An Bhruiséil,4.6.2025

COM(2025) 216 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha Lucsamburg

{SWD(2025) 216 final}


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha Lucsamburg

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle 1 , agus go háirithe Airteagal 3(3) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

De bharr an mhéid seo a leanas:

Breithnithe ginearálta

(1)Le Rialachán (AE) 2024/1263, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024, sonraítear cuspóirí an chreata rialachais eacnamaíoch, creat a bhfuil sé d’aidhm aige airgeadas poiblí inbhuanaithe fónta agus fás cuimsitheach inbhuanaithe agus athléimneacht a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Sonraítear sa Rialachán go ndéanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún faireachas iltaobhach i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na ceanglais a leagtar amach in CFAE. Áirítear sa Seimeastar Eorpach, go háirithe, foirmliú na moltaí tírshonracha agus faireachas ar chur chun feidhme na moltaí sin. Leis an Rialachán, cuirtear úinéireacht náisiúnta i leith an bheartais fhioscaigh chun cinn, agus béim á leagan ar an bhfócas meántéarmach a bhaineann leis an mbeartas céanna, agus i dteannta leis sin cuirtear forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí chun cinn chomh maith. Ní mór do gach Ballstát plean fioscachstruchtúrach meántéarmach náisiúnta a chur faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, plean ina mbeidh a chuid gealltanas fioscach, athchóiriúcháin agus infheistíochta, thar thréimhse 4 nó 5 bliana, de réir fhad an téarma reachtaigh náisiúnta. Ní mór an chonair ghlanchaiteachais 2 sna pleananna sin ceanglais an Rialacháin a chomhlíonadh, lena náirítear na ceanglais ollfhiachas rialtais a chur nó a choimeád ar chonair inchreidte anuas faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % den olltáirgeacht intíre (OTI), agus an teasnamh rialtais ghinearálta a thabhairt agus/nó a choimeád faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 3 % de OTI, sa mheántéarma. I gcás ina dtugann Ballstát gealltanas i leith sraith ábhartha d’athchóirithe agus infheistíochtaí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán, féadtar síneadh suas le 3 bliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin.

(2)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (‘an tSaoráid’), i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Leis an tSaoráid cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, agus soláthraítear spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch, déanann an tSaoráid an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a chothú, agus spreagann sí athchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe an tráth céanna, go háirithe athchóirithe agus infheistíochtaí trína gcuirtear an taistriú glas agus an taistriú digiteach chun cinn agus trína gcuirtear le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an tairgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoi chruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

(3)Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 (‘Rialachán REPowerEU’), a glacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur, de réir a chéile, le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuidíonn sé sin ó thaobh slándáil fuinnimh a bhaint amach agus ó thaobh soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, agus an tráth céanna, cuireann sé le glacadh foinsí inathnuaite fuinnimh, le hacmhainneachtaí stórála agus le héifeachtúlacht fuinnimh. Chuir Lucsamburg caibidil nua REPowerEU lena plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh ó thaobh cuspóirí REPowerEU a bhaint amach.

(4)An 30 Aibreán 2021, chuir Lucsamburg a phlean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 den Rialachán sin, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V. An 6 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle a Cinneadh Cur Chun Feidhme lena bhformheastar an measúnú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg 5 a leasaíodh de réir Airteagal 18(2) an 13 Meán Fómhair 2024 chun an ranníocaíocht uasta airgeadais le haghaidh tacaíocht airgeadais neamhinaisíoctha a thabhairt cothrom le dáta, agus chun an chaibidil REPowerEU a chur san áireamh 6 . Chun go scaoilfear na tráthchodanna, caithfidh cinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 24(5), ina sonraítear go bhfuil na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle bainte amach go sásúil ag Lucsamburg. Ní féidir gnóthú sásúil a bheith i gceist ach sa chás nach ndeachthas siar ar an méid a rinneadh chun na clocha míle agus na spriocanna maidir leis an athchóiriú céanna nó an infheistíocht chéanna a bhaint amach.

(5)An 21 Eanáir 2025, ar mholadh ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle moladh lena bhformhuinítear plean fioscachstruchtúrach meántéarmach náisiúnta Lucsamburg 7 . Cuireadh an plean isteach i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 36(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1263, cumhdaíonn sé an tréimhse ó 2025 go 2029 agus socraíonn sé srian buiséadach i bhfoirm uasráta fáis glanchaiteachais thar 4 bliana.

(6)An 26 Samhain 2024 ghlac an Coimisiún tuairim freisin maidir le dréachtphlean buiséadach Lucsamburg 2025. An dáta céanna, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún Tuarascáil 2025 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil nár shainaithin sé inti go bhfuil Lucsamburg ar cheann de na Ballstáit a mbeadh grinn‑athbhreithniú ag teastáil ina leith. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, agus togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2025, ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro 8 an 13 Bealtaine 2025 agus an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht an 10 Márta 2025.

(7)An 29 Eanáir 2025 d’fhoilsigh an Coimisiún an Compás Iomaíochais, creat straitéiseach arb é is aidhm dó borradh a chur faoi iomaíochas domhanda an Aontais sna 5 bliana amach romhainn. Sainaithnítear ann na trí riachtanas chlaochlaitheacha a bhaineann le fás eacnamaíoch inbhuanaithe: (i) an nuálaíocht; (ii) an dícharbónú agus an tiomaíochas; agus (iii) an tslándáil. Chun an bhearna nuálaíochta a dhúnadh, tá sé d’aidhm ag an Aontas nuálaíocht thionsclaíoch a chothú, tacú le fás gnólachtaí nuathionscanta trí thionscnaimh amhail an Straitéis AE um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú, agus glacadh ardteicneolaíochtaí a chur chun cinn, an intleacht shaorga agus an ríomhaireacht chandamach, cuir i gcás. Ar mhaithe le geilleagar níos glaise a bhaint amach, tá Plean Gníomhaíochta cuimsitheach um Fhuinneamh Inacmhainne agus Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan leagtha amach ag an gCoimisiún, rud a áiritheoidh go mbeidh an taistriú chuig fuinneamh glan costéifeachtach, fabhrach don iomaíochas i gcónaí, go háirithe i gcás earnálacha dianfhuinnimh, agus ina spreagadh don fhás. Chun spleáchais iomarcacha a laghdú agus an tslándáil a mhéadú, tá an tAontas tiomanta do chomhpháirtíochtaí trádála domhanda a neartú, do shlabhraí soláthair a éagsúlú agus do rochtain ar amhábhair chriticiúla agus ar fhoinsí fuinnimh glana a áirithiú. Is iad na cumasóirí cothrománacha seo a leanas atá ina mbonn taca ag na tosaíochtaí sin — simpliú rialála, doimhniú an mhargaidh aonair, maoiniú iomaíochais agus Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, cur chun cinn scileanna agus poist ardcháilíochta , agus comhordú níos fearr ar bheartais an Aontais. Tá an Compás Iomaíochais ailínithe leis an Seimeastar Eorpach, rud a áirithíonn go bhfuil beartais eacnamaíocha na mBallstát comhsheasmhach le cuspóirí straitéiseacha an Choimisiúin, ionas go bhfuil cur chuige aontaithe ann maidir le rialachas eacnamaíoch lena gcothaítear fás inbhuanaithe, nuálaíocht agus athléimneacht ar fud an Aontais.

