thomhaltóirí (3 %).

Le staidéar QoS 2025( 32 ), a rinne an conraitheoir Mozark don Choimisiún, tugadh sonraí níos cruinne maidir leis an ábhar sin. Fuarthas amach sa staidéar nach bhfuil an fheidhmíocht chéanna i leith luasanna íoslódála ag 76 % d’úsáideoirí deiridh seirbhísí fánaíochta agus atá acu ar a líonra baile agus go raibh na luasanna íoslódála, in 80 % de na cásanna sin, níos ísle ná luasanna áitiúla shíntiúsóirí an líonra ar tugadh cuairt air. Tá na torthaí beagán níos fearr i gcás luasanna uaslódála, ina raibh luasanna níos ísle ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta in 63 % agus 68 % de na cásanna, i gcomparáid lena líonra baile agus leis an líonra ar tugadh cuairt air, faoi seach. Bhí feidhmíocht i ndáil le haga folaigh níos measa freisin d’úsáideoirí seirbhísí fánaíochta i gcomparáid lena líonra baile (in 92 % de na cásanna) agus le húsáideoirí deiridh an líonra ar tugadh cuairt air (in 90 % de na cásanna).

Léirítear le hanailís bhreise ar na cásanna ina raibh feidhmíocht fánaíochta níos measa ná mar a bhí sa bhaile go raibh luasanna íoslódála níos ísle ag 84 % d’úsáideoirí agus i gcás 78 % díobh, go raibh na luasanna uaslódála níos ísle ná an fheidhmíocht a chuirtear ar fáil de ghnáth leis an líonra ar tugadh cuairt air. In 91 % de na cásanna ina raibh aga folaigh úsáideora seirbhíse fánaíochta níos measa ná an líonra baile, bhí sé níos measa freisin ná an t‑aga folaigh sa líonra ar tugadh cuairt air.

Ar an taobh eile, bhí luasanna íoslódála níos fearr ag 17 % de na húsáideoirí deiridh seirbhísí fánaíochta ná mar a bhí acu ar an líonra baile agus bhí luasanna uaslódála 30 % níos fearr. I gcomparáid leis an líonra ar tugadh cuairt air, bhain úsáideoirí seirbhísí fánaíochta, luasanna íoslódála níos fearr amach in 14 % de na cásanna agus bhain siad luasanna uaslódála níos fearr amach in 24 % de na cásanna. Bhí aga folaigh níos fearr d’úsáideoirí deiridh seirbhísí fánaíochta in 4 % de na cásanna i gcomparáid le haga folaigh an líonra baile, agus bhí sé 3 % níos fearr i gcomparáid leis an líonra ar tugadh cuairt air.

Maidir le teicneolaíocht líonra cheallaigh a ghiniúint, thángthas ar an gconclúid i staidéar QoS 2025 go raibh úsáideoirí deiridh seirbhísí fánaíochta in ann rochtain a fháil ar theicneolaíocht 5G i mbreis agus 70 % de na cásanna tástála.

Is féidir na torthaí sin a chur i leith roinnt tosca, bídís ina dtosca teicniúla nó tráchtála. Chun forbhreathnú níos fearr a fháil ar na fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann, bheadh sé riachtanach do na húdaráis rialála náisiúnta faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chleachtais QoS a dhéanann oibreoirí.

2.4. Forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíochta

Bhí tionchar dearfach ag cur chun feidhme 5G san Eoraip ar fhánaíocht

Léirítear i dtuarascáil 2025 maidir leis an Deacáid Dhigiteach go raibh cumhdach 5G in 94,35 % ( 33 ) de chríoch an Aontais in 2023. Chuir an Coimisiún an éabhlóid teicneolaíochta sin san áireamh ina mheasúnú ar na margaí fánaíochta.

Ar an leibhéal miondíola, bhí sé d’aidhm ag athmhúnlú an Rialacháin Fánaíochta in 2022 a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí an Aontais tairbhe dhíreach a bhaint as forbairt líonraí 5G agus iad ag taisteal san Aontas. Ba cheart go mbeadh an cháilíocht chéanna seirbhíse ag úsáideoirí AE le linn fánaíochta san Aontas/LEE, lena n‑áirítear glúnta agus teicneolaíochtaí líonra soghluaiste, agus atá acu ina dtír dhúchais.

Soláthraítear le teicneolaíocht 5G feidhmíocht níos fearr agus saintréithe níos éasca do líonraí a mhéid a bhaineann le luas, aga folaigh agus fíorúlú. Is forbairt teicneolaíochta thábhachtach a chumasaítear le 5G é an ‘slisniú líonra’ atá ag teacht chun cinn, lena dtugtar isteach cásanna úsáide nua. Go dtí seo, níor glacadh réitigh shlisnithe 5G go mór sa mhargadh, ná níl aon chomhartha ann a bhfuil coinne leis go n‑úsáidfear é sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Dearbhaíonn BEREC an méid sin freisin ina Thuairim, ina dtugtar faoi deara go bhfuil sé ró‑luath fós measúnú a dhéanamh ar thionchar na bhforbairtí sin ar sheirbhísí fánaíochta traidisiúnta. Maidir leis an tionchar ar sheirbhísí fánaíochta nua nó nuálacha agus ar ionadaithe ar fhánaíocht, níor chuir 5G go mór le hathrú ar an tírdhreach fánaíochta.

Ar an leibhéal mórdhíola, léirítear leis an tsamhail chostais gur tháinig laghdú nach beag ar chostas aonaid agus ‘oibreoir éifeachtúil’ hipitéiseach á shainaithint mar thoradh ar chur chun feidhme chaighdeáin 5G. I dtéarmaí nithiúla, tugann sé sin le fios go mbeidh oibreoirí a dhéanann infheistíocht in 5G in ann a gcostais a laghdú agus a bheith níos iomaíche sa mhargadh. Tá méadú tagtha ar inbhuanaitheacht fhoriomlán FATB ó tháinig laghdú ar na praghsanna mórdhíola a íocann oibreoirí ar cuairt mar thoradh ar an laghdú ar an gcostas a bhaineann le seirbhísí fánaíochta mórdhíola a sholáthar. Is cosúil nach ndearnadh an laghdú sin ar phraghsanna a fhritháireamh trí mhéadú coibhéiseach ar na méideanna fánaíochta arna n‑éascú le cur chun feidhme 5G.

Níl aon fhianaise láidir ann faoi láthair a thacaíonn leis an ngá atá le rialáil a dhéanamh ar bhuanfhánaíocht le haghaidh nascacht meaisín le meaisín (M2M)/Idirlíon na nEarraí (IoT)

I bprionsabal, tá cásanna úsáide M2M/IoT faoi réir chur i bhfeidhm na meán‑uasteorainneacha fánaíochta mórdhíola agus na mbeartas maidir le húsáid chóir.

Mar sin féin, tá fánaíocht bhuan le haghaidh cásanna úsáide M2M/IoT faoi réir caibidlíocht tráchtála mhórdhíola, agus meastar go dtabharfaidh oibreoirí comhaontuithe seirbhísí fánaíochta buana i gcrích chun na críche sin.( 34 ).

Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2022/612 ( 35 ) fánaíocht a éascú le haghaidh cásanna úsáide M2M/IoT, ós rud é gur ‘spreagadh tábhachtach do dhigitiú thionsclaíocht an Aontais é’ agus maidir leis na bearta lena n‑éascaítear fánaíocht do chásanna úsáide M2M/IoT, léiríodh leis an Rialachán gur cheart ‘cur le beartais ghaolmhara de chuid an Aontais in earnálacha amhail earnáil na sláinte, earnáil an fhuinnimh, earnáil an chomhshaoil agus earnáil an iompair’.

Leis an nascacht fánaíochta le haghaidh cásanna úsáide M2M/IoT, tarraingíodh ceisteanna anuas maidir leis an bhféidearthacht i leith cur chuige rialála le haghaidh Idirlíon na Rudaí Nithiúla a athrú (seachas taisteal tréimhsiúil) agus maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le fánaíocht meaisín le meaisín agus fánaíocht idirlíon na rudaí nithiúla a éascú a thuilleadh.

Rinne an Coimisiún measúnú ar éabhlóid an mhargaidh nascachta le haghaidh cásanna úsáide M2M/IoT (féach an Doiciméad Inmheánach Oibre le haghaidh anailís mhionsonraithe), ina bhfuarthas timpeallacht iomaíoch atá éifeachtach go ginearálta ina bhfuil srianta iomaíocha díreacha agus indíreacha araon ar chumhacht fhéideartha na soláthraithe nascachta fánaíochta sa mhargadh.

