An Bhruiséil,5.3.2025

COM(2025) 90 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Aontas na Scileanna


Aontas na Scileanna

Is iad muintir na hEorpa agus ag a gcuid scileanna neart na hEorpa. Tá ár gcaipiteal daonna ríthábhachtach do rathúnas an Aontais, dá athléimneacht eacnamaíoch agus dá gheilleagar sóisialta uathúil margaidh. Tá sé ríthábhachtach ár bhfás táirgiúlachta a mhéadú, ár dtionscail a dhéanamh níos iomaíche agus níos nuálaí, infheistíochtaí breise a mhealladh, agus margadh aonair dinimiciúil agus slándáil eacnamaíoch fheabhsaithe a bhaint amach. Baintear tairbhe nach féidir a mheas as tús áite a thabhairt do dhaoine agus as infheistíocht a dhéanamh i scileanna. I gcomhthéacs na hiomaíochta domhanda maidir le tallann, agus daonra in aois oibre atá ag laghdú san Aontas, braitheann iomaíochas na hEorpa ar scileanna atá dírithe ar an todhchaí, rud a chuireann leis an gcomhtháthú eacnamaíoch sóisialta agus críochach. Tá caipiteal daonna fíor-riachtanach freisin chun ullmhacht agus slándáil a chur chun cinn sa staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair.

Chun a bheith iomaíoch agus ullmhaithe don todhchaí, ní mór don Aontas tacú lena mhuintir agus iad a ullmhú leis na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá chun go néireoidh leo san fhoghlaim, san obair agus sa saol, mar a cuireadh i dtábhacht leis an gCompás Iomaíochais don Aontas Eorpach 1 .  Is féidir le geilleagar sóisialta margaidh na hEorpa, a bhfuil bunchloch láidir aige san oideachas, san oiliúint, sa taighde, sa nuálaíocht, agus sa daonlathas, a bheith ina bhonn daingean.

1.An fhadhb: an gá atá le níos mó scileanna agus scileanna níos fearr

Is é is aidhm do 2 Aontas na Scileanna tacú le córais oideachais, oiliúna agus scileanna ardcháilíochta, chuimsitheacha agus inoiriúnaithe a fhorbairt chun iomaíochas an Aontais a mhéadú. Beidh faisnéis scileanna fheabhsaithe ar leibhéal an Aontais ríthábhachtach sa chomhthéacs sin, le haghaidh beartais éifeachtacha spriocdhírithe.

Tá ganntanais agus bearnaí scileanna, luas claochlaithe neamhleor agus rialachas ilroinnte agus neamhéifeachtúil ag cur bac ar iomaíochas an Aontais, mar a cuireadh i dtábhacht i dtuarascálacha Draghi 3 , Letta 4 agus Niinistö 5 . Is bacainn iad ar an bhfhás táirgiúlachta agus ar an nuálaíocht, rud a chuireann bac ar iarrachtaí dícharbónaithe agus digitithe.

1.1 Ganntanais agus bearnaí scileanna

Ní sholáthraíonn an Eoraip dóthain céimithe oilte ón ardoideachas agus ón ngairmoideachas agus ón ngairmoiliúint, ná ní chuirtear ar a gcumas do go leor daoine uas-sciliú nó athsciliú a dhéanamh ar feadh a saoil oibre. Thairis sin, san iomaíocht dhomhanda maidir le tallann, bíonn an Eoraip ag streachailt le bheith ina ceann scríbe tarraingteach. Cuirtear leis an nganntanais scileanna sna réigiúin bheagfhorbartha, sna réigiúin iargúlta agus sna réigiúin is forimeallaí go minic. Bíonn bacainní breise roimh dhaoine faoi mhíchumas nó ar de chúlra imirceach iad go minic maidir lena scileanna a fhorbairt, rud a fhágann go bhfuil acmhainneacht nach bhfuil leas á bhaint aisti i lucht saothair an Aontais.

Ag tosú ar scoil: Tá an Eoraip chun deiridh maidir le bunscileanna. Tá laghdú tagtha ar fheidhmíocht daltaí 15 bliana d’aois sa mhatamaitic, sa léitheoireacht agus san eolaíocht, rud atá ag dul i laghad i gcónaí, mar a léiríodh i sonraí PISA le déanaí  6 . Ar an gcaoi chéanna, tá easpa bunscileanna digiteacha ag beagnach leath de dhaoine óga na hEorpa.

Foinse: An Coimisiún Eorpach 2024: https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/d9d9adad-c71b-11ee-95d9-01aa75ed71a1/language-en

Sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint: Go traidisiúnta, is bealach é an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint i dtreo poist ardcháilíochta agus gairmeacha fiúntacha i ngairmeacha meánoilte. Tá éileamh mór ar cháilíochtaí gairmiúla, go háirithe i gcás ina bhfuil géarghanntanais saothair fós ann 7 . Tá scileanna glasa i measc go leor scileanna a bhfuil géarghá leo a fhorbraítear tríd an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint, agus tá siad ríthábhachtach chun aistriú glas rathúil agus geilleagar ciorclach a bhaint amach. Ar an iomlán, as na gairmeacha ina bhfuil ganntanais oibrithe is forleithne san Aontas, is gairmeacha ceirde iad dhá thrian díobh a mbíonn gá le gairmoideachas agus gairmoiliúint ina leith de ghnáth 8 . D’fhéadfadh ganntanais sna réimsí sin, agus i bpríomhearnálacha eile amhail talmhaíocht agus iascach, dul in olcas fiú, ós rud é go bhfuil an sciar d’oibrithe óga (faoi bhun 30 bliain d’aois) íseal sna gairmeacha sin, rud a fhágann go bhfuil gá níos géire le hathnuachan ó ghlúin go glúin.

San ardoideachas: Beidh níos mó ná leath na bhfolúntas nua post faoi 2035 i ngairmeacha ardoilte. Ní sholáthraítear go leor daoine ardcháilithe san Eoraip, áfach. Is gá infheistíocht a dhéanamh agus tacú le hacmhainní a chomhthiomsú san ardoideachas chun rochtain a mhéadú ar an nuálaíocht, ar eolas ceannródaíoch agus ar scileanna ardleibhéil, lena n‑áirítear trí chláir staidéir chomhpháirteacha laistigh de chomhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais, amhail comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha.

Leanúint ar aghaidh ag leibhéal an duine fásta: beidh uas-sciliú agus athsciliú ríthábhachtach ar feadh saol agus gairmeacha daoine, ach bíonn duine fásta amháin as gach cúigear ag streachailt leis an léamh agus an scríobh 9 , agus glacann níos lú ná 40 % den daonra fásta páirt san oideachas nó san oiliúint 10 , i bhfad faoi bhun na sprice 60 % a socraíodh do 2030. Tá an sciar sin i bhfad níos ísle i measc daoine fásta ar bheagán oiliúna (18.4 %). Níl bunscileanna digiteacha ag beagnach leath den daonra fásta in ainneoin go bhfuil siad de dhíth ar níos mó ná 90 % de na poist 11 . Tá srianta ama, breithnithe airgeadais, freagrachtaí cúraim agus spreagadh ar chuid de na bacainní a chuireann cosc ar dhaoine fásta páirt a ghlacadh san fhoghlaim bhreise.

An bhearna idir na hinscní: Cé gur mó, ar an iomlán, an líon ban óg ná an líon fear a bhaineann céim amach san ardoideachas, tá beagnach a dhá oiread fear ná ban ann a dhéanann staidéar ar an eolaíocht, ar an teicneolaíocht, ar an innealtóireacht agus ar an matamaitic (ETIM), san ardoideachas agus sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint araon. Bíonn tionchar mór aige sin ar leithscaradh inscne sa mhargadh saothair agus cuireann sé srian ar acmhainneacht nuálaíochta an Aontais. 

Bearna scileanna airgeadais agus fiontraíochta: Níl na scileanna airgeadais agus fiontraíochta is gá ag muintir na hEorpa chun níos mó infheistíochta a dhéanamh agus chun gnólachtaí nuathionscanta rathúla a sheoladh agus a fhás. Cuireann sé sin srian mór ar acmhainneacht nuálaíochta agus fáis an Aontais.

Iomaíocht dhomhanda maidir le tallann: Níl an tAontas chomh tarraingteach céanna do náisiúnaigh tríú tír cumasacha agus atá comhaltaí eile ECFE amhail Ceanada, na Stáit Aontaithe agus an Astráil 12 . Thairis sin, tá deiseanna níos fearr ag cuid de na daoine is tréithí san Aontas Eorpach dul i mbun gnó thar lear nó barr feabhais a bhaint amach sa saol acadúil.

Géarbhearnaí scileanna agus an baol go mbeidh ganntanais lucht saothair in earnálacha atá i mbun claochlú tapa agus le linn géarchéimeanna: Tá ar an Eoraip aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna agus ar ghanntanais a d’fhéadfadh a bheith ann in earnálacha criticiúla i gcás tubaistí agus géarchéimeanna. Níl a dhóthain mapála déanta ar riachtanais an lucht saothair, oiliúint ar dheighleoga nua den lucht saothair ná ar insreabhadh leordhóthanach oibrithe oilte.

1.2 Bearna luais an chlaochlaithe

Tá córais oideachais agus oiliúna san Eoraip ag titim chun deiridh ar na claochluithe teicneolaíochta tapa agus ar na scileanna athraitheacha is gá chun dícharbónú an gheilleagair a thabhairt chun cinn 13 agus chun spleáchais in earnálacha straitéiseacha a laghdú.

Tá dúshlán méadaitheach roimh an Eoraip maidir le freastal ar an éileamh ar dhaoine oilte i réimsí ETIM, go háirithe in earnálacha straitéiseacha amhail teicneolaíochtaí glana agus ciorclacha, teicneolaíochtaí digiteacha, aeraspás agus an earnáil cosanta, lena n‑áirítear in earnálacha traidisiúnta atá ag brath níos mó agus níos mó ar uirlisí digiteacha inar gá le ETIM. Cé go soláthraímid gairmithe ardcháilithe, ní leor a líon chun na bearnaí a líonadh. Bíonn beagnach ceithre cinn as gach cúig FBM san Aontas ag streachailt chun oibrithe a bhfuil na tacair scileanna is gá acu a aimsiú - agus tionchar mór ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar ghnólachtaí atá i mbun fáis - go háirithe i dteicneolaíochtaí ceannródaíocha amhail IS, leathsheoltóirí agus ríomhaireacht chandamach. Bíonn tionchar ag na ganntanais sin ar na hearnálacha uile, lena n‑áirítear an earnáil iompair, an earnáil bia agus an earnáil fuinnimh, rud a chuireann teorainn leis an bhfás eacnamaíoch agus a chuireann srian leis an nuálaíocht.

Tá dlúthbhaint ag an meath ar bhunscileanna i measc daoine 15 bliana d’aois leis an easpa sainmhúinteoirí sa mhatamaitic agus san eolaíocht, rud a léiríonn an géarghá atá le múinteoirí agus oiliúnóirí a mhealladh agus tacú leo ar bhealach níos fearr trí fhorbairt ghairmiúil leanúnach sna réimsí criticiúla sin. Chomh maith leis sin, de réir mar a fhorbraíonn riachtanais agus ionchais na nglúnta óga, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le fís úr do chonairí oideachais agus gairme chun ailíniú le tírdhreach athraitheach na hoibre agus na nuálaíochta.

Tá sé chomh tábhachtach céanna na scileanna is gá a thabhairt do dhaoine – i ngach cearn den Eoraip agus daoine gach glúine – chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin phráinneacha shochaíocha – amhail an t‑athrú aeráide agus bagairtí ar an tslándáil inmheánach – agus a áirithiú ag an am céanna gur féidir leo na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an aistriú glas a thapú.

