AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.4.2025
COM(2025) 187 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
Plean oibre maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe agus Lipéadú Fuinnimh 2025-2030
{SWD(2025) 112 final}
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.4.2025
COM(2025) 187 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
Plean oibre maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe agus Lipéadú Fuinnimh 2025-2030
{SWD(2025) 112 final}
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
Plean oibre maidir le héicidhearthóireacht le haghaidh táirgí inbhuanaithe agus lipéadú fuinnimh do 2025-2030
1.Réamhrá
1.1.Margadh aonair le haghaidh táirgí inbhuanaithe
Is é an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe (RÉTI) ( 1 ) an creat dlíthiúil chun ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú. In éineacht leis an Rialachán lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh, éascaítear rogha an tomhaltóra agus spreagtar glacadh táirgí atá níos inbhuanaithe agus níos tíosaí ar fhuinneamh. Sonraítear sa Teachtaireacht seo na táirgí a bhfuil tosaíocht le tabhairt dóibh don obair atá le déanamh go dtí 2030 faoi RÉTI agus faoin Rialachán lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh.
Trí cheanglais éicidhearthóireachta chomhchuibhithe is infheidhme ar fud an mhargaidh aonair a shocrú, cuidítear le borradh a chur faoi ghlacadh táirgí inbhuanaithe, faoi tháirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe. Tacaíonn páirtithe leasmhara leis an tionscnamh seo toisc go laghdaíonn sé costais chomhlíontachta, go simplíonn sé an córas agus go gcuireann sé ar a gcumas do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí tairbhiú den bharainneacht scála a chuireann margadh ina bhfuil 450 milliún tomhaltóir ar fáil. Spreagann sé sin infheistíocht agus nuálaíocht, lena gcruthaítear éileamh níos mó ar tháirgí inbhuanaithe, rud a chuireann iomaíochas mhonaróirí an Aontais chun cinn agus a spreagann roghanna inbhuanaithe ar fud an tslabhra luacha. Is deis luachmhar é tairseacha uaillmhianacha a shocrú chun táirgí a chur ar mhargadh an Aontais, a bhfuil feidhm acu maidir le cuideachtaí de chuid an Aontais agus cuideachtaí nach de chuid an Aontais iad araon, chun inbhuanaitheacht na slabhraí luacha domhanda a mhéadú. Thairis sin, is féidir le dreasachtaí cuidiú le táirgí inbhuanaithe a chur chun cinn agus a n‑inacmhainneacht a áirithiú do na tomhaltóirí uile.
Tá ceanglais éicidhearthóireachta éifeachtach chun tionchair ar an gcomhshaol, tionchair fuinnimh agus aeráide atá ag táirgí agus tomhaltas fuinnimh a laghdú agus chun feabhas a chur ar chiorclaíocht. Trí níos mó faisnéise a chur ar fáil maidir le hinbhuanaitheacht táirgí, cuidíonn na ceanglais le tomhaltóirí cinntí ceannaigh níos eolaí a dhéanamh agus tairbhí eacnamaíocha a chruthú do tháirgeoirí táirgí níos inbhuanaithe. Tá forbairt na gceanglas éicidhearthóireachta maidir le hindeisitheacht táirgí tomhaltais ábhartha freisin chun leathnú a chur le ceart an tomhaltóra chun deisiúcháin a bunaíodh le Treoir AE/2024/1799 maidir le deisiú earraí a chur chun cinn ( 2 ). Mar thoradh air sin, rannchuidíonn ceanglais éicidhearthóireachta le mórspriocanna beartais an Aontais a bhaineann leis an gcomhshaol, fuinneamh, aeráid, cosaint tomhaltóirí, iomaíochas, athléimneacht agus an margadh aonair.
Rannchuideoidh an plean oibre sin freisin le haidhmeanna an Chompáis Iomaíochais ( 3 ) a glacadh le déanaí trí chuidiú leis an mbearna nuálaíochta a dhúnadh agus chun borradh a chur faoin iomaíochas, faoin dícharbónú agus faoi shlándáil eacnamaíoch an Aontais. Thairis sin, is féidir leis cuidiú le margaí tosaigh a fhorbairt le haghaidh táirgí inbhuanaithe agus ciorclacha, i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan( 4 ) a rinneadh le déanaí agus leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Cruach agus Miotail( 5 ). Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Gníomh gaolmhar um an nGeilleagar Ciorclach agus Gníomh um Dhlús a chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch a eisiúint chun an tionscnamh seo a chomhlánú.
Is rannchuidiú tábhachtach é RÉTI le huaillmhian an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan ceannaire domhanda a dhéanamh den Aontas maidir leis an ngeilleagar ciorclach faoi 2030. Beidh glacadh na gceanglas táirgí faoi RÉTI – arna gcomhlánú leis an nGníomh um an nGeilleagar Ciorclach atá le teacht – lárnach chun ár ngeilleagair a dhéanamh níos ciorclaí trí mhargaí tosaigh a fhorbairt le haghaidh táirgí inbhuanaithe agus ciorclacha, lena n‑áiritheofar go ndéanfar táirgí ina bhfuil ábhair luachmhara ghanna a athúsáid go héifeachtúil agus chomh fada agus is féidir sula ndéanfar dramhaíl díobh, agus trí chritéir a ionchorprú lena gcuirtear indeisitheacht, in-athchúrsáilteacht agus ábhar athchúrsáilte chun cinn. Go hachomair, le RÉTI cuirfear chun cinn go mór ár sprioc maidir le geilleagar atá glan, dícharbónaithe agus tíosach ar acmhainní a bhaint amach san Aontas.
1.2. Rannchuidiú leis na spriocanna maidir le simpliú agus laghdú ualaigh
Is é an plean oibre seo an chéad phlean a chuir raon feidhme níos leithne RÉTI i bhfeidhm maidir le táirgí sonracha. Is é is aidhm dó cothromaíocht a bhaint amach idir na tionchair dhearfacha a d’fhéadfadh a bheith ag RÉTI ar an gcomhshaol, a acmhainneacht chun beart a dhéanamh agus an gá atá le rialacháin a shimpliú. Ceanglaítear go sainráite le roinnt forálacha RÉTI go seachnóidh an Coimisiún, agus rialacha éicidhearthóireachta á socrú aige (lena n‑áirítear rialacha maidir le tuairisciú), ualach riaracháin díréireach a chur ar ghnólachtaí, go háirithe ar FBManna ( 6 ).
Tá sprioc maidir le simpliú i gcroílár RÉTI. Trí cheanglais chomhchuibhithe maidir le hinbhuanaitheacht táirgí a shocrú ar leibhéal an Aontais, ceanglais is infheidhme ar fud na mBallstát uile, cuirfear cosc ar bhacainní ar thrádáil agus tabharfar cothrom na Féinne do ghnólachtaí a oibríonn ar mhargadh aonair an Aontais nó a onnmhairíonn chuig margadh aonair an Aontais, rud a laghdóidh a n‑ualach riaracháin dá réir sin.
Sainaithnítear sa phlean oibre an chéad sraith de phríomhthosaíochtaí chun taithí agus na hacmhainneachtaí is gá a fhorbairt chun go mbainfidh RÉTI a acmhainneacht rialála iomlán amach, i gcomhpháirtíocht le húdaráis na mBallstát. An tráth céanna, réitíonn sé an bealach chun níos mó grúpaí táirgí a chumhdach amach anseo trí réamhstaidéir maidir le scóip agus measúnuithe mionsonraithe a dhéanamh ar na tionchair agus ar na feabhsuithe a d’fhéadfadh a bheith ann. Cuidíonn an cur chuige sin leis na gealltanais a choinneáil maidir le bearta rialála nua a eisiúint, laghdaíonn sé an riosca go mbeidh moilleanna ann agus cuireann sé le timpeallacht ghnó chobhsaí.
Áirítear le taithí a fhorbairt gnéithe modheolaíochta, go háirithe maidir le cuntasaíocht charbóin i gcás ina rannchuideoidh cur chun feidhme an phlean oibre le cuspóir na teachtaireachta i dtaca leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan chun modheolaíochtaí cuntasaíochta carbóin a shimpliú agus a chomhchuibhiú, i gcomhlántacht leis an lipéad deonach a fógraíodh sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan freisin.
1.3. Ag cur le rath na héicidhearthóireachta agus an lipéadaithe fuinnimh
Cuireann RÉTI leis an gcur chuige a úsáideadh go rathúil faoi Chreat Éicidhearthóireachta agus Lipéadaithe Fuinnimh an Aontais atá ann faoi láthair ar feadh 2 bhliain, faoi seach, ar feadh 30 bliain.
Meastar ( 7 ) gur bhain na ceanglais éicidhearthóireachta agus lipéadaithe fuinnimh atá ann faoi láthair laghdú 12 % ar thomhaltas fuinnimh deiridh amach in 2023. Is mó sin ná tomhaltas fuinnimh deiridh comhcheangailte na Beilge agus na Seicia le chéile, lenar seachnaíodh 145 mhilliún tona d’astaíochtaí CO2 an bhliain sin. In 2020, meastar gur tháinig méadú 346 000 post mar thoradh ar na ceanglais, agus coigilteas costais idir EUR 182 agus EUR 266 in aghaidh an teaghlaigh, meastar go dtiocfaidh ardú ar an bhfigiúr go dtí idir EUR 473 agus EUR 736 in aghaidh an teaghlaigh faoi 2030. B’fhiú é do gnólachtaí freisin. Aithníonn 93 % de thomhaltóirí an lipéad fuinnimh agus táirgí lipéadaithe á gceannach acu agus tugann soláthróirí agus miondíoltóirí faoi deara go bhfuil méadú tagtha ar an éileamh ar tháirgí maidir le feidhmiúlacht níos airde (rud a chuidíonn le tomhaltóirí níos mó ná an costas ceannaigh a chur san áireamh). Ar deireadh, chuir an creat sin patrúin táirgeachta atá níos fuinneamhéifeachtúla chun cinn ar fud an domhain agus spreag sé go leor tríú tíortha le reachtaíocht chomhchosúil a thabhairt isteach.
Is é is aidhm do RÉTI an rath sin a athchruthú ar scála níos leithne agus na dlúthshineirgí a baineadh amach leis an gCreat Lipéadaithe Fuinnimh á gcoinneáil ar bun. Le RÉTI, beifear in ann ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú le haghaidh réimse táirgí i bhfad níos leithne ( 8 ). Féadfaidh na ceanglais dhá ghné a chumhdach: feidhmíocht táirge (e.g. marthanacht, infhaighteacht páirteanna spártha, íosmhéid ábhair athchúrsáilte) agus/nó faisnéis faoin táirge (e.g. príomhghnéithe táirge, a lorg carbóin/comhshaoil). Cuirfear faisnéis faoin táirge ar fáil go príomha tríd an bPas Táirge Digiteach nó, i gcás táirgí a bhfuil lipéid fuinnimh orthu, tríd an gClárlann Táirgí Eorpach um Lipéadú Fuinnimh (EPREL). Socrófar ceanglais éicidhearthóireachta trí ghníomhartha tarmligthe, ar bhonn táirge ar tháirge, nó go cothrománach le haghaidh grúpaí táirgí comhchosúla ag an am céanna. Agus ceanglais éicidhearthóireachta á bhforbairt aige, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar riachtanais FBManna, go háirithe micrifhiontair agus fiontair mheánchaipitlithe bheaga, agus cuirfidh sé tacaíocht shaincheaptha ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 22 RÉTI.
2.Táirgí a bhfuil tosaíocht le tabhairt dóibh sa phlean oibre le haghaidh 2025-2030
2.1.Ceanglais dlí
Leagtar amach le RÉTI critéir chun tosaíocht a thabhairt do tháirgí agus iad a áireamh i bpleananna oibre lena gcumhdaítear 3 bliana ar a laghad. Ní mór áireamh sa phlean oibre a bheith bunaithe ar a n‑acmhainneacht rannchuidiú le cuspóirí aeráide, comhshaoil agus éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais. Ní mór dó tosca a chur san áireamh freisin amhail aon bhearna i ndlí an Aontais, raon feidhmíochta táirgí, an méid díolachán agus trádála, tionchair sa slabhra luacha agus an gá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais atá ann cheana.
Maidir leis an gcéad phlean oibre sin, leagadh síos na tosaíochtaí sa Rialachán (Airteagal 18) féin: iarann agus cruach; alúmanam; teicstílí, go háirithe éadaí agus coisbheart; troscán, lena n‑áirítear tochtanna; boinn; glantaigh; péinteanna; bealaí; ceimiceáin; táirgí a bhaineann le fuinneamh agus táirgí TFC agus leictreonaic eile. Mar sin féin, tugann an Rialachán rogha don Choimisiún roinnt de na táirgí sin a fhágáil ar lár nó táirgí nua a chur leis, má thugann sé údar leis.
Áirítear sa phlean oibre maidir le RÉTI freisin liosta táirgí a bhfuil tosaíocht le tabhairt dóibh maidir le lipéadú fuinnimh, i gcomhréir leis an Rialachán lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh ( 9 ). Faoin Rialachán seo, déanfar lipéid níos sine a athscálú agus a thabhairt cothrom le dáta chun forbairtí sa mhargadh agus sa teicneolaíocht a léiriú.
Chun teacht le fad shainordú an Choimisiúin agus na Parlaiminte agus chun intuarthacht a áirithiú do ghnólachtaí, beartaíonn an Coimisiún RÉTI 5 bliana agus plean oibre 5 bliana maidir le lipéadú fuinnimh (ó 2025 go 2030) chomh maith le hathbhreithniú meántéarma tar éis 3 bliana (in 2028).
2.2.Próiseas fianaisebhunaithe, cuimsitheach agus trédhearcach ar mhaithe le torthaí intuartha
Tá anailís theicniúil chríochnúil mar bhonn taca le roghnú na dtáirgí tosaíochta ( 10 ), lena n‑áirítear próiseas forleathan comhairliúcháin lena mbaineann páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear na Ballstáit.
Áiríodh leis an bpróiseas sin comhairliúchán poiblí leathan ( 11 ) in 2023 agus an dréachtphlean oibre a chur i láthair agus a phlé ag an gcéad chruinniú den Fhóram Éicidhearthóireachta an 19 Feabhra 2025. D’fhreastail os cionn 200 rannpháirtí (ar an láthair agus ar líne), thar ceann earnálacha éagsúla tionscail, acadóirí, ENRanna agus comhpháirtithe idirnáisiúnta, chomh maith le Ballstáit agus tíortha LEE ( 12 ). Rinneadh scrúdú cuimsitheach ar an aiseolas ón gcomhairliúchán agus an plean oibre sin á thabhairt chun críche.
Tar éis an phróisis ullmhúcháin ar a dtugtar tuairisc sa roinn roimhe seo, áireofar sa chéad phlean oibre ceithre tháirge deiridh, dhá tháirge idirmheánacha agus dhá ghníomh dlí lena leagtar síos ceanglais chothrománacha, chomh maith le liosta d’obair shubstaintiúil a ullmhaíodh agus a tugadh ar aghaidh ón bplean oibre deireanach éicidhearthóireachta agus lipéadaithe fuinnimh ( 13 ).
2.2.1.Táirgí nua atá le cur san áireamh sa phlean oibre
|
Táirge/Beart |
Rangú JRC |
Tuairim na bpáirtithe leasmhara |
Méid an mhargaidh (AE) |
Acmhainneacht feabhsúcháin |
Amlíne tháscach le haghaidh glacadh |
|
Táirgí deiridh |
|||||
|
Teicstílí/Éadaí |
1ú |
Ardtacaíocht |
EUR 78 mbilliún (as EUR 142 bhilliún maidir leis na teicstílí agus coisbheart ar fad i méid an mhargaidh, 2019) |
Ardacmhainneacht chun feabhas a chur ar shíneadh saolré táirgí, ar éifeachtúlacht ábhair agus chun tionchair ar uisce, ar ghiniúint dramhaíola, ar an athrú aeráide agus ar thomhaltas fuinnimh a laghdú. Feidhmeoidh ceanglais faisnéise faoi RÉTI i sineirgíocht leis an Rialachán maidir le Lipéadú Teicstílí, atá á athbhreithniú faoi láthair. |
2027 |
|
Troscán |
2ú |
Tacaíocht |
EUR 140 billiún (2021) |
Ardacmhainneacht chun feabhas a chur ar ghnéithe d’úsáid acmhainní, agus is iad na tionchair a bhíonn ag táirgeadh agus soláthar ábhar go minic an phríomhchúis i gcatagóirí éagsúla tionchair ar an gcomhshaol (e.g. an t‑athrú aeráide, aigéadú, eotrófú), agus giniúint dramhaíola. Tionchar dearfach ar chatagóirí eile amhail aer, ithir agus bithéagsúlacht. |
2028 |
|
Boinn |
3ú |
Ardtacaíocht |
EUR 45 bhilliún (2021) |
Cé go rialáiltear é cheana féin le píosaí eile reachtaíochta an Aontais (lena n‑áirítear an Rialachán maidir le Lipéadú Bonn (AE) 2020/740), d’fhéadfaí feabhas a chur ar in-athchúrsáilteacht agus ábhar athchúrsáilte agus rioscaí a bhaineann le bainistiú dramhaíola ar bhoinn a bhfuil a ré caite a mhaolú. |
2027 |
|
Tochtanna |
4ú |
Ardtacaíocht |
EUR 10 mbilliún (2022) |
Ardacmhainneacht chun feabhas a chur ar ghiniúint dramhaíola, ar shíneadh saolré agus ar éifeachtúlacht ábhair. |
2029 |
|
Táirgí idirmheánacha |
|||||
|
Iarann agus Cuach |
1ú |
Ardtacaíocht |
EUR 152 mbilliún (2023) |
Ardacmhainneacht chun feabhas a chur ar na tionchair ar an athrú aeráide, ar thomhaltas fuinnimh, ar uisce agus ar aer agus chun borradh a chur faoi athléimneacht, neamhspleáchas straitéiseach agus nuálaíocht theicneolaíoch an Aontais. Comhlánóidh bearta faoi RÉTI an éicilipéad maidir le cruach a fógraíodh sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan chomh maith leis na bearta comhshaoil agus aeráide atá ann cheana maidir le táirgí agus táirgeadh cruach amhail CTA agus SCCT. |
2026 |
|
Alúmanam |
4ú |
Tacaíocht |
EUR 40 billiún (2019) |
An acmhainneacht chun feabhas a chur ar éifeachtaí ar an athrú aeráide, ar thomhaltas fuinnimh, ar aer, ar uisce, ar bhithéagsúlacht, ar thruailliú ithreach agus ar amhábhair. Trí ábhair thánaisteacha a ionchorprú le linn monaraíochta, is féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú suas le 11 uair. Tá alúmanam ar cheann de na miotail a bhfuil an acmhainneacht is airde acu maidir le hin-athchúrsáilteacht agus chun athléimneacht sholáthar an Aontais a mhéadú. Meastar go gcomhlánóidh bearta faoi RÉTI na bearta comhshaoil agus aeráide atá ann cheana maidir le táirgí agus táirgeadh alúmanaim amhail CTA agus SCCT. |
2027 |
|
Ceanglais chothrománacha |
|||||
|
Indeisitheacht (lena n‑áirítear scóráil) |
N/B |
Ardtacaíocht |
N/B |
Ardacmhainneacht chun feabhais; ag brath ar raon feidhme an bhirt agus ar chumhdach na húsáide acmhainní, d’fhéadfaí ciorclaíocht mhéadaithe le haghaidh amhábhair (chriticiúla), an t‑athrú aeráide, agus ceanglais spriocdhírithe maidir le marthanacht (iontaofacht) a chur san áireamh freisin. D’fhéadfaí táirgí amhail leictreonaic tomhaltóra agus fearais bheaga tí a áireamh sa raon feidhme atá le beachtú le linn an staidéir ullmhúcháin. |
2027 |
|
Ábhar athchúrsáilte agus in-athchúrsáilteacht trealaimh leictrigh agus leictreonaigh |
N/B |
Tacaíocht |
N/B |
Ardacmhainneacht chun feabhais, ag brath ar raon feidhme beacht an bhirt agus ar chumhdach na húsáide acmhainní, ar chiorclaíocht mhéadaithe le haghaidh amhábhair (chriticiúla), ar an athrú aeráide agus ar dhramhaíl a chosc. |
2029 |
Ní liostaítear teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (táirgí TFC) thuas ach áirítear iad sa chéad phlean oibre toisc go gcumhdófar iad san obair chun an dá cheanglas chothrománacha a ullmhú. Cumhdófar roinnt táirgí TFC sonracha san obair ar tháirgí a bhaineann le fuinneamh a phléitear sa roinn seo a leanas.
Is gá staid shonrach na dtáirgí idirmheánacha a chur san áireamh agus ceanglais éicidhearthóireachta á socrú. D’fhéadfadh iarmhairtí a bheith ag rialáil na dtáirgí sin ní hamháin ar mhonarú táirgí idirmheánacha ach ar na táirgí deiridh uile a dhéantar de na táirgí idirmheánacha sin freisin. Chuige sin, is gá measúnú cúramach a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ar mhargaí ábhartha, lena n‑áirítear tionchair ar mhargaí le haghaidh táirgí deiridh, chun iarmhairtí diúltacha iartheachtacha a sheachaint, go háirithe do mhonaróirí táirgí deiridh ina bhfuil táirgí idirmheánacha rialáilte mar chomhpháirteanna ( 14 ) ( 15 ). Áireofar ar na roghanna atá á measúnú chun an riosca sin a mhaolú gan ach ceanglais faisnéise a shocrú. Déanfar breithniú cúramach freisin ar an rogha táirgí deiridh roghnaithe ina bhfuil táirgí idirmheánacha ardchainníochta a áireamh i raon feidhme na ngníomhartha tarmligthe comhfhreagracha. Breathnófar san anailís freisin ar iontaofacht agus ar chostas na sásraí fíorúcháin gaolmhara
Leis an sainmhíniú ar cheanglais chothrománacha, atá bailí le haghaidh réimse leathan táirgí a bhfuil saintréithe comhchosúla acu maidir le gnéithe sonracha i gcás inar féidir go teicniúil, déanfar breithniú cúramach ar aon ghné tháirgeshonrach a bhféadfadh na rialacha cothrománacha difear a dhéanamh di, chun aon chomhbhabhtáil idir gnéithe an táirge a shainaithint agus aghaidh a thabhairt uirthi. Tabharfar an cur chuige nua sin isteach maidir le rialacha éicidhearthóireachta a shocrú le himeacht ama, de réir a chéile chun cur leis an taithí a fuarthas ar na chéad chásanna.
2.2.2.Táirgí a bhaineann le fuinneamh
Amach anseo, déanfar táirgí a bhaineann le fuinneamh, lena n‑áirítear iad siúd a rialáiltear cheana faoin Treoir 2009/125/CE lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú, a rialáil faoi RÉTI. Cumhdaítear 35 tháirge leis an bplean oibre Éicidhearthóireachta agus Lipéadaithe Fuinnimh 2022-2024 agus tugtar tuairisc ar an dul chun cinn mór maidir leis an bplean sin a chur chun feidhme sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo ( 16 ). I gcás 19 gcinn de na táirgí sin, leagtar síos le RÉTI idirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 2026 ( 17 ) faoina leanfaidh na bearta de bheith cumhdaithe ag Treoir 2009/125/CE lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú.
I gcás na 16 tháirge eile, measann an Coimisiún go bhfuil an anailís ar an acmhainneacht chun feabhais fós bailí. I gcás fhormhór na dtáirgí sin, tá tús curtha cheana féin ag an gCoimisiún leis na hullmhúcháin is gá. Dá bhrí sin, ar chúiseanna éifeachtúlachta, tugtar na 16 tháirge sin ar aghaidh go dtí plean oibre 2025-2030.
Tugtar na 16 mhír seo a leanas ar aghaidh agus áirítear iad sa chéad phlean oibre maidir le RÉTI.
|
Táirgí a bhaineann le fuinneamh |
Táirge nua |
Ceanglais éicidhearthóireachta |
Lipéad fuinnimh |
Amlíne tháscach |
|
Astaírí teochta ísle |
Is ea |
Níl |
Tá |
Glacadh: 2026 |
|
Taispeáintí |
Ní hea |
Tá |
Tá |
Glacadh: 2027 |
|
Luchtairí feithiclí leictreacha |
Is ea |
Le sonrú |
Le sonrú |
Glacadh: 2028 |
|
Miasniteoirí tí |
Ní hea |
Tá |
Tá |
Glacadh: 2026 |
|
Meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí |
Ní hea |
Tá |
Tá |
Glacadh: 2026 |
|
Fearais phroifisiúnta níocháin |
Is ea |
Is ea |
Le sonrú |
Glacadh: 2026 |
|
Miasniteoirí proifisiúnta |
Is ea |
Tá |
Le sonrú |
Glacadh: 2026 |
|
Mótair leictreacha agus tiomántáin luais inathraithe |
Ní hea |
Tá |
Níl |
Glacadh: 2028 |
|
Fearais chuisniúcháin (lena n‑áirítear cuisneoirí agus reoiteoirí tí) |
Ní hea |
Tá |
Tá |
Glacadh: 2028 |
|
Fearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm dhíolacháin |
Ní hea |
Tá |
Tá |
Glacadh: 2028 |
|
Foinsí solais agus (i gcás na héicidhearthóireachta amháin) giaranna rialaithe ar leithligh |
Ní hea |
Tá |
Tá |
Glacadh: 2029 |
|
Trealamh táthúcháin |
Ní hea |
Tá |
Níl |
Glacadh: deireadh 2030 |
|
Fóin phóca agus táibléid |
Ní hea |
Tá |
Tá |
Glacadh: deireadh 2030 |
|
Téitheoirí spáis áitiúla |
Ní hea |
Tá |
Tá |
Lipéad fuinnimh: glacadh in 2026 Ceanglais éicidhearthóireachta: Glacadh: lár 2030 |
|
Triomadóirí rothlaim |
Ní hea |
Tá |
Tá |
Glacadh: deireadh 2030 |
|
Ídiú fuinnimh sa mhód fuireachais agus casta as |
Ní hea |
Tá |
Níl |
Glacadh: deireadh 2030 |
2.2.3.Táirgí nach n‑áirítear sa chéad phlean oibre
Ar bhonn na modheolaíochta measúnaithe dá dtagraítear thuas, ar na hacmhainní atá ar fáil agus ar na húdair thíos, ní áirítear na táirgí seo a leanas a liostaítear in Airteagal 18 RÉTI sa chéad phlean oibre maidir le RÉTI. Mar sin féin, tá sé beartaithe tús a chur le hobair ar roinnt de na táirgí ar an liosta sin trí staidéir a dhéanamh agus ansin an t‑athbhreithniú meántéarma a úsáid tar éis 3 bliana chun athmheasúnú a dhéanamh ar an staid.
Maidir le glantaigh, péinteanna agus bealaí, léirítear i staidéar JRC ar thosaíochtaí táirgí nua go bhfuil tionchair níos ísle agus acmhainneacht níos ísle chun feabhais ag na grúpaí táirgí sin ná mar atá ag na táirgí deiridh a roghnaítear sa phlean oibre seo. Léiríodh sa chomhairliúchán poiblí oscailte freisin leibhéal tacaíochta réasúnta níos ísle do na táirgí sin ná do na táirgí deiridh ar tugadh tosaíocht dóibh sa phlean oibre seo.
Tá coisbheart i gcatagóir táirgí éagsúil ó theicstílí mar gheall ar úsáid shainiúil ábhar, feidhmiúlacht táirgí agus slabhraí soláthair. Tá tionchair níos ísle aige freisin ná an liosta de tháirgí deiridh tosaíochta. Mar sin féin, i bhfianaise thábhacht na dtionchar sin agus na húsáide a d’fhéadfaí a bhaint as ceanglais éicidhearthóireachta chun éiceamhodhnú a dhéanamh ar tháillí freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh coisbheart faoin Treoir Réime Dramhaíola, coimisiúnófar staidéar le linn chur chun feidhme an phlean oibre sin. Déanfar meastóireacht sa staidéar ar an acmhainneacht feabhas a chur ar inbhuanaitheacht comhshaoil coisbhirt faoi RÉTI agus cuirfear i gcrích é faoi dheireadh 2027.
Rangaíodh an grúpa táirgí ‘ceimiceáin’ go mór i staidéar JRC ó thaobh tionchair arda agus ardacmhainneacht chun feabhais de. Fuarthas tacaíocht sa chomhairliúchán poiblí oscailte freisin chun ceimiceáin a chur ar an liosta, ach is grúpa táirgí an-chasta é a ndearna staidéar JRC measúnú air mar tháirge idirmheánach, ag díriú ar cheimiceáin orgánacha agus neamhorgánacha mórmhéide. Tuigtear go coitianta, áfach, go bhfuil raon feidhme an ghrúpa táirgí ceimiceán i bhfad níos leithne, agus tá forluí ann le deighleoga eile amhail peitriceimiceáin, polaiméirí, ceimiceáin speisialtachta agus plaistigh. I bhfianaise na castachta sin, seolfar staidéar faoi dheireadh 2025 chun sainiú níos beaichte a dhéanamh ar na ceimiceáin a d’fhéadfadh a bheith sa raon feidhme chomh maith le réimse/réimsí fócais féideartha le haghaidh feabhsuithe ar ghné an táirge le haghaidh (a) gníomh/gníomhartha tarmligthe RÉTI a bheidh ann amach anseo a bhaineann le ceimiceáin (lena n‑áirítear polaiméirí & plaistigh) a bheidh le meas chun iad a áireamh san athbhreithniú ar an méid sin nó i bplean oibre ina dhiaidh sin.
I gcomhréir le hAirteagal 5(6) RÉTI, is féidir leis an gCoimisiún, ag aon chéim, ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú maidir le grúpaí táirgí nach n‑áirítear sa phlean oibre. Mar shampla, i gcás lascthrealamh leictreach, déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar na forbairtí faoi Rialachán (AE) 2024/573 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe ( 18 ) sula smaoinítear sé ar cheanglais éicidhearthóireachta a shocrú.
3.Príomhchumasóirí
3.1.An ghné idirnáisiúnta – comhtháite sna céimeanna uile den phróiseas
D’fhéadfadh impleachtaí móra a bheith ag rialacha amach anseo faoi RÉTI ar an leibhéal idirnáisiúnta, ós rud é go mbeidh ar na hearraí uile a chuirtear ar mhargadh an Aontais, lena n‑áirítear allmhairí, na caighdeáin nua a chomhlíonadh (mar is amhlaidh faoi Threoir 2009/125/CE lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú). Is é sin an fáth nach mór an próiseas chun ceanglais éicidhearthóireachta a fhorbairt a bheith bunaithe ar mheasúnú níos mionsonraithe agus ar thuiscint ar na himpleachtaí do thríú tíortha.
Áiritheoidh an Coimisiún measúnú comhréireach, córasach agus ardcháilíochta ar ghnéithe idirnáisiúnta sna staidéir ullmhúcháin agus sna measúnuithe tionchair chun a áirithiú go dtuigtear go maith an tionchar ar oibreoirí tríú tír sách luath roimh ré, go bhfuil sé comhréireach agus i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr ( 19 ). Beidh cumarsáid agus for-rochtain thráthúil i ndáil leis sin fíor-riachtanach chun míniú a thabhairt agus teagmháil a dhéanamh le tíortha comhpháirtíochta an Aontais, go háirithe trí Thoscaireachtaí an Aontais. Ag cur leis sin, beartófar agus ullmhófar gníomhaíochtaí chun tacú le comhpháirtithe an Aontais na ceanglais éicidhearthóireachta fheabhsaithe a chomhlíonadh.
3.2.Faisnéis faoi gach cuid den slabhra luacha: an pas táirge digiteach
Is príomhcholún de RÉTI é an pas táirge digiteach. Beidh pas táirge digiteach ag gach táirge a nglacfar bearta éicidhearthóireachta ina leith, ach amháin má tá córas digiteach malartach ann lena gcuirfear faisnéis choibhéiseach ar fáil, mar shampla bunachar sonraí EPREL ( 20 ) le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh ar a bhfuil lipéad fuinnimh. Cuirfear leis sin rochtain ar shonraí ar fáil ar bhonn riachtanais eolais do ghnólachtaí, do thomhaltóirí agus d’údaráis phoiblí, bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta oscailte neamhdhílsithe. Tá tús curtha ag an gCoimisiún leis an bpróiseas caighdeánaithe chun rialacha a shocrú maidir le hiompróirí sonraí, bonneagar agus idir-inoibritheacht sonraí, rialacha a bhfuil gá leo chun gur féidir an córas pasanna táirge a fhorbairt. Sonrófar an fhaisnéis atá le bailiú agus le cur ar fáil sa phas táirge digiteach i ngníomhartha tarmligthe táirgeshonracha faoi RÉTI, agus b’fhéidir faoi reachtaíocht eile i gcás inarb infheidhme. Áiritheofar leis an bpas táirge digiteach inrianaitheacht feadh an tslabhra luacha tar éis an táirge a chur ar an margadh. D’fhéadfadh sé sin borradh a chur faoi réitigh inrianaitheachta a chur in úsáid go deonach, rud a spreagfaidh forbairt an mhargaidh agus a chuirfidh trádáil inbhuanaithe chun cinn lasmuigh de theorainneacha an Aontais. Áireofar faisnéis maidir le comhdhéanamh ábhair agus aon substaint ar ábhar imní iad sa táirge, mar aon le faisnéis faoin gcaoi ar féidir é a úsáid, a athchúrsáil agus a dhiúscairt go sábháilte. Éascóidh sé sin saolré táirgí ó cheann go ceann a bhainistiú.
3.3.Tomhaltóirí a chumhachtú: lipéid shoiléire agus fhaisnéiseacha
Tá RÉTI dírithe go mór ar fhaisnéis faoi tháirgí. Tá gá le ceanglais faisnéise chun cuidiú le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh agus chun an t‑athrú iompraíochta a spreagadh lenar féidir leas a bhaint as tairbhí inbhuanaitheachta comhshaoil RÉTI ar bhealach an-éifeachtach thar an leibhéal is féidir a bhaint amach trí fheidhmíocht íosta a rialáil, agus tríd sin amháin. Léirítear é sin go soiléir leis an lipéad fuinnimh atá ann faoi láthair, a thug tomhaltóirí rátáil ard air maidir le faisnéis láidir iontaofa a chur ar fáil mar chabhair chun cinntí ceannaigh a dhéanamh. Aithnítear agus úsáidtear go forleathan é, níos minice trí naisc QR ón lipéad chuig bunachar sonraí EPREL agus beagnach dhá mhilliún samhail cláraithe ag os cionn 3 000 soláthróir fíoraithe.
Leanfar de na lipéid fuinnimh a úsáid mar an rogha réamhshocraithe le haghaidh táirgí ábhartha a bhaineann le fuinneamh, ach amháin má chinntear, tar éis measúnú cúramach a dhéanamh, nach bhfuil siad in ann an fhaisnéis is ábhartha a chur ar fáil do thomhaltóirí.
I gcás táirgí eile atá faoin raon feidhme, cuirfear faisnéis ar fáil sa phas táirge digiteach de ghnáth. D’fhéadfadh lipéad RÉTI agus/nó lipéid eile a rialáiltear le reachtaíocht shonrach de chuid an Aontais a bheith ar roinnt táirgí freisin, amhail an Rialachán maidir le Lipéadú Teicstílí, atá á athbhreithniú faoi láthair. Cuirfidh na lipéid sin faisnéis shoiléir iontaofa ar fáil maidir le gnéithe nó feidhmíocht táirge ábhartha amhail lorg carbóin, tomhaltas uisce, marthanacht, indeisitheacht nó in-athchúrsáilteacht. Thairis sin, faoin Treoir maidir le Tomhaltóirí a Chumhachtú le haghaidh an Aistrithe Ghlais ( 21 ), bunóidh an Coimisiún lipéad comhchuibhithe le haghaidh ráthaíochtaí tráchtála um marthanacht. Lipéad táirgí nua a bheidh ann do tháirgeoirí atá toilteanach marthanacht a dtáirgí a chur chun cinn agus do thomhaltóirí ar spéis leo táirgí a bhfuil saolré níos faide acu a roghnú.
3.4.Margaí tosaigh a fhorbairt: soláthar poiblí glas
Déantar foráil le RÉTI maidir leis an bhféidearthacht ceanglais íosta sainordaitheacha maidir le soláthar poiblí a shocrú i ngníomhartha cur chun feidhme ad hoc, aon uair atá na táirgí a rialáiltear le gníomhartha tarmligthe RÉTI ábhartha do cheannaitheoirí poiblí agus go bhfuil sé indéanta go heacnamaíoch dóibh na táirgí is fearr atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a cheannach. Ceapadh na bearta sin chun cruthú margaí tosaigh a chothú, infheistíochtaí a spreagadh agus cuidiú le tionscal an Aontais feabhas a chur ar a iomaíochas i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an raon feidhme chun na ceanglais íosta soláthair phoiblí sin a shocrú maidir leis na táirgí a dtugtar tosaíocht dóibh sa phlean oibre in éineacht leis an measúnú ar na ceanglais éicidhearthóireachta shonracha maidir leis na táirgí céanna.
D’ainneoin gur dhá ghníomh dlí ar leith iad, tá dlúthnasc idir an gníomh tarmligthe lena socraítear ceanglais éicidhearthóireachta agus an gníomh cur chun feidhme lena socraítear ceanglais soláthair phoiblí toisc nach mór gnéithe an táirge a chumhdaítear sa dá ghníomh a bheith mar an gcéanna. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún staidéar agus measúnú ar na bearta go comhpháirteach agus reáchtálfaidh sé an dá nós imeachta um ghlacadh an tráth céanna. I gcás táirgí a bhfuil lipéad fuinnimh orthu, sonraítear le Rialachán (AE) 2017/1369 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh le chéile ceanglais lena nasctar soláthar poiblí leis an aicme lipéid fuinnimh ( 22 ).
4.Coinníollacha maidir le cur chun feidhme rathúil
4.1.Dul i gcomhar leis na Ballstáit chun faireachas margaidh a dhéanamh
Tá faireachas margaidh éifeachtach ríthábhachtach chun a áirithiú go gcuirfear ceanglais éicidhearthóireachta agus lipéadaithe fuinnimh chun feidhme, go dtiocfaidh na tairbhí a bhfuil coinne leo chun cinn, go mbeidh cothrom na Féinne ann do ghnólachtaí, go soláthrófar faisnéis iontaofa faoi tháirgí do thomhaltóirí agus go gcothófar muinín leis an gcreat.
Is inniúlacht náisiúnta é an faireachas margaidh agus an Coimisiún ina ról tacaíochta agus comhordúcháin ( 23 ). Léiríonn an fhianaise ( 24 ) atá ar fáil go bhfuil an leibhéal neamhchomhlíontachta mór, rud a fhágann go meastar go bhfuil 10 % de thairbhí ligthe thar ceal mar thoradh air. Tá neamhchomhlíonadh a bhaineann le díolacháin ar líne thar a bheith forleathan agus dúshlánach aghaidh a thabhairt air, go háirithe i gcás díolacháin ar ardáin ar líne nach bhfuil san Aontas. Tiocfaidh dúshláin nua chun cinn de réir mar a ghlacfar le táirgí nua agus cineálacha nua ceanglas. Tugann sé sin le fios go mbeadh aon bhreis ar acmhainní na mBallstát a chaitear ar fhaireachas margaidh thar a bheith costéifeachtach.
Cuirtear i dtábhacht i ‘dtuarascáil Letta’ ar a thábhachtaí atá forfheidhmiú neartaithe chun seasamh le sláine an mhargaidh ( 25 ). Moltar i ‘dtuarascáil Draghi’ ( 26 ) freisin gur cheart don Aontas tacaíocht níos fearr a thabhairt do na Ballstáit chun faireachas margaidh éifeachtach a dhéanamh agus chun rialacha an Aontais a chur chun feidhme agus rinneadh tagairt shainráite ann don éicidhearthóireacht agus don lipéadú fuinnimh.
Chun freagairt do na riachtanais sin, agus mar a fógraíodh sa phlean gníomhaíochta um fhuinnimh inacmhainne ( 27 ), tá sé beartaithe ag an gCoimisiún oibriú leis na húdaráis náisiúnta chun dlús a chur leis an ngníomhaíocht ina leith sin. Mar shampla, tionólfaidh sé an Fóram Éicidhearthóireachta go tráthrialta chun scrúdú a dhéanamh ar ‘éifeachtacht na sásraí bunaithe maidir le faireachas margaidh’ agus chun aon ghá le hoiriúnú nó le hathneartú a phlé. Leanfaidh sé de thacaíocht a thabhairt d’údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh tríd an nGrúpa Comhair Riaracháin um Éicidhearthóireacht agus trí chlár oibre de chuid Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí, lena n‑áirítear comhar le húdaráis chustaim. Chun a gcuid oibre a éascú, tacaíonn sé le huirlisí TF amhail an Córas Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh agus EPREL.
Sa bhreis ar na bearta tacaíochta riaracháin sin, maoiníonn an Coimisiún Gníomhaíocht Chomhbheartaithe EEPLIANT4 dar luach EUR 8 milliún le haghaidh údaráis na mBallstát lena gcumhdaítear sé ghrúpa táirgí le linn 2024-2028. Leanfaidh sé freisin de thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí comhlíontachta atá á stiúradh ag an tionscal. Áirítear leis sin an Tairseach um Tháirgí atá Tíosach ar Fhuinneamh ( 28 ), bosca ríomhphoist tiomnaithe, Ceisteanna Coitianta, treoirdhoiciméid agus tionscadal ‘ Seirbhísí Comhlíontachta ‘ dar luach EUR 2.4 milliún. Tá ról fíor-riachtanach ag údaráis chustaim maidir le tacú le seachadadh beartais le haghaidh allmhairí i bhfianaise infhaighteacht faisnéise ó DPP i gcomhthéacs próisis chustaim. Thairis sin, i gcomhthéacs na ríomhthráchtála, tá gá le cur chuige comhtháite sonraíbhunaithe maidir le comhar idir údaráis chustaim agus údaráis um fhaireachas margaidh, agus ag díriú ar ghníomhaíocht straitéiseach in aghaidh slabhraí soláthair neamhchomhlíonta.
4.2.Díothú earraí gan díol a chosc
Déantar foráil le RÉTI maidir le deis a thabhairt don Choimisiún an liosta de tháirgí a thabhairt cothrom le dáta, a bhfuil feidhm aige maidir le toirmeasc ar dhíothú táirgí gan díol, agus chun na táirgí a chuirtear san áireamh le haghaidh toirmeasc a áireamh i bpleananna oibre maidir le RÉTI. Maidir leis an gcéad phlean oibre maidir le RÉTI, níl sé beartaithe ag an gCoimisiún an fhoráil sin a úsáid. Tá sé róluath toisc nach bhfuil an léargas a fuarthas ó chur chun feidhme an nochta shainordaithigh faisnéise maidir le táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú (a bheidh mar bhonn le haon toirmeasc i bpleananna oibre amach anseo) ar fáil go fóill.
5. Conclúid
Bunaíodh RÉTI chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais trí lorg carbóin foriomlán agus lorg comhshaoil táirgí le linn a saolré a laghdú, agus chun saorghluaiseacht táirgí inbhuanaithe sa mhargadh inmheánach a chumasú.
Is é an plean oibre seo an chéad chéim thábhachtach i dtreo an chuspóra sin. Os cionn EUR 1 trilliún i ndíolacháin bhliantúla ar mhargadh an Aontais atá i gceist leis na táirgí nua deiridh agus idirmheánacha atá le rialáil gach bliain – thart ar EUR 600 billiún i dtáirgí a bhaineann le fuinneamh ( 29 ) agus beagnach EUR 500 billiún i dtáirgí nua i raon feidhme níos leithne RÉTI ( 30 ). Is sciar mór iad freisin de na tionchair chomhshaoil atá ag tomhaltas an Aontais – tá thart ar 31 % de thionchair an athraithe aeráide i gceist leo agus 34 % d’úsáid acmhainní iontaise (móide tionchair eile) an ghrúpa táirgí lena léirítear tomhaltas foriomlán an Aontais ( 31 ). Trí fhuinneamh agus acmhainní eile a choigilt, lena n‑áirítear trí ghníomhaíocht chun cur le saolré táirgí, laghdófar caiteachas tomhaltóirí nach bhfuil gá leis, rud a shábhálfaidh airgead le haghaidh úsáidí eile.
Trí leibhéal ard agus réalaíoch go leor a shocrú maidir le huaillmhian, rannchuideoidh an plean oibre seo leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus le Compás Iomaíochais an Aontais, ina gcuirtear i dtábhacht gur cheart do thionscail déantúsaíochta an t‑iomaíochas a chomhcheangal go rathúil lena n‑aistriú chuig táirgeadh ísealcharbóin agus inbhuanaithe. Cuirfidh sé ar a gcumas do na páirtithe leasmhara a bheith rannpháirteach sa phróiseas maidir le rialacha a shocrú freisin, rud a chuirfidh leis an rath atá ar an gcreat éicidhearthóireachta agus lipéadaithe fuinnimh.