(8)In 2025, tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch ag forbairt leis de réir mar atá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta á cur chun feidhme. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais atá ann faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go gcuidíonn na pleananna ó thaobh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Tá na moltaí tírshonracha sin fós chomh hábhartha céanna maidir leis an measúnú ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/241.

(9)Na príomhdhúshláin beartais eacnamaíoch nach dtugtar aghaidh orthu go leordhóthanach leis na bearta atá sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, cumhdaíonn moltaí tírshonracha 2025 iad, agus na dúshláin ábhartha a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2019-2024 á gcur san áireamh.

(10)An 4 Meitheamh 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2025 maidir le Lucsamburg. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar an dul chun cinn atá déanta ag Lucsamburg ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha agus rinneadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta Lucsamburg a mheas. I bhfianaise na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre na dúshláin is práinní atá le sárú ag Lucsamburg. Leis an tuarascáil, rinneadh measúnú freisin ar dhul chun cinn Lucsamburg ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, sin agus ar an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

Measúnú ar an Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn

(11)An 21 Eanáir 2025, mhol an Chomhairle na huasrátaí fáis glanchaiteachais seo a leanas le haghaidh Lucsamburg: 5,8 % in 2025, 4,7 % in 2026, 3,8 % in 2027, 5,4 % in 2028 agus 4,7 % in 2029, rátaí a chomhfhreagraíonn do na huasrátaí fáis carnacha arna ríomh faoi threoir 2023, mar atá 14,2 % in 2025, 19,6 % in 2026, 24,1 % in 2027, 30,8 % in 2028 agus 36,9 % in 2029. An 25 Aibreán 2025, chuir Lucsamburg a Thuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn 9 isteach maidir le cloí leis na huasrátaí fáis glanchaiteachais a moladh agus maidir le cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagraítear do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh. An Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, is léiriú freisin í ar thuairisciú débhliantúil Lucsamburg i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta maidir lena phlean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241.

(12)Is dúshlán eiseach don Aontas Eorpach é an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin agus a iarmhairtí. Mhol an Coimisiún clásal éalaithe náisiúnta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú ar bhealach comhordaithe chun tacú le hiarrachtaí an Aontais méadú tapa suntasach ar chaiteachas cosanta a bhaint amach agus ba dhíol sásaimh do Chomhairle Eorpach an 6 Márta 2025 an togra sin.

(13)Bunaithe ar shonraí atá fíoraithe ag Eurostat 10 , d’athraigh easnamh ginearálta rialtas Lucsamburg ó easnamh 0,8 % de OTI in 2023 go barrachas 1,0 % de OTI in 2024, agus tháinig méadú ar an bhfiachas rialtais ghinearálta ó 25,0 % de OTI ag deireadh 2023 go 26,3 % ag deireadh 2024. De réir ríomhanna an Choimisiúin, comhfhreagraíonn na forbairtí sin do ráta fáis glanchaiteachais 6,2 % in 2024. Sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, measann Lucsamburg gurb é 6,7 % an fás glanchaiteachais in 2024. Measann an Coimisiún go raibh an fás glanchaiteachais níos ísle ná mar atá sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn. Toimhdí maidir le caiteachas níos ísle arna chistiú ag aistrithe ón Aontas sna réamhmheastacháin náisiúnta, sin é is cúis leis an difríocht idir ríomhanna an Choimisiúin ar an bhfás glan ar chaiteachas agus réamhmheastacháin na núdarás náisiúnta. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach 11 , lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, bhí sí neodrach den chuid is mó in 2024.

(14)De réir na Tuarascála Bliantúla ar Dhul Chun Cinn, sa chás maicreacnamaíoch atá mar bhonn taca le réamhmheastacháin bhuiséadacha Lucsamburg, tá coinne le fás fíor-OTI 2,5 % in 2025 agus réamhmheastar go mbeidh boilsciú ICPT 2,0 % ann in 2025. Réamhmheastar i Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún go bhfásfaidh an fíor-OTI 1,7 % in 2025 agus 2,0 % in 2026, agus go mbeidh boilsciú ICPT 2,1 % ann in 2025 agus 1,8 % in 2026.

(15)Sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, meastar go nathróidh an barrachas rialtais ghinearálta go heasnamh 0,6 % de OTI in 2025, agus tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le méadú go 26,4 % faoi dheireadh 2025. Comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 7,1 % in 2025. Réamhmheastar i Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún go mbeidh barrachas rialtais ghinearálta 0,4 % de OTI ann in 2025. Is éard a léiríonn an filleadh ar easnamh in 2025 den chuid is mó ioncaim amhantair níos ísle ó cháin ioncaim chorparáide agus tionchar na staide fioscaí forleathnaithí. De réir ríomhanna an Choimisiúin, comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 6,8 % in 2025. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach, lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, réamhmheastar gur staid fhorleathnaitheach a bheidh ann, mar atá 1,2 % de OTI, in 2025. Meastar go dtiocfaidh laghdú go 25,7 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI faoi dheireadh 2025. Is é an éifeacht charnach is mó is cúis leis an laghdú ar an gcóimheas fiachaisOTI in 2025 toisc go raibh fás OTI níos airde ná an íocaíocht úis.

(16)Meastar go maoineofar caiteachas rialtais ghinearálta suas le 0,1 % de OTI le tacaíocht neamhinaisíoctha (‘deontais’) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2025, i gcomparáid le 0,1 % de OTI in 2024, de réir Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún. Le caiteachas a mhaoinítear le tacaíocht neamhinaisíoctha ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, beifear in ann infheistíocht ardcháilíochta agus athchóirithe lena gcuirfear leis an táirgiúlacht a dhéanamh gan tionchar díreach a imirt ar chomhardú rialtais ghinearálta agus fiachas Lucsamburg.

(17)D’fhan caiteachas cosanta rialtais ghinearálta i Lucsamburg cobhsaí ag 0,5 % de OTI idir 2021 agus 2023 12 . De réir Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamhmheastar go gcaithfear 0,6 % de OTI in 2024 agus 0,7 % de OTI in 2025 ar an gcosaint. Comhfhreagraíonn sé sin do mhéadú 0,3 pointe céatadáin de OTI i gcomparáid le 2021.

(18)De réir Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamhmheastar go bhfásfaidh an glanchaiteachas i Lucsamburg 6,8 % in 2025 agus gur fás carnach 13,5 % a bheidh ann in 2024 agus 2025. Ar bhonn Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamhmheastar go mbeidh fás ghlanchaiteachas Lucsamburg in 2025 os cionn an uasráta fáis a mholtar, ráta a chomhfhreagraíonn do dhiall 13 0,5 % de OTI i dtéarmaí bliantúla. Sáraíonn an diall réamhmheasta an tairseach 0,3 % de OTI don diall bliantúil. Agus 2024 agus 2025 á mbreithniú le chéile, réamhmheastar go mbeidh ráta fáis carnach an ghlanchaiteachais faoi bhun an uasráta fáis a mholtar. Ar an iomlán, ciallaíonn sé sin go bhfuil riosca diallta ann ón bhfás glanchaiteachais uasta a mholtar, nuair a bheidh sonraí olltoraidh le haghaidh 2025 ar fáil san earrach seo chugainn.

(19)Ina theannta sin, mhol an Chomhairle go ndéanfadh Lucsamburg na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála a fhoirceannadh roimh shéasúr téimh 2024/2025. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún, cé go meastar gurb é 0,4 % de OTI a bhí i nglanchostas buiséadach 14 na mbeart tacaíochta éigeandála fuinnimh in 2024, réamhmheastar go laghdóidh sé go 0,1 % in 2025. Ní raibh na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála foirceanta ach go páirteach roimh shéasúr téimh 2024/2025. Níl sé sin i gcomhréir go hiomlán leis an méid a mhol an Chomhairle.

(20)Ní áirítear réamhmheastacháin bhuiséadacha tar éis 2025 sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn. Ar bhonn bearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, réamhmheastar i Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún easnamh rialtais ghinearálta 0,5 % de OTI in 2026. Comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 5,3 % in 2026. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach, lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, réamhmheastar gur staid fhorleathnaitheach a bheidh ann, mar atá 0,4 % de OTI, in 2026. Is é réamhmheastachán an Choimisiúin go dtiocfaidh méadú go 26,2 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI faoi dheireadh 2026. An méadú ar an gcóimheas fiachaisOTI in 2026, is léiriú é sin go príomha ar choigeartú sreabhaidh i leith stoic lena méadaítear fiacha.

Príomhdhúshláin bheartais

(21)Tá rioscaí inbhuanaitheachta meántéarmacha agus fadtéarmacha ag dul i méid i gcóras pinsean Lucsamburg, ós rud é go meastar go sáróidh an caiteachas na ranníocaíochtaí sna blianta amach romhainn. De réir Thuarascáil 2024 maidir le hAosú 15 , meastar go dtiocfaidh méadú seasta ar an gcaiteachas a bhaineann le pinsin, agus go mbainfidh sé 17,5 % de OTI amach faoi 2070 – sin méadú 8,1 pointe céatadáin i gcomparáid le 2024. Is le méadú ar líon na bpinsinéirí in aghaidh an oibrí a bhaineann sé sin, mar gheall ar dhaonra atá ag dul in aois mar aon le laghdú ar an nglanimirce, rud a fhágann go bhfuil cóimheas cleithiúnais seanaoise níos airde ann. Cé go bhfuil an cúlchiste pinsin is mó san Aontas ag an gcóras faoi láthair, gan coigeartuithe beartais meastar go dtitfidh an cúlchiste sin faoi bhun na tairsí a bheartaítear leis an reachtaíocht náisiúnta faoi thús na 2040í 16 . Tugtar le fios sna réamhmheastacháin go nídeofar an cúlchiste laistigh de 5 nó 6 bliana a luaithe a bhainfear an tairseach sin amach. Ina theannta sin, is ag Lucsamburg atá an ráta fostaíochta is ísle d’oibrithe scothaosta san Aontas (51 % i gcás daoine atá 55-64 bliana d’aois), in ainneoin aois scoir reachtúil 65 bliana d’aois. Ceadaítear luathscor ó 57 mbliana d’aois, agus cuireann teidlíochtaí flaithiúla dreasachtaí airgeadais láidre ar fáil chun an lucht saothair a fhágáil go luath agus gan páirt a ghlacadh san fhoghlaim aosach. In 2024, sheol an rialtas comhairliúchán poiblí maidir le peirspictíochtaí an chórais pinsean. Sa chéad chéim, bhailigh sé ionchur ó réimse leathan páirtithe leasmhara agus ón bpobal i gcoitinne, rud a léirigh na príomhábhair imní seo a leanas: inoiriúnaitheacht, inbhuanaitheacht agus cothromas an chórais. Tá an dara céim den chomhairliúchán fós ar siúl. Le bearta beartais ghníomhaigh maidir leis an margadh saothair chun saol oibre níos faide agus rátaí rannpháirtíochta níos airde i measc oibrithe scothaosta a spreagadh, chuideofaí chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin agus thacófaí le fás eacnamaíoch.

(22)Tá dúshlán mór tithíochta roimh Lucsamburg, ós rud é go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an inacmhainneacht le deich mbliana anuas mar gheall ar an ardú as cuimse atá tagtha ar phraghsanna maoine. Tháinig méadú nach mór 60 % ar phraghsanna tithíochta, a bhí ag méadú de réir a chéile os cionn 5 % in aghaidh na bliana ó 2018 go 2022, rud a fhágann go bhfuil Lucsamburg ar cheann de na margaí tithíochta is costasaí san Aontas 17 . Rinneadh an éagothroime leanúnach idir an soláthar agus an téileamh, arna spreagadh ag struchtúir chánach atá fabhrach do chnapaireacht talún agus maoine, níos measa fós mar gheall ar infheisteoirí institiúideacha a bheith ag dul isteach san earnáil tithíochta réamhdhíola 18 . Athchóirithe amhail beartas cuimsitheach talamhúsáide agus bearta cánach chun méadú a dhéanamh ar an soláthar talún ar a bhféadfaí tógáil, d’fhéadfaidís cuidiú chun an soláthar tithíochta a mhéadú, lena náirítear trí thithíocht inacmhainne a sholáthar. Áirítear ar na tosaíochtaí freisin an Comhshocrú Tithíochta a chur chun feidhme agus an tathchóiriú ar cháin tithíochta a ghlacadh chomh maith leis an gcreat macrastuamachta a neartú agus deireadh a chur de réir a chéile le dreasachtaí fioscacha chun iasachtaí a fháil, rud a thacaíonn le praghsanna arda tithe 19 . 

(23)Tá dúshláin mhóra iompair roimh Lucsamburg mar gheall ar thrácht ard trasteorann comaitéirí agus spleáchas ard ar ghluaisteáin, lena náirítear carranna cuideachta, rud a dhéantar níos measa mar gheall ar chostais tithíochta a chuireann brú ar oibrithe cur fúthu níos faide ar shiúl óna nionad oibre 20 . Tá brú tráchta ann de thoradh na staide sin, rud a chuireann isteach ar an táirgiúlacht agus ar an inbhuanaitheacht chomhshaoil. Thairis sin, d’ainneoin laghduithe suntasacha le déanaí ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar de bhóthar, trí bheartais amhail Plean Náisiúnta Soghluaisteachta 2035 21 agus iompar poiblí saor in aisce, is í an earnáil seo an phríomhfhoinse astaíochtaí gás ceaptha teasa fós, lena mbaineann 60 % de na hastaíochtaí iomlána in earnálacha comhroinnte díchill Lucsamburg in 2023 22 . Cé go bhfuil dul chun cinn déanta ag Lucsamburg maidir le feithiclí leictreacha a chur chun cinn agus iompar poiblí a fheabhsú, bheadh gá le straitéis chomhordaithe trasteorann chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais a lucht saothair a bhíonn ag comaitéireacht. Áirítear leis sin nascacht a fheabhsú, bonneagar iompair iarnróid a chomhtháthú le tíortha comharsanachta, córais ticéadaithe a chomhtháthú agus naisc an mhíle dheireanaigh a fheabhsú. Dá ndéanfaí an tiompar a dhícharbónú a thuilleadh agus dá ndéanfaí infheistíocht i mbonneagar iompair phoiblí, chuideofaí chun astaíochtaí a laghdú i gcomhréir leis an sprioc náisiúnta laghdaithe astaíochtaí le haghaidh 2030.

(24)Roinnt grúpaí ilnáisiúnta atá i mol airgeadais Lucsamburg, mar a dtarlaíonn sciar suntasach de shreafaí airgeadais idirnáisiúnta idir na heintitis sin laistigh de ghrúpaí ilnáisiúnta. D’fhéadfaidís a bheith in ann leas a bhaint as bealaí éalaithe i gcóras cánach Lucsamburg lena laghdaítear ioncam inchánach. Cé gurb é is aidhm do theacht i bhfeidhm Threoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle 23 (‘Treoir Cholún 2’) an 1 Eanáir 2024 aghaidh a thabhairt ar shaincheist an chánachais ísil ar chorparáidí móra ilnáisiúnta, tá a raon feidhme teoranta dóibh siúd a bhfuil ioncam bliantúil EUR 750 milliún ar a laghad acu, rud a fhágann go leor cuideachtaí lasmuigh dá raon feidhme. Thairis sin, an beart coinníollach maidir le neamhinasbhainteacht íocaíochtaí úis agus ríchíosa, rud a tugadh isteach ar dtús in 2021, tá sé dírithe go cúng orthu siúd atá ar liosta comhaontaithe an Aontais de dhlínsí neamhchomhoibríocha agus ní thugann sé aghaidh go héifeachtach ar shaincheist na ndlínsí ísealchánach ná na ndlínsí cánach nialasaí.

(25)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Meastar go gcuideoidh siad sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Laistigh den tréimhse ghairid sin, tá sé ríthábhachtach cur chun feidhme éifeachtach an phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena náirítear an chaibidil REPowerEU, a thabhairt chun críche chun borradh a chur faoi iomaíochas fadtéarmach Lucsamburg leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus cothroime shóisialta á háirithiú san am céanna. Tá rannpháirtíocht chórasach na núdarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, na sochaí sibhialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile ríthábhachtach i gcónaí i ndáil le húinéireacht leathan a áirithiú maidir le cur chun feidhme rathúil an phlean téarnaimh agus athléimneachta.

(26)I Lucsamburg, tá dlús curtha le cur chun feidhme chláir an bheartais chomhtháthaithe, lena gcuimsítear tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ón gCiste um Aistriú Cóir (CUAC) agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+). Tá sé tábhachtach leanúint de na hiarrachtaí chun cur chun feidhme tapa na gclár sin a áirithiú, agus a dtionchar ar an láthair á uasmhéadú ag an am céanna. Tá Lucsamburg ag gníomhú cheana féin faoina chláir beartais chomhtháthaithe chun borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin bhfás. Ag an am céanna, tá dúshláin fós roimh Lucsamburg, lena náirítear dúshláin a bhaineann le soláthar agus inacmhainneacht tithíochta, mímheaitseáil scileanna i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, lánpháirtiú oibrithe scothaosta agus grúpaí leochaileacha i margadh an tsaothair, agus dícharbónú. I gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060, ceanglaítear ar Lucsamburg – mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chistí an bheartais chomhtháthaithe – gach clár a athbhreithniú agus na dúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2024, i measc nithe eile, á gcur san áireamh. Leis na tograí ón gCoimisiún a glacadh an 1 Aibreán 2025 24 , cuirtear síneadh leis an spriocdháta chun measúnú a chur isteach – le haghaidh gach cláir – ar thoradh an athbhreithnithe mheántéarma tar éis an 31 Márta 2025. Cuirtear ar fáil leis freisin solúbthachtaí chun cuidiú le dlús a chur le cur chun feidhme clár agus dreasachtaí do na Ballstáit acmhainní an bheartais chomhtháthaithe a leithdháileadh ar chúig réimse tosaíochta straitéisí de chuid an Aontais, is iad sin iomaíochas i dteicneolaíochtaí straitéiseacha, cosaint, tithíocht, athléimneacht uisce agus aistriú fuinnimh.

