An Bhruiséil,19.3.2025

COM(2025) 125 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Plean Gníomhaíochta Eorpach maidir le Cruach agus Miotail


TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Plean Gníomhaíochta Eorpach maidir le Cruach agus Miotail

Ní haon chomhtharlú é gur le cruach a tógadh an tAontas Eorpach. Tá stair fhada bhródúil ag an Eoraip maidir le cruach agus táirmhiotail a tháirgeadh 1 . Is sócmhainn ríthábhachtach é an lámh in uachtar atá ag an Eoraip maidir le táirgí ardluacha agus táirgí cruach agus táirmhiotail eile le haghaidh a lán tionscal agus táirgí iartheachtacha. Tá na hearnálacha sin ríthábhachtach do shlándáil eacnamaíoch agus cobhsaíocht shóisialta an Aontais. Agus an tábhacht straitéiseach a bhaineann leo á haithint, sainaithníodh cruach agus miotail mar phríomhréimse gníomhaíochta leis an gCompás Iomaíochais 2 .

Tá mórdhúshláin choiteanna maidir lena niomaíochas ag baint leis na hearnálacha sin go léir: costais arda fuinnimh, neamhchosaint ar éagothroime iomaíochta san iomaíocht idirnáisiúnta, riachtanais infheistíochta dícharbónaithe agus ualach rialála. Le 10 mbliana anuas, laghdaigh sciar an Aontais den táirgeadh cruach domhanda go 7-8 %, agus 3,8 % atá i dtáirgeadh alúmanaim phríomhúil 3 . An tráth céanna, rinne tíortha eile, go háirithe an tSín agus, le blianta beaga anuas, an India, agus roinnt tíortha eile san Áise agus sa Mheánoirthear, a nacmhainneacht táirgeachta a leathnú go mór, agus fóirdheontais shaobhacha mar thaca leo go minic. Mar thoradh air sin, i gcás cruach amháin, in 2024, measadh go raibh ró-acmhainneacht dhomhanda níos mó ná ceithre oiread go leith thomhaltas bliantúil an Aontais 4 .

Cé go bhfuil táirgeadh an Aontais fós in ann an chuid is mó d’éileamh intíre an Aontais ar chruach (90 %) 5 agus ar chopar (83 %) 6 a chumhdach, is cúis imní níos mó é an staid cheana féin maidir le halúmanam (46 %) 7 agus nicil (25 %) 8 , go háirithe i bhfianaise an fháis mhóir a mheastar a thiocfaidh ar an éileamh ar alúmanam, ar chopar agus ar nicil faoi 2030. Ina theannta sin, tá na miotail sin go léir riachtanach don chosaint. Mar shampla, tá idir 50 agus 60 tona de chruach ardcháilíochta i bpríomhthanc catha, tá suas le 100 tona i gcóras airtléire féinghluaiste, tá 3 thona alúmanaim in aerárthach troda  9 . Tá sé ríthábhachtach slabhra soláthair cobhsaí athléimneach a áirithiú le haghaidh na nábhar sin chun Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí a neartú, chun ullmhacht agus slándáil inmheánach an Aontais a áirithiú, chun freastal ar riachtanais chosanta agus aeraspáis an Aontais, agus chun ceannasacht theicneolaíoch a áirithiú.

Tá na tionscail miotal Eorpacha tiomanta d’infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí dícharbónaithe agus díthruaillithe agus do rannchuidiú le huaillmhian aeráide agus chomhshaoil an Aontais, agus ba é an tionscal miotal 10 ba chúis le 8,1 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána an Aontais in 2022 11  agus is foinse mhór truailleán aeir é freisin. 12 Mar sin féin, fágann an comhthéacs eacnamaíoch atá ann faoi láthair — arb é is príomhthréith dó torthaí ísle ar chaipiteal, comhbhrú corrlaigh le déanaí mar gheall ar ró-acmhainneacht dhomhanda, easpa toilteanas custaiméirí préimh ghlan a íoc agus dreasachtaí neamhleor trí idirghabháil rialála — go bhfuil sé níos deacra do thionscail miotal an Aontais infheistíocht a dhéanamh sa dícharbónú. Mar thoradh air sin, níl an cás gnó tráchtála agus airgeadais leormhaith chun infheisteoirí agus custaiméirí a mhealladh. Gan gníomhaíocht agus infheistíocht láidir, tá an baol ann i gcónaí go ndúnfaí gléasraí agus go dtiocfadh meath ar an tionscal, agus bheadh iarmhairtí tromchúiseacha aige sin ar phríomhréigiúin eacnamaíocha ar fud na hEorpa, agus ar ár nearnálacha straitéiseacha amhail tionscail chosanta agus spáis, agus chuirfeadh teorainn lena gcumas cumais agus trealamh criticiúil a sholáthar leis an tsolúbthacht agus leis an luas is gá i gcomhthéacs geopholaitiúil atá ag athrú go tapa.

Suíomh na láithreán cruach agus miotal neamhfheiriúil i measc an 100 láithreán is mó a astaíonn gáis cheaptha teasa san Aontas Eorpach. Foinse: JRC, Saotharlann Geografaíochta Fuinnimh agus Tionscail

Mar shampla, d’fhógair ThyssenKrupp pleananna do 11 000 leagan as foirne sa Ghearmáin i mí na Nollag 2024. I mí na Samhna 2024, chuir ArcelorMittal a infheistíochtaí dícharbónaithe ar fud na hEorpa siar. Ina theannta sin, d’fhógair Liberty Ostrava féimheacht i bPoblacht na Seice i mí an Mheithimh 2024. Is comhartha rabhaidh í earnáil an alúmanaim maidir le riosca díthionsclaithe, toisc go bhfuil cuid mhór dá hacmhainneacht táirgeachta Eorpach caillte go buan aici. Ina theannta sin, tá níos mó ná 50 % den acmhainneacht táirgeachta phríomhúil díomhaoin ó bhí 2021 ann. An tráth céanna, tá laghdú ag teacht ar aschur cruach an Aontais ó bhí 2017 ann, ó 160 milliún tona go 126 mhilliún tona in 2023. Tá an ráta úsáide acmhainne cruach atá ann faoi láthair, atá thart ar 65 %, neamh-inbhuanaithe san fhadtéarma, toisc nach mór do thionscail dianchaipitiúla den sórt sin a bheith ag feidhmiú ag acmhainneacht os cionn 85 % chun bheith iomaíoch faoi dhálaí an mhargaidh.

Fógraíodh sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan 13 agus sa Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne 14  raon beart agus an gá atá le plean gníomhaíochta nithiúil d’earnálacha na miotal. Dírítear ar na príomhdhúshláin iomaíochais a bhaineann le costais fuinnimh a ísliú, margaí tosaigh a chruthú do tháirgí ísealcharbóin, ciorclaíocht a mhéadú, cothroime iomaíochta idirnáisiúnta a bhaint amach, poist ardcháilíochta a chruthú agus infheistíochtaí a ghiaráil. Leanfaidh an tAontas de bheith ag brath ar chomhpháirtíochtaí láidre domhanda chun a chuspóirí maidir le tionsclaíocht ghlan a bhaint amach.

Comhlánaíonn an plean gníomhaíochta seo na tionscnaimh níos leithne sin agus leagann sé síos clár oibre cuimsitheach don ghearrthéarma agus don mheántéarma. Cuireann sé leis an idirphlé maidir le Cruach a thionóil Uachtarán an Choimisiúin an 4 Márta agus le sraith níos leithne comhairliúchán. Téann sé i ngleic le cuid de na príomh-shaincheisteanna earnáilsonracha a chuireann cosc ar thionscail miotal na hEorpa dul chun cinn agus dícharbónú a dhéanamh. Leagtar amach ann bearta nithiúla, ar féidir leo — i dteannta a chéile — faoiseamh láithreach a thabhairt do na tionscail miotal agus iad a chur ar a suaimhneas ina gconairí dícharbónaithe agus ina gcinntí infheistíochta. Leis an gconair aistrithe do na hearnálacha miotal, 15 a fhoilsítear in éineacht leis an bplean gníomhaíochta seo, soláthraítear anailís chúlra bhreise agus anailís ón mbun aníos ar riachtanais agus ar dhúshláin na dtionscal miotal agus ar na tuairimí a chuir na páirtithe leasmhara éagsúla in iúl. Leis an bplean gníomhaíochta sin, breithneofar comhpháirtíochtaí leanúnacha an Aontais le tríú tíortha, go háirithe tíortha is iarrthóirí, de réir mar a chomhtháthaíonn siad sa Mhargadh Aonair agus de réir mar a bhogann siad i dtreo ballraíocht san Aontas. Mar chuid de chur chuige straitéiseach maidir le hathléimneacht an tslabhra soláthair a neartú, d’fhéadfaí infheistíocht a dhéanamh i dtíortha comhpháirtíochta agus comhar tionsclaíoch a athshainiú chun éiceachóras táirgthe cruach níos inbhuanaithe agus níos athléimní a chruthú.

Tá an plean gníomhaíochta sin bunaithe ar shé phríomhcholún: fuinneamh glan flúirseach inacmhainne a áirithiú; sceitheadh carbóin a chosc; acmhainneachtaí tionsclaíocha na hEorpa a chur chun cinn agus a chosaint; ciorclaíocht le haghaidh miotal a chur chun cinn; poist thionsclaíocha ardcháilíochta a chosaint; agus rioscaí a laghdú trí bhíthin margaí tosaigh agus tacaíocht d’infheistíochtaí.

1.Rochtain ar fhuinneamh glan inacmhainne a áirithiú do na tionscail miotal

Is iad na costais fuinnimh is mó a spreagann iomaíochas thionscail na miotal i gcónaí. Baineann sciar níos mó de na costais táirgthe le haghaidh miotal agus cruach le costais fuinnimh ná i gcás earnálacha eile. Fiú roimh an ngéarchéim fuinnimh, ba 17 % a bhí sa sciar sin i gcás earnáil na cruach, 16 agus 40 % i gcás alúmanaim. 17 Le linn na géarchéime fuinnimh in 2022, chuaigh na figiúirí sin chomh hard le 80 %. 18 In 2025, cé gur tháinig laghdú ar phraghsanna fuinnimh ó bhuaic 2022, tá siad fós níos airde ná na leibhéil stairiúla agus ná suíomhanna monaraíochta idirnáisiúnta eile. Tá praghsanna leictreachais 2-3 huaire níos airde san Aontas ná mar atá sna Stáit Aontaithe 19 , agus tá praghsanna gáis nádúrtha beagnach cúig huaire níos airde ná praghsanna sna Stáit Aontaithe. 20 Tá leictriú díreach fós ar an mbealach is éifeachtúla chun roinnt cineálacha táirgthe cruach agus miotal a dhícharbónú, agus beidh cinn eile ag brath ar mhodhanna leictrithe indírigh, amhail hidrigin a tháirgtear ó leictrealú, rud a mhéadóidh sciar na gcostas fuinnimh i gcostais iomlána táirgthe i gcomparáid le teicneolaíochtaí atá bunaithe ar bhreosla iontaise. Dá réir sin, tá sé ríthábhachtach rochtain ar phraghsanna leictreachais níos ísle a áirithiú chun tacú leis an aistriú sin. Ina theannta sin, tá teicneolaíochtaí amhail Gabháil agus Stóráil Carbóin agus úsáid chiorclach amhábhar ábhartha freisin.

