AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.6.2025
COM(2025) 310 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
NextGenerationEU – An bóthar go 2026
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.6.2025
COM(2025) 310 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
NextGenerationEU – An bóthar go 2026
NextGenerationEU – An bóthar go 2026
Agus bliain go leith fágtha chun an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) a thabhairt chun críche go rathúil, sa Teachtaireacht seo déantar cur chun feidhme na hionstraime sealadaí uathúla sin a mheas agus breathnaítear chun cinn i dtreo a clabhsúir ag deireadh 2026.
Déantar achoimre sa Teachtaireacht ar dtús ar na príomhthorthaí a baineadh amach le STA agus déantar breithniú ar an gcur chun feidhme foriomlán go dtí seo. Ansin, luaitear an creat dlíthiúil is infheidhme agus na sprioc-amanna ábhartha, mar aon lena n‑impleachtaí oibríochtúla a mhéid a bhaineann le hiarratais ar íocaíocht a chur isteach, fianaise a sholáthar, an nós imeachta um íocaíochtaí a chur ar fionraí agus athbhreithniú a dhéanamh ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta. Chun torthaí a uasmhéadú os comhair moilleanna agus dheireadh na Saoráide atá ag druidim linn, cuirtear treoraíocht ar fáil do na Ballstáit ansin maidir le conas a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chuíchóiriú a thuilleadh, cé na roghanna is ceart a mheas agus iad á n‑athbhreithniú, agus conas pleanáil chun cinn chun na hiarratais ar íocaíocht deiridh a chur isteach in 2026.
1.Tá torthaí nithiúla ar an láthair á mbaint amach ag STA
1.1.Freagairt thapa ar an bpaindéim, rud a chuir éifeachtaí fadtéarmacha fáis chun cinn
Ba athrú ó bhonn í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le freagairt na hEorpa ar thionchair phaindéim COVID‑19. Nuair a fógraíodh é in 2020 mar an chroíghné NextGenerationEU (NGEU), léiríodh tiomantas an Aontais do ghníomhaíocht chuimsitheach réamhbhreathnaitheach a dhéanamh chun téarnamh go tapa agus go hinbhuanaithe ó thionchair dhrámatúla na paindéime. Bhí na chéad éifeachtaí le brath láithreach: d’fhreagair margaí agus infheisteoirí go dearfach uirthi, laghdaigh raonta difríochta na mbannaí ceannasacha, agus treisíodh an chobhsaíocht airgeadais, rud a rinne dálaí eacnamaíocha agus sóisialta a chobhsú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí an Aontais ( 1 ).
Chuir tacaíocht STA go mór le téarnamh na hEorpa. Chuir réamh‑mhaoiniú an STA ( 2 ) tacaíocht airgeadais ar fáil go tapa do na Ballstáit. Murab ionann agus géarchéimeanna roimhe seo, as ar eascair crapadh géar ar infheistíocht phoiblí san Aontas, coinníodh infheistíocht phoiblí ar bun tar éis ghéarchéim COVID‑19. Tá coinne leis go n‑ardóidh sí go 3,8 % de OTI in 2025 agus ansin go mbeidh sí cobhsaí in 2026, suas ó 3,2 % in 2019 ( 3 ). Baineann cuid mhór den mhéadú sin le hinfheistíochtaí arna maoiniú ag STA agus ag cistí eile de chuid an Aontais. Meastar go mbeidh tionchar fadtéarmach ag an infheistíocht sin ar fhás OTI. Tugtar le fios i samhlacha ionsamhlúcháin go bhféadfadh infheistíochtaí NGEU OTI an Aontais a mhéadú 1,4 % in 2026, is é sin gan tionchar na n‑athchóirithe a mheas ( 4 ).
Tá comhcheangal na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí faoi phlean cuimsitheach amháin ar cheann de na gnéithe is éifeachtaí de STA. Trí athchóirithe a dhéantar a thús‑ualú go minic sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, tá feabhas curtha ar chreatdhálaí sna Ballstáit agus tá an bealach réitithe chun go mbeidh infheistíochtaí gaolmhara níos éifeachtaí. Thairis sin, maidir le cur chun feidhme na n‑athchóirithe struchtúracha a moladh le fada sna moltaí tírshonracha, is é STA a chothaigh an cur chun feidhme sin i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Ar an iomlán, tá dlús curtha le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha, agus tá aghaidh á tabhairt ag na Ballstáit ar dhúshláin sheanbhunaithe, rud a léiríonn tosaíochtaí coiteanna an Aontais freisin ( 5 ).
Tá STA á mhaoiniú trí iasachtaíocht chomhpháirteach de chuid an Aontais ar scála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Tá rátáil chreidmheasa an‑ard ag gabháil le heisiúintí an Aontais, rud a chuireann ar a gcumas do na Ballstáit freisin iasachtaí STA a fháil ar choinníollacha fabhracha ó thaobh rátaí úis agus fad tréimhse fhada araon de. Ráthaítear iasachtaíocht an Aontais le buiséad an Aontais, is mór ag infheisteoirí í, agus chuidigh sí méid mór sócmhainní arna n‑ainmniú in euro a chruthú, sócmhainní a sholáthraíonn tagarmharc tábhachtach do mhargaí airgeadais na hEorpa agus a neartaíonn staid an euro i margaí idirnáisiúnta.
