An Bhruiséil,4.6.2025

COM(2025) 211 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Cróite

{SWD(2025) 211 final}


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Cróite

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle 1 , agus go háirithe Airteagal 3(3) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

De bharr an mhéid seo a leanas:

Breithnithe ginearálta

(1)Le Rialachán (AE) 2024/1263, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024, sonraítear cuspóirí an chreata rialachais eacnamaíoch, creat a bhfuil sé daidhm aige airgeadas poiblí inbhuanaithe fónta agus fás cuimsitheach inbhuanaithe agus athléimneacht a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Sonraítear sa Rialachán go ndéanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún faireachas iltaobhach i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na ceanglais a leagtar amach in CFAE. Áirítear sa Seimeastar Eorpach, go háirithe, foirmliú na moltaí tírshonracha agus faireachas ar chur chun feidhme na moltaí sin. Leis an Rialachán, cuirtear úinéireacht náisiúnta i leith an bheartais fhioscaigh chun cinn, agus béim á leagan ar an bhfócas meántéarmach a bhaineann leis an mbeartas céanna, agus i dteannta leis sin cuirtear forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí chun cinn chomh maith. Ní mór do gach Ballstát plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a chur faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, plean ina mbeidh a chuid gealltanas fioscach, athchóiriúcháin agus infheistíochta, thar thréimhse 4 nó 5 bliana, de réir fhad an téarma reachtaigh náisiúnta. Ní mór an chonair ghlanchaiteachais 2 sna pleananna sin ceanglais an Rialacháin a chomhlíonadh, lena náirítear na ceanglais ollfhiachas rialtais a chur nó a choimeád ar chonair inchreidte anuas faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % den olltáirgeacht intíre (OTI), agus an teasnamh rialtais ghinearálta a thabhairt agus/nó a choimeád faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 3 % de OTI, sa mheántéarma. I gcás ina dtugann Ballstát gealltanas i leith sraith ábhartha dathchóirithe agus infheistíochtaí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán, féadtar síneadh suas le 3 bliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin.

(2)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (an tSaoráid), i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Leis an tSaoráid cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, agus soláthraítear spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch, déanann an tSaoráid an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a chothú, agus spreagann sí athchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe an tráth céanna, go háirithe athchóirithe agus infheistíochtaí trína gcuirtear an taistriú glas agus an taistriú digiteach chun cinn agus trína gcuirtear le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an tairgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoi chruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

(3)Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 (Rialachán REPowerEU), a glacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur, de réir a chéile, le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuidíonn sé sin ó thaobh slándáil fuinnimh a bhaint amach agus ó thaobh soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, agus an tráth céanna, cuireann sé le glacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh, le hacmhainneachtaí stórála agus le héifeachtúlacht fuinnimh. Chuir an Chróit caibidil nua REPowerEU lena plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí ríthábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach.

(4)An 15 Bealtaine 2021, chuir an Chróit a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 den Rialachán sin, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V. An 28 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle a Cinneadh Cur Chun Feidhme lena bhformheastar an measúnú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Cróite 5 a leasaíodh de réir Airteagal 18(2) an 7 Nollaig 2023 chun an ranníocaíocht uasta airgeadais le haghaidh tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a thabhairt cothrom le dáta, agus chun an chaibidil REPowerEU a chur san áireamh 6 . Chun go scaoilfear na tráthchodanna, caithfidh cinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 24(5), ina sonraítear go bhfuil na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle bainte amach go sásúil ag an gCróit. Ní féidir gnóthú sásúil a bheith i gceist ach sa chás nach ndeachthas siar ar ghnóthú na gcloch míle agus na spriocanna roimhe sin maidir leis an athchóiriú céanna nó an infheistíocht chéanna.

(5)An 21 Eanáir 2025, ar mholadh ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle moladh lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Cróite 7 . Cuireadh an plean isteach i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 36(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1263, cumhdaíonn sé an tréimhse ó 2025 go 2028 agus cuireann sé i láthair coigeartú fioscach thar 4 bliana.

(6)An 26 Samhain 2024 ghlac an Coimisiún tuairim maidir le dréachtphlean buiséadach na Cróite 2025. An dáta céanna, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún Tuarascáil 2025 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil nár shainaithin sé inti go bhfuil an Chróit ar cheann de na Ballstáit a mbeadh grinn‑athbhreithniú ag teastáil ina leith. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, agus togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2025, ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro 8 an 13 Bealtaine 2025 agus an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht an 10 Márta 2025.

(7)An 29 Eanáir 2025 dfhoilsigh an Coimisiún an Compás Iomaíochais, creat straitéiseach arb é is aidhm dó borradh a chur faoi iomaíochas domhanda an Aontais sna 5 bliana amach romhainn. Sainaithnítear ann na trí riachtanas chlaochlaitheacha a bhaineann le fás eacnamaíoch inbhuanaithe: (i) an nuálaíocht; (ii) an dícharbónú agus an tiomaíochas; agus (iii) an tslándáil. Chun an bhearna nuálaíochta a dhúnadh, tá sé daidhm ag an Aontas nuálaíocht thionsclaíoch a chothú, tacú le fás gnólachtaí nuathionscanta trí thionscnaimh amhail an Straitéis AE um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú, agus glacadh ardteicneolaíochtaí a chur chun cinn, an intleacht shaorga agus an ríomhaireacht chandamach, cuir i gcás. Ar mhaithe le geilleagar níos glaise a bhaint amach, tá Plean Gníomhaíochta cuimsitheach um Fhuinneamh Inacmhainne agus Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan leagtha amach ag an gCoimisiún, rud a áiritheoidh go mbeidh an taistriú chuig fuinneamh glan costéifeachtach, fabhrach don iomaíochas i gcónaí, go háirithe i gcás earnálacha dianfhuinnimh, agus ina spreagadh don fhás. Chun spleáchais iomarcacha a laghdú agus an tslándáil a mhéadú, tá an tAontas tiomanta do chomhpháirtíochtaí trádála domhanda a neartú, do shlabhraí soláthair a éagsúlú agus do rochtain ar amhábhair chriticiúla agus ar fhoinsí fuinnimh glana a áirithiú. Is iad na cumasóirí cothrománacha seo a leanas atá ina mbonn taca ag na tosaíochtaí sin — simpliú rialála, doimhniú an mhargaidh aonair, maoiniú iomaíochais agus Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, cur chun cinn scileanna agus poist ardcháilíochta , agus comhordú níos fearr ar bheartais an Aontais. Tá an Compás Iomaíochais ailínithe leis an Seimeastar Eorpach, rud a áirithíonn go bhfuil beartais eacnamaíocha na mBallstát comhsheasmhach le cuspóirí straitéiseacha an Choimisiúin, ionas go bhfuil cur chuige aontaithe ann maidir le rialachas eacnamaíoch lena gcothaítear fás inbhuanaithe, nuálaíocht agus athléimneacht ar fud an Aontais.