(27)Deis atá san Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) infheistíocht a dhéanamh i gceann de phríomhthosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, is é sin iomaíochas an Aontais a neartú. Cuirtear STEP ar fáil trí 11 chiste AE atá ann cheana. Is féidir leis na Ballstáit rannchuidiú leis an gclár InvestEU freisin, clár a thacaíonn le hinfheistíochtaí sna réimsí tosaíochta. D’fhéadfadh Lucsamburg na tionscnaimh sin a úsáid chun tacú le forbairt nó monarú teicneolaíochtaí criticiúla, teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní san áireamh.

(28)Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais, tá roinnt dúshláin bhreise le sárú ag Lucsamburg i ndáil le comhordú réigiúnach lag agus imscaradh neamhéifeachtúil líonraí iompair trasteorann; acmhainneacht nach bhfuil leas iomlán á bhaint aisti ó thaobh teicneolaíochtaí nua a ghlacadh agus FBManna a dhigitiú de; bacainní suntasacha rialála atá fós ann; spleáchas ard eacnamaíoch ar stoic infheistíochta coigríche atá ag laghdú ó 2017 (mar chéatadán de OTI); an meascán fuinnimh atá ann faoi láthair ina bhfuil an lámh in uachtar fós ag breoslaí iontaise agus gás le haghaidh iompair agus foirgneamh; feidhmíocht a chuaigh in olcas agus éagothromaíochtaí a chuaigh i méid, rud as a neascraíonn deiseanna éagothroma sna scoileanna; neamhréir leanúnach scileanna agus ganntanais oibrithe ardoilte i bpríomhearnálacha a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.

(29)D’ainneoin an bhoinn láidir eolaíoch atá aici agus an chórais taighde atá dea-nasctha go hidirnáisiúnta, tá nuálaíocht ghnó agus deiseanna méadaithe na ngnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) fós teoranta, rud a chuireann bac ar éagsúlú agus iomaíochas an gheilleagair. Níltear ag baint leas iomlán fós as acmhainneacht Lucsamburg maidir le teicneolaíochtaí nua agus an digitiú a ghlacadh; tá Lucsamburg ag feidhmiú faoi bhun mheán an Aontais maidir le bunleibhéal déine digití FBManna 25 . Ina theannta sin, tá déine T&F in earnáil ghnó na tíre ag dul i laghad le fiche bliain anuas, í ag titim go 0,47 % de OTI in 2023, rud atá i bhfad faoi bhun mheán an Aontais, mar atá 1,49 % 26 . Thairis sin, níltear ag baint leas iomlán as cáilíocht na naschur taighde, agus tá naisc idir an eolaíocht agus an gnó fós lag. Cé go mínítear é go páirteach le geilleagar Lucsamburg atá bunaithe ar sheirbhísí, tá caiteachas gnó T&F i bhfad níos lú ann ná mar atá sna tíortha is fearr feidhmíocht i raon leathan earnálacha, rud a thugann le fios nach é caiteachas íseal gnó T&F amháin a léiríonn méid mór na hearnála airgeadais 27 .

(30)Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le borradh a chur faoin iomaíochas i Lucsamburg, tá sé ríthábhachtach machnamh a dhéanamh ar éagsúlú cuimsitheach agus nuálach a chur chun cinn san earnáil airgeadais 28 29 , rud a d’fhéadfadh cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar laigí struchtúracha na hearnála, tacaíocht a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí nuálacha atá dian ar thaighde agus forbairt, agus geilleagar níos láidre agus níos iomaíche a chruthú a bheadh ailínithe le beartais an Aontais. D’fhéadfadh geilleagar níos láidre agus níos iomaíche a bheith ann mar gheall ar earnálacha nuálacha agus earnálacha ina ndéantar fás mór a chur chun cinn agus a chomhtháthú go straitéiseach, amhail airgeadas inbhuanaithe, teicneolaíocht airgeadais, teicneolaíochtaí digiteacha agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn. Leis an ngaol láidir idir fás fíor-OTI agus fás staid infheistíochta idirnáisiúnta Lucsamburg i gcoibhneas lena OTI (IIP/OTI) 30 , tugtar le fios go bhfuil dlúthnasc idir feidhmíocht eacnamaíoch na tíre agus cumas na tíre infheistíocht choigríche a mhealladh agus a choinneáil. Trí earnálacha nuálacha agus earnálacha ina ndéantar fás mór a chur chun cinn, d’fhéadfaí an meath ar chóimheas IIP/OTI a aisiompú agus tacú leis an bhfás eacnamaíoch. Chun an méid sin a bhaint amach, d’fhéadfadh Lucsamburg leas a bhaint as acmhainneacht a lárionaid airgeadais chun gníomhaíochtaí táirgiúla agus nuálacha a mhaoiniú, amhail na gníomhaíochtaí sin a thacaíonn leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, trí fhiontair chomhoibríocha agus samhlacha nuálacha maoiniúcháin a chur chun cinn, agus trí thacú le hionstraimí agus táirgí airgeadais nua a fhorbairt. Go háirithe, trí thacaíocht bhreise a thabhairt do struchtúrú nuálach an mhaoinithe chumaiscthe agus d’fhiontair chomhoibritheacha, d’fhéadfaí cuidiú chun infheistíocht úrnua a chumasú i ngníomhaíochtaí inbhuanaithe agus gníomhaíochtaí atá andian ó thaobh T&D de. Tá sé ríthábhachtach freisin trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú san earnáil airgeadais, toisc go bhféadfadh sé cuidiú chun iontaoibh agus muinín a chothú i measc infheisteoirí, tomhaltóirí agus geallsealbhóirí eile.

(31)Cé go bhfuil Lucsamburg tiomanta feabhas a chur ar an timpeallacht rialála d’earnáil na seirbhísí gnó, tá bacainní suntasacha rialála fós ann. De réir ECFE 31 agus an Choimisiúin Eorpaigh 32 , tá srianta rialála fós anard go háirithe do dhlíodóirí, nótairí, ailtirí, innealtóirí sibhialta agus cuntasóirí. Tá na srianta i gcás nótairí ar na srianta is déine san Aontas. Cuireadh i dtábhacht gur rialachán andian atá sa rialachán lena bhforchuirtear foirm dhlíthiúil a ngnó, agus sa rialachán maidir le dul isteach sa ghairm. Tá rialacháin iontrála do dhlíodóirí ansriantach go háirithe freisin 33 . D’fhéadfadh bacainní ar iomaíocht a bheith ann mar gheall ar bhealaí teoranta chun rochtain a fháil ar roinnt gairmeacha, oibleagáidí riaracháin éagsúla, taraifí ceangailteacha a bheith ann, nó toirmeasc ar aon chineál fógraíochta agus margaíochta 34 . Dá laghdófaí na ceanglais nó dá méadófaí an tsolúbthacht, chuirfí borradh faoin iomaíocht in earnáil na ngairmeacha rialáilte, rud a rachadh chun tairbhe do na gnólachtaí a cheannaíonn na seirbhísí sin. San earnáil mhiondíola, tá srianta rialála fós beagán níos airde ná mar atá i dtíortha piaraí, cé go bhfuil laghdú suntasach tagtha orthu ó bhí 2018 ann 35   36 . Samplaí de shrianta den sórt sin is ea an ceanglas údaruithe sonracha a fháil chun éadaí, asraonta bia agus deochanna a oscailt agus an cead chun promóisin díolacháin a dhéanamh le linn tréimhsí sonracha den bhliain amháin 37 .

(32)Tá breoslaí iontaise fós i réim i meascán fuinnimh Lucsamburg atá ann faoi láthair, agus breoslaí iontaise a bhí i 61,1 % den olltomhaltas intíre in 2023. Cé go bhfuil iarrachtaí déanta ag an tír sciar na bhfoinsí fuinnimh inathnuaite a mhéadú, ní raibh iontu ach 11,9 % den mheascán fuinnimh in 2023 38 , rud a chuir béim ar an ngá atá le tuilleadh gníomhaíochta chun an meascán fuinnimh a éagsúlú agus chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Ina theannta sin, braitheann Lucsamburg den chuid is mó ar a chomharsana chun freastal ar a riachtanais fuinnimh. Cé gur leor eangacha leictreachais dá riachtanais reatha, feictear d’oibreoir an chórais tarchuir gur gá an eangach ardvoltais a mhéadú agus a nuachóiriú agus idirnaisc a fheabhsú, go háirithe leis an nGearmáin, idir seo agus 2040. Beidh ról lárnach ag bardais freisin maidir le pleananna áitiúla mionsonraithe a fhorbairt chun fuinneamh inathnuaite a chur in úsáid, lena náirítear cumhacht na gaoithe agus fótavoltachas, agus le haghaidh córais téimh agus fuaraithe ceantair. Tá sé ríthábhachtach foirgnimh a dhícharbónú, ós rud é gurb iad 20 % de na hastaíochtaí iomlána iad in earnálacha comhroinnte díchill Lucsamburg in 2023 39 . Leis an méadú beag a tháinig le déanaí ar thomhaltas fuinnimh san earnáil chónaithe, leagtar béim ar an ngá atá le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir le hathchóiriú foirgneamh agus éifeachtúlacht fuinnimh chun sprioc laghdaithe 50 % astaíochtaí 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005 a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe araon chun tomhaltas fuinnimh a laghdú 34 % faoi 2030, mar a leagtar amach sa straitéis athchóirithe náisiúnta.

(33)Tá leibhéil ísle bunscileanna ina mbagairt ar tháirgiúlacht agus iomaíochas saothair i Lucsamburg. Is airde líon na scoláirí lagchumasacha sa tír ná meánlíon an Aontais, agus tá bearna shuntasach sa scór ann idir scoláirí faoi bhuntáiste agus scoláirí faoi mhíbhuntáiste, rud a fhágann gurb í an bhearna is leithne san Aontas í 40 . Forbraíonn an teasnamh feidhmíochta sin go luath, go háirithe i measc scoláirí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus i measc scoláirí nach labhraíonn Gearmáinis nó Lucsambuirgis sa bhaile, rud a chuireann béim ar an ngá atá le tacaíocht spriocdhírithe. In éagmais creat aontaithe cáilíochta scoile ar an leibhéal náisiúnta 41 , cuirtear cosc ar fhaireachán éifeachtach agus d’fhéadfadh sé cur leis an deighilt agus leis an neamhionannas. Leis na beartais atá ann faoi láthair, ní thugtar aghaidh ar éagothromaíochtaí ar fud an chórais scoile, rud a léiríonn an gá atá le cur chuige níos cuimsithí 42 . Trí chreat náisiúnta cáilíochta scoile agus córas seachtrach meastóireachta scoile a ghlacadh, chomh maith leis an teagasc a chur in oiriúint do riachtanais scoláirí faoi mhíbhuntáiste agus dóibh siúd ó chúlraí éagsúla teanga, d’fhéadfaí an bhearna feidhmíochta a laghdú agus leibhéil fhoriomlána scileanna a fheabhsú. I ndeireadh na dála, thacódh sé sin freisin le fás eacnamaíoch fadtéarmach agus comhtháthú sóisialta na tíre. Trí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, thacófaí freisin leis an gcóineasú sóisialta aníos, i gcomhréir le hanailís tíre dara céim de sheirbhísí an Choimisiúin ar an gCreat um Chóineasú Sóisialta 43 .

(34)D’ainneoin fheidhmíocht eacnamaíoch láidir na tíre, tá mímheaitseáil leanúnach scileanna agus ganntanais shuntasacha oibrithe oilte 44 45 i bpríomhearnálacha a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach os comhair Lucsamburg. Bíonn deacrachtaí ag isteach agus amach le 80 % de FBManna oibrithe a earcú a bhfuil na scileanna cearta acu i ngairmeacha áirithe 46 , rud a d’fhéadfadh bac a chur ar an iomaíochas. Idir an dá linn, tuairiscítear ganntanais i roinnt gairmeacha a éilíonn scileanna sonracha a bhaineann leis an earnáil dhigiteach agus leis an earnáil ghlas. Tá roinnt dúshlán fós ann maidir le forbairt scileanna a chur chun cinn i Lucsamburg. Tá rannpháirtíocht na noibrithe scothaosta i gcláir foghlama fós íseal. Thairis sin, tá bearna shuntasach fós ann idir an ráta oiliúna do dhaoine fásta atá ann faoi láthair agus sprioc scileanna náisiúnta Lucsamburg do 2030, mar atá 62,5 % (17,3 pointe céatadáin) 47 , rud a chuireann i dtábhacht an gá atá le tionscnaimh spriocdhírithe chun athsciliú agus uassciliú a chur chun cinn.

(35)Tá dúshláin roimh chóras sláinte Lucsamburg i ngeall ar ghanntanas oibrithe sláinte, go príomha mar gheall ar spleáchas ard ar ghairmithe sláinte a bhfuil oiliúint eachtrach orthu, dáileadh éagothrom foirne, agus sciar suntasach de dhochtúirí a mheastar a rachaidh ar scor faoi 2034. Cuirfidh aosú an daonra leis na dúshláin. Is réamhchoinníoll é úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní teoranta agus rialachas níos fearr chun athléimneacht an chórais sláinte a neartú. Príomhthoisc de ghnóthachain éifeachtúlachta amach anseo is ea aghaidh a thabhairt ar ilroinnt na seirbhísí sláinte trí níos mó samhlacha cúraim coisctheacha agus pobalbhunaithe, arna gcur ar fáil i bhfoirne seachas i gcleachtais aonair. Tá sé ríthábhachtach úsáid níos fearr a bhaint as sonraí agus faisnéis sa rialachas agus sa phleanáil agus dlús a chur leis an digitiú chun tacú le claochlú an chórais sláinte.

(36)I bhfianaise na ndlúthidirnasc idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro, agus a rannchuidithe chomhchoitinn le feidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadais, in 2025 mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun Moladh 2025 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur chun feidhme. I gcás Lucsamburg, cuidíonn moltaí (2), (3), (4) agus (5) le cur chun feidhme an chéad mholta maidir leis an limistéar euro i dtaca le hiomaíochas, cuidíonn moltaí (1), (4) agus (5) le cur chun feidhme an dara moladh maidir leis an limistéar euro i dtaca le hathléimneacht, agus cuidíonn moladh (1) le cur chun feidhme an tríú moladh maidir leis an limistéar euro i dtaca le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais a leagtar amach i Moladh 2025.

AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh Lucsamburg in 2025 agus 2026 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.Caiteachas agus ullmhacht fhoriomlán i réimse na cosanta a threisiú i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 6 Márta 2025. A áirithiú go nurramóidh an glanchaiteachas an chonair a mhol an Chomhairle an 21 Eanáir 2025. Aghaidh a thabhairt ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach chóras na bpinsean, go háirithe trí theorainn a chur le roghanna luathscoir agus trí mhéadú a dhéanamh ar ráta rannpháirtíochta agus ráta fostaíochta oibrithe scothaosta trí fheabhas a chur ar a ndeiseanna fostaíochta agus a ninfhostaitheacht. An soláthar tithíochta a mhéadú, go háirithe trí bheartas cuimsitheach talamhúsáide agus athchóiriú cánach maoine a ghlacadh, tionscadail ceantair ar mhórscála a fhorbairt ar thalamh poiblí, agus neartú a dhéanamh ar an gcomhordú le pleanáil uirbeach agus iompar poiblí trasteorann. Rioscaí a bhaineann leis an margadh tithíochta a mhaolú trí dheireadh a chur de réir a chéile le dreasachtaí fioscacha chun iasachtaí a fháil agus tríd an gcreat macrastuamachta a neartú. Gníomhaíocht bhreise a dhéanamh chun dul i ngleic go héifeachtach le pleanáil ionsaitheach cánach, go háirithe trí chánachas leordhóthanach a áirithiú ar íocaíochtaí úis agus ar ríchíosanna amach chuig dlínsí cánach nialasaí/dlínsí ísealchánach, seachas iad siúd a áirítear ar liosta comhaontaithe an Aontais de dhlínsí neamhchomhoibríocha chun críoch cánach.

2.I bhfianaise na sprioc-amanna is infheidhme chun athchóirithe agus infheistíochtaí a thabhairt chun críche go tráthúil faoi Rialachán (AE) 2021/241, cur chun feidhme éifeachtach an phlean téarnaimh agus athléimneachta a áirithiú, lena náirítear an chaibidil REPowerEU. Dlús a chur le cur chun feidhme chláir an bheartais comhtháthaithe (CFRE, CUAC, CSE+), agus, i gcás inarb iomchuí, na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an athbhreithniú meántéarma a thapú agus dul chun cinn a dhéanamh dá réir. An úsáid is fearr is féidir a bhaint as ionstraimí an Aontais, na deiseanna a chuirtear ar fáil le InvestEU agus leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip san áireamh, chun cur leis an iomaíochas.

3.Beartas eacnamaíoch a bhaineann le hinfheistíocht a dhíriú ar an nuálaíocht a chothú agus ar thacú le gníomhaíochtaí atá dian ar T&D. Borradh a chur faoin iomaíochas, lena náirítear trí éagsúlú a chur chun cinn, go háirithe san earnáil airgeadais, dlús a chur leis an digitiú, go háirithe maidir le FBManna ardteicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh, agus uasscálú gnó agus fás táirgiúlachta a chumasú. Bacainní ar iomaíocht a laghdú i seirbhísí gnó gairmiúla rialáilte.

4.Feabhas a chur ar iompar inbhuanaithe agus éifeachtúil trí dhícharbónú an iompair a chur chun cinn a thuilleadh agus trí infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar iompair phoiblí agus i ngréasáin trasteorann. Spleáchas foriomlán ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí infheistíocht a dhéanamh in éifeachtúlacht fuinnimh san earnáil chónaithe agus san earnáil neamhchónaithe araon. An eangach ardvoltais a nuachóiriú agus a hacmhainneacht a mhéadú, idirnaisc trasteorann a fheabhsú, agus nósanna imeachta ceadaithe a éascú maidir le húsáid fuinnimh inathnuaite. Tacú le bardais fuinneamh inathnuaite a chur in úsáid.

5.Feidhmíocht a fheabhsú agus comhdheiseanna a áirithiú sna scoileanna, lena náirítear trí chreat náisiúnta cáilíochta scoile agus córas seachtrach meastóireachta scoile a ghlacadh, agus tríd an teagasc a chur in oiriúint do riachtanais scoláirí faoi mhíbhuntáiste agus dóibh siúd ó chúlraí teanga éagsúla. Aghaidh a thabhairt ar neamhréir scileanna, go háirithe le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, trí fhorbairt scileanna a spreagadh. Athléimneacht an chórais sláinte a fheabhsú trí infhaighteacht iomchuí oibrithe sláinte a áirithiú. Dlús a chur le hathchóirithe chun feabhas a chur ar rialachas an chórais sláinte agus ar an ríomhshláinte.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj.
(2)    Glanchaiteachas mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (2) de Rialachán (AE) 2024/1263: ciallaíonn ‘glanchaiteachas’ caiteachas rialtais atá glan ar na rudaí seo a leanas: (i) caiteachas úis; (ii) bearta lánroghnacha ioncaim; (iii) caiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais; (iv) caiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas; (v) gnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta; agus (iv) bearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(3)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj).
(4)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/435/oj ).
(5)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 6 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh Lucsamburg (10155/2021).
(6)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme an 6 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh Lucsamburg (10155/2021).
(7)    Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach Lucsamburg, IO C/2025/650, 10.2.2025.
(8)    Moladh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2025 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (IO C, C/2025/2782, 22.5.2025, ELI:  http:// data.europa.eu/eli/C/2025/2782/oj ).
(9)    Tá na Tuarascálacha Bliantúla ar Dhul Chun Cinn maidir le 2025 le fáil ar: https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/stability-and-growth-pact/preventive-arm/annual-progress-reports_en?prefLang=ga
(10)    Táscairí Eurostat-Euro, 22.4.2025.
(11)    Sainmhínítear an staid fhioscach mar thomhas ar an athrú bliantúil ar riocht buiséadach foluiteach an rialtais ghinearálta. Is é is aidhm dó measúnú a dhéanamh ar an spreagadh eacnamaíoch a eascraíonn as beartais fhioscacha, idir na cinn sin a mhaoinítear go náisiúnta agus na cinn a mhaoinítear le buiséad an Aontais. Déantar an staid fhioscach a thomhas mar an difríocht idir (i) an fás féideartha meántéarmach agus (ii) an tathrú ar chaiteachas príomhúil glan ar bhearta ioncaim lánroghnacha agus lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú le tacaíocht neamh-inaisíoctha (deontais) faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile an Aontais.
(12)    Eurostat, caiteachas rialtais de réir aicmiú fheidhmeanna an rialtais (COFOG).
(13)    Ó 2026 ar aghaidh beidh na figiúirí sin le feiceáil sa chuntas rialaithe a bhunaítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/1263.
(14)    Léiríonn an figiúr leibhéal chostas buiséadach bliantúil na mbeart sin, lena náirítear ioncam agus caiteachas agus, i gcás inarb infheidhme, glan ar an ioncam ó chánacha ar bhrabúis amhantair soláthróirí fuinnimh.
(15)    An Coimisiún Eorpach, 2024, Tuarascáil 2024 maidir le hAosú. Réamh-mheastacháin eacnamaíocha agus bhuiséadacha do Bhallstáit an Aontais (2022-2070) .
(16)    Cahier statistique no 18 – IGSS, 2024.
(17)    Eurostat, prc_hpi_q , agus Estimations du taux de rendement d’un investissement locatif au Luxembourg, Rapport d’analyse 13, Observatoire de l’habitat ( 2025 ).
(18)    Coût du logement: Une comparaison du Luxembourg avec la France, la Belgique et l’Allemagne, Note 40, Observatoire de l’habitat (2024).
(19)    An Coimisiún Eorpach, 2023, Athbhreithniú Cuimsitheach 2023 - Lucsamburg.
(20)    Statec, 2025, P2021 N°18 - La dépendance automobile persiste pour les déplacements domicile-travail.
(21)     Plan national de mobilité , Ministère de la Mobilité et des Travaux publics.
(22)    Is ar shonraí neasfhardail atá astaíochtaí maidir le comhroinnt díchill le haghaidh 2023 bunaithe. Dearbhófar na sonraí deiridh in 2027 tar éis athbhreithniú cuimsitheach.
(23)    Treoir (AE) 2022/2523 an 14 Nollaig 2022 ón gComhairle maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas (IO L 328, 22.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa. eu/eli/dir/2022/2523/oj).
(24)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1058 agus (AE) 2021/1056 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma ( EUR-Lex - 52025PC0123 - EN - EUR-Lex ).
(25)    Eurostat ( isoc_e_dii, 2024 ) and Luxembourg Startup Ecosystem Assessment and Benchmarking, Ministère de l’Economie, 2023 .
(26)    Conseil national de la productivité, 2023.
(27)     Suirbhé Eacnamaíoch ECFE: Lucsamburg 2025 .
(28)    OPC LUX: An Fhaireachlann um an mBeartas Aeráide, Lucsamburg, Tuarascáil Bhliantúil 2023 .
(29)    Z/Yen Group 2024, Smart Centres Index 10.
(30)    Eurostat, (bop_iip6_q) , ( namq_10_gdp ).
(31)    ECFE, Táscairí an Rialacháin maidir leis an Margadh Táirgí , 2024.
(32)    An Coimisiún Eorpach, Teachtaireacht maidir leis na moltaí athchóirithe le haghaidh rialáil i seirbhísí gairmiúla a thabhairt cothrom le dáta , COM(2021) 385, 9.7.2021.
(33)    ECFE, Táscairí an Rialacháin maidir leis an Margadh Táirgí , 2024.
(34)    ECFE, Suirbhéanna Eacnamaíocha ECFE: Lucsamburg | ECFE , lch. 106, Aibreán 2025.
(35)    ECFE, Táscairí an Rialacháin maidir leis an Margadh Táirgí , 2024.
(36)    An Coimisiún Eorpach, nuashonrú 2022 ar an Táscaire Srianta Miondíola .
(37)    ECFE, Suirbhéanna Eacnamaíocha ECFE: Lucsamburg | ECFE , lch. 107, Aibreán 2025.
(38)    Olltomhaltas intíre 2023 (Eurostat).
(39)    Is ar shonraí neasfhardail atá astaíochtaí maidir le comhroinnt díchill le haghaidh 2023 bunaithe. Dearbhófar na sonraí deiridh in 2027 tar éis athbhreithniú cuimsitheach.
(40)     https://www.oecd.org/content/dam/oecd/en/publications/reports/2019/12/pisa-2018-results-volume-i_947e3529/5f07c754-en.pdf .
(41)    Féach ‘Observatoire national de l’enfance, de la jeunesse et de la qualité scolaire’ (OEJQS), 2024, Tuarascáil théamach: Evidenzorientierte Qualitätsentwicklung im Gesamtsystem Schule (Gearmáinis) .
(42)    Épreuves Standardisées ( ÉpStan ).
(43)     SWD(2025)95 – Anailís tíre dara céim ar chóineasú sóisialta i gcomhréir leis an gCreat um Chóineasú Sóisialta (SCF) , 2025.
(44)    Eurostat, (lfsq_urgan) .
(45)    Eurostat, ( jvs_q_nace2 ).
(46)    An Tuarascáil Faireacháin ar Oideachas agus Oiliúint 2024.
(47)     Suirbhé 2022 ar an Oideachas Aosach.