TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) 2016/429 maidir le galair in‑tarchurtha ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’)
1.RÉAMHRÁ
Glacadh Rialachán (AE) 2016/429 maidir le galair in‑tarchurtha ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’)() in 2016. Tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm an 21 Aibreán 2016, agus tá sé infheidhme ó bhí an 21 Aibreán 2021 ann.
Cuirtear an Rialachán in ionad chorpas iomlán na reachtaíochta sláinte ainmhithe atá comhchuibhithe go hiomlán (39 dTreoir agus Rialachán) agus déantar foráil ann maidir le creat rialála níos simplí agus níos solúbtha agus cur chuige níos rioscabhunaithe chun ceanglais sláinte ainmhithe a leagan amach á áirithiú, maille le hullmhacht, cosc agus rialú feabhsaithe i gcás galair in‑tarchurtha liostaithe.
Ina theannta sin, soiléirítear ann ról na ngníomhaithe éagsúla i sláinte ainmhithe agus cuirtear deiseanna ar fáil chun ualach riaracháin a laghdú d’fheirmeoirí, d’oibreoirí eile agus d’údaráis inniúla gan stádas sláinte ainmhithe a chur i mbaol san Aontas. Thairis sin, cuirtear uirlisí níos oiriúnaí ar fáil chun déileáil le géarchéimeanna (e.g. galair atá ag teacht chun cinn) nó chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha (e.g. frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha) agus bíonn níos lú caillteanas eacnamaíoch ann de dheasca ráigeanna galair a bhuí leis.
De réir fhorálacha an Rialacháin, cumhachtaítear don Choimisiún líon mór gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe a ghlacadh. Ina theannta sin, cuireann sé ceangal ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid an chomhreachtóra maidir le feidhmiú na gcumhachtaí tarmligthe sin.
2.BUNÚS DLÍ
Tá an tuarascáil seo ina ceanglas faoi Airteagal 264(3) de Rialachán (AE) 2016/429. De bhun na forála seo, cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir leis na hábhair a liostaítear ann ar feadh tréimhse 5 bliana ón 20 Aibreán 2016 agus ní mór don Choimisiún tuarascáil a ullmhú maidir leis an gcumhacht tarmligthe 9 mí ar a dhéanaí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana. Foilsíodh an tuarascáil roimhe sin an 12 Feabhra 2021().
De réir Airteagal 264(3), cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(5), 5(2) 5(4), 14(3), 16(2), 18(3), 20(3), 29, 31(5), 32(2), 37(5), 39, 41(3), 42(6), 47(1), 48(3), 53(2), 54(3), 55(2), 58(2), 63, 64(4), 67, 68(2), 68(3), 70(3), 72(2), 73(3), 74(4), 76(5), 77(2), 87(3), 94(3), 97(2), 101(3), 106(1), 109(2), 118(1), 118(2), 119(1), 122(1), 122(2), 125(2), 131(1), 132(2), 135, 136(2), 137(2), 138(3), 139(4), 140, 144(1), 146(1), 147, 149(4), 151(3), 154(1), 156(1), 160(1), 160(2), 161(6), 162(3), 162(4), 163(5), 164(2), 165(3), 166(3), 167(5), 168(3), 169(5), 176(4), 181(2), 185(5), 189(1), 192(2), 197(3), 200(3), 201(3), 202(3), 203(2), 204(3), 205(2), 211(1), 213(1), 214, 216(4), 218(3), 221(1), 222(3), 223(6), 224(3), 228(1), 230(3), 234(2), 237(4), 239(2), 240(2), 241(2), 242(2), 245(3), 246(3), 249(3), 252(1), 254, 263, 271(2), 272(2), 279(2), agus 280(4) de Rialachán (AE) 2016/429.
Leagtar síos le hAirteagal 264(3) den Rialachán sin go ndéanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse, agus luaitear in Airteagal 264(4) go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta a chúlghairm tráth ar bith.
