AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.6.2025
COM(2025) 203 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Seicia
{SWD(2025) 203 final}
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.6.2025
COM(2025) 203 final
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Seicia
{SWD(2025) 203 final}
Moladh le haghaidh
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na Seicia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle 1 , agus go háirithe Airteagal 3(3) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,
Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,
De bharr an mhéid seo a leanas:
Breithnithe ginearálta
(1)Le Rialachán (AE) 2024/1263, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024, sonraítear cuspóirí an chreata rialachais eacnamaíoch, creat a bhfuil sé d’aidhm aige airgeadas poiblí inbhuanaithe fónta agus fás cuimsitheach inbhuanaithe agus athléimneacht a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Sonraítear sa Rialachán go ndéanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún faireachas iltaobhach i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na ceanglais a leagtar amach in CFAE. Áirítear sa Seimeastar Eorpach, go háirithe, foirmliú na moltaí tírshonracha agus faireachas ar chur chun feidhme na moltaí sin. Leis an Rialachán, cuirtear úinéireacht náisiúnta i leith an bheartais fhioscaigh chun cinn, agus béim á leagan ar an bhfócas meántéarmach a bhaineann leis an mbeartas céanna, agus i dteannta leis sin cuirtear forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí chun cinn chomh maith. Ní mór do gach Ballstát plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a chur faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, plean ina mbeidh a chuid gealltanas fioscach, athchóiriúcháin agus infheistíochta, thar thréimhse 4 nó 5 bliana, de réir fhad an téarma reachtaigh náisiúnta. Ní mór an chonair ghlanchaiteachais 2 sna pleananna sin ceanglais an Rialacháin a chomhlíonadh, lena n‑áirítear na ceanglais ollfhiachas rialtais a chur nó a choimeád ar chonair inchreidte anuas faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % den olltáirgeacht intíre (OTI), agus an t‑easnamh rialtais ghinearálta a thabhairt agus/nó a choimeád faoi bhun luach tagartha an Chonartha, is é sin 3 % de OTI, sa mheántéarma. I gcás ina dtugann Ballstát gealltanas i leith sraith ábhartha d’athchóirithe agus infheistíochtaí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán, féadtar síneadh suas le 3 bliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin.
(2)Tháinig Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (‘an tSaoráid’), i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Leis an tSaoráid cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, agus soláthraítear spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch, déanann an tSaoráid an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a chothú, agus spreagann sí athchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe an tráth céanna, go háirithe athchóirithe agus infheistíochtaí trína gcuirtear an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach chun cinn agus trína gcuirtear le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an t‑airgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoi chruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.
(3)Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 (‘Rialachán REPowerEU’), a glacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur, de réir a chéile, le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Cuidíonn sé sin ó thaobh slándáil fuinnimh a bhaint amach agus ó thaobh soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, agus an tráth céanna, cuireann sé le glacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh, le hacmhainneachtaí stórála agus le héifeachtúlacht fuinnimh. Chuir an tSeicia caibidil nua REPowerEU lena plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha a chuideoidh ó thaobh cuspóirí REPowerEU a bhaint amach.
(4)An 1 Meitheamh 2021, chuir an tSeicia a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 den Rialachán sin, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V. An 8 Meán Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle a Cinneadh Cur Chun Feidhme lena bhformheastar an measúnú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Seicia 5 a leasaíodh de réir Airteagal 18(2) an 16 Deireadh Fómhair 2023 chun an ranníocaíocht uasta airgeadais le haghaidh tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a thabhairt cothrom le dáta, agus chun an chaibidil REPowerEU a chur san áireamh 6 . Chun go scaoilfear na tráthchodanna, caithfidh cinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 24(5), ina sonraítear go bhfuil na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle bainte amach go sásúil ag an tSeicia. Ní féidir gnóthú sásúil a bheith i gceist ach sa chás nach ndeachthas siar ar ghnóthú na gcloch míle agus na spriocanna roimhe sin maidir leis an athchóiriú céanna nó an infheistíocht chéanna.
(5)An 21 Eanáir 2025, ar mholadh ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle moladh lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta na Seicia 7 . Cuireadh an plean isteach i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 36(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1263, cumhdaíonn sé an tréimhse ó 2025 go 2028 agus is coigeartú fioscach é thar 4 bliana.
(6)An 26 Samhain 2024, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún Tuarascáil 2025 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil nár shainaithin go bhfuil an tSeicia ar cheann de na Ballstáit a mbeadh grinn‑athbhreithniú ag teastáil ina leith. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, agus togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2025, ina ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro 8 an 13 Bealtaine 2025 agus an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht an 10 Márta 2025.
(7)An 29 Eanáir 2025 d’fhoilsigh an Coimisiún an Compás Iomaíochais, creat straitéiseach arb é is aidhm dó borradh a chur faoi iomaíochas domhanda an Aontais sna 5 bliana amach romhainn. Sainaithnítear ann na trí riachtanas chlaochlaitheacha a bhaineann le fás eacnamaíoch inbhuanaithe: (i) an nuálaíocht; (ii) an dícharbónú agus an t‑iomaíochas; agus (iii) an tslándáil. Chun an bhearna nuálaíochta a dhúnadh, tá sé d’aidhm ag an Aontas nuálaíocht thionsclaíoch a chothú, tacú le fás gnólachtaí nuathionscanta trí thionscnaimh amhail an Straitéis AE um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú, agus glacadh ardteicneolaíochtaí a chur chun cinn, an intleacht shaorga agus an ríomhaireacht chandamach, cuir i gcás. Ar mhaithe le geilleagar níos glaise a bhaint amach, tá Plean Gníomhaíochta cuimsitheach um Fhuinneamh Inacmhainne agus Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan leagtha amach ag an gCoimisiún, rud a áiritheoidh go mbeidh an t‑aistriú chuig fuinneamh glan costéifeachtach, fabhrach don iomaíochas i gcónaí, go háirithe i gcás earnálacha dianfhuinnimh, agus ina spreagadh don fhás. Chun spleáchais iomarcacha a laghdú agus an tslándáil a mhéadú, tá an tAontas tiomanta do chomhpháirtíochtaí trádála domhanda a neartú, do shlabhraí soláthair a éagsúlú agus do rochtain ar amhábhair chriticiúla agus ar fhoinsí fuinnimh glana a áirithiú. Is iad na cumasóirí cothrománacha seo a leanas atá ina mbonn taca ag na tosaíochtaí sin — simpliú rialála, doimhniú an mhargaidh aonair, maoiniú iomaíochais agus Aontais Coigiltis agus Infheistíochta, cur chun cinn scileanna agus poist ardcháilíochta , agus comhordú níos fearr ar bheartais an Aontais. Tá an Compás Iomaíochais ailínithe leis an Seimeastar Eorpach, rud a áirithíonn go bhfuil beartais eacnamaíocha na mBallstát comhsheasmhach le cuspóirí straitéiseacha an Choimisiúin, ionas go bhfuil cur chuige aontaithe ann maidir le rialachas eacnamaíoch lena gcothaítear fás inbhuanaithe, nuálaíocht agus athléimneacht ar fud an Aontais.
(8)In 2025, beidh an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch ag forbairt leis de réir mar a bheidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta á cur chun feidhme. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais atá ann faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go gcuidíonn na pleananna ó thaobh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Tá na moltaí tírshonracha sin fós chomh hábhartha céanna maidir leis an measúnú ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/241.
(9)Na príomhdhúshláin beartais eacnamaíoch nach dtugtar aghaidh orthu go leordhóthanach leis na bearta atá sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, cumhdaíonn moltaí tírshonracha 2025 iad, agus na dúshláin ábhartha a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2019-2024 á gcur san áireamh.
(10)An 4 Meitheamh 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2025 maidir leis an tSeicia. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar an dul chun cinn atá déanta ag an tSeicia ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha agus rinneadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na Seicia a mheas. I bhfianaise na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre na dúshláin is práinní atá le sárú ag an tSeicia. Rinneadh measúnú inti freisin ar dhul chun cinn na Seicia ó thaobh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ó thaobh príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, mar aon leis an dul chun cinn ó thaobh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.
Measúnú ar an Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn
(11)An 21 Eanáir 2025, mhol an Chomhairle na huasrátaí fáis glanchaiteachais seo a leanas le haghaidh na Seicia: 4,5 % in 2025, 2,5 % in 2026, 2,6 % in 2027, agus 2,9 % in 2028, rátaí a chomhfhreagraíonn do na huasrátaí fáis carnacha arna ríomh faoi threoir 2023, mar atá 10,1 % in 2025, 12,9 % in 2026, 15,8 % in 2027, agus 19,2 % in 2028. An 30 Aibreán 2025, chuir an tSeicia a Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn 9 isteach maidir le cloí leis na huasrátaí fáis glanchaiteachais a moladh agus maidir le cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagraítear do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh. An Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, is léiriú freisin í ar thuairisciú débhliantúil na Seicia i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta maidir lena plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/241.
(12)Is dúshlán eiseach don Aontas Eorpach é an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin agus a iarmhairtí. Mhol an Coimisiún clásal éalaithe náisiúnta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú ar bhealach comhordaithe chun tacú le hiarrachtaí an Aontais méadú tapa suntasach ar chaiteachas cosanta a bhaint amach agus ba dhíol sásaimh do Chomhairle Eorpach an 6 Márta 2025 an togra sin. Tar éis iarraidh a fháil ón tSeicia an 22 Bealtaine 2025, an [dáta], agus ar mholadh ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle moladh lena gceadaítear don Seicia imeacht ó uasrátaí fáis molta an ghlanchaiteachais agus iad a shárú 10 .
(13)Ar bhonn sonraí atá fíoraithe ag Eurostat 11 , tháinig laghdú ar easnamh rialtais ghinearálta na Seicia ó 3,8 % de OTI in 2023 go 2,2 % in 2024, agus tháinig méadú ar an bhfiachas rialtais ghinearálta ó 42,5 % de OTI ag deireadh 2023 go 43,6 % ag deireadh 2024. De réir ríomhanna an Choimisiúin, comhfhreagraíonn na forbairtí sin do ráta fáis glanchaiteachais 0,0 % in 2024. Sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, measann an tSeicia gurb é 2,8 % an fás glanchaiteachais in 2024. Measann an Coimisiún go raibh an fás glanchaiteachais níos ísle ná mar atá sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn. Is é is cúis leis an difríocht idir ríomhanna an Choimisiúin agus meastacháin na n‑údarás náisiúnta taifeadadh an Choimisiúin ar chaiteachas aonuaire le haghaidh 2023 lena gcruthaítear bonn níos airde le haghaidh 2024, agus tionchar na mbeart lánroghnach ioncaim mar gheall ar dhifríochtaí modheolaíochta idir an tSeicia agus an Coimisiún. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach 12 , lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, bhí staid fhioscach chrapthach ann in 2024, mar atá 2,4 % de OTI.
(14)De réir na Tuarascála Bliantúla ar Dhul Chun Cinn, sa chás maicreacnamaíoch atá mar bhonn taca le réamh-mheastacháin bhuiséadacha na Seicia, tá coinne le fás fíor-OTI 2,0 % in 2025, agus réamh-mheastar go mbeidh boilsciú ICPT 2,3 % ann in 2025. Réamh-mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún go bhfásfaidh an fíor-OTI faoi 1,9 % in 2025 agus faoi 2,1 % in 2026, agus go mbeidh boilsciú ICPT 2,2 % ann in 2025 agus 2,0 % in 2026.
(15)Sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn, meastar go bhfanfaidh an t‑easnamh rialtais ghinearálta ag 2,2 % de OTI in 2025, agus tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le méadú go 44,5 % faoi dheireadh 2025. Comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 3,3 % in 2025. Réamh-mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún go mbeidh easnamh rialtais ghinearálta 2,3 % de OTI ann in 2025. De réir ríomhanna an Choimisiúin, comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 4,0 % in 2025. Is é is cúis leis na réamh-mheastacháin níos airde sin maidir le fás glanchaiteachais ná mar atá luaite ina leith sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn an réamhaisnéis níos ísle ón gCoimisiún maidir le cómhaoiniú náisiúnta chláir an Aontais in 2025, agus taifeadadh níos ísle an Choimisiúin ar chaiteachas aonuaire in 2025. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach, lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, réamh-mheastar go mbeidh staid fhioscach neodrach ann den chuid is mó in 2025. Tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le méadú go 44,5 % faoi dheireadh 2025. An méadú ar an gcóimheas fiachais-OTI in 2025, is léiriú é sin, den chuid is mó, ar an gcomhardú ceannlíne diúltach, agus maolaítear é go páirteach le fás OTI ainmniúil.
(16)Meastar go maoineofar caiteachas rialtais ghinearálta a dhéanann suas 0,6 % de OTI le tacaíocht neamh-inaisíoctha (‘deontais’) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2025, i gcomparáid le 0,4 % de OTI in 2024, de réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún. Le caiteachas a mhaoinítear le tacaíocht neamh-inaisíoctha ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, beifear in ann infheistíocht ardcháilíochta agus athchóirithe lena gcuirfear leis an táirgiúlacht a dhéanamh gan tionchar díreach a imirt ar chomhardú rialtais ghinearálta agus fiachas na Seicia.
(17)0,9 % de OTI in 2021, 1,0 % de OTI in 2022 agus 1,2 % de OTI in 2023, ba é sin caiteachas cosanta an rialtais ghinearálta san Seicia 13 . De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar caiteachas cosanta 1,3 % de OTI in 2024 agus 2025. Comhfhreagraíonn sé sin do mhéadú 0,4 pointe céatadáin de OTI i gcomparáid le 2021. Le linn na tréimhse ina ngníomhachtófar an clásal éalaithe náisiúnta (2025-2028), beidh an tSeicia in ann tosaíocht a thabhairt an athuair do chaiteachas rialtais nó ioncam rialtais a mhéadú ionas nach gcuirfí an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma i ngeall ar chaiteachas níos airde go marthanach ar an gcosaint.
(18)De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go bhfásfaidh an glanchaiteachas sa tSeicia faoi 4,0 % in 2025 agus gur fás carnach 4,0 % a bheidh ann in 2024 agus 2025. Ar bhonn Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go mbeidh glanfhás caiteachais na Seicia in 2025 faoi bhun an uasráta fáis a mholtar, go bliantúil agus nuair a chuirtear 2024 agus 2025 araon san áireamh.
(19)Ní áirítear réamh-mheastacháin bhuiséadacha tar éis 2025 sa Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn. Ar bhonn bearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise, réamh-mheastar i Réamhaisnéis an Earraigh 2025 ón gCoimisiún easnamh rialtais ghinearálta 2,2 % de OTI in 2026. Comhfhreagraíonn na forbairtí sin d’fhás glanchaiteachais 4,8 % in 2026. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, maidir leis an staid fhioscach, lena n‑áirítear caiteachas arna mhaoiniú go náisiúnta agus caiteachas arna mhaoiniú ag an Aontas araon, réamh-mheastar go mbeidh staid fhioscach neodrach ann den chuid is mó in 2026. Is é réamh-mheastachán an Choimisiúin go dtiocfaidh méadú go 45,4 % ar an gcóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI faoi dheireadh 2026. An méadú ar an gcóimheas fiachais-OTI in 2026, is léiriú é sin, den chuid is mó, ar an gcomhardú ceannlíne diúltach, agus maolaítear é go páirteach le fás OTI ainmniúil.
Príomhdhúshláin bheartais
(20)Cuireann an córas cánach agus sochar ualach trom ar shaothraithe ar phá íseal. Is minic a fhaigheann saothraithe ar phá íseal tairbhe airgeadais beag nó nach bhfaigheann siad tairbhe airgeadais ar bith ó bheith ag obair mar gheall ar ranníocaíochtaí arda sláinte agus sóisialta (nach bhfuil in-asbhainte) agus mar gheall ar shochair a laghdaíonn de réir mar a ardaíonn an pá. I gcás oibrí aonair ag a bhfuil 50 % den mheántuilleamh agus atá gan leanaí, tá ceann de na dingeacha cánach saothair – an bhearna idir glanphá na n‑oibrithe agus a gcostais d’fhostóirí – is airde san Aontas ag an tSeicia agus tá sí ag ardú le breis agus 10 mbliana anuas. Sa tSeicia, tá na gaistí neamhghníomhaíochta agus dífhostaíochta (cánachas ar dhaoine atá ag teacht isteach i margadh an tsaothair) os cionn mheán an Aontais, rud a dhíspreagann oibrithe ar phá íseal agus oibrithe páirtaimseartha ó bheith ag obair. Dá ndéanfaí cánacha saothair a choigeartú chun an t‑ualach ar shaothraithe ar phá íseal a laghdú, thabharfaí níos mó daoine ó na teaghlaigh sin isteach i margadh an tsaothair, lena n‑áirítear ó shocruithe oibre neamhfhoirmiúla nó forbhásacha go fostaíocht fhoirmiúil agus chaighdeánach. Dá ndéanfaí é sin a chomhcheangal le húsáid níos mó a bhaint as ionstraimí cánachais comhshaoil agus maoine tearcúsáidte, bheadh an córas cánach níos fabhraí don fhás.
(21)Bhí ioncam cánach foriomlán na Seicia i ndáil le OTI go mór faoi bhun mheán an Aontais in 2023 (34 % i gcomparáid le meán an Aontais arb é 39 % é). Rogha chun tacú leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an inbhuanaitheacht fhioscach is ea sciar na gcánacha nach ndéanann an oiread céanna dochair don fhás a mhéadú. Tá cánacha maoine athfhillteacha i measc na gcánacha is lú a dhéanann dochar don fhás, ach tá an t‑ioncam ó chánachas maoine athfhillteach an-íseal ag 0,2 % de OTI i gcomparáid le meán an Aontais, 0,9 % de OTI (mar a bhí ann in 2023). In ainneoin an mhéadaithe bhig ar chánacha maoine athfhillteacha in 2024 agus sna blianta amach romhainn mar sciar de OTI, tá an córas cánachais maoine athfhilltigh ar fhoirgnimh agus ar aonaid bunaithe mhéid na maoine, rud a fhágann go ngearrtar cánachas éagothrom ar mhaoine den luach céanna agus nach bhforbraíonn an cánachas i gcomhréir le luach na maoine. Dá gcuirfí córas cánach maoine chun feidhme bunaithe ar luachanna maoine atá ailínithe le margadhluachanna, chuirfí ar a cumas don tSeicia luachanna maoine a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Dá ndéanfaí é a chomhcheangal le gnéithe chun teaghlaigh ar phá íseal a chosaint, mhéadódh sé sin éifeachtúlacht na cánach mar uirlis chun méaduithe ar phraghsanna maoine a mhaolú agus chun an úsáid is táirgiúla a bhaint as an stoc tithíochta. Dá réir sin, d’fheabhsódh sé sin inacmhainneacht tithíochta agus cumas daoine gluaiseacht timpeall chun oibre, agus ar an gcaoi sin thacófaí le fás eacnamaíoch agus mhéadófaí an t‑ioncam ó chánacha maoine athfhillteacha a thuilleadh.
(22)Tá laghdú tagtha ar chomhardú struchtúrach na Seicia ó ghar don chomhardú ar an meán le linn 2014-2019, go -1,7 % in 2024. Tharla sé sin mar gheall ar bhearta buana, amhail an laghdú ar cháin ioncaim phearsanta agus méaduithe ar chaiteachas pinsean agus cosanta, nithe nár cistíodh le fás ioncaim comhfhreagrach. In 2023 agus 2024, ghlac an tSeicia athchóirithe reachtacha lena dtugtar aghaidh ar an moladh tírshonrach atá ann le fada maidir le pinsin. Leis na hathchóirithe sin, ardaítear an aois scoir reachtúil go 67 bliana d’aois faoi 2056, cuirtear moill ar fhás na bpinsean nuadheonaithe, laghdaítear uasfhad an luathscoir, agus daingnítear na coinníollacha incháilitheachta le haghaidh luathscoir. Réamh-mheastar go méadóidh na bearta sin an aois scoir iarbhír agus go gcuirfidh siad teorainn 1,9 pointe céatadáin de OTI leis an méadú ar chaiteachas poiblí ar phinsin san fhadtéarma 14 . Dá gcuirfí na hathchóirithe pinsin a glacadh le déanaí chun feidhme ina n‑iomláine, chuideofaí leis an mbrú caiteachais a bhaineann le haosú agus na rioscaí a eascraíonn as sin don inbhuanaitheacht fhioscach a mhaolú.
(23)Tá rioscaí ann go fóill don inbhuanaitheacht fhioscach. Ó 2025 ar aghaidh, tá pinsinéirí oibre i dteideal lascaine ar an árachas sóisialta. Dá dtacófaí le hinfhostaitheacht oibrithe scothaosta nach bhfuil pinsean scoir á éileamh acu, bunaithe ar anailís chuí costais is tairbhe maidir le céard a spreagann na daoine atá gar do bheith ar scor leanúint de bheith ag obair ar feadh tréimhse níos faide, laghdófaí na rioscaí d’inbhuanaitheacht fhioscach a thuilleadh.
(24)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Meastar go gcuideoidh siad sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, nó ar sciar suntasach de na dúshláin sin. Laistigh den tréimhse ghairid sin, tá sé ríthábhachtach cur chun feidhme éifeachtach an phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena n‑áirítear an chaibidil REPowerEU, a thabhairt chun críche chun borradh a chur faoi iomaíochas fadtéarmach na Seicia leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, agus cothroime shóisialta á háirithiú san am céanna. Chun gealltanais an phlean téarnaimh agus athléimneachta a chomhlíonadh faoi mhí Lúnasa 2026, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an tSeicia dlús a chur le cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ábhartha. Tá srian ar leith ar ionsú cistí téarnaimh agus athléimneachta mar gheall ar theorainneacha ar an acmhainneacht riaracháin ag cuid de na comhlachtaí cur chun feidhme. Tá sé sin le feiceáil go háirithe i réimsí a bhfuil gá acu le níos mó saineolais, amhail an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach. Tá ionsú teoranta freisin mar gheall ar úsáid íseal agus neamhéifeachtach ionstraimí airgeadais mar aon le tacaíocht deontais nach bhfuil spriocdhírithe go leordhóthanach. Tá rannpháirtíocht chórasach na n‑údarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, na sochaí sibhialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile ríthábhachtach i gcónaí i ndáil le húinéireacht leathan a áirithiú maidir le cur chun feidhme rathúil an phlean téarnaimh agus athléimneachta.
(25)Sa tSeicia, tá dlús curtha le cur chun feidhme chláir an bheartais comhtháthaithe, lena gcuimsítear tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ón gCiste um Aistriú Cóir (CUAC), ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus ón gCiste Comhtháthaithe. Tá sé tábhachtach leanúint de na hiarrachtaí chun cur chun feidhme tapa na gclár sin a áirithiú, agus a dtionchar ar an láthair á uasmhéadú ag an am céanna. Tá an tSeicia ag gníomhú cheana féin faoina cláir beartais comhtháthaithe chun borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin bhfás. An tráth céanna, tá dúshláin fós le sárú ag an tSeicia, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann le borradh a chur faoina hacmhainneacht nuálaíochta, lena n‑áirítear trí infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí criticiúla agus brúnna méadaitheacha i réimse na tithíochta agus nganntanas agus na mímheaitseálacha scileanna. I gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060, ceanglaítear ar an tSeicia – mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chistí an bheartais comhtháthaithe – gach clár a athbhreithniú agus na dúshláin a sainaithníodh i moltaí tírshonracha 2024, i measc nithe eile, á gcur san áireamh. Leis na tograí ón gCoimisiún a glacadh an 1 Aibreán 2025 15 , cuirtear síneadh leis an spriocdháta chun measúnú a chur isteach – le haghaidh gach cláir – ar thoradh an athbhreithnithe mheántéarma tar éis an 31 Márta 2025. Cuirtear ar fáil leis freisin solúbthachtaí chun cuidiú le dlús a chur le cur chun feidhme clár agus dreasachtaí do na Ballstáit acmhainní an bheartais comhtháthaithe a leithdháileadh ar chúig réimse tosaíochta straitéisí de chuid an Aontais, is iad sin iomaíochas i dteicneolaíochtaí straitéiseacha, cosaint, tithíocht, athléimneacht uisce agus aistriú fuinnimh.
(26)Deis atá san Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) infheistíocht a dhéanamh i gceann de phríomhthosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, is é sin iomaíochas an Aontais a neartú. Cuirtear STEP ar fáil trí 11 chiste AE atá ann cheana. Is féidir leis na Ballstáit rannchuidiú leis an gClár InvestEU freisin, clár a thacaíonn le hinfheistíochtaí sna réimsí tosaíochta. D’fhéadfadh an tSeicia na tionscnaimh sin a úsáid chun tacú le forbairt nó monarú teicneolaíochtaí criticiúla, teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní san áireamh.
(27)Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus le cistí eile ón Aontas, tá roinnt dúshláin bhreise le sárú ag an tSeicia i ndáil leis an méid seo a leanas: dícharbónú, riarachán poiblí, an timpeallacht ghnó agus scileanna agus oideachais.
(28)Tá tús curtha ag an tSeicia le hathchóirithe substaintiúla ar an státseirbhís chun feabhas a chur ar fheidhmiú a státseirbhíse, lena n‑áirítear leasuithe ar na hAchtanna um an Státseirbhís, ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach araon, lenar tugadh isteach teorainneacha téarma do phoist shinsearacha agus earcaíocht níos solúbtha. Mar sin féin, tá dúshláin shistéamacha fós ann maidir le gairmithe oilte a mhealladh, a choinneáil agus a fhorbairt, go háirithe i róil shaineolacha, bhainistíochta agus dhigiteacha. Maidir le bainistiú ilroinnte acmhainní daonna agus pá san earnáil phoiblí atá réasúnta íseal, baineann siad an bonn d’iomaíochas an riaracháin phoiblí mar fhostóir. Níl faireachán leordhóthanach déanta ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag athchóirithe agus tá sé deacair an dul chun cinn a rianú mar gheall ar shonraí teoranta. Tá sé ríthábhachtach acmhainneacht riarachán poiblí na Seicia a neartú chun tallann a mhealladh, a choinneáil agus a fhorbairt chun éifeachtacht agus cáilíocht a seirbhísí a mhéadú agus, dá réir sin, borradh a chur faoi iomaíochas agus forbairt eacnamaíoch na tíre.
(29)Cé go bhfuil feidhmíocht na hearnála poiblí fós réasúnta cobhsaí, tá tionchar fós ag bearnaí sa phleanáil straitéiseach, sa chomhordú tras-rannach agus sa cheapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise ar cháilíocht agus ar chomhleanúnachas beartas. Ós rud é nach bhfuil creat cuimsitheach ann le haghaidh pleanáil infheistíochta fadtéarmaí, baintear an bonn de chur chun feidhme agus tionchar beartais. Dá neartófaí an stiúradh straitéiseach agus dá laghdófaí sadhlanna sna ranna, chuirfí feabhas ar chomhsheasmhacht agus ar sholáthar beartas.
(30)Mar a leagtar amach sa Chompás Iomaíochais, ní mór do na hinstitiúidí Eorpacha, náisiúnta agus áitiúla uile iarracht mhór a dhéanamh rialacha níos simplí a chur ar fáil agus dlús a chur le luas na nósanna imeachta riaracháin. Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag an gCoimisiún chun an t‑ualach riaracháin a laghdú: 25 % ar a laghad, agus 35 % ar a laghad i gcás FBManna; agus tá uirlisí nua cruthaithe aige chun na spriocanna sin a bhaint amach, lena n‑áirítear tástáil struis chórasach ar stoc reachtaíocht an Aontais agus idirphlé feabhsaithe le páirtithe leasmhara. Chun teacht leis an uaillmhian sin, ní mór don tSeicia beart a dhéanamh freisin. Measann 72 % de ghnólachtaí gur fadhb í castacht na nósanna imeachta riaracháin dá gcuideachta agus iad i mbun gnó sa tSeicia 16 .
(31)Tá dúshláin fós ann maidir le acmhainneacht cur chun feidhme an riaracháin phoiblí. Tá próisis amhail pleanáil spásúlachta fós casta agus mall, agus is srian mór iad ar an timpeallacht ghnó, ar an iomaíochas agus ar an bhforbairt eacnamaíoch. Is iad sin na príomhchúiseanna leis an seachtú achar tógála is lú in aghaidh an duine a bheith ag an tSeicia, de réir ceadanna a eisíodh san Aontas in 2023. Cuireann siad bac ar ghnólachtaí trí mhoill a chur ar an bhforbairt tráchtála agus an costas a bhaineann leis sin a ardú, moill a chur ar leathadh amach bonneagair dhigitigh ardluais, costas an fhuinnimh a ardú mar gheall ar nuachóiriú mall an bhonneagair fuinnimh, agus soghluaisteacht an lucht saothair a laghdú mar gheall ar sholáthar neamhleor tithíochta inacmhainne. Déantar inacmhainneacht tithíochta a ghéarú tuilleadh mar gheall ar dhreasachtaí cánach fo-optamacha, nach spreagann úsáid talún, a fhóirdheonaíonn ceannacháin tithíochta seachas tógáil, agus a thugann tús áite do chíosanna gearrthéarmacha thar chíosanna fadtéarmacha. Tá ualach ar leith ag baint le rialacha pleanála spásúlachta i gcathracha móra, áiteanna ina bhféadfadh sé go dtógfadh sé breis agus 10 mbliana plean uirbeach a thabhairt cothrom le dáta. Tá gá le hathchóiriú chun dlús a chur leis an bpróiseas, go háirithe trí na hinniúlachtaí a choigeartú agus trí na ceanglais phleanála a idirdhealú idir limistéir bheaga agus mhóra thógála. D’fhéadfadh bearta den sórt sin feabhas suntasach a chur ar éifeachtúlacht agus ar fhreagrúlacht i réimse na forbartha uirbí. Maidir le ceadú, cé go bhfuil dul chun cinn déanta maidir leis an gcreat dlíthiúil agus, go pointe áirithe, maidir leis an digitiú, níl tionchair dhearfacha le feiceáil ar an láthair go fóill. D’fhéadfaí dlús a chur leis an bpróiseas sin tríd an digitiú agus acmhainneacht agus bainistiú oifigí tógála a fheabhsú.
(32)Is dúshlán suntasach don iomaíochas é rialachas bardasach ilroinnte na Seicia toisc go gcuireann sé teorainn le héifeachtúlacht riaracháin agus le húsáid éifeachtach chistiú an Aontais, go háirithe i gcás bardais bheaga agus páirtithe leasmhara áitiúla. Cé go bhfuil raon feidhme áirithe sa chreat dlíthiúil nua le haghaidh pobail bardas chun seirbhísí agus foireann chomhroinnte a sholáthar, tá an glacadh an-teoranta. Trí chomhar idirbhardasach a neartú, trí chleachtais soláthair a ghairmiúlú agus trí níos mó tacaíochta a sholáthar do thairbhithe (trí bhainisteoirí tionscadail, ardáin comhsheirbhísí agus treoraíocht), mhéadófaí acmhainneacht agus éifeachtacht an riaracháin áitiúil agus chuirfí borradh faoin gcomhtháthú réigiúnach.
(33)Tá acmhainneacht neamhshaothraithe ag an tSeicia a chuirfeadh borradh faoin iomaíochas, go háirithe sna réigiúin atá buailte go struchtúrach. Tá na caillteanais iomaíochais le feiceáil go háirithe sna réigiúin atá buailte go struchtúrach (réigiúin Karlovarský, Ústecký agus Moravskoslezský), is é sin trí ghlan-eis-sreafadh daoine óga. Tá easpa tacaíochta éifeachtaí ann chun acmhainneacht riaracháin na réigiún sin a fhorbairt.
(34)Tá ráta coigiltis theaghlaigh na Seicia níos airde ná meán an Aontais, agus tá 42,7 % de shócmhainní teaghlaigh na tíre ina n‑airgead tirim agus taiscí, rud atá os cionn mheán an Aontais. Dá ndéanfaí na sócmhainní sin a shlógadh chun an próiseas dícharbónaithe a bhfuil géarghá leis agus digitiú an gheilleagair a chistiú trí na margaí caipitil, d’fhéadfaí maoiniú breise a chur ar fáil do ghnólachtaí arb iad a bpríomhfhoinsí cistiúcháin maoiniú gnólachtaí inmheánacha agus iasachtú bainc. Dá ndéanfaí sciar reatha (6,6 %) na scaireanna agus na mbannaí liostaithe sa mheascán d’fhoinsí cistiúcháin gnólachtaí a mhéadú, d’fhéadfaí borradh mór a chur faoi iomaíochas na Seicia agus tionchar bhoilsciú an choigiltis teaghlaigh a laghdú.
(35)Tá sé ríthábhachtach i gcónaí cistiú poiblí a ghiaráil chun maoiniú príobháideach a shlógadh chun tacú leis an iomaíochas. Tá ráta íseal glactha fós ag an tSeicia maidir le hionstraimí airgeadais, amhail ionstraimí imrothlacha a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí Comhtháthaithe (2,36 % i gcomparáid le meán 9 % an Aontais). Ina theannta sin, trí thaithí ar ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta is léir go bhfuil deis mhór ann úsáid na n‑ionstraimí sin a fheabhsú agus a leathnú chun infheistíocht phríobháideach i ngeilleagar na Seicia a dhreasú agus chun tacú leis an aistriú ó thacaíocht deontais. Mar sin féin, leanann an Banc Forbartha Náisiúnta de bheith ag feidhmiú faoi bhun a chumais iomláin, le cumhacht theoranta aige i gcomparáid lena phiaraí san Aontas agus cumas riaracháin neamhleor aige freisin. Dá neartófaí an Banc Forbartha Náisiúnta, chuideofaí le leas a bhaint as a acmhainneacht aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh agus ar an easpa caipitil riosca chun borradh a chur faoin nuálaíocht, gan institiúidí airgeadais príobháideacha a bhrú amach.
(36)An tacaíocht don éiceachóras seach-chuideachtaí gnó agus gnólachtaí nuathionscanta, lena n‑áirítear cruthú, méadú agus leathnú gnólachtaí, tá sí ríthábhachtach i gcónaí chun dlús a chur leis an bhfás agus leis an nuálaíocht. Tá dúshláin fós ann do ghnólachtaí nuathionscanta toisc go mbíonn deacrachtaí acu maoiniú a fháil, go bhfuil ganntanas oibrithe oilte ann agus gur casta an maorlathas. Luann gnólachtaí na Seicia fós castacht na bpróiseas riaracháin mar bhacainn mhóra ar dhul i mbun gnó (72 % i gcomparáid le meán 66 % an Aontais), lena n‑áirítear gnólachtaí nuathionscanta nach n‑úsáideann pleananna scair-rogha d’fhostaithe toisc nach gcloíonn an creat sin le fíor-riachtanais na ngnólachtaí. Chun tarraingteacht agus iomaíochas ghnólachtaí nuálacha na Seicia a fheabhsú, bheadh sé ina chuidiú tacaíocht a mhéadú do ghnólachtaí nuathionscanta agus seach-chuideachtaí trí mhaoiniú a scaoileadh, a dtarraingteacht d’oibrithe oilte a neartú agus an t‑ualach riaracháin a laghdú, go háirithe tríd an gcreat lena rialaítear scair-roghanna na bhfostaithe a bharrfheabhsú.
(37)Tá feidhmíocht nuálaíochta na Seicia fós á coinneáil siar de dheasca aistriú neamhéifeachtach teicneolaíochta agus eolais agus de dheasca naisc laga idir an saol acadúil agus an saol gnó. Tá an caiteachas poiblí ar thaighde agus forbairt arna mhaoiniú ag gnólachtaí fós thart ar leath de mheán an Aontais (0,024 % de OTI, i gcomparáid le meán an Aontais arb é 0,050 % é), agus tá sé ag dul i laghad le déanaí, rud lena léirítear an leibhéal íseal comhair idir an saol acadúil agus an saol gnó (agus na dreasachtaí don chomhar sin). Cuireann sé sin isteach go mór ar aistriú torthaí taighde isteach sa gheilleagar agus cuireann sé teorainn le cumas nuálaíochta na Seicia. Léirítear é sin, mar shampla, leis an ráta íseal iarratas ar phaitinní, faoi bhun mheán an Aontais (ba é 0,7 in aghaidh an bhilliúin euro de OTI luach na n‑iarratas paitinne a comhdaíodh faoin gConradh Comhair Paitinní in 2022 i gcomparáid le meán 2,8 an Aontais). Maidir le bearta chun aistriú teicneolaíochta sa tSeicia a fheabhsú agus a neartú ó thaobh struchtúir de, atá dírithe go sonrach ar éifeachtacht an aistrithe teicneolaíochta a neartú agus cruthú seach-chuideachtaí a éascú, d’fhéadfadh sé sin cuidiú le dul i ngleic leis an dúshlán sin.
(38)Tá an deis ann feabhas a chur ar an gcaoi a n‑eagraítear tacaíocht phoiblí do chuideachtaí nuálacha. Ní bhaineann ach aon trian de chuideachtaí a bhíonn ag gabháil go comhsheasmhach do T&F úsáid as tacaíocht phoiblí indíreach i bhfoirm dreasachtaí cánach T&F, agus baineann níos lú gnólachtaí beaga agus óga arís úsáid as na dreasachtaí. Ba cheart bearta chun é sin a fheabhsú a chomhcheangal le bearta chun an asbhaint cánach T&F a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun an rómhaorlathas a laghdú.
(39)Ó thús ionradh na Rúise ar an Úcráin, d’fhreagair an tSeicia dá spleáchas substaintiúil ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis trína soláthairtí gáis nádúrtha a éagsúlú. Mar sin féin, tá an tSeicia fós ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise allmhairithe, agus comhfhreagraíonn gual, ola agus gás do 28,7 %, 25 % agus 15 % faoi seach dá meascán fuinnimh in 2023. Ina theannta sin, is san earnáil iompair atá an sciar is mó den tomhaltas fuinnimh deiridh (30,9 % den iomlán), agus ina dhiaidh sin tá an fuinneamh arna thomhailt ag teaghlaigh (28,2 %) agus ag an tionscal (26,2 %). Mar gheall ar spleáchas mór na tíre ar na breoslaí sin, tá sí neamhchosanta ar mhéaduithe tobanna ar phraghsanna, agus tá éifeachtaí diúltacha nach beag aige sin ar theaghlaigh agus ar an tionscal dianfhuinnimh. Chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, tá sé ríthábhachtach dlús a chur le leathadh amach foinsí in-athnuaite fuinnimh, agus béim ar leith a leagan ar fhoinsí in-athnuaite ar scála mór. Príomhghné eile is ea dlús a chur leis na hinfheistíochtaí i ndícharbónú na n‑earnálacha téimh agus tionsclaíocha.
(40)Tá athchóiriú á dhéanamh ag an tSeicia ar a creat reachtach maidir le húsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh a rialú, ach tá gá le tuilleadh dreasachtaí agus infheistíocht shubstaintiúil chun cobhsaíocht agus intuarthacht a thabhairt isteach sa mhargadh. Mheallfadh sé sin tuilleadh infheistíochta príobháidí i sa réimse foinsí in-athnuaite freisin. Tá ceantanna fuinnimh in-athnuaite agus úsáid comhaontuithe ceannaigh cumhachta fós an-teoranta sa tSeicia, agus tugadh an chéad chomhaontú corparáideach i gcrích in 2021. Trí cheantanna fuinnimh in-athnuaite a sheoladh agus conarthaí fadtéarmacha a fhorbairt, d’fhéadfaí tionscadail fuinnimh in-athnuaite ar scála níos mó a fhás thar scéimeanna tacaíochta traidisiúnta agus deiseanna a chruthú do thionscail dianfhuinnimh dícharbónú a dhéanamh.
(41)I bhfianaise acmhainneacht theoranta líonra eangaí dáileacháin na Seicia agus an ghá atá leis an eangach a uasghrádú, tá bac fós á chur ar rolladh amach tapa foinsí fuinnimh in-athnuaite agus ar luas na hinfheistíochta sna foinsí sin. Cé go bhfuil athchóirithe glactha le déanaí ag an tSeicia, arb é is aidhm dóibh scuainí nasctha a ghiorrú agus trédhearcacht a mhéadú, tá an infheistíocht fós faoi bhun an leibhéil is gá chun freastal ar nascadh foinsí nua fuinnimh in-athnuaite, ar leictriú méadaithe, ar fhorbairt na soghluaisteachta inbhuanaithe agus ar an leibhéal is gá chun feabhas a chur ar sheirbhísí solúbthachta saor ó iontaise, amhail córais stórála fuinnimh agus méadair chliste a fhorbairt. Tá tús curtha ag an Lárionad Sonraí Leictreachais le hoibríochtaí comhroinnte fuinnimh. Tá moilleanna cur chun feidhme ar an gcéim deiridh áfach, céim lena bhféadfaí seirbhísí solúbthachta a sholáthar.
(42)Tá déine fuinnimh na Seicia i measc na rátaí is airde san Aontas, rud a chiallaíonn go mbainfeadh sé tairbhe as coigilteas fuinnimh a mhéadú trí dhíriú ar athchóirithe doimhne. D’ainneoin na gclár tacaíochta athchóirithe atá ann faoi láthair, tá an tomhaltas fuinnimh deiridh a bhaineann le foirgneamh fós ard, go háirithe i bhfoirgnimh phoiblí. Is é is cúis leis sin go páirteach an cóimheas ard praghsanna idir leictreachas agus gás , rud a spreagann úsáid gáis le haghaidh téimh agus a dhídhreasaíonn an t‑aistriú chuig teaschaidéil agus leictriú. Dá gcuirfí dlús le gníomhaíocht chun an earnáil téimh a dhícharbónú agus dá dtabharfaí tacaíocht do théamh agus fuarú in-athnuaite, spreagfaí táirgeadh teicneolaíochtaí glana sa tSeicia (e.g. teaschaidéil). D’fhéadfadh úsáid ionstraimí airgeadais nuálacha, amhail conarthaí feidhmíochta fuinnimh, dlús a chur leis an ráta mall athchóirithe ar fhoirgnimh phoiblí agus a bheith ina bonn taca faoi bhearta na Seicia chun a sprioc 2030 a bhaint amach maidir le tomhaltas fuinnimh foirgneamh a laghdú 8 % i gcomparáid le leibhéil 2020.
(43)Tá an t‑iomaíochas agus an táirgiúlacht á gcoinneáil siar de dheasca ganntanais oibrithe. D’fhéadfadh an tSeicia ráta fostaíochta na mban a bhfuil leanaí óga acu a mhéadú, i bhfianaise ráta íseal na mban atá fostaithe roinnt blianta tar éis breith clainne. Díspreagann an córas cánach agus sochar tuismitheoirí ar phá íseal, go háirithe máithreacha, ó dhul ar ais chuig an obair. Inasbhaintí cánach arda do chéilí nach bhfuil ag obair agus sochair theaghlaigh lena ndreasaítear an tuismitheoir ar ioncam níos ísle chun tréimhsí fada saoire a thógáil, is díspreagadh iad do thuismitheoirí, go háirithe máithreacha, ó bheith ag obair nó ag lorg poist. Bhí an cánachas ar thuilleamh ón dara duine sa teaghlach atá ag tuilleamh os cionn mheán an Aontais in 2023, agus os cionn na dinge cánach do dhaoine aonair ar an leibhéal pá céanna. Dá spreagfaí an tuismitheoir ar phá íseal dul i mbun oibre nó post a lorg, bheadh níos mó ioncaim ann freisin chun tacú leis na cistí slándála sóisialta agus leis an airgeadas poiblí ar an iomlán.
(44)Tá srian freisin ar sciar na mban, go háirithe iad siúd a bhfuil leanaí óga acu, i margadh an tsaothair mar gheall ar an easpa oideachais agus cúraim luath-óige agus an easpa seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh. Bíonn deacrachtaí ag tuismitheoirí leanaí faoi bhun 4 bliana d’aois cúram leanaí a aimsiú agus, mar thoradh air sin, bíonn an tuismitheoir a thuilleann níos lú oibre dídhreasaithe ó bheith ag obair. Ba é 36,1 pointe céatadáin an bhearna fostaíochta idir na hinscní do mhná idir 25 agus 34 in 2024 (in aghaidh meán 25,2 an Aontais), rud a chomhfhreagraíonn do bheagnach 67 000 níos lú ban san obair ná mar a bheadh dá mbeadh an mheánbhearna fostaíochta idir na hinscní san Aontas bainte amach ag an tSeicia.
(45)Is dúshlán práinneach fós é an ganntanas oibrithe agus an mhímheaitseáil scileanna, rud a chuireann bac ar iomaíochas gheilleagar na Seicia. D’fhéadfaí na dúshláin sin a fheabhsú trí aistrithe idir poist a éascú, lena n‑áirítear bearta amhail inacmhainneacht tithíochta a mhéadú nó gairmeacha rialáilte a athchóiriú chun na bacainní arda ar theastasú gairmiúil a laghdú. Ina theannta sin, tá an t‑insreabhadh is airde in aghaidh an duine maidir le daoine easáitithe ón Úcráin faoi chosaint shealadach faighte ag an tSeicia. Tá os cionn 50 % d’Úcránaigh easáitithe ag obair i bpoist nach bhfuil chomh cáilithe céanna leis an bpost a bhí acu san Úcráin, agus tuairiscíodh gur bacainn shoiléir í an teanga. Anuas air sin, maíonn thart ar 30 % díobh freisin go bhfuil an t‑aitheantas cáilíochta mar bhac ar phost níos fearr a fháil. Tríd an bpróiseas aitheantais do cháilíochtaí eachtracha a shimpliú agus rannpháirtíocht grúpaí faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair a mhéadú, lena n‑áirítear daoine a easáitíodh ón Úcráin faoi chosaint shealadach agus na Romaigh, d’fhéadfaí an doichte sa mhargadh saothair a éascú.
(46)Tá laghdú ag teacht ar rannpháirtíocht agus gnóthachtáil ardoideachais, rud a chuireann leis an nganntanas oibrithe oilte. Tá titim ag teacht ar ghnóthachtáil oideachais threasaigh i measc daoine idir 25 agus 34 bliana d’aois ó bhí 2021 ann agus tá sí sa cheathrú háit is ísle san Aontas (33,5 % vs meán 44,2 % an Aontais), i bhfad ó sprioc 45 % an Aontais. Idir 2016 agus 2021, tháinig laghdú 11,6 % ar an líon mac léinn cláraithe agus tá na rátaí luathfhágála fós ard.
(47)Leis na rátaí arda luathfhágála, go háirithe i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (ETIM), agus an laghdú atá ag teacht ar chlárú i gcláir ETIM ó bhí 2017 ann, léirítear go bhfuil dúshláin shistéamacha ann. In 2022 níor bhain ach 11,9 bean as míle duine idir 20 agus 29 mbliana d’aois céim amach i réimsí ETIM, faoi bhun mheán 15,1 an Aontais. Tá an easpa gairmthreorach leordhóthanaí agus tacaíochta airgeadais leordhóthanaí do mhic léinn i measc na nithe a spreagann rátaí arda luathfhágála in institiúidí ardoideachais na Seicia.
(48)Tá ganntanas meánscoileanna ginearálta agus raon feidhme teoranta ag an tSeicia chun bogadh idir conairí oideachais ghinearálta agus speisialaithe, rud a chuireann teorainn lena roghanna tabhairt faoin oideachas treasach go rathúil. Cé go bhfuil méadú mór tagtha ar spéis na ndaltaí i ngnóthachtáil oideachais threasaigh le 30 bliain anuas, níor choinnigh an líon meánscoileanna ginearálta suas leis an éileamh. Cuireann an ganntanas meánscoileanna ginearálta brú ar dhaltaí clárú i ngairmscoileanna nach bhfuil chomh hiomaíoch céanna, rud a fhágann go mbíonn speisialtóireacht acu go luath. Cé go gcláraíonn dhá thrian de na daoine a chríochnaíonn gairmoideachas agus gairmoiliúint san oideachas treasach, tá a rátaí rathúlachta faoi bhun rátaí ratha na mac léinn sna conairí ginearálta, rud a chuireann le leibhéal íseal oideachais threasaigh go comhsheasmhach. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, d’fhógair an tSeicia le déanaí céimeanna chun conairí nua a chruthú lena gcomhcheanglaítear ábhair ghinearálta agus ábhair ghairmiúla agus tá sí ag iarraidh cláir ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a nuachóiriú chun iad a thabhairt i gcomhréir le riachtanais an mhargaidh saothair. Chun na daltaí a bhfuil oideachas meánscoile bainte amach acu a ullmhú don mhargadh saothair ar bhealach níos fearr agus chun tacú lena n‑aistriú chuig an oideachas treasach, d’fhéadfaí tuilleadh feabhsuithe díriú ar (i) dheiseanna foghlama obairbhunaithe a leathnú, (ii) an t‑aistriú ón scoil go dtí an obair a éascú, (iii) feabhas a chur ar an deis atá ag daltaí aistriú idir meánoideachas ginearálta agus gairmoideachas, (iv) acmhainneacht na meánscoileanna ginearálta a mhéadú agus (v) rochtain ar oideachas treasach a éagsúlú agus a leathnú.
AG MOLADH LEIS SEO go ngníomhódh an tSeicia in 2025 agus in 2026 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
1.Caiteachas agus ullmhacht fhoriomlán i réimse na cosanta a threisiú i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 6 Márta 2025. Cloí le huasrátaí fáis an ghlanchaiteachais a mhol an Chomhairle an 21 Eanáir 2025, agus úsáid á baint as an liúntas faoin gclásal éalaithe náisiúnta le haghaidh caiteachas cosanta níos airde. An t‑ualach cánach ar oibrithe ar ioncam íseal a laghdú. An t‑ioncam ó chánacha maoine athfhillteacha a mhéadú. Feabhas a chur ar na dreasachtaí do dhaoine atá gar do dhul ar scor chun leanúint de bheith ag obair.
2.I bhfianaise na sprioc-amanna is infheidhme chun athchóirithe agus infheistíochtaí a thabhairt chun críche go tráthúil faoi Rialachán (AE) 2021/241, dlús a chur le cur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena n‑áirítear an chaibidil REPowerEU. Dlús a chur le cur chun feidhme chláir an bheartais comhtháthaithe (CFRE, CUAC, CSE+, CC), agus, i gcás inarb iomchuí, na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an athbhreithniú meántéarma a thapú agus dul chun cinn a dhéanamh dá réir. An úsáid is fearr is féidir a bhaint as ionstraimí an Aontais, an scóip a chuirtear ar fáil le InvestEU agus leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip san áireamh, chun cur leis an iomaíochas.
3.Acmhainneacht riarachán poiblí na Seicia a neartú chun tallann a mhealladh, a choinneáil agus a fhorbairt, go háirithe daoine a bhfuil scileanna anailíseacha, bainistíochta agus TF acu. Cumais stiúrtha straitéiseacha a neartú chun an chomhsheasmhacht a fheabhsú ar fud na mbeartas. Pleanáil uirbeach a shimpliú agus an t‑ualach riaracháin a laghdú trí fheabhas a chur ar an digiteáil, acmhainneacht agus ar bhainistiú oifigí tógála. Comhar i measc riaracháin bhardasacha a dhreasú agus a shimpliú. Tacaíocht a sholáthar d’fhothú acmhainneachta riaracháin agus an tacaíocht sin a spriocdhíriú ar réigiúin atá buailte go struchtúrach.
4.Margaí caipitil, rochtain gnólachtaí ar mhaoiniú neamhbhainc agus na coinníollacha maidir le coigilteas, infheistíocht agus nuálaíocht a neartú trí infheistíochtaí teaghlaigh i margaí caipitil a chur chun cinn agus trí fheabhas a chur ar éifeachtacht na dtáirgí coigiltis fhadtéarmaigh atá ann cheana maidir le hinfheistíochtaí fadtéarmacha nua a shlógadh. Rannpháirtíocht infheisteoirí institiúideacha i scaireanna liostaithe agus neamhliostaithe a spreagadh, chomh maith le caipiteal fiontair agus cothromas príobháideach. Úsáid ionstraimí airgeadais a mhéadú, lena n‑áirítear trí chumas an Bhainc Forbartha Náisiúnta a neartú i ndáil le cistiú príobháideach a shlógadh chun borradh a chur faoin iomaíochas agus faoi dhícharbónú an gheilleagair. Tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus seach-chuideachtaí a chruthú, mar shampla trí fheabhas a chur ar an reachtaíocht maidir le pleananna scair-roghanna fostaithe. Borradh a chur faoin nuálaíocht, lena n‑áirítear trí aistriú teicneolaíochta ón saol acadúil chuig gnólachtaí a éascú. Leas níos fearr a bhaint as acmhainneacht na sochar cánach T&F chun nuálaíocht a spreagadh san earnáil phríobháideach.
5.Spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, go háirithe maidir le hiompar de bhóthar, téamh agus giniúint cumhachta. Tuilleadh dreasachtaí a sholáthar chun acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite ar scála mór a leathadh amach, go háirithe trí cheantanna cumhachta in-athnuaite a reáchtáil agus trí úsáid comhaontuithe ceannaigh cumhachta fadtéarmacha a chur chun cinn. Infheistíocht in eangacha leictreachais a mhéadú chun solúbthacht saor ó bhreoslaí iontaise a fheabhsú agus chun leictriú próiseas iompair agus tionsclaíoch a chumasú. Cur chun feidhme tapa fheidhmiúlachtaí iomlána an Lárionaid Sonraí Leictreachais a áirithiú. Bearta a achtú chun tomhaltas fuinnimh agus déine carbóin san earnáil foirgneamh a laghdú, go háirithe maidir leis an stoc foirgneamh poiblí.
6.Na dídhreasachtaí cánach agus sochair maidir le filleadh ar an obair a laghdú do thuismitheoir agus feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí cúraim leanaí agus cúraim chun níos mó ban a spreagadh chun dul isteach sa mhargadh saothair. Iomaíochas an gheilleagair a neartú agus ganntanais lucht saothair a laghdú trí aghaidh a thabhairt ar mhímheatseálacha scileanna, trí aitheantas cáilíochtaí eachtracha a shimpliú, agus trí rannpháirtíocht grúpaí faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair a mhéadú. Borradh a chur faoi thorthaí oideachais trí rannpháirtíocht san oideachas treasach a mhéadú, rátaí luathfhágála a laghdú agus níos mó tacaíochta a sholáthar do mhic léinn. An líon mac léinn agus céimithe san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic a mhéadú, go háirithe mná. Rochtain ar mheánoideachas ginearálta a leathnú, mic léinn a chumasú chun aistriú idir an t‑oideachas ginearálta agus an gairmoideachas, agus níos mó tacaíochta a sholáthar do scoileanna agus do dhaltaí faoi mhíbhuntáiste, lena n‑áirítear na Romaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán