AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.6.2025
COM(2025) 220 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na hOstaire
{SWD(2025) 220 final}
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.6.2025
COM(2025) 220 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na hOstaire
{SWD(2025) 220 final}
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na hOstaire
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle 1 , agus go háirithe Airteagal 3(3) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,
De bharr an mhéid seo a leanas:
Breithnithe ginearálta
(1)Le Rialachán (AE) 2024/1263, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024, sonraítear cuspóirí an chreata rialachais eacnamaíoch, creat a bhfuil sé d’aidhm aige airgeadas poiblí inbhuanaithe fónta agus fás cuimsitheach inbhuanaithe agus athléimneacht a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Sonraítear sa Rialachán go ndéanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún faireachas iltaobhach i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na ceanglais a leagtar amach in CFAE. Áirítear sa Seimeastar Eorpach, go háirithe, foirmliú na moltaí tírshonracha agus faireachas ar chur chun feidhme na moltaí sin. Leis an Rialachán, cuirtear úinéireacht náisiúnta i leith an bheartais fhioscaigh chun cinn, agus béim á leagan ar an bhfócas meántéarmach a bhaineann leis an mbeartas céanna, agus i dteannta leis sin cuirtear forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí chun cinn chomh maith. Ní mór do gach Ballstát plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a chur faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, plean ina mbeidh a chuid gealltanas fioscach, athchóiriúcháin agus infheistíochta, thar thréimhse 4 nó 5 bliana, de réir fhad an téarma reachtaigh náisiúnta. Ní mór an chonair ghlanchaiteachais 2 sna pleananna sin ceanglais an Rialacháin a chomhlíonadh, lena n‑áirítear na ceanglais ollfhiachas rialtais a chur nó a choimeád ar chonair inchreidte anuas faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % den olltáirgeacht intíre (OTI), agus an t‑easnamh rialtais ghinearálta a thabhairt agus/nó a choimeád faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 3 % de OTI, sa mheántéarma. I gcás ina dtugann Ballstát gealltanas i leith sraith ábhartha d’athchóirithe agus infheistíochtaí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán, féadtar síneadh suas le 3 bliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin.
(2)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (‘an tSaoráid’), i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Leis an tSaoráid cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, agus soláthraítear spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch, déanann an tSaoráid an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a chothú, agus spreagann sí athchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe an tráth céanna, go háirithe athchóirithe agus infheistíochtaí trína gcuirtear an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach chun cinn agus trína gcuirtear le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an t‑airgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoi chruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.
(3)Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 (‘Rialachán REPowerEU’), a glacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur, de réir a chéile, le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuidíonn sé sin ó thaobh slándáil fuinnimh a bhaint amach agus ó thaobh soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, agus an tráth céanna, cuireann sé le glacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh, le hacmhainneachtaí stórála agus le héifeachtúlacht fuinnimh. Chuir an Ostair caibidil nua REPowerEU lena plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh ó thaobh cuspóirí REPowerEU a bhaint amach.
(4)An 30 Aibreán 2021, chuir an Ostair a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 den Rialachán sin, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V. An 13 Iúil 2021 ghlac an Chomhairle a Cinneadh Cur Chun Feidhme lena bhformheastar an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hOstaire 5 , a leasaíodh an 9 Samhain 2023 de réir Airteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2021/241 ós rud é nach féidir an plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach ina iomláine a thuilleadh de bharr imthosca oibiachtúla, agus chun an chaibidil REPowerEU a chur san áireamh 6 . Chun go scaoilfear na tráthchodanna, caithfidh cinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 24(5), ina sonraítear go bhfuil na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle bainte amach go sásúil ag an Ostair. Ní féidir gnóthú sásúil a bheith i gceist ach sa chás nach ndeachthas siar ar an méid a rinneadh chun na clocha míle agus na spriocanna maidir leis an athchóiriú céanna nó an infheistíocht chéanna a bhaint amach.
(5)An [Dáta], ar mholadh ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle moladh lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na hOstaire 7 . An 13 Bealtaine 2025 thíolaic an Ostair a plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta. Cuireadh an plean isteach i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 36(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2024/1263, cumhdaítear leis an tréimhse ó 2025 go 2029, agus cuirtear i láthair leis coigeartú fioscach i gcaitheamh 7 mbliana.
(6)An 26 Samhain 2024, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún Tuarascáil 2025 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil nár shainaithin go bhfuil an Ostair ar cheann de na Ballstáit a mbeadh grinn‑athbhreithniú ag teastáil ina leith. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, agus togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2025, ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro 8 an 13 Bealtaine 2025 agus an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht an 10 Márta 2025.