3.AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ
D’fheidhmigh an Coimisiún an tarmligean bunaithe ar Rialachán (AE) 2016/429 ó 2018 ar aghaidh agus tharraing sé suas tuarascáil ar na cumhachtaí feidhmithe don tréimhse ó 2016 go 2021 in 2021 ().
Is í seo an dara tuarascáil ar na cumhachtaí feidhmithe faoin rialachán a luaitear agus cumhdaítear léi tréimhse 5 bliana ón tuarascáil deiridh, ó 2021 ar aghaidh.
Le linn na tréimhse tuairiscithe, d’fheidhmigh an Coimisiún a chumhachtaí tarmligthe trí na gníomhartha tarmligthe seo a leanas a ghlacadh:
·Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/139 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le stoic bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais a bhainistiú, a stóráil agus a athsholáthar agus na ceanglais bhithshlándála, bhithshábháilteachta agus bhithchoimeádta maidir leis na bainc sin a fheidhmiú ();
·Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta áirithe chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)();
·Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2623 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le stádas saor ó ghalair do dheighleoga ina gcoimeádtar ainmhithe talún a fhormheas agus a aithint ().
Faoin am seo, tá 85 as na 110 gcumhachtú úsáidte ag an gCoimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/429.
Léirítear sa tábla thíos na gníomhartha breise a glacadh ó foilsíodh an tuarascáil roimhe sin agus na cumhachtuithe ábhartha i Rialachán (AE) 2016/429.
|
Gníomh Tarmligthe
|
Cumhachtuithe i Rialachán (AE) 2016/429
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/139 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le stoic bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais a bhainistiú, a stóráil agus a athsholáthar agus na ceanglais bhithshlándála, bhithshábháilteachta agus bhithchoimeádta maidir leis na bainc sin a fheidhmiú
|
Airteagal 48(3)
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta áirithe chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú
|
Airteagal 47(1)
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2623 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le stádas saor ó ghalair do dheighleoga ina gcoimeádtar ainmhithe talún a fhormheas agus a aithint
|
Airteagal 37(5)
|
Thairis sin, leasaíodh roinnt Rialachán Tarmligthe a glacadh roimh 2021 agus a bhí sa tuarascáil roimhe seo mar a leanas:
|
Rialachán Tarmligthe:
|
Arna leasú le:
|
Cumhachtuithe i Rialachán (AE) 2016/429
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe ar coimeád agus uibheacha goir ()
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1625 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2020 ()
|
Airteagail 118(1), 118(2)
|
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2168 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2021 ()
|
Airteagail 94(3), 97(2), 118(1), 118(2), 122(2)
|
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/590 ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2023 ()
|
Airteagail 3(5), 87(3), 94(3), 97(2), 101(3), 106(1), 118(1), 118(2), 119(1), 122(2), 271(2), 279(2)
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 ón gCoimisiún
an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunaíochtaí táirgí geirmeacha a fhormheas agus le ceanglais inrianaitheachta agus sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád laistigh den Aontas ()
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/880 ón gCoimisiún an 5 Márta 2021 ()
|
Airteagail 122(1), 122(2), 160(1), 160(2) 162(3), 162(4), 163(5), 164(2), 165(3), 279(2)
|
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/647 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2023 ()
|
Airteagail 160(1), 160(2), 162(4) agus 164(2)
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú ()
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1140 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 ()
|
An chéad mhír d’Airteagal 67, Airteagal 272(2)
|
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/751 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2023 ()
|
Airteagal 67
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas ()
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1706 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 ()
|
Airteagail 131(1), 135, 136(2), 140, 144(1), 147, 156(1)
|
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/118 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2022 ()
|
Airteagail 140(b), 149(4)
|
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2515 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2023 ()
|
Airteagail 131(1), pointí (c) agus (d), 132(2), 140(b), 144(1), pointí (a) agus (b), Airteagal 146(1), Airteagal 149(4)
|
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3160 ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2024 ()
|
Airteagal 131(1) pointí (c) agus (d),
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe, agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn ()
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/881 ón gCoimisiún an 23 Márta 2021 ()
|
an abairt tosaigh agus pointí (a) agus (d) d’Airteagal 29, an abairt tosaigh agus pointí (a) agus (b) d’Airteagal 31(5), an abairt tosaigh agus pointe (c) d’Airteagal 32(2), an abairt tosaigh agus pointí (a) agus (b) d’Airteagal 41(3), Airteagal 42(6)
|
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1570 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2023 ()
|
Airteagal 42(6)
|
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1798 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2023 ()
|
Airteagail 29, pointí (a) agus (d), 37(5), 39, 41(3)
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach ()
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1703 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 ()
|
Airteagail 234(2), 237(4), 239(2)
|
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1705 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 ()
|
Airteagail 234(2), 237(4), 239(2), 279(2)
|
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/54 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 ()
|
Airteagal 239(2)
|
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/119 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2022 ()
|
Airteagail 3(5), 234(2), 237(4), 239(2)
|
Níor úsáideadh cumhachtuithe áirithe Rialachán (AE) 2016/429 go dtí seo, ar na cúiseanna a mhínítear thíos.
·Níor úsáideadh go dtí seo cumhachtú Airteagal 14(3) maidir le cúraimí is féidir le húdaráis inniúla a tharmligean chuig tréidlianna nach tréidlianna oifigiúla iad agus cumhachtú Airteagal 16(2) maidir le bearta sábháilteachta i saotharlanna. Tá an Coimisiún fós ag déanamh measúnú ar an ngá atá le gníomhartha sonracha a ullmhú a bhaineann leis an dá chumhachtú sin.
·Níor baineadh úsáid go dtí seo as cumhachtuithe Airteagal 18(3) agus Airteagal 20(3) a bhaineann le fógra agus tuairisc a thabhairt i leith galar. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le gníomhú i ndáil leis sin i bhfianaise na taithí a fuarthas ar chur i bhfeidhm praiticiúil na rialacha nua. Is amhlaidh atá i gcás chumhachtú Airteagal 151(3) maidir le doiciméid féindearbhúcháin le haghaidh ainmhithe talún agus cumhachtú Airteagal 167(5) maidir le maoluithe ar an oibleagáid deimhniúcháin i ndáil le gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch.
·Níor úsáideadh go dtí seo cumhachtú Airteagal 109(2) maidir le faisnéis a thaifeadadh i mbunachar sonraí ríomhaireachta maidir le hainmhithe talún ar coimeád, ar ainmhithe iad de speicis ainmhithe seachas iad siúd a leagtar amach sa bhun‑Rialachán. Mar sin féin, ní mór é a leathnú chun a chur ar a chumas don Choimisiún ceanglais a leagan síos maidir leis an mbunachar sonraí ríomhaireachta le haghaidh na speiceas ainmhithe sin má thagann gá den sórt sin chun cinn amach anseo nó nuair a thiocfaidh sé chun cinn. I gcomhréir leis an bhforáil sin, déanann an Coimisiún measúnú leanúnach ar an ngá atá le gníomh tarmligthe a ullmhú chun ceanglais den sórt sin a leagan síos.
·Níor baineadh úsáid go dtí seo as cumhachtuithe Airteagal 138(3) agus Airteagal 139(4) a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le maoluithe arna ndeonú ag údaráis inniúla maidir le haghaidh gluaiseachtaí áirithe ainmhithe talún. Tá feidhm ag coinníollacha comhchosúla maidir le cumhachtuithe Airteagal 200 agus Airteagal 204 i dtaca le cineálacha áirithe gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha agus Airteagal 214 a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le deimhniú sláinte ainmhithe le haghaidh cineálacha sonracha gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha. Déanfaidh an Coimisiún measúnú leanúnach ar an ngá atá le gníomhú i ndáil leis sin i bhfianaise na taithí a fuarthas ar chur i bhfeidhm praiticiúil na rialacha nua.
·Níor úsáideadh go dtí seo cumhachtú Airteagal 228 lena gcuirtear ar a chumas don Choimisiún ceanglais sláinte ainmhithe a leagan síos maidir le ‘hainmhithe eile’, i.e. ainmhithe nach ainmhithe talún ná ainmhithe uisceacha iad. Níor ghníomhaigh an Coimisiún go dtí seo, ach ba cheart go mbeadh sé in ann rialacha maidir le sláinte ainmhithe a leagan síos le haghaidh na n‑ainmhithe sin (e.g. reiptílí, débheathaigh) nuair atá gá le hinrianaitheacht nó rialacha maidir le galar a chosc agus a rialú atá níos mionsonraithe nó níos sonraí le haghaidh speiceas den sórt sin, mar gheall ar an riosca sláinte.
·Níor úsáideadh go dtí seo cumhachtú Airteagal 230(3) a mhéid a bhaineann le teorainn a chur leis an deis atá ag na Ballstáit liostaí de thríú tíortha a tharraingt suas ónar féidir leo tráchtearraí a thabhairt isteach san Aontas in éagmais na liostaí atá le tarraingt suas i reachtaíocht an Aontais. Ní tharraingítear suas na liostaí de thríú tíortha le haghaidh na dtráchtearraí uile i reachtaíocht an Aontais. Coinníonn an Coimisiún súil ghéar ar fhorbairt na liostaí agus déanann sé measúnú ar an ngá atá leis na rialacha a ghlacadh bunaithe ar an gcumhachtú sin. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go bhfuil sé stuama an cumhachtú sin a choimeád amach anseo.
·Le cumhachtuithe Airteagail 240 go 242, tugtar cumhachtaí don Choimisiún bearta cosanta agus coisctheacha sonracha a leagan síos ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear bithshlándáil, a bhaineann le táirgí agus modhanna iompair áirithe a theacht isteach san Aontas. Tá na cumhachtuithe sin tábhachtach toisc go ndéantar foráil leo go bhféadfaí rialacha den sórt sin a fhorbairt amach anseo chun leathadh galar ainmhithe isteach san Aontas a chosc agus chun rannchuidiú leis an mbithshlándáil ag teorainneacha seachtracha an Aontais a threisiú.
·Tá gníomh tarmligthe maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí trí úsáid a bhaint as cumhachtuithe Chuid VI (Airteagail 245 go 254) de Rialachán (AE) 2016/429 á fhorbairt agus beartaítear é a ghlacadh in 2025.
·Níor úsáideadh cumhachtú Airteagal 263 chun Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/429 a leasú le linn na tréimhse tuairiscithe, toisc nach raibh aon athrú tacsanomaíoch ann lena dtabharfaí an chúis leis an leasú sin. D’fhéadfadh athruithe tacsanomaíocha den sórt sin tarlú tráth ar bith agus d’fhéadfadh sé gur gá don Choimisiún freagairt dá réir sin agus leasuithe is gá a thabhairt isteach.
4.CONCLÚID
Ós rud é go bhfuil Rialachán (AE) 2016/429 i bhfeidhm ó bhí an 21 Aibreán 2021 ann agus go bhfuiltear tar éis na cumhachtuithe a úsáid go forleathan go dtí seo, agus ar mhaithe leis na Ballstáit agus na hearnálacha talmhaíochta agus dobharshaothraithe san Aontas, measann an Coimisiún gur gá síneadh a chur leis na cumhachtuithe uile chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá bhforáiltear sa Rialachán sin thar an tréimhse 5 bliana atá ann faoi láthair. Tá tábhacht i gcónaí ag baint leis an bhféidearthacht rialacha a fhorbairt bunaithe ar na cumhachtuithe chun an tsolúbthacht is gá a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme na rialacha, chun iad a shimpliú agus a shoiléiriú, iad a chur in oiriúint go rialta do na caighdeáin eolaíocha is déanaí agus deis a thabhairt don Choimisiún gníomhú sna réimsí nár ghníomhaigh sé go dtí seo, ach a bhfhéadfadh gá a bheith leis sin amach anseo.