1.2.Feictear fíor-thorthaí nuair a dhéantar infheistíochtaí agus athchóirithe
Leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil le STA, cumhdaítear raon leathan réimsí beartais, rud a léiríonn uaillmhian na hionstraime athrú struchtúrach a bhaint amach. Is é STA an chéad ionstraim fheidhmíochtbhunaithe den mhéid sin san Aontas. Déantar íocaíochtaí leis na Ballstáit nuair atá dul chun cinn nithiúil déanta maidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí. Nuair a bhaintear na clocha míle agus na spriocanna amach, feicfidh saoránaigh agus gnólachtaí i réimsí éagsúla na tairbhí nithiúla: ó oideachas agus cúram sláinte go fuinneamh, bonneagar iompair, an timpeallacht ghnó, seirbhísí poiblí digiteacha, beartais fostaíochta, an smacht reachta nó taighde agus nuálaíocht. Bhí ról lárnach ag spriocanna beartais maidir leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a stiúradh i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais. Tá na spriocanna 20 % agus 37 % maidir le cuspóirí digiteacha agus aeráide faoi seach sáraithe ag na Ballstáit ina bpleananna. I gcás STA ina iomláine, is é thart ar 42 % an caiteachas aeráide measta, ach tá níos mó ná 50 % de phlean iomlán roinnt Ballstát tiomnaithe d’aistriú glas an Aontais.
I bhfianaise chomhtháthú eacnamaíoch domhain gheilleagair an Aontais, braitear na tairbhí a bhaineann le gach plean téarnaimh agus athléimneachta i bhfad thar theorainneacha náisiúnta. Nuair a mhéadaítear an t‑éileamh mar gheall ar STA in earnáil amháin, tá éileamh níos airde ar earraí deiridh nó idirmheánacha allmhairithe ó Bhallstáit eile, rud a théann chun tairbhe do go leor cuideachtaí Eorpacha. Mar shampla, téann an méadú ar tháirgeadh gluaisteán leictreach sa Ghearmáin nó sa Fhrainc chun tairbhe do tháirgeoirí comhpháirteanna gluaisteán in go leor Ballstáit eile. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh cuideachtaí i mBallstát amháin a bheith rannpháirteach i mbearta ó phlean téarnaimh agus athléimneachta tíre eile. Mar shampla, tá plean téarnaimh agus athléimneachta na Cipire ag cistiú tógáil trí thaiscumar uisce arna tháirgeadh ag cuideachta Ostarach chun slándáil uisce a fheabhsú sa Niocóis agus in Larnaca (an Chipir).
Tá tionchar STA le feiceáil ar fud an Aontais. Is féidir le héifeachtaí seach‑iarmharta, i roinnt Ballstát, tionchar díreach an imchlúdaigh STA náisiúnta a dhúbailt faoi 2030 ( 6 ). I bhfianaise scála a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, is iad an Iodáil agus an Spáinn an dá phríomhthairbhí i dtéarmaí an fháis OTI a bhfuil coinne leis. Réamh‑mheastar freisin go mbeidh gnóthachain mhóra OTI ann don Ghréig, don Pholainn, don Phortaingéil agus don Rómáin, arb iad éifeachtaí díreacha a bpleananna náisiúnta is cúis leo den chuid is mó, is é sin borradh láithreach faoin táirgeadh agus faoin bhfostaíocht i dtionscail a fhaigheann tacaíocht, mar aon leis an éileamh méadaithe ar ionchuir ó sholáthróirí intíre. Is í an Ghearmáin an tríú tairbhí is mó de STA, a bhuí le seach‑iarmhairtí ó phleananna na mBallstát eile den chuid is mó. Sa Ghearmáin, san Ostair, agus sa Danmhairg, tá tionchar díreach a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta faoi seach níos mó ná dhá oiread de thoradh na ngnóthachan seach‑iarmharta, agus tá tionchar díreach na ngnóthachan seach‑iarmharta ag méadú faoi thrí i gcás na hÍsiltíre, na hÉireann agus Lucsamburg. Tá tairbhí móra i gceist don Bheilg, don Fhionlainn agus don tSualainn freisin mar gheall ar éifeachtaí seach‑iarmharta a mhéadaíonn an tionchar faoi dhó, nach mór. Sa Fhrainc, cuireann éifeachtaí seach‑iarmharta le tionchar díreach a himchlúdaigh náisiúnta faoi dhó. Is iad na tíortha den Aontas atá an‑chomhtháite sa Mhargadh Aonair a thairbhíonn de na héifeachtaí seach‑iarmharta is láidre maidir le OTI. Feictear na gnóthachain seach‑iarmharta is airde i gcoibhneas le OTI sa tSlóvaic, sa tSlóivéin agus sa tSeicia, ós rud é go bhfuil siad comhtháthaithe chomh domhain sin i slabhraí luacha an Aontais.
Fíor 1: Tionchar na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ar an láthair ( 7 )
|
Spreagann TSA Athruithe Struchtúracha ( 8 ) Tagann feabhsuithe struchtúracha ar gheilleagair agus ar shochaithe na mBallstát chun cinn mar gheall ar chuid mhaith de na hathchóirithe sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta. Cuireann an ceathrú cuid d’athchóirithe STA feabhas ar cháilíocht na n‑institiúidí, ar príomhcholún den fhás fadtéarmach í. Is é is aidhm do na bearta sin an riarachán poiblí a nuachóiriú, córais chánachais a bharrfheabhsú, an soláthar poiblí a fheabhsú, agus na creataí breithiúnacha, frithchalaoise agus frithéillithe a neartú. Díríonn 17 % d’athchóirithe STA ar fheabhas a chur ar an timpeallacht ghnó. Ina measc sin tá athchóirithe lena simplítear rialáil, lena dtacaítear le taighde agus forbairt, lena bhfeabhsaítear feidhmiú an mhargaidh airgeadais, agus lena n‑éascaítear digitiú gnólachtaí. Tá sé d’aidhm ag go leor athchóirithe freisin feabhas a chur ar scileanna agus ar thorthaí mhargadh an tsaothair. Ina measc sin tá athchóirithe chun córais oideachais a neartú, feidhmiú mhargadh an tsaothair a fheabhsú, agus inbhuanaitheacht na gcóras slándála sóisialta agus na gcóras pinsean a fheabhsú. Tá thart ar dhá thrian de na hathchóirithe sin curtha chun feidhme cheana féin, rud a chruthaíonn na creatdhálaí leormhaithe le haghaidh infheistíochtaí gaolmhara. (Foinse: Anailís an Choimisiúin, pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta) |
Fíor 2: Dáileadh foriomlán na n‑athchóirithe de réir príomhréimsí beartais, mar chéatadán den líon iomlán athchóirithe (iomlán = 1,131) ( 9 )
2.Níl mórán ama fágtha don chur chun feidhme
2.1. Ní mór dlús a chur leis an gcur chun feidhme i roinnt mhaith Ballstát
Is ionstraim shealadach í STA a mhairfidh go dtí deireadh 2026 chun cuidiú leis na Ballstáit téarnamh ó ghéarchéim COVID‑19 agus chun a ngeilleagair a dhéanamh níos athléimní. Léiríonn sprioc-amanna dochta na Saoráide go bhfuil sí sealadach agus gurb é is cuspóir léi tacú leis an téarnamh ó phaindéim COVID‑19, agus is bonn iad na nithe sin d’eochair leithdháilte na Saoráide. Is dreasacht láidir iad na spriocdhátaí sin chun na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go pras, i gcomhréir le sprioc na Saoráide téarnamh tapa eacnamaíoch agus sóisialta a spreagadh ( 10 ).
Ar an iomlán, bhí an cur chun feidhme agus eisíocaíochtaí faoi STA tapa, go háirithe i gcás tacaíocht neamh‑inaisíoctha. Léiríonn sé sin an luas a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, chomh maith le réamh‑mhaoiniú a sholáthar. Faoi dheireadh mhí na Bealtaine 2025 bhí EUR 315 bhilliún (49 % den iomlán) d’eisíocaíochtaí ann, rud a chomhfhreagair do 2 218 gcloch mhíle agus sprioc bainte amach, do 1 145 athchóiriú agus do 1 073 infheistíocht. I dtéarmaí coibhneasta, tá 57 % den tacaíocht neamh‑inaisíoctha iomlán agus 38 % den tacaíocht iasachta iomlán íoctha leis na Ballstáit. Leis an 38 % sin léirítear gur thug na Ballstáit tús áite do dheontais thar eisíocaíochtaí iasachta agus na pleananna téarnaimh agus athléimneachta tosaigh á ndearadh acu, agus gur cuireadh cuid mhór den tacaíocht iasachta leis trí na caibidlí REPowerEU in 2023 ( 11 ). Measann an Coimisiún go bhfuil níos mó ná 31 % de na clocha míle agus de na spriocanna uile comhlíonta, agus tuairiscíonn na Ballstáit go bhfuil 21 % breise curtha i gcrích.
Mar sin féin, cé go bhfuil dul chun cinn substaintiúil déanta agus go bhfuil go leor scéalta ratha tagtha chun cinn iarbhír, ní mór dlús a chur leis an gcur chun feidhme i bhformhór na mBallstát. Tá thart ar EUR 335 bhilliún fós le heisíoc sa bhliain dár gcionn (thart ar EUR 154 bhilliún i ndeontais agus EUR 180 billiún in iasachtaí). Ag féachaint chun cinn, ní mór níos mó ná 4 300 cloch míle agus sprioc (as 7 105) a chur isteach fós lena measúnú ag na Ballstáit.
Ón tús, bhí dúshlán ag baint le gach tionscadal arna chistiú ag STA a chur chun feidhme, i bhfianaise mhéid an chistithe ó STA i gcoibhneas le méid an gheilleagair i dtíortha is faighteoirí agus méid an chistithe ón Aontas atá ann cheana. Is ann do chistí STA mar aon le cistí eile de chuid an Aontais freisin, agus comhfhreagraíonn leithdháileadh STA do sciar mór de OTI i roinnt mhaith Ballstát, is é sin 16 % sa Ghréig, 13 % sa Chróit agus 11 % sa Spáinn ( 12 ). Cé gur bhfuil feabhas tagtha ar an acmhainneacht riaracháin i roinnt mhaith Ballstát le linn shaolré STA, lena n‑áirítear trí bhearta atá sna pleananna, tá roinnt srianta fós ann (mar shampla, i réimse an cheadaithe, inar cheart aghaidh a thabhairt go pras ar scrogaill). Ina theannta sin, tá am i gceist le tionscadail infheistíochta shonracha a shainaithint.
Tá STA á chur chum feidhme le linn roinnt géarchéimeanna éagsúla. Mar gheall ar chogadh foghach gan chúis na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus an ghéarchéim fuinnimh a d’eascair as sin, boilsciú ard, scrogaill sa slabhra soláthair agus roinnt tubaistí a bhaineann leis an aeráid, tá cur chun feidhme bhearta STA curtha i mbaol nó tá moill orthu. Trí chaibidlí REPowerEU a cuireadh le formhór na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta sa dara leath de 2023, mar aon le hiarrataí ar iasachtaí breise STA, soláthraíodh cistiú nua le haghaidh bearta tosaíochta nua, ach d’úsáid sé acmhainneacht shuntasach riaracháin sna Ballstáit freisin, rud a bhog an fócas go sealadach ón gcur chun feidhme. Cé gur cuireadh dlús mór leis an gcur chun feidhme sa chéad leath de 2024 ( 13 ), rud a chuidigh leis na eisíocaíochtaí a chomhlíonadh, tá méid an chistithe atá le heisíoc roimh dheireadh 2026 fós substaintiúil.
D’fhéadfadh sé go raibh tionchar ag an ualach riaracháin freisin ar luas chur chun feidhme na Saoráide. Sa mheastóireacht mheántéarma ar an tSaoráid, mheas na Ballstáit go raibh cinntí cur chun feidhme na Comhairle ró‑mhionsonraithe. Tá gach gné de na cinntí sin a bheith ceangailteach ó thaobh an dlí de, lena n‑áirítear sa tuairisc ar an mbeart, agus tá sé sin neartaithe ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa trí léirmhíniú litriúil. Dar le roinnt Ballstát, is é an toradh a bhí air sin go bhfuil ualach riaracháin níos airde ná mar a raibh coinne leis maidir leis an tSaoráid a chur chun feidhme agus níos mó moilleanna ar chur chun feidhme.
Léirítear moilleanna ar chur chun feidhme sa mhoill ar eisíocaíochtaí le déanaí. D’ainneoin feabhsuithe idir an dara leath de 2023 agus 2024, tháinig moilliú ar eisíocaíochtaí sa chéad leath de 2025. Cé gur eisíocadh EUR 66 bhilliún sa dara leath de 2024, níor eisíocadh ach EUR 9,5 billiún sna chéad 5 mhí de 2025, tráth a mbeadh gá le dlús breise i bhfianaise sprioc-amanna 2026 atá ag druidim linn.
Chun STA a chur chun feidhme go hiomlán agus tairbhe a bhaint as, is gá do na Ballstáit dlús mór a chur leis an gcur chun feidhme. Ní leor luas reatha an chur chun feidhme chun a áirithiú go gcuirfear na clocha míle agus na spriocanna uile i gcrích faoi mhí Lúnasa 2026 agus go n‑eisíocfar leithdháileadh iomlán STA faoi dheireadh na Saoráide in 2026.
2.2.Costais ar an Aontas Eorpach mar thoradh ar mhoilleanna ar chur chun feidhme
Chuir moilleanna ar chur chun feidhme le próifíl cur chun feidhme atá siarchoinneáilte cheana féin agus tá costas airgeadais do bhuiséad an Aontais ag baint leis sin. Mar gheall ar na méideanna móra cistiúcháin is gá le haghaidh bhliain dheireanach an chur chun feidhme, ní mór don Choimisiún a oibríochtaí iasachtaíochta ó na margaí caipitil a phleanáil i bhfad roimh ré. Tá sé sin ábhartha go háirithe maidir le hiasachtaí STA, mar gheall ar mhéid mór an chláir agus an sprioc-am le haghaidh eisíocaíochtaí faoi dheireadh 2026. Ó seoladh an tSaoráid, tá cistí faighte ar iasacht ag an gCoimisiún le haghaidh STA ar bhonn an sceidil atá beartaithe d’iarratais ar íocaíocht ó na Ballstáit thar thréimhse 6 go 12 mhí agus d’éirigh leis cistí a scaoileadh leo díreach tar éis gur údaraíodh na heisíocaíochtaí. Mar sin féin, tá iarratais ar íocaíocht curtha isteach agus i gcrích le moilleanna go minic i gcomparáid leis an sceideal atá beartaithe, go háirithe nuair atá athbhreithnithe spriocdhírithe ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta curtha isteach an tráth céanna ag na Ballstáit.
Sa chéad leath de 2025, tá dhá fhorbairt tagtha chun cinn a fhágann go bhfuil an cleachtadh bainistithe leachtachta níos dúshlánaí. Ar an gcéad dul síos, mar a luaitear thuas, tá eisíocaíochtaí tite go mór faoi bhun na méideanna a thuartar ar bhonn tásca ó na Ballstáit, rud a fhágann go gcarnann an tAontas iarmhéideanna móra gan choinne ar feadh tréimhse fhada. Ar an dara dul síos, ciallaíonn athruithe i dtimpeallacht an ráta úis go bhfuil iarmhéideanna airgid ag tosú de bheith ag giniúint glanchostais leachtachta le haghaidh bhuiséad an Aontais agus le haghaidh tairbhithe iasachta, d’ainneoin bhainistiú gníomhach cistí an Choimisiúin maidir le leachtacht go dtí go bhformheasfar eisíocaíochtaí. I bhfianaise chomhchruinniú na n‑eisíocaíochtaí a bhfuil coinne leo sa chéim dheireanach de STA, leanfaidh an Coimisiún d’úsáid a bhaint as na deiseanna cistiúcháin uile chun a áirithiú gur féidir leis leanúint d’íocaíochtaí a dhéanamh de réir mar is gá.
2.3.Pleanáil le haghaidh chlabhsúr STA
Tá STA faoi réir sprioc-amanna diana cur chun feidhme, ós rud é gur ionstraim tacaíochta shealadach í a bunaíodh mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID‑19. Mar ionstraim thiomnaithe atá ceaptha chun dul i ngleic le héifeachtaí agus iarmhairtí díobhálacha ghéarchéim COVID‑19 san Aontas, le tacaíocht ó na hacmhainní breise urghnácha agus sealadacha sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse ( 14 ), cruthaíodh STA le teorainneacha ama an‑docht a leagtar amach sa Rialachán maidir le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh ( 15 ), sa Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (Rialachán STA) ( 16 ), agus sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse agus nach féidir maolú orthu.
Tá 454 lá fágtha ag na Ballstáit chun na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach. Foráiltear le Rialachán STA agus leis na cinntí cur chun feidhme ón gComhairle a glacadh nach mór na clocha míle agus na spriocanna uile le haghaidh chur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a thabhairt chun críche faoin 31 Lúnasa 2026 ( 17 ). I gcomhréir leis na forálacha sin, aon ghníomhaíocht a dhéanfar tar éis an 31 Lúnasa 2026 chun clocha míle agus spriocanna a chomhlíonadh, ní féidir í a chur san áireamh sa mheasúnú ar iarratais ar íocaíocht. Tá feidhm aige sin freisin maidir le gníomhaíochtaí a dhéantar chun comhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna a chumhdaítear le cinntí fionraíochta arna nglacadh roimh an 31 Lúnasa 2026 a áirithiú agus cuireann sé cosc ar nósanna imeachta nua fionraíochta a thionscnamh tar éis an dáta sin. Thairis sin, ciallaíonn sé sin nach mbeidh aon deis ann leasuithe ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta a ghlacadh tar éis an 31 Lúnasa 2026. Ní mór gach iarratas ar íocaíocht, lena n‑áirítear na dearbhuithe bainistíochta, na hachoimrí ar iniúchtaí a rinneadh ( 18 ), agus an fhianaise uile is gá chun measúnú a dhéanamh orthu, a chur isteach faoin 30 Meán Fómhair 2026 ( 19 ). Déanfaidh an Coimisiún measúnú ansin ar chomhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna a chuimsítear sna hiarratais ar íocaíocht deiridh i gcomhréir leis an gCreat chun measúnú a dhéanamh ar chlocha míle agus spriocanna faoi Rialachán STA a foilsíodh an 21 Feabhra 2023 ( 20 ). Ní mór na híocaíochtaí uile a dhéanamh faoin 31 Nollaig 2026 ( 21 ).
Fíor 3: Amlíne chlabhsúr STA
3.Treoraíocht le haghaidh na mBallstát i dtreo 2026
I bhfianaise na moilleanna ar an gcur chun feidhme agus sprioc-amanna 2026 atá le teacht faoi STA, tugtar treoraíocht sa roinn seo do na Ballstáit maidir le conas a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chuíchóiriú a thuilleadh, cé na roghanna atá le meas agus athbhreithniú á dhéanamh orthu, agus conas pleanáil roimh ré chun na hiarratais ar íocaíocht deiridh a chur isteach in 2026 ( 22 ).
Ní mór do gach plean téarnaimh agus athléimneachta athbhreithnithe na critéir mheasúnaithe uile a leagtar síos sa Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chomhlíonadh go fóill. Déantar é sin chun a áirithiú go leanfaidh na pleananna de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus aghaidh á tabhairt acu ar a riachtanais shonracha, go ndéanfar ar a laghad na cistí a cheanglaítear faoi Rialachán STA a leithdháileadh ar an aistriú glas agus digiteach, go gcloífear leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, agus go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh freisin ar staid chur chun feidhme a dtionscadal ag a bhfuil comhéifeacht aeráide dhearfach agus a áirithiú go bhfuil a dtuairisciú don Choimisiún cothrom le dáta( 23 ).
3.1.Pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chuíchóiriú
Ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a luaithe is féidir chun a áirithiú gur féidir na clocha míle agus na spriocanna uile a chur chun feidhme faoi sprioc-am an 31 Lúnasa 2026. Níor cheart ach bearta ar deimhin go gcuirfear chun feidhme go hiomlán iad faoin sprioc-am sin a fhágáil sna pleananna. Ba cheart deireadh a chur le bearta nach féidir an méid sin a ráthú ina leith chun saoradh méideanna móra de chistí STA a sheachaint. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do leithdháileadh na ndeontas a fháil. Chun am leordhóthanach a bheith ann chun na clocha míle agus na spriocanna uile a chur chun feidhme agus chun measúnú a dhéanamh ar na hiarratais uile ar íocaíocht, tathantaíonn an Coimisiún ar na Ballstáit tabhairt faoi athbhreithnithe den sórt sin ar na pleananna a luaithe is féidir agus, in aon chás, faoi dheireadh 2025. Mura ndéanfar na hathbhreithnithe sin, beidh rioscaí méadaithe ann nach gcuirfear bearta STA chun feidhme agus, dá bhrí sin, go saorfar cistí faoi STA.
Ba cheart na hathbhreithnithe sin ar na pleananna deireanacha a úsáid freisin chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhoclaíocht na mbeart, na gcloch míle agus na spriocanna chun a áirithiú nach ndíríonn siad ach ar ghnéithe riachtanacha amháin. Ba cheart é a bheith ina sprioc cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus measúnú ar a gcur chun feidhme a éascú, agus an t‑ualach riaracháin a laghdú, agus uaillmhian an phlean á caomhnú agus leanúint de cheanglais Rialachán STA a chomhlíonadh an tráth céanna. Ar an gcéad dul síos, tar éis iarratais ó na Ballstáit, molfaidh an Coimisiún don Chomhairle aon teanga dhébhríoch nó dhoiléir, nó aon sonraíocht a sháraíonn na ceanglais is gá chun comhlíonadh birt a léiriú, a bhaint de chinntí cur chun feidhme na Comhairle. Ar an dara dul síos, ba cheart do na Ballstáit athmhachnamh a dhéanamh ar mhion‑athchóirithe nach rannchuidíonn le haghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha a áireamh ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta. Ar an tríú dul síos, i bhfianaise an sprioc-ama chun bearta a chur i gcrích go tapa, i gcás inarb iomchuí, ba cheart clocha míle agus spriocanna idirmheánacha a bhaint chun díriú ar aschuir deiridh. Ar an gceathrú dul síos, i gcás inar féidir, moltar do na Ballstáit a bpleananna a leasú chun aon chloch mhíle agus sprioc a baineadh amach cheana a chur chun cinn le haghaidh iarratais ar íocaíocht in 2025 chun an méid iarratas ar íocaíocht a laghdú in 2026. Agus a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta á gcuíchóiriú acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go leanfar de gach critéar mheasúnaithe STA a chomhlíonadh, lena n‑áirítear go leanfaidh na pleananna d’aghaidh a thabhairt ar gach ceann de na moltaí tírshonracha ábhartha nó ar fhothacar mór díobh, cistí leordhóthanacha a leithdháileadh ar an aistriú glas agus digiteach, an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a urramú agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú, mar a léirítear, i gcás inarb ábhartha, i gclocha míle iniúchóireachta agus rialaithe. Ba cheart uaillmhian na n‑athchóirithe ar an smacht reachta a choinneáil ar bun. Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun cuidiú leis an gcuíchóiriú sin, d’fhonn cóir chomhionann agus comhsheasmhacht a áirithiú ar fud na bpleananna. Pléifidh an Coimisiún leis na Ballstáit go déthaobhach agus go hiltaobhach agus cuirfidh sé samplaí nithiúla ar fáil maidir le conas cuíchóiriú agus simpliú a dhéanamh, agus pléifidh sé an bhféadfaidh na Ballstáit tuilleadh roghanna a shaothrú, thar na cinn a liostaítear thíos, go háirithe a bheith ag rannchuidiú le tionscadail dhea-aitheanta a fhreastalaíonn ar thosaíochtaí digiteacha, amhail an intleacht shaorga (gigeamhonarchana, monarchana na hIntleachta Saorga), cáblaí agus sliseanna, chomh maith le tosaíochtaí taighde agus nuálaíochta.
3.2.Roghanna féideartha agus pleananna téarnaimh agus athléimneachta á leasú
Agus a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta á leasú acu, moltar do na Ballstáit féachaint ar na roghanna uile atá ar fáil chun leithdháileadh a bplean téarnaimh agus athléimneachta a chosaint, go háirithe le haghaidh na comhpháirte tacaíochta neamh‑inaisíoctha, agus a áirithiú san am céanna go leanfaidh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí dá dtugtar tacaíocht d’ardleibhéal feidhmíochta a bhaint amach i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais. Ba cheart a thaispeáint go héasca go bhfuil infheistíochtaí nua i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla ábhartha. Chuige sin, is féidir na roghanna seo a leanas a mheas:
·Na bearta atá ann cheana a uas‑scálú
Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht bearta a uas‑scálú i gcás ina bhfuil ag éirí go maith leis an gcur chun feidhme, ar bhonn éileamh cruthaithe nó dóchúil. D’fhéadfaí a áireamh leis sin infheistíochtaí a bhféadfaí a seachadadh a mhéadú nó bearta lena mbaineann rófheidhmíocht atá ann cheana féin.
·Pleananna ró‑shuibscríofa a laghdú nó an t‑imchlúdach iasachta a íos‑scálú
I gcás ina bhfuil costais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta níos airde ná an leithdháileadh airgeadais, is féidir deireadh a chur le bearta a fhaigheann tacaíocht ó thacaíocht neamh‑inaisíoctha STA nach féidir a chur chun feidhme a thuilleadh gan iad a ionadú, ar mhéid suas go dtí an ró‑shuibscríobh. Sa chás sin, ní dhéanfar difear don tacaíocht neamh‑inaisíoctha iomlán faoi STA.
I gcás na mBallstát a fhaigheann tacaíocht iasachta faoi STA, más gá deireadh a chur le tionscadail arna gcistiú ag deontais, is féidir bearta arna gcistiú ag iasachtaí a bhogadh go dtí an urrann tacaíochta neamh‑inaisíoctha. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí méid an deontais a chosaint, agus cuid den tacaíocht iasachta á laghdú san am céanna, mura ndéanfaí iad a chúiteamh le bearta nua nó uas‑scálaithe arna gcistiú ag iasachtaí.
Ina theannta sin, tá go leor infheistíochtaí STA a mhaoinítear le hiasachtaí bunaithe ar éileamh agus d’fhéadfadh sé nach bhfaighidís an oiread éilimh agus a bhí beartaithe ar dtús. Dá bhrí sin, is féidir na bearta sin a íos‑scálú chun an t‑éileamh éifeachtach a mheaitseáil agus gan ach méid na hiasachta is gá a ghlacadh.
·Tionscadail STA a roinnt chun leanúint ar aghaidh le cistí náisiúnta nó cistí eile de chuid an Aontais
Tionscadail nach féidir a bhaint amach a thuilleadh faoi mhí Lúnasa 2026, is féidir iad a íos‑scálú chun na heilimintí atá le maoiniú faoi STA, agus na heilimintí sin amháin, a choinneáil, ar eilimintí iad is féidir a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama sin. Ba cheart an chuid atá fós á maoiniú faoi STA a bheith ina hinfheistíocht neamhspleách sa phlean téarnaimh agus athléimneachta. Ciallaíonn sé sin nár cheart na heilimintí ‘coinneáilte’ a bheith teoranta do chéimeanna idirmheánacha amhail seoladh glao ar thairiscintí. D’fhéadfaí an chuid eile den tionscadal a chur chun feidhme ansin le cistí náisiúnta nó, más incháilithe, le cistí eile de chuid an Aontais, ar amlíne níos faide. Leis an athbhreithniú meántéarma a rinneadh le déanaí ar an mbeartas comhtháthaithe, spreagtar na Ballstáit chun tionscadail STA den sórt sin a shainaithint roimh na leasuithe ar chláir an bheartais chomhtháthaithe ( 24 ).
·Ionstraimí airgeadais agus scéimeanna deontais
Is féidir le STA tacú le hionstraim a bhainistítear go neamhspleách a bhunú chun infheistíocht phríobháideach a dhreasú. Faoi infheistíochtaí den sórt sin, chumhdófaí leis na clocha míle sa phlean téarnaimh agus athléimneachta (i) aistriú cistí chuig an gcomhpháirtí cur chun feidhme ar shíniú comhaontaithe cur chun feidhme agus (ii) síniú conarthaí leis na tairbhithe deiridh chun iomlán na gcistí arna n‑aistriú a úsáid. Chun ionstraim airgeadais nó scéim deontais den sórt sin a thabhairt isteach, ba cheart do na Ballstáit an cliseadh margaidh a bhfuil siad ag iarraidh aghaidh a thabhairt air agus an t‑éileamh gaolmhar sa mhargadh a chinneadh, a áirithiú go bhfuil cinntí dámhachtana ón gcomhpháirtí cur chun feidhme neamhspleách ar an rialtas agus go bhfuil an bhainistíocht airgeadais ar leithligh ón mBallstát, chomh maith le scrúdú a dhéanamh ar inniúlacht oibríochtúil an chomhpháirtí cur chun feidhme ionstraime den sórt sin a rolladh amach.
·Aistrithe chuig InvestEU
Is féidir leis na Ballstáit cistí a aistriú chuig Urrann Bhallstáit InvestEU ar mhéid suas le 4 % dá leithdháileadh iomlán STA agus 6 % breise le haghaidh bearta a rannchuidíonn le cuspóirí an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP). Is é an chloch mhíle dheireanach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta na hoibríochtaí infheistíochta uile arna ndéanamh ag Coiste Infheistíochta InvestEU a fhormheas faoin 31 Lúnasa 2026. I bhfianaise chéimeanna éagsúla an phróisis, ní mór do na Ballstáit atá ag iarraidh cistí STA a aistriú chuig InvestEU plean téarnaimh agus athléimneachta athbhreithnithe a chur isteach a luaithe is féidir.
·Instealltaí cothromais i mBainc agus Institiúidí Náisiúnta le haghaidh Spreagadh (BINS)
Is féidir le STA tacú le hinstealltaí caipitil in BINSanna (nó ina bhfochuideachtaí), go háirithe chun tacú le tionscadail i gcomhréir le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, a mhéid a thugann siad sin aghaidh ar riachtanais shainaitheanta an mhargaidh agus ar choinníoll go bhfuil sé d’acmhainn ag BINS a ghníomhaíocht a leathnú agus go bhfuil a bheartas infheistíochta ailínithe le cuspóirí beartais STA. Is iad seo a leanas na clocha míle sonracha a bheadh ann i gcás instealladh cothromais den sórt sin: (i) an Ballstát gach caipiteal íoctha breise a shuibscríobh, (ii) beartas infheistíochta athbhreithnithe de chuid BINS a ghlacadh maidir leis an gcaoi a n‑úsáidfear an cothromas méadaithe, agus (iii) i gcás inar gá, teacht i bhfeidhm na n‑athruithe uile is gá ar an rialachas chomh maith le creat iniúchóireachta agus rialaithe na hinstitiúide. Is féidir a bheith i gceist le hinstealladh cothromais den sórt sin sainordú BINS a leathnú chuig gníomhaíochtaí atá ailínithe le cuspóirí STA agus le tosaíochtaí an Aontais, amhail dícharbónú tionsclaíoch, aistriú fuinnimh, tithíocht inacmhainne, rochtain ar chaipiteal nó ar shlándáil agus cosaint.
·Ranníocaíochtaí leis an gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach
D’fhéadfadh STA tacú le ranníocaíochtaí náisiúnta deonacha leis an gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach a bheidh ann amach anseo. Mheasfaí gur infheistíocht STA í an ranníocaíocht leis an gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach i gcás den sórt sin. Dhéanfaí tionscadail shonracha a roghnú agus thacófaí leo ina dhiaidh sin faoin gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach, chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann, agus bheadh an cur chun feidhme ag tarlú thar thréimhse ama níos faide. D’áireofaí leis an mbeart STA cloch mhíle maidir le comhaontú ranníocaíochta a shíniú agus cistí a aistriú chuig an gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus shoiléireodh sé cén cineál gníomhaíochtaí faoin gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach a mhaoineofaí. Chun go n‑oibreoidh an rogha seo, beidh gá le foráil sa Rialachán maidir leis an gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach a áirithiú go n‑úsáidfear ranníocaíochtaí deonacha a fhaigheann tacaíocht ó STA chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann. Iarrann an Coimisiún ar na comhreachtóirí foráil den sórt sin a thabhairt isteach sa Rialachán maidir leis an gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach le linn na gcruinnithe tríthaobhacha.
·Ranníocaíochtaí le cláir de chuid an Aontais le haghaidh cumarsáid satailíte
Is féidir le STA tacú le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit chun comhpháirteanna de Chlár Spáis an Aontais nó de Chlár an Aontais um Nascacht Shlán a fhorbairt ( 25 ). Mheasfaí gur infheistíocht STA iad ranníocaíochtaí den sórt sin. Le cláir an Aontais um Spás agus um Nascacht Shlán, feabhsaítear uathriail straitéiseach, neamhspleáchas teicneolaíoch agus athléimneacht an Aontais, agus rannchuidítear leis an tslándáil agus leis an gcosaint. Go háirithe, tá sé d’aidhm ag Clár an Aontais um Nascacht Shlán freisin nascacht satailíte rialtais atá iontaofa, slán agus costéifeachtach a sholáthar. Tá na cláir sin mar bhonn agus mar thaca ag tionscadail satailíte shlána an Aontais amhail Galileo (loingseoireacht satailíte), GOVSATCOM nó IRIS² (cumarsáid satailíte). Faoi STA, is féidir leis na Ballstáit ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh leis na cláir sin, i gcás ina n‑éileodh an comhaontú ranníocaíochta idir an Coimisiún agus an Ballstát go n‑úsáidfí ranníocaíocht an Bhallstáit faoi na cláir sin chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann. D’áireofaí sa bheart STA cloch mhíle maidir le comhaontú ranníocaíochta a shíniú agus cistí a aistriú chuig an gclár atá i gceist.
3.3.Ullmhú d’iarratais ar íocaíocht le haghaidh 2026
Beidh 2026 ina bhliain ríthábhachtach le haghaidh íocaíochtaí, le hamlínte gearra agus tionchar substaintiúil ar acmhainní le haghaidh na mBallstát agus le haghaidh an Choimisiúin araon. Ós rud é gurb é an 30 Meán Fómhair 2026 an sprioc-am chun an t‑iarratas ar íocaíocht deiridh a chur isteach, agus sprioc-am na n‑eisíocaíocht an 31 Nollaig 2026, beidh an tréimhse mheasúnaithe an‑ghearr. Agus an méid sin á chomhcheangal leis an líon ard cloch míle agus spriocanna is dócha a bheidh le measúnú, beidh sé ríthábhachtach próiseas measúnaithe éifeachtach rianúil a áirithiú.
Moltar do na Ballstáit pleanáil a dhéanamh roimh ré agus stóinseacht na fianaise a sholáthraítear a áirithiú in am trátha, chun saincheisteanna a thagann chun cinn le linn an mheasúnaithe a theorannú. Ní fhéadfar cinntí íocaíochta a ghlacadh laistigh den sprioc-am ach amháin má chuireann na Ballstáit iarratais ar íocaíocht atá comhlánaithe go leormhaith isteach. Mura soláthraítear fianaise lena léirítear comhlíonadh cheanglais uile na gcloch míle agus na spriocanna, is cinnte go ndéanfar cistí a shaoradh. An fhianaise uile is gá chun comhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna atá ina gcuid den iarratas ar íocaíocht deiridh a léiriú, ní mór í a sholáthar faoin 30 Meán Fómhair 2026, ós rud é nach mbeidh mórán ama ann le haghaidh malartuithe idir seirbhísí an Choimisiúin agus údaráis na mBallstát le linn thréimhse mheasúnaithe na n‑iarratas ar íocaíocht deiridh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart fianaise a roinnt go neamhfhoirmiúil le seirbhísí an Choimisiúin a luaithe a bheidh siad réidh, fiú sula gcuirfear iarratais ar íocaíocht isteach go foirmiúil. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcás clocha míle agus spriocanna a ndéantar measúnú orthu trí shampláil, i gcás ina bhfuil sé cruthaithe le taithí go bhfuil gá le roinnt malartuithe idir an Ballstát agus an Coimisiún chun comhlíonadh sásúil a bhunú.
Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a áirithiú freisin go leithdháilfear acmhainní leordhóthanacha chun cur isteach na n‑iarratas ar íocaíocht deiridh a phróiseáil. I bhformhór na mBallstát, beidh an líon cloch míle agus spriocanna a bheidh le próiseáil in 2026 i bhfad níos airde ná mar a bhí in aon bhliain roimhe sin. I bhfianaise na n‑imthosca eisceachtúla sin, tá seirbhísí an Choimisiúin atá ag obair ar STA agus ar an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil ag teacht le chéile chun a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ar fáil chun na hiarratais dheireanacha ar íocaíocht STA a phróiseáil. Moltar do na Ballstáit a n‑acmhainní a choigeartú de réir mar is gá agus is féidir chun a áirithiú go mbeidh an acmhainneacht riaracháin acu chun an bealach a réiteach chun a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go rathúil i gcomhréir leis na sprioc-amanna dlíthiúla. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag gabháil go dlúth leis na Ballstáit i ngach céim chun a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme agus chun na hiarratais ábhartha ar íocaíocht a chur isteach.
4.Conclúid
Le STA, tá céim éifeachtach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo glactha ag an Aontas chun téarnamh, athléimneacht agus iomaíochas a gheilleagair agus a shochaí a neartú i dteannta a chéile mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19. Agus aghaidh á tabhairt ag an Aontas ar cheann de na géarchéimeanna is measa riamh, théarnaigh sé go tapa agus infheistíocht á déanamh aige an tráth céanna i dtodhchaí níos inbhuanaithe agus níos rathúla dá shaoránaigh agus dá ghnólachtaí. Le 4 bliana anuas, tá go leor bainte amach d’ainneoin cogadh ar an mór-roinn agus suaitheadh fuinnimh agus trádála gan choinne a bheith ann. Tá athchóirithe struchtúracha uaillmhianacha curtha chun feidhme ag na Ballstáit, lena gcumhdaítear córais cheartais agus pinsean chomh maith le margaí saothair, soláthar poiblí agus go leor earnálacha eile. A bhuí le hinfheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó STA, tá soláthar fuinnimh an Aontais níos glaine agus níos sábháilte, tá an gréasán iompair phoiblí níos láidre agus níos éifeachtaí, baineann saoránaigh tairbhe as seirbhísí poiblí agus bonneagar níos fearr, tá gnólachtaí níos digitithe agus níos iomaíche agus tairbhíonn siad de lucht saothair níos oilte.
Chun go mbeidh STA in ann a lánacmhainneacht a bhaint amach, tá gá le iarrachtaí móra anois chun dlús a chur leis an gcur chun feidhme agus chun eisíocaíocht iomlán na n‑acmhainní geallta uile a áirithiú. Moltar do na Ballstáit uile dul i mbun athbhreithniú córasach ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta chun iad a chuíchóiriú agus a shimpliú, agus é á áirithiú an tráth céanna go leanfaidh siad de na critéir mheasúnaithe uile a leagtar síos sa Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chomhlíonadh. De réir mar a chuirtear dlús leis an gcur chun feidhme, tá cothroime idirghlúine fós i gcroílár NextGenerationEU.
Ón tús, cuireadh STA ar bun mar ionstraim shealadach agus deireadh le teacht léi in 2026. Ós rud é go bhfuil deireadh leis an ionstraim anois, tá an Coimisiún réidh chun bheith ag oibriú leis na Ballstáit chun clabhsúr rianúil rathúil a áirithiú don ionstraim seo. Agus 454 lá fágtha chun í a chur chun feidhme, tá sé in am gníomhú agus beart a dhéanamh anois.