(7)An 29 Eanáir 2025 d’fhoilsigh an Coimisiún an Compás Iomaíochais, creat straitéiseach arb é is aidhm dó borradh a chur faoi iomaíochas domhanda an Aontais sna 5 bliana amach romhainn. Sainaithnítear ann na trí riachtanas chlaochlaitheacha a bhaineann le fás eacnamaíoch inbhuanaithe: (i) an nuálaíocht; (ii) an dícharbónú agus an t‑iomaíochas; agus (iii) an tslándáil. Chun an bhearna nuálaíochta a dhúnadh, tá sé d’aidhm ag an Aontas nuálaíocht thionsclaíoch a chothú, tacú le fás gnólachtaí nuathionscanta trí thionscnaimh amhail an Straitéis AE um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú, agus glacadh ardteicneolaíochtaí a chur chun cinn, an intleacht shaorga agus an ríomhaireacht chandamach, cuir i gcás. Ar mhaithe le geilleagar níos glaise a bhaint amach, tá Plean Gníomhaíochta cuimsitheach um Fhuinneamh Inacmhainne agus Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan leagtha amach ag an gCoimisiún, rud a áiritheoidh go mbeidh an t‑aistriú chuig fuinneamh glan costéifeachtach, fabhrach don iomaíochas i gcónaí, go háirithe i gcás earnálacha dianfhuinnimh, agus ina spreagadh don fhás. Chun spleáchais iomarcacha a laghdú agus an tslándáil a mhéadú, tá an tAontas tiomanta do chomhpháirtíochtaí trádála domhanda a neartú, do shlabhraí soláthair a éagsúlú agus do rochtain ar amhábhair chriticiúla agus ar fhoinsí fuinnimh glana a áirithiú. Is iad na cumasóirí cothrománacha seo a leanas atá ina mbonn taca ag na tosaíochtaí sin — simpliú rialála, doimhniú an mhargaidh aonair, maoiniú iomaíochais agus Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, cur chun cinn scileanna agus poist ardcháilíochta , agus comhordú níos fearr ar bheartais an Aontais. Tá an Compás Iomaíochais ailínithe leis an Seimeastar Eorpach, rud a áirithíonn go bhfuil beartais eacnamaíocha na mBallstát comhsheasmhach le cuspóirí straitéiseacha an Choimisiúin, ionas go bhfuil cur chuige aontaithe ann maidir le rialachas eacnamaíoch lena gcothaítear fás inbhuanaithe, nuálaíocht agus athléimneacht ar fud an Aontais.
(8)In 2025, beidh an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch ag forbairt leis de réir mar a bheidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta á cur chun feidhme . Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais atá ann faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go gcuidíonn na pleananna ó thaobh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Tá na moltaí tírshonracha sin fós chomh hábhartha céanna maidir leis an measúnú ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/241.
(9)Na príomhdhúshláin beartais eacnamaíoch nach dtugtar aghaidh orthu go leordhóthanach leis na bearta atá sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, cumhdaíonn moltaí tírshonracha 2025 iad, agus na dúshláin ábhartha a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2019-2024 á gcur san áireamh.
(10)An 4 Meitheamh 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2025 maidir leis an Ostair. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar an dul chun cinn atá déanta ag an Ostair ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha agus rinneadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na hOstaire a mheas. I bhfianaise na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre na dúshláin is práinní atá le sárú ag an Ostair. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na hOstaire ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, mar aon leis an dul chun cinn ó thaobh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.
Measúnú ar an Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn
(11)An 13 Bealtaine 2025, thíolaic an Ostair plean meántéarmach ina ngealltar na huasrátaí fáis seo a leanas ar ghlanchaiteachas a chomhlíonadh: 2,6 % in 2025, 2,2 % in 2026, 2,2 % in 2027, 2,0 % in 2028 agus 2,3 % in 2029, rátaí a chomhfhreagraíonn do na huasrátaí fáis carnacha arna ríomh faoi threoir 2024, mar atá 2,6 % in 2025, 4,8 % in 2026, 7,2 % in 2027, 9,4 % in 2028 agus 11,9 % in 2029. An 13 Bealtaine 2025, chuir an Ostair a Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn 9 isteach maidir le sonraí agus réamh-mheastacháin olltoraidh fhioscacha ábhartha agus maidir le cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagraítear do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh. An Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, is léiriú freisin í ar thuairisciú débhliantúil na hOstaire i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta maidir lena plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241.
(12)Is dúshlán eiseach don Aontas Eorpach é an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin agus a iarmhairtí. Mhol an Coimisiún clásal éalaithe náisiúnta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú ar bhealach comhordaithe chun tacú le hiarrachtaí an Aontais méadú tapa suntasach ar chaiteachas cosanta a bhaint amach agus ba dhíol sásaimh do Chomhairle Eorpach an 6 Márta 2025 an togra sin.
(13)Ar bhonn sonraí atá fíoraithe ag Eurostat 10 , tháinig méadú ar easnamh rialtais ghinearálta na hOstaire ó 2,6 % de OTI in 2023 go 4,7 % in 2024, agus tháinig méadú ar an bhfiachas rialtais ghinearálta ó 78,5 % de OTI ag deireadh 2023 go 81,8 % ag deireadh 2024. De réir ríomhanna an Choimisiúin, comhfhreagraíonn na forbairtí sin do ráta fáis glanchaiteachais 8,7 % in 2024. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach 11 , lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, measadh gur staid fhorleathnaitheach, faoi 2,3 %, a bhí ann in 2024. An 4 Meitheamh 2025, ghlac an Coimisiún tuarascáil faoi Airteagal 126(3) de CFAE 12 . Sa tuarascáil sin, rinneadh measúnú ar staid bhuiséadach na hOstaire, toisc go raibh a heasnamh rialtais ghinearálta in 2024 níos mó ná an luach tagartha de 3 % de OTI. Sa tuarascáil thángthas ar an gconclúid, i bhfianaise an mheasúnaithe sin, agus tar éis an tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais arna bhunú faoi Airteagal 126(4) CFAE a mheas, go mbreithneoidh an Coimisiún a mholadh go gcuirfí tús le nós imeachta um easnamh iomarcach don Ostair trí mholadh don Chomhairle Cinneadh a ghlacadh faoi Airteagal 126(6) lena suitear gurb ann d’easnamh iomarcach.