Tá rochtain éasca ag soláthraithe cásanna úsáide M2M/IoT ar réitigh bhuana nascachta fánaíochta, agus cumhdach an Aontais acu, agus ar phraghsanna miondíola réasúnta íseal in aghaidh na feiste nasctha. Dá bhrí sin, ag an gcéim seo, níl aon fhianaise láidir ann maidir le hidirghabháil rialála a mhéid a bhaineann le coinníollacha nascachta fánaíochta buana le haghaidh cásanna úsáide M2M/IoT.

Mar sin féin, thuairiscigh oibreoirí líonraí fíorúla soghluaiste go bhfuil cleachtais mhórdhíola a d’fhéadfadh a bheith sriantach le haghaidh buanfhánaíocht curtha i bhfeidhm ag cuid de na hoibreoirí líonraí soghluaiste ar a laghad a bhfuil seasamh láidir náisiúnta acu ar an margadh, amhail comhaontuithe eisiacha maidir le rochtain ar fhánaíocht nó méideanna íosta seirbhísí ceannaigh ar deacair iad a bhaint amach, mar choinníoll/réamhchoinníoll chun comhaontuithe buana fánaíochta a thabhairt i gcrích. Chun anailís níos mionsonraithe a fháil ar na saincheisteanna sin, féach an Doiciméad Inmheánach Oibre.

Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairt mhargadh M2M/IoT agus ar leordhóthanacht an Rialacháin Fánaíochta dá riachtanais shonracha.



Forbairtí teicneolaíochta eile

I dtuarascáil athbhreithnithe 2019 ( 36 ), rinne an Coimisiún measúnú ar thionchar na forbartha teicneolaíochta ar an margadh fánaíochta. Breathnaíodh go háirithe sa mheasúnú ar thionchar sheirbhísí OTT, Wi-Fi, eSIM agus 5G. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go gcuireann na teicneolaíochtaí sin roinnt brú ó thaobh iomaíochta de, ach nach leor an brú sin chun tírdhreach iomaíoch na seirbhísí fánaíochta a athrú. San athbhreithniú sin, déanann an Coimisiún athbhreithniú ar an measúnú sin.

Go ginearálta, is féidir forbairtí teicneolaíochta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fhánaíocht rialáilte a roinnt ina dhá phríomhchatagóir: (i) forbairtí a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí deiridh fánaíocht a sheachaint (e.g. comhbhailiú Wi-Fi agus Wi-Fi, seirbhísí OTT, chomh maith le cumarsáid satailíte ísealfhithis dhomhanda (LEO)) agus (ii) forbairtí a chuireann ar a gcumas do ghníomhaithe eile a bheith ann agus seirbhísí fánaíochta a thairiscint (e.g. eSIManna agus slisniú 5G).

Tá buntáistí áirithe ag gach cineál, ach is cosúil nach bhfuil aon chineál eile ina n‑ionad nithiúil ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte faoin gcóras FATB, ná ní chuireann siad brú nach beag iomaíoch orthu. Ina Thuairim, measann BEREC nach meastar go bhfuil na teicneolaíochtaí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ina n‑ionad do sheirbhísí fánaíochta ach comhlántach nó sonrach do thionscadail a bhfuil saintréithe teirminéil dea‑shainithe acu. Cé go bhféadfadh eSIManna roinnt brú a chur ar oibreoirí, is le haghaidh fánaíocht RoW den chuid is mó a úsáidtear iad faoi láthair.

I gcás Wi-Fi, déantar a infhaighteacht mhéadaithe agus a éascaíocht úsáide a fhrithchothromú leis an easpa cumhdach iomlán, chomh maith leis na buntáistí móra a bhaineann le cáilíocht mhéadaithe 5G agus solúbthacht FATB, rud a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí tairbhe a bhaint as a síntiúis baile. An tráth céanna, níl tábhacht mhór ag baint le slisniú 5G go fóill agus níor úsáideadh go forleathan é.

Is cosúil go bhfuil tuilleadh tábhachta ag baint le OTTanna don trácht baile agus fánaíochta araon, ach ní féidir an tionchar sonrach ar fhánaíocht a mheas mar mhórathrú, agus ní bheidh tionchar ag eSIManna — go luath amach anseo ar a laghad — ar an bhfánaíocht. Meastar gur míbhuntáiste mór é an fíoras go bhféadfadh réiteach atá bunaithe ar eSIM a cheangal ar an úsáideoir uimhir shoghluaiste a athrú le linn fánaíochta.

Éilítear le réiteach eSIManna comhar forleathan idir páirtithe éagsúla sa luachshlabra freisin, lena n‑áirítear monaróirí feistí, oibreoirí líonraí soghluaiste, oibreoirí líonraí fíorúla soghluaiste agus tomhaltóirí. D’ainneoin an mhéadaithe mhóir atá tagtha ar an líon eSIManna, tá coinne leis go mbeidh ról acu i bhfánaíocht ‘na coda eile den domhan’ seachas i dtimpeallacht FATB.

D’fhéadfadh satailítí LEO cumhdach iomlán AE/LEE a chur ar fáil, ach níl na réitigh ar fáil go forleathan fós d’úsáideoirí deiridh.

Ar deireadh, ní úsáideann ach líon teoranta oibreoirí ardáin trádála ar líne, cé go bhfuil siad ar fáil. Dá bhrí sin, cuireann a raon teoranta cosc orthu a bheith éifeachtach maidir le praghsanna mórdhíola a laghdú a mhéid is leor chun údar a thabhairt le deireadh a chur leis na hoibleagáidí rialála faoin Rialachán Fánaíochta.

Tar éis don Choimisiún an méid thuas a mheas, measann sé nach mbeidh aon fhorbairt teicneolaíochta ghearrthéarmach go meántéarmach ann a d’fheidhmeodh go mór mar iomaitheoir nó mar ionadaí ar an gcóras FATB is infheidhme faoi láthair, nó a chuirfeadh brú iomaíoch leordhóthanach chun an córas atá ann faoi láthair a dhéanamh neamhábhartha.

Dá bhrí sin, is cosúil go bhfuil na bearta rialála a fhorchuirtear fós iomchuí agus oiriúnach don fheidhm sa chomhthéacs reatha.

3.Conclúid

Is é conclúid an athbhreithnithe sin lena gcumhdaítear na tosca ábhartha uile a leagtar amach in Airteagal 21 den Rialachán Fánaíochta go bhfuil córas FATB fós oiriúnach don fheidhm, lena mbaintear amach a chuspóirí go héifeachtach maidir le hiomaíocht a chur chun cinn, praghsanna a laghdú agus cáilíocht seirbhísí fánaíochta a fheabhsú, ar mhaithe le tomhaltóirí Eorpacha.

Mar a tharla in 2019, léirítear san athbhreithniú, d’ainneoin comharthaí de dhinimic iomaíochta ar na margaí fánaíochta miondíola agus mórdhíola araon, nach bhfuil athrú substaintiúil tagtha ar na dálaí bunúsacha iomaíochta agus nach dócha go n‑athróidh siad amach anseo.

Léiríodh go bhfuil creat foriomlán an Rialacháin Fánaíochta éifeachtach, agus go bhfuil sé éifeachtach freisin maidir le hiomaíocht a threisiú ar an leibhéal mórdhíola agus dinimic a chruthú sa mhargadh mórdhíola, agus praghsanna fánaíochta mórdhíola ag laghdú de réir a chéile agus ag fanacht i bhfad faoi bhun na n‑uasteorainneacha mórdhíola rialáilte.

I gcás Brexit, le dírialáil iomlán na seirbhísí fánaíochta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, leagadh béim ar a thábhachtaí atá creat FATB atá ann faoi láthair agus ar an ngá atá ann é a choinneáil ar bun chun seirbhísí fánaíochta miondíola saor in aisce a áirithiú do thomhaltóirí an Aontais. I gcomhthreo, is dócha go n‑áireofar an Úcráin agus an Mholdóiv den chéad uair i limistéar FATB sna míonna amach romhainn, faoi réir measúnú dearfach ar a ailíniú le reachtaíocht an Aontais — próiseas a ndéanfaidh an Coimisiún faireachán air.

Déanfaidh an Coimisiún, bunaithe ar thorthaí na samhla costais agus ar thuairim BEREC, go háirithe, faireachán agus measúnú breise ar dhinimic an mhargaidh agus ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag laghduithe ar uasteorainneacha mórdhíola, i bhfianaise an spáis eacnamaíoch a léirítear leis an tsamhail chostais.