(8)In 2025, beidh an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch ag forbairt leis de réir mar a bheidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta á cur chun feidhme. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais atá ann faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go gcuidíonn na pleananna ó thaobh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Tá na moltaí tírshonracha sin fós chomh hábhartha céanna maidir leis an measúnú ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/241.

(9)Na príomhdhúshláin beartais eacnamaíoch nach dtugtar aghaidh orthu go leordhóthanach leis na bearta atá sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, cumhdaíonn moltaí tírshonracha 2025 iad, agus na dúshláin ábhartha a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2019-2024 á gcur san áireamh.

(10)An 4 Meitheamh 2025, dfhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2025 maidir leis an gCróit. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar an dul chun cinn atá déanta ag an gCróit ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha de agus rinneadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Cróite a mheas. I bhfianaise na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre na dúshláin is práinní atá le sárú ag an gCróit. Rinneadh measúnú inti freisin ar an dul chun cinn atá déanta ag an gCróit maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ar spriocanna ceannlíne an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú bochtaineachta a bhaint amach, chomh maith le dul chun cinn maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

Measúnú ar an Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn

(11)An 21 Eanáir 2025, mhol an Chomhairle na huasrátaí fáis glanchaiteachais seo a leanas le haghaidh na Cróite: 6,4 % in 2025, 4,9 % in 2026, 4,1 % in 2027, agus 3,7 % in 2028, rátaí a chomhfhreagraíonn do na huasrátaí fáis carnacha arna ríomh faoi threoir 2023, mar atá 26,2 % in 2025, 32,3 % in 2026, 37,8 % in 2027, agus 42,9 % in 2028. An 22 Bealtaine 2025, chuir an Chróit a Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn 9 isteach maidir le cloí leis na huasrátaí fáis glanchaiteachais a moladh agus maidir le cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagraítear do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh. An Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, is léiriú freisin í ar thuairisciú débhliantúil na Cróite i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta maidir lena plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241.

(12)Is dúshlán eiseach don Aontas Eorpach é an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin agus a iarmhairtí. Mhol an Coimisiún clásal éalaithe náisiúnta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú ar bhealach comhordaithe chun tacú le hiarrachtaí an Aontais méadú tapa suntasach ar chaiteachas cosanta a bhaint amach agus ba dhíol sásaimh do Chomhairle Eorpach an 6 Márta 2025 an togra sin. Tar éis iarraidh a fháil ón gCróit an 27 Bealtaine 2025, an [dáta], agus ar mholadh ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle moladh lena gceadaítear don Chróit imeacht ó uasrátaí fáis molta an ghlanchaiteachais agus iad a shárú 10 .

(13)Ar bhonn sonraí atá fíoraithe ag Eurostat 11 , tháinig méadú ar easnamh rialtais ghinearálta na Cróite ó 0,8 % de OTI in 2023 go 2,4 % in 2024, agus tháinig laghdú ar an bhfiachas rialtais ghinearálta ó 61,8 % de OTI ag deireadh 2023 go 57,6 % ag deireadh 2024. De réir ríomhanna an Choimisiúin, comhfhreagraíonn na forbairtí sin do ráta fáis glanchaiteachais 17,4 % in 2024. I dTuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn 2025, measann an Chróit gur 17,5 % atá san fhás glanchaiteachais in 2024. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach 12 , lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, bhí staid fhioscach fhorleathnaitheach ann in 2024, mar atá 1,8 % de OTI.

(14)De réir na Tuarascála Bliantúla ar Dhul Chun Cinn, sa chás maicreacnamaíoch atá mar bhonn taca le réamh-mheastacháin bhuiséadacha na Cróite, tá coinne le fás fíor-OTI 3,3 % in 2025 agus réamh-mheastar go mbeidh boilsciú ICPT 2,9 % ann in 2025. Réamh-mheastar i Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún go dtiocfaidh méadú 3,2 % ar an bhfíor-OTI in 2025 agus 2,9 % in 2026, agus go mbeidh boilsciú ICPT 3,4 % ann in 2025 agus 2,0 % in 2026.