Praghsanna fuinnimh a ísliú le haghaidh tionscal dianfhuinnimh

Chun an staid dhúshlánach sin a shárú, ní mór an fuinneamh a bheith níos inacmhainne. Cuireann an Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne gnéithe tábhachtacha den réiteach ar fáil, go háirithe trí bhearta a fhógairt chun muirir ghréasáin a dhéanamh níos éifeachtúla, cánacha agus tobhaigh fuinnimh a laghdú, Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta (CCCanna) a éascú, dlús a chur le ceadú, eangacha leictreachais a leathnú agus a nuachóiriú agus solúbthacht sa chóras leictreachais a dhreasú. Ina theannta sin, beidh tionscail dianfhuinnimh i measc phríomhthairbhithe chlár píolótach BEI maidir le CCCanna corparáideacha.

Ba cheart réitigh bhreise lena ndírítear go sonrach ar na tionscail dianfhuinnimh a bheith comhthomhaiste leis an ról tábhachtach atá ag na costais fuinnimh maidir le hiomaíochas agus dícharbónú na dtionscal sin. Tá an Coimisiún ag dul i gcomhairle leis na Ballstáit maidir le hionstraim Státchabhrach le haghaidh solúbthacht ghlan bunaithe ar CCCanna agus ar ghealltanas ón tionscal leictreachas glan a ídiú. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil do na Ballstáit maidir le scéimeanna tacaíochta poiblí a dhearadh le haghaidh fuinneamh glan trí chonarthaí difríochta dhá threo, lena náirítear a gcomhcheangal le CCCanna, d’fhonn faoiseamh praghais sealadach a sholáthar do thionscail dianfhuinnimh chun infheistíochtaí dícharbónaithe a chumasú san Aontas. Le tacaíocht phoiblí in earnáil an fhuinnimh, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thionscail dianfhuinnimh agus ar earnáil na miotal, go háirithe i gcás ina bhfuil teicneolaíochtaí leictriúcháin ar fáil, agus inar féidir le cuideachtaí tairbhe a bhaint as na socruithe conarthacha fadtéarmacha sin chun tionchair luaineachtaí praghsanna leictreachais a mhaolú. Ar an dóigh sin, ní mór gach bacainn a d’fhéadfadh a bheith ann ar úsáid CCCanna a chur san áireamh, lena náirítear tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann ar chláir chomhardaithe cuideachtaí 21 . Déanfaidh an Coimisiún anailís ar theipeanna margaidh nó rialála lena gcuirtear cosc ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as conarthaí den sórt sin le haghaidh tionscail dianfhuinnimh agus más gá, tabharfaidh sé aghaidh orthu.

Sa ghearrthéarma, iarrtar ar na Ballstáit freisin na solúbthachtaí uile a chuirtear ar fáil le reachtaíocht fuinnimh na hEorpa agus leis na rialacha maidir le Státchabhair a chur chun feidhme go tapa agus úsáid a bhaint astu chun costais a laghdú do thionscail dianfhuinnimh. Le Roinn 4.7.1 de na Treoirlínte maidir leis an Aeráid, Cosaint an Chomhshaoil agus Cúnamh Fuinnimh, ceadaítear laghduithe ar leibhéal na gcánacha comhshaoil agus na dtobhach paraifhioscach d'earnálacha nach mbeadh in ann a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe gan an laghdú, agus le Roinn 4.11 ceadaítear laghduithe ar thobhaigh leictreachais d'úsáideoirí dianfhuinnimh  22 . Comhlíonann na tionscail cruach agus miotal na coinníollacha sin go ginearálta. Chomh maith leis sin, leis an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh, is féidir cánachas leictreachais a laghdú go nialas do thionscail dianfhuinnimh faoi choinníollacha áirithe, rud a chruthaíonn dreasacht don earnáil dícharbónú a dhéanamh trí leictriú agus ar féidir leis tacú lena hiomaíochas níos leithne. Moltar do na Ballstáit freisin an chaibidlíocht maidir leis an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh 23 a thabhairt i gcrích go práinneach chun an creat cánach a dhéanamh níos fabhraí don leictriú agus chun an taistriú ó úsáid breoslaí iontaise a éascú.

Le creat Státchabhrach an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan, atá le glacadh sa dara ráithe de 2025 tar éis tréimhse comhairliúcháin 24 , soláthrófar tuilleadh solúbthachtaí agus simplithe chun cur ar a gcumas do na Ballstáit dlús a chur leis an tacaíocht do dhícharbónú tionsclaíoch. Cuirtear san áireamh leis sin gur minic nach leor comharthaí margaidh agus rialála, amhail an praghas CTA atá ann faoi láthair agus an praghas CTA réamh-mheasta, astu féin chun difríochtaí costais idir modhanna táirgthe traidisiúnta agus dícharbónaithe a shárú ag an gcéim sin. De réir an dréachta atá sa chomhairliúchán poiblí faoi láthair, 25 beidh feidhm ag coinníollacha comhoiriúnachta simplithe maidir le tacaíocht phoiblí do na teicneolaíochtaí dícharbónaithe uile, lena náirítear bearta éifeachtúlachta fuinnimh. Meastar go mbeidh laghduithe costais mar thoradh air sin agus go méadófar iomaíochas agus go laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag an am céanna. Ceadófar scéimeanna simplithe atá bunaithe ar dhéine cabhrach údaraithe seachas scéimeanna atá bunaithe ar ríomhanna bearna cistiúcháin nó ar thairiscint iomaíoch. Cé go bhfuil caidhpeanna cabhrach san sna scéimeanna sin, is féidir tionscadail mhóra a fhormheas freisin i nós imeachta cuíchóirithe. Breathnófar ar infheistíochtaí dícharbónaithe ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, a bheidh dírithe ar laghduithe astaíochtaí, agus freisin i gcás ina mbainfear amach iad de réir a chéile le himeacht ama. Sa bhreis ar thacaíocht infheistíochta dícharbónaithe dhíreach, déanfar dímheas luathaithe ar shócmhainní teicneolaíochta glaine, amhail leictrealóirí nó trealamh Gabhála, Úsáide agus Stórála Carbóin, a éascú leis an gcreat nua.

Leis na Treoirlínte maidir le Státchabhair do chúiteamh ar chostais indíreacha an Chórais Trádála Astaíochtaí (CTA), tugtar deis do na Ballstáit costais charbóin a chuirtear ar aghaidh trí na billí leictreachais a chúiteamh, i gcás earnálacha áirithe atá neamhchosanta ar thrádáil agus atá dian ar charbón, lena n‑áirítear an tionscal cruach agus tionscail miotal eile. Moltar do na Ballstáit leanúint d’úsáid a bhaint as an bhféidearthacht sin, nó machnamh a dhéanamh ar í a úsáid i gcás inarb ábhartha dá dtionscal (faoi láthair, ní bhaineann ach 14 Bhallstát úsáid as an bhféidearthacht sin). I gcomhthéacs athbhreithnithe CTA agus SCCT 2026, oibreoidh an Coimisiún chun bearta leormhaith a áirithiú (Treoirlínte nó foirm eile) le haghaidh cúiteamh ar chostais indíreach CTA tar éis 2030, agus áiritheoidh sé ag an am céanna go mbeidh sé sin comhleanúnach le modhanna eile chun aghaidh a thabhairt ar sceitheadh carbóin.

Ina theannta sin, le rialáil fuinnimh an Aontais, cuirtear creat ar fáil chun taraifí gréasáin a dhearadh bunaithe ar phrionsabail na costléiritheachta, na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe, agus an gá atá le slándáil agus solúbthacht an ghréasáin á chur san áireamh ag an am céanna. Is féidir leis na Ballstáit a dtaraifí gréasáin a cheapadh ar bhealach a rachaidh chun tairbhe do thionscail dianfhuinnimh. Chuige sin, leis an Treoir maidir le dearadh taraifí gréasáin a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne don dara ráithe de 2025, soláthrófar tuilleadh mionsonraí maidir le réitigh chun costais chórais a laghdú chun tairbhe na n‑úsáideoirí uile, lena n‑áirítear le haghaidh earnálacha dianfhuinnimh.

Dlús a chur le naisc eangaí leictreachais agus le glacadh hidrigine in-athnuaite agus ísealcharbóin

De réir mar a dhéantar níos mó agus níos mó earnálacha a leictriú, agus de réir mar a chuirtear moill ar go leor tionscadal leathnaithe gréasáin, is minic a bhíonn ar an earnáil miotal aghaidh a thabhairt ar agaí feithimh fada chun nasc eangaí leictreachais a fháil nó a leathnú, bíonn roinnt blianta i gceist go minic. D’fhéadfadh moilleanna den sórt sin deireadh a chur le hinfheistíochtaí leictriúcháin ina n‑iomláine.

Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna is bun le hagaí feithimh fada maidir le nascadh leis an eangach leictreachais. Eiseoidh an Coimisiún Treoir agus Moltaí do na Ballstáit maidir leis na hagaí feithimh le haghaidh naisc eangaí leictreachais a ghiorrú. Áireofar leis sin bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh laistigh den chreat dlíthiúil atá ann cheana agus cuideoidh sé leis na Ballstáit iarratais amhantracha nó neamhaibí a bhaint den chiú, agus imeacht, i gcás inar gá, ón mbonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, chun tacú le hinfheistíochtaí atá tairbheach don aistriú chuig fuinneamh glan agus d’éifeachtúlacht an chórais cumhachta. Bainfidh sé sin leas as samplaí dearfacha atá ann cheana i roinnt Ballstát agus déanfar é ar bhonn idirphlé le húdaráis na mBallstát. Eiseoidh an Coimisiún treoirphrionsabail freisin sa dara ráithe de 2025 lena sainaithneofar coinníollacha faoinar cheart infheistíochtaí oirchilleacha 26 a dhéanamh i dtionscadail eangaí leictreachais. Is féidir le comhaontuithe nasctha solúbtha bealach a chur ar fáil freisin do thionscail dianfhuinnimh chun rochtain a fháil ar an ngréasán fad a dhéantar na hinfheistíochtaí eangaí leictreachais sin. Ina theannta sin, molfaidh an Coimisiún bearta breise chun rochtain ar bhonneagar eangaí leictreachais a éascú agus chun dlús a chur léi le haghaidh tionscadail leictrithe i dtionscail dianfhuinnimh.