Mhol BEREC ina Thuairim go bhféadfaí feabhsuithe eile ar na rialacha seirbhísí fánaíochta atá ag feidhmiú go maith cheana féin a mheas a mhéid a bhaineann le sásraí áirithe de chuid na mbeartas maidir le húsáid chóir a shoiléiriú, an teachtaireacht fáilte agus na bearta trédhearcachta (lena n‑áirítear na bunachair sonraí) a dhearadh ar bhealach níos fearr agus a áirithiú go rachfar i ngleic go héifeachtach le fadhbanna fánaíochta neamhaireacha. Is gá tuilleadh faireacháin a dhéanamh ar chur chun feidhme na rialacha sin. Ar an gcaoi chéanna, éileofar leis na torthaí ar QoS go ndéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus an Coimisiún dlúthfhaireachán ar na forálacha QoS is infheidhme faoi láthair. Ina theannta sin, roinnt feabhsuithe eile, a mhol BEREC, amhail cuíchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas bailithe sonraí leis na húdaráis rialála náisiúnta agus BEREC, d’fhéadfaí iad a chur chun feidhme freisin gan an Rialachán Fánaíochta a leasú.

Ar an iomlán, ní chaitheann na feabhsuithe a mholtar amhras ar na prionsabail ghinearálta is bonn leis an Rialachán, atá ábhartha agus éifeachtach fós agus ba cheart iad a choinneáil. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin ós rud é go bhfuil an creat Eorpach rathúil sin le leathnú go luath chuig tíortha eile nach tíortha den Aontas Eorpach iad.