(15)Sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, meastar go dtiocfaidh méadú ar an mbarrachas rialtais ghinearálta go 2,9 % de OTI in 2025, agus tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le laghdú go 56,9 % faoi dheireadh 2025. Comhfhreagraíonn na forbairtí sin dfhás glanchaiteachais 7,6 % in 2025. Réamh-mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún go mbeidh easnamh rialtais ghinearálta 2,7 % de OTI ann in 2025. Fás láidir ar chaiteachas caipitil is mó a léiríonn an méadú ar an easnamh in 2025, arna thacú le méadú a bhfuil coinne leis ó thaobh chur chun feidhme RRF de, éifeacht tuliompair athchóiriú pá na hearnála poiblí, agus méadú breise ar chaiteachas pinsin mar gheall ar an athrú ar an bhfoirmle innéacsaithe. De réir ríomhanna an Choimisiúin, comhfhreagraíonn na forbairtí sin dfhás glanchaiteachais 7,9 % in 2025. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach, lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, réamh-mheastar go mbeidh staid fhioscach fhorleathnaitheach ann in 2025, mar atá 0,8 % de OTI. Meastar go dtiocfaidh laghdú go 56,3 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI faoi dheireadh 2025. An laghdú ar an gcóimheas fiachais-OTI in 2025, is léiriú é sin go príomha ar éifeacht an ainmneora ón bhfás OTI ainmniúil a bhfuil coinne leis.

(16)Meastar go maoineofar caiteachas rialtais ghinearálta mar atá 1,8 % de OTI le tacaíocht neamh-inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2025, i gcomparáid le 0,9 % de OTI in 2024, de réir Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún. Le caiteachas a mhaoinítear le tacaíocht neamh-inaisíoctha ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, beifear in ann infheistíocht ardcháilíochta agus athchóirithe lena gcuirfear leis an táirgiúlacht a dhéanamh gan tionchar díreach a imirt ar chomhardú rialtais ghinearálta agus fiachas na Cróite.

(17)1,0 % de OTI in 2021, 1,0 % de OTI in 2022 agus 1,3 % de OTI in 2023, ba é sin caiteachas cosanta an rialtais ghinearálta sa Chróit 13 . De réir Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go gcaithfear 1,4 % de OTI in 2024 agus 1,5 % de OTI in 2025 ar an gcosaint. Comhfhreagraíonn sé sin do mhéadú 0.5 pointe céatadáin de OTI i gcomparáid le 2021. Le linn na tréimhse ina ngníomhachtófar an clásal éalaithe náisiúnta (2025-2028), beidh an Chróit in ann tosaíocht a thabhairt an athuair do chaiteachas rialtais nó ioncam rialtais a mhéadú ionas nach gcuirfí an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma i ngeall ar chaiteachas níos airde go marthanach ar an gcosaint.

(18)De réir Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú 7,9 % ar an nglanchaiteachas sa Chróit in 2025 agus gur fás carnach 26,6 % a bheidh ann in 2024 agus 2025. Ar bhonn Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go mbeidh glanfhás caiteachais na Cróite in 2025 os cionn an uasráta fáis a mholtar, ráta a chomhfhreagraíonn do dhiall 14 0,6 % de OTI i dtéarmaí bliantúla. Agus 2024 agus 2025 á mbreithniú le chéile, réamh-mheastar go mbeidh ráta fáis carnach an ghlanchaiteachais os cionn an uasráta fáis a mholtar freisin, ráta a chomhfhreagraíonn do dhiall 0,2 % de OTI. Mar sin féin, tá an diall réamh-mheasta laistigh de sholúbthacht an chlásail éalaithe náisiúnta bunaithe ar réamh-mheastacháin reatha maidir le caiteachas cosanta.

(19)Ní áirítear réamh-mheastacháin bhuiséadacha tar éis 2025 sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn. Ar bhonn bearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, réamh-mheastar i Réamhaisnéis Earraigh 2025 ón gCoimisiún easnamh rialtais ghinearálta 2,6 % de OTI in 2026. Comhfhreagraíonn na forbairtí sin dfhás glanchaiteachais 4,9 % in 2026. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach, lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, réamh-mheastar go mbeidh staid fhioscach neodrach ann den chuid is mó in 2026. Is é réamh-mheastachán an Choimisiúin go dtiocfaidh méadú go 56,4 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI faoi dheireadh 2026. An méadú ar an gcóimheas fiachais-OTI in 2026, is léiriú é sin go príomha ar na coigeartuithe sreabhaidh i leith stoic lena méadaítear fiacha.

Príomhdhúshláin bheartais

(20)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 dIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Meastar go gcuideoidh siad sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Laistigh den tréimhse ghairid sin, tá sé ríthábhachtach cur chun feidhme éifeachtach an phlean téarnaimh agus athléimneachta a thabhairt chun críche chun borradh a chur faoi iomaíochas fadtéarmach na Cróite leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus cothroime shóisialta á háirithiú san am céanna. Chun gealltanais an phlean téarnaimh agus athléimneachta a chomhlíonadh faoi mhí Lúnasa 2026, tá sé ríthábhachtach don Chróit dlús a chur le cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ábhartha i dtaca le srianta acmhainneachta riaracháin, nósanna imeachta casta maidir le soláthar poiblí, próisis fhadálacha cheadúcháin agus comhordú neamhéifeachtúil. Tá rannpháirtíocht chórasach na núdarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, na sochaí sibhialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile ríthábhachtach i gcónaí i ndáil le húinéireacht leathan a áirithiú maidir le cur chun feidhme rathúil an phlean téarnaimh agus athléimneachta.

(21)Sa Chróit, tá dlús curtha le cur chun feidhme chláir an bheartais comhtháthaithe, lena gcuimsítear tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ón gCiste um Aistriú Cóir (CUAC), ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus ón gCiste Comhtháthaithe. Tá sé tábhachtach leanúint de na hiarrachtaí chun cur chun feidhme tapa na gclár sin a áirithiú, agus a dtionchar ar an láthair á uasmhéadú ag an am céanna. Tá an Chróit ag gníomhú cheana féin faoina cláir beartais chomhtháthaithe chun borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin bhfás. An tráth céanna, tá dúshláin fós le sárú ag an gCróit, lena náirítear na dúshláin sin a bhaineann le feabhas a chur ar an iomaíochas agus ar fheidhmíocht nuálaíochta, tithíocht inacmhainne, athléimneacht uisce, beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, uas-sciliú agus athsciliú, cúram fadtéarmach agus dí-institiúidiú. I gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060, ceanglaítear ar an gCróit – mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chistí an bheartais chomhtháthaithe – gach clár a athbhreithniú agus na dúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2024, i measc nithe eile, á gcur san áireamh. Leis na tograí ón gCoimisiún a glacadh an 1 Aibreán 2025 15 , cuirtear síneadh leis an spriocdháta chun measúnú a chur isteach – le haghaidh gach cláir – ar thoradh an athbhreithnithe mheántéarma tar éis an 31 Márta 2025. Cuirtear ar fáil leis freisin solúbthachtaí chun cuidiú le dlús a chur le cur chun feidhme clár agus dreasachtaí do na Ballstáit acmhainní an bheartais chomhtháthaithe a leithdháileadh ar chúig réimse tosaíochta straitéisí de chuid an Aontais, is iad sin iomaíochas i dteicneolaíochtaí straitéiseacha, cosaint, tithíocht, athléimneacht uisce agus aistriú fuinnimh.

(22)Deis atá san Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) infheistíocht a dhéanamh i gceann de phríomhthosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, is é sin iomaíochas an Aontais a neartú. Cuirtear STEP ar fáil trí 11 chiste AE atá ann cheana. Is féidir leis na Ballstáit rannchuidiú leis an gclár InvestEU freisin, clár a thacaíonn le hinfheistíochtaí sna réimsí tosaíochta. Dfhéadfadh an Chróit na tionscnaimh sin a úsáid chun tacú le forbairt nó monarú teicneolaíochtaí criticiúla, teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní san áireamh.

(23)Lasmuigh de na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus i gcistí eile de chuid an Aontais, tá roinnt dúshláin bhreise le sárú ag an gCróit a bhaineann le ganntanais saothair agus scileanna, dícharbónú agus éifeachtúlacht fuinnimh, nuálaíocht, rochtain ar fhoinsí éagsúlaithe maoiniúcháin, an timpeallacht ghnó agus cuimsiú sóisialta.

(24)Tá feabhas ag teacht ar fheidhmíocht taighde agus nuálaíochta (T&N) na Cróite fós, ach tá bac ar an dul chun cinn mar gheall ar dhúshláin struchtúracha leanúnacha, go háirithe an earnáil phoiblí taighde, forbartha agus nuálaíochta atá thar a bheith ilroinnte, ina bhfuil go leor institiúidí poiblí taighde agus dámha laistigh de na hollscoileanna. I ngeall go bhfuil líon mór de na heintitis sin ann, caolaítear acmhainní agus cuirtear bac ar an gcomhar, rud a fhágann go bhfuil aschuir taighde níos ísle agus raon feidhme laghdaithe ann le haghaidh comhair idir an gnó agus an lucht acadúil agus le haghaidh an aistrithe teicneolaíochta. Cé go bhfuil athchóirithe á gcur chun feidhme ag an gCróit faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta chun líon na ninstitiúidí taighde poiblí a laghdú, bheadh tairbhe le baint as méadú a dhéanamh ar raon feidhme, uaillmhian agus luas chur chun feidhme na niarrachtaí sin. Tá leibhéal an chaiteachais phoiblí ar T&F mar sciar de OTI fós faoi bhun mheán an Aontais agus níl aon bhorradh faoi le blianta beaga anuas. Tá sciar an chaiteachais gnó le haghaidh T&F agus glacadh scéimeanna nuálaíochta arna dhéanamh ag gnólachtaí i bhfad faoi bhun mheán an Aontais chomh maith, rud a chuireann le feidhmíocht fho-optamach a bheith ann.

(25)Is iad na bainc den chuid is mó a thacaíonn le tírdhreach maoiniúcháin na Cróite go fóill, agus ról níos lú ag an maoiniú margadhbhunaithe i gcomparáid leis. Bíonn gnólachtaí fós ag brath go mór ar chistí inmheánacha agus ar iasachtaí bainc, agus tá an rochtain ar choigilteas teaghlaigh trí mhargaí caipitil fós teoranta mar gheall ar leibhéil ísle rannpháirtíochta miondíola dírí fós, in ainneoin go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta. Ról teoranta atá ag infheisteoirí institiúideacha intíre, amhail cistí pinsin agus árachóirí, maidir le gnólachtaí nuálacha a mhaoiniú. Cuireann méid sách beag agus leachtacht na margaí caipitil intíre teorainn leis na roghanna scoir le haghaidh infheisteoirí caipitil fiontair agus infheisteoirí cothromais phríobháidigh, rud a chuireann leis an mbearna mhaoiniúcháin do ghnólachtaí nuálacha. Leis na hathchóirithe faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta agus faoin straitéis forbartha margaí caipitil, féachtar le comhtháthú réigiúnach, digitiú agus éagsúlú roghanna maoiniúcháin a chur chun cinn. Tá gá le tuilleadh dul chun cinn chun borradh a chur faoin gcaipiteal fiontair, faoin gcothromas príobháideach agus faoin litearthacht airgeadais, agus chun feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta.