Ós rud é nach féidir leictriú díreach a dhéanamh i gcónaí nó nach bhfuil sé costéifeachtach, is príomhchumasóir dícharbónaithe í hidrigin sna tionscail cruach agus miotal. Mar shampla, is é laghdú díreach trí úsáid a bhaint as hidrigin an rogha is mó a bhfuil gealladh fúithi chun táirgeadh príomhúil cruach a dhícharbónú, agus is í hidrigin an príomhiomaitheoir chun teas ardteochta a sholáthar in ionad gáis nádúrtha i dtionscail miotal eile freisin. Chun aistriú iomaíoch a bhaint amach, tá gá le soláthar flúirseach inacmhainne hidrigine in-athnuaite agus ísealcharbóin. D’fhógair an Coimisiún freisin sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan go nglacfadh sé sna seachtainí amach romhainn an gníomh tarmligthe maidir le hidrigin ísealcharbóin chun soiléireacht a sholáthar do sholáthróirí, do cheannaitheoirí agus d’infheisteoirí. Leis an nGníomh Tarmligthe sin, cuirfear i láthair rialacha atá chomh solúbtha agus is féidir chun na spriocanna inmhianaithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú a bhaint amach chun breoslaí ísealcharbóin a tháirgeadh ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de.

Thairis sin, leis an tríú glao faoin mBanc Eorpach Hidrigine a fógraíodh don tríú ráithe de 2025 sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, leanfar de thacaíocht a thabhairt do tháirgeadh agus, ar an gcaoi sin, rochtain a éascú do cheannaitheoirí tionsclaíocha éagsúla, lena n‑áirítear cruach.

Ina theannta sin, tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht arís do shainordú na Comhghuaillíochta Eorpaí don Hidrigin Ghlan i dtreo na n‑earnálacha sin is mó ina bhfuil hidrigin ábhartha d’iarrachtaí dícharbónaithe. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach faireachán agus nuashonrú ar dhul chun cinn phíblíne tionscadal na Comhghuaillíochta gach bliain, chun uas-scálú an mhargaidh hidrigine a rianú agus chun an chinnteacht is gá dá bpleananna dícharbónaithe a chur ar fáil do cheannaitheoirí tionsclaíocha, i measc nithe eile.

Dlús a chur le haisghabháil teasa iomarcaigh agus le húsáid fuinnimh ghlain

Trí éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus leictriú agus úsáid fuinnimh ghlain san earnáil cruach agus miotal a chur chun cinn, is féidir tairbhí a chur ar fáil do chóras fuinnimh an Aontais agus costais a laghdú don earnáil ag an am céanna. Is iad na hearnálacha cruach agus miotal na hearnálacha tionsclaíocha ag a bhfuil an acmhainneacht aisghabhála fuíollteasa is airde san Aontas, go háirithe a mhéid a bhaineann le hacmhainní teasa ardghráid a bhféadfadh gáis mhúcháin, leachtanna agus dramhaíl ardteochta aisghabháilte a bheith i gceist leo. Tá teaschaidéil ardteochta ag éirí níos ilúsáidí mar rogha chun úsáid a bhaint as teas iomarcach próisis, rud a laghdaíonn riachtanais fhoriomlána fuinnimh na hearnála. Is féidir fuíollteas a aisghabháil agus a úsáid i líonraí teilithéimh freisin. Déanfaidh an Coimisiún cineálacha cur chuige caighdeánaithe a fhorbairt agus a chur chun cinn maidir le haisghabháil fuíollteasa, lena n‑áirítear samhlacha amhail comhaontuithe ceannaigh teasa a mhacasamhlú agus dea-chleachtais maidir le pleanáil chomhtháite bonneagair teasa a mhéadú, mar chuid den Straitéis um Théamh agus Fuarú a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne.

Gníomhaíochtaí:

Sna seachtainí amach romhainn, glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe maidir le hidrigin ísealcharbóin. 

Faoi R2 2025, eiseoidh an Coimisiún Treoraíocht maidir le dearadh taraifí gréasáin lena gcuirfear deiseanna ar fáil, i measc nithe eile, chun taraifí gréasáin a laghdú san earnáil miotal agus le haghaidh tionscal dianfhuinnimh eile. 

Faoi R2 2025, eiseoidh an Coimisiún treoirphrionsabail lena sainaithneofar coinníollacha faoinar cheart infheistíochtaí oirchilleacha i dtionscadail eangaí leictreachais a dheonú.

Faoi R3 2025, osclóidh an Coimisiún an tríú glao faoin mBanc Hidrigine, glao a dhearfar chun tacú leis an táirgeadh agus ar an gcaoi sin rochtain a éascú do cheannaitheoirí tionsclaíocha, lena n‑áirítear cruach.

Faoi R4 2025, molfaidh an Coimisiún go n‑éascófar rochtain ar an eangach leictreachais do thionscadail leictrithe tionscail dianfhuinnimh.

Faoi R4 2025, cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil do na Ballstáit maidir le dearadh conarthaí difríochta, lena n‑áirítear a gcomhcheangal le CCCanna.

I gcomhthéacs athbhreithnithe CTA agus SCCT 2026, oibreoidh an Coimisiún chun bearta leormhaith a áirithiú (Treoirlínte nó foirm eile) le haghaidh cúiteamh costais CTA indíreach tar éis 2030.

2.Sceitheadh carbóin a chosc

Chun a acmhainneacht maidir le sceitheadh carbóin a chosc a bhaint amach go hiomlán, tiocfaidh oibleagáidí airgeadais an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) i bhfeidhm in 2026, i gcomhréir le deireadh a chur de réir a chéile le lamháltais saor in aisce faoi CTA AE faoi 2034. Cé go bhfuil feidhm ag SCCT maidir le hearraí allmhairithe, ní dhéileálann sé leis na rioscaí sceite carbóin a d’fhéadfadh a bheith ann do mhiotail a tháirgtear san Aontas atá faoi réir phraghas CTA AE agus a onnmhairítear chuig tríú tíortha, atá in iomaíocht le táirgeoirí atá lonnaithe i dtíortha ina bhfuil uaillmhianta aeráide níos ísle. Dá bhrí sin, chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste sin, molfaidh an Coimisiún réiteach chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin d’earraí a tháirgeann earnálacha SCCT san Aontas lena n‑onnmhairiú.

Ar an dara dul síos, tá riosca ann go bhféadfadh sceitheadh carbóin in earraí a chumhdaítear le SCCT aistriú níos faide síos sa slabhra luacha. D’fhéadfadh sé sin tarlú trí imchéimniú — is é sin oibleagáidí SCCT a sheachaint trí mhodhnuithe beaga a dhéanamh ar bhunearraí SCCT — nó má thosaíonn tomhaltóirí an Aontais ag tabhairt tús áite d’earraí iartheachtacha a allmhairítear ó tháirgeoirí i dtríú tíortha a bhfuil beartais aeráide níos laige acu. Ina theannta sin, féadfaidh cuideachtaí a mhonaraíonn nó a phróiseálann earraí a bhaineann le SCCT san Aontas faoi láthair a n‑oibríochtaí a athshocrú chuig na tíortha sin. Tá na rioscaí sin á gcainníochtú ag an gCoimisiún faoi láthair agus déanfaidh sé togra lena leathnófar SCCT chuig táirgí iartheachtacha áirithe chun aghaidh a thabhairt orthu, agus aird á tabhairt ag an am céanna ar an ngá atá leis an ualach riaracháin a íoslaghdú.

Ar an tríú dul síos, tá baol ann go nimchéimneofaí cuspóirí SCCT nuair a dhéantar earraí a tháirgtear i saoráidí táirgthe ísealcharbóin i dtríú tíortha a atreorú chuig custaiméirí Eorpacha agus nuair a leantar den táirgeadh atá dian ar charbón i gcás margaí eile (‘athdháileadh’ mar a thugtar air). Ar an gcaoi chéanna, is féidir leis an nglas-snasú tarlú trí chleachtais chuntasaíochta carbóin, amhail táirgeadh dianfhuinnimh miotal a bhaineann tairbhe as ionstraimí margadhbhunaithe chun go mbeidh cuma ísealcharbóin orthu agus iad fós ag brath ar fhoinsí fuinnimh ardastaíochtaí nó ar chleachtais chuntasaíochta mhíthreoracha maidir le dramh-ábhar 27 . Chun aghaidh a thabhairt ar an dá shaincheist agus chun sláine SCCT a áirithiú, tíolacfaidh an Coimisiún straitéis frith-imchéimniúcháin. Leis an straitéis sin, déanfar measúnú cúramach ar na rioscaí sin agus molfar réitigh chun aghaidh a thabhairt orthu, lena náirítear leasuithe reachtacha.

I bhfianaise a phráinní atá sé soiléireacht a chruthú sa réimse sin, cuirfidh an Coimisiún dlús leis an obair ar shíneadh agus neartú SCCT agus tabharfaidh sé tús áite do phríomhghnéithe an athchóirithe.

Gníomhaíochtaí:

Faoi R2 2025, eiseoidh an Coimisiún teachtaireacht lena gcuirfear anailís agus roghanna ar fáil maidir le conas aghaidh a thabhairt ar fhadhb an sceite carbóin d’earraí SCCT a onnmhairítear ón Aontas chuig tríú tíortha

Faoi R4 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar SCCT, lena ngabhfaidh straitéis frith-imchéimniúcháin agus an chéad togra reachtach:

-raon feidhme SCCT a leathnú chuig táirgí iartheachtacha áirithe atá dian ar chruach agus ar alúmanam agus

-lena náirítear bearta breise frith-imchéimniúcháin.

3.Acmhainneachtaí tionsclaíocha na hEorpa a chur chun cinn agus a chosaint

Cuireann ró-acmhainneacht dhomhanda brabúsacht agus iomaíochas thionscail na hEorpa i mbaol mór. Tá roinnt bearta cosanta trádála glactha cheana féin ag an Aontas sna hearnálacha miotal i gcoinne iomaíocht dhomhanda éagórach. Faoi láthair, is í an earnáil iarainn agus cruach an earnáil ina bhfuil na bearta cosanta trádála is mó i bhfeidhm, agus ina dhiaidh sin an earnáil miotal neamhfheiriúil agus mianraí neamhfheiriúla. Mar sin féin, tá an tionscal fós faoi bhagairt ag acmhainneachtaí iomarcacha domhanda agus ag saobhadh domhanda ón tSín agus ó thíortha eile a thacaíonn go saorga lena dtionscail intíre nó a imchéimníonn bearta agus smachtbhannaí cosanta trádála an Aontais. Is é an tAontas Eorpach an t‑aon mhór-réigiún déanta cruach a bhfuil laghdú acmhainneachta le feiceáil ann.