(14)De réir na Tuarascála Bliantúla ar Dhul Chun Cinn, sa chás maicreacnamaíoch atá mar bhonn taca le réamh-mheastacháin bhuiséadacha na hOstaire, tá coinne le fás fíor-OTI -0,3 % in 2025, agus réamh-mheastar go mbeidh boilsciú ICPT 2,8 % ann in 2025. Réamh-mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún go laghdóidh an fíor-OTI faoi 0,3 % in 2025 agus go bhfásfaidh sé faoi 1,0 % in 2026, agus go mbeidh boilsciú ICPT 2,9 % ann in 2025 agus 2,1 % in 2026.
(15)Sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an easnamh rialtais ghinearálta go 4,5 % de OTI in 2025, agus tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le méadú go 84,7 % faoi dheireadh 2025. Comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 1,6 % in 2025. Réamh-mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún go mbeidh easnamh rialtais ghinearálta 4,4 % de OTI ann in 2025. Leis an laghdú ar an easnamh in 2025, léirítear den chuid is mó cur chun feidhme pacáiste comhdhlúthaithe, agus an tráth céanna tá an caiteachas méadaithe ar thuarastail phoiblí, ar phinsin agus ar chaiteachas sóisialta, i ngeall ar innéacsú boilscithe agus costais eile a bhaineann le haosú, ag cur isteach go mór ar an airgeadas poiblí. De réir ríomhanna an Choimisiúin, comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 2,0 % in 2025. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach, lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, réamh-mheastar gur staid chrapthach a bheidh ann, faoi 1,3 %, in 2025. Tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le méadú go 84,0 % faoi dheireadh 2025.
(16)Meastar go maoineofar caiteachas rialtais ghinearálta 0,1 % de OTI le tacaíocht neamh-inaisíoctha (‘deontais’) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2025, i gcomparáid le 0,1 % de OTI in 2024, de réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún. Le caiteachas a mhaoinítear le tacaíocht neamh-inaisíoctha ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, beifear in ann infheistíocht ardcháilíochta agus athchóirithe lena gcuirfear leis an táirgiúlacht a dhéanamh gan tionchar díreach a imirt ar chomhardú rialtais ghinearálta agus fiachas na hOstaire.
(17)D’fhan caiteachas cosanta rialtais ghinearálta san Ostair cobhsaí ag 0,6 % de OTI idir 2021 agus 2023 13 . De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go gcaithfear 0,7 % de OTI in 2024 agus 0,8 % de OTI in 2025 ar an gcosaint. Comhfhreagraíonn sé sin do mhéadú 0.2 pointe céatadáin de OTI i gcomparáid le 2021.
(18)De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go bhfásfaidh an glanchaiteachas san Ostair faoi 2,0 % in 2025. Ar bhonn Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go mbeidh glanfhás caiteachais na hOstaire in 2025 faoi bhun an uasráta fáis ar thug an Ostair gealltanais ina leith ina plean.
(19)Ní áirítear réamh-mheastacháin bhuiséadacha tar éis 2025 sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn. Ar bhonn bearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, réamh-mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún easnamh rialtais ghinearálta 4,2 % de OTI in 2026. Comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 2,3 % in 2026. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach, lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, réamh-mheastar gur staid chrapthach a bheidh ann, faoi 0,3 %, in 2026. Is é réamh-mheastachán an Choimisiúin go dtiocfaidh méadú go 85,8 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI faoi dheireadh 2026.
(20)Sonraítear i bplean meántéarmach na hOstaire an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin. Cuimsíonn siad bearta atá ann cheana agus bearta treisithe ón bplean téarnaimh agus athléimneachta, amhail rochtain fheabhsaithe ar oideachas (‘Chancenbonus’) chomh maith le hathchóirithe agus infheistíochtaí breise amhail an aois scoir iarbhír a ardú, saoire uas-scilithe a athchóiriú agus an ranníocaíocht cúraim sláinte do phinsinéirí a mhéadú.
Príomhdhúshláin bheartais
(21)Tá méadú ag teacht ar an mbrú fioscach a bhaineann le haosú san Ostair óna córais cúraim sláinte, cúraim fhadtéarmaigh agus phinsin. Mar thoradh ar aois scoir reachtúil agus aois scoir iarbhír na tíre atá réasúnta íseal, bíonn costais arda phinsin ann, agus réamh-mheastar go mbainfidh siad buaicphointe 15 % de OTI amach faoi 2030 sula dtiocfaidh laghdú beag orthu. D’ainneoin athchóirithe a rinneadh roimhe seo, tá aois scoir iarbhír na hOstaire fós faoi bhun mheán an Aontais. Tá na bearta pinsin a cuireadh chun feidhme le déanaí réasúnta, go háirithe i gcomparáid le gnóthachain san ionchas saoil, agus ní fhéadfadh pleananna nua maidir le srian a chur le luathscor a bheith ina gcuidiú ach go pointe teoranta chun an aois scoir iarbhír a ardú. Cuireann aosú déimeagrafach brú ar chúram sláinte agus ar airgeadas cúraim fhadtéarmaigh freisin. Faoi 2070 meastar go n‑ardóidh an caiteachas ar chúram sláinte ó 7,8 % in 2024 go 8,9 % de OTI, sin méadú faoi dhó ar mheánmhéadú an Aontais, agus d’fhéadfadh costais cúraim fhadtéarmaigh fás ó 1,6 % go 3,1 % de OTI le linn na tréimhse céanna. Bhí sé d’aidhm ag an athchóiriú cúraim sláinte in 2023 borradh a chur faoin gcúram sláinte príomhúil agus an spleáchas ar ospidéil a laghdú, ach tá cúram príomhúil fós tearcfhorbartha, tá seirbhísí forluiteacha fós ann, agus ní chloítear le spriocanna caiteachais. Tá bearta rialála éifeachtacha agus ailíniú freagrachtaí maoiniúcháin agus caiteachais in easnamh, rud a chuireann le staid inar minic a sháraíonn réigiúin agus an t‑árachas sóisialta na huasteorainneacha bliantúla caiteachais a comhaontaíodh. Sa chúram fadtéarmach, chuir athchóirithe a rinneadh le déanaí feabhas ar dhálaí oibre agus ar thacaíocht do chúramóirí teaghlaigh, ach níor thug siad aghaidh ar an inbhuanaitheacht fhioscach. Is gné mhór den chaiteachas poiblí é an cúram institiúideach, cé go bhfuil cúram sa teaghais níos costéifeachtaí in go leor cásanna. Sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tá bearta chun cúram sláinte príomhúil a chur chun cinn agus chun rialachas spriocbhunaithe a chur chun feidhme sa chúram fadtéarmach.