(26)Mar a leagtar amach sa Chompás Iomaíochais, ní mór do na hinstitiúidí Eorpacha, náisiúnta agus áitiúla uile iarracht mhór a dhéanamh rialacha níos simplí a chur ar fáil agus dlús a chur le luas na nósanna imeachta riaracháin. Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag an gCoimisiún chun an tualach riaracháin a laghdú: 25 % ar a laghad i gcás gach cuideachta agus 35 % ar a laghad i gcás FBManna. Tá uirlisí nua cruthaithe aige chun na spriocanna sin a bhaint amach, lena náirítear tástáil struis chórasach ar stoc reachtaíocht an Aontais agus idirphlé feabhsaithe le páirtithe leasmhara. Chun teacht leis an uaillmhian sin, ní mór don Chróit beart a dhéanamh freisin. Tuairiscítear gur srian ag 66 % de chuideachtaí í castacht na nósanna imeachta riaracháin agus iad i mbun gnó sa Chróit 16 . Tá dúshláin struchtúracha fós ag cur isteach ar thimpeallacht ghnó na Cróite, agus tá ganntanas saothair agus scileanna, castacht rialála, agus neamhéifeachtúlachtaí riaracháin ag feidhmiú mar a bheadh srianta móra ann ar infheistíocht agus ar fhás. Cuireann bacainní rialála in earnálacha amhail miondíol agus i ngairmeacha áirithe srian ar an iomaíocht, agus cuireann moilleanna i dtrasuí threoracha an Aontais leis an éiginnteacht agus leis an ualach comhlíontachta ar ghnólachtaí. Is céimeanna suntasacha chun cinn iad na bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta chun an riarachán poiblí a dhigitiú, iomaíocht a chur chun cinn agus nósanna imeachta a shimpliú. Mar sin féin, is chun tairbhe a rachadh sé méadú a dhéanamh ar raon feidhme, uaillmhian agus luas chur chun feidhme na niarrachtaí sin.

(27)Déanann ilroinnt chríochach riarachán poiblí na Cróite difear dá héifeachtúlacht agus cuireann sí leis na héagothromaíochtaí réigiúnacha. Tá éagothroime ann freisin idir freagrachtaí agus acmhainní ar an leibhéal áitiúil. Cuireann sé sin le cáilíocht mhíchothrom na seirbhísí poiblí a sholáthraítear ar fud na tíre agus ardaíonn sé costais riaracháin toisc nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus riaracháin ag go leor rialtais áitiúla bheaga chun seirbhísí a sholáthar laistigh dá sainchúram. Cé go gcuidíonn bearta faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta chun aghaidh a thabhairt ar an ilroinnt ard trí dhreasachtaí airgeadais a sholáthar chun cumaisc aonad rialtais áitiúil a spreagadh, tá glacadh na ndreasachtaí sin fós dírithe den chuid is mó ar chumaisc feidhmeanna, agus tá glacadh na naonad rialtais áitiúil fós teoranta. Is chun tairbhe a rachadh sé raon feidhme na ndreasachtaí a mhéadú, mar aon le céimeanna reachtacha a dfhéadfadh a bheith ann chun glacadh cumasc iarbhír a áirithiú.

(28)Sa chéad leath de 2024, ba ag an gCróit a bhí an tríú praghas leictreachais ab airde san Aontas do thomhaltóirí gnó/tionsclaíocha. Leanann sé sin de chúl a chur ar iomaíochas costais cuideachtaí Crótacha. Dainneoin an mhéadaithe is airde riamh (397 MW) ar acmhainneacht gréine in 2024, tá sciar an ghrianfhuinnimh i nginiúint leictreachais fós íseal, mar atá níos lú ná 6 %. I bhfianaise an mhéid sin, dfhéadfaí cuidiú chun leibhéil praghsanna a laghdú ach acmhainneacht nua fuinnimh in-athnuaite – an grianfhuinneamh go háirithe – agus réitigh solúbthachta neamh-iontaise a leathadh amach ar dhóigh níos tapúla. Cuireann creat rialála neamhchinnte bac ar ghlacadh méadaithe foinsí in-athnuaite fuinnimh ar mhórscála, lena náirítear grianfhuinneamh, ós rud é go bhfuil táillí nuashonraithe nasctha leis an eangach fós le glacadh ag an rialtóir náisiúnta fuinnimh (HERA), rud a chruthaíonn éiginnteacht dinfheisteoirí a dfhéadfadh a bheith ann agus a chuir cosc éifeachtach ar thionscadail maoiniú a fháil. Beidh tábhacht mhór le hinfheistíocht mhéadaithe san eangach leictreachais lasmuigh de na hinfheistíochtaí a áirítear i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Cróite chun glacadh fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn sa Chróit. Sa ghearrthéarma, beidh gá le bearta chun tionscadail stórála hibrideacha agus fuinnimh in-athnuaite a dhreasú. In 2023, ní raibh méadair chliste suiteáilte ach ag 24 % de thomhaltóirí teaghlaigh, rud atá i bhfad níos ísle ná sprioc 80 % an Aontais. Chun bheith in ann leas iomlán a bhaint as glacadh méadaithe an fhuinnimh in-athnuaite, beidh gá le cistiú suntasach chun méadair chliste a leathadh amach thar na bearta atá sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, chomh maith le conarthaí dinimiciúla, chun tomhaltóirí a chumhachtú agus chun freagairt don éileamh a chothú. Dá ndéanfaí athbhreithniú agus simpliú ar nósanna imeachta riaracháin maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil, lena náirítear i bhfoirgnimh il-árasán, chuideofaí chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh freisin ar nósanna imeachta riaracháin chun pobail fuinnimh a bhunú toisc go bhfuil líon na bpobal fuinnimh cláraithe fós íseal.