(1) ()    Rialachán (AE) Uimh. 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 115, 13.4.2022, lgh. 1–37).
(2) ()     Bailchríoch a chur ar an tsamhail chostais shoghluaiste le haghaidh fánaíochta agus ar an ngníomh tarmligthe maidir le foirceannadh glao gutha soghluaiste aonair ar fud an Aontais | Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú , an 18 Nollaig 2024.
(3) ()    Airteagal 7 den Rialachán Fánaíochta
(4) ()    Deimhníodh san athbhreithniú go mbaineann formhór mór chónaitheoirí an Aontais leas as seirbhísí soghluaiste agus iad ag taisteal san Aontas/LEE faoi choinníollacha FATB. Chuir oibreoirí chun feidhme go forleathan an beartas maidir le húsáid chóir atá ann cheana lenar cuireadh ar a gcumas chun a áirithiú go mbeadh taistealaithe tréimhsiúla in ann tairbhiú de FATB agus aghaidh á tabhairt san am céanna ar mhí-úsáid nó úsáid aimhrialta fánaíochta. Ar deireadh, níor tugadh faoi deara aon tionchar mór maidir le margaí baile: níor tháinig aon athrú ar an struchtúr taraife ná ar infhaighteacht síntiúis shoghluaiste baile.
(5) ()    Flais-Eorabharaiméadar 521, an Coimisiún Eorpach, Iúil 2023 agus Eorabharaiméadar Speisialta 560 (fós le foilsiú)
(6) ()    In 2023, thuairiscigh formhór na núdarás rialála náisiúnta níos lú ná 50 gearán ó thomhaltóirí. Fiú sna tíortha is mó daonra, bhí na gearáin a tuairiscíodh fós faoi bhun 300.
(7) ()    Féach leathanaigh 11-12.
(8) ()    Sna chéad trí ráithe tar éis thabhairt isteach FATB (R3 2017, R4 2017 agus R1 2018) i gcomparáid lena leibhéal bliain amháin roimhe sin.
(9) ()    R3 2017 i gcomparáid le bliain amháin roimhe sin.
(10) () R3 2017 i gcomparáid le R3 2024.
(11) ()    Léirítear i bhFíor 2 cásanna ina gcuireann oibreoirí teorainneacha cuachta sonraí oscailte i bhfeidhm mar a cheadaítear leis an Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún, lena léirítear an nasc idir uasteorainn mhórdhíola atá ag laghdú agus an liúntas fánaíochta atá ag dul i méid faoin mBeartas maidir le hÚsáid Chóir, le haghaidh úsáideoirí a bhfuil síntiús acu lena bhfuil praghas míosúil seasmhach i gceist thar na blianta. Is í seo a leanas an fhoirmle ábhartha a úsáidtear: Liúntas sonraí faoin mbeartas maidir le húsáid chóir = (praghas an phlean taraife gan CBL/uasteorainn fánaíochta mórdhíola)
(12) ()    Má théann an teorainn ar shonraí fánaíochta faoin mbeartas maidir le húsáid chóir thar an teorainn toirte baile, is í an toirt baile an teorainn is infheidhme. Tá na praghsanna agus na huasteorainneacha uile léiritheach agus ní chuirtear i láthair iad ach mar shampla. Is iad na beartais maidir le húsáid chóir a chuirtear i láthair torthaí na foirmle a cuireadh i bhfeidhm. Braitheann cur i bhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir ar cé acu a mheastar nó nach meastar gur cuach sonraí oscailte nó síntiús sonraí neamhtheoranta é an síntiús.
(13) ()    I gcodarsnacht leis sin, ní bhainfeadh tomhaltóirí a bhfuil plean cuachta sonraí oscailte eile acu (i.e. i gcás ina bhfuil an praghas in aghaidh an GB a áirítear sa síntiús baile níos ísle ná an praghas mórdhíola rialáilte) tairbhe as liúntas sonraí méadaithe. Sa chás sin, beidh an custaiméir seirbhísí fánaíochta in ann a mhéid iomlán sonraí baile a úsáid fiú le linn fánaíochta — mar is amhlaidh atá cheana féin. I gcás an chustaiméara seirbhísí fánaíochta, ní bheidh méideanna breise fánaíochta sonraí mar thoradh ar an bpraghas mórdhíola níos ísle. Níl sé d’oibleagáid ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta níos mó fánaíochta sonraí a thairiscint ná an toirt sonraí baile.
(14) ()    BoR(25)48.
(15) ()    SWD(2024) 8, Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le torthaí athbhreithniú tréimhsiúil 2023 ar na rialacha i ndáil leis an mbeartas maidir le húsáid chóir fánaíochta agus an maolú inbhuanaitheachta a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2016.
(16) ()    In 2024, níor deonaíodh maolú inbhuanaitheachta ach do 9 noibreoir líonraí fíorúla soghluaiste.
(17) ()    Cuireann staidéir Empirica na híosphraghsanna normalaithe in euro (EUR/paireacht cumhachta ceannaigh) i bhfeidhm ar fud gach Ballstáit den Aontas maidir le bailiúchán ciseán. Is féidir na mionsonraí maidir leis an tomhaltas a áirítear i ngach ciseán anailísithe a fháil i Roinn 3 (Modheolaíocht)
(18) ()    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2016 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir agus maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar a inbhuanaithe atá sé deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola agus maidir leis an iarratas a bheidh le cur isteach ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe sin (IO AE L 344, 17.12.2016, lch. 46 ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg_impl/2016/2286/oj).