I ndeireadh na dála, ní mór don Eoraip úsáid níos fearr a bhaint as na scileanna atá ann cheana trí fheabhas a chur ar aithint cáilíochtaí thar theorainneacha agus trí aitheantas a thabhairt d’inniúlachtaí a fuarthas lasmuigh den oideachas foirmiúil. Bíonn go leor daoine aonair ag streachailt aitheantas a fháil dá gcuid scileanna nuair a bhogann siad laistigh den Aontas nó nuair a thagann siad ó thíortha lasmuigh den Aontas, rud a fhágann nach mbaintear dóthain úsáide as an tallann.

1.3 Rialachas agus faisnéis scileanna ilroinnte

Tá dlúthnasc idir beartais scileanna agus an t‑oideachas, an saothar, an beartas eacnamaíoch agus airgeadais agus an cuimsiú sóisialta. Is minic a bhíonn na réimsí sin á rialú ag aireachtaí nó ranna éagsúla, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach araon, áfach, agus a thosaíochtaí féin ag gach ceann acu.

Thairis sin, tugann an iliomad páirtithe leasmhara aghaidh ar scileanna ó dhearcthaí éagsúla ar bhealach nach bhfuil comhordaithe go leordhóthanach: córais oideachais agus oiliúna, tionscal, seirbhísí fostaíochta poiblí, comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta.

Cuireann an ilroinnt sin bac ar infheistíocht chliste agus ní cheadaíonn sí faisnéis leordhóthanach scileanna.

Mar gheall ar chomhdhlúthú neamhleor, easpa fadbhreathnaitheachta agus comhar éifeachtach idir gníomhaireachtaí éagsúla a bhfuil saineolas acu ar fhaisnéis scileanna, is deacair scileanna a mheaitseáil leis an éileamh ar scileanna agus leis an soláthar scileanna amach anseo, lena n‑áirítear d’fhonn imirce dhleathach a éascú.

Cé go bhfuil méadú tagtha ar iarrachtaí na mBallstát maidir le hoideachas agus scileanna, tá na dúshláin rómhór agus róphráinneach chun go rachaidh na Ballstáit ina n‑aonar i ngleic leo. Is féidir le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais dlús a chur leis an gclaochlú scileanna agus oideachais atá de dhíth ar an Eoraip chun dul i ngleic le bearnaí scileanna, bearnaí luais agus bearnaí cinnteoireachta. Tá sé ríthábhachtach freisin tíortha is iarrthóirí, chomh maith le tíortha is iarrthóirí a d’fhéadfadh a bheith ann agus tíortha comharsanachta, a cheangal go dlúth leis na hathchóirithe agus leis na tionscnaimh ábhartha a leagtar amach in Aontas na Scileanna, ós rud é go bhfuil dúshláin chomhchosúla roimh na tíortha sin freisin.

Is iad sin na trí chúis ar gá don Eoraip mórathrú ó bhonn a dhéanamh ar an uaillmhian agus ar an ngníomhaíocht. Is straitéis uaillmhianach é Aontas na Scileanna chun oideachas agus sciliú a chur ar fáil san Aontas, le tacaíocht ó shamhail nua comhair chun réitigh mhisniúla a thabhairt chun cinn, bunaithe ar shraith shoiléir cuspóirí (roinn 2), príomhghníomhaíochtaí (roinn 3), acmhainní airgeadais (roinn 4), agus rialachas níos éifeachtaí (roinn 5).

2.Aontas na Scileanna: cuspóirí

Tá sé d’aidhm ag Aontas na Scileanna a áirithiú go gcumhachtófar gach duine san Eoraip, is cuma cá bhfuil siad, bunchloch láidir scileanna a thógáil agus dul i mbun uas-sciliú agus athsciliú ar feadh an tsaoil, i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Is é an sprioc atá aige tacú le córais oideachais agus oiliúna na hEorpa chun comhdheiseanna a chur ar fáil do gach duine, lena n‑áirítear na daoine óga uile, gan beann ar a gcúlra agus a n‑áit chónaithe, chun rochtain a fháil ar oideachas, ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil, ar phoist ardcháilíochta agus chun dul i ngleic le haistrithe agus géarchéimeanna. Tá bunchloch oideachais agus scileanna níos láidre mar bhonn agus mar thaca freisin ag luachanna an Aontais amhail an daonlathas, cearta an duine, an dlúthpháirtíocht, an cuimsiú sóisialta agus an éagsúlacht, lena gcuidítear le daoine a bheith níos athléimní in aghaidh na mífhaisnéise agus na bréagaisnéise, an radacaithe agus na hearcaíochta sa choireacht agus iad a chumhachtú rannchuidiú le hEoraip níos glaise, níos cothroime agus níos comhtháite.

Is é an dara cuspóir tacú le cuideachtaí a bheith iomaíoch agus athléimneach, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca d’fhostóirí agus go háirithe do FBManna daoine a aimsiú a bhfuil na scileanna acu a theastaíonn uathu chun fás inbhuanaithe agus poist ardcháilíochta a chruthú. Is glao é freisin ar chuideachtaí infheistíocht a dhéanamh in uas-sciliú agus in athsciliú a n‑oibrithe gach glúine chun iad féin a chur in oiriúint do dhúshláin agus do dheiseanna atá ag síorathrú. An tráth céanna, aithnítear ann go bhfuil na dreasachtaí agus an tacaíocht cheart de dhíth ar chuideachtaí - go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta/gnólachtaí atá i mbun fáis - chun na hinfheistíochtaí sin a dhéanamh indéanta.

Ar deireadh, oibreoidh Aontas na Scileanna chun go mbeidh scileanna agus cáilíochtaí - gan beann ar an áit a sealbhaítear iad san Eoraip - trédhearcach, iontaofa agus aitheanta ar fud an mhargaidh aonair, rud a chuirfidh ar a gcumas do dhaoine aonair a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú agus a chuirfidh ar chumas fostóirí, go háirithe FBManna, earcaíocht éifeachtach a dhéanamh thar theorainneacha. Is glao é freisin ar na Ballstáit oibriú i dtreo aitheantas tapa a thabhairt do scileanna agus do cháilíochtaí a fuarthas lasmuigh den Aontas.

3.Príomhshnáitheanna Aontas na Scileanna 

Chun na cuspóirí a leagtar amach thuas a bhaint amach, déanfaidh Aontas na Scileanna an méid seo a leanas:

-Scileanna a fhorbairt le haghaidh poist agus saol ardcháilíochta trí bhunchloch láidir oideachais, le cur chuige cuimsitheach foghlama ar feadh an tsaoil.

-Lucht saothair solúbtha a uas-sciliú agus a athsciliú agus máistreacht á fáil acu ar an aistriú digiteach agus glan, go háirithe iad siúd a bhfuil scileanna níos ísle agus meánscileanna acu.

-Scileanna a chur i saorchúrsaíocht trí shaorghluaiseacht daoine ar fud an Aontais, rud a bhainfidh leas iomlán as acmhainneacht an mhargaidh aonair.

-Tallann a mhealladh, a fhorbairt agus a choinneáil. 

Cuirfidh Aontas na Scileanna le gníomhaíochtaí a rinneadh cheana faoin Limistéar Eorpach Oideachais 14 , faoin gClár Oibre Eorpach um Scileanna 15 agus faoin Limistéar Eorpach Taighde. Ar an mbonn sin, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil le gníomhaithe san oideachas agus oiliúint, san fhostaíocht agus sa mhargadh saothair, le comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara eile chun rialachas oideachais agus scileanna a thabhairt faoi Aontas na Scileanna. Aithníonn an Coimisiún go hiomlán príomhról na mBallstát san ábhar seo, mar a bhunaítear in Airteagail 165 agus 166 CFAE, agus gníomhóidh sé laistigh dá inniúlachtaí agus na gníomhaíochtaí sin á gcur chun feidhme aige.

A.Scileanna don saol a fhorbairt trí bhunchloch láidir oideachais

Tá an meath mór atá tagtha ar bhunscileanna ár ndaoine óga — lena náirítear scileanna digiteacha — ina ghéarchéim ollmhór inár gcórais oideachais, agus in iomaíochas na hEorpa. Díol imní iad na treochtaí a leagtar béim orthu i suirbhé PISA 2022: Níl íosmhéid inniúlachta sa mhatamaitic ag 30 % de dhaoine atá 15 bliana d’aois san Aontas, agus bíonn thart ar 25 % díobh ag streachailt leis an léitheoireacht agus leis an eolaíocht 16 . Tá thart ar 43 % de dhaltaí san ochtú grád ag streachailt leis an litearthacht dhigiteach bhunúsach, rud a dheimhníonn treocht anuas 17 .

Cé go bhfuil an tAontas ar an mbóthar ceart, ar an meán, chun sprioc 2030 ar leibhéal an Aontais a bhaint amach maidir le luathfhágáil na scoile a laghdú go dtí faoi bhun 9 %, is mó an baol atá ann go bhfágfaidh buachaillí, daoine óga faoi mhíchumas agus foghlaimeoirí de bhunadh imirceach an scoil go luath. Ina theannta sin, tá an tAontas níos faide ar shiúl ó sprioc 2030 ar leibhéal an Aontais faoi bhun 15 % don sciar de dhaoine nach néiríonn go maith leo i gcomparáid le 10 mbliana ó shin. Tá an cúlra socheacnamaíoch fós ina réamhtháscaire láidir ar thorthaí oideachais, agus maidir le foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste, tá baol 6.1 uair níos airde ann go mbeidh tearcghnóthachtáil thromchúiseach acu i mbunscileanna i gcomparáid lena bpiaraí a bhfuil buntáiste níos mó ag baint leo 18 . Tá bearnaí idir na hinscní ann sa léitheoireacht, agus is mó seans go mbeidh cailíní i measc na ndaoine is fearr i dtíortha uile an Aontais, agus tá tearcghnóthachtáil beagán níos coitianta i measc buachaillí san eolaíocht. Is féidir bearnaí a thabhairt faoi deara i gceantair thuaithe i gcomparáid le ceantair uirbeacha, go háirithe maidir le scileanna léitheoireachta 19 agus digiteacha 20 . Tá an sciar de dhaoine óga tuaithe a bhfuil céim ardoideachais acu teoranta i gcomparáid le ceantair uirbeacha 21 .

Fágann sé sin go bhfuil an baol ann go dtitfidh an tAontas níos faide ar gcúl sa rás teicneolaíoch domhanda, áit a bhfuil athmhúnlú á dhéanamh ar thionscail agus ar shochaithe ag riachtanais na hintleachta saorga (IS), an uathoibrithe agus na cibearshlándála. San earnáil cosanta agus i dteicneolaíochtaí comhleá, tá ardscileanna ETIM ríthábhachtach chun spleáchas ar sholáthróirí lasmuigh den Aontas a laghdú agus chun cumais na chéad ghlúine eile a fhorbairt. Idir 2015 agus 2022, áfach, tháinig laghdú foriomlán (7 %) ar chéimithe dochtúireachta i réimsí ETIM, agus tháinig laghdú ar an líon céimithe san eolaíocht nádúrtha, sa mhatamaitic agus i staitisticí (-13.1 %) agus, i gcás TFC - teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (-25.5 %); agus méadú san innealtóireacht, sa mhonaraíocht agus sa tógáil amháin (+ 9.4 %).

Ina theannta sin, cothaítear smaointeoireacht chruthaitheach trí chur chuige ETIEM a chur chun cinn, lena gcomhtháthaítear an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht, na healaíona agus an mhatamaitic trí bhacainní disciplín a bhriseadh síos. Tá an-tóir ag fostóirí ar an tacar scileanna seo 22 . Éascaíonn sé an litearthacht dhigiteach agus airgeadais freisin trí na scileanna is gá a thabhairt do dhaltaí chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a noibríonn na córais dhigiteacha agus airgeadais.

An tráth céanna, tá géarghá le haghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí inscne, ós rud é go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht in go leor réimsí ETIM, lena n‑áirítear san innealtóireacht agus sa ríomheolaíocht, agus go bhfuil fir faoi ghannionadaíocht in earnálacha amhail an tsláinte, an leas, agus gairm na múinteoireachta.

Tá sé ríthábhachtach gairm na múinteoireachta a dhéanamh níos tarraingtí agus níos cothroime ó thaobh inscne de, dul i ngleic le ganntanais múinteoirí, go háirithe in ETIM, agus tallann a choinneáil, agus a áirithiú gur fearr a bheidh múinteoirí in ann déileáil leis an tearcghnóthachtáil agus leis an athrú teicneolaíoch. Mar shampla, níl ach 40 % de mhúinteoirí sásta teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid sa teagasc. Cé go núsáideann 68 % de dhéagóirí IS cheana féin, níl na creataí is gá ag córais oideachais chun IS a chomhtháthú go héifeachtach san fhoghlaim 23 .

Tá sé ríthábhachtach scileanna saoil a fhorbairt, lena n‑áirítear litearthacht sna meáin agus litearthacht dhigiteach, smaointeoireacht chriticiúil nó cibearshlándáil bhunúsach, d’ullmhacht fhoriomlán na hEorpa i bhfianaise géarchéimeanna, lena n‑áirítear i dtéarmaí athléimneacht dhaonlathach. Sa chomhthéacs sin, teastaíonn bunscileanna agus ardscileanna láidre ó fhoghlaimeoirí freisin, go háirithe in ETIM, ach eolas agus inniúlachtaí sibhialta freisin. Is gá feabhas a chur ar ullmhacht riosca sna córais oideachais agus oiliúna chun a áirithiú gur féidir leis an Aontas agus a Bhallstáit leanúint de bheith ag feidhmiú i ngach cás, agus príomhfheidhmeanna sochaíocha á soláthar acu.

Is féidir le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, obair óige, tionscnaimh chultúrtha, rannpháirtíocht sa spórt agus obair dheonach deiseanna luachmhara a chur ar fáil freisin do dhaoine chun eolas, scileanna, dearcthaí agus iompraíochtaí a fhorbairt chun fás agus a bheith ina saoránaigh ghníomhacha.

Príomhspriocanna insoláthartha ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil

«Bunchloch láidir a fhorbairt san oideachas agus san oiliúint

oDlús a chur leis an tacaíocht do bhunscileanna litearthachta, matamaitice, eolaíochta, digiteacha agus don tsaoránacht trí Phlean Gníomhaíochta um Bunscileanna. Trí Scéim Tacaíochta um Bunscileanna a phíolótú, oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit leasmhara ar chreat de bhearta éifeachtacha idirghabhála, le tacaíocht ó chistiú ón Aontas, do leanaí agus do dhaoine óga atá ag streachailt chun bunscileanna a fháil. Le Gradam Eorpach do Scoileanna Nuálacha, tabharfar aitheantas do na scoileanna atá thar a bheith nuálach maidir le curaclaim a athrú chun ETIM agus scileanna saoránachta a mhúineadh do mhic léinn, lena náirítear trí chomhar le gnólachtaí agus le húdaráis áitiúla. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an sprioc atá ann cheana maidir le bunscileanna a chomhlánú mar seo a leanas: Faoi 2030, 

Øba cheart gur lú ná 15 % an sciar de thearcghnóthachtáil sa litearthacht, sa mhatamaitic, san eolaíocht agus i scileanna digiteacha, ach ba cheart gur 15 % ar a laghad an sciar den fheidhmíocht is fearr sa litearthacht, sa mhatamaitic agus san eolaíocht.

oAr bhonn an athbhreithnithe ar an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, tíolacfaidh an Coimisiún Treochlár 2030 maidir leis an oideachas digiteach agus scileanna amach anseo chun rochtain chomhionann ar an oideachas digiteach a chur chun cinn do chách. Le héiceachóras láidir oideachais dhigitigh de chuid an Aontais, ullmhófar don todhchaí agus bunóidh sé comhpháirtíochtaí fadtéarmacha le EdTech atá bunaithe san Aontas agus le réitigh Eorpacha a fhorbraítear go neamhspleách. Le tionscnamh maidir leis an intleacht shaorga san oideachas agus san oiliúint, leagfar síos creat litearthachta intleachta saorga agus tacófar le comhtháthú na hintleachta saorga i soláthar an oideachais agus na hoiliúna, lena dtabharfar aghaidh ar an ngá atá le sábháilteacht ar líne agus le folláine dhigiteach, dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus leis an mífhaisnéis agus nuálaíocht san oideachas á cur chun cinn. Tabharfar an Creat Inniúlachta Digití cothrom le dáta faoi dheireadh 2025 chun teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn, lena náirítear an intleacht shaorga, a chur san áireamh.

oCuirfear tacaíocht ar fáil trí Phlean Straitéiseach um Oideachas ETIM chun an treocht maidir le laghdú ar fheidhmíocht i scileanna ETIM ar scoil a aisiompú agus chun níos mó mac léinn a mhealladh i dtreo ETIM agus ghairmeacha ETIM. Tá sé mar phríomhchuspóir ag an bplean seo níos mó cailíní agus ban a mhealladh chun staidéar a dhéanamh ar ETIM, lena náirítear staidéar digiteach agus gairmeacha. Ina theannta sin, molann an Coimisiún sprioc straitéiseach maidir le clárú in ETIM: Faoi 2030,

Øba cheart an sciar de mhic léinn atá cláraithe i réimsí ETIM sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint meánleibhéil tosaigh a bheith cothrom le 45 % 24 ar a laghad, agus ba cheart duine as gach ceathrar mac léinn a bheith ina mná 25 .

Øba cheart an sciar de mhic léinn atá cláraithe i réimsí ETIM ar an tríú leibhéal a bheith cothrom le 32 % 26 ar a laghad, agus ba cheart beirt as gach cúigear mac léinn a bheith ina mná 27 .

Øba cheart an sciar de mhic léinn atá cláraithe i gcláir PhD. TFC a bheith 5 % 28 ar a laghad, agus ba cheart duine as gach triúr mac léinn a bheith ina mná.

oAghaidh a thabhairt ar tharraingteacht gairmeacha múinteoirí agus acadúla, tríd an méid seo a leanas: 

ØClár Oibre an Aontais Eorpaigh le haghaidh Múinteoirí agus Oiliúnóirí, lena gcuidítear leis na Ballstáit dul i ngleic le ganntanais mhúinteoireachta, feabhas a chur ar dhálaí oibre múinteoirí, agus feabhas a chur ar ionchais ghairme. 

Øcreat inniúlachta Eorpach d’fhoireann acadúil san ardoideachas, lena gcomhlánaítear an Creat Inniúlachta Eorpach do Thaighdeoirí (ResearchComp) atá ann cheana. Chun róil oideolaíocha sa saol acadúil a athluacháil, tá gá le haitheantas breise don teagasc nuálach, d’fhorbairt na foghlama ar feadh an tsaoil agus do dheiseanna oiliúna trí mhicridhintiúir, chun deiseanna oideachais trasnáisiúnta a chruthú nó chun comhar a fhorbairt le fostóirí 29 .  

«Córas gairmoideachais agus gairmoiliúna atá tarraingteach agus nuálach a fhorbairt

Tarraingteacht, barr feabhais agus cuimsitheacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a mhéadú le Straitéis Eorpach don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint. Díreoidh an Straitéis ar ról an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna chun tacú le hiomaíochas agus nuálaíocht an Aontais, le comhtháthú eacnamaíoch, críochach agus sóisialta, agus le hathnuachan ó ghlúin go glúin trí aghaidh a thabhairt ar ghanntanais agus neamhréireanna scileanna, trí tharraingteacht, cáilíocht agus ábharthacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna don mhargadh saothair a fheabhsú agus trí thacú leis an tsoghluaisteacht agus leis an idirnáisiúnú. Leis an Straitéis, tabharfar aghaidh freisin ar steiréitíopaí inscne agus steiréitíopaí eile maidir le roghanna staidéir a dhéanamh agus cuirfear le tairbhí agus torthaí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna sa mhargadh saothair ionas go mbeidh an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint ina gconair foghlama a bhfuil an luach céanna ag baint léi agus atá ag an ardoideachas, lena n‑áirítear do mhná.

«Córas ardoideachais atá cuimsitheach agus dírithe ar an todhchaí a chruthú

oTionscnamh a chur i láthair chun  inrochtaineacht an ardoideachais a mhéadú do réimse níos leithne foghlaimeoirí agus aoiseanna — chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar chéimithe ardoideachais sa mhargadh saothair, treocht a mheastar a chuirfidh go mór le poist amach anseo – agus seirbhísí tacaíochta a chur chun cinn d’fholláine mac léinn, lena gcuirfear tacaíocht spriocdhírithe ar fáil dóibh chun go néireoidh leo. Tacóidh sé le hinstitiúidí ardoideachais agus lena bhfoireann na prionsabail agus na treoirlínte agus na táscairí maidir le rochtain níos leithne agus gné shóisialta an ardoideachais a chur chun feidhme, prionsabail agus treoirlínte agus táscairí a glacadh mar chuid de phróiseas Bologna in 2024.

oBorradh a chur faoin oideachas fiontraíochta ar na leibhéil uile, chomh maith le modúil níos tiomnaithe – lena náirítear modúil trasteorann – in ollscoileanna, i gcomhar lena néiceachóras nuálach. Cuidíonn sé sin leis na daltaí na scileanna agus an meon aigne is gá a fhorbairt chun gnólachtaí a thosú agus poist a chruthú.

Príomhspriocanna insoláthartha

Plean Gníomhaíochta um Bunscileanna [R1 2025]

Scéim Tacaíochta um Bunscileanna (píolótach) [2026]

Treochlár 2030 maidir leis an oideachas digiteach agus scileanna amach anseo [R4 2025]

Tionscnamh IS san oideachas [2026]

Plean Straitéiseach um Oideachas ETIM [R1 2025]

Clár Oibre an Aontais Eorpaigh le haghaidh Múinteoirí agus Oiliúnóirí [2026]

Creat inniúlachta Eorpach d’fhoireann acadúil [2026]

Straitéis Eorpach don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint [2026]

Inrochtaineacht ardoideachais a mhéadú [2027]

Straitéis chothroime idirghlúine [R1 2026]

B.Uas-sciliú agus athsciliú chun scileanna atá dírithe ar an todhchaí a áirithiú

Ní fhacthas a leithéid de luas agus raon feidhme na gclaochluithe riamh roimhe seo. Bhí scileanna i gcónaí ar cheann de bhuntáistí iomaíocha na hEorpa. Trí na huirlisí cearta a áirithiú chun uas-sciliú agus athsciliú a dhéanamh — go freagrúil agus go héifeachtach — cuideofar le gnólachtaí agus fostóirí Eorpacha a bheith iomaíoch, le haistrithe ó phost go post a éascú, agus lena áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár.

Is freagracht chomhroinnte iad uas-sciliú agus athsciliú. Tá ról le himirt ag údaráis phoiblí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, ach is amhlaidh atá ag gnólachtaí, comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe oideachais agus oiliúna, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, pobail áitiúla agus daoine aonair.

Cuireann réamh-mheastacháin an mhargaidh saothair amach anseo i dtábhacht an phráinn a bhaineann le gníomhaíocht chun na scileanna atá de dhíth ar an Eoraip a áirithiú. Tá 42 ghairm bheatha sainaitheanta ag an gCoimisiún cheana féin ina bhfuil ganntanais ar fud an Aontais. Baineann na ganntanais is mó le ceirdeanna tógála, iompar, roinnt gairmeacha sláinte amhail altraí agus dochtúirí speisialaithe, agus oibrithe cúraim 30 . Is dócha go dtiocfaidh méadú orthu le IS, róbataic, próisis shonraíbhunaithe agus leis an aistriú glan lena nathraítear tionscail 31 .

Ní leor fós an rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach toisc nach dtéann ach 39.5 % de dhaoine fásta i mbun oiliúna go bliantúil 32 , i bhfad faoi bhun phríomhsprioc an Aontais de 60 % faoi 2030. Glacann daoine fásta ar bheagán oiliúna, a dteastaíonn an oiliúint is mó uathu, páirt níos lú fós. Tá rátaí rannpháirtíochta níos ísle ar an meán freisin i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin atá i mbun aistriú. Bíonn bacainní breise roimh mhná agus grúpaí leochaileacha amhail daoine faoi mhíchumas, bacainní a chuireann bac ar a rannpháirtíocht san oiliúint. Sa chomhthéacs sin, leis an Treochlár um Chearta na mBan, cuirfear comhdheiseanna agus rochtain ar uas-sciliú agus ar athsciliú chun cinn.

Ní mór dúinn cumhacht a thabhairt do shaoránaigh scothaosta atá toilteanach leanúint de bheith ag rannchuidiú leis an margadh saothair. Thairis sin, ba cheart tacú le tionscnaimh bheartais a théann chun tairbhe do roinnt glúnta. Freastalaíonn ionaid oibre ilghlúine ar riachtanais éagsúla, déanann siad infheistíocht in aistrithe eolais agus scileanna dhá threo idir saoránaigh óga agus saoránaigh scothaosta agus, ar deireadh, téann siad chun tairbhe don sochaí ina hiomláine.

Is cuid mhór den uas-sciliú í an oiliúint san ionad oibre a chuireann fostóirí ar fáil. In 2020, chuir 67.4 % de chuideachtaí oiliúint ar fáil, ach tá éagsúlacht mhór sa rannpháirtíocht ar fud earnálacha, tionscal agus tíortha. Ní leor na seirbhísí fostaíochta poiblí chun freastal ar riachtanais oiliúna daoine fásta atá le hathsciliú chun gairmeacha nó earnálacha a athrú.

Bac mór amháin ar dhul i mbun oiliúna i measc daoine fásta ar bheagán oiliúna is ea an easpa spreagtha 33 . D’fhéadfadh ‘éifeacht scáfar’ a bheith ag drochthaithí ar fhoghlaim scoilbhunaithe. Tá gá le cineálacha cur chuige malartacha, lena mbaineann sraith níos leithne gníomhaithe chun daoine fásta a spreagadh chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí foghlama i dtimpeallachtaí iontaofa nó nua.

an t‑idirphlé sóisialta ar gach leibhéal – Eorpach, náisiúnta agus áitiúil – ríthábhachtach chun forbairt scileanna a mhúnlú trí chómhargáil, trí chistí oiliúna agus forbartha a reáchtáil, trí sheirbhísí treoraíochta agus trí phoist a mheaitseáil le scileanna. Déanfar é seo a chur chun cinn a thuilleadh.

Príomhspriocanna insoláthartha ón earnáil phoiblí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach

«Uas-sciliú agus athsciliú daoine fásta

oLeanúint de thacaíocht a thabhairt do chuntais foghlama aonair 34   a chur chun feidhme chun na daoine uile a chumhachtú uas-sciliú agus athsciliú a dhéanamh, gan beann ar a stádas fostaíochta. Is féidir leis na cuntais cabhrú le daoine a dtéann na haistrithe i bhfeidhm orthu na scileanna is gá a fháil chun bogadh isteach i ngairmeacha nua. Tá scéimeanna den sórt sin á bpíolótú ag go leor Ballstát ach beidh gá le cur i bhfeidhm, meastóireacht agus comhdhlúthú a dhéanamh a thuilleadh sna blianta amach romhainn.

oAn úsáid a bhaintear as micridhintiúir a leathnú mar réitigh foghlama sholúbtha, i gcomhréir leis an gcur chuige Eorpach 35 , chun a áirithiú go mbeidh siad iontaofa, intuigthe, go neiseofar go digiteach iad agus go mbeidh siad inchomparáide ar fud earnálacha agus tíortha. Chuige sin, beidh gá le rannpháirtíocht ghníomhach gach cineáil soláthraithe micridhintiúr, go háirithe soláthraithe oiliúna príobháideacha, sa bhreis ar institiúidí oideachais agus oiliúna. I gcás inarb ábhartha, ba cheart micridhintiúir a nascadh le Creataí náisiúnta agus Eorpacha um Cháilíochtaí. Cuirfidh treoraíocht maidir le hionstraimí dearbhaithe cáilíochta feabhas ar mhuinín agus ar ghlacadh micridhintiúr i bpróisis earcaíochta. Is é is aidhm dó freisin an líon micridhintiúr comhpháirteach arna neisiúint ag lárionaid barr feabhais gairme, ag comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha agus ag acadaimh scileanna an Aontais a mhéadú, agus a núsáid ghnó san earcaíocht agus i gcur chun cinn gairme a mhéadú, ag díriú go háirithe ar earnálacha straitéiseacha.

oTacú le gníomhaíochtaí piarfhoghlama do na Ballstáit maidir le spásanna nuálacha foghlama pobail chun daoine fásta a bhfuil bunscileanna ísle acu a spreagadh chun uas-sciliú trí oibriú i dtimpeallachtaí ina mbraitheann siad níos compordaí. Na Ballstáit a spreagadh chun oibriú le seirbhísí poiblí fostaíochta agus le seirbhísí sóisialta chun tacú le daoine fásta feabhas a chur ar a mbunscileanna agus iad a ghníomhachtú de réir mar is ábhartha. D’fhéadfaí cineálacha cur chuige idirghlúine a thástáil sa chomhthéacs sin.

oScéim phíolótach maidir leis an Ráthaíocht Scileanna a fhorbairt agus a bhunú, chun a áirithiú go mbeidh deis ag oibrithe in earnálacha atá faoi athstruchtúrú nó atá i mbaol dífhostaíochta a ngairmeacha a fhorbairt a thuilleadh in earnálacha agus/nó i gcuideachtaí eile. Trína nuas-sciliú agus a nathsciliú a chur chun cinn, i gcomhréir le straitéisí ábhartha náisiúnta, réigiúnacha agus/nó earnála um aistriú, tacóidh an Ráthaíocht Scileanna lena nionchais fostaíochta agus slándáil post.

oMeasúnú a dhéanamh, mar chuid den athbhreithniú ar rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine 36 , an gá na rialacha maidir le státchabhair is infheidhme maidir le hoiliúint a thabhairt cothrom le dáta chun dreasachtaí níos fearr a chur ar fáil don tionscal, lena náirítear an geilleagar sóisialta, chun infheistíocht a dhéanamh in uas-sciliú agus in athsciliú oibrithe, ar mhaithe le haistriú cóir.

«Comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a ghiaráil agus comhar a chur chun cinn in earnálacha straitéiseacha

oAn Comhshocrú um Scileanna a neartú agus a chuíchóiriú chun tacú le hearnálacha straitéiseacha maidir lena nuasciliú agus athsciliú, lena náirítear trí na comhpháirtíochtaí mórscála i gcomhréir leis an gCompás Iomaíochais, leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus leis an Straitéis um Aontas na hUllmhachta amach anseo. Trí na comhpháirtíochtaí mórscála a threisiú, tacófar le réitigh earnáilsonracha a fhorbairt 37 . Leis an gComhshocrú treisithe, rachfar i ngleic le hilroinnt tionscnamh agus cuirfear feabhas ar naisc eatarthu, amhail acadaimh scileanna an Aontais, an Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí, na hionaid barr feabhais gairme agus comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha. Cuirfear feabhas ar shineirgí trasearnála i measc chomhaltaí an Chomhshocraithe, ar chomhroinnt eolais agus acmhainní feadh an tslabhra luacha (e.g. faisnéis scileanna, próifílí gairme, curaclaim, modúil oiliúna). Gheall comhaltaí an Chomhshocraithe uas-sciliú a dhéanamh ar 25 mhilliún oibrí faoi 2030. Tá an Coimisiún ag iarraidh ar chomhaltaí an Chomhshocraithe a ngealltanais a dhúbailt ar a laghad.

oAcadaimh scileanna an Aontais atá spriocdhírithe a athbhreithniú agus a chur chun feidhme. Déanfar athbhreithniú ar na hacadaimh atá ann cheana, lena náirítear Acadaimh um an Tionscal Glan-nialasachta, chun tosca ratha a mheas. Bunaithe ar an anailís sin, cuirfear líon spriocdhírithe acadamh i bhfeidhm, ag cur leis na samhlacha is rathúla, chun na scileanna a theastaíonn ón tionscal don aistriú glas agus don aistriú digiteach agus don Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan a sholáthar. Ba cheart dóibh díriú ar earnálacha straitéiseacha amhail an earnáil cosanta, an earnáil mótarfheithiclí, an earnáil gaoithe, an earnáil bia, agus réimsí an-speisialaithe amhail IS, candam, domhain fhíorúla agus leathsheoltóirí. Seolfaidh an Coimisiún líonra tionscail-acadaimh de chuid an acadaimh scileanna cibearshlándála i mí an Mheithimh 2025 agus cuirfidh sé cibear-champais le haghaidh scileanna cibearshlándála chun cinn i mBallstáit agus i réigiúin éagsúla. Tabharfaidh an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) na scileanna is gá in earnálacha straitéiseacha do 1 mhilliún foghlaimeoir faoi 2028, i gcomhar le gnólachtaí agus aird ar leith á tabhairt ar rannpháirtíocht sa chothromaíocht inscne.

oGníomhaíochtaí píolótacha, lena náirítear trí Erasmus+, an clár don Eoraip Dhigiteach agus EIT, chun comhpháirtíochtaí trasnáisiúnta idir ollscoileanna agus gnólachtaí a chur ar bun chun oiliúint a chur ar dhaoine le haghaidh earnálacha ina bhfuil bearnaí móra scileanna. D’fhéadfadh comhpháirtíochtaí den sórt sin tacú, mar shampla, le cláir chomhpháirteacha thiomnaithe nó micridhintiúir a fhorbairt go comhpháirteach, agus tacú le fiontraíocht agus meantóireacht do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis. Leagfar amach i Straitéis AE um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú gníomhaíochtaí breise chun cabhrú le gnólachtaí nuathionscanta agus le gnólachtaí atá i mbun fáis an tallann a theastaíonn uathu chun seoladh agus fás san Aontas a choinneáil agus a mhealladh.

oAn Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí a leathnú chun 700 gealltanas a bhaint amach faoi 2030, lena náirítear daoine lasmuigh den mhargadh saothair agus printíseachtaí do dhaoine fásta chun uas-sciliú agus athsciliú a dhéanamh.

Príomhspriocanna insoláthartha

Ráthaíocht Scileanna d’oibrithe a phíolótú [2025]

Acadaimh scileanna an Aontais spriocdhírithe a chur i bhfeidhm, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na cinn atá ann cheana [2026]

Comhpháirtíochtaí trasnáisiúnta idir ollscoileanna agus gnólachtaí a phíolótú le haghaidh earnálacha ina bhfuil bearnaí móra scileanna [2026]

C.Scileanna a chur i gcúrsaíocht agus a leithdháileadh chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh aonair

Cuireann an margadh aonair creat uathúil ar fáil don ‘chúrsaíocht’ — saorghluaiseacht daoine — lena gcuid scileanna. Tá reachtaíocht forbartha ag an Aontas maidir le saorghluaiseacht gairmeacha rialáilte chomh maith le roinnt uirlisí maidir le trédhearcacht agus an margadh saothair amhail an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF), Europass, ESCO 38 , EURES 39 . Ina theannta sin, forbraíodh an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna le haghaidh oideachas iar-mheánscoile faoi Phróiseas Bologna.

Tá bacainní fós ag cur bac ar scileanna agus ar cháilíochtaí daoine a inaistriú agus a aithint go saoráideach, áfach. Trí bhailíochtú scileanna agus aithint cáilíochtaí a éascú agus trí chomhar trasnáisiúnta a neartú, tacóidh Aontas na Scileanna le soghluaisteacht chothrom trasteorann agus le saorghluaiseacht eolais agus scileanna. Méadóidh sé sin an mheaitseáil idir tacar scileanna na ndaoine agus na poist a ghlacann siad agus iad ag bogadh san Aontas, rud a laghdóidh imirce daoine oilte agus a chuirfidh i gcoinne treochtaí dídhaonraithe i réigiúin atá i mbaol meath déimeagrafach.

Ag obair i gcomhar leis na Ballstáit i dtreo céim Eorpach atá aitheanta ag na Ballstáit uile, cuirfidh Aontas na Scileanna oideachas agus oiliúint ardcháilíochta is fearr ar fáil, agus acmhainní á gcomhthiomsú le chéile trí chomhar trasnáisiúnta agus trasdisciplíneach a dtacaíonn Erasmus+ leis.

Príomhspriocanna insoláthartha ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil

«Inaistritheacht scileanna agus cáilíochtaí a éascú

oTionscnamh um Inaistritheacht Scileanna a fhorbairt chun níos mó deiseanna a chur ar fáil d’oibrithe agus do ghnólachtaí chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh aonair. Ar an gcéad dul síos, féachaint an bhfuil gá le togra reachtach féideartha chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar shoghluaisteacht oibrithe, lena náirítear i ngairmeacha neamhrialáilte. D’fhéadfadh sé sin cur leis na huirlisí trédhearcachta atá ann cheana lena bhféachtar le tuiscint, inchomparáideacht, iontaoibh agus glacadh scileanna agus cáilíochtaí a áirithiú ar fud na mBallstát. D’fhéadfadh sé freisin formáidí comhchoiteanna Eorpacha le haghaidh dintiúir dhigiteacha idir-inoibritheacha a chur chun cinn chun tuiscint agus glacadh scileanna agus cáilíochtaí a chumasú. Ar an dara dul síos, ag cur leis an tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla, breithneoidh an Coimisiún gníomhaíochtaí chun próisis aitheantais do ghairmeacha rialáilte a éascú, a leathnú agus a nuachóiriú a thuilleadh, go háirithe trí uirlisí digiteacha a ghiaráil. Ar an tríú dul síos, áireofar leis scrúdú a dhéanamh an molfar rialacha comhchoiteanna le haghaidh nósanna imeachta níos simplí chun aitheantas agus bailíochtú cáilíochtaí agus scileanna náisiúnach tríú tír a láimhseáil.

oComhchreat Eorpach a fhorbairt maidir le haitheantas uathoibríoch a thabhairt do cháilíochtaí staidéir agus do thréimhsí foghlama ar an gcoigríoch ar scoil, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus san ardoideachas. Féachaint an bhféadfaí aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún maidir le Cáilíochtaí Ardoideachais sa Réigiún Eorpach a Aithint (an ‘Coinbhinsiún maidir le Cáilíochtaí Ardoideachais sa Réigiún Eorpach a Aithint’) 40 . Beidh sé d’aidhm aige sin laghdú a dhéanamh ar éiginnteacht foghlaimeoirí soghluaiste maidir le haitheantas a thabhairt dá gcáilíochtaí agus dá dtorthaí foghlama, agus nósanna imeachta riaracháin fada atá deacair le tuar á seachaint. Cruthaíonn siad cothrom iomaíochta do gach foghlaimeoir, neamhspleách ar a nearnáil oideachais agus oiliúna agus ar a dtír thionscnaimh.

«Cáilíochtaí Eorpacha atá dírithe ar an todhchaí

oForbairt clár staidéir Eorpach comhpháirteach nuálach a éascú, lena náirítear i ndisciplíní d’earnálacha straitéiseacha agus i bpríomhréimsí teicneolaíochta amhail an IS, candam, leathsheoltóirí, sonraí nó cibearshlándáil, trí chéim/lipéad Eorpach 41   a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar chritéir a chomhaontófar i gcomhpháirt. Cothóidh an tionscnamh seo scileanna atá dírithe ar an todhchaí agus comhthiomsóidh sé saineolas agus eolas ó institiúidí ardoideachais ar fud an Aontais, thar an méid is féidir le haon institiúid aonair a thairiscint.

oSoghluaisteacht foghlaimeoirí agus oibrithe gairmoideachais agus gairmoiliúna a éascú trí thús a chur le hobair chun dioplóma/lipéad Eorpach gairmoideachais agus gairmoiliúna a d’fhéadfadh a bheith ann a fhorbairt. D’fhéadfaí an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint tosaigh ar leibhéal meánscoile uachtaraí agus iar-mheánscoile a chumhdach leis an dioplóma. Le tacaíocht ó Erasmus+, rachaidh tionscadal píolótach i dteagmháil leis na Ballstáit agus le soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna chun tástáil a dhéanamh ar dhioplóma/lipéad gairmoideachais agus gairmoiliúna Eorpach den sórt sin in 2025-2026.

«Comhar trasnáisiúnta níos doimhne chun scileanna agus inniúlachtaí atá dírithe ar an todhchaí a chur ar fáil

oFéachaint an bhféadfaí stádas dlíthiúil Eorpach oiriúnach a fhorbairt do chomhghuaillíochtaí d’institiúidí ardoideachais; agus conair infheistíochta le haghaidh comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha, chun comhar agus cistiú inbhuanaithe a áirithiú, acmhainní a chomhthiomsú agus comhpháirtíochtaí le gnólachtaí agus ranna taighde a neartú laistigh dá néiceachóras nuálaíochta.

o Comhar trasnáisiúnta faoi ionaid barr feabhais gairme a neartú agus rannchuidiú le hathchóirithe náisiúnta gairmoideachais agus gairmoiliúna trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí. Leanúint de thacaíocht a thabhairt d’ionaid barr feabhais gairme a chruthú in 2026-2029, bunaithe ar mheastóireacht.

oComhghuaillíochtaí de Scoileanna Eorpacha a phíolótú in 2026 chun soghluaisteacht daltaí agus múinteoirí, comhar trasteorann idir scoileanna agus údaráis scoile agus an nuálaíocht a mhéadú. Feidhmeoidh na comhghuaillíochtaí mar bhinsí tástála le haghaidh modhanna teagaisc, curaclaim agus creataí inniúlachta nuálacha, go háirithe le haghaidh bunscileanna. Tacóidh na comhghuaillíochtaí le scoileanna rannpháirteacha a bheith ina neagraíochtaí foghlama le haghaidh teagasc éifeachtach bunscileanna, lena náirítear i gcomhar le húdaráis áitiúla.

«Borradh a chur faoin tsoghluaisteacht do gach foghlaimeoir

oErasmus+ a neartú chun é a dhéanamh níos cuimsithí agus níos inrochtana do chách, agus béim ar leith á leagan ar fhoghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu — lena náirítear sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint. Le for-rochtain níos mó, tabharfar raon feidhme níos mó d’fhorbairt scileanna agus, ar an gcaoi sin, rannchuideofar ar bhealach níos cinntithí le hEoraip athléimneach, iomaíoch agus chomhtháite a thógáil.

Príomhspriocanna insoláthartha

An Tionscnamh um Inaistritheacht Scileanna [2026]

Comhchreat Eorpach maidir le haitheantas uathoibríoch a thabhairt do cháilíochtaí staidéir agus do thréimhsí foghlama ar an gcoigríoch ar scoil, sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint agus san ardoideachas [2027]

Cláir staidéir Eorpacha chomhpháirteacha nuálacha ag a bhfuil céim/lipéad Eorpach a sheoladh [2026]

Stádas dlíthiúil do chomhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha [2027]

Dioplóma gairmoideachais agus gairmoiliúna san Eoraip a phíolótú [2025-2026]

Comhghuaillíochtaí de Scoileanna Eorpacha a phíolótú [2026]

D.Scileanna ó thríú tíortha a mhealladh agus a choinneáil chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna agus chun an tallann is fearr a fhorbairt san Eoraip

Meastar go dtiocfaidh laghdú aon mhilliún duine fásta ar dhaonra na hEorpa atá in aois oibre gach bliain go dtí 2050. Tá gá le hiarrachtaí chun rannpháirtíocht an oiread daoine in aois oibre agus is féidir sa mhargadh saothair a spreagadh, bacainní leanúnacha a dhíchur agus teagmháil a dhéanamh le grúpaí ar lú na deiseanna atá acu. Fiú sa chás sin, áfach, ciallaíonn déimeagrafaíocht atá ag laghdú nach leor daonra an Aontais chun dul i ngleic le ganntanais lucht saothair agus chun acmhainneacht nuálaíochta an Aontais a bharrfheabhsú. Trí thíortha is iarrthóirí a chomhtháthú de réir a chéile i gcodanna den mhargadh aonair, neartófar iomaíochas gheilleagar an Aontais in iomaíocht ghéar dhomhanda an lae inniu. Tá tionchar claochlaitheach ag tacaíocht straitéiseach don oideachas agus don oiliúint i dtíortha comhpháirtíochta mar chuid de Global Gateway agus cumasaítear léi inbhuanaitheacht a spreagadh, agus rannchuidíonn sí le feabhas a chur ar iomaíochas cuideachtaí Eorpacha ag an am céanna, go háirithe i dtíortha infheistíochta.

Agus na bearta chun lucht saothair an Aontais a ghníomhachtú agus a uas-sciliú á gcomhlánú aige, ní mór don Aontas a bheith tarraingteach do thallann ar fud an domhain, chun an tallann sin a mhealladh agus í a choinneáil. Chun a seasamh san oideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht a choinneáil agus a neartú, ní mór don Eoraip a tarraingteacht a neartú do na taighdeoirí, do na speisialtóirí is fearr i réimsí straitéiseacha, don lucht acadúil agus do mhic léinn ar fud an domhain agus do speisialtóirí i réimsí straitéiseacha, amhail iad siúd atá nasctha leis an gcéad rabharta eile teicneolaíochtaí ar thús cadhnaíochta. Tá cumas an Aontais dul san iomaíocht ar scála domhanda ag brath ní hamháin ar thallann dúchais a choinneáil ach freisin ar thallann a tharraingt go gníomhach ó áiteanna lasmuigh den Eoraip. Trí bhonneagar oideachais agus taighde den chéad scoth, ionchais iomaíocha ghairme, agus timpeallacht thacúil rialála agus chistithe a chur ar fáil, is féidir leis an Aontas Eorpach a bheith ina cheann scríbe do na daoine is éirimiúla. Is féidir le deontais taighde ar thús cadhnaíochta ón gComhairle Eorpach um Thaighde a bheith ríthábhachtach chun taighdeoirí den scoth ó gach cearn den domhan a mhealladh agus a choinneáil san Aontas, trí chistiú fadtéarmach solúbtha a chur ar fáil chun taighde ar thús cadhnaíochta a dhéanamh san Eoraip.

Beidh an aird chéanna ag gabháil leis an uaillmhian sin chun rochtain ar phoist ardcháilíochta agus seachadadh na bpost sin a áirithiú, go háirithe in earnálacha ina bhfuil baol níos airde ann go mbeidh dálaí oibre éagóracha, míshláintiúla agus neamhshábháilte ag oibrithe. Tá forfheidhmiú cuí na rialacha maidir le soghluaisteacht an lucht saothair, lena n‑áirítear le tacaíocht ón Údarás Eorpach Saothair, ríthábhachtach chun margadh aonair dea-fheidhmiúil a thógáil agus baineann sé sin le gach oibrí, lena n‑áirítear náisiúnaigh tríú tír, agus go háirithe i gcomhthéacs oibrithe a phostú agus i slabhraí fochonraitheoireachta fada casta.

Ba cheart tacú le náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí go dleathach san Aontas agus iad á n‑imeascadh agus ba cheart dóibh a bheith in ann leas iomlán a bhaint as a mbuanna, le dálaí maithe oibre. Ba cheart an comhar le tíortha comhpháirtíochta maidir le soghluaisteacht idirnáisiúnta an lucht saothair agus forbairt scileanna a threisiú freisin.

Áiritheoidh Aontas na Scileanna go mbeidh an Eoraip ar thús cadhnaíochta maidir le tallann dhomhanda a mhealladh chun na nuálaíochta agus go gcuirfidh sé an éagsúlacht agus an cuimsiú chun cinn, agus á chur san áireamh gur gá measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí slándála d’earnálacha straitéiseacha amhail an chibearshlándáil, an t‑aeraspás agus an earnáil cosanta.

Príomhspriocanna insoláthartha ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil

«Creat Eorpach maidir le tallann a mhealladh

oA luaithe a ghlacfaidh na comhreachtóirí é, bunóidh siad Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, ardán uile-Aontais lena néascófar earcaíocht idirnáisiúnta cuardaitheoirí poist tríú tír atá ina gcónaí lasmuigh den Aontas, agus a mbeidh na scileanna is gá acu chun oibriú i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais ar gach leibhéal scileanna. 

oAn Eoraip a dhéanamh tarraingteach do na taighdeoirí is fearr ar fud an domhain, trí theacht roimh imirce daoine oilte ón Aontas agus stop a chur leis i gcás taighdeoirí Eorpacha agus idirnáisiúnta araon a bhfuil na nithe seo a leanas acu:

Ødálaí oibre agus fostaíochta eolaíocha den scoth agus ionchais ghairme den scoth a chur ar fáil, go háirithe trí dhíriú ar dhul i ngleic leis an éiginnteacht i luathghairmeacha taighde, trí ghníomhaíocht Marie Skłodowska-Curie ‘GMSC Roghnaigh an Eoraip’. Seolfar tionscadal píolótach in 2025. Beidh iarratasóirí in ann deontais GMSC a nascadh le comórtais as a dtiocfaidh poist fhadtéarmacha in ollscoileanna agus in institiúidí taighde tar éis dheireadh an tionscadail.

ØTacú le cur chun feidhme an chreata nua do ghairmeacha taighde 42  agus na Cairte Eorpaí do Thaighdeoirí, atá ábhartha go háirithe chun taighdeoirí a choinneáil san Eoraip agus chun an diaspóra eolaíoch a mhealladh ar ais.

oCórais oideachais agus oiliúna na hEorpa a dhéanamh tarraingteach do mhic léinn den scoth. 

ØMolann an Coimisiún sprioc nua: Faoi 2030, ba cheart go mbeadh 350 000 foghlaimeoir ar a laghad ann ó lasmuigh den Aontas a thagann chun staidéar a dhéanamh agus céim a bhaint amach san Aontas 43 .

ØAontaí staidéir fíorúla a píolótú, go sonrach maidir le ETIM agus disciplíní straitéiseacha eile, agus gníomhaíochtaí cur chun cinn fisiciúla a eagrú faoin meirge ‘Staidéar san Eoraip’, chun mic léinn ó phríomhinstitiúidí i dtríú tíortha a mhealladh chun staidéar a dhéanamh san Eoraip i bpríomhdhisciplíní, le dreasacht scoláireachtaí Erasmus Mundus, agus an chláir don Eoraip Dhigiteach agus comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha.

oMealladh agus imeascadh náisiúnach oilte tríú tír a éascú.

ØCuirfidh an Coimisiún Straitéis um Víosaí i láthair níos déanaí i mbliana ina mbeidh bearta chun tacú le mic léinn, taighdeoirí agus oibrithe oilte den scoth ó thríú tíortha, mar shampla trí chur chun feidhme níos fearr na Treorach maidir le Mic Léinn agus Taighdeoirí 44 agus na Treorach maidir le Cárta Gorm. Tá gá le tacaíocht níos láidre do na Ballstáit agus dá gconsalachtaí freisin, chun a áirithiú gur féidir víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe a eisiúint go tráthúil. Éascóidh cistiú ón Aontas comhordú feabhsaithe idir údaráis imirce agus oideachais.

ØPríomhthoisc chun tallann a mhealladh is ea na dálaí cearta a chruthú san Eoraip chun iad a imeascadh agus chun tacú le saol an teaghlaigh. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú níos déanaí i mbliana ar Phlean Gníomhaíochta an Aontais um Imeascadh agus Cuimsiú agus fiosróidh sé bealaí chun tacú níos fearr le bearta imeasctha agus athaontaithe teaghlaigh, go háirithe d’oibrithe oilte agus do thaighdeoirí.

ØTá ‘cláir oiliúna chun daoine a fhostú’ ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais lucht saothair san Eoraip agus chun rannchuidiú le forbairt scileanna na dtíortha comhpháirtíochta. Tá cláir den sórt sin á bhforbairt mar chuid de chomhpháirtíochtaí tallainne agus ba cheart iad a fhorbairt tuilleadh mar chuid de na hoifigí tairsí dlíthiúla ilchuspóireacha a bunaíodh i gcomhpháirt le Ballstáit leasmhara chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil d’fhostóirí chun na scileanna a theastaíonn uathu a aimsiú, go háirithe in earnálacha leasa choitinn, amhail tógáil, cúram, TFC, iompar, bithgheilleagar, turasóireacht, talmhaíocht nó cultúr. Ba cheart cláir den sórt sin a bheith bunaithe ar chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí agus ba cheart go rachadh siad chun tairbhe don Aontas agus do na tíortha comhpháirtíochta araon. Leis an gComhaontú Nua don Mheánmhuir atá le teacht, cuirfear deiseanna ar leith ar fáil i ndáil leis an méid sin.

Príomhspriocanna insoláthartha

Ardán TF Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a sheoladh

Tionscadal Ghníomhaíocht Marie Sklodowska-Curie ‘GMSC Roghnaigh an Eoraip’ a phíolótú [R4 2025]

Straitéis nua um Víosaí [R4 2025]

Oifigí Tairsí Dlíthiúla Ilchuspóireacha a sheoladh [2026]

4.Infheistíocht a dhéanamh san oideachas agus i scileanna — infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shlógadh

Is infheistíocht iad oideachas agus scileanna — ní costas iad — a thugann an oiread sin tairbhí. Ní hamháin go gcuireann infheistíocht i ndaonra agus i lucht saothair dea-oilte ar chumas daoine rochtain a fháil ar phoist ardcháilíochta agus iad a choinneáil. Is infheistíocht í freisin in iomaíochas agus ullmhacht an Aontais, fás agus athléimneacht fheabhsaithe eacnamaíoch agus chuimsitheach, comhtháthú sóisialta agus críochach, agus, i ndeireadh na dála, neartaíonn sí samhail shóisialta na hEorpa agus cosaint luachanna agus daonlathas na hEorpa.

Leis an mbuiséad 7 mbliana atá ann faoi láthair (2021-2027), leithdháiltear infheistíocht san oideachas agus i scileanna trí chláir amhail Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), lena dtacaítear le scileanna le EUR 42 bhilliún, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (EUR 67.7 billiún le haghaidh infheistíocht i gcaipiteal daonna agus bonneagar araon), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (EUR 8.7 billiún), Erasmus+ (EUR 26.1 billiún), an Ciste um Aistriú Cóir (EUR 2.3 billiún) agus InvestEU (giaráil os cionn EUR 1 bhilliún). Tá sé tábhachtach go mbainfidh na Ballstáit leas as an athbhreithniú meántéarma ar chláir an bheartais chomhtháthaithe 2021-2027 chun a n‑infheistíochtaí san oideachas agus i scileanna a threisiú, chun tacú le hathchóirithe uaillmhianacha chun Aontas na Scileanna a chur chun feidhme.

Leanfaidh cistiú ón Aontas amach anseo de bheith ag tacú le hinfheistíochtaí san oideachas agus i scileanna ar leibhéal an Aontais. Trí dhea-chleachtais, tionscadail phíolótacha agus ceachtanna a foghlaimíodh ar leibhéal an Aontais a ghiaráil, in éineacht le comhordú feabhsaithe le tosaíochtaí beartais Eorpacha, déanfaimid breisluach na n‑infheistíochtaí in earnálacha atá ríthábhachtach d’iomaíochas na hEorpa a uasmhéadú.

Níl i mbuiséad an Aontais ach cuid amháin den léargas. I bhfianaise scála an dúshláin — agus an luach saothair ó thaobh iomaíochais, rathúnais agus athléimneachta de — tá sé ríthábhachtach maoiniú agus tionscnaimh a ghiaráil lasmuigh de chistí an Aontais san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon. 

In 2022, ba é 4.7 % de OTI (meán an Aontais) caiteachas ginearálta rialtais ar gach leibhéal oideachais. Caitheadh 0.1 % den OTI ar fhoghlaim aosach.

Ní mór do na Ballstáit agus don earnáil phríobháideach níos mó infheistíochta a dhéanamh san oideachas, san oiliúint, san uas-sciliú agus san athsciliú.

Príomhspriocanna insoláthartha ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal na hearnála príobháidí

oLeas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí faoi InvestEU agus ardán comhpháirteach nua ‘Infheistiú i dTallann’ a sheoladh, i gcomhar le Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, agus a bheidh oscailte do na hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta uile agus do na bainc náisiúnta uile le haghaidh spreagadh, lena náirítear cistiú agus iasachtú ón Aontas a chumasc ó phríomhinfheisteoirí i dtreo infheistíochtaí a chothú ar gach leibhéal oideachais san Eoraip, mar aon le maoiniú agus tionchar a mhéadú. Faoin ardán, comhordú a dhéanamh ar thionscnaimh de chuid na hearnála príobháidí agus borradh a chur faoi infheistíocht na hearnála príobháidí in oiliúint, uas-sciliú agus athsciliú, i bpríomh-éiceachórais thionsclaíocha tríd an gComhshocrú um Scileanna agus Acadaimh Scileanna an Aontais a threisiú agus trí chomhpháirtíochtaí trasnáisiúnta idir ollscoileanna agus gnólachtaí a chur ar bun. Is bealaí den scoth iad ionaid barr feabhais gairme agus comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha freisin chun infheistíocht ón earnáil phríobháideach a spreagadh chun scileanna atá dírithe ar an todhchaí a fhorbairt.

oNa Ballstáit a spreagadh chun leas a bhaint as an bhféidearthacht a tugadh isteach le déanaí maidir le conair choigeartaithe leathnaithe sa chreat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe chun athchóirithe feabhsaithe fáis agus infheistíocht in athchóirithe oideachais, oiliúna, uas-scilithe agus athscilithe a chur san áireamh, lena rannchuidítear le táirgiúlacht agus rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a mhéadú.

oLeanúint den obair ar infheistíocht shóisialta agus í a threisiú, lena náirítear leis an Mol Infheistíochta Sóisialta 45 , tríd an bhfoghlaim fhrithpháirteach chomh maith le tacaíocht theicniúil do na Ballstáit a chur chun cinn chun athchóirithe agus infheistíochtaí sóisialta, athchóirithe agus infheistíochtaí sa mhargadh saothair agus athchóirithe agus infheistíochtaí scileanna a chur chun feidhme agus feabhas a chur ar an acmhainneacht chun na torthaí sóisialta agus eacnamaíocha atá ann a thomhas maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht fhioscach.

oFéachaint ar an dea-chleachtas chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do phoist ardcháilíochta agus chun athsciliú an lucht saothair a chur chun cinn tríd an soláthar poiblí.

oMeastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht agus ar ábharthacht na hinfheistíochta san oideachas agus san oiliúint, le tacaíochtón ón tSaotharlann Foghlama um Infheistiú in Oideachas agus Oiliúint ar Ardchaighdeán 46 .

oNa Ballstáit a spreagadh úsáid iomchuí a bhaint as na deiseanna maoinithe le haghaidh oideachais agus oiliúna a chuirtear ar fáil le CSE+.

5.Rialachas

Chun Aontas na Scileanna a chur i gcrích, beidh gá le huaillmhian mhéadaithe, freagracht agus úinéireacht chomhchoiteann, réamhaíocht, stiúradh comhordaithe, infheistíocht, agus cur chun feidhme éifeachtach athchóirithe ar leibhéil éagsúla. Chuige sin, cuirfidh Aontas na Scileanna le struchtúr agus rialachas láidir, lena mbainfear amach an tosaíocht maidir le caipiteal láidir daonna a fhorbairt, mar chumasóir cothrománach, chun tacú le tosaíochtaí iomaíochais agus ullmhachta an Aontais. I ndáil leis an méid sin, déanfar Aontas na Scileanna a ailíniú leis an sásra stiúrtha nua don iomaíochas mar a leagtar amach sa Chompás Iomaíochais, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann na saincheisteanna a bhaineann le scileanna a chomhtháthú go tapa agus go héifeachtach, lena n‑áirítear sna hearnálacha nithiúla a shainaithnítear a bheith ríthábhachtach d’iomaíochas na hEorpa.

Cuirfidh rialachas Aontas na Scileanna, a bheidh le cur chun feidhme go hiomlán a luaithe is féidir, le hardán scileanna agus faisnéise oideachais atá láidir, tráthúil agus ábhartha, comhleanúnach agus comhordaithe — an Fhaireachlann Eorpach um Fhaisnéis Scileanna. Agus é mar chuspóir aige próiseas ceaptha beartas eolasach solúbtha a shimpliú agus a chomhdhlúthú sa réimse sin, cuirfidh Aontas na Scileanna le dlúthchomhar i measc na bpáirtithe leasmhara ábhartha uile, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta, an earnáil phríobháideach agus na hinstitiúidí oideachais agus oiliúna, trí Bhord Ardleibhéil Eorpach um Scileanna.

Toisc go bhfuil caipiteal daonna, oideachas agus scileanna ina chroí-ábhar chun iomaíochas na hEorpa a áirithiú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún moladh nua AE-27 a thabhairt isteach maidir le hoideachas agus scileanna i dtimthriall an tSeimeastair Eorpaigh. Chuirfeadh an moladh leis an ionchur ón bhFaireachlann agus ón mBord Ardleibhéil, chun treoir a thabhairt do na Ballstáit agus do na gníomhaithe ábhartha uile i réimse an chaipitil dhaonna, san oideachas agus i scileanna agus chun rannchuidiú lena áirithiú go gcomhlíonfaidh athchóirithe agus infheistíochtaí – idir phoiblí agus phríobháideach – na riachtanais is déine ar bhealach straitéiseach agus éifeachtach.

Leagtar amach thíos príomhghnéithe rialachas Aontas na Scileanna.   

«Na sonraí riachtanacha a sholáthar le haghaidh beartas eolasach: Faireachlann Eorpach um Fhaisnéis Scileanna

Tá faisnéis thráthúil chruinn maidir le scileanna ríthábhachtach chun gníomhaíocht beartais eolasach agus cistiú éifeachtach a áirithiú. Trí Fhaireachlann Eorpach um Fhaisnéis Scileanna nuachruthaithe, cuirfidh an Coimisiún sonraí straitéiseacha agus fadbhreathnaitheacht ar fáil maidir le stoic scileanna (reatha agus amach anseo), úsáid agus riachtanais, in earnálacha agus réigiúin nithiúla, agus feidhmíocht na gcóras oideachais agus oiliúna. Leis an tuairisciú tráthúil sonraí sin, beifear in ann foláirimh luathrabhaidh a bheith ann maidir le ganntanais scileanna in earnálacha criticiúla nó straitéiseacha don Aontas.

Tá bearta á ndéanamh ag an gCoimisiún 43 chun feabhas a chur ar fhaisnéis scileanna agus ar bhailiú sonraí i ndlúthchomhar le Eurostat agus le Faireachlanna agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais 47 (Eurofound, an tÚdarás Eorpach Saothair agus Cedefop), a bhailíonn raidhse sonraí, lena náirítear an tuarascáil bhliantúil maidir le ganntanais agus barrachais saothair agus an uirlis anailíse ar líne maidir le folúntais scileanna, lena dtáirgtear faisnéis agus réamhaisnéis scileanna atá gar d’fhíor-am. I measc na bhfoinsí sonraí ábhartha eile tá an fhaisnéis scileanna earnála a bhailítear trí chomhghuaillíochtaí scileanna an Chomhshocraithe um Scileanna agus an ‘Treoirphlean’, rianú céimithe Eorpacha, an Faireachán ar Oideachas agus Oiliúint, faireachlann earnáil ardoideachais na hEorpa, an Fhaireachlann um Ghairmeacha Taighde agus Nuálaíochta, an spás sonraí Eorpach do scileanna, agus líonra Eurydice.

Leis an bhFaireachlann Eorpach um Fhaisnéis Scileanna, beifear in ann na sonraí gráinneacha, fíor-ama agus inchomparáide sin go léir a lárú in ionad ilfhreastail, lena gcuirfear na hionchuir is gá ar fáil don Bhord Ardleibhéil um Scileanna agus lena gcuirfear le hobair an tSeimeastair Eorpaigh.

«An tathrú a chur chun cinn — Bord Ardleibhéil um Scileanna don Eoraip

Ag cur le torthaí na Faireachlainne Eorpaí um Fhaisnéis Scileanna, agus chun tacú leis an obair ar an leibhéal polaitiúil, bunóidh an Coimisiún Bord Ardleibhéil um Scileanna don Eoraip ad hoc. Tabharfaidh an Bord, faoi chathaoirleacht an Choimisiúin Eorpaigh, na príomhpháirtithe leasmhara le chéile, lena n‑áirítear ceannairí gnó, soláthraithe oideachais agus oiliúna agus comhpháirtithe sóisialta chun léargas chuimsitheacha trasearnála agus treoraíocht maidir le scileanna a chur ar fáil do lucht ceaptha beartas an Aontais, lena n‑áiritheofar fís chomhordaithe agus sainaithint na gníomhaíochta misniúla is gá chun ár gcaipiteal daonna a neartú, ag cur le torthaí na Faireachlainne Eorpaí um Fhaisnéis Scileanna.

Tacóidh an Bord le hobair an Choimisiúin i dtreo Mholadh AE-27 maidir le caipiteal daonna agus maidir leis na moltaí tírshonracha. De réir mar is ábhartha, cuirfear san áireamh ann moltaí an Bhoird um an Deacáid Dhigiteach maidir le bunscileanna digiteacha, chomh maith le moltaí comhlachtaí ábhartha eile. Trí na príomhpháirtithe leasmhara ábhartha a thabhairt le chéile, éascóidh an Bord gníomhaíocht ghasta ar an láthair, agus ag an am céanna déanfaidh sé tráthanna an phlé agus an chomhairliúcháin le comhlachtaí agus institiúidí éagsúla agus ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a shimpliú agus a laghdú. Beidh struchtúr dinimiciúil solúbtha ag an mBord, a bheidh in ann freagairt go tapa don staid atá ag teacht chun cinn maidir le tírdhreach scileanna earnála an Aontais agus na páirtithe leasmhara ábhartha a thionól ag brath ar shaincheisteanna práinneacha éagsúla a bheidh le plé.

«I dtreo mholadh AE-27 tiomnaithe maidir le caipiteal daonna: oideachas agus scileanna sa Seimeastar Eorpach

Is príomhchumasóirí iomaíochais inbhuanaithe iad scileanna. Dá bhrí sin, beidh Aontas na Scileanna fréamhaithe sa sásra stiúrtha iomaíochais lena gcuimseofar an Uirlis um Chomhordú Iomaíochais agus an Seimeastar Eorpach cuíchóirithe.

Le tabhairt isteach an chreata maidir le cóineasú sóisialta sa Seimeastar Eorpach 48 in 2024, tugadh aird níos mó ar mhíchothromaíochtaí sóisialta agus ar rioscaí don chóineasú sóisialta aníos. Is féidir tuilleadh anailíse agus comhairle shaincheaptha maidir le beartas caipitil dhaonna na mBallstát a chur leis an gcreat maidir le cóineasú sóisialta, chun an faireachán agus an anailís ar thorthaí fostaíochta, sóisialta agus oideachais agus scileanna a fheabhsú agus a thabhairt cothrom le dáta go fóinteach. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún moladh cothrománach AE-27 maidir le caipiteal daonna a thabhairt isteach do na Ballstáit uile, a mbeidh torthaí na Faireachlainne Eorpaí um Fhaisnéis Scileanna agus anailís an Choimisiúin Eorpaigh mar bhonn taca leis, le tacaíocht ón mBord Ardleibhéil Eorpach um Scileanna.

Ba cheart béim ar leith a leagan i moladh AE-27 ar shaincheisteanna struchtúracha oideachais agus scileanna, chomh maith lena chaidreamh leis an margadh saothair agus leis an iomaíochas atá ag athrú go tapa. Is é is aidhm dó rannchuidiú le socrú an chláir oibre do shaincheisteanna a bhaineann le caipiteal daonna don Aontas ina iomláine, chomh maith le hionchur do na díospóireachtaí beartais ábhartha sa Chomhairle agus chun bonn eolais a chur faoin gCruinniú Mullaigh Sóisialta Trípháirteach. Ba cheart dó sin a bheith comhlántach leis na gnéithe eile den Seimeastar Eorpach, lena n‑áirítear go háirithe an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, na treoirlínte do bheartas fostaíochta, agus cuirfidh sé leis na tuarascálacha tíre agus leis na moltaí tírshonracha.

Ar an leibhéal institiúideach, stiúrfaidh an Coimisiún comhar agus naisc níos dlúithe chun comhleanúnachas a ráthú idir na gnéithe éagsúla den Seimeastar Eorpach agus comhar níos dlúithe a spreagadh idir foirmíochtaí ábhartha na Comhairle, go háirithe aireachtaí oideachais, fostaíochta agus eacnamaíocha, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán scileanna an chaipitil dhaonna ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta i gcur chuige uile-rialtais.

Ar leibhéal cur chun feidhme beartais, d’fhéadfaí struchtúr rialachais simplithe an Limistéir Eorpaigh Oideachais a chomhtháthú go dlúth le rialachas Aontas na Scileanna, chun cur leis an gcomhar éifeachtach idir na húdaráis éagsúla chun an t‑athrú sistéamach is gá le haghaidh tionchar níos airde a bhaint amach. Threiseodh struchtúir rialachais láidre sholúbtha tacaíocht do na Ballstáit maidir le hathchóirithe fianaisebhunaithe a chur chun feidhme. Sa chéad leath de 2025, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar an Limistéar Eorpach Oideachais, a bheidh mar bhonn eolais don athbhreithniú a dhéanfaidh an Chomhairle.

6.Conclúid — an bealach chun cinn

Cuirtear i dtábhacht sa Chompás Iomaíochais don Aontas gurb iad muintir na hEorpa bunchloch iomaíochas na hEorpa, agus a hullmhacht don todhchaí, agus go bhfuil scileanna acu mar choinníoll cumasúcháin. Molann Aontas na Scileanna cur chuige nua, lena gcomhcheanglaítear beartais oideachais, oiliúna agus fostaíochta, agus iad aontaithe faoi fhís choiteann maidir le hiomaíochas. Tugtar chun cinn ann ceithre shraith gníomhaíochta maidir le scileanna a chuirfidh borradh faoin nuálaíocht, faoin dícharbónú, faoin ullmhacht, faoin daonlathas agus faoin gcothroime shóisialta.

Beidh Aontas na Scileanna ina chreat d’obair an Choimisiúin don sainordú iomlán sin. Is dúshlán ollmhór é an dúshlán atá romhainn agus ní féidir dul i ngleic leis ach amháin má ghlacann na gníomhaithe uile freagracht chomhchoiteann orthu féin agus má chuireann siad dlús leis trí chur chuige uile-rialtais lena dtabharfar aghaidh ar thaobh an tsoláthair agus an éilimh araon de scileanna (lena n‑áirítear forbairt scileanna, aitheantas, na naisc le dálaí oibre, déimeagrafaíocht, cleachtais cuideachtaí) lena n‑áirítear na Ballstáit, comhpháirtithe sóisialta, an pobal gnó, ollscoileanna agus scoileanna.

Is é tiomantas iomlán – bunaithe ar shásra láidir seachadta agus ar rialachas atá fréamhaithe i sásra stiúrtha iomaíochais comhleanúnach agus barainneach chun bonn eolais a chur faoi chinntí maidir le hinfheistíocht agus athchóirithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena gcuimseofar an Uirlis um Chomhordú Iomaíochais agus an Seimeastar cuíchóirithe, le tacaíocht ó chistí an Aontais agus ó chistí náisiúnta agus ról neartaithe do chomhpháirtíochtaí poiblí agus príobháideacha – an t‑aon bhealach chun cinn mar a shainaithníonn Aontas na Scileanna go soiléir é. Beidh sé sin bunaithe ar shásra láidir seachadta agus ar rialachas tríd an Seimeastar Eorpach, le tacaíocht ó chistí an Aontais agus ó chistí náisiúnta, agus ról neartaithe aige do chomhpháirtíochtaí poiblí agus príobháideacha. Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle Eorpach, ar an gComhairle agus ar na comhpháirtithe sóisialta Aontas na Scileanna a fhormhuiniú agus rannchuidiú go gníomhach leis na tionscnaimh atá ann a bhaint amach.

(1)

  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Compás Iomaíochais don Aontas, COM (2025) 30 final .

(2)

Ba cheart go dtuigfí scileanna sa chiall is leithne sa teachtaireacht ar fad. Cuimsíonn sé scileanna, eolas agus inniúlachtaí don saol trí chéile, i bhfad níos mó ná na scileanna is gá don mhargadh saothair.

(3)

 The future of European Competitiveness [Todhchaí Iomaíochais na hEorpa], tuarascáil ó Mario Draghi.

(4)

 Much more than a market – Speed, Security, Solidarity Empowering the Single Market to deliver a sustainable future and prosperity for all EU Citizens. [I bhfad níos mó ná margadh – Luas, Slándáil, Dlúthpháirtíocht. An margadh aonair a chumhachtú chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúnas a sholáthar do shaoránaigh uile an Aontais], tuarascáil ó Enrico Letta.

(5)

 Safer Together: [Níos Sábháilte le Chéile:] Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness [Ullmhacht Shibhialtach agus Mhíleata na hEorpa a neartú], Tuarascáil ó Sauli Niinistö, iar-Uachtarán Phoblacht na Fionlainne, ina cháil mar Chomhairleoir Speisialta d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

(6)

  Cuirtear i dtábhacht i dtuarascáil PISA 2022 feidhmíocht oideachais atá ag dul in olcas agus neamhionannas níos doimhne

(7)

 EURES Report on labour shortages and surpluses 2023: https://www.ela.europa.eu/en/publications/labour-shortages-and-surpluses-europe-2023

(8)

Is fadhb é freisin aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna a mhéadú chun an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú.

(9)

 Do Adults Have the Skills They Need to Thrive in a Changing World?, Survey of Adult Skills 2023, ECFE: https://www.oecd.org/en/publications/do-adults-have-the-skills-they-need-to-thrive-in-a-changing-world_b263dc5d-en.html

(10)

Staidreamh maidir leis an bhFoghlaim Aosach, Eurostat:   https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Adult_learning_statistics

(11)

 Cuirtear i dtábhacht i dtuarascáil 2024 ar Staid na Deacáide Digití nach bhfuil bunscileanna digiteacha ar a laghad ach ag 55.6 % de dhaonra an Aontais (i gcomparáid leis an sprioc 80 %) agus ar an luas atá ann faoi láthair, ní shroichfidh an líon speisialtóirí TFC ach 12 mhilliún faoi 2030, i bhfad faoi bhun na sprice 20 milliún.

(12)

 Talent attractiveness 2023, ECFE: https://www.oecd.org/en/data/tools/talent-attractiveness-2023.html

(13)

Is é is aidhm do ‘phlean gníomhaíochta tionsclaíoch an Aontais don earnáil mótarfheithiclí’ dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an nuálaíocht agus leis an gceannaireacht i dteicneolaíochtaí a bheidh ann amach anseo, leis an aistriú glan agus leis an dícharbónú agus leis na scileanna is gá chun iad a bhaint amach.

(14)

 Rún maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint don tréimhse 2021-2030. IO C 497, 10.12.2021 .

(15)

An Clár Oibre Eorpach um Scileanna: https://employment-social-affairs.ec.europa.eu/policies-and-activities/skills-and-qualifications/european-skills-agenda_en

(16)

  The twin challenge of equity and excellence in basic skills in the EU: [An dá dhúshlán maidir le cothromas agus barr feabhais san Aontas Eorpach:] An EU comparative analysis of the PISA 2022 results [Anailís chomparáideach an Aontais ar thorthaí PISA 2022]

(17)

  International Computer and Information Literacy Study (ICILS) in Europe, 2023

(18)

  An Tuarascáil Faireacháin ar Oideachas agus Oiliúint 2024

(19)

Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir le hoideachas scoile i gceantair thuaithe, féach ECFE (2021), ‘Delivering quality education in rural communities.’

(20)

Fiú má tháinig feabhas air le blianta beaga anuas, tá bearna 15 % fós ann (COM/2024/450 final).

(21)

Eurostat 2022.

(22)

Tuarascáil 2023 ón bhFóram Eacnamaíoch Domhanda maidir le Poist sa Todhchaí: https://www.weforum.org/publications/the-future-of-jobs-report-2023

(23)

  Fondúireacht Vodafone 2025 (AI In European Schools)  

(24)

Ba é 36.2 % an sciar de mhic léinn a bhí cláraithe i réimsí ETIM sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint meánleibhéil tosaigh in 2022 (na sonraí is déanaí atá ar fáil). Tá sé beartaithe ar leibhéal an Aontais do 2030 cur le meánmhéadú bliantúil de thart ar 1.1 pointe céatadáin.

(25)

Ba é 16.1 % an sciar de mhná atá cláraithe i réimsí ETIM sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint meánleibhéil tosaigh (as an gclárú ETIM iomlán) in 2022 (na sonraí is déanaí atá ar fáil). Tá sé beartaithe ar leibhéal an Aontais do 2030 cur le meánmhéadú bliantúil de thart ar 1.1 pointe céatadáin.

(26)

Ba é 27.1 % an sciar de mhic léinn a bhí cláraithe i réimsí ETIM ar an tríú leibhéal in 2022 (na sonraí is déanaí atá ar fáil). Is é sprioc 2030 ar leibhéal an Aontais cur le meánmhéadú bliantúil de thart ar 0.6 pointe céatadáin.

(27)

Ba é 31.8 % an sciar de mhná atá cláraithe i réimsí ETIM ar an tríú leibhéal (as an gclárú iomlán ETIM) in 2022 (na sonraí is déanaí atá ar fáil). Tá sé beartaithe ar leibhéal an Aontais do 2030 cur le meánmhéadú bliantúil de thart ar 1 pointe céatadáin.

(28)

 Méadú ó 3.7 % in 2022

(29)

  Moladh ón gComhairle an 25 Samhain 2024 maidir le gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe san ardoideachas .

(30)

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh (COM/2023/716).

(31)

 Beidh gá le méadú 50% ar an lucht saothair fuinnimh faoi 2030 chun úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, eangaí agus éifeachtúlachta fuinnimh.

(32)

VET Data insights: [Léargas ar shonraí gairmoideachais agus gairmoiliúna:] what is happening with vocational education and training and adult learning in the European Union [a bhfuil ag tarlú maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint agus foghlaim aosach san Aontas Eorpach], Cedefop: https://www.cedefop.europa.eu/en/data-insights/what-happening-vocational-education-and-training-and-adult-learning-european-union

(33)

Fadhb a tháinig chun cinn arís agus arís eile le linn Bhliain Eorpach um Scileanna ba ea an easpa spreagtha i measc daoine fásta.

(34)

Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair (2022/C 243/03)

(35)

Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht (2022/C 243/02)

(36)

Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh, arna leasú, téacs comhdhlúite https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/ALL/?uri=CELEX:02014R0651-20230701

(37)

Tá comhpháirtíochtaí mórscála ann sna hearnálacha seo a leanas: aeraspás agus an earnáil cosanta, agraibhia, tógáil, tionscail chruthaitheacha agus chultúrtha, tionscail dhigiteacha, dianfhuinnimh, sláinte, leictreonaic, soghluaisteacht-iompar-mótarfheithiclí, gaireacht agus an geilleagar sóisialta, fuinneamh in-athnuaite, miondíol, teicstílí agus éiceachórais turasóireachta.

(38)

An tAicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha    

(39)

Seirbhísí Eorpacha fostaíochta

(40)

  CETS 165 - Coinbhinsiún maidir le Cáilíochtaí Ardoideachais sa Réigiún Eorpach a Aithint .

(41)

  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Treoirphlean le haghaidh Céim Eorpach

(42)

Togra le haghaidh Moltaí ón gComhairle le haghaidh Chlár Oibre Beartais LET 2025-27.

(43)

Baineann sprioc 2030 ar leibhéal an Aontais leis an líon céimithe soghluaiste tríú leibhéal ó lasmuigh den Aontas a bhfuil céim isteach acu. Ba é 248 827 an figiúr sin in 2022 (na sonraí is déanaí atá ar fáil), rud a chiallaíonn go n‑éilítear le sprioc 2030 ar leibhéal an Aontais méadú thart ar 41 % faoi 2030. Tugtar le fios i réamhaisnéis líneach go bhfuil figiúr 2030 thart ar 328 000 ann, rud a chiallaíonn gur gá feabhas thart ar 7 % a chur ar sprioc 2030 ar leibhéal an Aontais i gcomparáid leis an dul chun cinn líneach.

(44)

 Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe le haghaidh náisiúnaigh tríú tír chun críoch taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadail oideachais agus obair au pair (athmhúnlú)

(45)

Féach Conclúidí ón gComhairle maidir le ról an mhargaidh saothair, scileanna agus beartais shóisialta do gheilleagair athléimneacha (11066/24) agus Treoirphrionsabail dheonacha do Bhallstáit den Aontas Eorpach chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí eacnamaíocha na n‑athchóirithe agus infheistíochtaí i réimsí an mhargaidh saothair, na scileanna agus an bheartais shóisialta (10779/24)

(46)

  An tSaotharlann Foghlama um Infheistiú in Oideachas agus Oiliúint Ardcháilíochta

(47)

 Tá teach locha sonraí á thógáil faoi láthair chun sonraí uile na ngníomhaireachtaí a chumasc agus is é Eurofound a chomhordaíonn é. Tá an teach locha faoi chéim phíolótach agus tá an obair dírithe faoi láthair ar shonraí maidir le scileanna a chumasc.

(48)

Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle