Strasbourg, 1.4.2025

COM(2025) 148 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

maidir le ProtectEU: Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach


1.ProtectEU: Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach

Is í an tslándáil bunchloch na saoirsí uile atá againn. An daonlathas, an smacht reachta, cearta bunúsacha, dea-bhail mhuintir na hEorpa, an t‑iomaíochas agus an rathúnas – tá na nithe sin uile ag brath ar ár gcumas ráthaíocht bhunúsach a thabhairt i leith cúrsaí slándála. I ré nua seo na mbagairtí slándála, tá an cumas atá ag Ballstáit an Aontais slándáil a ráthú dá saoránaigh ag brath níos mó ná riamh ar chur chuige aontaithe Eorpach maidir lenár slándáil inmheánach a chosaint. I dtimpeallacht gheopholaitiúil a bhíonn ag síorathrú, ní mór don Eoraip leanúint dá gealltanas marthanach i leith na síochána a chomhlíonadh.

Tá na chéad chéimeanna tugtha cheana féin i dtreo fearas slándála Eorpach a thógáil. Sna 10 mbliana a chuaigh thart, chuireamar sásraí gníomhaíochta comhchoiteanna feabhsaithe ar fáil don Aontas i réimsí éagsúla, mar atá, forfheidhmiú an dlí agus an comhar breithiúnach, an tslándáil teorann, an comhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí agus na coireachta eagraithe, an fhrithsceimhlitheoireacht agus an comhrac i gcoinne an antoisceachais fhoréignigh, agus cosaint bhonneagar criticiúil an Aontais, idir bhonneagar fisiciúil agus bhonneagar digiteach. Tá sé fós barrthábhachtach an reachtaíocht a glacadh roimhe seo agus na beartais a forbraíodh roimhe seo a chur chun feidhme go cuí.

De bharr chineál na mbagairtí sa lá atá inniu ann agus de bharr an dlúthnaisc idir slándáil inmheánach agus slándáil sheachtrach an Aontais, ní mór dúinn tuilleadh a dhéanamh.

Is lom an radharc a thugann timpeallacht na bagartha. Tá na línte idir bagairtí hibrideacha agus cogaíocht oscailte doiléir. Tá feachtas hibrideach ar líne agus as líne á reáchtáil ag an Rúis i gcoinne an Aontais agus a chomhpháirtithe chun cur isteach ar an gcomhtháthú sochaíoch agus ar phróisis dhaonlathacha agus chun dochar a dhéanamh dóibh, sin agus chun dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin a thástáil. Is mian le stáit eachtracha naimhdeacha agus le gníomhaithe státurraithe ár mbonneagar criticiúil agus ár slabhraí soláthair a insíothlú agus cur isteach orthu chun sonraí íogaire a ghoid agus chun go bhféadfaidh siad an cur isteach is mó is féidir a dhéanamh amach anseo. Baineann siad úsáid as an gcoireacht mar sheirbhís agus as coirpigh mar ionadaithe. Thairis sin, fágann ár spleáchais ar thríú tíortha i dtéarmaí na slabhraí soláthair go bhfuilimid níos leochailí i leith feachtais hibrideacha arna stiúradh ag stáit naimhdeacha.

líonraí coireachta eagraithe ag dul i méid san Eoraip, ar líonraí cumhachtacha iad a bhíonn á gcothú ar líne. Tá na líonraí sin i ndiaidh teacht isteach inár ngeilleagar agus tionchar a imirt ar ár sochaí, mar a léiríodh i Measúnú an Aontais ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe a chuir Europol i láthair le déanaí 1 . Nuair a bhíonn cos isteach ag an gcoireacht eagraithe i bpobal nó in earnáil eacnamaíoch, is ag snámh in aghaidh an easa a bhítear agus iarracht á déanamh deireadh a chur léi: aon trian de na líonraí coiriúla is bagraí, tá siad gníomhach le breis agus deich mbliana. Cuidíonn criptea-airgeadraí agus córais airgeadais chomhthreomhara leo a bhfáltais ó choireacht a sciúradh agus a cheilt.

leibhéal na bagartha sceimhlitheoireachta san Eoraip fós ag bagairt orainn. Bíonn tionchar cuilitheach ag géarchéimeanna réigiúnacha lasmuigh den Aontas, rud a thugann spreagadh nua do ghníomhaithe sceimhlitheoireachta ar fud an speictrim idé-eolaíoch ar fad earcaíocht a dhéanamh, a líonra a ghríosú nó a n‑acmhainneachtaí a mhéadú. Díríonn siad a n‑iarrachtaí radacaithe agus earcaíochta ar na codanna is leochailí dár sochaithe go sonrach agus ar dhaoine óga ar leith go háirithe. Spreagann siad ionsaithe ó ghníomhaithe aonair agus cuireann siad borradh faoin antoisceachas frithchórais arb é is aidhm dó cur isteach ar an dlíchóras daonlathach.

A bhuí leis an dul chun cinn ollmhór sa teicneolaíocht, tá uirlisí fíor-riachtanacha againn chun ár bhfearas slándála a fheabhsú. Tá cibirionsaithe agus ionramháil eachtrach ar fhaisnéis ag éirí níos forleithne, áfach, agus leas á bhaint as teicneolaíochtaí nua ar nós na hintleachta saorga. Is iad leanaí, daoine óga agus daoine scothaosta go háirithe atá i mbaol ar líne agus tá scaipeadh an fhuatha ar líne ina bhagairt ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar an gcomhtháthú sóisialta.

Níl an méid céanna slándála againn inár saolta, rud atá le brath níos mó agus níos mó ag muintir na hEorpa. Tá dochar déanta dá dhearcadh ar shábháilteacht agus ar shlándáil an Aontais sa mhéid agus gur fhreagair 64 % d’Eorpaigh go mbíonn siad buartha faoi shlándáil an Aontais nuair a cuireadh ceist orthu faoin todhchaí. 2 Tá méadú ag teacht ar an imní atá ar ghnólachtaí freisin; tá mífhaisnéis agus bréagaisnéis, coireacht agus gníomhaíocht aindleathach agus cibirspiaireacht i measc na ndeich riosca is mó a sainaithníodh i dTuarascáil 2025 maidir le Rioscaí Domhanda, ar tuarascáil ón bhFóram Eacnamaíoch Domhanda í 3 .

Ba cheart muintir na hEorpa a bheith in ann a saol a chaitheamh saor ó eagla, bíodh sin ar na sráideanna, sa bhaile, in áiteanna poiblí, ar an meitreo, nó ar an idirlíon. Tá cosaint na ndaoine, go háirithe iad siúd is leochailí i leith ionsaithe, i gcroílár obair an Aontais maidir leis an tslándáil. Bíonn tionchar díréireach ag na hionsaithe sin ar leanaí, ar mhná agus ar mhionlaigh, lena n‑áirítear pobail Ghiúdacha agus Mhoslamacha. Tá sin fíor-riachtanach chun sochaithe comhtháite athléimneacha a thógáil.

Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach á leagan amach ag an gCoimisiún chun cur i gcoinne bagairtí ar bhealach níos fearr sna blianta amach romhainn. Le bosca uirlisí dlíthiúil níos oiriúnaithe, comhar níos doimhne agus comhroinnt faisnéise mhéadaithe, cuirfimid feabhas ar ár n‑athléimneacht agus ar ár gcumas comhchoiteann bagairtí slándála a réamh‑mheas, a chosc agus a bhrath mar aon le freagairt go héifeachtach dóibh. Trí bhíthin cur chuige aontaithe maidir leis an tslándáil inmheánach, is féidir tacú leis na Ballstáit leas a bhaint as cumhacht na teicneolaíochta chun an tslándáil a neartú, seachas í a lagú, agus spás digiteach slán do chách á chur chun cinn san am céanna. Ina theannta sin, tacaítear le freagairt choiteann ó na Ballstáit ar athruithe polaitiúla agus eacnamaíocha ar fud an domhain a dhéanann difear do shlándáil inmheánach an Aontais.

Tá an straitéis bunaithe ar thrí phrionsabal agus tá urraim don smacht reachta agus do chearta bunúsacha i gcroílár na straitéise.

Ar an gcéad dul síos, leagtar síos inti uaillmhian an athraithe cultúir i dtaobh na slándála. Teastaíonn cur chuige uile-shochaí uainn a mbeidh na saoránaigh agus na páirtithe leasmhara uile rannpháirteach ann, ina measc sin an tsochaí shibhialta, lucht taighde, lucht acadúil agus eintitis phríobháideacha. Dá bhrí sin, is cur chuige comhtháite ilpháirtí leasmhair atá sna gníomhaíochtaí a leagtar amach sa straitéis a mhéid is féidir sin.

Ar an dara dul síos, ní mór breithnithe slándála a chomhtháthú agus a phríomhshruthú i reachtaíocht, beartais agus cláir uile an Aontais, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais. Ní mór reachtaíocht, beartais agus cláir a ullmhú, a athbhreithniú agus a chur chun feidhme agus gné na slándála á cur san áireamh. Leis sin, áiritheofar go dtabharfar aghaidh ar na breithnithe slándála is gá ar mhaithe le cur chuige cuimsitheach comhleanúnach a chur chun cinn maidir leis an tslándáil.

Ar deireadh, ionas go mbeidh an Eoraip sábháilte, slán agus athléimneach, tá gá le hinfheistíocht mhór ón Aontas, óna Bhallstáit agus ón earnáil phríobháideach. Éilíonn na tosaíochtaí agus na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa straitéis seo acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Mar a leagtar síos sa Teachtaireacht maidir leis an mbóthar i dtreo an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile 4 , beidh ar an Eoraip caiteachas poiblí ar an tslándáil a mhéadú agus taighde agus infheistíocht slándála a chur chun cinn, rud a chuirfidh feabhas ar a neamhspleáchas straitéiseach.

Comhlánaíonn an straitéis seo an Straitéis um Aontas na hUllmhachta 5 ina leagtar amach cur chuige comhtháite uile-ghuaise maidir le hullmhacht i gcomhair coinbhleachtaí, géarchéimeanna agus tubaistí nádúrtha agus de dhéanamh an duine, sin agus an Páipéar Bán maidir le hUllmhacht Cosanta na hEorpa 2030 6 lena dtacaítear le cumais chosanta a fháil agus a fhorbairt ar fud an Aontais chun naimhde eachtracha a dhíspreagadh. Molfaidh an Coimisiún Sciath Eorpach don Daonlathas freisin chun athléimneacht dhaonlathach a neartú san Aontas. I dteannta a chéile, leagtar amach fís le haghaidh Aontas atá sábháilte, slán agus athléimneach sna tionscnaimh sin.

Rialachas nua ar shlándáil inmheánach na hEorpa

Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le gníomhaireachtaí an Aontais chun cur chuige an Aontais maidir leis an tslándáil inmheánach a uasghrádú ar an leibhéal straitéiseach agus ar an leibhéal oibríochtúil araon.

Déanfar é sin tríd an méid seo a leanas:

·na himpleachtaí slándála agus ullmhachta a d’fhéadfadh a bheith ag tionscnaimh nua agus tionscnaimh athbhreithnithe ón gCoimisiún a shainaithint go comhsheasmhach ó thús agus le linn an phróisis caibidlíochta

·cruinnithe tráthrialta Ghrúpa Tionscadail an Choimisiúin um Shlándáil Inmheánach na hEorpa, arna dtacú le comhoibriú straitéiseach trasearnála ar fud an Choimisiúin

·cuir i láthair faoi na hanailísí ar bhagairtí a bhaineann leis an tslándáil inmheánach chun tacú le hobair an Choláiste Slándála

·plé leis na Ballstáit sa Chomhairle maidir leis na dúshláin slándála inmheánaí síorathraitheacha bunaithe ar an anailís ar bhagairtí agus ar mhalartú i ndáil le príomhthosaíochtaí beartais

·tuairisciú tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar mhaithe le cur chun feidhme córasach na bpríomhthionscnamh slándála a rianú agus ar mhaithe le tacú leis an gcur chun feidhme sin

2.Feasacht staide chomhtháite agus anailís ar bhagairtí

Tabharfaimid bealaí nua don Aontas chun faisnéis a chomhroinnt agus a chur le chéile agus soláthróimid anailís thráthrialta ar bhagairtí slándála inmheánaí an Aontais, rud a chuirfidh le measúnú cuimsitheach ar rioscaí agus bagairtí.

Tosaíonn an tslándáil le réamhaíocht éifeachtach. Ní mór don Aontas a bheith ag brath ar fheasacht staide agus anailís ar bhagairtí atá cuimsitheach, neamhspleách a dhóthain agus cothrom le dáta. Tá faisnéis inghníomhaithe fíorthábhachtach chun bagairtí a mheasúnú agus a chomhrac agus cuireann an fhaisnéis sin bonn eolais faoi ghníomhaíochtaí beartais agus reachtacha i ndeireadh na dála 7 . Moltar do na Ballstáit tuilleadh feabhais a chur uirthi tríd an Acmhainneacht Aonair Anailíse Faisnéise a úsáid mar an pointe iontrála aonair le haghaidh fhaisnéis na mBallstát. Ní mór dúinn tairbhe a bhaint as anailís fhaisnéisbhunaithe agus measúnuithe ar bhagairtí ar leibhéal an Aontais ar bhealach níos éifeachtaí agus níos comhoibríche.

Agus an Coimisiún ag cur leis na measúnuithe éagsúla arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais agus le haghaidh earnálacha sonracha, idir mheasúnuithe riosca agus mheasúnuithe ar an mbagairt 8 , ullmhóidh sé anailísí tráthrialta ar bhagairtí slándála inmheánaí an Aontais chun na príomhdhúshláin slándála a shainaithint d’fhonn bonn eolais a chur faoi thosaíochtaí beartais. Cuideoidh na hanailísí sin beartas slándála inmheánaí a fhorbairt atá solúbtha agus freagrúil, beartas a thabharfaidh aghaidh go héifeachtach ar bhagairtí síorathraitheacha, a chosnóidh daoine agus gnólachtaí ar ionsaithe ar bhealach níos fearr agus a fhágfaidh go mbeifear in ann idirghabhálacha beartais spriocdhírithe a dhéanamh go prapúil. Ina theannta sin, beidh na hanailísí sin ar bhagairtí slándála inmheánaí an Aontais mar chuid de mheasúnú cuimsitheach (trasearnálach, uile-ghuaise) an Aontais ar rioscaí agus bagairtí a d’fhorbair an Coimisiún agus an tArdionadaí, mar a leagtar amach sa Straitéis um Aontas na hUllmhachta.

Tá muinín agus láimhseáil shlán fíor-riachtanach chun faisnéis a chomhroinnt agus tá gá le bonneagar slán iontaofa chuige sin. Ní mór d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a áirithiú go mbeidh siad in ann cainéil chumarsáide shlána a úsáid chun faisnéis íogair agus rúnaicmithe a mhalartú eatarthu féin agus leis na Ballstáit. Infheistíochtaí i gcórais shlána idir-inoibritheacha agus i dteicneolaíocht iontaofa, sin rud a threiseoidh neamhspleáchas an Aontais agus a neartóidh cumas an Aontais géarchéimeanna a bhainistiú agus athléimneacht oibríochtúil a áirithiú. Sa chomhthéacs sin, tathantaíonn an Coimisiún ar na comhreachtóirí an chaibidlíocht faoin Rialachán atá beartaithe maidir le slándáil faisnéise in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a thabhairt chun críche, go háirithe chun a áirithiú go mbunófar creat coiteann um fhaisnéis íogair neamhrúnaicmithe agus faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil 9 .

Chun a shlándáil oibríochtúil agus a fheasacht staide féin a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar a chreat rialachais um an tslándáil chorparáideach agus bunóidh sé Lárionad Oibríochtaí Slándála Comhtháite chun daoine, sócmhainní fisiciúla agus oibríochtaí a chosaint ar fud láithreáin uile an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún borradh faoina acmhainneachtaí oibríochtúla agus anailíseacha freisin i dtaobh bagairtí hibrideacha a shainaithint agus a mhaolú.

I gcomhréir leis an Straitéis um Aontas na hUllmhachta, déanfar breithnithe ullmhachta agus slándála a chomhtháthú agus a phríomhshruthú ar fud reachtaíocht, bheartais agus chláir an Aontais. Nuair a bheidh an Coimisiún ag ullmhú nó ag athbhreithniú reachtaíochta, beartas nó clár, agus gné na hullmhachta agus na slándála á cur san áireamh aige, sainaithneoidh sé ar bhealach comhsheasmhach na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an rogha beartais ab fhearr ar an ullmhacht agus ar an tslándáil. Cuirfear oiliúint thráthrialta ar lucht ceaptha beartas sa Choimisiún mar bhonn taca leis sin.

Chun tacú leis na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún na dúshláin slándála inmheánaí síorathraitheacha agus na príomhthosaíochtaí beartais a phlé leis an gComhairle agus coinneoidh sé ar an eolas go tráthrialta í maidir le cur chun feidhme na straitéise. Ina theannta sin, coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus na páirtithe leasmhara ábhartha ar an eolas agus cinnteoidh sé go mbeidh siad páirteach i ngach gníomhaíocht ábhartha.

Príomhghníomhaíochtaí

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·anailísí tráthrialta ar bhagairtí a fhorbairt agus a chur i láthair maidir le dúshláin slándála inmheánaí san Aontas

Tathantaítear ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

·comhroinnt faisnéise leis an Acmhainneacht Aonair Anailíse Faisnéise a fheabhsú agus comhroinnt faisnéise níos fearr le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais a áirithiú

Moltar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an méid seo a leanas a dhéanamh:

·an chaibidlíocht faoin Rialachán atá beartaithe maidir le slándáil faisnéise in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a thabhairt chun críche

3.Cumais slándála an Aontais a neartú

Forbróimid uirlisí nua le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí, Europol athchóirithe cuir i gcás, mar aon le modhanna níos fearr chun malartú sonraí slán agus rochtain dhleathach ar shonraí a chomhordú agus a áirithiú.

Chun bagairtí síorathraitheacha a chomhrac go héifeachtach, ní mór don Aontas feabhas a chur ar a chumais slándála agus an nuálaíocht a chothú. Ós iad údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha na príomhghníomhaithe in aghaidh bagairtí slándála inmheánaí, tá na huirlisí agus na cumais oibríochtúla chearta de dhíth orthu ionas go bhféadfaidh siad gníomhú go pras agus go héifeachtach. Tá sé tábhachtach go mbeadh na húdaráis sin in ann cumarsáid agus comhordú a dhéanamh thar theorainneacha agus thar sheirbhísí chun bagairtí a chosc agus a bhrath agus imscrúduithe agus ionchúisimh a dhéanamh go héifeachtúil.

Gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais um an tslándáil inmheánach

Tá ról lárnach ag gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais i réimse an cheartais, na ngnóthaí baile agus na cibearshlándála in ailtireacht slándála an Aontais, ról a bhíonn ag dul i méid i gcónaí de réir mar a leathnaítear a gcuid freagrachtaí.

25 bliana tar éis bhunú Europol, tá sé níos lárnaí ná riamh i gcreat slándála an Aontais sa lá atá inniu ann. Tacaíonn sé le himscrúduithe trasteorann casta, éascaíonn sé malartú faisnéise, forbraíonn sé uirlisí nuálacha le haghaidh póilíneachta agus cuireann sé saineolas speisialaithe ar fáil maidir le forfheidhmiú an dlí. Cuireann roinnt tosca cosc ar Europol barr a chumais oibríochtúil a bhaint amach a mhéid a bhaineann le tacú le gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha agus oibríochtúla chun an choireacht trasteorann a chomhrac, áfach: níl a dhóthain acmhainní aige, cuir i gcás, agus ní chumhdaítear bagairtí slándála nua faoina shainordú reatha, amhail sabaitéireacht, bagairtí hibrideacha nó ionramháil ar fhaisnéis. Sin an fáth a molfaidh an Coimisiún athchóiriú uaillmhianach ar shainordú Europol, chun gníomhaireacht póilíneachta fíoroibríochtúil a dhéanamh de a thacóidh leis na Ballstáit ar bhealach níos fearr. Tá sé d’aidhm aige sin saineolas teicneolaíochta Europol agus a acmhainneacht a neartú chun tacú le gníomhaireachtaí náisiúnta forfheidhmithe dlí, comhordú le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile agus leis na Ballstáit a fheabhsú, comhpháirtíochtaí straitéiseacha le tíortha comhpháirtíochta agus leis an earnáil phríobháideach a threisiú, agus maoirseacht neartaithe ar Europol a áirithiú.

Ina theannta sin, oibreoidh an Coimisiún chun éifeachtacht agus comhlántacht ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí an Aontais maidir leis an tslándáil inmheánach a fheabhsú a thuilleadh agus chun comhar rianúil a neartú eatarthu. 

Déanfar sainordú Eurojust a mheasúnú agus a neartú ar mhaithe le comhar breithiúnach níos éifeachtaí, rud a chuirfidh feabhas ar chomhlántacht agus ar chomhar le Europol. Áirítear leis sin éifeachtúlacht Eurojust a fheabhsú mar aon lena hacmhainneacht tacaíocht agus anailís réamhghníomhach a sholáthar d’údaráis bhreithiúnacha na mBallstát. Thairis sin, i bhfianaise inniúlacht uathúil Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, déanfaidh an Coimisiún a mhachnamh ar an mbealach is fearr chun feabhas a chur ar acmhainneacht OIPE cistí an Aontais a chosaint. San áireamh leis sin beidh an comhar idir OIPE agus Europol a neartú.

Tá malartú faisnéise éifeachtúil slán idir gníomhaireachtaí ríthábhachtach don chomhar. Tá malartú faisnéise frithpháirteach tapa de dhíth ar Europol agus ar Frontex, lena náirítear chun críoch oibríochtúil, beart a leanann as an Ráiteas Comhpháirteach ó mhí Eanáir 2024 10 . Tá ról lárnach ag eu-LISA maidir le stóráil shlán agus infhaighteacht sonraí a áirithiú ar mhaithe le comhordú níos fearr agus malartú faisnéise níos éifeachtúla idir gníomhaireachtaí. Cuireann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha saineolas ar fáil maidir le cearta bunúsacha a chosaint i bhforbairt agus i gcur chun feidhme beartas slándála.

Tugadh de chumhacht don Údarás um Chomhrac an Sciúrtha Airgid (ÚCSA), ar údarás de chuid an Aontais é, faisnéis a chrosmheaitseáil ar bhonn amas/gan amas le faisnéis arna cur ar fáil ag Europol, OIPE, Eurojust agus an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) chun anailísí comhpháirteacha a dhéanamh ar chásanna trasteorann.

Tá ról lárnach ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) i gcur chun feidhme na reachtaíochta Eorpaí maidir leis an gcibearshlándáil. San athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil atá ar na bacáin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar shainordú ENISA agus molfaidh sé go ndéanfaí é a nuachóiriú chun a bhreisluach AE a neartú.

Méadófar an comhar idir údaráis chustaim agus údaráis forfheidhmithe dlí eile le cruthú Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh agus Mhol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh, rud atá beartaithe faoi Phacáiste an Aontais Eorpaigh um Athchóiriú Custaim. Le faisnéis ón mol atá beartaithe agus le sonraí gaolmhara ó Europol, Eurojust, OIPE, OLAF, ÚCSA agus Frontex, faoi chuimsiú na n‑inniúlachtaí atá acu féin, cuirfear feabhas ar anailís chomhpháirteach agus rannchuideofar le gníomhaíochtaí oibríochtúla níos comhleanúnaí, go háirithe ag na teorainneacha seachtracha. Molann an Coimisiún do na comhreachtóirí an chaibidlíocht maidir le hAthchóiriú Custaim an Aontais Eorpaigh a thabhairt i gcrích go tapa agus leanfaidh sé de chúnamh a thabhairt dóibh chun na críche sin.

Ach feabhas a chur ar an gcomhlántacht idir OIPE, OLAF, Europol, Eurojust, ÚCSA agus Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh atá beartaithe, cuirfear le torthaí an athbhreithnithe leanúnaigh ar Ailtireacht Frithchalaoise an Aontais Eorpaigh freisin. Bheadh tairbhí don tslándáil inmheánach i gceist leis an gcur chuige iomlánaíoch sin a dhíríonn ar úsáid níos fearr a bhaint as modhanna coiriúla agus riaracháin araon, ar idir-inoibritheacht na gcóras TF agus ar chomhar feabhsaithe.

Cumarsáid Chriticiúil

Sa lá atá inniu ann, déantar córais cumarsáide criticiúla 11 a oibriú, i bhformhór na gcásanna, ina naonar ar an leibhéal náisiúnta. Fágann sé sin gur minic nach bhféadann na céadfhreagróirí cumarsáid a dhéanamh lena gcontrapháirtithe agus iad ag trasnú na teorann le dul isteach i mBallstát eile. I roinnt Ballstát, tá srianta ar chumarsáid idir cineálacha éagsúla céadfhreagróirí freisin (e.g. póilíní agus otharcharranna). I gcás fhormhór na gcóras, ní chomhlíonann na caighdeáin ceanglais an lae inniu ó thaobh feidhmiúlachta agus athléimneachta de, rud a chuireann srian nach beag ar an acmhainneacht freagartha atá ag céadfhreagróirí, go háirithe thar theorainneacha.

Chun feabhas a chur ar acmhainneacht an Aontais freagairt do ghéarchéimeanna, molfaidh an Coimisiún reachtaíocht d’fhonn Córas Cumarsáide Criticiúla Eorpach a chruthú ar mhaithe le córais cumarsáide criticiúla na mBallstát a nascadh san Aontas, ar córais den chéad ghlúin eile iad. Is é an aidhm atá ann go mbeidh an Córas Cumarsáide Criticiúla Eorpach bunaithe ar thrí cholún straitéiseacha: soghluaisteacht oibríochtúil, athléimneacht láidir agus uathriail straitéiseach. Déanfaidh tionscnamh an Chórais Cumarsáide Criticiúla Eorpaigh ceanglais chomhchuibhithe a leagadh síos agus beidh sé ina chuidiú córais cumarsáide criticiúla na mBallstát a nuachóiriú, rud a ligfidh dóibh feidhmiú ar bhealach rianúil. Leathnóidh sé cumhdach an chórais freisin trí bhíthin chóras ilfhithiseach IRIS2 12 a bheidh ann amach anseo. A bhuí le tionscadail arna gcistiú ag an Aontas, forbrófar cumais theicniúla an Chórais Cumarsáide Criticiúla Eorpaigh, ag brath ar sholáthraithe teicneolaíochta Eorpacha go príomha, chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a chothú san earnáil íogair sin.

Rochtain dhleathach ar shonraí

Ní mór do na húdaráis forfheidhmithe dlí agus do na húdaráis bhreithiúnacha a bheith in ann imscrúdú a dhéanamh ar an gcoireacht agus gníomhú ina coinne. Sa lá atá inniu ann, tá lorg digiteach ag beagnach gach cineál coireachta tromchúisí agus coireachta eagraithe 13 . I gcás thart ar 85 % d’imscrúduithe coiriúla, táthar ag brath anois ar chumas na núdarás forfheidhmithe dlí rochtain a fháil ar fhaisnéis dhigiteach. 14  

I dtuarascáil chlabhsúir an Ghrúpa Ardleibhéil um Rochtain ar Shonraí le haghaidh Fhorfheidhmiú Éifeachtach an Dlí 15 , chuir sé i dtábhacht go raibh na húdaráis forfheidhmithe dlí agus an bhreithiúnacht ag titim ar gcúl le deich mbliana anuas de réir mar a bhíonn coirpigh ag baint leas as uirlisí agus táirgí a fhaightear i ndlínsí eile ó sholáthraithe a bhfuil bearta curtha i bhfeidhm acu a fhágann nach féidir leo comhoibriú le hiarrataí dleathacha i gcásanna coiriúla aonair. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, go mbeidh comhar córasach idir údaráis forfheidhmithe dlí agus páirtithe príobháideacha, lena náirítear soláthraithe seirbhíse, sna hiarrachtaí a dhéanfar amach anseo chun cur isteach ar na líonraí coiriúla agus ar na daoine aonair is bagraí san Aontas agus níos faide i gcéin.

De réir mar a éiríonn an digitiú níos forleataí agus ó tharla gur foinse uirlisí nua do choirpigh é a bhíonn ag dul i méid i gcónaí, tá sé fíor-riachtanach creat le haghaidh rochtain ar shonraí a bheith ann a fhreagraíonn do na riachtanais atá againn, mar atá ár ndlíthe a fhorfheidhmiú agus ár luachanna a chosaint. An tráth céanna, tá sé fíorthábhachtach a áirithiú freisin go mbeidh córais dhigiteacha slán ó rochtain neamhúdaraithe chun an chibearshlándáil a chaomhnú agus chun cosaint a thabhairt ar bhagairtí slándála atá ag teacht chun cinn. Ní mór cearta bunúsacha a urramú freisin leis na creataí rochtana sin agus a áirithiú, inter alia, go ndéantar príobháideachas agus sonraí pearsanta a chosaint ar bhealach leormhaith.

Le blianta beaga anuas, tá gníomhaíocht déanta ag an Aontas chun dul i ngleic leis an gcoireacht ar líne agus chun rochtain ar fhianaise dhigiteach a éascú i gcás gach coire. Glacadh rialacha maidir le fianaise leictreonach chuige sin a mbeidh feidhm iomlán acu ó mhí Lúnasa 2026 ar aghaidh 16 . Comhlánófar na rialacha sin le hionstraimí idirnáisiúnta um fhaisnéis agus fianaise a mhalartú. Molfaidh an Coimisiún go luath go síneofar agus go dtabharfar i gcrích Coinbhinsiún nua na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Cibearchoireachta.

Mar chuid den obair leantach atá a déanamh i dtaca le moltaí an Ghrúpa Ardleibhéil 17 , sa chéad leath de 2025 tíolacfaidh an Coimisiún treochlár ina leagfar amach na bearta dlíthiúla agus praiticiúla atá beartaithe aige a dhéanamh chun rochtain dhleathach éifeachtach ar shonraí a áirithiú. San obair leantach ar an Treochlár sin, tabharfaidh an Coimisiún tús áite do mheasúnú ar thionchar na rialacha maidir le coinneáil sonraí ar leibhéal an Aontais, sin agus d’ullmhú Treochláir Teicneolaíochta maidir le criptiú, chun réitigh theicneolaíocha a shainaithint agus a mheasúnú lena gcuirfí ar chumas na núdarás forfheidhmithe dlí rochtain a fháil ar shonraí criptithe ar bhealach dleathach, agus an chibearshlándáil agus cearta bunúsacha á gcosaint.

Comhar oibríochtúil

Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit, le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais agus le tíortha comhpháirtíochta chun an comhar oibríochtúil a neartú, rud atá fíor-riachtanach le haghaidh cur chuige níos éifeachtaí maidir leis an gcoireacht eagraithe thrasnáisiúnta agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac.

Mar phríomhchreat an Aontais le haghaidh gníomhaíocht chomhpháirteach in aghaidh na coireachta tromchúisí agus na coireachta eagraithe, tá torthaí suntasacha oibríochtúla bainte amach ag an Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT). Tá an deis ann an creat sin a neartú a thuilleadh sa chéad timthriall EMPACT eile, is é sin 2026-2029. Chun cur isteach ar na líonraí coiriúla agus ar na daoine aonair is bagraí, ní mór don Aontas a iarrachtaí a chuíchóiriú agus a dhíriú ar na tosaíochtaí is práinní, agus mar chuid de sin, gealltanais na mBallstát a fheabhsú agus úsáid éifeachtach a acmhainní a áirithiú.

Chuige sin, oibreoidh an Coimisiún le hUachtaránachtaí na Comhairle agus leis na Ballstáit chun an leas is fearr is féidir a bhaint as féidearthachtaí EMPACT agus chun dul i ngleic leis na príomhthosaíochtaí le haghaidh an chéad timthrialla EMPACT eile, 2026-2029. Sna réimsí tosaíochta sin, tá gá le faisnéis maidir leis na líonraí coiriúla is bagraí, imscrúduithe comhpháirteacha agus tascfhórsaí oibríochtúla, chomh maith le freagairt bhreithiúnach láidir, agus an cur chuige ‘lean an t‑airgead’ a bheith i bhfeidhm. Thairis sin, ní mór don Aontas dul i ngleic le hearcaíocht agus insíothlú coiriúil mar aon le comhar ilghníomhaireachta agus comhar idirnáisiúnta i bhforfheidhmiú an dlí a neartú agus breis oiliúna a chur ar fáil ar an ábhar sin.

Tacóidh an Coimisiún freisin le cineálacha eile comhair oibríochtúil trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí i measc na mBallstát agus Thíortha Comhlachaithe Schengen. Ós rud é nach ndéantar rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha i limistéar Schengen, bíonn dlúthchomhar agus malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát ag teastáil chun ardleibhéal slándála inmheánaí a áirithiú. Sa lá atá inniu ann, bíonn dúshláin fós le sárú ag oifigigh forfheidhmithe dlí agus iad ag déanamh faireachais nó ag déanamh idirghabhálacha práinneacha thar theorainneacha 18 . Tá gá le comhar trasteorann feabhsaithe chun bagairtí hibrideacha a chomhrac freisin. Ba cheart Grúpa Ardleibhéil maidir le todhchaí an chomhair oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí a chruthú chun fís straitéiseach chomhroinnte a fhorbairt.

Malartú sonraí éifeachtúil idir údaráis forfheidhmithe dlí, sin rud atá fíor-riachtanach le haghaidh comhar trasteorann éifeachtach freisin. A luaithe a bhunófar an ailtireacht idir-inoibritheachta, tabharfaidh sí rochtain éifeachtach ar fhaisnéis ríthábhachtach d’údaráis forfheidhmithe dlí agus do Europol. An tráth céanna, ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit tosaíocht a thabhairt do mhalartú faisnéise déthaobhach agus iltaobhach, trí bhíthin chur chun feidhme dlíthiúil agus teicniúil Rialachán Prüm II 19 i gcomhar le eu-LISA agus le Europol. Leis sin, beifear in ann méarloirg, próifílí DNA, sonraí clárúcháin feithicle, íomhánna den aghaidh agus taifid phóilíneachta a mhalartú go huathoibríoch ar bhealach slán trí ródairí an Aontais. Ar an leibhéal náisiúnta, ní mór do na Ballstáit an Treoir maidir le Malartú Faisnéise 20 a chur chun feidhme, rud a fheabhsóidh cainéil malartaithe faisnéise le haghaidh sreabhadh faisnéise trasteorann rianúil, agus comhtháthú na gcainéal sin le córais ar leibhéal an Aontais ar nós SIENA 21 á áirithiú san am céanna.

Bíonn comhar éifeachtach trasteorann ag brath ar chultúr coiteann forfheidhmithe dlí a bheith á chothú san Aontas freisin. Chun an sprioc sin a bhaint amach, tá sé fíor-riachtanach go mbeadh oiliúint chomhpháirteach, ionaid barr feabhais agus cláir shoghluaisteachta ann. Fiosróidh an Coimisiún conas is fearr is féidir leis an Aontas tacú le hoiliúint le haghaidh údaráis na mBallstát, agus é ag brath ar CEPOL (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú An Dlí).

An tslándáil teorann a neartú

Tá sé ríthábhachtach athléimneacht agus slándáil na dteorainneacha seachtracha a neartú chun bagairtí hibrideacha a chomhrac, amhail an imirce a bheith á húsáid mar uirlis troda, chun cosc a chur ar ghníomhaithe bagartha agus ar earraí teacht isteach san Aontas, agus chun an choireacht trasteorann agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac go héifeachtach. Tá sé beartaithe Córas Faisnéise Schengen (SIS) a fheabhsú in 2026 ionas go gcuirfí ar chumas na mBallstát foláirimh a iontráil maidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil baint acu leis an sceimhlitheoireacht, lena n‑áirítear trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta, sin agus náisiúnaigh tríú tír a bhfuil baint acu le coireanna tromchúiseacha eile, bunaithe ar shonraí arna gcomhroinnt ag tríú tíortha le Europol.

Le hidir-inoibritheacht fheabhsaithe chórais faisnéise mhórscála an Aontais, soláthrófar faisnéis fhíor-riachtanach do na Ballstáit maidir le daoine aonair ó thríú tíortha a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha nó a bhfuil sé beartaithe acu iad a thrasnú, rud a chuideoidh leis na húdaráis measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha chun teacht isteach i gcríoch na mBallstát a údarú 22 . Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le eu-LISA chun na córais sin a chur chun feidhme go tapa, go háirithe an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) athbhreithnithe, ar mhaithe lena áirithiú go noibríonn na córais sin go rianúil agus go mbíonn na tairbhí slándála a bhaineann leo á bhfáil.

Chun an tslándáil teorann a fheabhsú a thuilleadh agus chun comhar an Aontais a neartú i bhfianaise bagairtí síorathraitheacha, molfaidh an Coimisiún Frontex a threisiú. Ba cheart líon foirne an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a mhéadú faoi thrí le himeacht ama agus 30 000 garda a bheith ann. Ba cheart ardteicneolaíocht faireachais agus feasachta staide a bheith ag an nGníomhaireacht a sholáthróidh faisnéis atá ábhartha do bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip agus rochtain ar sheirbhísí rialtais um fhaire na cruinne, ar seirbhísí cumhachtacha de chuid an Aontais iad le haghaidh rialú teorann a bheidh le cur chun úsáide faoi 2027. Leis sin, ba cheart tuilleadh feabhais a chur ar chumas Frontex an choireacht trasteorann a bhrath, a chosc agus a chomhrac ag na teorainneacha seachtracha, sin agus treisiú a dhéanamh ar an tacaíocht a thugann sé do na Ballstáit maidir le fillteacha a chur chun feidhme, go háirithe i ndáil le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil riosca slándála ag baint leo.

Éascaíonn calaois doiciméad agus calaois chéannachta smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhaoine, gluaiseachtaí coiriúla folaitheacha agus gáinneáil ar earraí aindleathacha. Nuair a bheidh an brathadóir ilchéannachtaí 23 ag feidhmiú, feabhsóidh sé an cumas atá ag na húdarás náisiúnta daoine aonair a úsáideann céannachtaí éagsúla a shainaithint agus calaois chéannachta a chomhrac. Fiosróidh an Coimisiún bealaí chun feabhas a chur ar shlándáil na ndoiciméad taistil agus na doiciméad cónaithe a eisítear do shaoránaigh an Aontais agus do náisiúnaigh tríú tír. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi a bhféadfaidh na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, atá le tabhairt isteach faoin gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach faoi dheireadh 2026, rannchuidiú le slándáil na ndoiciméad taistil agus fíorú céannachta a fheabhsú. Comhlánóidh an méid sin na tograí maidir le dintiúir taistil dhigiteacha agus an Feidhmchlár AE um Shonraí Taistil Digiteacha 24 .

faisnéis taistil ríthábhachtach do na húdaráis chun gluaiseachtaí coirpeach, sceimhlitheoirí agus daoine eile ar bagairtí slándála iad a shainaithint agus a imscrúdú. Cé go bhfuil creat AE ann le haghaidh faisnéis faoi aerthaisteal tráchtála 25 , is ilroinnte an phróiseáil sonraí chun críocha fhorfheidhmiú an dlí i gcás modhanna iompair eile. Dá bhrí sin, is féidir le coirpigh agus le sceimhlitheoirí modhanna éagsúla iompair a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí neamhdhleathacha gan a bheith braite. Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus leis an tionscal iompair chun an creat um fhaisnéis taistil a neartú trí scéim AE a fhiosrú lena gceanglófaí ar oibreoirí eitiltí príobháideacha sonraí paisinéirí a bhailiú agus a aistriú, trí mheastóireacht a dhéanamh ar rialacha próiseála na dTaifead Ainmneacha Paisinéirí, agus trí mheasúnú a dhéanamh ar bhealaí chun próiseáil faisnéise taistil mhuirí a chuíchóiriú. Maidir le hiompar ar bóthar, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar úsáid na gcóras uathaitheanta uimhirphlátaí a leathnú agus méadóidh sé na féidearthachtaí i ndáil le sineirgí le SIS.

Fadbhreathnaitheacht, nuálaíocht agus cur chuige atá bunaithe ar chumas

Forbróidh an Coimisiún cur chuige fadbhreathnaitheach cuimsitheach maidir leis an tslándáil inmheánach ar leibhéal an Aontais, cur chuige a bheidh ag brath ar dhea-chleachtais a shainaithnítear ar an leibhéal náisiúnta. Tacóidh an cur chuige sin le ceapadh beartas agus treoróidh sé infheistíochtaí i dtaighde agus nuálaíocht ábhartha i réimse na slándála arna gcistiú ag an Aontas.

Tá ról ríthábhachtach ag taighde agus nuálaíocht sa tslándáil inmheánach sa mhéid go gcruthaíonn siad réitigh chun cur i gcoinne bagairtí atá ag teacht chun cinn, ina measc sin bagairtí ó mhíúsáid na teicneolaíochta 26 . Ní mór don Aontas leanúint d’infheistíocht a dhéanamh, trí bhíthin taighde agus nuálaíocht slándála arna gcistiú ag an Aontas 27 , i bhforbairt uirlisí agus réiteach nuálach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí slándála agus, san am céanna, rialacha an Aontais agus cearta bunúsacha a urramú. Ba cheart don Choimisiún tacú leis an aistriú ó chéim an taighde go dtí céim an chur chun úsáide ar mhaithe le glacadh éifeachtach na gcumas nua-aimseartha sin a áirithiú, agus tosaíocht á tabhairt do theicneolaíochtaí nua-aimseartha ar nós na hintleachta saorga. Ba cheart a áireamh sa chur chuige sin oiliúint chun feabhas a chur ar an úsáid a bhaineann údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha as córais intleachta saorga agus as cumais theicniúla eile. Thairis sin, i gcás inarb ábhartha, ba cheart leas a bhaint as féidearthachtaí dé-úsáide na dteicneolaíochtaí sa dá threo (ón réimse shibhialta go réimse na cosanta agus vice versa) 28 .

Beidh Mol Nuálaíochta an Aontais maidir leis an tSlándáil Inmheánach 29 ina chuidiú taighde a chomhtháthú sa chleachtas agus i mbeartais, mol ar líonra saotharlann nuálaíochta é a sholáthraíonn na nuashonruithe nuálaíochta is déanaí mar aon le réitigh éifeachtacha chun tacú le hobair na ngníomhaithe slándála inmheánaí san Aontas agus sna Ballstáit. Chun éifeachtacht Europol a fheabhsú, ní mór Stór Uirlisí Europol a neartú, rud a chuirfidh ar a chumas dó ardteicneolaíochtaí a shainaithint, a fhorbairt, a sholáthar go comhpháirteach agus a chur i bhfeidhm go hoibríochtúil. Ina theannta sin, bunóidh an Coimisiún Campas um Thaighde agus Nuálaíocht Slándála san Airmheán Comhpháirteach Taighde ina dtabharfar taighdeoirí le chéile chun laghdú a dhéanamh ar an méid ama a bhíonn i gceist leis an timthriall ó thorthaí taighde go nuálaíocht, forbairt agus cur chun feidhme rathúil, agus costais forbartha, tástála agus bhailíochtaithe á laghdú san am céanna.

Is spás comhoibríoch é ár Limistéar Eorpach Taighde de bharr a nádúir féin, agus dá bhrí sin d’fhéadfaí cur isteach eachtrach a theacht chun cinn nó bréagaisnéis a scaipeadh ann. Tar éis ghlacadh an mholta ón gComhairle maidir le slándáil taighde 30 , tá bearta á ndéanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun na gníomhaithe ábhartha a chumhachtú, inter alia trí Lárionad Saineolais maidir le slándáil taighde a bhunú.

Príomhghníomhaíochtaí

Glacfaidh an Coimisiún na tograí seo a leanas:

·togra reachtach chun gníomhaireacht fíoroibríochtúil um fhorfheidhmiú an dlí a dhéanamh de Europol (2026)

·togra reachtach chun Eurojust a neartú (2026)

·togra reachtach chun ról agus cúraimí Frontex a threisiú (2026)

·togra reachtach chun Córas Cumarsáide Criticiúla Eorpach a bhunú (2026)

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·treochlár a thíolacadh ina leagtar amach an bealach chun cinn maidir le rochtain dhleathach éifeachtach ar shonraí ar mhaithe le forfheidhmiú an dlí (2025)

·measúnú tionchair a ullmhú d’fhonn na rialacha maidir le coinneáil sonraí ar leibhéal an Aontais a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí (2025)

·treochlár teicneolaíochta maidir le criptiú a thíolacadh chun sainaithint agus measúnú a dhéanamh ar réitigh theicneolaíocha lena gcuirfí ar a gcumas d’údaráis forfheidhmithe dlí rochtain dhleathach a thabhairt ar shonraí (2026)

·oibriú i dtreo Grúpa Ardleibhéil a chruthú chun an comhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí a neartú

·Campas um Thaighde agus Nuálaíocht Slándála a chruthú san Airmheán Comhpháirteach Taighde (2026)

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, an méid seo a leanas:

·ailtireacht EMPACT a neartú

·oibriú i dtreo an ailtireacht idir-inoibritheachta a leathadh amach agus Rialachán Prüm II a chur chun feidhme go tapa

·an creat um fhaisnéis taistil a neartú

Tathantaítear ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

·an Treoir maidir le Malartú Faisnéise a thrasuí agus a chur chun feidhme ina hiomláine

4.Athléimneacht in aghaidh bagairtí hibrideacha agus gníomhaíochtaí naimhdeacha eile

Cuirfimid leis an athléimneacht in aghaidh bagairtí hibrideacha trí chosaint an bhonneagair chriticiúil a fheabhsú, an chibearshlándáil a threisiú, moil iompair agus calafoirt a dhaingniú agus bagairtí ar líne a chomhrac.

Tá méadú tagtha ar mhinicíocht agus ar shofaisticiúlacht gníomhaíochtaí naimhdeacha a dhéanann dochar do shlándáil an Aontais, agus tá méadú mór curtha ag gníomhaithe mailíseacha ar na huirlisí atá acu. Tá géarú tagtha ar na feachtais hibrideacha atá dírithe ar an Aontas, ar a Bhallstáit agus ar a chomhpháirtithe. Mar chuid de na feachtais sin tá gníomhaíochtaí sabaitéireachta a dhíríonn ar bhonneagar criticiúil, coirloscadh, cibirionsaithe, cur isteach ar thoghcháin, ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis lena n‑áirítear bréagaisnéis, sin agus an imirce a bheith á húsáid mar uirlis troda. Dírítear ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (‘eintitis an Aontais’) chomh maith céanna de bharr an róil pholaitiúil agus oibríochtúil atá acu agus an chineáil faisnéise a láimhseálann siad.

Ní mór don Aontas a athléimneacht a fheabhsú, na huirlisí atá ann faoi láthair a úsáid go héifeachtach agus bealaí nua a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí síorathraitheacha sin ó ghníomhaithe stáit agus neamhstáit, idir na cinn atá ann anois agus bagairtí a bheidh ann amach anseo.

Bonneagar criticiúil

Is ábhar mór imní iad bagairtí ar bhonneagar criticiúil, ina measc sin bagairtí hibrideacha amhail sabaitéireacht agus cibearghníomhaíocht mhailíseach, go háirithe i gcás bonneagar lena nasctar na Ballstáit le chéile, mar shampla idirnascairí fuinnimh agus cáblaí cumarsáide trasteorann, agus i gcás an iompair. Ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tháinig méadú ar ghníomhaíochtaí sabaitéireachta atá dírithe ar bhonneagar criticiúil, go háirithe le linn 2024. Bhí roinnt mhaith Ballstát thíos leis de bharr na ngníomhaíochtaí sin. Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh comhar ann idir lucht forfheidhmithe dlí, seirbhísí slándála agus cibearshlándála, lucht cosanta míleata agus sibhialta agus oibreoirí príobháideacha chun gníomhaíochtaí den sórt sin a réamh‑mheas, a bhrath agus a chosc agus chun freagairt dóibh go héifeachtach.

Is den riachtanas é go ndéanfar leochaileachtaí a laghdú agus athléimneacht na neintiteas criticiúil a neartú chun a áirithiú go soláthrófar seirbhísí fíor-riachtanacha gan bhriseadh, ar seirbhísí iad atá fíorthábhachtach don gheilleagar agus don tsochaí. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach i ndáil leis sin go ndéanfaidh na Ballstáit uile an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil 31 agus an Treoir maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais (an Dara Treoir NIS) 32 a thrasuí go prapúil agus a chur chun feidhme i gceart.

Ar mhaithe le dul chun cinn tapa a áirithiú, tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit eintitis chriticiúla a shainaithint 33 agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le straitéisí náisiúnta agus measúnuithe riosca a mhéid a bhaineann le seirbhísí fíor-riachtanacha, i gcomhar leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil agus an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise. Má bhíonn suaitheadh sa bhonneagar criticiúil a bhfuil tionchar suntasach trasteorann aige, déanfaidh Treoirphlean an Aontais maidir le Bonneagar Criticiúil freagairtí a chomhordú ar leibhéal an Aontais. Molann an Coimisiún don Chomhairle Cibir-Threoirphlean an Aontais a ghlacadh go tapa, rud a neartóidh an comhordú a thuilleadh i gcomhthéacs an bhainistithe géarchéime agus a éascóidh comhar níos dlúithe idir na húdaráis maidir le hathléimneacht fhisiciúil agus dhigiteach. Tar éis tástálacha struis rathúla in earnáil an fhuinnimh in 2023, cuirfidh an Coimisiún tástálacha struis deonacha chun cinn i bpríomhearnálacha eile na slándála inmheánaí. Ina theannta sin, soláthróidh an Coimisiún forléargas ar leibhéal an Aontais ar rioscaí trasteorann agus trasearnála do sheirbhísí fíor-riachtanacha chun tacú le measúnuithe riosca na mBallstát agus chun bonn eolais a chur faoi mheasúnú riosca cuimsitheach ar leibhéal an Aontais. I gcomhréir leis an Straitéis um Aontas na hUllmhachta, oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun earnálacha agus seirbhísí breise a shainaithint nach gcumhdaítear leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair agus a bhféadfadh sé gur ghá gníomhú ina leith.

Chothaigh an Tascfhórsa AE-ECAT maidir le hathléimneacht an bhonneagair chriticiúil comhar den scoth maidir le dea-chleachtais a chomhroinnt agus athléimneacht a fheabhsú in earnálacha an fhuinnimh, an iompair, an bhonneagair dhigitigh agus an spáis. Leanfar den obair sin laistigh den Idirphlé Struchtúrtha idir an tAontas agus ECAT maidir leis an Athléimneacht. Cuireann Bosca Uirlisí Hibrideach an Aontais tacaíocht láidir ar fáil do na Ballstáit agus do chomhpháirtithe maidir le hullmhú do bhagairtí hibrideacha agus cur ina gcoinne. Cuireann Foirne Mearfhreagartha Hibrideacha 34 cúnamh gearrthéarmach saincheaptha ar fáil do na Ballstáit, do mhisin Eorpacha agus do chomhpháirtithe arna iarraidh sin. Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún comhar an Aontais maidir le comhrac na sabaitéireachta a thabhairt chun cinn trí ghníomhaíochtaí saineolaithe 35 , lena náirítear clár oibre comhpháirteach tiomnaithe le haghaidh na saineolaithe chun malartú faisnéise a chuíchóiriú agus frithbhearta a leagan amach.

Leis na teagmhais ina ndearnadh difear do cháblaí fomhuirí san Eoraip , cuirtear i dtábhacht go bhfuil gá atá le bearta níos láidre agus freagairtí níos soiléire. Mar a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta an Aontais um Shlándáil Cáblaí 36 , oibreoidh an Coimisiún, in éineacht leis an Ardionadaí, i gcomhar leis na Ballstáit, le gníomhaireachtaí an Aontais agus le comhpháirtithe ar nós ECAT chun bagairtí ar cháblaí fomhuirí a chosc, a bhrath agus a dhíspreagadh agus chun freagairt dóibh. Chun léiriú staide comhtháite ar bhagairtí a fhorbairt, oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun sásra faireachais comhtháite a fhorbairt agus a chur chun úsáide, ar bhonn deonach, le haghaidh cáblaí fomhuirí i ngach imchuach farraige, ag tosú le mol réigiúnach Nordach/Baltach.

Cibearshlándáil

Toisc gur rud leanúnach í an chibirghníomhaíocht mhailíseach, ar minic í mar chuid de raon níos leithne bagairtí iltoiseacha agus hibrideacha, ní mór aird leanúnach a thabhairt uirthi agus gníomhú ina leith ar an leibhéal Eorpach. Le blianta beaga anuas, tá raon dlíthe cibearshlándála glactha ag an Aontas lena neartaítear cibear-athléimneacht eintitis an Dara Treoir NIS a fheidhmíonn in earnálacha criticiúla an Aontais agus cibear-athléimneacht eintitis an Aontais 37 , lena bhfeabhsaítear slándáil táirgí digiteacha (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) agus lena mbunaítear creat um ullmhacht agus tacaíocht maidir le freagairt ar theagmhais (an Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht). I mí Eanáir 2025, ghlac an Coimisiún an plean gníomhaíochta Eorpach um chibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte 38 chun feabhas a chur ar bhrath bagairtí, ullmhacht agus freagairt ar ghéarchéimeanna. Tá sé barrthábhachtach é a chur chun feidhme ina iomláine. An tráth céanna, chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus ar fhorbairtí nua, ní mór dúinn dlús a chur lenár ngníomhaíochtaí go háirithe i réimsí an mhalartaithe faisnéise, shlándáil an tslabhra soláthair, na mbogearraí éirice agus na gcibirionsaithe, agus na ceannasachta teicneolaíche.

Thairis sin, ní mór an bhearna scileanna cibearshlándála atá ann faoi láthair a líonadh ionas go mbeifí in ann an cur chun feidhme a dhéanamh, bearna a bhfuil 299 000 duine i gceist léi. Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit faoi Aontas na Scileanna 39 chun an lucht saothair cibearshlándála a leathnú, go háirithe trí úsáid a bhaint as an Acadamh nua um Scileanna Cibearshlándála. Bíonn an Plean Straitéiseach um Oideachas ETIM 40 ina rannchuidiú feabhas a chur ar an bpíblíne thallainne agus ar fhreagairt na hEorpa ar riachtanais mhargadh saothair na cibearshlándála.

I gcomhthráth le feabhas a chur ar a athléimneacht, leanfaidh an tAontas d’úsáid iomlán a bhaint as an gCreat le haghaidh Freagairt Chomhpháirteach Thaidhleoireachta ón Aontas ar Chibirghníomhaíochtaí Mailíseacha (Bosca Uirlisí na Cibearthaidhleoireachta) chun cibearbhagairtí a thagann ó ghníomhaithe stáit agus neamhstáit a chosc agus a dhíspreagadh agus chun freagairt dóibh.

Slándáil slabhraí soláthair TFC

Cuireann an Bosca Uirlisí Cibearshlándála 5G an creat ábhartha ar fáil chun líonraí 5G a chosaint, ach níl na Ballstáit á chur chun feidhme ar bhealach leormhaith faoi láthair. Tá rioscaí slándála do-ghlactha ann fós, go háirithe maidir le hionadú soláthraithe ardriosca. Le cur chuige comhchuibhithe maidir le slándáil an tslabhra soláthair TFC, is féidir aghaidh a thabhairt ar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh atá ann faoi láthair mar thoradh ar chineálacha éagsúla cur chuige ar an leibhéal náisiúnta, spleáchais chriticiúla a sheachaint, agus ár slabhraí soláthair TFC a dhí‑rioscú i dtaobh soláthróirí ardriosca. Ar an gcaoi sin, déanfar ár mbonneagar criticiúil a dhaingniú.

I gcomhréir leis an gcur chuige sin, san athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil atá ar na bacáin, breathnóidh an Coimisiún ar bhealach níos leithne ar shlándáil agus athléimneacht slabhraí soláthair agus bonneagair TFC. Ina theannta sin, molfaidh an Coimisiún feabhas a chur ar an gCreat Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála chun a áirithiú gur féidir scéimeanna deimhniúcháin a ghlacadh amach anseo go prapúil agus go bhfreagraíonn siad do riachtanais bheartais.

Agus é ag cur le measúnuithe earnála a rinneadh roimhe seo nó atá ar siúl faoi láthair 41 , forbróidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, pleanáil straitéiseach le haghaidh measúnuithe riosca cibearshlándála comhordaithe.

Tá néalseirbhísí agus seirbhísí teileachumarsáide mar dhlúthchuid anois de shlabhraí soláthair an bhonneagair chriticiúil, na ngnólachtaí agus na n‑údarás poiblí. Gníomhóidh an Coimisiún chun eintitis chriticiúla a spreagadh néalseirbhísí agus seirbhísí teileachumarsáide a roghnú a bhfuil leibhéal iomchuí cibearshlándála acu, agus aird á tabhairt ní hamháin ar rioscaí teicniúla ach ar rioscaí agus spleáchais straitéiseacha freisin.

Bogearraí éirice agus cibirionsaithe

Dúshlán mór leanúnach san Aontas agus ar fud an domhain is ea bogearraí éirice. I dtuarascáil amháin, meastar gur níos mó ná EUR 250 billiún a bheidh i gceist leis an gcostas bliantúil a bhaineann leo faoi 2031 42 . Cuirfidh an Dara Treoir NIS agus an Gníomh um Chibear-Athléimneacht araon feabhas mór ar an seasamh slándála atá ag eintitis, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos costasaí do líonraí bogearraí éirice a nionsaithe a dhéanamh. Ina theannta sin, oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun a áirithiú go dtuairisceofar níos mó ionsaithe bogearraí éirice do lucht forfheidhmithe dlí, go háirithe ardbhagairtí seasmhacha agus íocaíochtaí éirice, rud a éascóidh imscrúduithe.

Chun cibirionsaithe a chosc agus stop a chur leo, ní mór don Aontas an malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis agus eintitis chibearshlándála, agus páirtithe príobháideacha a neartú, faoi choimirce Europol agus ENISA.

Ba cheart do Europol agus do Eurojust leanúint orthu ag cur leis an méid atá bainte amach acu ó thaobh deireadh a chur le hoibríochtaí bogearraí éirice, agus iad ag tacú le comhar i bhforfheidhmiú an dlí. Chun na críche sin, ba cheart do lucht forfheidhmithe dlí an úsáid is fearr is féidir a bhaint as sásraí comhair, lena náirítear an tSamhail Idirnáisiúnta um Fhreagairt ar Bhogearraí Éirice, ar uirlis de chuid Europol í, agus an Tionscnamh Idirnáisiúnta FrithBhogearraí Éirice 43 , agus ba cheart do ENISA agus do Europol oibriú i gcomhar le chéile chun leathnú a dhéanamh ar an stór uirlisí díchriptithe le haghaidh tréithchineálacha bogearraí éirice 44 .

Ceannasacht theicneolaíoch

Tá dlúthnasc idir an chibearshlándáil agus an cheannasacht theicneolaíoch, agus ní mór aghaidh a thabhairt ar spleáchais theicneolaíocha mar ábhar tosaíochta. Ní mór don Aontas forbairt agus cur chun úsáide teicneolaíochtaí nua a stiúradh. Chuige sin tá an Coimisiún ag obair chun cumais i dteicneolaíochtaí straitéiseacha a fheabhsú amhail an intleacht shaorga, candam, ardnascacht, néalríomhaireacht, imeall-ríomhaireacht, agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla 45 , trí thionscnaimh atá le teacht gan mhoill ar nós an Phlean Gníomhaíochta um Mór Roinn na hIntleachta Saorga agus na Straitéise Candamaí, i measc tionscnaimh eile 46 . Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do chur chun úsáide prapúil na bprótacal idirlín is déanaí atá ar fáil, ar prótacail iad a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta. Tá na prótacail sin fíor-riachtanach chun idirlíon éifeachtúil inscálaithe a choinneáil ar bun a bhfuil leibhéal cibearshlándála feabhsaithe aige. Tá gá le tuilleadh gníomhaíochtaí freisin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann leis an speictream raidió, mar shampla dúshláin i ndáil le spúfáil agus trasnaíocht an chórais um loingseoireacht satailíte dhomhanda agus rioscaí agus spleáchais sa slabhra soláthair, gníomhaíochtaí ar nós teicneolaíochtaí braite candamaí a úsáid agus forbairt na hacmhainneachta faireacháin radaimhinicíochta a fhiosrú.

Beidh sé ríthábhachtach réitigh cripteagrafaíochta iar-chandamaí a úsáid chun cumarsáid íogair agus sonraí ar fos a chosaint, sin agus chun céannachtaí digiteacha a chosaint sa ré chandamach nua. Ar bhonn Mholadh 2024 maidir le Treochlár um Chur Chun Feidhme Comhordaithe le haghaidh an aistrithe chuig Cripteagrafaíocht Iar-chandamach 47 , tá an Coimisiún ag obair leis na Ballstáit chun an taistriú sin a chothú. I ndáil leis an méid sin, ba cheart do na Ballstáit cásanna ardriosca in eintitis chriticiúla a shainaithint agus criptiú atá sábháilte ó thaobh candaim de a áirithiú le haghaidh na gcásanna ardriosca sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná deireadh 2030. Tá an Coimisiún ag obair leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis (GES) freisin chun an bonneagar cumarsáide candamaí Eorpach (EuroQCI) 48 a fhorbairt agus a chur chun úsáide, bunaithe ar Dháileadh Candamach Eochracha mar chuid de IRIS² , Clár an Aontais um Nascacht Shlán. Is é an toradh deiridh a bheidh ar an dá thionscnamh go gcuirfear ar a gcumas d’eintitis sonraí a tharchur agus faisnéis a stóráil go slán.

Beidh ról lárnach ag teicneolaíochtaí candamacha freisin i bhfeidhmeanna slándála: forbrófar treochlár um brath candamach i bhfeidhmeanna slándála mar chuid den Straitéis Chandamach. Ar an gcaoi chéanna, tá an Coimisiún ag obair chun candamdhíonadh a dhéanamh ar a chórais chorparáideacha atá criticiúil ó thaobh na slándála de, lena n‑áirítear a chórais TF rúnaicmithe.

Creat cibearshlándála atá fabhrach do ghnólachtaí

An t‑athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil atá ar na bacáin, is deis é sin chun reachtaíocht chibearshlándála an Aontais a shimpliú, i gcomhréir leis an gCompás Iomaíochais. Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar an creat cothrománach cibearshlándála a leagtar amach sa Dara Treoir NIS, sa Ghníomh um Chibear-Athléimneacht agus sa Ghníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht a chur chun feidhme go tapa, go comhleanúnach agus ar bhealach atá fabhrach do ghnólachtaí. Leis sin cuirfear simplíocht agus comhleanúnachas chun cinn agus seachnófar ilroinnt nó dúbláil rialacha cibearshlándála i ndlíthe an Aontais agus i ndlíthe náisiúnta.

Chun go bhféadfaí rochtain shlán ar sheirbhísí ar líne a fháil agus chun an tslándáil dhigiteach a neartú ar fud an Aontais, cuirfidh an Creat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach Tiachóga Céannachta Digití iontaofa ar fáil do shaoránaigh agus do chónaitheoirí uile an Aontais roimh dheireadh 2026. Leis an Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa atá ar na bacáin, éascófar idirghníomhaíochtaí trasteorann slána idir gnólachtaí agus údaráis riaracháin poiblí. Is réamhriachtanais iad an dá rud ionas go bhfeidhmeoidh an Margadh Aonair sonraíbhunaithe ar bhealach níos sláine agus níos éifeachtúla, le huirlisí amhail an Tairseach Aonair Dhigiteach, ríomhshonrascadh, ríomhsholáthar agus an Pas Táirge Digiteach.

Slándáil ar líne

Is ar líne a tharlaíonn cuid de na bagairtí hibrideacha is tromchúisí lena gcuirtear slándáil agus sábháilteacht mhuintir na hEorpa i mbaol agus lena ndírítear ar réimse daonlathach an Aontais. Áirítear ar na bagairtí sin gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus ábhar neamhdhleathach ar líne, ionramháil faisnéise a bhfuil aimpliú saorga ag baint léi, faisnéis mhíthreorach, agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis.

Tá sé fíorthábhachtach an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (GSD) a fhorfheidhmiú go dian chun timpeallacht shábháilte inrochtana ar líne a áirithiú, timpeallacht a bhfuil gníomhaithe cuntasacha inti agus atá athléimneach in aghaidh bagairtí hibrideacha freisin. Cuireann GSD oibleagáid ar sholáthraithe ardán anmhór ar líne agus ar sholáthraithe inneall cuardaigh anmhór ar líne measúnuithe riosca a dhéanamh agus bearta maolúcháin a chur i bhfeidhm le haghaidh rioscaí sistéamacha a eascraíonn as dearadh, feidhmiú nó úsáid a gcuid seirbhísí. I measc na rioscaí sin, d’fhéadfaí éifeachtaí diúltacha ar an dioscúrsa sibhialta agus ar phróisis toghcháin a bheith ann, sin agus ar an tslándáil phoiblí, amhail cur isteach forleathan ó ghníomhaithe stáit eachtracha mailíseacha, i bpróisis toghcháin cuir i gcás. Tá sé tábhachtach oiliúint a chur ar údaráis inniúla na mBallstát i ndáil le huirlisí dlíthiúla a úsáid chun ábhar neamhdhleathach ar líne a bhaint anuas go pras, go háirithe maidir le cibearfhoréigean inscnebhunaithe. Déantar foráil in GSD maidir le sásra freagartha ar ghéarchéimeanna, ar féidir é a ghníomhachtú i gcás ina mbeidh bagairt thromchúiseach ar an tslándáil phoiblí nó ar an tsláinte phoiblí san Aontas nó i gcodanna suntasacha de dheasca imthosca urghnácha. Chun an sásra sin a chomhlánú, tá Creat GSD um Fhreagairt ar Theagmhais deonach forbartha ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis inniúla náisiúnta atá ainmnithe mar Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha freisin. Ina theannta sin, tá gníomhaíocht déanta ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha chun sláine na dtoghchán a chosaint, mar shampla trí chruinnithe comhchéime toghcháin agus tástálacha struis a eagrú 49 . Is é atá in GSD, in éineacht leis an Rialachán maidir le fógraíocht pholaitiúil 50 , snáithe amháin as roinnt snáitheanna atá nasctha le cosaint a thabhairt don daonlathas agus do shláine na bpróiseas daonlathach, ar rudaí iad atá leochaileach i leith gníomhaithe naimhdeacha a bheith ag díriú orthu, lena náirítear trí uirlisí digiteacha agus ar na meáin shóisialta.

Cur chun feidhme an bhosca uirlisí maidir le hionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis, is comhchuid thábhachtach eile é lena gcuirtear príomhthacaíocht ar fáil ar leibhéal an Aontais. Cuid lárnach de na hiarrachtaí sin freisin is ea tacú leis an litearthacht dhigiteach agus leis an litearthacht sna meáin mar aon leis an smaointeoireacht chriticiúil 51 .

Cur i gcoinne úsáid na himirce mar uirlis troda

Le cabhair agus tacaíocht chinntitheach ón mBealarúis, d’úsáid an Rúis an imirce mar uirlis troda d’aon ghnó; d’éascaigh sí sreabha imirce i dtreo theorainneacha seachtracha an Aontais go neamhdhleathach d’fhonn ár sochaithe a dhíchobhsú agus dochar a dhéanamh d’aontacht an Aontais Eorpaigh. Ní hamháin go gcuireann sin slándáil agus ceannasacht náisiúnta na mBallstát i mbaol ach is bagairt é freisin do shábháilteacht agus sláine limistéar Schengen agus slándáil an Aontais ina iomláine. Sna conclúidí uaithi i mí Dheireadh Fómhair 2024, chuir an Chomhairle Eorpach i dtábhacht nach féidir ceadú don Rúis agus don Bhealarúis, ná d’aon tír eile, mí‑úsáid a bhaint as ár luachanna, an ceart tearmainn san áireamh, ná dochar a dhéanamh dár ndaonlathas.

Mar a thugtar le fios i dTeachtaireacht 2024 ón gCoimisiún maidir leis an imirce a bheith á húsáid mar uirlis troda, sa bhreis ar an tacaíocht láidir pholaitiúil atá tugtha ag an Aontas, tá bearta airgeadais, oibríochtúla agus taidhleoireachta déanta aige, lena náirítear comhar le tíortha tionscnaimh agus idirthurais, chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí sin go héifeachtach 52 . Is éard atá i gceist leis an bhfreagairt sin úsáid a bhaint as an gcreat nua a bhunaigh an Chomhairle chun smachtbhannaí a chur ar dhaoine aonair agus ar eagraíochtaí a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí agus beartais amhail an imirce a bheith á húsáid mar uirlis troda ag an Rúis, trí reo sócmhainní agus toirmisc taistil a fhorchur 53 . Leanfaidh an tAontas d’úsáid a bhaint as an gcreat sin, nuair is gá, agus de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun cur i gcoinne na bagartha sin.

Slándáil iompair

Is pointí ríthábhachtacha teacht isteach agus imeachta iad calafoirt mhuirí, aerfoirt agus bonneagar talún. Tá ról fíorthábhachtach acu i ngeilleagar agus sochaí an Aontais agus tá siad fíor-riachtanach don tsoghluaisteacht mhíleata. Is príomhspriocanna iad na moil agus na modhanna iompair sin áfach le haghaidh bagairtí seachtracha agus gníomhaíocht choiriúil. Cuirtear na rioscaí tromchúiseacha i dtábhacht le teagmhais a tharla le déanaí, lena náirítear sáruithe ar shlándáil lasta eitlíochta agus ionsaithe ar bhonneagar iarnróid. D’fhéadfadh oibreoirí iompair a bheith ina spriocanna agus ina nionstraimí le haghaidh gníomhaithe mailíseacha. Cuireadh feabhas ar an tslándáil eitlíochta a bhuí le hionstraimí dlí AE atá ann cheana 54 , ach i bhfianaise an ardleibhéil bagartha ar an eitlíocht shibhialta, tá áis ag teastáil chun teagmhais a thuar agus chun dul i gcomhairle go tapa leis na Ballstáit ábhartha. Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht cur chun feidhme atá ann cheana i réimse na Slándála Eitlíochta a mhéid a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe maidir le tarluithe slándála eitlíochta a chomhroinnt. Ina theannta sin, breithneoidh an Coimisiún bearta rialála chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí nua amhail teagmhais aerlasta agus chun caighdeáin slándála eitlíochta a threisiú. Is éard a bheidh i gceist leis sin freisin an reachtaíocht maidir le slándáil eitlíochta a neartú chun bearta freagartha láithreacha a chumasú agus an limistéar slándála ilfhreastail in aerfoirt an Aontais á choinneáil ar bun san am céanna.

Agus an Straitéis Eorpach um Chalafoirt atá ar na bacáin á forbairt ag an gCoimisiún, rud a chuirfidh le Comhghuaillíocht na gCalafort Eorpach, fiosróidh sé bealaí le reachtaíocht slándála muirí a neartú a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn, chun calafoirt a dhaingniú agus chun slándáil shlabhra soláthair an Aontais a fheabhsú. Chuige sin, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear chun feidhme go láidir í, agus oibreoidh sé ar chleachtais náisiúnta a chomhchuibhiú agus seiceálacha cúlra ag calafoirt a threisiú. De dhroim na bprótacal slándála a bunaíodh le haghaidh aerlasta, oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus leis an earnáil phríobháideach chun na prótacail sin a leathnú ar mhaithe leis na slabhraí iompair mhuirí a dhaingniú. 

Maidir le hÚdarás Custaim an Aontais Eorpaigh atá beartaithe, déanfaidh sé anailís agus measúnú ar rioscaí bunaithe ar fhaisnéis chustaim a bhaineann le hearraí a thagann isteach san Aontas, a imíonn as agus a bhíonn ar idirthuras ann chun tacú leis na Ballstáit cosc a chur ar ghníomhaithe mailíseacha leas a bhaint as slabhraí soláthair idirnáisiúnta. I gcomhréir le Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh 55 , beidh ról lárnach ag an gComhshocrú Eorpach um na hAigéin atá ar na bacáin maidir le dlús a chur leis an tslándáil mhuirí sna himchuacha farraige ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin, lena náirítear trí uasscálú oibríochtaí agus freachnamh muirí ilchuspóireach a spreagadh.

Athléimneacht na slabhraí soláthair

Ní mór don Eoraip a thuilleamaí ar theicneolaíochtaí tríú tíortha a laghdú, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le spleáchas agus rioscaí slándála. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún spleáchais ar sholáthróirí eachtracha aonair a mhaolú, ár slabhraí soláthair a dhírioscú i dtaobh sholáthróirí ardriosca, agus bonneagar criticiúil agus acmhainneacht thionsclaíoch ar chríoch an Aontais a dhaingniú, mar a shonraítear sa Chompás Iomaíochais 56 agus sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan 57 . Cuirfidh an Coimisiún beartas tionsclaíoch um an tslándáil inmheánach chun cinn trí oibriú i gcomhar le tionscail an Aontais i bpríomhearnálacha (e.g. moil iompair, bonneagar criticiúil) chun réitigh shlándála a tháirgeadh amhail trealamh braite, teicneolaíochtaí bithmhéadracha agus dróin, lena nionchorpraítear gnéithe slándála trí dhearadh. Agus athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar rialacha soláthair an Aontais, déanfaidh sé measúnú féachaint an leor na breithnithe slándála i dTreoir 2009 maidir le Soláthar Cosanta agus Slándála 58 chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais i ndáil le forfheidhmiú an dlí agus athléimneacht eintiteas criticiúil.

Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit scagadh a dhéanamh ar Infheistíocht Dhíreach Choigríche agus ar sholáthar trealaimh le haghaidh moil lóistíochta, rud a áiritheoidh sláine an bhonneagair chriticiúil agus na teicneolaíochta.

A luaithe a thiocfaidh sé i bhfeidhm, cuideoidh an Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánaigh agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh leis an Aontas bainistiú a dhéanamh ar ghéarchéimeanna a chuireann isteach ar shlabhraí soláthair criticiúla agus ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine. Faoin nGníomh, beifear in ann comhordú géarchéime gasta a dhéanamh, earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a shainaithint, agus bosca uirlisí a sholáthar chun a áirithiú go mbeidh na nithe sin ar fáil. Thairis sin, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, molfaidh an Coimisiún sásra foláirimh ilghníomhaireachta maidir le slándáil an iompair agus an tslabhra soláthair a bhunú lena ráthú go gcomhroinnfear an fhaisnéis ábhartha is gá chun bagairtí a réamh‑mheas agus a chomhrac ar bhealach slán prapúil.

Lena chois sin, le cur chun feidhme an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla agus an Ghnímh um an Tionscal Glan‑nialasachta, cothófar forbairt príomh‑mhargaí trí úsáid mhéadaithe a bhaint as critéir inbhuanaitheachta, athléimneachta agus tosaíochta Eorpaí i soláthar poiblí an Aontais. Beidh naisc thrádála neartaithe, mar shampla trí Chomhpháirtíochtaí Amhábhar agus trí Chomhpháirtíochtaí um Thrádáil agus Infheistíocht Ghlan, ina gcuidiú slabhraí soláthair a éagsúlú.

Athléimneacht agus ullmhacht i gcomhair bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha  

Tá méadú tagtha ar an riosca i leith bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (CBRN) de dheasca an chogaidh fhoghaigh atá an Rúis a chur ar an Úcráin. Chun aghaidh a thabhairt ar an bhféidearthacht i dtaobh ábhair CBRN a bheith á bhfáil agus á n‑úsáid mar uirlis troda, tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus le tíortha comhpháirtíochta trí oiliúint agus cleachtaí tiomnaithe. Cuirfidh an Coimisiún borradh freisin faoi chumais ullmhachta agus freagartha CBRN, le beartú tosaíochta na mbagairtí, cistiú nuálaíochta le haghaidh frithbheart, acmhainneachtaí rescEU méadaithe, agus stoc-charnadh frithbheart leighis, faoi scáth Plean Gníomhaíochta nua maidir le hUllmhacht agus Freagairt CBRN. Ina theannta sin, beidh Straitéis an Aontais maidir le Frithbhearta Leighis ina taca frithbhearta leighis a fhorbairt ó chéim an taighde go céim an mhonaraithe agus an dáilte chun an tAontas a chosaint ar phaindéimí agus ar bhagairtí CBRN.

Tá neartú déanta ag an Aontas ar an gcreat slándála sláinte 59 i bhfianaise na taithí a fuarthas ó phaindéim COVID19. Tá saotharlanna tagartha an Aontais sa tsláinte phoiblí á nainmniú ag an gCoimisiún chun acmhainneachtaí faireachais agus mearbhraite a neartú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Foilseofar Plean AE maidir le hullmhacht, cosc agus freagairt i réimse na slándála sláinte in 2025.

Príomhghníomhaíochtaí

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil (2025)

·bearta a fhorbairt chun a áirithiú go núsáidfear néalseirbhísí ar bhealach atá slán ó thaobh na cibearshlándála de

·an Straitéis Eorpach um Chalafoirt a mholadh (2025)

·athbhreithniú ar rialacha soláthair an Aontais maidir le cosaint agus slándáil (2026)

·Plean Gníomhaíochta nua maidir le hUllmhacht agus Freagairt CBRN a thíolacadh (2026)

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, an méid seo a leanas:

·an bonneagar cumarsáide candamaí Eorpach (EuroQCI) a fhorbairt agus a chur chun úsáide

·forfheidhmiú éifeachtach an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha a áirithiú

·oibriú chun cur i gcoinne úsáid na himirce mar uirlis troda

·córas um tharluithe slándála eitlíochta a bhunú

·oibriú chun sásra foláirimh ilghníomhaireachta maidir le slándáil an iompair agus an tslabhra soláthair a bhunú

Tathantaítear ar an gComhairle an méid seo a leanas a dhéanamh:

·an moladh ón gComhairle maidir le Cibir-Threoirphlean an Aontais a ghlacadh

Tathantaítear ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

·an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil agus an Dara Treoir NIS a thrasuí agus a chur chun feidhme ina niomláine

5.Gad a chur ar an gcoireacht thromchúiseach agus ar an gcoireacht eagraithe

Cabhróimid an choireacht eagraithe a dhíothú trí rialacha níos láidre a mholadh chun dul i ngleic le líonraí coireachta eagraithe, lena n‑áirítear rialacha maidir le himscrúduithe, gníomhóimid ionas nach mbeidh daoine óga san Aontas chomh leochaileach céanna i leith a n‑earcaithe i saol na coireachta, agus cuirfimid dlús le bearta chun deireadh a chur leis an rochtain ar uirlisí agus sócmhainní coiriúla.

Tá an choireacht eagraithe ag baint leas as timpeallacht a bhíonn ag síorathrú agus tá fás as cuimse ag teacht uirthi. Tairbhíonn sí d’ardteicneolaíochtaí, tá sí gníomhach i ndlínsí éagsúla agus tá naisc láidre aici lasmuigh de theorainneacha an Aontais. Tá comhordú agus tacaíocht ar leibhéal an Aontais fíorthábhachtach i bhfianaise na mbagairtí casta trasnáisiúnta sin.

Cosc ar an gcoireacht

Is ábhar imní atá ag dul i méid san Aontas é earcú daoine óga sa choireacht eagraithe. Chun an choireacht eagraithe a chomhrac, is gá aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na coireachta trí oideachas agus roghanna malartacha ar shaol na coireachta a chur ar fáil trí bhíthin cur chuige uile-shochaí. Tacóidh an Coimisiún le comhtháthú breithnithe slándála i mbeartais oideachais, shóisialta, fostaíochta agus réigiúnacha an Aontais. Déanfaidh an tAontas beartais fhianaisebhunaithe um chosc na coireachta a chur chun cinn 60 , ar beartais iad a bheidh saincheaptha do chomhthéacsanna áitiúla.

Ar mhaithe le húsáideoirí seirbhísí ar líne, go háirithe mionaoisigh, a chosaint, inter alia, ar mhí‑úsáideoirí gnéasacha leanaí, ar gháinneálaithe ar dhaoine, agus ar earcaíocht ar líne le haghaidh na coireachta nó an antoisceachais fhoréignigh, le bearta faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha ceanglaítear ar sholáthróirí n‑ardán ar líne atá inrochtana ag mionaoisigh rioscaí a bhainistiú agus gníomhaíocht a dhéanamh i leith ábhar neamhdhleathach, lena n‑áirítear fuathchaint. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún treoirlínte a eisiúint maidir le mionaoisigh a chosaint chun cabhrú le soláthraithe ardán ar líne ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála a áirithiú do mhionaoisigh ar líne. Beidh sraith moltaí sna treoirlínte le haghaidh na seirbhísí digiteacha uile a fheidhmíonn san Aontas maidir le cosaint na mionaoiseach ar líne a fheabhsú. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún réiteach AE fíoraithe aoise a chosnaíonn an príobháideachas a éascú in 2025 freisin lena líonfar an bhearna a bheidh ann go dtí go gcuirfear an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití ar fáil ag deireadh 2026. Cuirfidh an Coimisiún plean gníomhaíochta in aghaidh na cibearbhulaíochta i láthair freisin.

Thairis sin, leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do phlé deonach ilpháirtí leasmhair le hardáin ar líne agus le gníomhaithe ábhartha eile, lena n‑áirítear trí Fhóram Idirlín an Aontais agus trí chóid iompair spriocdhírithe faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, amhail Cód Iompair 2025 maidir le fuathchaint neamhdhleathach ar líne. Is é an cuspóir atá ann feasacht a mhúscailt, freagairt go comhpháirteach do bhagairtí atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn, agus dea-chleachtas a chruthú agus a chomhroinnt maidir le bearta maolaithe.

Ar an leibhéal áitiúil, leagann tionchar na coireachta eagraithe béim ar an ngá atá le réitigh réigiúnacha chun an leochaileacht agus tarraingteacht na ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha a laghdú. Tabharfaidh Clár Oibre an Aontais do Chathracha aghaidh ar na dúshláin slándála i gcathracha, ag cur leis an tionscnamh Cathracha an Aontais in aghaidh an Radacaithe. Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit an tslándáil uirbeach agus réigiúnach a fheabhsú trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa. 

Bíonn scileanna agus bunleibhéil oideachais níos láidre mar bhonn taca faoi shochaithe athléimneacha comhtháite. Trí Aontas na Scileanna agus an Plean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú, oibreoidh an tAontas chun cuidiú le daoine a bheith níos athléimní in aghaidh na mífhaisnéise agus na bréagaisnéise, in aghaidh an radacaithe agus in aghaidh a n‑earcaithe i saol na coireachta.

Is príomhchuspóir de chuid an Aontais é leanaí a chosaint ar gach cineál foréigin, lena n‑áirítear coireacht agus foréigean fisiciúil agus meabhrach, bíodh sin ar líne nó as líne. Chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais shonracha atá ag grúpaí an‑leochaileacha ar nós leanaí, forbróidh an tAontas Plean Gníomhaíochta maidir le Leanaí a Chosaint ar an gCoireacht lena gcuimseofar na gnéithe ar líne agus as líne. Is ag dul i méid atá an baol do leanaí maidir le hearcaíocht agus radacú, mealltóireacht agus mí‑úsáid ghnéasach leanaí, cibearbhulaíocht, bréagaisnéis agus bagairtí eile. Sa phlean, leagfar amach cur chuige comhordaithe comhleanúnach bunaithe ar na creataí agus na huirlisí atá ar fáil, lena n‑áirítear Lárionad an Aontais chun Mí‑úsáid Ghnéasach Leanaí a Chosc agus a Chomhrac (a bheidh ann amach anseo) agus comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE eile, agus molfar bealaí chun cinn i gcás ina mbeidh bearnaí fós ann.

Stop a chur leis na líonraí coiriúla agus lena n‑áisitheoirí

Ní mór dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne líonraí coiriúla ardriosca, cinn feadhna agus áisitheoirí. Cé gur suntasach an méid a baineadh amach le déanaí 61 , cuireann rialacha atá as dáta agus sainmhínithe neamhréireacha ar líonraí coiriúla bac ar fhreagairt éifeachtach an cheartais choiriúil agus ar chomhar trasteorann. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar reachtaíocht atá as dáta sa réimse sin agus molfaidh sé creat dlíthiúil athnuaite maidir leis an gcoireacht eagraithe chun an fhreagairt uirthi a neartú.

Is féidir forfheidhmiú an dlí a chomhlánú le forfheidhmiú riaracháin le haghaidh torthaí níos tapúla – mar atá léirithe ag OIPE agus ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) agus iad ag tabhairt aghaidh ar chalaois trasteorann agus ar choireanna in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais. Díríonn calaoiseoirí fóirdheontais ar earnálacha amhail fuinneamh inathnuaite, cláir thaighde agus earnáil na talmhaíochta 62 . Fiosróidh an Coimisiún bealaí chun úsáid uirlisí um cheartas coiriúil agus uirlisí riaracháin a chomhordú, rud a chuirfidh feabhas ar an gcomhar le Europol, Eurojust agus OIPE. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag tacú le cur i bhfeidhm níos leithne an chur chuige riaracháin freisin chun an chumhacht a thabhairt d’údaráis áitiúla agus d’údaráis riaracháin eile cur isteach ar insíothlú coiriúil 63 .

Tá an tAontas ag obair chun a chreat dlíthiúil um chomhrac an éillithe a neartú 64 . Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an chaibidlíocht maidir leis an gcreat frithéillithe nuashonraithe atá molta ag an gCoimisiún a thabhairt i gcrích go tapa. Cuirfidh an Coimisiún Straitéis AE um FhrithÉilliú i láthair chun sláine a chothú agus chun comhordú a neartú i measc na núdarás agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha uile sa réimse sin.

Is príomhchumasóir iad airm thine a mhéid a bhaineann leis an bhforéigean a dhéanann grúpaí coireachta eagraithe, foréigin atá ag dul i méid. Molfaidh an Coimisiún caighdeáin choiteanna dlí choiriúil maidir le gáinneáil aindleathach ar airm thine. Le Plean Gníomhaíochta AE nua in aghaidh gáinneáil ar airm thine, díreofar ar an margadh dleathach a chosaint, srian a chur le gníomhaíochtaí coiriúla a bhuí le faisnéis níos fearr, sin agus an comhar idirnáisiúnta a neartú agus béim ar leith á leagan ar an Úcráin agus ar na Balcáin Thiar.

Tá gá le bearta chun cosc agus inrianaitheacht a fheabhsú i gcás ábhair phiriteicniúla a thrádáiltear go neamhdhleathach agus a úsáidtear i gcoireanna. Faoi láthair, tá meastóireacht á déanamh ag an gCoimisiún ar an Treoir maidir le hÁbhair Phiriteicniúla agus breithneoidh sé smachtbhannaí coiriúla ar gháinneáil ar ábhair phiriteicniúla freisin.

An t‑airgead a leanúint

Tá sé ríthábhachtach an t‑airgead a leanúint chun an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac, ach tá an‑chuid dúshlán ag baint leis sin fós. I bhfianaise an naisc idir an choireacht eagraithe agus sreabha airgid, tá gá le dianiarrachtaí comhcheangailte chun stop a chur leis an rochtain atá ag líonraí coiriúla ar fhoinsí cistiúcháin agus chun cosaint níos fearr a thabhairt do dhaoine, do ghnólachtaí agus do bhuiséid phoiblí.

Tá neartú déanta ag an Aontas ar a chuid iarrachtaí trí bhíthin na rialacha nua maidir le frithsciúradh airgid, lena náirítear bunú ÚCSA 65 . Tá comhar idir ÚCSA, OLAF, OIPE, Eurojust agus Europol fíor-riachtanach chun imscrúduithe airgeadais éifeachtacha a chur chun feidhme. Tacóidh an Coimisiún le bunú comhpháirtíochtaí, idir chomhpháirtíochtaí a éascaíonn comhar idirghníomhaireachta agus chomhpháirtíochtaí a bhfuil baint ag an earnáil phríobháideach leo.  

Chun deireadh a chur leis na bunchúiseanna airgeadais atá leis an gcoireacht eagraithe, tá sé fíor-riachtanach sócmhainní a urghabháil agus gnóthachain choiriúla a choigistiú. Ba cheart do na Ballstáit na rialacha níos láidre a glacadh le déanaí maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní 66 a thrasuí gan mhoill agus leas iomlán a bhaint astu. Ina theannta sin, maidir le córais airgeadais chomhthreomhara a théann timpeall ar chreat frithsciúrtha airgid an Aontais, lena náirítear córais chripteabhunaithe, chun na córais sin a chomhrac tá gá le gníomhaíochtaí nuálacha, dea-chleachtais chomhroinnte i measc na mBallstát agus tacaíocht mhéadaithe ó Europol agus ó Eurojust. Féachfaidh an Coimisiún an bhféadfaí córas uile-Aontais nua a bhunú chun brabúis ón gcoireacht eagraithe agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a rianú agus spreagfaidh sé sreabha faisnéise leathnaithe prapúla ó Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais go lucht forfheidhmithe dlí. Fiosróidh an Coimisiún slite chun bealaí éalaithe a dhúnadh, tacóidh sé leis na Ballstáit i ndáil le fothú acmhainneachta, agus déanfaidh sé tuilleadh oibre chun an comhar a neartú le tríú tíortha a mbaineann coirpigh míúsáid astu le haghaidh oibríochtaí baincéireachta faoi thalamh. 

Coireanna tromchúiseacha a chomhrac

Chomh maith le deireadh a chur le líonraí coiriúla, tá gá le hiarrachtaí spriocdhírithe chun dul i ngleic le coireanna tromchúiseacha. Ionas go gcuirfear lenár gcumas calaois ar líne a chomhrac – rud is cúis le dochar airgeadais anmhór 67 – tacóidh an Coimisiún le bearta coisctheacha agus le gníomhaíocht forfheidhmithe dlí níos éifeachtaí agus oibreoidh sé leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara chun tacú le híospartaigh agus chun iad a chosaint, lena náirítear trí chúnamh a thabhairt dóibh a gcistí a aisghabháil. Cuirfear na hiarrachtaí sin ar bhonn foirmiúil i bPlean Gníomhaíochta maidir le Calaois ar Líne.

Agus é ag cur le Straitéis an Aontais 2020-2025 maidir le míúsáid ghnéasach leanaí a chomhrac 68 , tacóidh an Coimisiún leis na comhreachtóirí bailchríoch a chur ar an dá thogra reachtacha 69 chun míúsáid ghnéasach leanaí ar líne a chosc agus a chomhrac agus chun gníomhaíocht forfheidhmithe dlí a dhéanamh níos éifeachtaí, ar gníomhaíocht í in aghaidh míúsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí. Agus rialacha eatramhacha i bhfeidhm go dtí mí Aibreáin 2026, tá sé fíor-riachtanach creat dlíthiúil buan a bhunú. Molann an Coimisiún do na comhreachtóirí dul i mbun caibidlíochta maidir leis an dréachtrialachán lena leagtar síos rialacha chun míúsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac. Iarrtar ar na comhreachtóirí freisin dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh na caibidlíochta faoin Treoir maidir le míúsáid ghnéasach leanaí, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus ábhar míúsáide gnéasaí leanaí a chomhrac, treoir lena mbunófar rialacha íosta maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí coiriúla a shainiú i réimse an teacht i dtír ghnéasaigh ar leanaí.

Tá leath de na líonraí coiriúla is contúirtí san Aontas páirteach i ngáinneáil fhoréigneach ar dhrugaí. Cé gur neartaigh an tAontas a chomhrac i gcoinne na coire sin le déanaí 70 , go háirithe trí shainordú Ghníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh a leathnú, tá gá le tuilleadh gníomhaíochtaí. Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun Straitéis AE nua um Dhrugaí a mholadh. Déanfaidh sé athbhreithniú freisin ar an gcreat dlíthiúil maidir le réamhtheachtaithe drugaí agus molfaidh sé Plean Gníomhaíochta AE in aghaidh na gáinneála ar dhrugaí chun cur isteach ar bhealaí agus ar shamhlacha gnó. Leathnófar comhpháirtíocht phoiblíphríobháideach Chomhghuaillíocht na gCalafort Eorpach maidir le cosaint neartaithe do chalafoirt ionas go gcuirfear calafoirt bheaga agus intíre san áireamh agus chun a áirithiú go ndéanfar rialacha slándála muirí a fhorfheidhmiú. Agus aitheantas á thabhairt aige do na tionchair thromchúiseacha a bhíonn ag an ngáinneáil ar dhrugaí ar an leibhéal áitiúil, leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do bheartas drugaí atá cothrom, fianaisebhunaithe agus ildisciplíneach, agus é réidh le haghaidh sreabha tobanna drugaí, go háirithe óipiamóidigh shintéiseacha.

Chun dúshaothrú daoine a chomhrac, ghlac an tAontas rialacha nua 71 agus tabharfaidh sé isteach Straitéis AE athnuaite um Gháinneáil ar Dhaoine a Chomhrac (2026-2030), straitéis lena gcumhdófar gach céim ón gcosc go dtí an tionchúiseamh, agus béim á leagan ar thacaíocht d’íospartaigh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon.

Sa chomhrac i gcoinne smuigleáil imirceach, stiúrfaidh an Coimisiún iarrachtaí le príomhchomhpháirtithe tríd an gComhghuaillíocht Dhomhanda nua chun Smuigleáil Imirceach a Chomhrac, i gcomhar le Europol, Eurojust agus Frontex, lena náirítear an ghné ar líne. Ba cheart na tograí ón gCoimisiún maidir le frithsmuigleáil 72 a ghlacadh agus a chur chun feidhme gan mhoill. Thairis sin, tar éis ghlacadh an Bhosca Uirlisí maidir le hoibreoirí iompair 73 , mhéadaigh an Coimisiún an fhor-rochtain chuig údaráis agus oibreoirí eachtracha, agus leanfaidh sé air ag dul i gcomhar le tionscal na heitlíochta agus le heagraíochtaí eitlíochta sibhialta 74 chun feasacht a mhúscailt maidir le smuigleáil imirceach d’aer 75 .

Is bagairt í an choireacht chomhshaoil don chomhshaol, don tsláinte phoiblí agus dár ngeilleagair san fhadtéarma. Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit an Treoir maidir le Coireacht Chomhshaoil 76 a chur chun feidhme agus neartóidh sé líonraí agus gníomhaíochtaí oibríochtúla sa réimse sin 77 . Is den fhíor-riachtanas é go ndéanfar an Treoir a fhorfheidhmiú go láidir. Ina theannta sin, beidh Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cosaint an Chomhshaoil tríd an Dlí Coiriúil a glacadh le déanaí 78 ina chuidiú iarrachtaí láidre inchomparáide a áirithiú chun dul i ngleic leis an gcoireacht chomhshaoil san Eoraip agus níos faide i gcéin.

Freagairt an cheartais choiriúil

D’fhéadfadh tionchar a bheith ag an gcoireacht agus ag an sceimhlitheoireacht ar dhuine ar bith, rud a fhágann go bhfuil sé fíor-riachtanach tacú le cearta íospartach agus iad a chosaint chun díobháil a laghdú agus chun an tslándáil fhoriomlán agus muinín as údaráis a mhéadú. Agus an Coimisiún ag cur leis an Treoir maidir le Cearta Íospartach, tabharfaidh sé isteach Straitéis AE nua um Chearta Íospartach.

Tá uirlisí éifeachtacha de dhíth ar chórais ceartais choiriúil an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn. Chun é sin a bhaint amach, tá Fóram Ardleibhéil maidir le Todhchaí Cheartas Coiriúil an Aontais Eorpaigh seolta ag an gCoimisiún. San fhóram sin, tugtar le chéile na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais, agus páirtithe leasmhara ábhartha eile. Is é an sprioc atá aige plé a dhéanamh ar bhealaí chun a áirithiú go leanfaidh ár gcórais ceartais choiriúil de bheith éifeachtach, cothrom agus athléimneach d’ainneoin na ndúshlán atá ag teacht chun cinn, agus comhar breithiúnach á neartú agus muinín fhrithpháirteach á feabhsú san am céanna, lena náirítear tríd an digitiú 79 .

Príomhghníomhaíochtaí

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·togra reachtach a thíolacadh le haghaidh rialacha nuachóirithe maidir leis an gcoireacht eagraithe in 2026

·togra reachtach a thíolacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil maidir le réamhtheachtaithe drugaí (2025)

·togra reachtach a thíolacadh le haghaidh caighdeáin choiteanna dlí choiriúil maidir le gáinneáil aindleathach ar airm thine (2025)

·measúnú ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na Treoracha maidir le hÁbhair Phiriteicniúla agus Pléascáin Shibhialta

·measúnú ar an ngá atá leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach agus an Barántas Gabhála Eorpach a neartú a thuilleadh

·Straitéis AE nua um Gháinneáil ar Dhaoine a Chomhrac a thíolacadh (2026)

·Straitéis AE nua um Chearta Íospartach a thíolacadh (2026)

·Plean Gníomhaíochta AE maidir le Leanaí a Chosaint ar an gCoireacht a thíolacadh (faoi 2027)

·Plean Gníomhaíochta AE in aghaidh na Gáinneála ar Dhrugaí a thíolacadh (2025)

·Plean Gníomhaíochta AE in aghaidh Gáinneáil ar Airm Thine a thíolacadh (2026)

·Comhghuaillíocht na gCalafort Eorpach a leathnú go rathúil (ó 2025 ar aghaidh)

·treoirlínte GSD a ghlacadh maidir le mionaoisigh a chosaint (2026)

·Plean Gníomhaíochta AE in aghaidh na Cibearbhulaíochta a thíolacadh (2026)

Tathantaítear ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

·na rialacha nua maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní a thrasuí ina niomláine (faoi dheireadh 2026) agus leas iomlán a bhaint astu

·an cur chuige riaracháin a chur chun feidhme sa chomhrac i gcoinne insíothlú coiriúil

·comhpháirtíochtaí poiblípríobháideacha a chur ar bun in aghaidh sciúradh airgid

·an Treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, an treoir sin a thrasuí agus a chur chun feidhme ina hiomláine

Tathantaítear ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an méid seo a leanas a dhéanamh:

·dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh na caibidlíochta faoin Rialachán lena leagtar síos rialacha chun míúsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac agus faoin Treoir maidir le míúsáid ghnéasach leanaí, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus ábhar míúsáide gnéasaí leanaí a chomhrac

·an chaibidlíocht faoin Treoir maidir leis an éilliú a chomhrac a thabhairt i gcrích

6.An sceimhlitheoireacht agus an tantoisceachas foréigneach a chomhrac

Tabharfaimid isteach clár oibre cuimsitheach frithsceimhlitheoireachta chun radacú a chosc, spásanna ar líne agus spásanna poiblí a dhaingniú, cainéil mhaoiniúcháin a phlúchadh agus freagairt d’ionsaithe nuair a tharlaíonn siad.

Tá leibhéal na bagartha sceimhlitheoireachta san Aontas fós ard. Tá dlúthbhaint aige le héifeachtaí seach‑iarmharta imeachtaí geopholaitiúla, le teicneolaíochtaí nua agus le modhanna nua i ndáil le maoiniú na sceimhlitheoireachta. Ní mór dúinn a áirithiú go mbeidh an tAontas réidh agus in ann bagairtí a réamh‑mheas, an radacú a chosc (as líne agus ar líne), saoránaigh agus spásanna poiblí a chosaint ar ionsaithe, agus freagairt go héifeachtach d’ionsaithe nuair a tharlaíonn siad. Tíolacfar Clár Oibre AE nua maidir leis an sceimhlitheoireacht agus an t‑antoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac in 2025 chun gníomhaíocht an Aontais amach anseo a leagan amach. I gcomhréir leis an gClár Oibre nua, in 2025 síneoidh an tAontas agus na Balcáin Thiar an Plean Gníomhaíochta Comhpháirtí nua maidir leis an sceimhlitheoireacht agus an t‑antoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac.

Radacú a chosc agus daoine a chosaint ar líne

Ar an gcaoi chéanna leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, chun tús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus an antoisceachais fhoréignigh ní mór dul i ngleic leis na bunchúiseanna atá leo. Cuirfidh Mol Eolais an Aontais Eorpaigh maidir le radacú a chosc dlús leis an tacaíocht a thugann sé do chleachtóirí agus do lucht ceaptha beartas trí bhíthin bosca uirlisí cuimsitheach nua um chosc ionas go bhféadfar sainaithint agus idirghabhálacha luatha a dhéanamh a bheidh dírithe ar dhaoine leochaileacha, go háirithe mionaoisigh. Is minic a tharlaíonn radacú i bpríosúin agus eiseoidh an Coimisiún moltaí nua chun tacú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin.

Baineann sceimhlitheoirí agus antoiscigh fhoréigneacha úsáid as ardáin ar líne chun ábhar sceimhlitheoireachta agus ábhar díobhálach a scaipeadh, cistí a bhailiú agus daoine a earcú. Tá úsáideoirí leochaileacha, go háirithe mionaoisigh, á radacú ar líne ar ráta scanrúil. Bhí ról lárnach ag an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne i gcur i gcoinne scaipeadh an ábhair sceimhlitheoireachta ar líne; is a bhuí leis gur féidir an tábhar is gránna agus is contúirtí a bhaint anuas go tapa 80 . Tá meastóireacht á déanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar fheidhmiú an rialacháin agus déanfaidh sé measúnú ar an mbealach is fearr chun an creat sin a neartú.

Déanfar Prótacal Géarchéime an Aontais le haghaidh mearfhreagairt chomhpháirteach ó lucht forfheidhmithe dlí agus ó thionscal na teicneolaíochta i ndáil le hionsaí sceimhlitheoireachta a leasú chun inscálaitheacht agus solúbthacht a áirithiú sa fhreagairt don ghné ar líne d’ionsaithe sceimhlitheoireachta, gné atá ag dul i méid. Is é Fóram Idirlín an Aontais an príomhbhealach fós le haghaidh comhar deonach le tionscal na teicneolaíochta chun dul i ngleic le hábhar sceimhlitheoireachta agus ábhar díobhálach ar líne. Ina theannta sin, tá an Coimisiún rannpháirteach i dtionscnaimh idirnáisiúnta amhail Fondúireacht Ghlao chun Gnímh Christchurch agus an Fóram Domhanda Idirlín chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac.

Cur i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta

Maoiníonn sceimhlitheoirí a gcuid gníomhaíochtaí le feachtais sluachistiúcháin, criptea-shócmhainní, nuabhainc agus ardáin íocaíochta ar líne. Ní mór do lucht forfheidhmithe dlí na sreabha airgeadais sin a bhrath agus a imscrúdú. Chuige sin, tá gá le hacmhainní, uirlisí agus saineolas. Tá ról lárnach ag Líonra na nImscrúdaitheoirí Airgeadais Frithsceimhlitheoireachta sa mhéid sin. Féachfaidh an Coimisiún an bhféadfaí córas uile-Aontais nua a chruthú chun maoiniú sceimhlitheoireachta a rianú lena gcumhdófaí idirbhearta laistigh den Aontas agus laistigh den limistéar aonair d’íocaíochtaí euro, aistrithe criptea-shócmhainní, íocaíochtaí ar líne agus íocaíochtaí de dhroim sreinge, rud a chomhlánódh Comhaontú an Chláir um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe.

Ní mór buiséad an Aontais a chosaint ar mhí‑úsáid chun tuairimí radacacha/antoisceacha a chothú sna Ballstáit. Áirítear sa Rialachán Airgeadais athbhreithnithe anois ciontú as ‘gríosú chun idirdhealaithe, fuatha nó foréigin’ mar fhoras le heisiamh ó chistiú ón Aontas. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag fiosrú an bhealaigh is fearr chun leas iomlán a bhaint as an mbosca uirlisí, lena n‑áirítear tráth a bhíonn tairbhithe féideartha á roghnú aige. Tá cosaint bhuiséad an Aontais ag brath ar chomhar láidir agus ar chomhroinnt faisnéise le húdaráis náisiúnta agus le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais freisin.

Cosaint ar ionsaithe

Sa bhreis ar infheistíocht a dhéanamh chun radacú a chosc, is gné thábhachtach de chosaint na saoránach é srian a chur ar na modhanna atá ag sceimhlitheoirí agus coirpigh ionsaithe a dhéanamh. Tá gá le gníomhaíocht maidir leis na huirlisí a úsáideann sceimhlitheoirí agus chun cosaint a thabhairt do na spriocanna atá i mbaol a n‑ionsaithe.

Sa bhreis ar ghníomhaíochtaí maidir le hairm thine, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na rialacha maidir le réamhtheachtaithe pléascán freisin chun ceimiceáin ardriosca a chur san áireamh. Is iad spásanna poiblí na spriocanna is coitianta i gcónaí i gcás ionsaithe sceimhlitheoireachta, go háirithe i gcás gníomhaithe aonair. Chun saoránaigh a chosaint ar dhíobháil, neartófar clár Comhairleach an Aontais um Shlándáil Cosanta chun measúnuithe leochaileachta a dhéanamh ar spásanna poiblí, ar bhonneagar criticiúil agus ar imeachtaí ardriosca, arna iarraidh sin do na Ballstáit. Beidh an clár sin maoinithe ag buiséad an Aontais faoin gCiste Slándála Inmheánaí. Féachfaidh an tAontas le leathnú a dhéanamh ar an maoiniú atá ar fáil chun spásanna poiblí a chosaint. Cuireann an Coimisiún tacaíocht ar fáil d’údaráis na mBallstát agus d’oibreoirí príobháideacha trí threoraíocht agus uirlisí tiomnaithe, amhail an Mol Eolais maidir le Spásanna Poiblí a Chosaint 81 , agus tá EUR 70 milliún curtha ar fáil ó bhí 2020 ann chun tacú le cosaint na spásanna poiblí.

Féachfaidh an Coimisiún freisin ar cheanglais d’eagraíochtaí a thabhairt isteach maidir le bearta slándála a mheas nó a úsáid in ionaid a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, trí dhul i dteagmháil le húdaráis áitiúla agus le comhpháirtithe príobháideacha

I bhfianaise leochaileachtaí follasacha, beidh Straitéis an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú (2021-2030) fós ina treoir do ghníomhaíochtaí an Choimisiúin i ndáil leis an bpobal Giúdach a chosaint. Áiritheoidh an Coimisiún freisin go mbeidh uirlisí iomchuí i bhfeidhm chun tacú leis na Ballstáit fuath frith‑Mhoslamach a chomhrac.  

Is dúshlán slándála atá ag dul i méid é dróin a úsáid le haghaidh spiaireachta agus ionsaithe. Forbróidh an Coimisiún modheolaíocht tástála chomhchuibhithe le haghaidh córais frithdhrón, bunóidh sé Ionad Barr Feabhais Frithdhrón agus déanfaidh sé measúnú ar an ngá atá le dlíthe agus nósanna imeachta na mBallstát a chomhchuibhiú 82 .

Trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta

Chun trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta atá ag filleadh nó ag teacht isteach ag teorainneacha seachtracha an Aontais a shainaithint, tá gá le sonraí faoi dhaoine aonair ar bagairt sceimhlitheoireachta iad. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún, in éineacht le Europol, a chomhar le tríú tíortha barrthábhachtacha a neartú chun sonraí beathaisnéiseacha agus bithmhéadracha a fháil faoi dhaoine aonair a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt sceimhlitheoireachta, lena náirítear trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta, sonraí is féidir a chur isteach i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) ina dhiaidh sin i gcomhréir iomlán le creataí dlíthiúla infheidhme an Aontais agus leis na creataí dlíthiúla náisiúnta is infheidhme. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbainfidh na Ballstáit úsáid as na huirlisí uile atá ann cheana. Áirítear leis sin an fhaisnéis ábhartha uile a chur isteach in SIS, seiceálacha bithmhéadracha a fheabhsú agus seiceálacha córasacha éigeantacha a dhéanamh ar gach duine ag teorainneacha seachtracha an Aontais 83 . Thairis sin, beidh na Táscairí Comhchoiteanna Riosca a d’fhorbair Frontex fós ina dtaca ag údaráis rialaithe teorann na mBallstát an riosca a bhaineann le taisteal amhrasach daoine a d’fhéadfadh a bheith ina dtrodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta a shainaithint agus a mheasúnú.

Lena chois sin, lena áirithiú go gcoinneoidh na Ballstáit rochtain ar an bhfianaise ón láthair chatha arna bailiú ag foireann imscrúdaithe na Náisiún Aontaithe chun cuntasacht a chur chun cinn i leith coireanna a rinne Da’esh/ISIL (UNITAD) ar mhaithe le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta a ionchúiseamh, déanfaidh an Coimisiún, in éineacht le Eurojust, measúnú ar an bhféidearthacht an fhianaise sin a stóráil sa bhunachar sonraí fianaise i leith na gcoireanna idirnáisiúnta is tromchúisí, ar bunachar de chuid Eurojust é. Thairis sin, beidh an Clár Breithiúnach Eorpach nua um Chomhrac na Sceimhlitheoireachta fós ina dtaca ag breithiúna na mBallstát naisc thrasteorann a shainaithint go tapa i gcásanna sceimhlitheoireachta.

Príomhghníomhaíochtaí

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·clár oibre AE nua a ghlacadh maidir leis an sceimhlitheoireacht agus an tantoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac (2025)

·Plean Gníomhaíochta Comhpháirtí nua maidir leis an sceimhlitheoireacht agus an tantoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac, an plean sin a shíniú i gcomhpháirt leis na Balcáin Thiar (2025)

·bosca uirlisí cuimsitheach nua um chosc a fhorbairt in éineacht le Mol Eolais an Aontais

·meastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne (2026)

·Prótacal Géarchéime an Aontais a leasú (2025)

·togra reachtach a thíolacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán (2026)

·féachaint an bhféadfaí córas uile-Aontais nua a bhunú chun maoiniú na sceimhlitheoireachta a rianú

Tathantaítear ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

·seiceálacha bithmhéadracha a fheabhsú agus seiceálacha córasacha éigeantacha a dhéanamh ag teorainneacha seachtracha an Aontais

·leas iomlán a bhaint as an gClár Breithiúnach Eorpach um Chomhrac na Sceimhlitheoireachta

7.An tAontas Eorpach mar ghníomhaí láidir domhanda i réimse na slándála

Chun slándáil an Aontais a fheabhsú, cuirfimid borradh faoin gcomhar oibríochtúil trí bhíthin comhpháirtíochtaí le réigiúin barrthábhachtacha, mar shampla tíortha is iarrthóirí, ár gcomhpháirtithe comharsanachta, Meiriceá Laidineach agus réigiún na Meánmhara. Cuirfear leasanna slándála an Aontais san áireamh sa chomhar idirnáisiúnta, lena n‑áirítear trí thairbhe a bhaint as uirlisí agus ionstraimí an Aontais.

Sna blianta beaga a chuaigh thart, léiríodh na dlúthnaisc idir slándáil sheachtrach agus slándáil inmheánach an Aontais. Bhí éifeachtaí seach‑iarmharta tromchúiseacha ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ag an gcoinbhleacht in Gaza, ag an staid sa tSiria agus ag coinbhleachtaí atá ag teacht chun cinn ar fud na cruinne ar shlándáil inmheánach an Aontais. Chun cur i gcoinne thionchar na héagobhsaíochta domhanda ar a shlándáil inmheánach, ní mór don Aontas a leasanna slándála a chosaint go gníomhach trí aghaidh a thabhairt ar bhagairtí seachtracha, trí chur isteach ar bhealaí gáinneála agus trí chonairí leasa straitéisigh ar nós bealaí trádála a chosaint. I gcomhthráth leis sin, leanfaidh an tAontas de bheith ina chomhghuaillí láidir le tíortha comhpháirtíochta, ag obair le chéile chun feabhas a chur ar an tslándáil dhomhanda agus chun athléimneacht fhrithpháirteach a chothú in aghaidh bagairtí.

Le blianta beaga anuas, tá céimeanna móra tugtha ag an Aontas chun feabhas a chur ar a chomhar slándála. Bhunaigh sé comhaontuithe oibríochtúla um fhorfheidhmiú an dlí agus um chomhar breithiúnach, mar aon le cineálacha eile socruithe le tíortha comhpháirtíochta. Tá sé ag gabháil go gníomhach do chomhaontuithe idirnáisiúnta breise, i gcomhréir le treoracha caibidlíochta ón gComhairle, agus do thionscnaimh fothaithe acmhainneachta, arna n‑éascú ag gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais. Tá an Eoraip Dhomhanda – ICFCI (an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta) ríthábhachtach chun an tslándáil le tíortha comhpháirtíochta a neartú freisin.

Is bunchloch é an tord iltaobhach riailbhunaithe i neartú na slándála domhanda. Tá idirphlé slándála, lena náirítear idirphlé téamach, fíorthábhachtach chun na hiarrachtaí sin a threisiú. Maidir le cur chun feidhme an Chompáis Straitéisigh um Shlándáil agus Cosaint, mar aon le creataí comhair déthaobhacha agus iltaobhacha ar nós Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais agus Comhaontuithe Comhlachais, agus comhar le heagraíochtaí amhail na Náisiúin Aontaithe agus ECAT, tá sin uile ríthábhachtach chun réitigh slándála éifeachtacha a fhorbairt. Leanfaidh an tAontas dá pháirt a ghlacadh i bhfóraim iltaobhacha 84 agus cuirfidh sé feabhas ar a chomhar le heagraíochtaí agus creataí ábhartha ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, lena náirítear ECAT, na Náisiúin Aontaithe, Comhairle na hEorpa, Interpol, G7, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), agus an tsochaí shibhialta.

Comhar réigiúnach

Mar thosaíocht, is den riachtanas polaitiúil geostraitéiseach é leanúint den thacaíocht bhuanseasmhach a thugann an tAontas don Úcráin, sin agus neartú a dhéanamh ar shlándáil agus athléimneacht na dtíortha is iarrthóirí. Ba cheart tacaíocht do shlándáil an Aontais a bheith fite fuaite le comhtháthú brostaithe na dtíortha is iarrthóirí in ailtireacht slándála an Aontais, i gcomhthráth le comhdhlúthú a gcomhair réigiúnaigh. Bainfidh an Coimisiún úsáid as beartas an Aontais um méadú chun tacú le hacmhainneachtaí na dtíortha is iarrthóirí i ndáil le freagairt do bhagairtí, comhar oibríochtúil agus malartú faisnéise a mhéadú, agus ailíniú le prionsabail, reachtaíocht agus uirlisí an Aontais a áirithiú. Tá an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), mar aon leis na Saoráidí le haghaidh na hÚcráine, na Moldóive agus na mBalcán Thiar, ríthábhachtach chun an tslándáil a neartú i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha araon.

Ina theannta sin, déanfaidh an tAontas na comhpháirtithe comharsanachta a chomhtháthú a thuilleadh in ailtireacht slándála an Aontais. Tríd an gComhshocrú Nua don Mheánmhuir agus an Cur Chuige Straitéiseach maidir leis an Muir Dhubh atá ar na bacáin, tá sé d’aidhm ag an Aontas leanúint den chomhar réigiúnach a fhorbairt chomh maith le Comhpháirtíochtaí Cuimsitheacha Straitéiseacha déthaobhacha a mbeidh gné shlándála ag baint leo, agus a mbeidh idirphlé ardleibhéil slándála tráthrialta i gceist leo i gcás inarb ábhartha. Neartófar an comhar oibríochtúil leis an Afraic Thuaidh, leis an Meánoirthear agus leis an Murascaill, go háirithe maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht, frithsciúradh airgid, gáinneáil ar airm thine, táirgeadh drugaí agus gáinneáil ar dhrugaí, agus táirgeadh agus gáinneáil ar Captagon go sonrach. 

Chun aghaidh a thabhairt ar an méadú atá tagtha ar ghníomhaíocht sceimhlitheoireachta agus choiriúil agus ar na héifeachtaí seachiarmharta a d’fhéadfadh a bheith aici san Afraic Fho-Shahárach, go háirithe sa tSaiheil, i gCorn na hAfraice agus san Afraic Thiar, treiseoidh an tAontas an tacaíocht a thugann sé don Aontas Afracach, do na Comhphobail Eacnamaíocha Réigiúnacha agus do na tíortha sa réigiún. I gcomhréir le Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh 85 , neartóidh an tAontas an comhar i Murascaill na Guine, sa Mhuir Rua agus san Aigéan Indiach chun dul i ngleic leis an ngáinneáil agus leis an bpíoráideacht, trí thacú leis an gcomhar laistigh den Afraic agus leis an gcomhar réigiúnach. Ina dtaca leis sin beidh Láithreachtaí Muirí Comhordaithe an Aontais agus an Lárionad Anailíse agus Oibríochtaí Muirí – Támhshuanaigh (MAOC-N).

Le Meiriceá Laidineach agus réigiún Mhuir Chairib, neartóidh an tAontas an comhar oibríochtúil chun deireadh a chur le líonraí coiriúla ardriosca, na daoine atá páirteach iontu a ionchúiseamh agus cur isteach ar ghníomhaíochtaí aindleathacha agus ar bhealaí gáinneála. Chuige sin, feabhsóidh sé creataí comhair, amhail an creat comhair idir an tAontas agus Coiste Mheiriceá Laidinigh um Shlándáil Inmheánach agus an Sásra Comhordúcháin agus Comhair maidir le Drugaí idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh. I measc na dtosaíochtaí, beidh athléimneacht na mol lóistíochta, comhpháirtíochtaí agus an cur chuige ‘lean an t‑airgead’. Tabharfaidh an tAontas tacaíocht bhreise d’fhorbairt Eagraíocht Póilíneachta Chríocha Mheiriceá (Ameripol) ionas gur coibhéis réigiúnach Europol a bheidh inti agus neartóidh sé an comhar breithiúnach idir na Ballstáit agus an réigiún sin. Oibreoidh an tAontas leis an Áise Theas agus Láir freisin ar dhúshláin slándála choiteanna a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht, gáinneáil ar earraí aindleathacha, lena n‑áirítear drugaí, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach.

Ina theannta sin, tacóidh an tAontas le creataí comhair réigiúnaigh i dtríú tíortha chun tuilleadh cúnaimh a thabhairt dóibh deireadh a chur leis an ngáinneáil aindleathach ag an bhfoinse, i gcomhréir le prionsabal na freagrachta comhroinnte as an slabhra soláthair coiriúil ina iomláine. Thairis sin, déanfaidh an tAontas a chion chun slándáil na mol lóistíochta thar lear a neartú, trí chigireachtaí comhpháirteacha a chomhordú i gcalafoirt tríú tíortha.

Comhar oibríochtúil

Tacóidh Global Gateway le tionscadail bonneagair inbhuanaithe ardcháilíochta in earnálacha na seirbhísí digiteacha, na haeráide agus an fhuinnimh, an iompair, na sláinte, an oideachais agus an taighde. Cuirfidh an Coimisiún breithnithe slándála san áireamh, i gcás inarb ábhartha, in infheistíochtaí Global Gateway a bheidh ann amach anseo. Áireofar leis sin tionscnaimh atá ríthábhachtach do neamhspleáchas straitéiseach an Aontais agus a thíortha comhpháirtíochta, amhail tionscadail bhonneagair lena gcuimsítear measúnuithe slándála agus bearta maolaithe riosca.

Féachfaidh an Coimisiún le tuilleadh comhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha maidir le comhar le Europol agus Eurojust a chaibidliú, go háirithe le tíortha Mheiriceá Laidinigh.

Ina theannta sin, rannpháirtíocht réamhghníomhach tíortha nach Ballstáit den Aontas iad in EMPACT, tá sin ar cheann de na bealaí is éifeachtaí chun an comhar oibríochtúil a neartú. Spreagfaidh an tAontas a thuilleadh rannpháirtíocht tríú tíortha sa chreat, go háirithe tíortha sna Balcáin Thiar, i gComharsanacht an Oirthir, san Afraic Fho-Shahárach, san Afraic Thuaidh, sa Mheánoirthear, i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib. Uirlis eile chun dlús a chur leis an gcomhar le tríú tíortha sa chomhrac in aghaidh na coireachta is ea na tascfhórsaí oibríochtúla idir na Ballstáit arna gcomhordú ag Europol, tascfhórsaí a bhféadann tríú tíortha a bheith rannpháirteach iontu. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún freisin an chaibidlíocht faoin gcomhaontú idirnáisiúnta AE-Interpol a thabhairt chun críche 86 , rud a áiritheoidh cur chuige níos aontaithe maidir le bagairtí slándála domhanda agus comhrac na gcoireanna trasnáisiúnta.

Ní mór don Aontas a bheith ar an láthair i gcur chuige Fhoireann na hEorpa. Tá ról ríthábhachtach ag foireann speisialaithe an Aontais agus na mBallstát chun a áirithiú go mbíonn gníomhaíocht sheachtrach an Aontais feasach, comhordaithe agus freagrúil. Chun an cur chuige sin a thabhairt go dtí an chéad chéim eile, déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ón Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, líonraí idirchaidrimh a threisiú agus imlonnú oifigeach idirchaidrimh réigiúnach de chuid Europol agus Eurojust a éascú, i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla na mBallstát.

Féachfaidh an tAontas le comhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí agus comhar bhreithiúnach níos dlúithe a bhaint amach. Cothóidh sé comhroinnt faisnéise fíor-ama agus oibríochtaí comhpháirteacha trí Fhoirne Comhpháirteacha um Imscrúdú i dtríú tíortha le tacaíocht ó Europol agus ó Eurojust. Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit freisin lárionaid chomhpháirteacha um chomhtháthú a bhunú ina dtabharfar le chéile saineolaithe agus údaráis forfheidhmithe dlí áitiúla i dtríú tíortha straitéiseacha.

Uirlisí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES)

Bainfear leas iomlán as misin an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta freisin ionas gur fearr is féidir bagairtí seachtracha ar shlándáil inmheánach an Aontais a shainaithint agus dul i ngleic leo, i gcomhréir le sainorduithe na misean arna leagan síos ag an gComhairle. Chun acmhainneachtaí tríú tíortha a fhorbairt, tacóidh an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Coimisiún le gníomhaíochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta trí bhíthin ionstraimí cistiúcháin tiomnaithe agus fiosróidh siad na bealaí cistiúcháin oiriúnacha uile.

Is uirlis CBES sheanbhunaithe iad bearta sriantacha an Aontais, ar bearta iad a úsáidtear sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta freisin. Ar bhonn moltaí ón Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ó na Ballstáit, nó ón gCoimisiún, d’fhéadfadh an Chomhairle measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí bearta sriantacha uathrialacha an Aontais atá ann cheana (liosta an Aontais de sceimhlitheoirí) a dhéanamh níos éifeachtaí, níos oibríochtúla agus níos solúbtha. Thairis sin, d’fhéadfaí machnamh a dhéanamh ar bhearta sriantacha breise a fhiosrú lena ndíreofaí ar líonraí coiriúla, i gcomhréir le cuspóirí CBES.

Beartas víosaí agus malartú faisnéise

Is príomhuirlis é beartas víosaí an Aontais chun oibriú i gcomhar le tríú tíortha agus chun ár dteorainneacha a dhaingniú trí theacht isteach san Aontas a rialú agus na coinníollacha a leagan síos lena aghaidh. Déanfaidh an Coimisiún breithnithe slándála a chomhtháthú go hiomlán i mbeartas víosaí an Aontais trí Straitéis AE um Beartas Víosaí atá ar na bacáin. Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na comhreachtóirí chun an togra a ghlacadh maidir le hathbhreithniú agus cuíchóiriú a dhéanamh ar an Sásra lena gCuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar Fionraí, go háirithe i gcásanna sonracha ina mbaintear míúsáid as an gcóras taistil gan víosa 87 . Spreagfar tríú tíortha chun faisnéis a chomhroinnt faoi dhaoine aonair a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairtí slándála, faisnéis a chuirfear isteach i gcórais faisnéise agus i mbunachair sonraí an Aontais.

Ar mhaithe le comhordú beartais agus iarrachtaí réamhtheachtacha a bhaint amach, rudaí a éascóidh comhar níos éifeachtúla, níos tapa agus níos rianúla, oibreoidh an Coimisiún chun socruithe maidir le sreabhadh sonraí a bhunú agus fiosróidh sé bealaí chun feabhas a chur ar mhalartú faisnéise le tríú tíortha iontaofa chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus chun críoch bainistithe teorainneacha, i gcomhréir le cearta bunúsacha agus rialacha cosanta sonraí.

Príomhghníomhaíochtaí

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

·comhaontuithe idirnáisiúnta idir an tAontas agus tríú tíortha tosaíochta maidir le comhar le Europol agus Eurojust a thabhairt i gcrích

·rannpháirtíocht na dtíortha comhpháirtíochta in EMPACT a spreagadh chun an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac

·tacú le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais socruithe oibre le tíortha comhpháirtíochta a bhunú agus a neartú

·breithnithe slándála a léiriú a thuilleadh i mbeartas víosaí an Aontais tríd an Straitéis Víosaí atá ar na bacáin

·malartú faisnéise le tríú tíortha iontaofa a neartú chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus chun críoch bainistithe teorainneacha

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, an méid seo a leanas:

·leas iomlán a bhaint as misin shibhialtacha an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta

·cigireachtaí comhpháirteacha a chomhordú i gcalafoirt tríú tír (faoi 2027)

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus leis na Ballstáit, an méid seo a leanas:

·líonraí idirchaidrimh agus comhar a threisiú i gcur chuige Fhoireann na hEorpa

·foirne oibríochtúla comhpháirteacha agus lárionaid chomhpháirteacha um chomhtháthú a bhunú i dtríú tíortha (ó 2025 ar aghaidh)

Tathantaítear ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an méid seo a leanas a dhéanamh:

·an chaibidlíocht faoin athbhreithniú ar an Sásra lena gCuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar Fionraí a thabhairt i gcrích

8.Conclúid

I saol seo na héiginnteachta, ní mór uasghrádú a dhéanamh ar acmhainneacht an Aontais bagairtí slándála a réamh‑mheas agus a chosc agus freagairt dóibh.

Ní leor a bheith díreach ag freagairt do ghéarchéimeanna de réir mar a tharlaíonn siad. Ní mór dúinn ár bhfeasacht a ghéarú agus léiriú iomlán a fháil ar na bagairtí de réir mar a bhíonn siad ag forbairt. Ní mór dúinn a áirithiú freisin go bhfuil na huirlisí agus na cumais atá againn in ann chuige sin.

Cuideoidh an tsraith chuimsitheach beart a shonraítear sa Straitéis seo le hAontas níos láidre a chruthú sa domhan mór: Aontas atá in ann a riachtanais slándála féin a réamh‑mheas, pleanáil lena n‑aghaidh agus cúram a dhéanamh díobh, Aontas atá in ann freagairt go héifeachtach do bhagairtí ar a shlándáil inmheánach agus déantóirí coire a thabhairt chun cuntais, Aontas a chosnaíonn a shochaithe agus a dhaonlathais, ar sochaithe agus daonlathais iad atá oscailte, saor agus rathúil.

Tá athrú ar ár meon i leith na slándála inmheánaí ag teastáil dá bhrí sin. Oibreoimid ar son cultúr slándála AE nua a chothú. Cultúr ina gcuirtear breithnithe slándála san áireamh inár reachtaíocht, inár mbeartais agus inár gcláir uile – ó thráth a dtionscanta go dtí go gcuirfear chun feidhme iad. Cultúr an chomhair ar fud réimsí beartais a ligeann dúinn a bheith ar thús cadhnaíochta.

Ní cúram é sin d’aon institiúid, d’aon rialtas ná d’aon ghníomhaí amháin. Is é iarracht chomhchoiteann na hEorpa é.

(1)

  https://www.europol.europa.eu/cms/sites/default/files/documents/EU-SOCTA-2025.pdf  

(2)

  FlaisEorabharaiméadar FL550 : Dúshláin agus Tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

(3)

  https://reports.weforum.org/docs/WEF_Global_Risks_Report_2025.pdf , lch. 17.

(4)

  COM (2025) 46 final .

(5)

  JOIN (2025) 130 final .

(6)

  JOIN (2025) 120 final .

(7)

Safer Together – Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness [Níos Sábháilte le Chéile – Ullmhacht Shibhialta agus Mhíleata na hEorpa a Neartú], lch. 23.

(8)

I measc na Measúnuithe ar Bhagairtí Earnála a bheidh ina rannchuidiú bonn eolais a chur faoin anailís sin ar bhagairtí, tá Measúnú an Aontais ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe, Tuarascáil an Aontais ar Staid agus Treochtaí na Sceimhlitheoireachta, an Tuarascáil Chomhpháirteach um Chibearmheasúnú, agus measúnuithe ar bhagairtí, rioscaí agus modhanna an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoireachta atá le déanamh ag an gCoimisiún agus ag an Údarás um Chomhrac an Sciúrtha Airgid amach anseo.

(9)

 COM (2022)119 final

(10)

  https://www.europol.europa.eu/cms/sites/default/files/documents/europol-frontex_joint_statement_signed_31.1.2024.pdf .

(11)

Is é sin na líonraí a úsáideann lucht forfheidhmithe dlí, gardaí teorann, údaráis chustaim, lucht cosanta sibhialta, comhraiceoirí dóiteáin, freagróirí éigeandála leighis agus príomhghníomhaithe eile i réimse na slándála agus na sábháilteachta poiblí.

(12)

Bonneagar an Aontais um Athléimneacht, Idirnascacht agus Slándáil trí Shatailít

(13)

  https://www.europol.europa.eu/cms/sites/default/files/documents/EU-SOCTA-2025.pdf

(14)

  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52019PC0070 .

(15)

Tuarascáil chlabhsúir an Ghrúpa Ardleibhéil um Rochtain ar Shonraí le haghaidh Fhorfheidhmiú Éifeachtach an Dlí – 15/11/2024, 4802e306-c364-4154-835b-e986a9a49281_en .

(16)

Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus forghníomhú pianbhreitheanna coimeádta tar éis imeachtaí coiriúla, IO L 191, 28.7.2023.

(17)

Conclúidí ón gComhairle maidir le rochtain ar shonraí le haghaidh fhorfheidhmiú éifeachtach an dlí (12 Nollaig 2024) https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST16448-2024-INIT/ga/pdf .

(18)

Mar a tuairiscíodh sa Mheasúnú ón gCoimisiún ar na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme Mholadh (AE) 2022/915 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le comhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí (5909/25).

(19)

Rialachán (AE) 2024/982 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le cuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe sonraí le haghaidh comhar póilíneachta, agus lena leasaítear Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) Uimh 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán Prüm II), IO L 2024/982, 5.4.2024.

(20)

Treoir (AE) 2023/977 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle, IO L 134, 22.5.2023, lgh. 1-24.

(21)

An Feidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise.

(22)

Go sonrach, cuirfidh an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) ar a gcumas do na Ballstáit náisiúnaigh tríú tír a shainaithint ag teorainneacha seachtracha limistéar Schengen agus taifead a dhéanamh ar a ndul isteach agus ar a n‑imeacht, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann rófhantóirí a shainaithint ar bhealach córasach. Sula dtiocfaidh náisiúnach tríú tír chuig na teorainneacha seachtracha, cuirfidh an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) ar a gcumas do na Ballstáit réamh‑mheasúnú a dhéanamh an mbeadh riosca slándála ann toisc náisiúnach tríú tír a bheith ar chríoch an Aontais.

(23)

Tá an brathadóir ilchéannachtaí ar cheann de na comhchodanna idir-inoibritheachta a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/818 agus le Rialachán 2019/817.

(24)

  https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_24_5047 .

(25)

An creat um Thaifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) agus Réamhaisnéis faoi Phaisinéirí (API) a bunaíodh le Treoir (AE) 2016/681 (‘Treoir PNR’) agus le Rialachán (AE) 2025/12 agus Rialachán (AE) 2025/13 (‘Rialacháin API’).

(26)

Féach an tuarascáil ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Emerging risks and opportunities for EU internal security stemming from new technologies [Rioscaí agus deiseanna atá ag teacht chun cinn i dtaobh shlándáil inmheánach an Aontais arna neascairt as teicneolaíochtaí nua] https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC139674 .

(27)

 Study on strengthening EU-funded security research and innovation – 20 years of EU-Funded Civil Security Research and Innovation [Staidéar ar thaighde agus nuálaíocht slándála arna gcistiú ag an Aontas a neartú – 20 bliain de Thaighde agus Nuálaíocht Slándála Sibhialta arna gcistiú ag an Aontas], 2025 https://data.europa.eu/doi/10.2837/0004501 .

(28)

Mar a leagtar síos i dtuarascáil Niinistö.

(29)

  Mol Nuálaíochta an Aontais maidir leis an tSlándáil Inmheánach | Europol .

(30)

  IO C/2024/3510 , 30.5.2024.

(31)

  Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena naisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle . 

(32)

  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena naisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) .

(33)

Is iad seo a leanas na hearnálacha a chumhdaítear leis an Treoir: fuinneamh, iompar, baincéireacht, bonneagar an mhargaidh airgeadais, sláinte, uisce óil, fuíolluisce, bonneagar digiteach, riarachán poiblí, an spás, agus táirgeadh, próiseáil agus dáileadh bia.

(34)

  Compás Straitéiseach an Aontais um Shlándáil agus Cosaint, 2022 , lch. 22

(35)

Comhairleoirí Slándála Cosanta an Aontais Eorpaigh, an Líonra Eorpach um Ordanás Pléascach a Dhiúscairt, Líonra ATLAS, Líonra an Aontais um Shlándáil Spásanna Poiblí Ardriosca, Grúpa Comhairleach Slándála CBRN, an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil.

(36)

  JOIN (2025) 9 final .

(37)

Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, IO L 2023/2841, 18.12.2023.

(38)

https://digital-strategy.ec.europa.eu/ga/library/european‑action‑plan‑cybersecurity-hospitals‑and‑healthcare-providers .

(39)

  COM (2025) 90 final .

(40)

COM (2025) 89 final.

(41)

Amhail líonraí 5G, teileachumarsáid, leictreachas, fuinneamh in‑athnuaite agus feithiclí nasctha.

(42)

https://cybersecurityventures.com/global-ransomware-damage-costspredictedto-reach250-billionusdby-2031/ .

(43)

  https://counter-ransomware.org/ .

(44)

Stór atá le fáil tríd an tionscadal No More Ransom, https://www.nomoreransom.org/en/index.html .

(45)

  https://strategic-technologies.europa.eu/about_ga#step-scope .

(46)

e.g. an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach https://eurohpc-ju.europa.eu/index_ga , An Tionscnamh Suaitheanta Candaim Leathanach baile | An Tionscnamh Suaitheanta Candaim , an Líonra Ríomhaireachta Comhoibríche Nasctha (COM(2024) 81 final) agus Plean Gníomhaíochta an Aontais um Shlándáil Cáblaí (JOIN(2025) 9 final).

(47)

  Moladh maidir le Treochlár um Chur Chun Feidhme Comhordaithe le haghaidh an aistrithe chuig Cripteagrafaíocht Iar-Chandamach | Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú .

(48)

https://digital-strategy.ec.europa.eu/ga/policies/europeanquantum-communicationinfrastructure-euroqci .

(49)

Sraith Straitéisí GSD um Thoghcháin do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha 2025 https://digital-strategy.ec.europa.eu/ga/library/dsa-electionstoolkitdigital-servicescoordinators .

(50)

Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla, IO L, 2024/900, 20.3.2024.

(51)

  Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027) - Limistéar Eorpach Oideachais .

(52)

COM (2024) 570 final.

(53)

Rialachán (AE) 2024/2642 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise, ST/8744/2024/INIT, IO L 2024/2642, 9.10.2024.

(54)

Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta, IO L 97, 9.4.2008, lgh. 72-84.

(55)

  JOIN (2023) 8 final .

(56)

  COM (2025) 30 final .

(57)

  COM (2025) 85 final .

(58)

Treoir 2009/81/CE maidir le comhordú nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála, IO L 216, 20.8.2009

(59)

Go sonrach trí Rialachán (AE) 2022/2371 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte.

(60)

  https://www.eucpn.org/ .

(61)

Lena n‑áirítear cásanna EMPACT a bhí ann le déanaí.

(62)

https://www.europol.europa.eu/cms/sites/default/files/documents/EU-SOCTA-2025.pdf.

(63)

https://administrativeapproach.eu/sites/default/files/page/files/eu-jha-council-9-10-june-conclusions‑administrative-approach‑org-crime.pdf .

(64)

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an éilliú a chomhrac, a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, COM(2023) 234 final , an Bhruiséil, 3.5.2023.

(65)

  https://www.amla.europa.eu/index_en?prefLang=ga .

(66)

  Treoir (AE) 2024/1260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní, IO L 2024/1260, 2.5.2024.

(67)

  Tuarascáil Dhomhanda Frithsceamála 2024 .

(68)

  COM (2020) 607 final

(69)

  COM (2022) 209 final agus COM (2024) 60 final .

(70)

  COM (2023) 641 final .

(71)

  Treoir (AE) 2024/1712 an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus maidir lena híospartaigh a chosaint, IO L 2024/1712, 24.6.2024.

(72)

  COM (2023) 755 final agus COM (2023) 754 final .

(73)

  Toolbox addressing the use of commercial means of transport to facilitate irregular migration to the EU [Bosca uirlisí lena dtugtar aghaidh ar úsáid na modhanna iompair tráchtála chun imirce neamhrialta chuig an Aontas a éascú] .

(74)

Lena n‑áirítear an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.

(75)

Tacóidh an Coimisiún freisin le bailchríoch a chur ar an Rialachán maidir le bearta in aghaidh oibreoirí iompair a éascaíonn nó a ghlacann páirt sa gháinneáil ar dhaoine nó i smuigleáil na nimirceach, COM(2021) 753 final .

(76)

  Treoir (AE) 2024/1203 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil, IO L 2024/1203, 30.4.2024.

(77)

Líonra an Aontais Eorpaigh um Chur Chun Feidhme agus Forfheidhmiú Dhlí an Chomhshaoil (IMPEL), Líonra Eorpach na nIonchúisitheoirí don Chomhshaol (ENPE), EnviCrimeNet agus Fóram Breithiúna an Aontais Eorpaigh don Chomhshaol (EUFJE).

(78)

  Coiste saineolaithe ar chosaint an chomhshaoil tríd an Dlí Coiriúil (PC-ENV) – An Coiste Eorpach um Fhadhbanna Coireachta .

(79)

Go háirithe tríd an gCumarsáid r-Cheartais trí Mhalartú Sonraí ar Líne (e-CODEX) agus an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla – Náisiúnaigh Tríú Tír (ECRIS‑TCN) a bhunú.

(80)

Faoin 31 Nollaig 2024, eisíodh 1426 ordú baint anuas chun ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó rochtain air a bhlocáil. Is ar ábhar sceimhlitheoireachta jiohádach a bhí formhór mór na n‑orduithe sin dírithe ach díríodh ar ábhar sceimhlitheoireachta ón eite dheas freisin.

(81)

  Mol Eolais maidir le Spásanna Poiblí a Chosaint.  

(82)

De dhroim na sraithe príomhghníomhaíochtaí i dTeachtaireacht 2023 maidir le cur in aghaidh drón, COM(2023) 659 final .

(83)

I gcomhréir iomlán le Cód Teorainneacha Schengen agus leis an Rialachán maidir le Scagadh.

(84)

An Fóram Frithsceimhlitheoireachta Domhanda, an Chomhghuaillíocht Dhomhanda in aghaidh Da’esh, an Fóram Domhanda Idirlín chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, Fondúireacht Ghlao chun Gnímh Christchurch, an Chomhghuaillíocht Dhomhanda chun aghaidh a thabhairt ar Bhagairtí ó Dhrugaí Sintéiseacha.

(85)

  JOIN (2023) 8 final .

(86)

Cinneadh (AE) 2021/1312 ón gComhairle an 19 Iúil 2021 agus Cinneadh (AE) 2021/1313 ón gComhairle an 19 Iúil 2021.

(87)

  COM (2023) 642 .