(19) ()    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a leagan síos (IO AE L 137, 22.4.2021, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg_del/2021/654/oj).
(20) ()    Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 (IO L 321, 17.12.2018, lgh. 1–35).
(21) ()    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 321, 17.12.2018, lgh. 36–214.
(22) ()    Síníodh an comhaontú deonach idir an tAontas agus an Úcráin le haghaidh fánaíocht inacmhainne nó saor in aisce agus glaonna idirnáisiúnta i mí Aibreáin 2022, https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_22_2371 .
(23) ()    Síníodh an Dearbhú Comhpháirteach ó oibreoirí soghluaiste an Aontais agus na Moldóive chun táillí fánaíochta a laghdú i mí na Bealtaine 2023, https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/joint-declaration-eu-and-moldovan-mobile-operators-reduce-roaming-charges#:~:text=Thanks%20to%20the%20declaration%2C%20from,tariffs%20and%20data%20roaming%20tariffs .
(24) ()    Síníodh an dearbhú fánaíochta idir an tAontas agus na Balcáin Thiar i mí na Nollag 2022, https://neighbourhood-enlargement.ec.europa.eu/system/files/2022-12/eu-wb-roaming-declaration.pdf .
(25) ()    Léirítear i gcomparáid a rinneadh idir an tréimhse ó R4 2022 go R3 2023 go raibh méadú beag ar ghlaonna agus SMS, lena gcuirtear i leith athrú modheolaíochta a cuireadh chun feidhme in 2021 maidir le fánaíocht, lena ndearnadh soláthraithe na Ríochta Aontaithe (ar an leibhéal mórdhíola) agus síntiúsóirí na Ríochta Aontaithe (ar an leibhéal miondíola) a athaicmiú ó ghrúpa ‘LEE’ go dtí an chatagóir ‘An chuid eile den Domhan’ (RoW), rud a d’imir tionchar ar phraghsanna fánaíochta don Ríocht Aontaithe.
(26) () Is é EUR 1,55/GB in 2024, EUR 1,3/GB in 2025, EUR 1,1/GB in 2026 agus EUR 1/GB ó 2027 ar aghaidh na huasteorainneacha fánaíochta mórdhíola breise a tugadh isteach i rialachán Fánaíochta 2022.
(27) ()    30th BEREC International Roaming Benchmark Data and Monitoring Report, BoR (24) 38, Márta 2024.
(28) ()    Ó 2025 ar aghaidh, socraítear an uasteorainn mhórdhíola do sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna ag EUR 1,9 cent/nóim.
(29) ()    Staidéar CNECT/2022/OP/0065 ‘Measúnú ar an gcostas a bhaineann le seirbhísí teileachumarsáide soghluaiste a sholáthar san Aontas/LEE’ le AXON, Nollaig 2024, ar fáil https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/library/finalisation-mobile-cost-model-roaming-and-delegated-act-single-eu-wide-mobile-voice-call-0. Níor chuir an Laitvia, an Liotuáin, an Eastóin, an Ísiltír, an Íoslainn ná Lichtinstéin na sonraí is gá ar fáil chun an tsamhail a thógáil sna tíortha sin. Rinneadh an staidéar i ndlúthchomhar leis na húdaráis rialála náisiúnta agus BEREC.
(30) ()    Cuirtear an tsamhail chostais agus torthaí na samhla chostais, chomh maith le meastacháin ar phraghsanna idirthurais, i láthair sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi.
(31) ()    Oibríonn oibreoir líonraí fíorúla soghluaiste gan úinéireacht a bheith aige ar líonra rochtana raidió sa tír nó sna tíortha ina soláthraíonn sé seirbhísí.
(32) () Nár foilsíodh go fóill. Uimhir thagartha: EC-CNECT/2024/OP-0084.
(33) ()    Ní chuirtear cáilíocht na seirbhíse san áireamh leis an bpríomhtháscaire feidhmíochta a úsáidtear le haghaidh sprioc 5G, agus dá bhrí sin is féidir an chuid is mó de chur chun feidhme 5G atá ann faoi láthair a chatagóiriú mar ‘5G bunúsach’. Maidir le 5G ‘neamhspleách’, a sholáthraíonn iontaofacht ard agus aga folaigh íseal agus atá ríthábhachtach chun ardghnéithe a chumasú, ní chuirtear chun feidhme fós é ar aon scála suntasach, ach amháin i bhfíorbheagán líonraí príobháideacha. Idir an dá linn, cumhdach 5G sa bhanda 3,4-3,8 GHz, a mheastar a bheith ina phríomhbhanda ceannródaíoch le haghaidh 5G san Aontas – agus arb é an taon lárbhanda amháin atá ar fáil ar mhórscála a thugann cothromaíocht mhaith idir cumhdach agus acmhainneacht – 67,72 % atá sa chumhdach sin in 2024.
(34) ()    Aithris 22 de Rialachán (AE) 2022/612: ‘[…] Tá buanfhánaíocht faoi réir caibidlíocht tráchtála, áfach, agus is féidir le dhá chomhpháirtí fánaíochta teacht ar chomhaontú ina leith i gcomhaontú fánaíochta mórdhíola. Ionas go mbeifear in ann margaí níos éifeachtúla agus níos iomaíche a fhorbairt le haghaidh cumarsáid meaisín le meaisín, táthar ag dréim leis, de réir a chéile, go ndéanfaidh oibreoirí na líonraí soghluaiste gach iarraidh réasúnach ar chomhaontuithe fánaíochta mórdhíola ar théarmaí réasúnacha a fhreagairt agus go nglacfaidh siad leis na hiarrataí sin, agus go gceadóidh siad an bhuanfhánaíocht go sainráite le haghaidh cumarsáid meaisín le meaisín.’
(35) () I ndáil leis sin, féach aithris (68) de Rialachán (AE) 2022/612.
(36) ()    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an Tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar an margadh fánaíochta (SWD(2019)416 final).