(22)Is saintréith de chreat fioscach na hOstaire é an córas casta aistrithe idir-rialtasacha idir údaráis fheidearálacha agus réigiúnacha, rud a chuireann teorainn le héifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí. Agus leibhéal íseal neamhspleáchais cánach acu, bíonn stáit chónaidhme ag brath go mór ar ioncam comhroinnte seachas ar a bhfoinsí féin - níor tháinig ach sciar beag den ioncam poiblí iomlán in 2024 ó fhoinsí fonáisiúnta. An tráth céanna, braitheann maoiniú seirbhísí riachtanacha, mar shampla, cúram sláinte, cúram leanaí agus infheistíocht in iompar poiblí go páirteach ar chaiteachas arna soláthar ag na stáit fheidearálacha agus na bardais. Cuireann an t‑athrú déimeagrafach agus an t‑aistriú glas leis an mbrú ar an gcostas atá ar na stáit fheidearálacha agus ar na bardais, cé nach bhfuil an t‑ioncam as a bhfoinsí féin nasctha le dinimic an chaiteachais.
(23)Tá an meascán cánach fós ag brath go mór ar ioncam saothair agus ar thomhaltas. In 2023 ba ag an Ostair a bhí an ceathrú cóimheas cánach le OTI san Aontas le meánding chánach mhór ar shaothar (an cúigiú ceann is airde san Aontas in 2024) 14 . Ó bhí 2023 ann, déantar réimeanna cánach ioncaim phearsanta a innéacsú leis an mboilsciú, rud a chuireann stop leis an ding chánach ag éirí níos mó trí bhogadh réime cánach. Tá roinnt dúshláin struchtúrtha sheanbhunaithe fós ann sa mheascán cánach nár tugadh aghaidh orthu go fóill, áfach. Ach úsáid níos fearr a bhaint as cánacha atá fabhrach don fhás agus don fhostaíocht, d’fhéadfaí an spás buiséadach is gá a chruthú agus feabhas a chur ar an gcóras chánach foriomlán.
(24)San Ostair, tá dlús curtha le cur chun feidhme chláir an bheartais comhtháthaithe, lena gcuimsítear tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ón gCiste um Aistriú Cóir (CUAC) agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+). Tá sé tábhachtach leanúint de na hiarrachtaí chun cur chun feidhme tapa na gclár sin a áirithiú, agus a dtionchar ar an láthair á uasmhéadú ag an am céanna. Tá an Ostair ag gníomhú cheana féin faoina cláir beartais chomhtháthaithe chun borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin bhfás. An tráth céanna, tá dúshláin fós le sárú ag an Ostair, lena n‑áirítear dúshláin a bhaineann le hiomaíochas, tithíocht inacmhainne, scileanna agus cuimsiú gníomhach. I gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060, ceanglaítear ar an Ostair – mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chistí an bheartais comhtháthaithe – gach clár a athbhreithniú agus na dúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2024, i measc nithe eile, á gcur san áireamh. Leis na tograí ón gCoimisiún a glacadh an 1 Aibreán 2025 15 , cuirtear síneadh leis an spriocdháta chun measúnú a chur isteach – le haghaidh gach cláir – ar thoradh an athbhreithnithe mheántéarma tar éis an 31 Márta 2025. Cuirtear ar fáil leis freisin solúbthachtaí chun cuidiú le dlús a chur le cur chun feidhme clár agus dreasachtaí do na Ballstáit acmhainní an bheartais comhtháthaithe a leithdháileadh ar chúig réimse tosaíochta straitéisí de chuid an Aontais, is iad sin iomaíochas i dteicneolaíochtaí straitéiseacha, cosaint, tithíocht, athléimneacht uisce agus aistriú fuinnimh.
(25)Deis atá san Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) infheistíocht a dhéanamh i gceann de phríomhthosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, is é sin iomaíochas an Aontais a neartú. Cuirtear STEP ar fáil trí 11 chiste AE atá ann cheana. Is féidir leis na Ballstáit rannchuidiú leis an gclár InvestEU freisin, clár a thacaíonn le hinfheistíochtaí sna réimsí tosaíochta. D’fhéadfadh an Ostair na tionscnaimh sin a úsáid chun tacú le forbairt nó monarú teicneolaíochtaí criticiúla, teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní san áireamh.