Ina theannta sin, ní hamháin go mbeidh tionchar diúltach ag tabhairt isteach na dtaraifí allmhairiúcháin 25 % ar chruach agus ar alúmanam ag na Stáit Aontaithe an 12 Márta 2025 ar tháirgeoirí an Aontais trí theorainn a chur leis an rochtain ar mhargadh na Stát Aontaithe, lena n‑áirítear le haghaidh táirmhiotail a phróiseáiltear chun earraí iartheachtacha breise a dhéanamh díobh, ach cuirfidh sé leis an mbrú ó onnmhairí a bhí dírithe ar na Stáit Aontaithe roimhe sin a d’fhéadfaí a atreorú chuig an Aontas. 

Ionstraimí cosanta trádála agus bearta trádála eile 

Tá athbhreithniú déanta ag an Aontas ar an mbeart coimirce cruach atá ann cheana chun aghaidh a thabhairt ar na forbairtí margaidh is déanaí agus chun éifeachtacht an bhirt a áirithiú. Rinne an Coimisiún imscrúdú mionsonraithe ar an mbeart coimirce cruach atá ann faoi láthair agus chuir sé tograí faoi bhráid na mBallstát chun é a choigeartú d'fhonn aghaidh a thabhairt ar an staid dhúshlánach atá os comhair earnáil cruach an Aontais. Tabharfaidh na coigeartuithe atá beartaithe faoiseamh gearrthéarmach suntasach do tháirgeoirí cruach an Aontais trí éifeachtacht an bhirt a áirithiú, go háirithe sna catagóirí sin ina bhfuil an brú allmhairiúcháin is géire. Go háirithe, cuireadh san áireamh an méadú suntasach ar allmhairí mar aon le laghdú ar an éileamh i gcatagóirí áirithe.

Rachaidh an beart coimirce in éag go dlíthiúil an 30 Meitheamh 2026, ach tá sé míréasúnta glacadh leis go gcuirfear deireadh leis na ró-acmhainneachtaí struchtúracha domhanda agus leis an tionchar diúltach a bhíonn acu ar thionscal cruach an Aontais, rud a spreag úsáid na coimirce, an 1 Iúil 2026. Os a choinne sin, is dócha go rachaidh na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le trádáil in olcas, ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtríú tíortha a bhfuil bearta á nglacadh acu arb é is aidhm dóibh allmhairí isteach ina margaí a theorannú, rud a fhágann go bhfuil margadh an Aontais ar an bhforas is mó a fhaigheann acmhainneachtaí iomarcacha domhanda. 

I bhfianaise na staide eisceachtúla sin, is gá, dá bhrí sin, bearta cosanta iomchuí agus éifeachtacha a thabhairt isteach tar éis an 30 Meitheamh 2026 a rannchuideoidh le tionscal cruach iomaíoch agus inbhuanaithe san Aontas a chaomhnú. Sin é an fáth, faoin tríú ráithe de 2025 ar a dhéanaí, go molfaidh an Coimisiún beart fadtéarmach lena gcuirfear leibhéal an-éifeachtach cosanta ar fáil d’earnáil cruach an Aontais. Oibreoidh an Coimisiún chun a áirithiú go mbeidh an beart nua i bhfeidhm in am chun teacht in ionad an bhirt coimirce atá ann faoi láthair agus chun leibhéal éifeachtach leighis a sholáthar i gcoinne éifeachtaí diúltacha a bhaineann le trádáil arb iad ró-acmhainneachtaí domhanda is cúis leo. Cuirfear san áireamh ann athruithe ar éileamh an Aontais chomh maith le breithnithe slándála agus athléimneachta, agus leibhéal áirithe oscailteachta i margadh an Aontais á chaomhnú ag an am céanna. Leis an gcur chuige cothrom sin, cosnófar leas an Aontais, lena náirítear táirgeoirí agus úsáideoirí, chomh maith le hallmhaireoirí agus tomhaltóirí. Ag an am céanna, leanfaidh an tAontas, i gcomhréir lena oibleagáidí idirnáisiúnta, de bheith i dteagmháil lena thríú tíortha agus lena chomhpháirtithe iltaobhacha chun aghaidh a thabhairt ar ró-acmhainneachtaí ar an leibhéal domhanda 28 .

Thairis sin, i mí na Nollag 2024, sheol an Coimisiún imscrúdú coimirce maidir le hallmhairí eilimintí cóimhiotalaithe áirithe, earnáil atá ríthábhachtach do gheilleagar an Aontais toisc go n‑úsáidtear cóimhiotail chun neart, marthanacht agus cáilíocht cruach nó alúmanaim a fheabhsú, agus tabharfar an t‑imscrúdú sin chun críche faoin 18 Samhain 2025. Ní bheidh aon drogall ar an gCoimisiún bearta cosanta breise a dhéanamh, má mheastar go bhfuil gá leo mar thoradh ar an imscrúdú sin.

Tá an staid ag dul in olcas in earnáil an alúmanaim freisin. Chaill táirgeoirí an Aontais sciar suntasach den mhargadh le deich mbliana anuas agus, ina theannta sin, tá thart ar 50 % d’acmhainneacht táirgeachta phríomhúil fós ciorraithe ó 2021 i leith. Is dócha go rachaidh taraifí na Stát Aontaithe ar alúmanam a fógraíodh le déanaí in olcas a thuilleadh i bhfianaise na bagartha suntasaí a bhaineann le sraonadh trádála ó chinn scríbe éagsúla. Sin é an fáth ar thosaigh an Coimisiún ag bailiú na fianaise ábhartha d’fhonn na hionstraimí cosanta trádála a úsáid, lena n‑áirítear imscrúdú ar bheart coimirce a sheoladh láithreach tar éis an iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh.

Tá treocht mhéadaitheach tugtha faoi deara ag an gCoimisiún ina ndéanann táirgeoirí onnmhairiúcháin iarracht na bearta cosanta trádála a imchéimniú. Tá an baol ann go mbainfidh an iompraíocht sin an bonn d’éifeachtacht ár mbearta TDI. Ciallaíonn sé sin, cé go dtugann an beart sonrach frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais aghaidh go leormhaith ar na hallmhairí díreacha, is féidir allmhairí indíreacha a chur in ionad na n‑allmhairí díreacha sa chás go dtarlaíonn an chéim dheiridh den phróiseas táirgthe i dtríú tír nach bhfuil faoi réir na mbeart, sula seoltar chuig an Aontas iad, agus íocaíocht dleachtanna á seachaint. Chun éifeachtacht a bhearta cosanta trádála a áirithiú, mar cheann de na gníomhaíochtaí tosaíochta, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cheart dó a chleachtas a oiriúnú trí ‘riail maidir le miotal leáite agus doirte’ a thabhairt isteach, rud a chuirfeadh ar chumas an Choimisiúin gníomhú in aghaidh na tíre inar leádh an miotal ar dtús, beag beann ar áit an chlaochlaithe ina dhiaidh sin agus ar thionscnamh an earra mar a chinntear leis na rialacha tionscnaimh traidisiúnta neamhfhabhracha. Dá gcuirfí an riail sin i bhfeidhm, chuirfí deireadh leis an bhféidearthacht tionscnamh an táirge miotail a athrú trí chlaochlú íosta a dhéanamh agus thabharfaí níos mó cinnteachta maidir le tionscnamh an táirge a rianú. Ar aon chuma, leanfaidh an Coimisiún de bheith ar an airdeall, ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh sé d’éifeacht ag ró-acmhainneachtaí a ghintear faoi dhálaí neamh-mhargaidh táirgeoirí neamhghaolmhara margadhbhunaithe i dtríú tíortha eile a spreagadh chun cainníochtaí a onnmhairiú chuig an Aontas, ar cainníochtaí iad a easáitítear óna margaí intíre nó óna margaí traidisiúnta neamh-Eorpacha eile.

Chun aghaidh a thabhairt ar na forbairtí tapa sna margaí domhanda agus chun an tionscal a chosaint, neartóidh an Coimisiún an faireachán ar shreafaí trádála agus osclóidh sé imscrúduithe go réamhghníomhach bunaithe ar ‘bhagairt díobhála’, gan fanacht go dtarlóidh díobháil ábhartha. Maidir le miotail atá faoi réir raon feidhme an phlean gníomhaíochta seo, seachas cruach agus alúmanam, faoin tríú ráithe de 2025, tuairisceoidh an Coimisiún maidir lena fhaireachán feabhsaithe ar staid an mhargaidh do na hearnálacha sin agus beidh sé réidh chun gníomhaíocht trádála a mholadh de réir mar is iomchuí. Mar a fógraíodh sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, oibreoidh an Coimisiún chun na hIonstraimí Cosanta Trádála atá ann cheana a ghéarú. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar cé acu atá gá le hathruithe ar an gcóras Riail na Dleachta Is Lú atá ann faoi láthair nó nach bhfuil. Leanfaidh an tAontas dá iarrachtaí sa chomhthéacs iltaobhach agus cuirfidh sé dlús leo chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda atá os comhair na n‑earnálacha sin. Beidh an staid san earnáil copair ina hábhar dlúthfhaireacháin mar a bhí i mí Feabhra 2025, d’oscail na Stáit Aontaithe imscrúdú, faoi Roinn 232 d’Acht um Fhairsingiú Trádála 1962, ar allmhairí copair, rud a d’fhéadfadh bearta taraife breise agus cur isteach ar mhargaí domhanda a bheith mar thoradh air. Dá réir sin, d’fhéadfadh impleachtaí indíreacha a bheith ann do Bhallstáit na hEorpa, cé nach soláthróirí móra iad do mhargadh na Stát Aontaithe.

Ó bhí mí an Mhárta 2022 ann, tá raon leathan smachtbhannaí glactha ag an Aontas i gcoinne na Rúise mar fhreagairt ar a cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, a bhfuil sé d'aidhm acu bonn eacnamaíoch na Rúise a lagú, teicneolaíochtaí agus margaí criticiúla a bhaint di, agus srian suntasach a chur lena cumas cogadh a fhearadh. Áirítear ar na smachtbhannaí sin srianta ar allmhairí iarainn agus cruach, atá ar cheann de na sraitheanna is déine de smachtbhannaí earnála is infheidhme maidir leis an Rúis. Sa bhreis ar an toirmeasc ar earraí alúmanaim próiseáilte a allmhairiú ón Rúis, atá i bhfeidhm cheana féin, áirítear sa 16ú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise (a glacadh an 24 Feabhra 2025) toirmeasc ar allmhairí alúmanaim phríomhúil ón Rúis isteach san Aontas, lena mbaineann sásra cuóta chun aistriú réidh a áirithiú do ghnólachtaí. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na smachtbhannaí sin chun feidhme go héifeachtach agus, más gá, forchuirfidh an tAontas bearta breise chun aghaidh a thabhairt ar a n‑imchéimniú.

Leis an athbhreithniú spriocdhírithe ar rialacha an Aontais maidir le ceimiceáin (REACH) sa cheathrú ráithe de 2025, rannchuideofar leis na rialacha maidir le tionscal na gceimiceán a shimpliú gan cur isteach ar shábháilteacht ná ar chosaint an chomhshaoil. Agus an méid sin á dhéanamh, oibreoidh an t‑athbhreithniú seo chun timpeallacht rialála chobhsaí intuartha a áirithiú do mhiotail atá le táirgeadh san Aontas agus le cur ar mhargadh an Aontais. 

Gníomhaíochtaí:

Mhol an Coimisiún coigeartuithe ar an mbeart coimirce cruach le teacht i bhfeidhm an 1 Aibreán 2025. Déanfar an beart níos doichte chun éifeachtacht an bhirt a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar na forbairtí margaidh is déanaí.

Tá an Coimisiún réidh chun úsáid a bhaint as na hionstraimí cosanta trádála agus chun imscrúdú a sheoladh le haghaidh coimircí in earnáil an alúmanaim díreach tar éis an iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh.

Tráth nach déanaí ná R3 2025, molfaidh an Coimisiún beart trádála a chuirfear in ionad na gcoimircí cruach amhail ón 1 Iúil 2026, lena gcuirfear leibhéal an-éifeachtach cosanta ar fáil i gcoinne éifeachtaí diúltacha a bhaineann le trádáil de bharr ró-acmhainneachtaí domhanda.

Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú gasta ar choimircí fearó-chóimhiotail, faoin 18 Samhain 2025 ar a dhéanaí.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thabhairt isteach na rialach maidir le ‘miotal leáite agus doirte’ chun an tír inar leádh agus inar doirteadh an t‑earra miotail ar dtús a rianú.

4.Ciorclaíocht le haghaidh miotal a chur chun cinn

Is bealach tábhachtach é feabhas a chur ar an gciorclaíocht chun tionscail mhiotail a dhícharbónú. Mar shampla, is féidir leis an athchúrsáil suas le 95 % agus 80 % den fhuinneamh a theastaíonn le haghaidh táirgeadh príomhúil alúmanaim agus cruach a shábháil, faoi seach. Trí dhramh-mhiotail a ghintear san Aontas a athchúrsáil, is féidir spleáchais thionscal an Aontais ar amhábhair phríomhúla allmhairithe a laghdú freisin, amhail báicsít/alúmana/alúmanam a aithnítear mar amhábhar straitéiseach de chuid an Aontais, agus i gcás ina meastar go dtiocfaidh méadú suntasach ar an éileamh.

Mar sin féin, tá laghdú ag teacht ar mhéid an dramh-mhiotail a úsáidtear le haghaidh athchúrsáil san Aontas. Tá sé sin mar thoradh ar dhá fhachtóir: easpa éilimh ó thionscal an Aontais (go háirithe maidir le cruach) agus praghsanna níos airde ar dhramh-mhiotal a íocann táirgeoirí cruach agus alúmanaim i dtríú tíortha, go minic mar gheall ar shaobhadh trádála, e.g. fóirdheontais, nó dálaí éagóracha margaidh. Mar thoradh air sin, tháinig méadú faoi dhó ar onnmhairí dramh-mhiotail fheiriúil le blianta beaga anuas, agus shroich siad uasmhéid 19,43 milliún tona in 2021 (thart ar 20 % den dramh-mhiotail iomlán a cruthaíodh san Aontas). Táthar ag súil go sroichfear uasmhéid nua maidir le dramh-alúmanaim Eorpach in 2024, agus meastar go sáróidh onnmhairí dramh alúmanaim1,3 milliún tona.

Chun an treocht sin a aisiompú, is é an chéad chuspóir éileamh a spreagadh, trí úsáid na nacmhainní sin san Aontas a mhéadú. Chun é seo a bhaint amach, ba cheart dramh-mhiotal a shórtáil agus a chóireáil níos fearr chun a inúsáidteacht a áirithiú i bhfeidhmeanna ar ardchaighdeán amhail an tionscal gluaisteán. Leis an aistriú sin, tá gá le hinfheistíochtaí ó athchúrsálaithe agus ó cheannaitheoirí, chomh maith le dreasachtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon 29 , agus ceanglais deartha le haghaidh grúpaí táirgí ábhartha. Chun glacadh ábhair thánaistigh in earnálacha den sórt sin a bhíonn ag brath go traidisiúnta ar mhiotail phríomhúla a éascú, ullmhóidh an Coimisiún socrú spriocanna do chruach agus d’alúmanam athchúrsáilte i bpríomhearnálacha ar bhealach costéifeachtach, agus aird á tabhairt ina anailís ar an gcumas éagsúil costais a chur ar aghaidh chuig custaiméirí agus ar an iomaíocht dhomhanda. Cuirfear an staidéar féidearthachta maidir leis an nglacadh sin san earnáil mótarfheithiclí i gcrích faoi dheireadh 2026 mar chuid den Rialachán maidir le Feithiclí a bhfuil a Ré Caite atá faoi chomhchinnteoireacht faoi láthair.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an ngá atá le ceanglais maidir le hin-athchúrsáilteacht agus/nó ábhar athchúrsáilte do ghrúpaí táirgí breise, chomh maith le tosaíocht a thabhairt do dhearadh táirgí agus do ghnéithe cóireála dramhaíola lena n‑éascaítear deighilt comhpháirteanna copair ó chodáin chruach agus alúmanaim. Tabharfar aghaidh air sin trí cheanglais i ngníomhartha tarmligthe le haghaidh grúpaí táirgí ábhartha faoin Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe agus faoi reachtaíocht ábhartha eile (an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta, an Rialachán maidir le Feithiclí a bhfuil a Ré Caite, an Gníomh um an nGeilleagar Ciorclach).

Má mhéadaítear an sciar de tháirgeadh miotal tánaisteach, tugtar le tuiscint go mbeidh athrú ar pharaidímí táirgthe agus ar shamhlacha gnó áirithe. I gcomhréir leis na rialacha in aghaidh trustaí, ba cheart do ghníomhaithe feadh an tslabhra luacha comhoibriú ar bhealach níos fearr chun é sin a bhaint amach agus chun an gaibhniú i samhlacha gnó seanbhunaithe a shárú. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún na páirtithe leasmhara ábhartha uile a rannpháirtiú chun oibleagáidí in-athchúrsáilteachta agus ábhair athchúrsáilte agus saincheisteanna gaolmhara eile a phlé. Leis an idirphlé sin, beidh an Coimisiún in ann tacú le hullmhú an Ghnímh um an nGeilleagar Ciorclach atá beartaithe don cheathrú ráithe de 2026, agus, i gcás inarb ábhartha, le cur chun feidhme an Rialacháin maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe 30 agus creataí iomchuí eile.

Ar an dara dul síos, ní féidir oibriú chun éileamh intíre ar dhramh-mhiotal a mhéadú a bheith éifeachtach ach amháin má fhanann an chothroime iomaíochta idirnáisiúnta cothrom. Tá sé chomh riachtanach céanna gníomhú maidir le soláthar chun rochtain ar dhramh-mhiotal a áirithiú do tháirgeoirí an Aontais, agus an cás gnó d’athchúrsálaithe á choinneáil ar bun ag an am céanna. Leis an Rialachán athbhreithnithe maidir le Loingsithe Dramhaíola 31 , soláthraítear uirlisí nua lena náirithítear nach ndéanann onnmhairiú dramhaíola, lena náirítear dramh-mhiotal, damáiste don chomhshaol ná do shláinte an duine i dtríú tíortha, agus bainfidh an Coimisiún úsáid as uirlisí den sórt sin le haghaidh dramhaíl dramh-mhiotail.

Ní cheadaíonn líon tábhachtach tríú tíortha dramh-mhiotal a onnmhairiú chuig an Aontas, rud a laghdaíonn an rochtain ar an amhábhar tánaisteach straitéiseach sin. Cuireann tíortha áirithe fóirdheontais éagóracha i bhfeidhm freisin chun tacú lena dtionscail athchúrsála agus táirgthe miotail. Sin é an fáth a bhfuil faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an staid agus breithneoidh sé beart trádála a mholadh, faoin tríú ráithe de 2025 ar a dhéanaí, más gá chun a áirithiú go mbeidh fáil leormhaith ar dhramh-mhiotal san Aontas, agus sa phróiseas sin déanfaidh sé measúnú freisin ar an réasúnaíocht agus ar an bhféidearthacht a bhaineann le riail chómhalartachta a thabhairt isteach a bheadh i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.

Laistigh den mhargadh aonair, ba cheart dramh-mhiotal a bheith i saorchúrsaíocht, chun a áirithiú gur féidir é a athchúrsáil sna saoráidí is feidhmiúla agus chun úsáid a bhaint as barainneacht scála. I gcás cineálacha áirithe dhramh-mhiotail, áfach, tá bacainní fós ann mar gheall ar chórais aicmithe dramhaíola neamh-chomhchuibhithe. Leis an nGníomh um an nGeilleagar Ciorclach, a fógraíodh don cheathrú ráithe de 2026, cuirfear tuilleadh feabhais ar fheidhmiú margaí amhábhar tánaisteach agus cruthófar margadh aonair le haghaidh dramhaíola. Sa chomhthéacs sin, scrúdóidh an Coimisiún freisin an bhfuil gá le bearta breise, amhail táillí onnmhairiúcháin nó dleachtanna onnmhairiúcháin, chun infhaighteacht dramh-mhiotail a ghintear san Aontas le hardchaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta a chur chun cinn agus chun an ‘sceitheadh dramh-mhiotail’ a d’fhéadfadh a bheith ann do thríú tíortha a bhfuil caighdeáin níos ísle acu a chosc.

Chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh aonair don earnáil miotal, ní mór feabhas a chur ar ról an chaighdeánaithe freisin. Mar shampla, trí chaighdeánú, d’fhéadfaí cur chun cinn cruach ardnirt, athúsáid cruach struchtúraí nó luachshocrú seachtháirgí cruach a éascú. Ba cheart na haicmithe ar cháilíochtaí dramh-mhiotail a bheachtú freisin chun comhoiriúnú níos fearr idir soláthar amhábhar tánaisteach agus an t‑éileamh san Aontas a éascú.

Gníomhaíochtaí:

Faoi R3 2025 ar a dhéanaí, breithneoidh an Coimisiún bearta trádála chun a áirithiú go mbeidh dramh-mhiotal ar fáil go leormhaith.

Faoi R4 2026, an staidéar féidearthachta a chur i láthair maidir leis na hoibleagáidí ábhar athchúrsáilte le haghaidh cruach agus alúmanaim faoin Rialachán maidir le Feithiclí a bhfuil a Ré Caite.

Faoi R4 2026, ullmhú do thabhairt isteach oibleagáidí maidir le hábhar athchúrsáilte le haghaidh alúmanaim i dtáirgí foirgníochta ábhartha agus feabhas a chur ar an margadh d’amhábhair thánaisteacha san Aontas mar chuid den Ghníomh um an nGeilleagar Ciorclach.

Faoi R4 2026, Gníomh um an nGeilleagar Ciorclach a mholadh chun feidhmiú margaí amhábhar tánaisteach a fheabhsú tuilleadh agus margadh aonair dramhaíola a chruthú.

Measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé oibleagáidí maidir le ceanglais in-athchúrsáilteachta agus/nó ábhar athchúrsáilte a thabhairt isteach le haghaidh cruach, alúmanaim agus copair i dtáirgí sonracha faoin Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe.

5.Poist thionsclaíocha ardcháilíochta a chosaint

Leis an bplean gníomhaíochta seo, tá an Coimisiún Eorpach ag slógadh a chuid uirlisí uile chun freastal ar earnáil cruach agus miotal atá láidir, rathúil agus athléimneach, rud a chinnteoidh a hinbhuanaitheacht fhadtéarmach agus rathúnas a lucht saothair. Déanaimid é chun poist thionsclaíocha ardcháilíochta a chur chun cinn agus a chosaint, lena ngabhann pá cuibhiúil, dálaí oibre trédhearcacha intuartha agus ardchaighdeáin sláinte agus sábháilteachta.

Tá traidisiún seanbhunaithe san Eoraip maidir le táirgeadh cruach, agus tá ról lárnach ag oibrithe cruach i mbunú na monaraíochta Eorpaí. Tá sé ríthábhachtach seasamh leis na poist ardcháilíochta sin a sholáthraíonn pá cuibhiúil, cosaintí láidre saothair, agus ardchaighdeáin sláinte agus sábháilteachta chun iomaíochas agus ardluach sóisialta na hearnála a chothú.

Tá sé fíor-riachtanach seasamh le reachtaíocht an Aontais maidir le cearta oibrithe, go háirithe maidir le faisnéis agus comhairliúchán, go háirithe ós rud é go ndéantar claochlú ó bhonn ar an earnáil cruach mar gheall ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach. Tá sé ríthábhachtach tacú go leanúnach leis an idirphlé sóisialta agus é a neartú chun an t‑aistriú a bhainistiú go héifeachtach, chun a áirithiú go mbeidh ról lárnach ag ceardchumainn agus ag eagraíochtaí fostóirí, chun cinnteoireacht chuimsitheach a chothú agus chun todhchaí chothrom inbhuanaithe a áirithiú d’oibrithe agus don tionscal araon.

Ina theannta sin, ba cheart ról ríthábhachtach a bheith ag beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair chun aistriú cóir a áirithiú trí na scileanna is gá do thionscail atá ag teacht chun cinn a thabhairt d’oibrithe, trí aistrithe ó phost go post a éascú trí sheirbhísí spriocdhírithe athscilithe agus socrúcháin, agus trí thacú leis an bhfiontraíocht, go háirithe d’oibrithe óga, do mhná, d’fhostaithe scothaosta, agus dóibh siúd ó réigiúin atá faoi ghannionadaíocht. Chuir an Coimisiún Aontas na Scileanna i láthair le déanaí, arb é is aidhm dó scileanna a chruthú do phoist ardcháilíochta, an lucht saothair a uas-sciliú agus a athsciliú de réir mar a athraíonn riachtanais fostaíochta, agus scileanna a scaipeadh ar fud an Aontais. Beidh an Comhshocrú um Scileanna, go háirithe an Chomhpháirtíocht Mhórscála le haghaidh Tionscail atá dian ar Fhuinneamh (lena náirítear cruach agus miotal) ( 32 ), ábhartha freisin sa chomhthéacs sin.

Thairis sin, chun tacaíocht níos fearr a áirithiú d’oibrithe a ndéanann na haistrithe difear dóibh, agus mar a fógraíodh cheana sa Phlean Gníomhaíochta na Mótarfheithiclí, molfaidh an Coimisiún in earrach 2025 leasú spriocdhírithe ar an Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun síneadh a chur leis an bhféidearthacht tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí atá i mbun próisis athstruchtúraithe chun fostaithe a chosaint ar riosca na dífhostaíochta. Chomh maith leis sin, chun cuidiú leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe earnála úsáid níos fearr a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil le Ciste Sóisialta na hEorpa+, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leo go gníomhach chun aird a tharraingt ar na deiseanna a chuireann CSE+ ar fáil, agus chun gníomhaithe a thabhairt le chéile.

Ar bhonn níos leithne, leanfaidh an Coimisiún Eorpach de thacaíocht a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta chun aistriú cóir agus cothrom na n‑earnálacha cruach agus miotal a áirithiú, go háirithe sna réigiúin is mó atá buailte, ag cur leis na ceachtanna a foghlaimíodh agus ar rath an Chiste um Aistriú Cóir. Chuige sin, tá gá le cur chuige cuimsitheach, solúbtha agus comhtháite chun cabhrú le hoibrithe, lena dteaghlaigh agus lena bpobail a áirithiú nach bhfágfar aon oibrí ná réigiún san Aontas ar lár, ar coinníoll ríthábhachtach é chun tacaíocht phoiblí don aistriú glan a choinneáil ar bun.

Beidh ról lárnach ag an bhFaireachlann Eorpach um Aistriú Cóir agus ag an Treochlár um Poist ar Ardchaighdeáin a fógraíodh sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan maidir le faireachán a dhéanamh ar thionchair fostaíochta an aistrithe. Chun próiseas cuimsitheach cothrom a áirithiú, ní mór d’fhostóirí prionsabail an aistrithe chóir a chomhtháthú i ngach tionscadal claochlaithe thionsclaíoch, cearta oibrithe a chosaint agus poist ardcháilíochta a chinntiú don todhchaí

Gníomhaíochtaí:

In earrach 2025, leasú ar an Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú.

Déanfaidh an Fhaireachlann Eorpach um Aistriú Cóir faireachán ar thionchar an aistrithe ar an bhfostaíocht.

6.An riosca a bhaineann le tionscadail dícharbónaithe a laghdú trí mhargaí tosaigh agus tacaíocht phoiblí

Tá go leor infheistíochtaí dícharbónaithe sa tionscal miotal nach bhfuil brabúsach go heacnamaíoch faoi láthair. Is iondúil gur mó an caiteachas caipitil agus oibríochtúil níos airde ná an coigilteas sa ghearrthéarma ar chostais charbóin, mar gheall ar chostais arda teicneolaíochta agus costas níos airde ar iompróirí fuinnimh amhail hidrigin in-athnuaite agus ísealcharbóin. Beidh miotail ísealcharbóin fós níos costasaí ná a roghanna malartacha a tháirgtear go traidisiúnta go ceann i bhfad. Chun riachtanais tacaíochta poiblí a íoslaghdú, tá sé fíor-riachtanach do tháirgeoirí miotal préimh ghlas a fháil.

Ag obair ar mhargaí tosaigh

Léireoidh margaí tosaigh, idir phoiblí agus phríobháideach, an bealach chun glacadh níos leithne le miotail ísealcharbóin mar chaighdeán an mhargaidh. Sna deighleoga sin den mhargadh, go háirithe iad siúd ina bhfuil ról ag soláthar poiblí, fóirdheontais nó dreasachtaí rialála maidir leis an margadh a mhúnlú, chruthódh ceanglais nó dreasachtaí spriocdhírithe éileamh iontaofa ar féidir freastal air le miotail ísealcharbóin a tháirgtear san Eoraip.

Mar a fógraíodh sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, molfaidh an Coimisiún, mar chuid den Ghníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch, critéir athléimneachta agus inbhuanaitheachta a thabhairt isteach chun soláthar glan Eorpach a chothú d’earnálacha dianfhuinnimh. Leis na critéir sin (e.g. glan, athléimneach, ciorclach, slán ó thaobh na cibearshlándála de) neartófar an t‑éileamh ar tháirgí glana de dhéantús an Aontais, ag tógáil ar thaithí an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta le haghaidh na teicneolaíochta glaine, ag cur chun cinn na nuálaíochta chomh maith le caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta an Aontais, agus áiritheofar cothroime iomaíochta. D’fhéadfadh sé sin cur i bhfeidhm critéar neamhphraghais ar bhuiséad an Aontais, ar chláir thacaíochta náisiúnta agus ar sholáthar poiblí (agus i gcásanna áirithe, ar sholáthar príobháideach) a leathnú chun tairbhe na dtionscal dianfhuinnimh. Déanfar na tionscail cruach agus miotal, chomh maith lena dtionscail iartheachtacha — mótarfheithiclí, foirgníocht, innealra — a mheas i measc earnálacha an chur i bhfeidhm agus déanfar measúnú ar iomaíochas na slabhraí soláthair ina n‑iomláine freisin agus cláir thacaíochta an Aontais agus cláir thacaíochta náisiúnta á ndearadh.

Chun é a chur ar a gcumas do na tionscail a dhéanann infheistíocht i ndícharbónú leas a bhaint as an ‘bpréimh ghlas’, forbróidh an Gníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch lipéad deonach maidir le déine carbóin táirgí tionsclaíocha, agus dúbláil á seachaint ag an am céanna, bunaithe ar mhodheolaíocht shimplí lena mbaineann sonraí CTA agus ag tógáil ar mhodheolaíocht SCCT. Ba cheart é sin a bheith mar bhonn le tuilleadh rannpháirtíochta leis an obair idirnáisiúnta maidir le déine carbóin a thomhas. Ar mhaithe le luas, tosóidh an Coimisiún le cruach in 2025. Beidh sé sin bunaithe ar thuairisciú atá ann cheana ón tionscal, nó, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, ar mhodheolaíocht choiteann.

Ag an am céanna, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair ar mheasúnuithe cuimsitheacha saolré a fhorbairt chun inbhuanaitheacht táirgí a fheabhsú. Maidir le cruach, comhlánóidh an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe lipéad an Ghnímh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch trí cheanglais a fhorbairt le haghaidh táirgí a bhfuil cion ard cruach iontu agus trí chritéir chomhshaoil ábhartha a chur leis lasmuigh den lorg carbóin. Chuirfeadh sé sin ar chumas tomhaltóirí lorg comhshaoil na dtáirgí ábhartha a fheiceáil.

Tionscadail ardchostas infheistíochta a dhí-rioscú

Cuideoidh gníomhú ar na bacainní thuas go léir leis an gcás gnó a mhéadú cheana féin. Mar sin féin, tá gá le tacaíocht phoiblí agus phríobháideach araon d’infheistíochtaí chun an t‑aistriú a áirithiú, borradh a chur faoin iomaíochas, agus athléimneacht an tslabhra luacha a áirithiú. Tá gá leis sin chun aghaidh a thabhairt ar éifeacht an tsiosúir a bhaineann leis an ró-acmhainneacht dhomhanda a bhíonn mar thoradh go minic ar chleachtais éagóracha trádála, agus le costais fuinnimh níos airde ná formhór na n‑iomaitheoirí idirnáisiúnta. I gcásanna áirithe, amhail nicil, is bagairt don tslándáil infheistíochta iad luaineachtaí praghsanna atá á spreagadh ag tionchar iomaitheoirí geopholaitiúla. Chun é sin a chosc agus chun a áirithiú go dtairbheoidh tionscal na hEorpa d’amhábhair chriticiúla a tháirgtear go hinbhuanaithe, leanfaimid de chur chun feidhme fhorálacha ábhartha an Ghnímh Eorpaigh um Amhábhair Chriticiúla agus oibreoimid i ndlúthchomhar leis na tríú tíortha comhpháirtíochta chun an colún a bhaineann le ESG a chur chun feidhme ónár gComhpháirtíochtaí Straitéiseacha maidir le slabhraí luacha amhábhar. Leanfaimid den obair chomhpháirteach i bhfóraim idirnáisiúnta amhail G7 maidir le caighdeáin slándála eacnamaíche a chur chun cinn d’amhábhar criticiúil, agus do nicil go háirithe.

Is minic a chuirtear costais arda chaipitil le chéile le costais oibriúcháin i bhfad níos airde do phróisis táirgthe ísealcharbóin agus d’fhuinneamh glan. De réir meastacháin ón tionscal, meastar go mbeidh riachtanais airgeadais bhliantúla EUR 5,2 billiún ann le haghaidh caiteachas caipitiúil agus EUR 9 mbilliún ann le haghaidh caiteachas oibríochtúil go dtí 2030 chun an tionscal cruach a dhícharbónú 33 . I gcás na miotal neamhfheiriúil, measann tionscal an alúmanaim go mbeidh riachtanais infheistíochta bhliantúla thart ar EUR 1,3 billiún ann go dtí 2050 chun an earnáil a dhícharbónú, agus i gcás an chopair comhfhreagraíonn sin do thart ar EUR 211,5 milliún go dtí 2050. Ní dócha go mbeidh an chuid is mó de na tionscadail sin indéanta go heacnamaíoch sa timpeallacht reatha agus bheadh cistiú poiblí ag teastáil chun seachtrachtaí teicneolaíochta agus comhshaoil a shárú.

Tá an tAontas Eorpach an-ghníomhach cheana féin maidir le tacaíocht a thabhairt do thionscadail den sórt sin. Ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 go mí Feabhra 2025, d’fhormheas an Coimisiún beagnach EUR 9 mbilliún de Státchabhair le haghaidh 10 dtionscadal dícharbónaithe cruach aonair. Tugadh tacaíocht freisin do roinnt tionscadal dícharbónaithe cruach trí Chiste Nuálaíochta an Aontais. Tugadh tacaíocht do thionscadail bhreise bunaithe ar scéimeanna tacaíochta dícharbónaithe atá oscailte do gach earnáil dianfhuinnimh. D’fhormheas an Coimisiún roinnt scéimeanna tacaíochta den sórt sin don dícharbónú tionsclaíoch lena náirítear i bhfoirm conarthaí carbóin le haghaidh difríochta 34 do roinnt Ballstát agus cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil maidir leis an gcaoi is fearr is féidir scéimeanna tacaíochta den sórt sin a struchtúrú i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an Státchabhair. Samplaí de scéimeanna formheasta a rinneadh le déanaí a rachaidh chun tairbhe don tionscal cruach nó a d’fhéadfadh dul chun tairbhe don tionscal cruach is ea dhá scéim Shlóvacacha ag a bhfuil buiséad iomlán EUR 1,1 billiún, scéim de chuid na hIodáile dar luach EUR 550 milliún, scéim de chuid na Gearmáine dar luach EUR 4 bhilliún, scéim de chuid na Fraince dar luach EUR 3 bhilliún, scéim de chuid na hOstaire dar luach EUR 2,7 billiún agus scéim de chuid na Seice dar luach EUR 2,5 billiún. Thairis sin, tá tionscadail bhreise maoinithe ag an Aontas  35 , lena náirítear d’fhonn éifeachtúlacht in úsáid amhábhar agus fuinnimh a mhéadú.

Chun níos mó maoiniú príobháideach a mhealladh, beidh gá le tacaíocht phoiblí bhreise, ó nuálaíocht go méadú agus cur in úsáid, agus cothrom iomaíochta á coinneáil ar fud an mhargaidh aonair ag an am céanna.

Ag céim na nuálaíochta, cuireann an Ciste Taighde um Ghual agus Cruach (CTGC) cistiú tábhachtach ar fáil don earnáil cruach, rud a thacaíonn leis an aistriú chuig cruach ghlan agus le dícharbónú tionsclaíoch foriomlán na hearnála. Seolfaidh an Coimisiún tionscnaimh shuaitheanta lena slógfaí EUR 150 milliún in 2026 agus 2027 agus lena bhféadfaí rannchuidiú freisin leis an ngné den earnáil a bhaineann le taighde cosanta Eorpach a neartú. Ina theannta sin, molfaidh an Coimisiún athchóiriú foriomlán ar an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach, chun infheistíochtaí i dtaighde cruach a shimpliú agus chun tuilleadh dlúis a chur leo, lena n‑áirítear taighde ar fheidhmeanna cosanta.

Thairis sin, mar a fógraíodh sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, beidh glao suaitheanta de chuid Fís Eorpach ann ar fiú thart ar EUR 600 milliún é faoi chlár oibre 2026-2027 chun tacú le tionscadail atá oiriúnach lena gcur in úsáid, lena n‑áirítear sa tionscal cruach agus miotal.

Beidh an glao sin ina chomhlánú ar iarrachtaí taighde leanúnacha arna gcistiú faoin gclár Fís Eorpach maidir leis an dícharbónú, lena n‑áirítear teicneolaíochtaí athchúrsála chun ciorclaíocht miotal san Aontas a fheabhsú.

Cuirfidh an Lárionad Nuálaíochta Eorpach um Chlaochlú Tionsclaíoch agus Astaíochtaí INCITE a bunaíodh faoi Threoir AE maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha dlús le glacadh teicneolaíochtaí glasa don chlaochlú tionsclaíoch. Ceapfar torthaí INCITE chun bonn eolais a chur faoi thacaíocht airgeadais agus faoi chinntí infheistíochta na n‑údarás poiblí, na hearnála airgeadais agus na n‑infheisteoirí príobháideacha.

Ag céim an mhéadaithe, d’fhógair an Coimisiún, mar chuid den Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, Banc Dícharbónaithe Tionsclaíoch arb é is aidhm dó cistiú dar luach EUR 100 billiún a chur ar fáil bunaithe ar na cistí atá ar fáil sa Chiste don Nuálaíocht, ioncaim bhreise a eascraíonn as codanna de CTA chomh maith leis an athbhreithniú ar InvestEU. Seolfaidh an Coimisiún ceant píolótach ina mbeidh EUR 1 bhilliún maidir le dícharbónú príomhphróiseas tionsclaíoch ar fud earnálacha éagsúla, lena n‑áirítear cruach agus miotail, in 2025, lena dtacófar le dícharbónú tionsclaíoch agus leictriú leis na hacmhainní atá ann cheana faoin gCiste don Nuálaíocht. Moltar do na Ballstáit tacaíocht faoin gCiste don Nuálaíocht a chomhcheangal le ceantanna mar sheirbhís.

Ar fud na gclár cistiúcháin, tabharfar aird ar choinníollacha cistiúcháin a shimpliú, chun laghdú a dhéanamh ar an iarracht agus ar an saineolas is gá chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht phoiblí. Cuideoidh sé sin le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) san earnáil rochtain a fháil ar na cláir chistiúcháin sin freisin.

Tacú le tionscadail coincréite tríd an nGníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla

Is amhábhair chriticiúla iad alúmanam, copar agus nicil, chomh maith le go leor eilimintí cóimhiotalaithe cruach ag an am céanna. Dá bhrí sin, tairbhíonn siad d’fhorálacha an Ghnímh Eorpaigh um Amhábhair Chriticiúla, lena bhféachtar le leas a bhaint as acmhainneacht amhábhar an Aontais feadh an tslabhra luacha ar fad, ó thaiscéalaíocht go heastóscadh go próiseáil go hathchúrsáil. Fógróidh an Coimisiún an chéad bhabhta de Thionscadail Straitéiseacha roghnaithe i mí an Mhárta 2025, lena n‑áirítear le haghaidh alúmanaim, copair agus nicile, i mBallstáit an Aontais agus i dtríú tíortha comhpháirtíochta. Bainfidh siad sin tairbhe as nósanna imeachta cuíchóirithe um cheadú, agus oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit, le hinstitiúidí airgeadais poiblí agus príobháideacha chun rochtain ar chistiú a áirithiú do thionscadail den sórt sin, chomh maith le ceannaitheoirí a shainaithint nuair is ábhartha.

Ina theannta sin, féachann an Coimisiún le cobhsaíocht na margaí amhábhar a mhéadú, chun luaineachtaí iomarcacha praghsanna a chosc a d’fhéadfadh tionscadail Eorpacha a chur i mbaol. D’fhéadfadh an t‑ardán comhoiriúnaithe éilimh/soláthair atá le seoladh i mbliana dul chun tairbhe na n‑earnálacha táirmhiotal freisin, rud a mhéadódh deiseanna gnó agus a chuirfeadh cinnteacht fhadtéarmach bhreise ar fáil d’idirbhearta.

Ag obair ar shimpliú rialála

Ina theannta sin, tá na hearnálacha cruach agus miotal i measc na n‑earnálacha tionsclaíocha is mó a rialáiltear san Aontas. Cuireann an t‑ualach rialála a bhíonn ar chuideachtaí den sórt sin brú mór ar a n‑acmhainní, rud a laghdaíonn an t‑am a chaitheann siad ar a bpríomhchuspóirí gnó, go háirithe do FBManna. Tá sé tábhachtach aghaidh a thabhairt ar an srian sin ar mhaithe le hiomaíochas earnálacha cruach agus miotal an Aontais. An 26 Feabhra 2025, ghlac an Coimisiún an chéad dá thogra nua, pacáistí Omnibus mar a thugtar orthu, maidir le bearta simpliúcháin lena laghdófar an rómhaorlathas agus lena simpleofar rialacha an Aontais. Glacfar cinn bhreise i mbliana.

Gníomhaíochtaí:

I R4 2025, molfaidh an Coimisiún mar chuid den Ghníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch critéir athléimneachta agus inbhuanaitheachta a thabhairt isteach chun táirgeadh táirgí glana de dhéantús an Aontais a neartú.

In R4/2025, molfaidh an Coimisiún athchóiriú ar an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach.

In 2025, i bhfianaise an Bhainc Dícharbónaithe Tionsclaíoch a bheidh ann amach anseo, seolfaidh an Coimisiún ceant píolótach EUR 1 bhilliún lena dtacófar le dícharbónú tionsclaíoch agus le leictriú príomhphróiseas tionsclaíoch ar fud earnálacha éagsúla, agus úsáid á baint as meascán d’acmhainní atá ann cheana faoin gCiste don Nuálaíocht, rud a éascóidh leictriú próiseas tionsclaíoch cruach agus miotail freisin. Moltar do na Ballstáit tacaíocht faoin gCiste don Nuálaíocht a chomhcheangal le ceantanna mar sheirbhís.

In 2026 agus 2027 seolfaidh an Coimisiún glaonna suaitheanta faoin gCiste Taighde um Ghual agus Cruach.

7.Ag obair le chéile ar chur chun feidhme le haghaidh aistriú cóir

Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin iomaíochais, shóisialta agus dícharbónaithe le haghaidh an thionscail miotal, beidh gá le dlúth-idirghníomhaíocht níos déine idir na páirtithe leasmhara uile. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an staid san earnáil, ar a hathléimneacht agus ar an dícharbónú leanúnach agus ar na coigeartuithe beartas a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil, in idirphlé leis an earnáil, leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na comhreachtóirí.

Le cur chun feidhme na conaire aistrithe d’earnálacha na miotal, cuirfear spás leanúnach ar fáil don idirphlé idir an tionscal, ceardchumainn agus páirtithe leasmhara eile. Déanfar sainordú an tSainghrúpa Ardleibhéil um Thionscail Dianfhuinnimh a athnuachan go ceann tréimhse 4 bliana eile chun an cur chun feidhme sin a chumasú. Cuirfidh sé ardán ar fáil chun faireachán a dhéanamh ar na forbairtí is déanaí maidir le saincheisteanna a bhaineann le hiomaíochas agus dícharbónú an tionscail miotail amhail costais fuinnimh, riachtanais scileanna agus ró-acmhainneachtaí domhanda.

Tá na hearnálacha cruach agus miotal fíor-riachtanach do chreatlach thionsclaíoch na hEorpa, dár n‑athléimneacht, dár slándáil eacnamaíoch, dár gcosaint agus dár gcobhsaíocht shóisialta. Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar na páirtithe leasmhara ábhartha uile oibriú le chéile ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta seo chun a áirithiú go gcothóimid agus go bhfeabhsóimid acmhainneachtaí táirgeachta san Eoraip agus go gcinnteofar soláthar seasta iontaofa dár bpríomhthionscail, lena n‑áirítear an chosaint.

(1) ()    Chomh maith le hiarann agus cruach, áirítear le táirmhiotail fearó-chóimhiotail, atá nasctha go dlúth leis an slabhra luacha cruach, chomh maith leis na miotail neamhfheiriúil alúmanam, copar agus nicil. Sa phlean gníomhaíochta seo, dírítear ar tháirmhiotail a tháirgtear agus a thrádáiltear i dtoirteanna móra, ní ar mhiotail teicneolaíochta ná ar mhiotail lómhara i dtoirteanna is lú, ar amhábhair chriticiúla iad go minic agus a bhaineann tairbhe, dá bhrí sin, as forálacha an Ghnímh Eorpaigh um Amhábhair Chriticiúla.
(2) ()    COM(2025) 30 10017eb1-4722-4333-add2-e0ed18105a34_ga
(3) ()     https://international-aluminium.org/statistics/primary-aluminium-production/
(4) ()    Foinse: Coiste cruach ECFE: An 96ú Seisiún den Choiste Cruach: Ráiteas ón gCathaoirleach | ECFE https://www.oecd.org/en/about/news/speech-statements/2024/11/96th-session-of-the-steel-committee-statement-by-the-chair.html  
(5) ()    Foinse: Eurofer, táirgeadh 126 mhilliún tona/138 milliún tona fíorthomhaltas in 2023
(6) ()    Foinse: Bileog eolais SCRREEN 2023 maidir le copar
(7) ()    Foinse: Alúmanam Eorpach: táirgeadh príomhúil intíre 7 % + athchúrsáil intíre 39 % in 2023
(8) ()    Foinse: Bileog eolais SCRREEN 2023 maidir le nicil
(9) ()     Stóras Foilseachán JRC — Amhábhair i dtionscal cosanta na hEorpa
(10) ()    Sa chás seo, áirítear leis an téarma ‘miotail’ úsáidí tábhachtacha miotal mar chomhdhúile neamhorgánacha lena náirítear (mar shampla) ábhair ceallraí, fótavoltachas agus leathsheoltóirí
(11) ()    Foinse — Eurostat, lena náirítear mianadóireacht, monarú miotal bunúsach agus próiseáil miotal
(12) () Foinse: An Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha, 2022.
(13) () https://commission.europa.eu/topics/eu-competitiveness/clean-industrial-deal_ga
(14) () https://energy.ec.europa.eu/strategy/affordable-energy_ga
(15) () https://single-market-economy.ec.europa.eu/document/download/fe4b7a0b-cfb9-49fd-9d37-139c1e23832d_ga
(16) ()     https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC121276  
(17) ()     https://www.reuters.com/markets/commodities/sky-high-energy-costs-fan-fire-under-aluminium-zinc-prices-2022-08-12/  
(18) ()     https://www.reuters.com/markets/commodities/sky-high-energy-costs-fan-fire-under-aluminium-zinc-prices-2022-08-12/
(19) ()    Tá praghsanna leictreachais 2-3 huaire níos airde ná na Stáit Aontaithe: EUR 0,16 in aghaidh an KWh san Aontas vs EUR 0,07 sna Stáit Aontaithe sa chéad leath de 2024 d’ainneoin gur tháinig laghdú air san Aontas (faoi EUR 0,04) agus d’fhan sé cobhsaí sna Stáit Aontaithe (+EUR 0,01) i gcomparáid leis an gcéad leath de 2023 agus in ainneoin riachtanais fuinnimh a bheith ag laghdú. https://www.bruegel.org/policy-brief/decarbonising-competitiveness-four-ways-reduce-european-energy-prices
(20) () Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne
(21) ()    Tá tionscnaimh leanúnacha ag obair chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na saincheisteanna sin: https://www.ifrs.org/projects/completed-projects/2024/power-purchase-agreements/ ; Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta, Comhairliúchán formhuinithe | EFRAG .
(22) ()    I gcás earnálacha a bhfuil an baol ann go naistreodh siad lasmuigh den Aontas chuig suíomhanna nach bhfuil disciplíní comhshaoil iontu nó nach bhfuil chomh huaillmhianach céanna
(23) () COM/2021/563 final
(24) () https://competition-policy.ec.europa.eu/public-consultations/2025-cisaf_ga
(25) () https://competition-policy.ec.europa.eu/document/download/45b532ce-53fb-4907-975c-79edaa31a166_en?filename=2025_CISAF_draft_EC_communication.pdf .
(26) () Ciallaíonn sé sin infheistíochtaí lena dtuartar fás neamhchinnte ar an éileamh ar leictreachas amach anseo mar gheall ar leictriú. I gcás infheistíochtaí den sórt sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí ualach míchothrom ar luathghlacadóirí trí na costais iomlána a ghearradh ar úsáideoirí reatha, rud a chuirfeadh moill ar an leictriú. Dá bhrí sin, fógraítear treoraíocht sa Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne chun míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhféadfadh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha i gcásanna spriocdhírithe, úsáid a bhaint as a mbuiséad poiblí chun muirir ghréasáin a ísliú chun na costais bhreise a eascraíonn as bearta chun dlús a chur leis an dícharbónú agus le comhtháthú an mhargaidh a chumhdach.
(27) ()    Cuirtear astaíochtaí indíreacha faoin Idirthréimhse SCCT atá ann faoi láthair san áireamh i ngach earnáil SCCT. Sa chéim chinntitheach, ní chuirtear san áireamh iad ach i leasacháin agus i stroighin.
(28) ()    Mar shampla, mar chuid den Fhóram Domhanda maidir le Ró-Acmhainn sa Tionscal Cruach, príomhardán ina dtugtar le chéile 28 gcomhalta atá tiomanta réitigh chomhchoiteanna a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar dhúshlán na ró-acmhainneachta agus feidhmiú an mhargaidh san earnáil cruach a fheabhsú.
(29) ()    Le Roinn 4.4 de na Treoirlínte maidir le Státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh, ceadaítear Státchabhair le haghaidh éifeachtúlacht acmhainní agus i dtreo geilleagar ciorclach: EUR-Lex — 52022XC0218(03) — GA — EUR-Lex
(30) () Táthar ag súil go nglacfar an chéad chlár oibre Éicidhearthóireachta do Tháirgí Inbhuanaithe sna seachtainí amach romhainn.
(31) ()    RIALACHÁN 2024/1157, ar fáil anseo: Regulation - EU - 2024/1157 - GA - EUR-Lex
(32) ()     https://pact-for-skills.ec.europa.eu/about/industrial-ecosystems-and-partnerships/energy-intensive-industries-large-scale-partnerships_ga
(33) ()     https://www.eurofer.eu/issues/climate-and-energy/maps-of-key-low-carbon-steel-projects  
(34) ()    ina níoctar tacaíocht in aghaidh an tona gás ceaptha teasa a sheachnaítear le linn oibriú gléasra ísealcharbóin tar éis an praghas carbóin a asbhaint
(35) () e.g. LIFE16 ENV/ES/000242 LIFE-2-ACID, LIFE16 ENV/IT/000231 LIFE 4GreenSteel, LIFE19 CCM/IT/001334 LIFE HEATLEAP