(29)Tá gá le bearta maidir le fuinneamhéifeachtúlacht chun an móiminteam dearfach a cruthaíodh leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta a choinneáil ar bun agus chun dlús a chur leis an dul chun cinn i dtaca leis an méid seo a leanas: (i) athchóiriú foirgneamh; (ii) soláthar tithíochta atá tíosach ar fhuinneamh, go háirithe tithíocht shóisialta; agus (iii) teaschaidéil agus réitigh eile níos éifeachtúla níos glaise a chur in ionad coirí gáis agus ola. Táthar ag cur bac freisin ar chomharthaí praghais ábhartha le haghaidh leictriú mar gheall ar ualach cánach atá claonta go díréireach i dtreo leictreachais do theaghlaigh agus do thomhaltóirí tionsclaíocha araon. I bhfianaise a neamhchosanta atá sí ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus i bhfianaise an tionchair eacnamaíoch a dfhéadfadh a bheith acu, bhainfeadh an Chróit tairbhe freisin as dlús a chur leis an oiriúnú don athrú aeráide agus leis an athléimneacht uisce trí bheartais oiriúnaithe agus bainistithe uisce inbhuanaithe a chur chun feidhme go tapa agus trí dhlúthfhaireachán a dhéanamh orthu, bunaithe ar infheistíochtaí dúlrabhunaithe agus aeráid-díonacha i mbonneagar straitéiseach.

(30)Is é an tiompar de bhóthar an modh iompair is mó úsáid sa Chróit do phaisinéirí agus do lasta araon. Tacaíonn athchóirithe agus infheistíochtaí faoi phlean téarnaimh agus athléimneachta na Cróite – amhail an bonneagar iarnróid a nuachóiriú, an tiompar glas a chur chun cinn, agus córais chliste iompair a chur in úsáid – leis na cuspóirí sin cheana féin; mar sin féin, tá gá fós le hiarrachtaí leanúnacha. Trí nuachóiriú a dhéanamh ar an mbonneagar iompair agus ar an rothstoc iarnróid, trí úsáid an iompair phoiblí a mhéadú agus é a ghlasú a thuilleadh, trí chórais chliste iompair a chur i bhfeidhm, agus trí ghlacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur chun cinn, mar shampla trí dhreasachtaí cánachais a athbhreithniú, is féidir cur go mór le dícharbónú na hearnála iompair agus laghdú a dhéanamh ar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus ar an éileamh ar fhuinneamh. In 2023, is ag an gCróit a bhí an sciar ab ísle de bhreoslaí in-athnuaite san iompar san Aontas (0,9 % i gcomparáid le meán an Aontais, mar atá 10,8 %). Trí athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha maidir le bithbhreoslaí a chumasc agus a mheascadh, dfhéadfaí úsáid breoslaí malartacha a spreagadh. Tá fóirdheontais breosla iontaise ábhartha nach beag ag an gCróit nach bhfuil sé beartaithe aici deireadh a chur leo de réir a chéile roimh 2030. Go háirithe, maidir le fóirdheontais breosla iontaise nach dtugann aghaidh ar bhochtaineacht fuinnimh ar bhealach spriocdhírithe ná ar fhíorábhair imní maidir le slándáil fuinnimh, a chuireann bac ar leictriú agus nach bhfuil ríthábhachtach don iomaíochas tionsclaíoch, dfhéadfaí é a mheas mar thosaíocht deireadh a chur leo de réir a chéile. Sa Chróit, na fóirdheontais breosla iontaise amhail an chaidhp phraghais éigeandála leanúnach ar tháirgí peitriliam agus ar ghás, chomh maith le haisíocaíochtaí páirteacha dleachtanna máil ar dhíosal san iompar tráchtála, tá siad neamhéifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de, buanaíonn siad spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus dídhreasaíonn siad leictriú agus an taistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha agus chuig réitigh inbhuanaithe eile.

(31)Tá treochtaí dearfacha i margadh saothair na Cróite ag leanúint ar aghaidh, cé go gcuireann dúshláin struchtúracha agus réigiúnacha leanúnacha isteach ar iomaíochas agus ar acmhainneacht fáis. Tuairiscítear go bhfuil ganntanas saothair agus scileanna ann in go leor earnálacha, agus tá an ráta fostaíochta fós faoi bhun mheán an Aontais, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha amhail daoine scothaosta, oibrithe ar bheagán oiliúna, agus daoine faoi mhíchumas. Tá méadú suntasach tagtha ar an mbearna fostaíochta maidir le daoine faoi mhíchumas, rud a mhéadaíonn baol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste. Cuireann rannpháirtíocht theoranta san fhoghlaim aosach, go háirithe lasmuigh de réigiún na príomhchathrach, srian ar fhorbairt scileanna a bhaineann leis an margadh saothair agus cuireann sí le mímheaitseáil scileanna. Tá sraith beart á cur chun feidhme ag an gCróit chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhargadh an tsaothair, a dtacaíonn an plean téarnaimh agus athléimneachta agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus le cuid acu. Áirítear ar na bearta sin beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, cláir uas-scilithe agus athscilithe, agus athchóirithe chun oibrithe eachtracha a chomhtháthú ar bhealach níos fearr i margadh an tsaothair. Mar sin féin, is gá dlús a chur leis na hiarrachtaí sin agus a néifeachtacht a fheabhsú trí dhíriú ar bhealach níos dlúithe ar ghrúpaí leochaileacha, trí aghaidh a thabhairt ar bhearnaí oiliúna, trí rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach a dhreasú agus trí scileanna a bhaineann le margadh an tsaothair a fheabhsú, lena náirítear trí churaclaim ardcháilíochta ar leibhéil éagsúla oideachais. Dá gcuirfí athchóiriú an chórais oideachais chun cinn, chuideodh an méid sin chun rannpháirtíocht níos airde in oideachas agus cúram na luath-óige agus níos mó ama teagaisc a bhaint amach sna scoileanna, chun bhunscileanna a neartú agus bonn níos fearr a chur ar fáil le haghaidh breisoideachais agus sealbhú scileanna. Tá gá le hiarrachtaí leanúnacha chun cur le sciar na múinteoirí cáilithe sa mhatamaitic agus san fhisic chun feabhas a chur ar na scileanna sin agus ar an rannpháirtíocht i léann na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (ETIM).

(32)Dainneoin roinnt dul chun cinn a bheith déanta agus iarrachtaí suntasacha beartais, tá dúshláin shuntasacha shóisialta fós le sárú ag an gCróit. Tá rátaí bochtaineachta agus neamhionannais ioncaim fós ard, go háirithe i measc daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, agus daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe. In 2023, bhí baol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta fós ard sa Chróit. Tá tionchar na naistrithe sóisialta (gan pinsin a áireamh) ar laghdú na bochtaineachta i measc na dtionchar is laige san Aontas, agus tá teorainn fós le leordhóthanacht agus cumhdach scéimeanna ioncaim íosta agus sochar dífhostaíochta. Tá na pinsin sách íseal, agus, ag an am céanna, tá dúshlán roimh inbhuanaitheacht an chórais mar gheall ar bhrú déimeagrafach agus an luathscor a bheith á dhéanamh go stairiúil. Tá infhaighteacht cúraim fhadtéarmaigh teoranta, gan rochtain leordhóthanach ar chúram baile agus ar chúram pobalbhunaithe, rud a chuireann ualaí díréireacha cúraim ar chúramóirí neamhfhoirmiúla, go háirithe na mná, rud a chiallaíonn gur lú an seans go mbeidh siad ag obair nó ag lorg poist. Dá náiritheofaí cur chun feidhme éifeachtach comhordaithe Phlean Beartais Náisiúnta 2030 maidir le Tithíocht, chuideofaí chun an tithíocht a dhéanamh níos inacmhainne. Trí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, thacófaí freisin leis an gcóineasú sóisialta aníos, i gcomhréir le hanailís tíre dara céim de sheirbhísí an Choimisiúin ar an gCreat um Chóineasú Sóisialta 17 .

(33)Tá dáileadh míchothrom na ndochtúirí ina bhacainn mhór maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí cúraim sláinte i réigiúin iargúlta/tuaithe. Chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais oibrithe, tá gá le tionscnaimh chun líon na noibrithe cúraim sláinte a mhéadú, agus chun feabhas a chur ar oiliúint, earcaíocht agus coinneáil, agus aird ar leith á tabhairt ar éagothromaíochtaí geografacha. Tá an sciar den daonra a úsáideann seirbhísí sláinte ar líne ar na sciartha is ísle san Aontas. Cé go dtacaíonn an plean téarnaimh agus athléimneachta le seirbhísí teilileighis i gceantair iargúlta agus oileánacha, tá gá le hiarracht chomhbheartaithe chun rochtain chomhionann ar sheirbhísí cúraim sláinte a chur chun cinn, go háirithe ar chúram príomhúil agus cúram othar seachtrach/cúram siúlach.

(34)I bhfianaise na ndlúth-idirnasc idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro, agus a rannchuidithe chomhchoitinn le feidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadais, in 2025 mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i measc rudaí eile, chun Moladh 2025 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur chun feidhme. I gcás na Cróite, cuidíonn moltaí (2), (3), (4) agus (5) le cur chun feidhme an chéad mholta maidir leis an limistéar euro i dtaca le hiomaíochas, cuidíonn moltaí (4) agus (5) le cur chun feidhme an dara moladh maidir leis an limistéar euro i dtaca le hathléimneacht, agus cuidíonn moladh (1) le cur chun feidhme an tríú moladh maidir leis an limistéar euro i dtaca le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais a leagtar amach i Moladh 2025.

AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an Chróit in 2025 agus 2026 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.Caiteachas agus ullmhacht fhoriomlán i réimse na cosanta a threisiú i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 6 Márta 2025. Cloí le huasrátaí fáis an ghlanchaiteachais a mhol an Chomhairle an 21 Eanáir 2025, agus úsáid á baint as an liúntas faoin gclásal éalaithe náisiúnta le haghaidh caiteachas cosanta níos airde.

2.I bhfianaise na sprioc-amanna is infheidhme chun athchóirithe agus infheistíochtaí a thabhairt chun críche go tráthúil faoi Rialachán (AE) 2021/241, dlús a chur le cur chun feidhme éifeachtach an phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena náirítear an chaibidil REPowerEU. Dlús a chur le cur chun feidhme chláir an bheartais comhtháthaithe (CFRE, CUAC, CSE+ agus CC), agus, i gcás inarb iomchuí, na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an athbhreithniú meántéarma a thapú agus dul chun cinn a dhéanamh dá réir. An úsáid is fearr is féidir a bhaint as ionstraimí an Aontais, an raon feidhme a chuirtear ar fáil le InvestEU agus leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip san áireamh, chun cur leis an iomaíochas.

3.Aghaidh a thabhairt ar ilroinnt na ninstitiúidí taighde poiblí agus na nollscoileanna trí spriocanna a leagan síos i gcomhaontuithe feidhmíochta lena gcuirtear comhdhlúthú, comhoibriú agus, i gcás inarb ábhartha, cumaisc chun cinn, le tacaíocht ó dhreasachtaí airgeadais chun borradh a chur faoin aschur eolaíoch agus faoin toradh poiblí ar infheistíocht T&F. Infheistíochtaí sa taighde agus sa nuálaíocht a chothú. Borradh a chur faoi rochtain ar fhoinsí éagsúla maoiniúcháin le haghaidh gnólachtaí agus margaí caipitil a chur chun cinn trí rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola a éascú a thuilleadh, lena náirítear sa mhargadh bannaí, trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an liostáil, agus trí neartú a dhéanamh ar an rialachas corparáideach chun tarraingteacht an mhargaidh stoic a fheabhsú. Rialáil a shimpliú a thuilleadh, uirlisí rialála a fheabhsú agus an tualach riaracháin a laghdú tríd an digiteáil chun cruthú agus leathnú gnó a éascú. Acmhainneacht agus éifeachtúlacht an riaracháin phoiblí a threisiú ar an leibhéal áitiúil trí fheidhmeanna agus/nó bardais a chumasc.

4.Aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda leictreachais do ghnólachtaí trí dhlús a chur le húsáid agus nascadh eangaí tionscadal fuinnimh in-athnuaite. Uasghrádú breise a dhéanamh ar eangacha tarchurtha agus dáileacháin leictreachais, infheistíocht a dhéanamh i stóráil leictreachais agus dul chun cinn a dhéanamh ar rolladh amach méadar cliste. Ceadú a chuíchóiriú, lena náirítear do phobail fuinnimh, agus na nósanna imeachta maidir le saoráidí fótavoltacha gréine a shuiteáil i bhfoirgnimh il-árasán a shimpliú. Dlús a chur le cur chun feidhme beart éifeachtúlachta fuinnimh, go háirithe i bhfoirgnimh chónaithe, an spleáchas ar bhreoslaí iontaise in earnáil an téimh a laghdú, agus dlús a chur le suiteáil teaschaidéal. Laghdú a dhéanamh ar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus éileamh ar fhuinneamh in earnáil an iompair trí iompar uirbeach inbhuanaithe, iompar diarnród agus leictriú an iompair de bhóthar a chur chun cinn, lena náirítear trí athbhreithniú a dhéanamh ar dhreasachtaí cánachais spriocdhírithe. Céimeanna nithiúla a dhéanamh chun deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise, go háirithe in earnáil an iompair. Aghaidh a thabhairt ar an laghdú a tháinig le déanaí ar sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh san iompar trí athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le bithbhreoslaí.

5.Laghdú a dhéanamh ar na ganntanais saothair agus scileanna trí dheireadh a chur le bacainní ar rannpháirtíocht an lucht saothair, trí bhunchlocha oideachais níos láidre a áirithiú ar gach leibhéal, go háirithe le haghaidh bunscileanna agus scileanna eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM), uas-sciliú agus athsciliú a neartú, beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a spriocdhíriú ar bhealach níos fearr ar ghrúpaí leochaileacha, agus iarrachtaí a neartú chun daoine tréitheacha a mhealladh, a fhorbairt agus a choinneáil. Neartú a dhéanamh ar bheartais mhargadh an tsaothair agus ar a gcomhordú le seirbhísí sóisialta. Bochtaineacht agus neamhionannas ioncaim a laghdú trí mhéadú a dhéanamh ar leordhóthanacht sochar sóisialta, lena náirítear pinsin, agus inbhuanaitheacht fhioscach á coinneáil ar bun an tráth céanna. Feabhas a chur ar rochtain ar chúram fadtéarmach foirmiúil bailebhunaithe agus pobalbhunaithe. Dáileadh geografach cothrom na noibrithe agus na saoráidí sláinte a chur chun cinn, infheistíochtaí sa ríomhshláinte a chur chun cinn, agus comhar níos dlúithe idir gach leibhéal den riarachán poiblí maidir le beartas sláinte a chur chun cinn.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj .
(2)    Glanchaiteachas mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (2) de Rialachán (AE) 2024/1263: ciallaíonn glanchaiteachas caiteachas rialtais atá glan ar na rudaí seo a leanas: (i) caiteachas úis; (ii) bearta lánroghnacha ioncaim; (iii) caiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais; (iv) caiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas; (v) gnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta; agus (iv) bearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.    
(3)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj).
(4)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa. eu/eli/reg/2023/435/oj).
(5)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 28 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Cróite (10687/2021).
(6)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 7 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme an 28 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Cróite (15834/2023).
(7)    Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach na Cróite, IO C/2025/638, 10.2.2025.
(8)    Moladh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2025 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (IO C, C/2025/2782, 22.5.2025, ELI:  http:// data.europa.eu/eli/C/2025/2782/oj ).     
(9)    Tá na Tuarascálacha Bliantúla ar Dhul Chun Cinn maidir le 2025 le fáil ar: https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/stability-and-growth-pact/preventive-arm/annual-progress-reports_en?prefLang=ga
(10)    Moladh ón gComhairle lena gceadaítear don Chróit imeacht ón gconair ghlanchaiteachais mholta agus í a shárú (Gníomhachtú an chlásail éalaithe náisiúnta), IO C/2025/xxx, x.x.2025.
(11)    Táscairí Eurostat-Euro, 22.4.2025.
(12)    Sainmhínítear an staid fhioscach mar thomhas ar an athrú bliantúil ar riocht buiséadach foluiteach an rialtais ghinearálta. Is é is aidhm dó measúnú a dhéanamh ar an spreagadh eacnamaíoch a eascraíonn as beartais fhioscacha, idir na cinn sin a mhaoinítear go náisiúnta agus na cinn a mhaoinítear le buiséad an Aontais. Déantar an staid fhioscach a thomhas mar an difríocht idir (i) an fás féideartha meántéarmach agus (ii) an tathrú ar chaiteachas príomhúil glan ar bhearta ioncaim lánroghnacha agus lena náirítear caiteachas arna mhaoiniú le tacaíocht neamh-inaisíoctha (deontais) faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile an Aontais.
(13)    Eurostat, caiteachas rialtais de réir aicmiú fheidhmeanna an rialtais (COFOG).
(14)    Ó 2026 ar aghaidh beidh na figiúirí sin le feiceáil sa chuntas rialaithe a bhunaítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/1263.
(15)     Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1058 agus (AE) 2021/1056 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma – COM(2025) 123 final .
(16)    Dearcadh gnólachtaí i leith an éillithe san Aontas, Flaistuarascáil, Tuarascáil Eorabharaiméadair (Aibreán 2024)
(17)     a424524e-40a5-4036-9f13-85160612b902_en .