(26)Anuas ar na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus le cistí eile ón Aontas, tá roinnt dúshlán breise roimh an Ostair a bhaineann le hinbhuanaitheacht a hairgeadais phoiblí, margadh an tsaothair, dinimiceas agus iomaíochas an ghnó, a spleáchas leanúnach ar bhreoslaí iontaise agus praghsanna arda fuinnimh.
(27)Cé go bhfuil ionstraimí cistiúcháin éagsúla ar fáil, tá maoiniú riosca do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis fós ina ghné shriantach. Tá treochtaí dearfacha le feiceáil sa mhargadh áitiúil caipitil fiontair agus forbraíochta, agus an caipiteal fiontair ag ardú go 0,08 % de OTI le linn 2021-2023, ach níl sé forbartha go leordhóthanach go fóill. Tá an maoiniú caipitil fiontair teoranta, i bpáirt, mar gheall ar leibhéal íseal rannpháirtíochta infheisteoirí institiúideacha, lena n‑áirítear cistí pinsin. Tá an Ostair freagrach as 1 % de cistí cothromais phríobháidigh agus caipitil fiontair a thiomsaítear gach bliain idir 2007-2023, méid atá go mór faoi bhun na mBallstát atá ceannasach sa réimse seo.
(28)Ní chomhfhreagraíonn caiteachas ard comparáideach T&F na hOstaire (ag 3,26 % de OTI in 2023) agus comhar láidir idir an eolaíocht agus gnólachtaí go leordhóthanach do réitigh inmhargaidh ná do dhinimiceas gnó. Ba é 39,8 % céatadán na ndaoine a bhí ag obair i seirbhísí dlútheolais, rud a bhí beagán níos ísle ná meán 40,8 % an Aontais in 2022. Tá an tír chun deiridh freisin ar na Ballstáit is nuálaí san Aontas maidir le breisluach intíre a ghiniúint ó onnmhairí earraí agus seirbhísí ardteicneolaíochta. De ghnáth díríonn tacaíocht phoiblí don nuálaíocht, trí dhreasachtaí cánach T&F go príomha, ar nuálaíocht incriminteach in earnálacha seanbhunaithe. Le gníomhaíocht phaitinnithe atá ag lagú le 10 mbliana anuas, agus éagothromaíochtaí móra leanúnacha i gcaiteachas T&F idir na stáit chónaidhme, cuirtear teorainn le cumas na hOstaire leas iomlán a bhaint as a hacmhainneacht tairbhí eacnamaíocha níos airde a bhaint as an nuálaíocht. Dá ndéanfaí athbhreithniú níos córasaí ar scéimeanna tacaíochta atá ann cheana, mhéadófaí éifeachtúlacht an chórais nuálaíochta.
(29)Dá gcuirfí comhtháthú na dteicneolaíochtaí digiteacha sa saol gnó chun cinn, neartófaí an t‑iomaíochas a thuilleadh. D’ainneoin dul chun cinn maidir le glacadh na néalríomhaireachta, tá an Ostair chun deiridh ar mheán 38,9 % an Aontais mar ní úsáideann ach 35.6 % de ghnólachtaí néalteicneolaíochtaí, rud a léiríonn go bhfuil spás don fhás sa réimse sin. Is dúshlán fós é glacadh na hanailísíochta sonraí, ós rud é nach bhfuil ach 23,9 % de ghnólachtaí na hOstaire tar éis teicneolaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme, i bhfad faoi bhun mheán 33,2 % an Aontais. D’fhéadfadh bearta spriocdhírithe - lena n‑áirítear dreasachtaí airgeadais, tacaíocht do bhonneagar néalríomhaireachta agus sonraí, agus infheistíocht i scileanna digiteacha - dlús mór a chur le glacadh ardteicneolaíochtaí, go háirithe i measc fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).
(30)Bíonn tionchar diúltach ag easpa iomaíochta in earnálacha áirithe ar thomhaltóirí na hOstaire, rud a ardaíonn praghsanna. Le bacainní ar iontráil sa mhargadh d’iomaitheoirí nua, srianta soláthair críochacha agus sriantacht rialála iomarcach do dhaoine i ngairmeacha áirithe agus do sholáthraithe seirbhíse áirithe, cuirtear teorainn leis an iomaíocht agus ardaíonn sé sin praghsanna do thomhaltóirí.
(31)Mar a leagtar amach sa Chompás Iomaíochais, ní mór do na hinstitiúidí Eorpacha, náisiúnta agus áitiúla uile iarracht mhór a dhéanamh rialacha níos simplí a chur ar fáil agus dlús a chur le luas na nósanna imeachta riaracháin. Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag an gCoimisiún chun an t‑ualach riaracháin a laghdú: faoi 25 % ar a laghad agus faoi 35 % ar a laghad i gcás FBManna; agus tá uirlisí nua cruthaithe aige chun na spriocanna sin a bhaint amach, lena n‑áirítear tástáil struis chórasach ar stoc reachtaíocht an Aontais agus idirphlé feabhsaithe le páirtithe leasmhara. Chun teacht leis an uaillmhian sin, ní mór don Ostair beart a dhéanamh freisin. Measann 51 % de ghnólachtaí gur fadhb í castacht na nósanna imeachta riaracháin dá gcuideachta agus iad i mbun gnó san Ostair 16 . Is bealach eile chun iomaíochas a mhéadú é dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe agus an chastacht riaracháin a laghdú - go háirithe i gcás FBManna. Is minic a chuireann nósanna imeachta ceadaithe moill mhíchuí ar thionscadail thionsclaíocha, rud a mhaireann níos mó ná 22-23 mhí ón dáta cur i bhfeidhm de ghnáth. Gné mhór a chuireann leis sin is ea an úsáid theoranta a bhaintear as uirlisí digiteacha, agus bíonn an chumarsáid fós ag brath go mór ar dhoiciméid fhisiceacha a chur isteach. D’fhéadfaí dlús a chur le ceadú trí roghanna a thabhairt isteach amhail tús luath a chur le hoibreacha foirgníochta ullmhúcháin, nósanna imeachta simplithe le haghaidh agóidí poiblí, agus doiciméadacht neamhriachtanach a chur siar go céimeanna níos déanaí den nós imeachta. Ar an iomlán, tá ualach mór riaracháin agus rialála ar an Ostair agus is minic a mheastar gur bacainn níos mó ar an infheistíocht í an rialáil ghnó ná mar atá san Aontas ar an meán.
(32)Tá dul chun cinn mór déanta ag an Ostair maidir lena conair i dtreo an aistrithe chuig fuinneamh glan agus neartaigh sí a slándáil fuinnimh trí dheireadh iomlán a chur le hallmhairí gáis ón Rúis faoi thús 2025. Mar sin féin, i gcás 65 % dá riachtanais fuinnimh, bíonn an Ostair fós ag brath ar allmhairí, go háirithe ola agus gás. Tá ardú mór tagtha ar phraghsanna fuinnimh, agus tá an praghas leictreachais do thomhaltóirí móra ar an seachtú praghas is airde san Aontas in 2023. Déanann sé sin difear d’iomaíochas praghsanna, go háirithe do thionscail dianfhuinnimh. Mar gheall ar an méadú mór atá tagtha ar úsáid foinsí in-athnuaite le blianta beaga anuas agus ar spriocanna uaillmhianacha maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh go dtí 2030, ní mór an eangach a leathnú agus a uasghrádú mar ábhar práinne chomh maith le solúbthacht an chórais fuinnimh a mhéadú. Chuige sin, tá gá le níos mó infheistíochtaí agus luas ionas gur féidir giniúint bhreise cumhachta in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras. Is iad úsáideoirí an ghréasáin a íocann an costas a bhaineann le leathnú an ghréasáin. Tháinig méadú 19 % ar an meán ar mhuirir ghréasáin i mí Eanáir 2025 chun infheistíochtaí leanúnacha a mhaoiniú, i measc nithe eile. Níl dul chun cinn déanta maidir leis an obair ar an Acht nua um an Margadh Leictreachais maidir le hathchóiriú ar tharaifí gréasáin a chumasú, an córas fuinnimh a dhéanamh níos solúbtha, nó maidir le dreasachtaí chun comhaontuithe ceannaigh cumhachta a úsáid. Faoi láthair, tá comhaontuithe ceannaigh cumhachta in-athnuaite teoranta san Ostair, agus níl ach 0,1 GW ar conradh.
(33)Gineann fuinneamh in-athnuaite 40,8 % d’ídiú iomlán fuinnimh na hOstaire, sciar mór atá ag dul i méid. Mar sin féin, tá stad tagtha leis an dul chun cinn maidir le dlús breise a chur le leathadh amach an fhuinnimh in-athnuaite agus an bhonneagair a theastaíonn uaidh. Tá leathnú theicneolaíocht ghlan-nialasachta na hOstaire, go háirithe, fós á coinneáil siar mar gheall ar nósanna imeachta riaracháin atá casta agus fada.
(34)Meastar go mbeidh an Ostair ar an mbóthar ceart chun a sprioc laghdaithe astaíochtaí a bhaint amach, ach tháinig moill ar luas an dícharbónaithe in 2024 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Meastar nár tháinig ach laghdú 3,7 % ar astaíochtaí, i gcomparáid le 6,5 % in 2023. Saintréithe d’earnáil thionsclaíoch na hOstaire is ea déine ard fuinnimh agus moilleanna sa dícharbónú. Ós rud é go bhfuil go leor cuideachtaí ag streachailt chun méaduithe suntasacha ar phraghsanna fuinnimh a ionsú, tá sé tábhachtach éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú chun astaíochtaí a laghdú agus chun borradh a chur faoin iomaíochas araon. Cé go bhfuil dul chun cinn déanta ag formhór na n‑earnálacha i ndáil leis sin, tá dícharbónú an iompair fós chun deiridh. In 2023 tháinig méadú 1 % ar thomhaltas fuinnimh deiridh na hearnála iompair i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Chun aghaidh a thabhairt air sin, cuirtear bearta breise chun cinn i bplean náisiúnta fuinnimh agus aeráide 2024 a chuirfidh ar a cumas don Ostair a spriocanna comhroinnte díchill a bhaint amach, ach beidh a rath ag brath ar na bearta sin a chur chun feidhme go cinntitheach agus go hiomlán.
(35)Tá cánachas saothair agus ranníocaíochtaí sóisialta san Ostair i measc na rátaí is airde san Aontas, rud a chuireann bac ar chruthú post agus ar rannpháirtíocht i margadh an tsaothair. Le 10 mbliana anuas, thit an meánlíon uaireanta seachtainiúla a oibríodh iarbhír in aghaidh an duine ó 35,8 go 33,6 uair an chloig. I gcoinne na treochta i mBallstáit eile, tháinig méadú 2 phointe céatadáin ar an sciar d’obair pháirtaimseartha, rud a bhí ard cheana féin ó bhí 2019 ann. Tá an ráta oibre páirtaimseartha sa Ostair, is é sin 30,6 % in 2024, fós beagnach dhá oiread níos airde ná meán 17,1 % an Aontais. Leis an ding ard chánach ar an lucht saothair, ní spreagtar do dhaoine uaireanta oibre níos faide a dhéanamh, rud a chuireann le ganntanais lucht saothair agus a chuireann teorainn leis an acmhainneacht eacnamaíoch.
(36)Tá sciar na mban atá ag obair go páirtaimseartha i measc na rátaí is airde san Aontas. Léiríonn sé sin freisin a leibhéal ard rannpháirtíochta in obair chúraim gan íocaíocht agus infhaighteacht neamhleor oideachas agus chúram na luath-óige atá inacmhainne agus ar ardchaighdeán, agus rochtain neamhleor orthu. D’ainneoin iarrachtaí chun infhaighteacht oideachas agus chúram na luath-óige a mhéadú, tá céatadán na leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois atá rannpháirteach in oideachas agus cúram foirmiúil na luath-óige fós i bhfad faoi bhun mheán an Aontais. In éineacht leis sin, tá éagothromaíochtaí réigiúnacha ann maidir le hinfhaighteacht áiteanna le haghaidh oideachas agus chúram na luath-óige, chomh maith le ganntanais foirne.
(37)Cé go bhfuil ardú leanúnach tagtha ar ráta fostaíochta daoine scothaosta (55 go 64 bliana d’aois) le deich mbliana anuas go 58,8 % in 2024, tá sé fós go maith faoi bhun mheán an Aontais, 65,2 %. Bíonn deacrachtaí ag oibrithe scothaosta athimeascadh sa mhargadh saothair, ó scileanna digiteacha teoranta go réamhchlaonadh i leith oibrithe scothaosta. Tá daoine a bhfuil cáilíochtaí ísle acu, nach bhfuil ach an leibhéal scolaíochta riachtanach acu, an-leochaileach, agus is iadsan an scair is airde de dhaoine dífhostaithe san Ostair. Ar an gcaoi chéanna, tá leibhéil ghnóthachtála níos ísle i margadh an tsaothair ag daoine a mbaineann cúlra imirceach leo agus daoine a bhfuil cúlra socheacnamaíoch faoi mhíbhuntáiste acu agus tá bacainní ar leith rompu maidir le dul isteach sa mhargadh saothair. Is measa fós é sin mar gheall ar na dúshláin a bhaineann le scileanna teanga neamhleora agus le haitheantas teoranta a gcáilíochtaí.
(38)De réir Chlár Idirnáisiúnta 2022 um Measúnú Daltaí (PISA) ó ECFE, tá méadú tagtha ar thearcfheidhmíocht daltaí maidir le bunscileanna a shealbhú, go háirithe dóibh siúd a bhfuil cúlra socheacnamaíoch imirceach agus/nó faoi mhíbhuntáiste acu nó dóibh siúd a rugadh thar lear. Cruthaítear dúshláin do mhúinteoirí de dheasca sciar méadaitheach na ndaltaí a bhfuil cúlra socheacnamaíoch imirceach agus/nó faoi mhíbhuntáiste acu agus atá dul isteach san oideachas gan scileanna teanga leordhóthanacha. Ina theannta sin, cuireann ganntanais múinteoirí bac breise ar thorthaí oideachais a fheabhsú. Thairis sin, maidir le scileanna bunúsacha atá ag dul in olcas i measc daltaí scoile, leanann siad gan scileanna bunúsacha a bheith acu agus iad fásta, go háirithe i measc na ndaltaí sin a bhfuil cúlra socheacnamaíoch imirceach agus/nó faoi mhíbhuntáiste acu. Cé go leanann an Ostair de raon leathan athchóirithe a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar fheidhmíocht a córais oideachais, tá sé ríthábhachtach forbairt scileanna bunúsacha agus scileanna ETIM a neartú ag gach céim, ó oideachas leanaí go foghlaim aosach, chun aghaidh a thabhairt ar na ganntanais scileanna sin.
(39)Tá ganntanais oibrithe oilte fós ina scrogall d’acmhainneacht fáis na hOstaire. Deir 72 % de chuideachtaí gur bac mór ar an infheistíocht é sin 17 . Go háirithe, cuireann an easpa scileanna glasa bac ar iomaíochas na n‑earnálacha atá ríthábhachtach don aistriú glas agus tá an baol ann go gcuirfidh sé sin moill ar an Ostair a spriocanna aeráide a bhaint amach. Ina theannta sin, níl aon straitéis shainráite ann faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar chaillteanais post i dtionscail ar mór a lorg carbóin de réir mar a bhogann an Ostair i dtreo geilleagar aeráidneodrach. Dá gcuirfí borradh faoi chláir uas-scilithe atá ann cheana, d’fhéadfaí leas a bhaint as an soláthar saothair nár baineadh leas as go fóill agus borradh a chur faoi thionscal glan-nialasachta na hOstaire. Tá sé ríthábhachtach tacaíocht spriocdhírithe a sholáthar do dhaoine aonair i ngairmeacha agus i réigiúin atá i mbaol tionchar diúltach a bheith ag iarrachtaí dícharbónaithe ar scála mór orthu chun tacaíocht leathan phoiblí don aistriú glas a áirithiú.
