An Bhruiséil,19.2.2025

COM(2025) 75 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Fís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia

Earnáil tharraingteach feirmeoireachta agus agraibhia a mhúnlú le chéile le haghaidh na nglúnta atá le teacht


Ábhar

1.Earnáil feirmeoireachta agus bia de chuid an Aontais atá tarraingteach a mhúnlú le chéile le haghaidh na nglún atá le teacht

2.Fís agus cuspóirí le haghaidh 2040: córas agraibhia atá tarraingteach, iomaíoch, inbhuanaithe agus cothrom le haghaidh na nglún atá ann faoi láthair agus le haghaidh na nglún atá le teacht

3.Freagairtí beartais a dhearadh le haghaidh Earnáil agraibhia a mbeidh rath uirthi

3.1.    Earnáil tharraingteach a thógáil lena náiritheofar caighdeán cóir maireachtála agus lena ngiarálfar deiseanna nua ioncaim    

3.2.    Earnáil iomaíoch athléimneach in aghaidh dúshláin dhomhanda    

3.3.    An earnáil agraibhia a dhéanamh slán i bhfad na haimsire, ar earnáil í a oibríonn i gcomhar leis an dúlra    

3.4.    Luach a chur ar bhia agus dálaí córa maireachtála agus oibre a chothú i gceantair thuaithe bhríomhara    

4.Timpeallacht chumasúcháin a chruthú: Taighde, nuálaíocht, eolas agus scileanna a chur i gcroílár gheilleagar agraibhia na hEorpa

5.CONCLÚID

1.Earnáil feirmeoireachta agus bia de chuid an Aontais atá tarraingteach a mhúnlú le chéile le haghaidh na nglún atá le teacht 

Tá an fheirmeoireacht agus an bia i gcroílár mhodh maireachtála na hEorpa. Na bealaí ina dtáirgimid bia agus ina mbainimid taitneamh as, tá siad fréamhaithe i dtraidisiúin shaibhre, agus mhúnlaigh siad na pobail, na cultúir agus na tírdhreacha a shainíonn an Eoraip.

Is earnálacha straitéiseacha le haghaidh an Aontais iad an fheirmeoireacht agus an bia, lena náirítear an tiascach, lena gcuirtear bia sábháilte ar ardchaighdeán ar fáil do 450 milliún Eorpach agus a bhfuil ról lárnach acu sa tslándáil bia ar fud an domhain. Aithnítear i dtuarascáil Niinistö 1 go bhfuil bia ar cheann de na hearnálacha is criticiúla chun seirbhísí fíor-riachtanacha a chur ar fáil do shaoránaigh. Tá tacaíocht an Aontais tríd an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) i gcroílár an tionscadail Eorpaigh ar chúiseanna maithe. Tá slándáil bia, sábháilteacht bia agus biacheannasacht na hEorpa doshannta. Deimhníonn saoránaigh na hEorpa an méid sin: Deimhníonn 94 % de na saoránaigh a ghlac páirt sa suirbhé Eorabharaiméadair is déanaí go bhfuil sé tábhachtach soláthar cobhsaí bia a áirithiú san Aontas i gcónaí 2 .

Tá bia mar chuid dár niomaíochas freisin. Tá an córas agraibhia fréamhaithe i Margadh Aonair an Aontais agus in éagsúlacht fiontar raon feidhme, scála agus modhanna táirgthe Mhargadh Aonair an Aontais, agus in 2022 ghin sé breisluach is mó ná EUR 900 billiún, agus chuir sé fostaíocht ar fáil do thart ar 30 milliún duine 3 , arb é thart ar 15 % d’fhostaíocht iomlán an Aontais. Mar an tonnmhaireoir agraibhia is mó ar domhan, tá an tAontas ag méadú a bharrachais trádála go seasta le himeacht na mblianta, agus shroich sé EUR 70 billiún in 2023 4 . An tráth céanna, ní hionann an cás a mhéid a bhaineann le soláthar táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, olashíolta agus barr próitéine, i measc nithe eile, cásanna ina bhfuil an tAontas ag brath go mór ar allmhairí.

Tá an fheirmeoireacht agus an bia ríthábhachtach chun pobail bhríomhara atá rathúil ó thaobh an gheilleagair de a chothú i gceantair thuaithe agus chósta. Tá 25 % de dhaonra an Aontais ina gcónaí i gceantair thuaithe agus clúdaíonn siad 75 % dá chríoch, rud a fhágann gur cuid lárnach d’fhéiniúlacht na hEorpa iad 5 . Tá limistéir bhríomhara thuaithe agus chósta ríthábhachtach chun dul i ngleic leis an dídhaonrú agus chun ‘an ceart fanachta’ a chumasú.

Baineann an fheirmeoireacht agus an iascaireacht le bheith ag obair leis an dúlra. Is caomhnóirí dúlra iad feirmeoirí agus iascairí, is iad is bonn le hEoraip athléimneach, agus is cuid ríthábhachtach iad den réiteach ar chosaint agus athléimneacht ár ndúlra, ár n‑ithreacha, ár n‑uisce, ár n‑aeir, ár mbithéagsúlachta, ár n‑aigéan agus ár n‑aeráide. Is nuálaithe agus fiontraithe iad feirmeoirí, iascairí agus gnólachtaí bia. Leis an nuálaíocht, osclaítear samhlacha nua gnó agus luaíochtaí nua, rud a fhágann go rachaidh an t‑aistriú chun tairbhe d’fheirmeoirí, d’iascairí agus don dúlra araon, agus tacaítear leis an iomaíochas ag an am céanna.

Ach níor cheart dúinn talamh slán a dhéanamh dár mbiacheannasacht riamh. Sheas earnáil an agraibhia suaití na paindéime agus costais arda ionchuir, rud a léiríonn a hathléimneacht dhochreidte. Mar sin féin, tá inmharthanacht na hearnála tábhachtaí sin agus uathriail straitéiseach an Aontais á gcur i mbaol ag brú an teannais gheopholaitiúil, éifeachtaí oidhreachta na ngéarchéimeanna a tharla le déanaí, tionchar tubaisteach na dteagmhas adhaimsire agus an díghrádaithe comhshaoil chomh maith le hiarmhairtí na dtreochtaí struchtúracha.

Tá aghaidh á tabhairt ag earnáil agraibhia an lae inniu ar chlaochluithe struchtúracha dúshlánacha, lena náirítear neamhréireachtaí suntasacha i scála na noibríochtaí feirmeoireachta agus daonra feirmeoireachta atá ag dul in aois. Níl ach thart ar 12 % d’fheirmeoirí an Aontais faoi bhun 40 bliain d’aois 6 . Cé go bhfuil méadú ag teacht ar ioncam in aghaidh an duine atá ag gabháil don talmhaíocht le 20 nó 30 bliain anuas, tá an tioncam fós i bhfad níos ísle ná an meán sa chuid eile den gheilleagar 7 , rud a mbíonn tionchar díreach aige ar shlite beatha feirmeoirí agus a chuireann bac ar a gcumas infheistíocht a dhéanamh, pleanáil agus nuáil a dhéanamh. Is é sin an fachtóir is mó i gcónaí maidir le feirmeoirí a shlógadh, rud a chonaic an tAontas le déanaí.

Cé go gcuireann go leor daoine óga spéis san fheirmeoireacht mar ghairm bheatha, agus go bhfuil cuid acu ag gabháil go rathúil d’fhiontair feirmeoireachta teaghlaigh a bhfuil rath orthu, tá go leor dúshlán agus bacainní ann. Tá peirspictíochtaí ioncaim an-éiginnte, agus in éineacht le ceanglais rialála chasta a bhféadfadh ualaí maorlathacha plúchtacha a bheith mar thoradh orthu, tá an bhrabúsacht íseal a chuireann bac ar infheistíochtaí, táirgeadh a bhíonn i mbaol géarchéime, athrú déimeagrafach, bearna inscne, easpa rochtana ar sheirbhísí bunúsacha i gceantair thuaithe áirithe, agus cruatan na gairme i measc na dtosca a d’fhéadfadh an fheirmeoireacht a dhéanamh níos neamhtharraingtí le haghaidh na nglún atá le teacht. Is minic a chuireann tionchar carnach na hearnála agraibhia brú mór ar an gcomhshaol agus ar an aeráid, agus an tráth céanna bíonn feirmeoirí ag brath ar an dúlra chun táirgeadh amach anseo a áirithiú. Tá an chuid is mó de na dúshláin sin ag táirgeoirí príomhúla in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe, agus ag earnáil an agraibhia ina hiomláine.

Mar thoradh ar an easpa cinnteachta agus cobhsaíochta do thodhchaí ghairmiúil fheirmeoirí na hEorpa, rinneadh agóidí forleathana san Aontas le déanaí. I bhfianaise an mhéid sin, tá sé fíor-riachtanach go n‑aithneoidh an tAontas an ról ríthábhachtach atá ag feirmeoirí inár saol agus inár slite beatha, go n‑athbhunóidh siad iomaíochas agus go dtreiseoidh siad tarraingteacht na gairme sin ionas go mbeidh rath uirthi, go mbeidh sí nuálach agus go gcuirfidh sí an iliomad tairbhí a bhaineann léi ar fáil dár sochaí — inniu, amárach agus in 2040. Tá sé sin níos ábhartha fós i bhfianaise an mhéadaithe a bheidh ann amach anseo, agus na ndúshlán agus na ndeiseanna gaolmhara don talmhaíocht agus d’fheirmeoirí, i mBallstáit an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

Leagtar amach sa Teachtaireacht seo fís le haghaidh chóras agraibhia na hEorpa le haghaidh 2040 agus ina dhiaidh sin agus cuirtear i láthair treochlár chun gníomhaíocht an Aontais a threorú chun a áirithiú go noibreoidh gach beartas i gcomhréir leis an bhfís sin agus go gcuirfear in oiriúint iad do réaltachtaí nua. I roinnt mhaith réimsí, beidh gá le hailíniú níos fearr idir beartais náisiúnta agus beartais an Aontais chun na spriocanna a bhaint amach. Tacaíonn an fhís sin freisin le cur i gcrích Chompás Iomaíochais an Aontais, tionscnamh suaitheanta uileghabhálach an Aontais chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais 8 . Leis an gComhshocrú Eorpach um na hAigéin atá ar na bacáin, leagfar síos an creat chun limistéar muirí agus imeallbhord ollmhór an Aontais a ghiaráil chun borradh a chur faoin tslándáil bia, agus an tsócmhainn nádúrtha a bhfuil an earnáil iascaigh ag brath uirthi á caomhnú agus borradh á chur faoin iomaíochas tríd an nuálaíocht ag an am céanna. Ina theannta sin, ullmhóidh an Coimisiún fís le haghaidh earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe le peirspictíocht 2040 chun a iomaíochas agus a inbhuanaitheacht fhadtéarmach a áirithiú, chun oibriú chun cruthú fostaíochta a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna práinneacha a dhéanann difear don phobal iascaireachta.

Cuireann an Teachtaireacht seo leis an iliomad ionchur straitéiseach, lena náirítear go háirithe an tIdirphlé Straitéiseach maidir le todhchaí thalmhaíocht an Aontais 9 , chomh maith le tuarascálacha Draghi 10 , Letta 11 , agus Niinistö 12 . Baineann sí leas freisin as conclúidí Chinn Stáit agus Rialtais an Aontais 13 , as conclúidí Uachtaránacht na Beilge ar an gComhairle maidir le todhchaí na talmhaíochta (2024), chomh maith le conclúidí 2024 ón gComhairle maidir le todhchaí CBT. Cuireann sí arís le Tuairimí agus Rúin Pharlaimint na hEorpa, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

Tá an fhreagairt bheartais bunaithe ar cheithre réimse tosaíochta bhunúsacha. Leagtar amach sa Teachtaireacht snáitheanna oibre maidir leis an gcaoi a ndéanfar na tionscnaimh bheartais sin a mhúnlú ar bhealach cuimsitheach agus comhoibritheach. Tá seachadadh na réimsí tosaíochta sin ag brath den chuid is mó ar ghnéithe tionlacain tábhachtacha, is iad sin simpliú an chreata rialála a mbíonn tionchar aige ar fheirmeoirí agus ar an slabhra luacha agraibhia ina iomláine, agus nuálaíocht lena gcuirtear réitigh ar fáil le haghaidh aistriú inbhuanaithe. 

Modh nua oibre: Muinín agus idirphlé a chothú

Is léir ón taithí a fuarthas gur féidir le hábhair áirithe a bhaineann le bia agus talmhaíocht a bheith an-deighilteach agus gur dóchúla go n‑eascróidh comhdhearcadh sochaíoch as cuir chuige chuimsitheacha. Dá bhrí sin, is é croílár na Físe seo bealach nua oibre — muinín agus idirphlé a chothú ar fud an chórais agraibhia ar fad, san Aontas agus ar fud an domhain.

Baineadh na chéad chéimeanna amach cheana féin leis an Idirphlé Straitéiseach agus leis an tsraith moltaí a comhaontaíodh d’aon toil. Ach ní mór don idirphlé sin dul níos doimhne ar an láthair, agus idirghníomhaíocht leanúnach agus níos éifeachtaí a bheith ann le feirmeoirí, le hoibreoirí an bhiashlabhra agus leis an tsochaí shibhialta ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach ar fud na hEorpa, agus éisteacht lena nábhair imní agus lena smaointe. An tráth céanna, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar na sásraí atá ann cheana chun idirphlé agus comhar le páirtithe leasmhara a chothú ar leibhéal an Aontais, amhail na Grúpaí Idirphlé Shibhialta atá ann faoi láthair, chun rannpháirtíocht níos fónta agus níos éifeachtaí a ráthú i gceapadh beartas amach anseo. Tacóidh an Bord Eorpach nua um Thalmhaíocht agus Bia 14 leis an gCoimisiún beartais chuimsitheacha a chruthú trí chomhairle straitéiseach a chur ar fáil agus trí chultúr nua idirphlé a chothú i measc na ngníomhaithe éagsúla sa slabhra agraibhia. Ina theannta sin, leanfaidh Líonra CBT an Aontais de mhalartuithe a éascú ar fud na ngníomhaithe ábhartha uile agus le hIdirphlé Beartais Bliantúil leis an Aos Óg, cumhachtófar cuimsiú fónta na saoránach óg agus na bhfeirmeoirí i bpléití beartais. 

Ar deireadh, leanfaidh an Coimisiún d’idirphlé buan a choinneáil ar bun le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile uile an Aontais, go háirithe Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh, Coiste na Réigiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chomh maith le príomheagraíochtaí agus príomh-chomhpháirtithe idirnáisiúnta.  Chun faireachán éifeachtach ar chur chun feidhme na Físe sin a áirithiú, tuairisceoidh an Coimisiún go rialta d’institiúidí uile an Aontais maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil leis na tionscnaimh éagsúla a chur i gcrích go rathúil.

2.Fís agus cuspóirí le haghaidh 2040: córas agraibhia atá tarraingteach, iomaíoch, inbhuanaithe agus cothrom le haghaidh na nglún atá ann faoi láthair agus le haghaidh na nglún atá le teacht

Ní mór d’Aontas 2040 a bheith ina áit ina mbeidh rath ar an bhfeirmeoireacht agus ar an táirgeadh bia ar fud ár mór-roinne ina n‑éagsúlacht uile. Áit ina bhfuil an fheirmeoireacht tarraingteach le haghaidh na nglún atá le teacht, agus ina bhfuil earnáil an agraibhia iomaíoch, athléimneach, slán i bhfad na haimsire agus cothrom.

Tá todhchaí na hearnála straitéisí sin ag brath ar chumas an Aontais agus a Bhallstát na dálaí cearta a chur i bhfeidhm chun an méid seo a leanas a chumasú:

Earnáil agraibhia tharraingteach intuartha ina gcuireann ioncam ar chumas feirmeoirí a bheith rathúil, earnáil a mheallfaidh na glúine atá le teacht 15 a leanfaidh de bhia inacmhainne a tháirgeadh do chách agus a chomhlíonann éilimh na dtomhaltóirí; i gcás ina mbíonn dálaí fabhracha i bhfeidhm chun go mbeidh earnáil an agraibhia in ann a hacmhainneacht fiontraíochta a ghiaráil, le tacaíocht ó fhoinsí ioncaim agus scileanna éagsúla chun deiseanna nuálaíochta, teicneolaíochta agus an aistrithe ghlais a thapú; ina gcúitítear go cuí seirbhísí éiceachórais a théann chun tairbhe don chomhshaol, do cháilíocht an uisce, na hithreach nó an aeir, amhail san earnáil orgánach atá ag fás; ina náirithítear go roinnfear ualach agus costais an aistrithe go cothrom feadh an tslabhra le biashlabhra a fheidhmíonn go cothrom.

Earnáil agraibhia atá iomaíoch agus athléimneach i bhfianaise na hiomaíochta domhanda agus na suaití domhanda atá ag dul i méid. Tá sé sin ag brath ar chumas an Aontais a chaidrimh trádála a éagsúlú, rud a chruthóidh deiseanna nua easpórtála le haghaidh na hearnála agus a laghdóidh spleáchais chriticiúla; ina gcuireann creat agus gníomhaíochtaí domhanda ar chumas feirmeoirí dul san iomaíocht ar bhonn cothrom ar fud an domhain, ualach an mhaorlathais sa bhaile a mhaolú agus athléimneacht na hearnála a mhéadú ionas go mbeidh sí in ann ní hamháin suaití a sheasamh agus teacht slán astu ach oiriúnú agus claochlú freisin. Leanann an tAontas de bheith ag rannchuidiú leis an tslándáil bia dhomhanda agus saothraíonn sé a ról maidir le comhpháirtíocht a fhorbairt ar fud an domhain.

Earnáil agraibhia atá slán i bhfad na haimsire agus atá ag feidhmiú laistigh de theorainneacha pláinéadacha, ina gcuireann an fheirmeoireacht agus earnáil an bhia in éineacht le cuspóirí aeráide an Aontais, agus ithreacha sláintiúla, uisce glan agus aer glan á gcaomhnú, agus bithéagsúlacht na hEorpa á cosaint agus á hathbhunú ag an am céanna. Rannchuidíonn páirtithe leasmhara feadh an bhiashlabhra go comhpháirteach leis na torthaí sin a bhaint amach agus le rioscaí aistrithe a chomhroinnt. Is fearr go mór atá gach cuid den chóras agraibhia ullmhaithe chun éifeachtaí an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta agus an truaillithe a sheasamh, acmhainní nádúrtha a úsáid go hinbhuanaithe agus go héifeachtúil agus oibriú i gcomhréir leis an gCur Chuige Aon Sláinte Amháin.

Earnáil agraibhia a bhfuil meas aici ar bhia, a chothaíonn dálaí córa oibre agus maireachtála agus ceantair thuaithe agus chósta bhríomhara dhea-nasctha, lena náirítear na réigiúin is forimeallaí; earnáil ina gcumasaíonn ceantair thuaithe ceart fanachta a saoránach; earnáil ina gcothaítear an nasc idir bia, críoch, séasúracht, cultúir agus traidisiúin mar chodanna lárnacha de mhodh maireachtála na hEorpa; earnáil ina bhfuil an tAontas fós ina cheannaire domhanda maidir le nuálaíocht bia agus sábháilteacht bia, agus ina bhfuil bia inacmhainne do shaoránaigh; earnáil nach geis í an mheabhairshláinte inti ach gur cuid den chóras tacaíochta sóisialta d’fheirmeoirí agus d’oibrithe í; earnáil ina meallann dálaí maireachtála agus oibre níos mó ban agus níos mó daoine óga chun na gairme agus ina náirithítear cosaint chearta na noibrithe ar fheirmeacha agus feadh an tslabhra luacha bia.

Ar deireadh, chun an Fhís sin a bhaint amach, tá córas agraibhia na hEorpa ag infheistiú agus ag giaráil na cumhachta claochlaithe a chuireann taighde, eolas, scileanna agus nuálaíocht ar fáil.

3.Freagairtí beartais a dhearadh le haghaidh Earnáil agraibhia a mbeidh rath uirthi

Ní féidir an fhís sin a bhaint amach ach amháin trí fhreagairt bheartais réamhbhreathnaitheach agus chomhleanúnach atá bunaithe ar an gceist lárnach: conas córas agraibhia a thógáil atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de, agus, dá bhrí sin, tarraingteach, iomaíoch, slán i bhfad na haimsire agus cothrom le haghaidh na nglún atá ann faoi láthair agus le haghaidh na nglún atá le teacht?

3.1.Earnáil tharraingteach a thógáil lena náiritheofar caighdeán cóir maireachtála agus lena ngiarálfar deiseanna nua ioncaim

Breis agus 60 bliain ó shin, thug an tAontas gealltanas caighdeán cóir maireachtála a áirithiú le haghaidh an phobail talmhaíochta, mar a bunaíodh in Airteagal 39 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá an gealltanas sin chomh hábhartha anois agus a bhí sé an uair sin. Ar an meán, tá an tioncam talmhaíochta foriomlán in aghaidh an oibrí fós i bhfad níos ísle ná an meánphá sa gheilleagar iomlán (60 % den mheánphá in 2023) 16 , d’ainneoin na niarrachtaí a rinneadh.

Níl feirmeoirí ag iarraidh a bheith ag brath ar thacaíocht phoiblí, ach is minic a éilíonn cineál luaineach na gairme sin agus míchothromaíochtaí margaidh é sin. Agus na bearta éagsúla á sainiú againn chun caighdeán cóir maireachtála a bhaint amach, ní mór dúinn leas a bhaint as gach foinse ioncaim: ioncam margaidh, tacaíocht phoiblí chomh maith le foinsí ioncaim comhlántacha éagsúlaithe agus nua.

Biashlabhra atá cóir agus cothrom

Ar an gcéad dul síos, caithfidh feirmeoirí ioncam níos fearr a fháil ón margadh, rud a fhágfaidh go mbeidh siad in ann na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh chun go mbeidh a bhfeirmeacha slán i bhfad na haimsire agus chun go mbeidh siad níos athléimní. Réamhriachtanas chuige sin is ea go gceartófaí na míchothromaíochtaí atá ann faoi láthair sa bhiashlabhra ina mbíonn tionchar díréireach ag an dáileadh éagórach ioncaim, ag rioscaí agus ag ualach na gcostas ar tháirgeoirí príomhúla. Ní ghlacfar le cleachtais ina gcuirtear iallach ar fheirmeoirí go córasach díol faoi bhun na gcostas.

Rinneadh na chéad chéimeanna cheana féin chun na seasaimh a athchothromú agus chun forfheidhmiú cuí na rialacha lena dtéitear i ngleic le cleachtais éagóracha trádála a éascú leis na tograí a ghlac an Coimisiún an 9 Nollaig 2024 17 . Neartóidh siad seasamh na dtáirgeoirí maidir le conarthaí a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích agus is fearr a chosnóidh siad feirmeoirí ar chleachtais éagóracha trádála.

Thairis sin, chuaigh roinnt Ballstát i muinín rialacha náisiúnta a bhfuil sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na táirgeachta faoi bhun an chostais, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le cineálacha éagsúla cur chuige sa Mhargadh Aonair, áfach. Mar chuid den mheastóireacht ar na rialacha atá ann faoi láthair, déanfar imscrúdú breise ar chleachtais éagóracha trádála, mar aon le hathbhreithniú ar na rialacháin náisiúnta mar a moladh san Idirphlé Straitéiseach. Ar an mbonn sin, molfaidh an Coimisiún tuilleadh tionscnamh, go háirithe an t‑athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cleachtais Éagóracha Trádála chun aghaidh a thabhairt ar an bprionsabal nár cheart iallach a chur ar fheirmeoirí a gcuid táirgí a dhíol go córasach faoi bhun na gcostas táirgeachta, chomh maith leis an athbhreithniú ar an Rialachán Chomheagrú an Mhargaidh Aonair i gcomhthéacs thograí CBT tar éis 2027.

An tráth céanna, mar a moladh san Idirphlé Straitéiseach, ní mór seasamh an fheirmeora sa slabhra luacha a neartú trína spreagadh chun dul isteach i gcomharchumainn agus/nó i gcomhlachais chun costais a laghdú, éifeachtúlacht a mhéadú agus praghsanna ón margadh a fheabhsú. Tá CBT ag tacú le feirmeoirí cheana féin i ndáil leis sin.

Ina theannta sin, príomhghné chun muinín agus cothroime a spreagadh is ea trédhearcacht maidir leis an gcaoi a ndéantar costais agus corrlaigh a fhoirmiú agus a roinnt sa bhiashlabhra. Cuirfidh an Coimisiún tuilleadh feabhais ar thrédhearcacht feadh an bhiashlabhra, lena n‑áirítear trí Fhaireachlann nua an Aontais Eorpaigh um an Slabhra Agraibhia (AFCO) lena ndéanfar táscairí a bhaineann le foirmiú praghsanna sa bhiashlabhra a mhionsaothrú agus a fhoilsiú chun gníomhaíocht bhreise a threorú. Leis na hionstraimí sin ba cheart tacú freisin le hiomaíochas fadtéarmach FBManna in earnáil an bhia agus na dí atá buailte go mór ag an mboilsciú a bhí ann le déanaí.

Tacaíocht phoiblí atá níos cothroime agus níos spriocdhírithe

Chun a áirithiú go leanfar den fheirmeoireacht a mheallfaidh na glúine feirmeoirí atá le teacht ar fud an Aontais, tá an tacaíocht phoiblí trí CBT fíor-riachtanach i gcónaí chun tacú le hioncam feirmeoirí. Tá ról ríthábhachtach fós ag íocaíochtaí díreacha CBT maidir le tacú le hioncam talmhaíochta agus é a chobhsú ar leibhéal na feirme, arbh é 23 % d’ioncam feirme ar an meán in 2020 18 .

Mar chuid de thograí CAI amach anseo, beidh CBT amach anseo níos simplí agus níos spriocdhírithe, chun tacú le beartas talmhaíochta uaillmhianach de chuid an Aontais atá dírithe ar an todhchaí. Saineofar leis cothromaíocht níos soiléire idir beartais rialála agus beartais atá bunaithe ar dhreasachtaí a dhéanann difear d’fheirmeoirí.

Ina theannta sin, aithníonn an Coimisiún go raibh tionchar ag braistintí maidir le heaspa cothroime i ndáileadh íocaíochtaí i gcríocha áirithe ar íomhá phoiblí CBT.

Mar phrionsabal ginearálta, dá bhrí sin, beidh tacaíocht CBT amach anseo dírithe níos mó ar fheirmeoirí a ghlacann páirt ghníomhach i dtáirgeadh bia, ar bheocht eacnamaíoch feirmeacha agus ar chaomhnú ár gcomhshaoil. Leis an gcur chuige, ba cheart breithniú freisin maidir le tús áite a thabhairt do tháirgeadh táirgí talmhaíochta atá fíor-riachtanach le haghaidh uathriail straitéiseach agus athléimneacht an Aontais.

Is iad na feirmeoirí beaga agus meánmhéide creatlach shóisialta na gceantar tuaithe, rud a chosnaíonn an dúlra agus slite beatha. Ba cheart na dálaí a bheith acu a chuireann ar a gcumas dóibh feirmeoireacht a dhéanamh gan ró-ualach riaracháin. I bhfianaise a scála, breithneoidh an Coimisiún úsáid uirlisí tacaíochta ioncaim shimplithe a dhéanamh níos tarraingtí agus a leathnú trí chóras cuíchóirithe coinníollacha agus rialuithe.

Ba cheart an tacaíocht a dhíriú a thuilleadh ar na feirmeoirí sin is mó a bhfuil gá acu léi, agus aird ar leith á tabhairt ar na feirmeoirí i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu, ar fheirmeoirí óga agus nua, agus ar fheirmeacha measctha.

Breithneofar úsáid fheabhsaithe a bhaint as bearta amhail céimlaghdaitheacht agus uasteorannú, agus réaltachtaí struchtúracha agus earnálacha éagsúla na mBallstát á gcur san áireamh. Ba cheart do gach feirmeoir leanúint de thairbhe a bhaint freisin as ionstraimí amhail íocaíochtaí le haghaidh seirbhísí éiceachórais a dhéanfar a chuíchóiriú agus a shimpliú, chomh maith le tacaíocht infheistíochta, agus uirlisí bainistithe géarchéime agus riosca.

Ag tógáil ar an taithí a fuarthas ó na Pleananna Straitéiseacha CBT atá ann faoi láthair, is gá tuilleadh cuíchóirithe a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear beartas CBT chun feidhme. Mar gheall ar an gcastacht atá ann faoi láthair, tá gá le cur chuige níos straitéisí.

Beidh CBT a bheidh ann amach anseo tar éis 2027 ag brath ar bhunchuspóirí beartais agus ar cheanglais bheartais spriocdhírithe, agus ag an am céanna tabharfaidh sé tuilleadh freagrachta agus cuntasachta do na Ballstáit maidir leis an gcaoi a gcomhlíonfaidh siad na cuspóirí sin.

Tabharfar solúbthacht d’fheirmeoirí chomh maith, rud a thabharfaidh tuilleadh cumhachta dóibh maidir le cleachtais feirmeoireachta a dhearadh atá níos oiriúnaí dá bhfeirmeacha agus dá gcomhthéacs.  Déanfar an córas coinníollachta atá ann faoi láthair a shimpliú. Thug feirmeoirí freagairt dhearfach ar thabhairt isteach éiciscéimeanna, lena gcúitítear iad as éicisheirbhísí a sholáthar a théann níos faide ná na ceanglais éigeantacha. Treoróidh an Coimisiún an CBT a bheidh ann amach anseo ó choinníollacha go dreasachtaí.

Leas a bhaint as na deiseanna nuálaíochta lena gcúitítear

Is nuálaithe agus fiontraithe nádúrtha iad feirmeoirí. Is mian le feirmeoirí óga a bheith ina gceannródaithe don nuálaíocht. Bíonn deiseanna nua ar fhoinsí comhlántacha ioncaim le haghaidh feirmeoirí agus iascairí freisin ag teacht as geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus atá dearfach ó thaobh an dúlra de.

Samplaí nithiúla is ea an earnáil orgánach atá ag dul i méid agus cleachtais feirmeoireachta agrai-éiceolaíocha ar roghanna tarraingteacha iad dar le feirmeoirí óga, lena gcomhcheanglaítear féidearthachtaí eacnamaíocha le torthaí comhshaoil agus freagracht shóisialta.

I gcás daoine eile, cuireann nuálaíocht deiseanna nua agus spreagúla ar fáil. Mar shampla, cuireann an bithgheilleagar agus an chiorclaíocht acmhainneacht mhór ar fáil don talmhaíocht, don fhoraoiseacht agus don chóras bia ina iomláine, agus chun ár spleáchais chriticiúla a laghdú freisin. An Straitéis Bhithgheilleagair nua a chuirfear i láthair faoi dheireadh 2025, beidh sé d’aidhm aici an tAontas Eorpach a shuí mar cheannaire domhanda sa mhargadh bithgheilleagair atá ag fás go tapa. Ní mór dúinn dlús a chur le tráchtálú réiteach bithbhunaithe agus ciorclach, biteicneolaíochtaí ceannródaíocha a mhéadú, deiseanna margaidh atá ag teacht chun cinn a ghabháil agus bearnaí infheistíochta a líonadh. Rachaidh sé sin chun tairbhe don phobal feirmeoireachta go háirithe trí éagsúlú sruthanna luacha a chumasú, iarmhair feirme a luacháil, ról na dtáirgeoirí príomhúla sa slabhra luacha a neartú agus poist nua a ghiniúint sna ceantair thuaithe. Oibreoidh an Coimisiún le comhpháirtithe idirnáisiúnta, go háirithe tríd an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta, chun bealaí inbhuanaithe a shainaithint le chéile chun acmhainneacht an bhithgheilleagair a shlógadh le haghaidh feirmeoirí ní hamháin san Eoraip ach ar fud an domhain freisin.

Le huirlisí nuálacha maoiniúcháin, lena n‑áirítear maoiniú príobháideach agus maoiniú príobháideach poiblí cumasctha le haghaidh dúlra, sa bhreis ar thacaíocht phoiblí, feirmeoirí a choinníonn cleachtais atá dearfach ó thaobh an dúlra de nó a aistríonn chuig na cleachtais sin agus iad a thabhairt le chéile le cuideachtaí agus infheisteoirí a bhfuil leas gnó acu i gcleachtais den sórt sin, is féidir iad a chúiteamh.

an fheirmeoireacht carbóin ag teacht chun cinn cheana féin mar fhoinse bhreise ioncaim. Leis an Rialachán maidir le hAistrithe Carbóin agus Feirmeoireacht Carbóin (ACFC) 19 , cruthaíodh an chéad chreat deonach uile-Aontais chun aistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí ar fud na hEorpa a dheimhniú, agus tá modheolaíochtaí deimhniúcháin á bhforbairt faoi láthair chun faireachán, tuairisciú agus fíorú iontaofa a dhéanamh ar aistrithe carbóin, laghdú astaíochtaí ithreach, agus tairbhí bithéagsúlachta. Tógfaidh na modheolaíochtaí sin, nuair is féidir, ar scéimeanna atá ann cheana, a chuireann ioncam breise ar fáil d’fheirmeoirí cheana féin. A luaithe a bheidh siad forbartha go hiomlán, ba cheart bealaí éifeachtacha a spreagadh chun tairiscintí agus éileamh na gcreidmheasanna deonacha sin a mheaitseáil chun a ndeiseanna ioncaim breise le haghaidh feirmeoirí a bharrfheabhsú.

Amach anseo, comhlánóidh an Coimisiún é sin le deiseanna ar chreidmheasanna dúlra, aonaid gníomhaíochtaí atá dearfach ó thaobh an dúlra de, lena léireofar torthaí atá cainníochtaithe agus deimhnithe agus dearfach ó thaobh an dúlra de. Roinnt scéimeanna atá ann cheana a d’fhorbair oibreoirí tráchtála agus treoirthionscadail leanúnacha, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon, léirigh siad an acmhainneacht thábhachtach atá ann maidir le tionscadail den sórt sin, ar féidir tuilleadh oibre a thógáil orthu.

Tá deiseanna tábhachtacha ag teacht chun cinn freisin maidir le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, bealach lena bhfeabhsaítear slándáil fuinnimh, lena laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus lena gcuirtear ionchais bhreise ioncaim agus nuálaíochta ar fáil d’fheirmeoirí agus d’fhoraoiseoirí. Ní hamháin gur cheart feirmeoirí a bheith níos leordhóthanaí fós ó thaobh fuinnimh de agus, mar shampla, painéil ghréine, muilte gaoithe agus táirgeadh bithgháis a bheith acu, ach ba cheart iad a bheith in ann a dtáirgí fuinnimh a sheachadadh chuig an margadh freisin, lena n‑áirítear trí phobail fuinnimh.

Samplaí:

D’fhéadfadh an digitiú (lena n‑áirítear IS), taighde agus teicneolaíochtaí nuálacha AgriTech an fheirmeoireacht a athrú ó bhonn agus costais ar an bhfeirm a laghdú, rud a chuirfeadh le hioncaim níos fearr.

Is féidir le hardáin ríomhthráchtála, uirlisí margaíochta digiteacha, agus margaí ar líne cabhrú le feirmeoirí agus le gníomhaithe eile sa chóras agraibhia bonn custaiméirí níos leithne a bhaint amach agus a sruthanna ioncaim a éagsúlú.

Is féidir le feirmeoireacht bheacht agus réitigh shonraíbhunaithe brabúsacht a mhéadú trí leas iomlán a bhaint as ionchuir.

Is acmhainn nach bhfacthas a leithéid riamh cheana iad na 100 saotharlann bheo de mhisean taighde agus nuálaíochta Fís Eorpach ‘Comhaontú Ithreach don Eoraip’ chun tacú le feirmeoirí feabhas a chur ar a nithreacha i gcomhthéacs praghsanna arda ionchur le haghaidh leasachán agus ganntanas uisce agus feiniméin fhoircneacha eile amhail tuilte.

Clár oibre uaillmhianach infheistíochta a thógáil

Chun go mbeidh córas agraibhia athléimneach inbhuanaithe ann, tá gá le hinfheistíocht shuntasach agus, dá bhrí sin, le gníomhaíocht mhisniúil chun an taistriú inbhuanaitheachta a mhaoiniú agus dhí-rioscú. Tá ar earnáil na feirme dul i ngleic le bearna shuntasach maoiniúcháin a mheastar a bheith cothrom le EUR 62 bhilliún (le haghaidh 2022), bearna atá i bhfad níos airde ná mar a bhí in 2017 20 . Ach tá sé deacair iasacht a fháil ó bhanc, ó institiúidí airgeadais nó ó infheisteoir príobháideach, go háirithe le haghaidh feirmeoirí óga. Is toradh é sin ar mhéid réasúnta beag na feirme, ar thorthaí ísle nó measartha ar infheistíocht, ar bhrabúsacht agus rioscaí an-athraitheach, ar aschur táirgthe dothuartha i ngeall ar thionchair aimsire agus aeráide agus ar nochtadh do mhargaí luaineacha tráchtearraí (domhanda).

Leanfaidh CBT d’infheistíochtaí a mhaoiniú chun iomaíochas, inbhuanaitheacht agus athléimneacht earnáil na feirmeoireachta a chothú. Áirítear leis sin na hinfheistíochtaí ar scála measartha beag ar leibhéal na feirme go minic chomh maith leis an mbonneagar poiblí agus príobháideach is gá chun an earnáil a nuachóiriú. Ní féidir leis na hionstraimí atá ann cheana a chéile a threisiú ach amháin má úsáidtear iad ar bhealach níos cliste amach anseo.

Oibreoidh an Coimisiún chun úsáid éifeachtúil a bhaint as cistiú poiblí agus infheistíocht phoiblí agus chun caipiteal príobháideach a ghiaráil agus a dhí-rioscú, ag obair go dlúth le hinfheisteoirí institiúideacha amhail Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta  (GBEI) chomh maith leis an earnáil baincéireachta.

I ndáil leis sin, féachfaidh an Coimisiún ar roghanna chun scéimeanna árachais riosca a bhunú le haghaidh táirgeoirí príomhúla agus fiosróidh sé freisin comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí chun infheistíochtaí a mhealladh do FBManna sa talmhaíocht agus i ngnó an bhia chun dlús a chur le claochlú an tslabhra agraibhia.

Fiontraíocht a chothú: straitéis nua um athnuachan ó ghlúin go glúin

Tá todhchaí na biacheannasachta san Eoraip in 2040 ag brath ar fheirmeoirí óga agus nua an lae inniu.

Ceann de na réamhchoinníollacha chun earnáil na talmhaíochta a dhéanamh níos tarraingtí is ea dul i ngleic leis na príomhbhacainní ar athnuachan ó ghlúin go glúin, go háirithe rochtain ar thalamh, infheistíochtaí, scileanna agus tuilleadh. Is féidir ‘ceart fanachta’ a chur i bhfeidhm maidir le feirmeoirí óga a bhunú ar mian leo fanacht agus a bheith ag feirmeoireacht ina gcríocha.

Ach ní féidir leis an CBT amháin an fhreagracht sin a sheasamh. Chun fíor-athnuachan ó ghlúin go glúin a spreagadh, tá gá le cur chuige uile-shochaí agus meascán beartais thar réimsí agus freagrachtaí éagsúla, a bhfuil go leor acu laistigh d’inniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha.

Beidh an Coimisiún i gceannas ar an obair ar an Straitéis um Athnuachan ó Ghlúin go Glúin a chuirfear i gcrích in 2025, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, le Parlaimint na hEorpa agus leis na príomhpháirtithe leasmhara. Déanfar moltaí a chur ar fáil sa straitéis sin maidir leis an bhfreagairt bheartais agus na bearta is gá, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta/réigiúnach araon.

Mar gheall ar infhaighteacht theoranta na talún torthúla i gcomhthéacs iomaíochta atá ag dul i méid maidir lena húsáid agus iarmhairt an athraithe aeráide, tá an pobal feirmeoireachta, agus go háirithe na hiontrálaithe nua san earnáil, i gcás deacair. Cumhdaítear go leor gnéithe leis an mbeartas talún, laistigh d’inniúlachtaí náisiúnta den chuid is mó. Ba cheart coinníollacha maidir le hinaistritheacht talún agus aistrithe talún a chur san áireamh san obair sin, chomh maith le prionsabail maidir le maolú ar thógáil talún, agus ba cheart tógáil ar na dea-shamplaí ó roinnt Ballstát i scéimeanna inaistritheachta talún. Tá trédhearcacht maidir le pleanáil agus ceannach talún chomh tábhachtach céanna. Tá sé d’acmhainn ag na Ballstáit luamháin láidre a fhorbairt ina mbosca uirlisí náisiúnta lena bhféadfaí athnuachan ó ghlúin go glúin a éascú, lena n‑áirítear trí scéimeanna scoir agus dreasachtaí cánach.

Mar fhreagairt ar an iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, agus i gcomhréir leis an moladh ón Idirphlé Straitéiseach, oibreoidh an Coimisiún Eorpach i dtreo Faireachlann an Aontais Eorpaigh um Thalamh Feirme a sheoladh 21 . Cuirfimid feabhas ar thrédhearcacht agus ar chomhar i réimsí amhail idirbhearta talún agus aistrithe ceart úsáide talún, treochtaí praghsanna agus iompraíocht an mhargaidh, athruithe ar úsáid talún, chomh maith le caillteanas talún talmhaíochta agus nádúrtha. Cuideoidh an fhaireachlann freisin leis na Ballstáit cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le rialáil a margaí talaimh feirme. Le trédhearcacht fheabhsaithe maidir le forbairtí sa mhargadh agus comhar ar fud an Aontais, beidh sé níos éasca leasanna dlisteanacha an bheartais talmhaíochta a bhaint amach i gcomhréir le saoirsí an mhargaidh aonair.

3.2.Earnáil iomaíoch athléimneach in aghaidh dúshláin dhomhanda

I ndomhan idirnasctha ina bhfuil an tAontas Eorpach ar an onnmhaireoir agraibhia is mó ar domhan agus ar cheann de na hallmhaireoirí is mó ar domhan, an chaoi a ndéanaimid táirgí talmhaíochta a tháirgeadh, a thomhailt agus a thrádáil, tá tionchar mór aici ar ár gcaidreamh le tríú tíortha 22 .

Is iad cogaí agus coinbhleacht na príomhchúiseanna leis an neamhshlándáil bia. Os a choinne sin, d’fhéadfadh éagobhsaíocht a bheith mar thoradh ar an neamhshlándáil bia, agus san ord domhanda atá ag athrú, tá bia á úsáid mar arm. Téann ár gcomhpháirtithe trádála i muinín gníomhaíochtaí aontaobhacha lena ndírítear ar ár bpríomhearnálacha, tá bacainní fós roimh ár n‑onnmhairí agus tá slabhraí soláthair domhanda i mbaol saofa. Is minic a mheastar gur greannaitheoir trádála é ardchaighdeáin dhomhanda a bheith á saothrú ag an Aontas chun cuspóirí uilíocha maidir le cosaint an chomhshaoil, sláinte an duine, sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus sábháilteacht bia a chosaint. An tráth céanna, tá méadú ag teacht ar an imní atá ar fheirmeoirí san Aontas faoin iomaíocht éagórach dhomhanda agus faoin easpa cómhalartachta.

Ach ní chuirfidh na dúshláin sin bac ar an Aontas leanúint de na naisc le go leor comhpháirtithe toilteanacha a neartú, lena n‑áirítear trí straitéis infheistíochta Global Gateway. Slándáil bia agus biacheannasacht na hEorpa, leanfaidh siad de bheith ina ndlúthchuid de chlár oibre foriomlán an Aontais maidir leis an tslándáil, an t‑iomaíochas agus an inbhuanaitheacht. Le leibhéil arda ocrais, an neamhshlándáil bia mhór agus an t‑ardú ar phraghsanna bia ar fud an domhain, leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt do thríú tíortha maidir lena mbiacheannasacht, a n‑athléimneacht agus a n‑inbhuanaitheacht, agus áiritheoidh sé rochtain ar bhia sábháilte, ar ardchaighdeán agus cothaitheach do chách, lena n‑áirítear na daoine is leochailí, trí chabhair dhaonnúil agus tríd an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta a urramú.

Slabhraí soláthair a éagsúlú agus athléimneacht chlaochlaitheach a chur chun cinn

I ndomhan a bhfuil teannas geopholaitiúil agus geo-eacnamaíoch ag baint leis, arsa Draghi, ‘tá spleáchais ag teacht chun bheith ina leochaileachtaí 23 . Sa lá atá inniu ann, braitheann biacheannasacht an Aontais ar ionchuir allmhairithe den chuid is mó, amhail leasacháin, beatha agus fuinneamh, agus is gnách gur ó réigiúin atá comhchruinnithe go geografach a thagann siad sin. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach na spleáchais straitéiseacha sin a laghdú agus slabhraí soláthair a dhí-rioscú, agus ag an am céanna tacú leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá glan agus atá ag éirí níos tíosaí ar acmhainní 24 .

Maidir le príomhspleáchais ar allmhairí, tá soláthar próitéine an Aontais ag brath go mór ar allmhairí ardcháilíochta ó líon teoranta tionscnamh, rud a fhágann go bhfuil ár gcóras bia leochaileach i leith luaineachtaí sa mhargadh domhanda agus rioscaí inbhuanaitheachta 25 . Ní mór dúinn machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a dtáirgtear agus a gcaitear próitéin san Aontas. Dá bhrí sin, forbróidh an Coimisiún plean cuimsitheach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, lena gcomhtháthófar beartas, taighde agus iarrachtaí ar an láthair chun córas próitéine AE níos neamhthuilleamaíche agus níos inbhuanaithe a chruthú, agus allmhairí á néagsúlú an tráth céanna.

Spleáchas tábhachtach eile is ea an spleáchas ar amhábhair agus leasacháin allmhairithe atá riachtanach do tháirgeadh bia agus don tslándáil bia. Tá méadú ag teacht ar thiúchan na nallmhairí ó roinnt tionscnamh, go háirithe i gcás úiré, agus soláthraíonn ceithre thír thart ar 88 % d’allmhairí an Aontais 26 . Rachaidh sé chun tairbhe do chách na spleáchais sin a laghdú: (i) le haghaidh iomaíochas tionsclaíoch glan na hEorpa trí thacú le táirgeadh intíre leasachán; (ii) le haghaidh na bhfeirmeoirí ar féidir leo a bheith ag brath ar sholáthar iontaofa agus ar phraghsanna cobhsaí, agus (iii) le haghaidh an chomhshaoil agus na haeráide tríd an tacaíocht le glacadh leasachán ísealcharbóin agus cothaitheach athchúrsáilte, amhail RENURE agus díleáiteán tar éis cóireáil iomchuí, agus a núsáid éifeachtúil.

Ag féachaint chun cinn, tabharfaidh méadú an Aontais amach anseo deiseanna ar athléimneacht an Aontais, agus é mar chuspóir aige acmhainneacht táirgeachta agus onnmhairiúcháin a choinneáil ar bun agus a neartú sna Ballstáit atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus ar an gcaoi sin neamhspleáchas straitéiseach agus tábhacht an Aontais sa trádáil dhomhanda agraibhia a neartú. Ach tá dúshláin ann freisin nach mór a bhreithniú go cúramach, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an tionchar ar fheirmeoirí an Aontais. Beidh sé fíor-riachtanach ullmhú le haghaidh na ndúshlán atá roimh fheirmeoirí an Aontais agus aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach chun leas a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an méadú, lena n‑áirítear toisc go bhféadfadh sé lánpháirtiú de réir a chéile na dtíortha is iarrthóirí sa Mhargadh Aonair a éascú, agus dul chun cinn á dhéanamh acu i dtreo ballraíocht iomlán san Aontas.

I dtreo iomaíocht dhomhanda níos cothroime

Is éard a bheidh i gcur chuige an Aontais maidir le cothrom iomaíochta domhanda níos cothroime gníomhaíocht a mbeidh dhá ghné ag baint léi agus nach mór a bheith fite fuaite ina chéile:

(a)Comhar domhanda agus déthaobhach

Sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, is léir go mbeidh sé ag éirí níos deacra comhdhearcadh domhanda a bhaint amach maidir le caighdeáin feirmeoireachta agus bia.

Mar sin féin, leanfaidh an tAontas de bheith ag obair i gcur chuige Fhoireann na hEorpa lenár gcomhpháirtithe agus lenár bpríomheagraíochtaí idirnáisiúnta chun cur chun feidhme níos déine na ngealltanas a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a neartú agus chun cur lena n‑uaillmhian córais bhia inbhuanaithe dhomhanda a bhaint amach i gcomhréir le Clár Oibre 2030 agus leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna). Tabharfar tús áite do chaighdeáin dhomhanda a ardú i gcomhlachtaí idirnáisiúnta a leagann síos caighdeáin i réimsí atá ríthábhachtach chun iomaíocht chóir a áirithiú, go háirithe maidir le táirgí cosanta plandaí agus leas ainmhithe. In 2025, cuirfidh an Coimisiún a líne ghníomhaíochta maidir leis an gcómhalartacht a dhoimhniú faoi bhráid na mBallstát chun tuilleadh mionsaothraithe a dhéanamh uirthi. Ar an dara dul síos, oibreoidh an tAontas le hEagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe agus lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta chun forbairt cur chuige choitinn a chur chun cinn chun measúnú inchomparáide agus cothrom ar ghnéithe inbhuanaitheachta maidir le táirgeadh bia ar fud an domhain a cheadú, rud a chomhlánóidh obair an Aontais maidir le tagarmharcáil na hinbhuanaitheachta.

Beidh an tAontas níos teanntásaí maidir le honnmhairiú tháirgí an Aontais a chur chun cinn agus a chosaint go straitéiseach, agus áiritheoidh sé go mbainfeadh tríú tíortha tairbhe as cur chun feidhme beart éascaithe trádála (e.g. réamhliostú), ar choinníoll go gcuirfidh siad bearta comhchosúla i bhfeidhm maidir leis an Aontas freisin. Neartóimid ár dtaidhleoireacht eacnamaíoch agraibhia agus ár misin ardleibhéil thiomnaithe.

Ar an leibhéal déthaobhach, treiseofar na hidirphléití déthaobhacha atá ann cheana maidir leis an mbeartas talmhaíochta agus bunófar idirphlé comhpháirtíochta nua maidir leis an mbeartas Agraibhia le príomh-chomhpháirtithe déthaobhacha, réigiúnacha agus ilchríochacha. Sa chomhthéacs sin, le comhpháirtíochtaí straitéiseacha cuimsitheacha lenár gComharsanacht ó Dheas agus leis an gComhshocrú nua don Mheánmhuir atá ar na bacáin, tá deiseanna nua tábhachtacha ar fáil. Bainfidh an tAontas leas iomlán as an gCaibidlíocht agus as Comhaontuithe Saorthrádála déthaobhacha freisin. Leanfar de leas fheirmeoirí na hEorpa a chosaint. Treiseoidh an tAontas cur chun feidhme agus forfheidhmiú caibidlí/forálacha maidir leis an Trádáil agus an Fhorbairt Inbhuanaithe, chomh maith le caibidlí maidir le Córais Bhia Inbhuanaithe, ina mbeidh tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí tírshonracha atá níos spriocdhírithe agus níos oibríochtúla, lena n‑áirítear i ndáil le hearnálacha sonracha gníomhaíochta, de réir mar is iomchuí. Inár n‑idirphléití comhpháirtíochta, tabharfaimid aird ar leith ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag beartais rialála an Aontais ar chórais agraibhia áitiúla agus áiritheoimid comhleanúnachas idir beartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais a bhaineann le talmhaíocht, leis an gcomhshaol, leis an aeráid agus leis an tsláinte.

(b)Creat an Aontais le haghaidh earnáil agraibhia iomaíoch

An tráth céanna, áiritheoidh an tAontas ar bhonn intíre nach mbeidh sceitheadh eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta mar thoradh ar chaighdeáin uaillmhianacha an Aontais, agus nach gcuirfear earnáil agraibhia na hEorpa faoi mhíbhuntáiste iomaíoch gan cómhalartacht chomhfhreagrach. Chuige sin, cuirfidh an tAontas seiceáil FBM agus iomaíochais chun feidhme go comhleanúnach ina bheartais mar a luaitear sa Chompás Iomaíochais, déanfaidh sé measúnú comhsheasmhach ar thionchar rialacháin an Aontais ar fheirmeoirí an Aontais agus ar FBManna agraibhia, ar thrádáil agus ar na rioscaí a bhaineann le sceitheadh a chruthú, agus déanfaidh sé scrúdú críochnúil ar impleachtaí na gcomhaontuithe saorthrádála atá faoi chaibidlíocht le haghaidh fheirmeoirí an Aontais agus na hinbhuanaitheachta domhanda.

Chun a áirithiú go ndéanfar ábhair imní an Aontais maidir le leas ainmhithe agus cosaint an chomhshaoil a mheas, agus chun seasamh le luachanna morálta an Aontais mar fhreagairt ar éileamh na sochaí, saothróidh an Coimisiún, i gcomhréir le rialacha idirnáisiúnta, ailíniú níos láidre ar chaighdeáin táirgthe a chuirtear i bhfeidhm maidir le táirgí allmhairithe, go háirithe maidir le lotnaidicídí agus leas ainmhithe.

I ndáil leis sin, bunóidh an Coimisiún prionsabal nach gceadófar na lotnaidicídí is guaisí a bhfuil toirmeasc orthu san Aontas ar chúiseanna sláinte agus comhshaoil a thabhairt ar ais chuig an Aontas trí tháirgí allmhairithe. Chun dul chun cinn a dhéanamh ina leith sin, seolfaidh an Coimisiún an Measúnú Tionchair in 2025 ina measfar na tionchair ar sheasamh iomaíoch an Aontais agus na himpleachtaí idirnáisiúnta agus, más iomchuí, molfaidh sé leasuithe ar an gcreat dlíthiúil is infheidhme. Ar an gcaoi chéanna, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an tsaincheist maidir le honnmhairiú ceimiceán guaiseach, lena náirítear lotnaidicídí, a bhfuil toirmeasc orthu san Aontas 27 .

Gné dhoshannta eile de bheartas an Aontais i leith allmhairí is ea an tsábháilteacht bia agus an tsábháilteacht beatha, sláinte ainmhithe agus plandaí. Tá caighdeáin táirgí an Aontais ar na caighdeáin is airde ar domhan agus áirithíonn siad go bhfuil gach táirge agraibhia a allmhairítear sábháilte. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an reachtaíocht ábhartha maidir leis an tsábháilteacht bia a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú i gceart. Bunófar tascfhórsa tiomnaithe, a tharraingeoidh saineolas agus fórsaí ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit, rud a chuirfidh go mór le freagairt an Aontais chun an rialú ar allmhairí a neartú tuilleadh, lena n‑áirítear neartú cumhachtach na rialuithe ar an láthair

I réimse leas na n‑ainmhithe, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfidh tograí reachtacha amach anseo na caighdeáin chéanna i bhfeidhm maidir le táirgí a tháirgtear san Aontas agus maidir le táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha, agus tabharfaidh sé aghaidh freisin ar shaincheisteanna a bhaineann le forfheidhmiú agus ar ábhair imní a chuireann saoránaigh an Aontais in iúl. Deis a bheidh san athbhreithniú spriocdhírithe ar an reachtaíocht maidir le leas ainmhithe é sin a chur i bhfeidhm, ar bhealach atá comhlíontach leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus bunaithe ar mheasúnú tionchair.

ina dtéann ár gcomhpháirtithe trádála i muinín iomaíocht éagórach agus gníomhaíochtaí aontaobhacha a dhíríonn go neamhdhleathach ar ár n‑earnáil agraibhia nó ar earnáil agraibhia na mBallstát aonair agus é mar aidhm acu sinn a dheighilt mar Aontas, úsáidfidh an tAontas na huirlisí cosanta uile atá ar fáil dó. Forbróidh an tAontas (in 2025) Líontán Sábhála Aontachtach uaillmhianach le haghaidh earnáil agraibhia an Aontais. I gcásanna comhéigin eacnamaíoch an Aontais nó a Bhallstát ag tíortha nach bhfuil san Aontas, cosnóidh an tAontas earnáil an agraibhia trí gach modh atá ar fáil, lena n‑áirítear i gcomhthéacs EDT nó ionstraimí uathrialacha an Aontais amhail an Ionstraim Frith-Chomhéigin, i gcás inarb iomchuí.

Oibreoidh an Coimisiún freisin le BEI chun creidmheasanna onnmhairiúcháin a sholáthar lena ndéantar onnmhairí le haghaidh earnáil agraibhia an Aontais a dhí-rioscú.

Sa chomhthéacs sin, beidh ról tábhachtach ag an gcúlchiste EUR 1 bhilliún a fógraíodh i gcomhthéacs chomhaontú AE-Mercosur sa chéad CAI eile.

Ina theannta sin, oibreoidh an Coimisiún ar iomaíochas agus athléimneacht earnálacha íogaire amhail beostoc a neartú, pacáiste simpliúcháin a chur i láthair a chuirfidh le hiomaíochas fheirmeoirí na hEorpa agus an rannchuidiú le cuspóirí sa tsochaí á chaomhnú, molfaidh sé lipéadú na tíre tionscnaimh a leathnú i gcomhréir le sainiúlachtaí earnálacha agus rialacha an Mhargaidh Aonair agus géaróidh sé ar a bheartas cur chun cinn.

Ullmhacht agus earnáil an agrabhia a dhéanamh riosca-dhíonach

Ní mór dúinn a bheith níos ullmhaithe, ní hamháin chun fanacht beo, ach chun go mbeidh rath orainn sa saol nua seo freisin’, a deirtear i dtuarascáil Niinistö 28 . Tá suaití suntasacha ag baint leis an saol nua sin, ón bpaindéim, cogadh foghach na Rúise agus suaitheadh sa mhargadh go galair ainmhithe/plandaí agus staid gheopholaitiúil luaineach. Thairis sin, teagmhais adhaimsire, a bhí sách neamhchoitianta roimhe, tá siad ag tarlú níos minice agus tá patrúin frasaíochta ag athrú.

Tá feirmeoirí ar an líne thosaigh in go leor de na géarchéimeanna sin. Mar gheall ar an líon méadaitheach rioscaí, bagairtí agus éiginnteachtaí atá ann anois, tá gá le cur chuige uaillmhianach Eorpach maidir le bainistiú riosca agus géarchéime lena ndéanfaí an bosca uirlisí a athbhreithniú agus a neartú chun rioscaí agus géarchéimeanna a bhainistiú ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Aontais.

Ar an gcéad dul síos, treiseofar na dreasachtaí le haghaidh feirmeoirí chun a leochaileacht agus a neamhchosaint ar rioscaí a laghdú trí oiriúnú ar leibhéal na feirme, chomh maith le dreasachtaí le haghaidh feirmeoirí rioscaí a roinnt (e.g. trí eagraíochtaí táirgeoirí nó comharchumainn). Ní mór earnáil talmhaíochta AE atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a bheith ag brath ar bheartais atá saincheaptha le haghaidh riachtanais áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, beartais lena dtacaítear le cleachtais talmhaíochta agus le hidirghabhálacha a fhágann go mbeidh an táirgeadh talmhaíochta áitiúil oiriúnach do dhálaí aeráide a bheidh ann amach anseo.

Ag tógáil ar thaithí ó thionscnaimh a rinneadh le blianta beaga anuas 29 , tá gá le céimeanna breise. Beidh ról tábhachtach ag an bPlean Eorpach um Oiriúnú don Athrú Aeráide atá ar na bacáin, agus ag an Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i réimse an Uisce atá ar na bacáin, go háirithe maidir le tacú leis na Ballstáit i ndáil le hullmhacht agus pleanáil, agus maidir le haghaidh a thabhairt ar rioscaí agus tionchair an athraithe aeráide ar fhuinneamh, ar iompar agus ar bhonneagar eile, ar uisce, ar bhia agus ar thalamh i gcathracha agus i gceantair thuaithe.

Tacóidh CBT a bheidh ann amach anseo, ar bhealach níos spriocdhírithe, le bearta agus le hinfheistíochtaí lena ndéanfar earnáil na talmhaíochta níos athléimní in aghaidh na ndálaí athraitheacha. Beidh gá le hathruithe claochlaitheacha níos uaillmhianaí in áiteanna nach bhfuil an táirgeadh atá ann faoi láthair inbhuanaithe san fhadtéarma, mar shampla trí straitéisí áitiúla nua, taighde agus nuálaíocht, lena n‑áirítear teicnící géanómaíocha nua chun barra atá níos athléimní ó thaobh na haeráide de a tháirgeadh.

Ar an dara dul síos, tá gá le gníomhaíocht uaillmhianach maidir le riosca-ullmhacht, árachas agus dí-rioscú. Sa réimse sin, beidh comhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), le bainc, le cuideachtaí árachais agus athárachais agus le gníomhaithe slabhra luacha ríthábhachtach. Ba cheart comhthiomsú níos fearr rioscaí agus feabhas ar infhaighteacht agus inacmhainneacht árachas talmhaíochta le haghaidh feirmeoirí a bheith mar thoradh air sin.

Ar an tríú dul síos, ní mór don Choimisiún agus do na Ballstáit comhleanúnachas beartais a áirithiú idir uirlisí bainistithe riosca agus géarchéime chomh maith le solúbthacht níos mó. Ba cheart go spreagfadh uirlisí bainistithe géarchéime feirmeoirí le rioscaí a bhainistiú go réamhghníomhach agus ba cheart do na Ballstáit oibriú i dtreo straitéisí bainistithe riosca atá éifeachtúil agus oiriúnaithe.

Thairis sin, ba cheart measúnú cúramach a dhéanamh ar fheidhmiú an chúlchiste talmhaíochta d’fhonn é a athdhíriú ar ghéarchéimeanna sonracha ar mhéid shuntasach, amhail mórshuaitheadh sa mhargadh agus saincheisteanna sláinte ainmhithe/plandaí. Ina theannta sin, ba cheart soláthar tacaíochta eisceachtúla d’fheirmeoirí a nascadh níos fearr le bearta bainistithe riosca iomchuí agus bearta coisctheacha iomchuí.

Mar obair leantach ar thuarascáil Niinistö, ba cheart don Aontas dlús a chur lena leibhéal ullmhachta maidir leis an tslándáil bia ar fud an bhiashlabhra ina iomláine. Ba cheart leanúint de ghníomhaíochtaí an tSásra Eorpaigh um Ullmhacht agus um Fhreagairt i leith Géarchéimeanna Slándála Bia (EFSCM) agus ba cheart iad a fhorbairt a thuilleadh agus a nascadh le bainistiú géarchéime foriomlán an Aontais laistigh de chur chuige uile-rialtais. I gcomhréir leis an Straitéis um Aontas na hUllmhachta atá ar na bacáin, ba cheart sineirgí agus níos mó comhordaithe a lorg ó thaobh na hullmhachta de. Ina theannta sin, d’fhéadfaí féachaint ar uirlisí nua talmhaíochta agus biashonracha a bhaineann le cúlchistí bia, soláthar comhpháirteach, agus trédhearcacht mhéadaithe le linn géarchéimeanna. Mar a dhéantar i gcás earnálacha fíor-riachtanacha eile amhail an tsláinte, ba cheart pleananna iomlánaíocha ullmhachta agus freagartha a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach lena gcumhdófar gach gné atá ábhartha do shlabhra iomlán an tsoláthair bia laistigh de chur chuige níos leithne de chuid an Aontais i leith ullmhachta.

Tacú le hathléimneacht margaí talmhaíochta

Na himeachtaí geopholaitiúla as a n‑eascraíonn saobhadh trádála, an iomaíocht dhomhanda, tionchair na dteagmhas mór aeráide agus na patrúin tomhaltais atá ag athrú, is cúis éiginnteachta iad sin ar fad le haghaidh go leor margaí tráchtearraí, idir fhíon, ghránaigh, tháirgí ainmhithe agus ola olóige. Déanann an Coimisiún dlúthfhaireachán ar na margaí uile agus gníomhaíonn sé go tapa nuair a thagann meath ar staid margaidh.

Bhí gá le freagairt den sórt sin i gcás sonrach earnáil an fhíona, agus rachaidh an Coimisiún chun cinn i dtreo chur chun feidhme mholtaí an Ghrúpa Ardleibhéil um Fhíon 30 in 2025.

Tá earnáil beostoic an Aontais an-leochaileach i leith suaití éagsúla agus i leith iomaíocht dhomhanda. Le hardchaighdeáin an Aontais, ceanglaítear ar fheirmeoirí beostoic an Aontais a bheith ar thús cadhnaíochta ar domhan, ach ní fheictear na hiarrachtaí céanna ar fud an domhain mar gheall nach bhfuil cothrom iomaíochta ann. Bíonn costas le híoc as caighdeáin den sórt sin, costas nach gcúitíonn an margadh i gcónaí. Cuid fhíorthábhachtach de thalmhaíocht, d’iomaíochas agus de chomhtháthú an Aontais is ea an beostoc agus leanfaidh sé de bheith amhlaidh. Tá beostoc inbhuanaithe ríthábhachtach do gheilleagar an Aontais, d’inmharthanacht ceantar tuaithe agus do chaomhnú an chomhshaoil agus na dtírdhreach tuaithe. Is earnáil í inar féidir rath a bheith ar an nuálaíocht agus inar féidir leis an nuálaíocht tairbhí nithiúla a chur ar fáil.

Teastaíonn fís fhadtéarmach ó earnáil beostoic an Aontais lena n‑urramófar éagsúlacht agus inbhuanaitheacht an táirgthe beostoic ar fud na hEorpa. Ciallaíonn cosaint na héagsúlachta sin nach féidir cur chuige ‘a oireann do chách’ a bheith ann ach réitigh chríochacha spriocdhírithe le haghaidh iomaíochas agus inbhuanaitheacht na hearnála ina ionad sin. D’fhéadfaí spreagadh cumhachtach a thabhairt trí dhálaí fabhracha a dhearadh chun ‘slabhra táirgthe beostoic sármhaitheasa’ a fhorbairt. Seolfaidh an Coimisiún sruth oibre maidir le beostoc chun conairí beartais a fhorbairt lena ndéanfar an méid seo a leanas: a) dúshláin na hearnála a mheas, lena n‑áirítear an iomaíocht dhomhanda; b) uirlisí iomchuí a mholadh chun cuidiú leis an earnáil agus, i gcás inarb iomchuí, bearta cómhalartachta a mholadh; c) bealaí a lorg chun aghaidh a thabhairt ar a lorg aeráide/comhshaoil, lena n‑áirítear bealaí chun an nasc idir táirgeadh beostoic agus féarthailte atá luachmhar ó thaobh an chomhshaoil agus na haeráide de a chothabháil a luachshocrú trí chórais bheostoic níos fairsinge a rachaidh chun tairbhe do chaomhnú na bithéagsúlachta agus na dtírdhreach; d) infheistíochtaí, forbairt theicneolaíoch agus nuálaíocht a chothú; agus e) forbairt samhlacha táirgthe inbhuanaithe a fheabhsú.

Rómhaorlathas a laghdú chun earnáil agraibhia iomaíoch a chothú

Ba cheart feirmeoirí a bheith ina bhfiontraithe agus ina soláthraithe, agus ní ag iompar ualaí maorlathacha ná rialála nach bhfuil gá leo. Mar a luadh i dtuarascáil Draghi, cuireann ceanglais iomarcacha agus oibleagáidí tuairiscithe bac ar iomaíochas gheilleagar agus nuálaíocht an Aontais.

Déanfaidh an Coimisiún iarracht ar shimpliú nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo 31 , lena náirítear maidir le hearnáil na talmhaíochta. Níl an tAontas in ann na cleachtais ar an bhfeirm nach mór a urramú a dhearadh ar bhealach chomh mionsonraithe sin. Le hiarrataí iomadúla ar mhaoluithe ar na hoibleagáidí sin, a dtugadh údar leo go minic ar bhonn sainiúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha, léiríodh nach cur chuige ‘a oireann do chách’ an uirlis is iomchuí d’earnáil atá chomh éagsúlaithe sin.

Ina theannta sin, ní mór comhroinnt ualaigh níos fearr a bheith ann maidir le rialacháin agus ceanglais a chur chun feidhme idir feirmeoirí agus na Ballstáit, in éineacht le tástáil struis agus seiceáil réaltachta ar an reachtaíocht atá ann cheana agus ar an reachtaíocht nua. Ar an dul céanna, ba cheart rórialáil a sheachaint agus tá measúnú carnach ar thionchair fíor-riachtanach.

Eascraíonn ionchais dhearfacha maidir le simpliú as teicneolaíochtaí nua. Mar shampla, cuidíonn satailítí Domhanbhreathnóireachta le seiceálacha ar an láthair a laghdú agus le hoibleagáidí tuairiscithe a laghdú trí shonraí fíor-ama agus inghníomhaithe a sholáthar ar leibhéal na feirme. Bíonn úsáid níos fearr acmhainní, costais ionchuir laghdaithe agus inbhuanaitheacht fheabhsaithe mar thoradh ar chomhtháthú na teicneolaíochta satailíte. Dá réir sin, déanfaidh leanúnachas agus éabhlóid shócmhainní spáis an Aontais, i.e. Copernicus agus GALILEO, simpliú agus iomaíochas a chothú a thuilleadh. Ina theannta sin, d’fhéadfadh teicneolaíochtaí comhroinnte sonraí an rómhaorlathas a laghdú trí fhoráil a dhéanamh maidir le deiseanna tuairiscithe níos cuíchóirithe agus níos uathoibrithe.

In R2 2025 molfaidh an Coimisiún pacáiste cuimsitheach simpliúcháin le haghaidh an chreata reachtaigh talmhaíochta atá ann faoi láthair lena mbainfear amach an méid seo a leanas: (i) simpliú a dhéanamh ar an bhfeirm agus cuíchóiriú a dhéanamh ar na ceanglais lena dtugtar aitheantas níos fearr do chásanna éagsúla agus do chleachtais feirmeoireachta (amhail an fheirmeoireacht orgánach); (ii) Tacaíocht d’fheirmeacha beaga agus meánmhéide a chuíchóiriú trí úsáid níos mó a bhaint as íocaíochtaí simplithe; (iii) Borradh a chur faoin iomaíochas trí phleanáil fheabhsaithe shimplithe agus trí rochtain ar na hionstraimí airgeadais atá ar fáil faoin CAI atá ann faoi láthair; (iv) Níos mó solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit chun pleananna straitéiseacha a bhainistiú.

Ina theannta sin, oibreoidh an Coimisiún in 2025 chun pacáiste simpliúcháin reachtach trasghearrthabeart a chur ar fáil lena mbainfear amach simpliú fóinteach i réimsí beartais eile seachas CBT a dhéanann difear d’fheirmeoirí, do ghnólachtaí bia agus beatha agus do na riaracháin ghaolmhara. Díreoidh sé ar ghnéithe a chuideoidh le feirmeoirí agus le gnólachtaí bia agus beatha a bheith níos iomaíche agus níos athléimní, i bhfianaise suaití geopholaitiúla agus iomaíocht dhomhanda freisin.

3.3.An earnáil agraibhia a dhéanamh slán i bhfad na haimsire, ar earnáil í a oibríonn i gcomhar leis an dúlra

Murab ionann agus earnálacha eile, tá táirgeadh bia bunaithe ar an dúlra agus ar éiceachórais agus tá dlúthbhaint aige leo. Cumas feirmeoirí bia a tháirgeadh san fhadtéarma agus a bheith athléimneach, braithean sin ar éiceachórais athléimneacha, cothabháil ithreacha, comhrac i gcoinne lotnaidí agus galar, pailniú barra, cáilíocht agus infhaighteacht uisce, aer glan agus dálaí aeráide. Tá sé de chuspóir ag an Aontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050 agus díghrádú an chomhshaoil a chomhrac agus a aisiompú. Is féidir leis earnáil an agrabhia rannchuidiú go mór leis an gcuspóir sin a bhaint amach agus baineann sí tairbhe as sin.

An tráth céanna, ní mór dúshláin eacnamaíocha agus cur chun feidhme a chomhtháthú go cúramach san aistriú éiceolaíoch, chomh maith leis an ngá atá le haistriú cóir i dtéarmaí sóisialta. Ní mór sainiúlachtaí na feirmeoireachta a aithint san aistriú sin freisin: ar thaobh amháin, beidh méid áirithe tionchair ag an talmhaíocht i gcónaí ar acmhainní nádúrtha, agus beidh teorainneacha ann ó thaobh maolaithe de i gcomparáid le hearnálacha eile den gheilleagar. Ar an gcaoi chéanna, tá difríochtaí móra idir cásanna ar fud na réigiún agus na gcríoch. Ar ndóigh, tá gá le réitigh dhea-oiriúnaithe spriocdhírithe chuige sin, lena n‑áirítear réitigh dhúlrabhunaithe.

An dícharbónú agus an t‑iomaíochas fite fuaite ina chéile

Is féidir le gníomhaíochtaí talmhaíochta carbón a aistriú ón atmaisféar isteach in ithreacha agus i mbithmhais; i bhformhór na gcásanna, déanann na gníomhaíochtaí sin táirgeadh bia níos athléimní in aghaidh damáiste a bhaineann leis an aeráid, agus dá bhrí sin cuireann siad leis an tslándáil bia. Ós rud é gur gá do gach earnáil rannchuidiú leis an laghdú astaíochtaí, tá an gníomhú ar son na haeráide in earnáil an agrabhia fíorthábhachtach chun an mhórsprioc maidir le hAontas aeráidneodrach athléimneach a bhaint amach faoi 2050.

Tá coinne ag an gCoimisiún go mbainfidh an talmhaíocht na ciorruithe astaíochtaí amach i gcomhréir le sprioc aeráide an Aontais le haghaidh 2030. Ag tógáil air sin, breithneoidh an Coimisiún conairí le haghaidh rannchuidiú earnáil na talmhaíochta le sprioc aeráide 2040 an Aontais, agus sainiúlachtaí na hearnála á gcur san áireamh chomh maith le haird á díriú ar a hiomaíochas, ar an ngá atá le slándáil bia a áirithiú agus an bithgheilleagar a neartú, agus idirphlé á dhéanamh leis an earnáil agus leis na Ballstáit. Léireofar an cur chuige sin san athbhreithniú ar an reachtaíocht ábhartha lena rialaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe ó earnálacha na talmhaíochta agus na hÚsáide Talún, an Athraithe ar Úsáid Talún agus na Foraoiseachta.

Le beartais éifeachtacha lena gcúitítear dea-chleachtais agus cuir chuige atá saincheaptha le haghaidh riachtanais shonracha, is féidir astaíochtaí ón talmhaíocht a laghdú a thuilleadh ar ráta níos tapúla agus aistrithe carbóin a fheabhsú san earnáil talún, in ithreacha agus i bhforaoisí an tráth céanna. I gcás na n‑astaíochtaí atá ann ó bheostoc, beidh na moltaí ón sruth oibre Beostoic mar bhonn d’fhorbairt bhreise bosca uirlisí de bhearta saincheaptha chun tacú leis an earnáil agus leis na réigiúin ina n‑iarrachtaí astaíochtaí a laghdú. Beidh an dul chun cinn teicneolaíoch ina rannchuidiú freisin, lena n‑áirítear i straitéisí beathaithe. Ar an ábhar sin, déanfar measúnú leis an CBT a bheidh ann amach anseo ar an mbealach is fearr chun tacú leis na feirmeoirí astaíochtaí gás ceaptha teasa breise óna ngníomhaíochtaí feirmeoireachta agus beostoic a laghdú.

Tá ról ríthábhachtach le himirt ag tionscal an bhia agus na dí, chomh maith leis an earnáil mhiondíola, maidir le rannchuidiú le sprioc aeráide 2040 agus le cosaint an chomhshaoil. Ba cheart beartais agus dreasachtaí soiléire a chur i bhfeidhm chun an acmhainneacht nuálaíochta sa chóras bia agus sa bhithgheilleagar i gcoitinne a bhaint amach agus chun bia atá sláintiúil, inacmhainne agus inbhuanaithe a sholáthar do shaoránaigh an Aontais.

An inbhuanaitheacht a dhreasú

Níos mó ná riamh, tugann an inbhuanaitheacht chomhshaoil saoirse d’fheirmeoirí chun táirgeadh. Is féidir leis na deiseanna a eascraíonn as cosaint an dúlra agus na haeráide clár oibre dearfach a chur ar fáil d’earnáil talmhaíochta na hEorpa. Trí bheith ag obair leis an dúlra, cuirtear athléimneacht ar fáil don fheirmeoireacht le haghaidh na nglún atá le teacht, agus tá tús curtha leis na céimeanna incriminteacha chun maoiniú a fháil ón earnáil phríobháideach, rud ba cheart a fhiosrú a thuilleadh mar fhoinse chomhlántach ioncaim, sa bhreis ar thacaíocht phoiblí. Maidir le haistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin, beidh na cuir chuige sin níos comhchuibhithe san Aontas a bhuí leis an gcreat deimhniúcháin maidir le hAistrithe Carbóin agus Feirmeoireacht Carbóin (ACFC). Leis na modheolaíochtaí agus rialacha fíorúcháin comhchuibhithe ACFC atá ar na bacáin, beidh níos mó soiléireachta ann ina leith sin.

Le blianta beaga anuas, áfach, tá méadú suntasach tagtha ar líon na gcaighdeán inbhuanaitheachta, na ndeimhnithe agus na gceanglas tuairiscithe le haghaidh feirmeacha Eorpacha, arna leagan síos ag gníomhaithe, eagraíochtaí agus institiúidí éagsúla, idir phoiblí agus phríobháideach. Baineann na modheolaíochtaí agus na ceanglais tuairiscithe éagsúla sin le raon leathan gnéithe a bhaineann leis an inbhuanaitheacht agus eascraíonn tírdhreach ilroinnte astu a bhfuil neamhréireachtaí idir caighdeáin, neamh-inchomparáideacht tionscnamh, agus comharthaí míthreoracha maidir leis an treo ceart le dul ina saintréithe de. Cruthaíonn sé sin costais arda idirbheart agus mearbhall le haghaidh feirmeoirí agus tá an baol ann go mbeidh cleachtais ‘glas-snasaithe’ ann.

Chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin, sa bhreis ar cheanglais an Aontais a shimpliú agus a chuíchóiriú, forbróidh an Coimisiún córas tagarmharcála deonach le haghaidh measúnuithe inbhuanaitheachta ar an bhfeirm agus déanfaidh sé é a chéimniú isteach de réir a chéile, rud a fhágfaidh go mbeidh simpliú agus tagarmharcáil fite fuaite ina chéile. D’fhéadfaí cuir chuige tagarmharcála comhchosúla a fhorbairt in éineacht le hearnáil an agrabhia ina hiomláine agus iad a leathnú chuig an earnáil sin, lena n‑áirítear tacú le roghanna tomhaltóirí.

Sampla de thagarmharcáil: Compás Inbhuanaitheachta ar an bhfeirm

Ba cheart an compás inbhuanaitheachta a bheith ina ionad ilfhreastail lena gcuíchóirítear an tuairisciú agus lena laghdaítear an t‑ualach riaracháin le haghaidh feirmeoirí, rud a fhágann gur féidir leo faireachán agus taifeadadh a dhéanamh ar shonraí inbhuanaitheachta aon uair amháin. Ar an dara dul síos, tacóidh sé le feirmeoirí cleachtais níos inbhuanaithe a ghlacadh de réir a chéile agus foinsí nua maoiniúcháin a mhealladh. Cuirfidh sé ar a gcumas dóibh a bhfeidhmíocht inbhuanaitheachta a thomhas agus a thagarmharcáil ar bhealach níos fearr agus a soláthar seirbhísí éiceachórais a léiriú trí chomhroinnt sonraí níos éasca. Ar an tríú dul síos, is féidir le tomhas agus tuairisciú feabhsaithe cuidiú le beartais phoiblí a dhearadh ar bhealach comhréireach. Forbrófar an córas deonach sin le haghaidh measúnuithe inbhuanaitheachta ar an bhfeirm ar bhonn cur chuige ón mbun aníos a bheidh rannpháirteach agus ‘bunaithe ar chustaiméirí’.

Feirmeoireacht agus an dúlra

Chun a áirithiú go mbeidh an talmhaíocht agus an dúlra fite fuaite ina chéile, ní mór an reachtaíocht atá ann cheana a chur chun feidhme, a chuíchóiriú agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr agus dreasachtaí agus uirlisí nua margadhbhunaithe a úsáid chun athrú a chur chun cinn.

Ina theannta sin, tá bosca uirlisí níos forbartha de dhíth ar fheirmeoirí chun go mbeidh siad in ann feirmeoireacht a dhéanamh ar bhealach atá neamhdhíobhálach don dúlra agus na cuspóirí a leagtar síos a bhaint amach. Éilíonn an bosca uirlisí sin meascán dea-chalabraithe de thacaíocht phoiblí níos spriocdhírithe ó CBT a bheidh ann amach anseo, infheistíochtaí i réitigh atá neamhdhíobhálach don dúlra, comhairle shaincheaptha lena mbaintear leas as an dul chun cinn sa taighde agus sa nuálaíocht, agus timpeallacht rialála níos sofhreagrúla.

Sampla amháin den sórt sin is ea uaillmhian an Aontais úsáid lotnaidicídí díobhálacha a laghdú. Tá sé sin tábhachtach le haghaidh athléimneacht fhadtéarmach na feirmeoireachta, an dúlra agus chosaint na sláinte araon. Mar sin féin, níor tugadh isteach roghanna malartacha i bhfoirm táirgí cosanta plandaí bitheolaíocha nó nuálacha a mbaineann riosca íseal leo ar an luas céanna le haistarraingt substaintí gníomhacha ó mhargadh an Aontais. Má leanann an treocht sin ar aghaidh, féadfaidh sé difear a dhéanamh do chumas an Aontais táirgeadh bia a áirithiú. Dá bhrí sin, breithneoidh an Coimisiún go cúramach aon chosc breise ar lotnaidicídí mura bhfuil roghanna malartacha ar fáil go fóill, mura rud é gur bagairt é an lotnaidicíd atá i gceist ar shláinte an duine nó ar an timpeallacht a mbraitheann an talmhaíocht uirthi maidir le haghaidh a hinmharthanachta.

Ar an gcuma chéanna, mar chuid den phacáiste simpliúcháin i Ráithe 4, cuirfidh an Coimisiún togra ar aghaidh in 2025 lena gcuirfear dlús leis an rochtain atá ag bithlotnaidicídí ar mhargadh an Aontais. Soláthróidh sé sainmhíniú ar shubstaintí gníomhacha bithrialaithe, tabharfaidh sé isteach an fhéidearthacht Ballstáit údaruithe sealadacha a dheonú le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil substaintí gníomhacha bithrialaithe den sórt sin fad atá a meastóireacht fós ar siúl agus cruthóidh sé nós imeachta mear chun iad a fhormheas agus a údarú.

Ina theannta sin, ní mór an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) a threisiú le hacmhainní breise chun dlús a chur le nósanna imeachta measúnaithe riosca ionas gur féidir leis leanúint de ról lárnach a bheith aige maidir le comhairle eolaíoch thráthúil, thrédhearcach agus neamhspleách a chur ar fáil. Éascóidh sé sin rochtain ar mhargadh an Aontais do tháirgí nuálacha cosanta plandaí agus, ag an am céanna, áiritheofar ardleibhéal cosanta do shláinte tomhaltóirí agus don chomhshaol.

Is í an ithir shláintiúil bunús na feirmeoireachta, sa lá atá inniu ann agus amach anseo. An tráth céanna, tá ithreacha na hEorpa faoi bhrú ó thosca lena n‑áirítear an t‑athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta, truailliú agus i gcásanna áirithe bainistiú neamh-inbhuanaithe ithreach. Chun aghaidh a thabhairt air sin, dreasóidh an Coimisiún cleachtais feirmeoireachta lena ndéantar sláinte ithreach a athshlánú, a chothabháil nó a fheabhsú, agus tacóidh sé leis na cleachtais sin. Tá tacaíocht leanúnach don fheirmeoireacht orgánach fíorthábhachtach i gcónaí, agus d’fhéadfaí cuir chuige chomhtháite eile a spreagadh a thuilleadh. I ndáil leis sin, beidh sé ríthábhachtach seirbhísí comhairleacha neamhspleácha iontaofa a chur ar bun chun a áirithiú gur féidir le feirmeoirí leas a bhaint as an eolas is fearr, rud a rachaidh chun tairbhe don ithir agus don fheirmeoireacht.

Tá an talmhaíocht ag brath go mór ar uisce, agus éilíonn sí soláthar seasta agus sábháilte chun sláinte agus folláine barra, beostoic agus gach cineál beatha a áirithiú. Mar sin féin, tá leochaileacht ag an uisce do roinnt dúshlán lena náirítear astarraingt agus truailliú a bhaineann leis an talmhaíocht. Tá an strus maidir le huisce ag dul i bhfeidhm ar an Aontas níos mó agus níos mó ós rud é go bhfuil an ganntanas uisce níos measa fós mar gheall ar an athrú aeráide. Tá teagmhais adhaimsire mar gheall ar an athrú aeráide ina bpríomhriosca do tháirgeadh barr, go háirithe i nDeisceart na hEorpa 32 . Cuirfidh an Coimisiún Straitéis maidir le hAthléimneacht i réimse an Uisce i láthair go luath ina leagfar amach freagairt an Choimisiúin ar an ngá práinneach atá le húsáid níos éifeachtúla uisce, truailliú uisce a laghdú agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le ró-astarraingt acmhainní uisce.

Ní mór aird ar leith a thabhairt ar bhainistiú cothaitheach a fheabhsú ar leibhéal na feirme agus ar chiorclaíocht cothaitheach a mhéadú. Ba cheart tús áite a thabhairt d’aghaidh a thabhairt ar theophointí truaillithe cothaitheach agus do chuir chuige críochacha comhtháite a chur chun cinn. Príomhghné de sin is ea cothaithigh ó fheirmeoireacht beostoic a bhainistiú agus a rialú chun teorainn a chur le seachtrachtaí diúltacha, tacú le fairsingiú i réigiúin ina bhfuil tiúchan ard beostoic, agus ciorclaíocht a chur chun cinn a d’fhéadfadh cabhrú le húsáid leasachán sintéiseach a laghdú. Leis an meastóireacht ar an Treoir maidir le níotráití atá le déanamh ag deireadh 2025, cuirfear tuilleadh fianaise ar fáil chun bonn eolais a chur faoin bplé.

3.4.Luach a chur ar bhia agus dálaí córa maireachtála agus oibre a chothú i gceantair thuaithe bhríomhara

Nascann bia daoine le chéile ar fud na gcríoch agus na réigiún. Nascann sé feirmeoirí le tomhaltóirí agus nascann sé lárionaid uirbeacha le cónaitheoirí tuaithe. Is iad feirmeoirí, iascairí agus táirgeadh bia an gliú a choinníonn pobail tuaithe agus chósta láidir agus atá mar bhunús le gníomhaíocht eacnamaíoch bhreise. Cothaíonn ceantair thuaithe dhinimiciúla táirgeadh bia ar ardchaighdeán, rud a thacaíonn lena ngeilleagar. Beidh sé fíorthábhachtach na naisc sin idir bia agus críoch a athbheochan agus ceantair thuaithe a athbheochan ar mhaithe le todhchaí na feirmeoireachta san Eoraip.

Dálaí córa maireachtála agus oibre ar fud cheantair thuaithe agus chósta na hEorpa

Mar thoradh ar dhúshláin dhéimeagrafacha, ar aosú agus ar threochtaí dídhaonraithe go háirithe, in éineacht le hathnuachan lag ó ghlúin go glúin, tá laghdú ag teacht ar an daonra in aois oibre i bhformhór na limistéar tuaithe agus i roinnt mhaith limistéar cósta ar fud an Aontais.

Mar thoradh ar an teannas geopholaitiúil, is ceantair thuaithe is mó iad réigiúin theorann thoir an Aontais atá thíos le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a bhfuil leochaileacht agus ábhar imní ar leith ag baint leo agus a bhfuil tacaíocht ar leith de dhíth orthu. Beidh impleachtaí breise slándála ag an meath socheacnamaíoch agus ag an méadú ar dhídhaonrú sna háiteanna sin, cé go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis na ceantair sin ar ceantair thuaithe iad den chuid is mó do shlándáil an Aontais.

Chomh maith le rochtain ar thalamh agus ar chaipiteal, is réamhchoinníollacha iad infhaighteacht oideachais níos fearr, poist ardcháilíochta agus deiseanna gairme, soghluaisteacht níos fearr, seirbhísí sláinte bunúsacha, agus nascacht le haghaidh bheocht na gceantar tuaithe agus chun lucht saothair nua a mhealladh in earnáil an bhia. Tá táirgeadh bia agus beatha san Aontas ag brath freisin ar oibrithe feirme, a thagann go minic ó Bhallstáit eile den Aontas nó ó thríú tíortha agus a oibríonn go rómhinic faoi dhálaí forbhásacha. Ní mór, níos mó ná riamh, aghaidh a thabhairt air sin go réamhghníomhach agus é a chur san áireamh i mbeartais phoiblí. Ar an ábhar sin, tá ról tábhachtach ag an idirphlé sóisialta agus ag an gcómhargáil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le traidisiúin.

Is gairm thairbheach í an fheirmeoireacht ach is gairm dhian í freisin, arb é is príomhthréithe coitianta di easpa cothromaíochta oibre is saoil, a bheith scoite amach go minic agus uaigneas, rud a mbíonn tionchar aige in go leor cásanna ar an meabhairshláinte. Tá rátaí féinmharaithe i measc feirmeoirí 20 % níos airde ná an meán náisiúnta i mBallstáit áirithe 33 . Is féidir ról lárnach a bheith ag na Seirbhísí Comhairleacha Feirme faoi CBT maidir le feasacht a mhúscailt faoi mheabhairshláinte agus ar thionóiscí ag an obair trí chomhairle shonrach a thabhairt d’fheirmeoirí. Mar shampla, tá Teagasc in Éirinn ag tacú go gníomhach le meabhairshláinte feirmeoirí agus ag ardú feasachta trína ghníomhaíochtaí iomadúla 34 .

I dteannta CBT, tá tionchar mór ag roinnt beartas eile, lena n‑áirítear an beartas Comhtháthaithe, ar cheantair thuaithe agus rannchuidíonn siad le comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach san Eoraip. Is féidir ról níos mó a bheith ag rannchuidiú an Bheartais Comhtháthaithe le héagsúlú eacnamaíoch agus le soláthar bonneagair agus seirbhísí gaolmhara chun cabhrú le ceantair thuaithe leanúint de bheith ina n‑áiteanna tarraingteacha cónaithe le haghaidh feirmeoirí, dá dteaghlaigh agus d’áitritheoirí tuaithe eile, agus le turasóireacht a spreagadh freisin. Is féidir leis an agrathurasóireacht go háirithe ioncam comhlántach a chur ar fáil d’fheirmeoirí.

Ní mór sineirgí agus comhlántachtaí a fheabhsú a thuilleadh chun tacaíocht éifeachtach agus tionchar inbhraite a áirithiú i gceantair thuaithe. Trí ionstraimí cistiúcháin a chomhordú ar bhealach níos dlúithe le beartais earnála, is féidir rannchuidiú le forbairt na gceantar tuaithe trí iarrachtaí comhtháite pleanála agus cur chun feidhme.

In 2025, seolfaidh an Coimisiún Plean Gníomhaíochta nuashonraithe an Aontais um an Tuath a dhéanfar a chomhdhlúthú le tionscadail, tionscnaimh agus gníomhaíochtaí ón iliomad beartas de chuid an Aontais chun freagairt do na tosaíochtaí beartais Eorpacha nua tar éis 2027. An prionsabal maidir le promhadh leas na tuaithe, lena náirítear measúnuithe tionchair chríochaigh, déanfar é a oibríochtú a thuilleadh agus cuirfear acmhainní leordhóthanacha ar fáil dó ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, an Comhshocrú um an Tuath 35 , a seoladh in 2021 chun creat a chur ar fáil le haghaidh comhar le páirtithe leasmhara, neartófar é mar ionstraim le haghaidh idirphlé agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na bpobal tuaithe – chun tacú le cur chun feidhme agus pléití beartais araon. Déanfaidh an Coimisiún breis gníomhaíochta freisin chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh spriocdhírithe na bréagaisnéise i gceantair thuaithe.

Ina theannta sin, tá acmhainneacht mhór ag an ngeilleagar ciorclach le haghaidh gheilleagar na gceantar tuaithe, go háirithe tríd an mbithgheilleagar. San Fhís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe 36 , mheas an Coimisiún go gcruthófar 400 000 post nua ardoilte faoi 2035 agus suas le 700 000 post faoi 2050, i gceantair thuaithe den chuid is mó, mar thoradh ar fhorbairt bhreise an bhithgheilleagair.

Neartófar a thuilleadh uirlisí rannpháirtíochta forbartha áitiúla, mar shampla LEADER/forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail agus cineálacha eile comhair amhail Sráidbhailte cliste, a bhfuil a n‑éifeachtúlacht cruthaithe acu. Déanfar breis forbartha ar choincheap na gceantar tuaithe feidhmiúil d’fhonn aghaidh a thabhairt ar an mbearna in infhaighteacht agus inacmhainneacht seirbhísí le haghaidh saoránaigh tuaithe, i gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le ‘ceart fanachta’ éifeachtach do shaoránaigh uile na hEorpa. Baineann sé sin le gach ceantar tuaithe, agus tá sé ábhartha do cheantair iargúlta agus do cheantair nach bhfuil rochtain láithreach acu ar sheirbhísí a bhíonn ar fáil i mbailte agus i gcathracha. Chuige sin, tá ról tábhachtach ag bailte beaga agus meánmhéide maidir le rochtain ar sheirbhísí agus ar bhonneagar a sholáthar.

Tá sainiúlachtaí ag na réigiúin is forimeallaí a dteastaíonn tacaíocht shonrach spriocdhírithe ina leith. Deimhníonn an Coimisiún a thábhachtaí atá an scéim ‘clár de roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánacht’ chun tacú le feirmeoirí sna réigiúin is forimeallaí. Cuirfear torthaí na meastóireachta leanúnaí san áireamh sa mhachnamh ar conas is féidir a áirithiú gur féidir leis an gClár de roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánacht
todhchaí fhadtéarmach earnáil na talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí a ráthú, rud a chuirfidh a thuilleadh lena slándáil bia agus lena mbiacheannasacht, lena
niomaíochas agus lena nathléimneacht.

Chun níos mó ban a mhealladh chuig an bhfeirmeoireacht agus chun malartú taithí a éascú, bunóidh an Coimisiún ardán maidir le Mná san Fheirmeoireacht lena neartófar rannpháirtíocht na mban agus comhdheiseanna in earnáil na feirmeoireachta a bhuí leis na gníomhaíochtaí a dhéanann comhaltaí an Ardáin. Beidh sé ina fhóram freisin chun dea-chleachtais a phlé agus a mhalartú.

Luach a chur ar bhia: an nasc riachtanach idir feirmeoireacht, críoch agus bia a athbhunú agus leas a bhaint as cumhacht na nuálaíochta

Le blianta beaga anuas, tá athrú tagtha ar an gcaidreamh a bhíonn ag tomhaltóirí le bia. Déantar bia a phróiseáil níos mó, tá nósanna itheacháin ag athrú agus tá slabhraí soláthair níos faide agus níos casta. An tráth céanna, is cúis mhór imní i gcónaí í an inacmhainneacht bia, go háirithe do theaghlaigh ar ioncam íseal. Cé go bhfuil laghdú tagtha ar an nasc idir an fheirmeoireacht, an bia agus an chríoch, tá athrú ag teacht ar ionchais na sochaí maidir le bia, rud a chuireann deiseanna ar fáil don earnáil. Dá bhrí sin, tá sé an-tábhachtach filleadh ar na ‘fréamhacha’ agus an nasc idir an bia, an chríoch, an tséasúracht, cultúir agus traidisiúin áitiúla a athbhunú.

Tá ról tábhachtach le himirt ag tomhaltóirí san aistriú. Tá brú ar fheirmeoirí agus ar iascairí feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil, agus ag an am céanna tá ag cliseadh ar na margaí an dul chun cinn atá déanta cheana a chúiteamh agus cleachtas inbhuanaitheachta a dhreasú a thuilleadh.

Chun roghanna eolasacha a dhéanamh, ní mór rochtain ar fhaisnéis iontaofa a bheith ag tomhaltóirí. Leanfaidh an Coimisiún de dhlíthe cosanta tomhaltóirí an Aontais a fhorfheidhmiú chun cleachtais tráchtála éagóracha a chosc. Is réamhriachtanas é deireadh a chur le maímh mhíthreoracha chomhshaoil agus lipéid inbhuanaitheachta neamhiontaofa ionas go dtabharfar do thomhaltóirí an fhaisnéis a theastaíonn uathu chun roghanna inbhuanaithe a dhéanamh.

Is cuid ríthábhachtach é an bia d’aon phlé ar thodhchaí na talmhaíochta agus an táirgthe bia san Eoraip. Ach tá sé íogair freisin, mar is léir ón taithí, nuair a thagann traidisiúin shóisialta agus chultúrtha isteach sa scéal. Sainaithnítear sa chaibidil seo réimsí inar féidir le gníomhaíocht an Aontais breisluach a thabhairt, gan cur isteach ar na hinniúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha i mbeartas sláinte ná ar an tsaoirse chun rogha a dhéanamh.

Is minic gur maith atá údaráis áitiúla in ann rannpháirtíocht a stiúradh maidir le conas timpeallachtaí fabhracha bia a mhúnlú trí thionscnaimh faoi stiúir an phobail, lena n‑áirítear comhairlí bia a chothaíonn idirphlé maidir le conas inacmhainneacht agus infhaighteacht bia shláintiúil ar ardchaighdeán a fheabhsú. Cuirfidh an Coimisiún tionscnaimh den sórt sin chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach/áitiúil agus éascóidh sé tuilleadh malartaithe dea-chleachtas ar fud na mBallstát. Gné amháin inar féidir leis an Aontas cuidiú is ea an t‑idirphlé agus an idirghníomhaíocht sin a thabhairt chuig leibhéal an Aontais.

Dá bhrí sin, reáchtálfaidh an Coimisiún Idirphlé Bia gach bliain le gníomhaithe an chórais bia, lena n‑áirítear tomhaltóirí, táirgeoirí príomhúla, tionscal, miondíoltóirí, údaráis phoiblí agus an tsochaí shibhialta. Bheadh an t‑idirphlé sin ina fhóram chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna práinneacha amhail athfhoirmliú bia, bailiú sonraí maidir le hiontógáil chothaithe agus inacmhainneacht bia, gan ach beagán a lua. Chun tacú leis an idirphlé sin, seolfaidh an Coimisiún staidéar ar an tionchar a bhíonn ag tomhaltas ‘bianna ultraphróiseáilte’, mar a thugtar orthu.

Sa chomhthéacs sin, ba cheart é a bheith d’aidhm ag an Idirphlé Bia freisin malartú dea-chleachtas a chur chun cinn agus faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a dtugtar aghaidh ar an mbochtaineacht bia sna Ballstáit trí úsáid a bhaint as ionstraimí an Aontais agus as ionstraimí náisiúnta, lena n‑áirítear beartais shóisialta, scéimeanna scoile agus stampaí bia le haghaidh na dteaghlach is leochailí.

Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún togra dlí chun cinn chun ról an tsoláthair phoiblí a neartú. Leis an soláthar poiblí, ba cheart cur chuige ‘an luach is fearr’ a shaothrú chun aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí cáilíochta agus inbhuanaitheachta a dhéanann feirmeoirí, tionscal bia agus seirbhísí Eorpacha, agus ba cheart deiseanna a chur ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí den sórt sin. Ar an mbealach sin is féidir na dreasachtaí cearta a chur ar fáil chun tomhaltas táirgí áitiúla séasúracha agus bia a tháirgtear le hardchaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta a chur chun cinn, lena n‑áirítear táirgí orgánacha agus bia a thagann ó shlabhraí soláthair níos giorra. Ar an ábhar sin, tá tábhacht straitéiseach fós ag baint le forbairt slabhraí soláthair bia gairide chun praghsanna níos cothroime a áirithiú d’fheirmeoirí agus d’iascairí agus chun rochtain níos fearr ar tháirgí úra séasúracha a áirithiú do thomhaltóirí.

Ina theannta sin, molfaidh an Coimisiún athbhreithniú spriocdhírithe ar scéim scoile rathúil an Aontais chun a gné oideachais a neartú, agus í curtha in oiriúint do riachtanais agus do thraidisiúin áitiúla agus réigiúnacha. Leanfaidh beartas cur chun cinn an Aontais de bheith ina uirlis beartais straitéisigh a úsáidfear chun feabhas a chur ar fheasacht tomhaltóirí faoi tháirgí talmhaíochta agus iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais agus faoi scéimeanna cáilíochta, lena n‑áirítear lipéad feirmeoireachta orgánaí an Aontais. Ar an ábhar sin, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair chun glacadh breise tásc geografach (TGanna) a chur chun cinn, ar uirlis chumhachtach iad le haghaidh táirgeoirí Eorpacha chun luach a chur ar a dtáirgí bia agus dí, chun oidhreacht bia a chaomhnú ar fud na mBallstát agus chun fás agus poist a chruthú sna ceantair thuaithe ina bhfuil siad lonnaithe.

Tá rannchuidiú thionscal an bhia fíor-riachtanach chun samhlacha gnó a fhorbairt a neartóidh gach cuid den slabhra luacha agus a bhreathnóidh freisin ar dhea-bhail feirmeoirí, iascairí, oibrithe earnála agus tomhaltóirí. I ndáil leis an méid sin, tá gá le cur chuige cuimsitheach chun infheistíochtaí a spreagadh san iomaíochas, sa nuálaíocht, san athléimneacht agus san inbhuanaitheacht i bpróiseáil, dáileadh agus díol bia chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí agus ar dhúshláin atá ann faoi láthair. Leanfaidh an Coimisiún freisin de thacaíocht an-ghníomhach a thabhairt don ghlacadh agus do na torthaí a ghintear le cur chun feidhme Chód Iompraíochta an Aontais maidir le Cleachtais Fhreagracha i nGnó agus Margaíocht an Bhia agus measfaidh sé an bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta mura gcomhlíonann na torthaí a thagann as an gCód Iompraíochta an uaillmhian a bhfuil coinne léi. Ba cheart eagraíochtaí tacaíochta gnó a shlógadh chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do FBManna próiseála bia agus chun moil nuálaíochta fhíorúla a chruthú.

I ndáil leis an méid sin, is féidir líonrú FBManna a éascú leis an Ardán Comhair do Bhraislí Fiontar Eorpacha, agus leis an an Ardán um Chonairí Aistrithe agraibhia atá ar na bacáin. Éascóidh an tArdán sin freisin cur chun feidhme foriomlán an Chóid Iompraíochta agus an chonair aistrithe le haghaidh an éiceachórais thionsclaíoch agraibhia.

Ós rud é gur féidir le cothú éagsúil agus cothrom tionchar dearfach a imirt ar fholláine agus ar shláinte daoine, tá sé tábhachtach an obair maidir le faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí cleachtas fógraíochta agus margaíochta áirithe bia a chur chun cinn i gcomhar leis na Ballstáit. Ba cheart imscrúdú a dhéanamh go háirithe ar an tionchar ar shláinte agus ar fholláine na ngrúpaí tomhaltóirí is leochailí, amhail leanaí.

teicneolaíochtaí nuálacha tagtha chun cinn, lena n‑áirítear i réimse na teicneolaíochta bia, na biteicneolaíochta agus na bithmhonaraíochta. Tá sé ríthábhachtach buntáiste nuálaíochta na hEorpa a choinneáil i dteicneolaíochtaí nua den sórt sin chun go leanfaidh an earnáil de bheith iomaíoch agus chun go leanfaidh an tAontas de bheith ina cheannaire domhanda sa nuálaíocht bia. An tráth céanna, meastar uaireanta go bhfuil nuálaíocht áirithe bia ina bagairt ar thraidisiúin agus ar chultúr ar fud na hEorpa. Chuige sin, tá gá le hidirphlé feabhsaithe ar an ábhar sin agus le heolas níos fearr, chun a áirithiú gur féidir measúnú a dhéanamh ar na nuálaíochtaí sin ar bhealach cuimsitheach ina gcuirtear gnéithe sóisialta, eiticiúla, eacnamaíocha, comhshaoil agus cultúrtha na nuálaíochta bia san áireamh freisin.

Ar deireadh, tá iompraíocht tomhaltóirí á múnlú ag ionchais nua shochaíocha maidir le bia, go háirithe a mhéid a bhaineann le leas ainmhithe agus tionscnamh táirgí. Má chuirtear tacaíocht mhaith ar fáil, d’fhéadfadh sé sin deiseanna nua a chur ar fáil d’fheirmeoirí. Chun aghaidh a thabhairt air sin, déanfaidh an Coimisiún plé dlúth le feirmeoirí, leis an mbiashlabhra agus leis an tsochaí shibhialta agus ar an mbonn sin cuirfidh sé tograí i láthair maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana maidir le leas ainmhithe, lena n‑áirítear a thiomantas deireadh a chur de réir a chéile le caighin. Beidh an t‑athbhreithniú sin bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí agus cuirfear san áireamh ann an tionchar socheacnamaíoch ar fheirmeoirí agus ar an slabhra agraibhia, agus tacaíocht agus idirthréimhsí agus conairí iomchuí a bhaineann go sonrach le speiceas ar leith á gcur ar fáil. Anuas air sin, breithneoidh an Coimisiún lipéadú spriocdhírithe i ndáil le leas ainmhithe chun aghaidh a thabhairt ar ionchais na sochaí.

An tráth céanna, is príomhthosaíocht le haghaidh na mblianta amach romhainn é leanúint de na hiarrachtaí chun caillteanas bia agus cur amú bia a laghdú. Ní hamháin go rachaidh laghdú agus luacháil caillteanas bia agus cur amú bia chun tairbhe do shaoránaigh an Aontais, d’fheirmeoirí agus do gach gníomhaí eile ar fud shlabhra an tsoláthair bia, ach méadóidh sé inbhuanaitheacht chóras bia an Aontais freisin, rud a chuirfidh le húsáid níos éifeachtúla acmhainní agus leis an tslándáil bia.

4.Timpeallacht chumasúcháin a chruthú: Taighde, nuálaíocht, eolas agus scileanna a chur i gcroílár gheilleagar agraibhia na hEorpa

An digitiú mar spreagadh chun an t‑aistriú a chur chun cinn a thuilleadh

Bogann an t‑aistriú digiteach ar luas nach bhfacthas riamh roimhe seo agus is féidir leis rannchuidiú le feidhmíocht eacnamaíoch, athléimneacht agus inbhuanaitheacht feirme a fheabhsú go tapa. Is féidir le hardteicneolaíochtaí digiteacha, lena n‑áirítear an intleacht shaorga, i gcomhar le sonraí ó Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus ó fhoinsí eile feabhas suntasach a chur ar oibríochtaí agus nuálaíocht a spreagadh agus an bealach a dtáirgimid bia a athrú ó bhonn, agus aire á tabhairt don chomhshaol, don aeráid agus do dhaoine. Mar sin féin, tá glacadh uirlisí digiteacha chun deiridh in earnáil na talmhaíochta agus i gcodanna eile den chóras bia. Tá na costais arda a mheastar a bheith ann, easpa scileanna digiteacha agus easpa muiníne, easpa réiteach saincheaptha agus deacrachtaí nascachta ar na príomhchúiseanna nach bhfuil feirmeoirí ag baint leas iomlán as rabharta an digitithe.

Is é an tosaíocht a bheidh ann nascacht a áirithiú i gceantair thuaithe, go háirithe i gceantair iargúlta, agus leas á bhaint ag an am céanna as na deiseanna a chuirtear ar fáil le réitigh nascachta mhalartacha agus le himeall-ríomhaireacht. Tá sé ríthábhachtach freisin infheistíocht a dhéanamh sa timpeallacht chumasúcháin, amhail oiliúint ar feadh an tsaoil i scileanna digiteacha agus i gcomhairle dhigiteach, chomh maith le tástáil agus glacadh a spreagadh, agus trí chomhar freisin (e.g. trí chomharchumainn). Ní mór córais dhigiteacha a chomhtháthú agus a chomhchuibhiú a thuilleadh, le haghaidh bailiú sonraí ag feirmeoirí, gníomhaithe eile sa chóras bia agus córais na mBallstát. Saothróidh an Coimisiún prionsabal ‘bailigh uair amháin, bain úsáid as níos mó ná uair amháin’, lena laghdófar an t‑ualach tuairiscithe ar fheirmeoirí i bhfianaise na dtionscnamh ar leibhéal an Aontais atá ann cheana agus atá ag athrú cheana, amhail an Spás Coiteann Sonraí do Shonraí Talmhaíochta na hEorpa.

Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, seolfaidh an Coimisiún straitéis dhigiteach an Aontais Eorpaigh maidir leis an talmhaíocht chun an taistriú chuig earnáil feirmeoireachta agus bia atá réidh don digitiú agus atá dírithe ar an todhchaí a chumasú agus ag an am céanna aon deacracht a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint 37 .

Eolas, Taighde agus an Nuálaíocht mar spreagadh le haghaidh athraithe

Ní mór eolas agus nuálaíochtaí nua a chur ar fáil d’fheirmeoirí agus do ghníomhaithe eile sa chóras bia ar bhealach níos tapúla agus ar scála níos leithne, agus ní mór na réitigh nuálacha a bheith infheidhme go nithiúil ar an bhfeirm agus ar an láthair. Agus ní ag tosú ón nua atáimid. Tacaíonn Misean Ithreach Fís Eorpach le feirmeoirí maidir lena n‑aistriú chuig cleachtais ithreach inbhuanaithe trí mheascán de T&N agus tástáil agus turgnamh ar an láthair, agus ba cheart leanúint de chun ithreacha sláintiúla a bhaint amach san Aontas faoi 2050.

Tá dul chun cinn á dhéanamh sa nuálaíocht agus ba cheart glacadh léi. Mar shampla, trí thástáil a dhéanamh ar thionscnaimh rialála, ar theicneolaíochtaí nua nó ar shamhlacha gnó i mboscaí gainimh (e.g. le haghaidh uirlisí digiteacha sa talmhaíocht) sula gcuirfear i bhfeidhm iad, agus trí bhíthin soláthar nuálaíochta, cuideofar le deireadh a chur le bacainní ar níos mó nuálaíochta a bheadh réidh le húsáid ag feirmeoirí.

Chun torthaí atá saincheaptha chun riachtanais feirmeoirí a bhaint amach, ba cheart méadú a dhéanamh ar chomhchruthú eolais agus nuálaíochta i láithreáin áitiúla turgnamhaíochta ar an bhfeirm le feirmeoirí, eolaithe, nuálaithe agus gnólachtaí e.g. i saotharlanna beo.

Beidh sé ríthábhachtach cur chuige straitéiseach nua de chuid an Aontais a fhorbairt i leith T&N chun feabhas a chur ar iomaíochas na talmhaíochta, na foraoiseachta agus na gceantar tuaithe chun díriú go héifeachtúil ar infheistíochtaí, chun tosaíochtaí amach anseo a ailíniú le forbairtí eolaíocha agus chun deiseanna nua a thapú.

Agus an méid sin á dhéanamh, beidh sé ríthábhachtach comhpháirtíochtaí T&N poiblí poiblí agus comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí atá ann cheana a neartú a thuilleadh agus comhpháirtíochtaí nua a bhreithniú chun acmhainní, daoine tréitheacha agus bonneagair thaighde a chomhthiomsú. I ndáil leis an méid sin, tá comhar neartaithe leis an mBuanchoiste um an Taighde Talmhaíochta (BCTT) ríthábhachtach. Ar an leibhéal domhanda, trí bhíthin comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta agus an chomhair le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail FAO, WOAH, CGIAR agus ECFE a threisiú, cuideofar le réitigh nuálacha ar na dúshláin dhomhanda agus ar Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach.

Tá ríthábhacht le nuálaíochtaí póraithe plandaí, lena n‑áirítear úsáid uirlisí biteicneolaíocha amhail teicnící géanómaíocha nua (TGNanna) chun dlús a chur le forbairt cineálacha atá athléimneach ó thaobh an athraithe aeráide de, atá tíosach ar acmhainní, cothaitheach agus ar cineálacha ardtáirgeachta iad, agus ar an gcaoi sin rannchuidíonn siad leis an tslándáil bia agus biacheannasacht an Aontais. Is féidir le TGNanna miocrorgánaigh a tháirgeadh freisin a bhfuil tionchar dearfach acu ar tháirgeadh talmhaíochta, e.g. tríd an ngá atá le leasacháin shintéiseacha a laghdú.

Chun tairbhe a bhaint as na nuálaíochtaí sin, tá gá le creat rialála cumasúcháin san Aontas. Áirithítear leis sin freisin cothrom iomaíochta le líon méadaitheach tríú tíortha, atá i mbun a reachtaíocht a oiriúnú nó a bhfuil sin déanta acu cheana. Tá sé thar a bheith tábhachtach, dá bhrí sin, an nós imeachta reachtach le haghaidh an togra ón gCoimisiún maidir le TGNanna a thabhairt chun críche agus an reachtaíocht a chur chun feidhme go tapa. Tá an Coimisiún tiomanta do bheith ag obair i ndlúthchomhar leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa chun teacht ar chomhréiteach réamhbhreathnaitheach roimh i bhfad.

Córais eolais agus nuálaíochta sa talmhaíocht agus soláthar comhairle a neartú

Ní mór rochtain fhorleathan a bheith ar eolas agus nuálaíochtaí nua a eascraíonn as cláir T&N an Aontais agus ní mór iad a úsáid sa chleachtas. Ní mór do na Ballstáit iarrachtaí móra a dhéanamh chun Córais um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) a neartú agus acmhainní a mheaitseáil leis an raon níos leithne riachtanas atá os comhair na hearnála, go háirithe chun tacaíocht níos fearr a thabhairt d’fheirmeoirí maidir lena n‑aistriú chuig an inbhuanaitheacht. Chuige sin, leanfaidh CBT de thacaíocht láidir a chur ar fáil chun straitéisí AKIS a chur chun feidhme agus Comhpháirtíocht Eorpach um Nuáil AGRI (CEN) mar bhunchloch. Ina theannta sin, cuirfidh sé gníomhaíochtaí breise chun cinn chun ról na gcomhairleoirí neamhspleácha inniúla a neartú agus chun tairiscintí tarraingteacha oiliúna a fhorbairt a fhreagróidh do riachtanais na bhfeirmeoirí feadh a saoil ghairmiúil agus a oirfidh go háirithe don éileamh athraitheach ar scileanna atá ag an nglúin nua feirmeoirí agus dá n‑ionchais ghairme.

Beidh sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna agus ar neamhréireanna scileanna in earnáil na feirmeoireachta trí réamhaíocht agus infheistíocht thiomnaithe in oiliúint agus comhairle ardcháilíochta chun glúin nua fiontraithe feirme éirimiúla a mhealladh, agus chun córas talmhaíochta agus bia atá iomaíoch, inbhuanaithe agus athléimneach a thógáil. Le hAontas na Scileanna atá ar na bacáin, cuirfear móiminteam nua ar fáil chun cur chuige níos straitéisí a spreagadh maidir le foghlaim chuimsitheach ar feadh an tsaoil agus forbairt scileanna sa talmhaíocht, agus chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na huirlisí atá ar fáil chun an fheirmeoireacht a athshuíomh mar rogha ghairme tharraingteach agus thairbheach.

5.CONCLÚID

Cuirtear i láthair sa Teachtaireacht seo machnamh an Choimisiúin ar thodhchaí na talmhaíochta agus an bhia san Eoraip. Tá neart láidreachtaí ag earnáil agraibhia na hEorpa agus is ceannródaí í maidir le sláinte, sábháilteacht, cáilíocht agus nuálaíocht i dtáirgeadh bia. Ní mór dúinn tógáil ar na láidreachtaí sin. Ach sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, ní mór don Aontas a fhreagairt ar na dúshláin atá roimh fheirmeoirí, iascairí, gníomhaithe tuaithe eile agus earnáil an agrabhia a ghéarú agus ullmhú don todhchaí le freagairt bheartais níos ceannasaí i bhfabhar ár n‑uathrialach straitéisí agus ár mbiacheannasachta, agus a chuspóirí maidir le cosaint an dúlra agus dícharbónú á saothrú aige ag an am céanna. Tá an fhreagairt bheartais sin bunaithe ar fhís choiteann lena leagfar amach obair an Choimisiúin le haghaidh an tsainordaithe iomlán seo ar fud na réimsí beartais uile a mbíonn tionchar acu ar thalmhaíocht agus ar bhia.

Ní féidir cur i gcrích na físe sin a bheith ag brath ar leibhéal an Aontais amháin. Éilíonn sé go nglacfaidh glúine nua feirmeoirí, oibreoirí agraibhia, tomhaltóirí eolasacha agus pobail tuaithe an fhreagracht ón nglúin atá ann faoi láthair mar fhiontraithe, mar chaomhnóirí na tuaithe agus mar ghníomhairí don athrú. Chuige sin, tá gá le hidirphlé neartaithe ar gach leibhéal rialachais, le hinstitiúidí an Aontais, le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta.

Is é sin an fáth a seoltar an t‑idirphlé sin leis an Teachtaireacht seo chun machnamh an Choimisiúin ar an mbealach chun cinn maidir leis na ceithre réimse tosaíochta agus a gcumasóirí a shaibhriú. Tá go leor de na hábhair atá ann íogair agus is minic nach dtagtar ar chomhaontú go héasca maidir leo sa tsochaí, go háirithe maidir le gnéithe a bhaineann le bia, beostoc agus todhchaí CBT. Is é sin an fáth a seoltar sraitheanna eile oibre chun obair a dhéanamh ar na príomh-shaincheisteanna sin agus chun teacht ar réitigh i ndlúth-theagmháil le páirtithe leasmhara ábhartha agus le lucht ceaptha beartas. Is léir ón taithí a fuarthas nach féidir réitigh ‘a oireann do chách’ a úsáid le haghaidh earnáil atá chomh héagsúil sin agus moladh freagairt chríochach shaincheaptha ina ionad sin san Idirphlé Straitéiseach.

Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle, ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ar Choiste na Réigiún, ar na comhpháirtithe sóisialta agus ar na páirtithe leasa uile rannchuidiú go gníomhach leis na tionscnaimh sa Teachtaireacht seo a fhorbairt agus a chur i gcrích.

(1)

     Niinistö, S., Safer together – Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness, 2024.

(2)

     An Coimisiún Eorpach- Eorabharaiméadar 2025: Eorpaigh, Talmhaíocht agus CBT — Eanáir 2025 — Suirbhé Eorabharaiméadair .

(3)

     Eurostat, Príomhfhigiúirí maidir leis an mbiashlabhra Eorpach — eagrán 2024 (europa.eu) , 2024. Is ó 2020 atá na figiúirí fostaíochta le haghaidh na talmhaíochta.

(4)

     Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe, Monitoring EU agri-food trade. Developments in 2023 [Faireachán ar thrádáil agraibhia an Aontais. Forbairtí in 2023],  Márta 2024.

(5)

     Eurostat, Urban-rural Europe - introduction - Statistics Explained , arna rochtain Feabhra 2025.

(6)

     Eurostat, Farmers and the agricultural labour force - statistics - Statistics Explained , arna rochtain Feabhra 2025.

(7)

     AS na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe, EU Farm Economics Overview , arna rochtain i mí Feabhra 2025.

(8)

     An Coimisiún Eorpach (2025), Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach, COM(2025) 30 final.

(9)

      Plé Straitéiseach faoi Thodhchaí na Talmhaíochta san Aontas. Dearcadh comhroinnte le haghaidh na feirmeoireachta agus an bhia san Eoraip . 2024.

(10)

     Draghi, M.,  The future of European competitiveness [Todhchaí Iomaíochas na hEorpa] , Mí Mheán Fómhair 2024.

(11)

     Letta, E., Much more than a market. Speed, Security, Solidarity. Empowering the Single Market to deliver a sustainable future and prosperity for all EU Citizens [Luas, Slándáil, Dlúthpháirtíocht. An Margadh Aonair a chumhachtú chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúnas inbhuanaithe a bhaint amach le haghaidh saoránaigh uile an Aontais], 2023.

(12)

Niinistö, S., Safer together – Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness, 2024.

(13)

     Clár Oibre Straitéiseach 2024-2029 na Comhairle Eorpaí, Dearbhú Versailles 2022, Dearbhú Granada 2023 agus Dearbhú Bhúdaipeist i ndáil leis an gComhaontú Nua maidir le hIomaíochas na hEorpa 2024.

(14)

      Grúpa comhairleach ardleibhéil ina bhfuil 30 balleagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar thrí chatagóir páirtithe leasmhara: an pobal feirmeoireachta, gníomhaithe eile sa bhiashlabhra, agus an tsochaí shibhialta, lena náirítear réimsí amhail an comhshaol agus an aeráid, leas ainmhithe, agus saincheisteanna tomhaltóirí.

(15)

     Krzysztofowicz, M., Rudkin, J., Winthagen, V. and Bock, A., Farmers of the future , EUR 30464 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2020, ISBN 978-92-76-26331-9, doi:10.2760/5237, JRC122308.

(16)
(17)

     Is é is aidhm do na leasuithe a moladh le déanaí ar an Rialachán maidir le Comheagrú na Margaí (CEM) seasamh na dtáirgeoirí a neartú maidir le caibidlíocht agus tabhairt i gcrích conarthaí chun táirgí talmhaíochta a sholáthar, comhar a chothú i measc feirmeoirí agus tarchur praghsanna a fheabhsú. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart go gcuideodh na rialacha nua atá beartaithe maidir le forfheidhmiú trasteorann faoi chuimsiú na Treorach maidir le Cleachtais Éagóracha Trádála linn feirmeoirí a chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha trádála.

(18)

     An Coimisiún Eorpach (2023). Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Achoimre ar na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT 2023-2027: comhiarracht agus uaillmhian chomhchoiteann.

(19)

     Rialachán 2024(EU)3012.

(20)

     An Coimisiún Eorpach & BEI, Financing gap in the EU agricultural and agri-food sectors, FI Compass, 2023.

(21)

     PP 08 25 01 — Faireachlann an Aontais Eorpaigh maidir le talamh talmhaíochta, rialú agus rochtain ar thalamh feirme; Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Samhain 2024 maidir leis an téacs comhpháirteach ar dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2025, P10TA(2024)0050.

(22)

     Ba é luach onnmhairí agraibhia an Aontais in 2023 EUR 230 billiún (9 % d’onnmhairí iomlána) agus ba é luach allmhairí an Aontais agus EUR 160 billiún (6 % d’allmhairí iomlána), rud a ghin barrachas trádála EUR 70 billiún. Foinse: Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe, Monitoring EU agri-food trade. Developments in 2023 [Faireachán ar thrádáil agraibhia an Aontais. Forbairtí in 2023],  Márta 2024.

(23)

     Draghi, M.,  The future of European competitiveness . Part A: A competitiveness strategy for Europe [Todhchaí Iomaíochas na hEorpa. Cuid A: Straitéis Iomaíochais le haghaidh na hEorpa], Mí Mheán Fómhair 2024, lch.15.

(24)

     Oifig Náisiúnta Fadbhreathnaitheachta agus Straitéise na Spáinne, Resilient EU 2030. A future-oriented approach to reinforce the EU’s Open Strategic Autonomy and Global Leadership , 2023.

(25)

     Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe, Protein supply and demand [Soláthar agus éileamh próitéine], Meán Fómhair 2024.

(26)

     Le hallmhairí úiré de 38 % ón Éigipt, 33 % ón Rúis agus ón mBealarúis, agus 19 % ón Ailgéir, Foinse: An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe, https://agriculture.ec.europa.eu/data-and-analysis/markets/overviews/market-observatories/fertilisers_en , arna rochtain i mí Feabhra 2025.

(27)

     An Coimisiún Eorpach (2020), Chemicals Strategy for Sustainability. Towards a Toxic-Free Environment, [Straitéis Ceimiceán um an Inbhuaine. I dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí], COM(2020) 667 final.

(28)

     Niinistö, S., Safer together – Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness [Níos sábháilte le chéile – Ullmhacht Shibhialtach agus Mhíleata na hEorpa a neartú], 2024, lch. 4.

(29)

     Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide, an Teachtaireacht maidir le Rioscaí Aeráide a Bhainistiú agus CBT.

(30)

     An Grúpa Ardleibhéil um Beartas Fíona, Policy Recommendations for the Future of the EU Wine Sector [Moltaí Beartais le haghaidh Thodhchaí Earnáil Fíona an Aontais], , Nollaig 2024.

(31)

     An Coimisiún Eorpach (2025), Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach, COM(2025) 30 final.

(32)

     An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, Measúnú Eorpach ar Riosca Aeráide, 2024.

(33)

     An Coimisiún Eorpach (2023), Teachtaireacht maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte, COM(2023) 298 final.

(34)
(35)

      Leathanach baile Ardán an Chomhshocraithe um an Tuath | Ardán Pobail an Chomhshocraithe um an Tuath .

(36)

     An Coimisiún Eorpach (2021),  ‘A long-term Vision for the EU’s Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and rich areas under 2040’ [Fís Fhadtéarmach le haghaidh Cheantair Thuaithe an Aontais Eorpaigh - I dtreo ceantair thuaithe atá níos láidre, nasctha, athléimneach agus rathúil faoi 2040] COM(2021) 345 final.

(37)

     Barabanova, Y. agus Krzysztofowicz, M., Digital Transition: Long-term Implications for EU Farmers and Rural Communities [An tAistriú Digiteach: Impleachtaí Fadtéarmacha d’Fheirmeoirí agus do Phobail Thuaithe an Aontais], Oifig Foilseacháin an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg , 2023, doi:10.2760/286916, JRC134571.