(40)I bhfianaise na ndlúth-idirnasc idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro, agus a rannchuidithe chomhchoitinn le feidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadais, in 2025 mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun Moladh 2025 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur chun feidhme. I gcás na hOstaire, cuidíonn moltaí (2), (3) agus (5) le cur chun feidhme an chéad mholta maidir leis an limistéar euro i dtaca le hiomaíochas, cuidíonn moltaí (1), (4) agus (5) le cur chun feidhme an dara moladh maidir leis an limistéar euro i dtaca le hathléimneacht, agus cuidíonn moladh (1) le cur chun feidhme an tríú moladh maidir leis an limistéar euro i dtaca le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais a leagtar amach i Moladh 2025.
AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an Ostair in 2025 agus in 2026 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
1.Caiteachas agus ullmhacht fhoriomlán i réimse na cosanta a threisiú i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 6 Márta 2025. Cloí le huasrátaí fáis an ghlanchaiteachais a mhol an Chomhairle an [dáta]. An tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca leis an tréimhse choigeartúcháin fhadaithe a chur chun feidhme, mar a mhol an Chomhairle an [dáta]. Bearta cinntitheacha a dhéanamh chun inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a chosaint, lena n‑áirítear trí inbhuanaitheacht fhioscach na gcóras cúraim sláinte, cúraim fhadtéarmaigh agus pinsean a fheabhsú, trí, i measc nithe eile, bonneagar ospidéil tearcúsáidte a chuíchóiriú, costéifeachtúlacht an chúraim sláinte agus an chúraim fhadtéarmaigh a fheabhsú, rialú caiteachais a neartú agus an aois scoir iarbhír a mhéadú go suntasach. Gaolmhaireachtaí fioscach agus freagrachtaí fioscacha a shimpliú agus a réasúnú ar fud earnálacha rialtais agus ailíniú na bhfreagrachtaí airgeadais agus caiteachais a áirithiú. An meascán cánach a fheabhsú chun an ding chánach ar an lucht saothair a laghdú agus chun tacú leis an bhfás ionchuimsitheach agus inbhuanaithe i dtimpeallacht fhioscach dhúshlánach.
2.I bhfianaise na sprioc-amanna is infheidhme chun athchóirithe agus infheistíochtaí a thabhairt chun críche go tráthúil faoi Rialachán (AE) 2021/241, cur chun feidhme éifeachtach an phlean téarnaimh agus athléimneachta a áirithiú, lena n‑áirítear an chaibidil REPowerEU. Dlús a chur le cur chun feidhme chláir an bheartais comhtháthaithe (CFRE, CUAC, CSE+), agus, i gcás inarb iomchuí, na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an athbhreithniú meántéarma a thapú agus dul chun cinn a dhéanamh dá réir. An úsáid is fearr is féidir a bhaint as ionstraimí an Aontais, na deiseanna a chuirtear ar fáil le InvestEU agus leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip san áireamh, chun cur leis an iomaíochas.
3.Dinimiceas gnó, agus cruthú agus fás cuideachtaí óga a chur chun cinn, lena n‑áirítear trí rochtain níos fearr ar chaipiteal fiontair agus forbraíochta a sholáthar agus trí dheireadh a chur le bacainní a chuireann bac ar infheistíocht ó infheisteoirí institiúideacha in ionstraimí cothromais. Feabhas a chur ar réitigh inmhargaidh a dhéanamh den ardleibhéal infheistíochta T&F agus dlús a chur le húsáid (ard)teicneolaíochtaí digiteacha i gcuideachtaí. An rialáil a shimpliú, an t‑ualach riaracháin a laghdú, go háirithe do FBManna, dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe agus an iomaíocht a neartú chun praghsanna a ísliú.
4.Dul i ngleic le costais arda fuinnimh, lena n‑áirítear trí athchóiriú ar an Acht um Leictreachas, trí fheabhas a chur ar sholúbthacht an chórais fuinnimh agus trí chomhaontuithe ceannaigh cumhachta a dhreasú. Spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus dlús a chur le rolladh amach an fhuinnimh in-athnuaite agus an bhonneagair is gá, go háirithe trí nósanna imeachta ceadaithe a shimpliú agus dlúslimistéir thiomnaithe a chur i bhfeidhm. Astaíochtaí a laghdú a thuilleadh, go háirithe san earnáil iompair agus trí dhícharbónú tionsclaíoch a chur chun cinn. An éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú.
5.Dreasachtaí a chruthú chun borradh a chur faoin líon uaireanta a oibríonn daoine ar an iomlán agus faoi rannpháirtíocht lánaimseartha na mban sa mhargadh saothair, lena n‑áirítear trí cháilíocht agus infhaighteacht seirbhísí cúraim leanaí a fheabhsú. Feabhas a chur ar thorthaí mhargadh an tsaothair d’oibrithe níos sine agus do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, mar shampla, cuardaitheoirí poist ar bheagán oiliúna agus daoine a mbaineann cúlra imirceach leo, agus leibhéal na mbunscileanna a ardú, ag tosú ó aois luath, go háirithe ar leibhéal na scoile. Cur leis na hiarrachtaí beartais atá dírithe ar sholáthar agus ar shealbhú na scileanna agus n‑inniúlachtaí atá ag teastáil le haghaidh an aistrithe ghlais.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán