AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.3.2025
COM(2025) 64 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
An Ceathrú hIonchas Aeir Ghlain
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.3.2025
COM(2025) 64 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
An Ceathrú hIonchas Aeir Ghlain
An Ceathrú hIonchas Aeir Ghlain
1.Réamhrá
Tá laghdú tagtha ar thruailliú aeir san Aontas le cúpla scór bliain anuas mar thoradh ar reachtaíocht an Aontais maidir le haer glan agus ar ghníomhaíocht chomhpháirteach a rinne an tAontas agus údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. Tháinig laghdú mór ar astaíochtaí na gcúig phríomhthruailleán aeir idir 2005 agus 2024. Mar sin féin, is cúis mhór imní fós í cáilíocht an aeir do shláinte shaoránaigh na hEorpa, go háirithe i gceantair uirbeacha ina bhfuil na leibhéil truaillithe fós os cionn leibhéil threoirlíne EDS 1 , agus do staid na n‑éiceachóras.
Baineann cur chuige an Aontais i ndáil le cáilíocht an aeir a fheabhsú le gníomhaíocht a dhéanamh i dtrí réimse (nó ‘colúin’). Baineann an chéad cheann le caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a leagtar síos sa Treoir athbhreithnithe maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh 2 . Baineann an dara ceann le socrú oibleagáidí náisiúnta um laghdú astaíochtaí faoin Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta 3 i gcás na bpríomhthruailleán aeir trasteorann 4 . Is é an tríú ceann caighdeáin astaíochtaí a shocrú ar leibhéal an Aontais, a leagtar síos sa reachtaíocht, le haghaidh príomhfhoinsí truaillithe ó astaíochtaí feithiclí agus long go fuinneamh agus tionscal, chomh maith le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh coirí agus sorn. Ní rialaítear formhór na n‑astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta, áfach.
Tá dlús curtha ag an Aontas le gníomhaíocht faoi gach ceann de na trí cholún chun oiriúnú d’fhorbairtí nua beartais agus eolaíochta. Go háirithe, chun an Comhaontú Glas don Eoraip agus uaillmhian an Aontais truailliú nialasach a bhaint amach do chomhshaol atá saor ó thocsainí a chur chun feidhme, rinneadh athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh chun caighdeáin níos uaillmhianaí maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh do 2030 a thabhairt isteach, rud a chuirfidh an tAontas ar an mbealach chun aer saor ó thruailliú a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí. Tá na caighdeáin ailínithe ar bhealach níos dlúithe le treoirlínte nuashonraithe na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) maidir le cáilíocht an aeir le haghaidh príomhthruailleáin aeir 5 . Fágann na caighdeáin níos uaillmhianaí sin maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh go mbeidh ar na Ballstáit a n‑astaíochtaí truailleán aeir a laghdú a thuilleadh.
Faoin dara colún, den Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, ó bhí 2022 ann, tá seiceálacha bliantúla comhlíontachta déanta ag an Aontas in aghaidh na ngealltanas laghdaithe astaíochtaí náisiúnta le haghaidh 2020-2029 i ndáil leis na cúig thruailleán aeir trasteorann is díobhálaí. Léiríodh sa chéad seiceáil comhlíontachta in 2022 trí úsáid a bhaint as sonraí astaíochtaí 2020 go bhfuil gá le i bhfad níos mó gníomhaíochta, go háirithe chun astaíochtaí amóinia a laghdú.
Is é an tríú colún dul i ngleic le hastaíochtaí ag an bhfoinse. Chuige sin, tá roinnt athbhreithnithe ar an reachtaíocht tugtha chun críche ó bhí an Tríú hIonchas Aeir Ghlain ann 6 . Áirítear orthu sin bailchríoch a chur ar an gcaighdeán astaíochta Euro 7 le haghaidh mótarfheithiclí nua; 7 athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha 8 , agus, rud atá tábhachtach, ar an tsraith tionscnamh ‘Oiriúnach do 55’ agus REPowerEU. Tá an obair chun athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir éicidhearthóireachta le haghaidh coirí breosla sholadaigh agus téitheoirí spáis áitiúla fós ar siúl.
Sa cheathrú heagrán seo den Ionchas Aeir Ghlain déantar measúnú ar na hionchais maidir le cuspóirí na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta a bhaint amach le haghaidh 2030 agus ina dhiaidh sin, i dtéarmaí astaíochtaí truailleán aeir a laghdú agus na tionchair ina dhiaidh sin ar cháilíocht an aeir, ar an tsláinte, ar éiceachórais agus ar an ngeilleagar a laghdú. Comhlánaíonn sé an dara tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta 9 a foilsíodh i mí Iúil 2024 trí anailís réamhbhreathnaitheach a sholáthar. Cuireann an anailís sin leis na hathbhreithnithe reachtacha thuas agus leis an Teachtaireacht maidir le sprioc aeráide 2040 don Aontas agus lena mheasúnú tionchair 10 .
Cuireann an Ceathrú hIonchas Aeir Ghlain go díreach leis an Dara tuarascáil Faireacháin agus Ionchais Truaillithe Nialasaigh ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) agus ón Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) 11 trí anailís a dhéanamh ar an ionchas go mbainfear amach dhá 12 sprioc a bhaineann le haer glan den phlean gníomhaíochta maidir le truailliú nialasach. Is iad seo a leanas na spriocanna:
-tionchair an truaillithe aeir ar an tsláinte a laghdú níos mó ná 55 % san Aontas faoi 2030 (arna sloinneadh mar bhásanna anabaí); agus
-na héiceachórais ina gcuireann truailliú aeir an bhithéagsúlacht i mbaol a laghdú 25 % (i gcomparáid le leibhéil 2005).
Ar deireadh, leis an gCeathrú hIonchas Aeir Ghlain cuirtear anailís nuashonraithe ar fáil chun cur leis an meastóireacht leanúnach ar an Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, atá le tabhairt chun críche faoi dheireadh 2025 13 , agus cuirtear i dtábhacht na comhthairbhí don aeráid agus do cháilíocht an aeir a bhaineann le hastaíochtaí meatáin a laghdú.
2.Staid na nastaíochtaí truailleán aeir agus cháilíocht an aeir
1.
2.
2.1.Staid reatha na n‑astaíochtaí truailleán aeir agus staid reatha cháilíocht an aeir
I gcaitheamh na mblianta, laghdaigh an tAontas astaíochtaí na bpríomhthruailleán aeir, ach ar luasanna an-difriúil ag brath ar an gcineál truailleáin. Mar a fheictear i bhFíor 1, tá astaíochtaí SO2 laghdaithe níos mó ná 80 % ag an Aontas cheana féin, tá NOx laghdaithe 50 % aige agus tá NMVOC agus PM2.5 laghdaithe níos mó ná 30 % aige ó bhí 2005 ann. Mar sin féin, is cúis imní go bhfuil astaíochtaí amóinia (NH3), arb í earnáil na talmhaíochta a ghineann os cionn 90 % díobh, fós comhréidh agus tá méadú tagtha orthu fiú le blianta beaga anuas i roinnt Ballstát.
Fíor 1: Treocht in astaíochtaí AE-27, 2005-2022 (% de leibhéil 2005)
Foinse: An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil , bunaithe ar fhardail astaíochtaí truailleán aeir na mBallstát
D’ainneoin laghdú foriomlán ar thruailliú aeir, tá fadhbanna fós ag baint le tionchair an truaillithe ar an tsláinte agus ar éiceachórais. In 2022, bhí formhór na ndaoine a bhí ina gcónaí i gceantair uirbeacha san Aontas neamhchosanta ar thruailliú aeir ar leibhéil a dhéanann dochar dá sláinte 14 . Measann EEA gurb é truailliú aeir an riosca sláinte comhshaoil aonair is mó san Eoraip agus is riosca é a dhéanann difear díréireach do ghrúpaí sóisialta íogaire agus leochaileacha 15 . Dá bhrí sin, is ábhar cothroime agus comhionannais é dul i ngleic le truailliú aeir freisin.
Tá thart ar 239 000 bás anabaí inchurtha i leith neamhchosaint ar mhínábhar cáithníneach san Aontas gach bliain, 70 000 bás d’ózón agus 48 000 bás do dhé-ocsaíd nítrigine 16 . Mheas EEA freisin go raibh 73 % d’éiceachórais san Aontas in 2022 os cionn an ualaigh chriticiúil le haghaidh eotrófaithe. Bhí cion mór foraoisí agus agrai-éiceachórais neamhchosanta ar thiúchain ózóin ar leibhéal na talún os cionn luachanna tairsí, rud a d’fhág go ndearnadh damáiste d’fhásra agus do tháirgeacht 17 .
2.2.Comhlíonadh reachtaíocht an Aontais maidir le haer glan
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar fhardail astaíochtaí 2020 a chuir na Ballstáit isteach in 2022 18 , tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár chomhlíon 14 Bhallstát a ngealltanais laghdaithe le haghaidh truailleán amháin ar a laghad. In 11 cheann de na Ballstáit sin, is í an amóinia ceann de na truailleáin a astaítear an iomarca di. Mar thoradh air sin, d’eisigh an Coimisiún litreacha fógra fhoirmiúil chuig 14 Bhallstát le haghaidh 19 gcás neamhchomhlíonta 19 . Bunaithe ar mheasúnú comhlíontachta 2023, rinne an Coimisiún obair leantach trí litreacha breise fógra fhoirmiúil agus tuairimí réasúnaithe a eisiúint i mí na Samhna 2023 20 . Léirítear feabhsuithe beaga i bhfardail 2024, cé go bhfuil an staid chomhlíontachta maidir le hamóinia fós deacair agus ocht mBallstát fós ag mainneachtain a ngealltanas maidir le laghdú a chomhlíonadh 21 .
Léirítear i sonraí 2022 maidir le hastaíochtaí a chuir na Ballstáit isteach in 2024 gur gá do roinnt Ballstát gníomhaíocht i bhfad níos láidre a dhéanamh chun astaíochtaí roinnt truailleán a laghdú chun a ngealltanais laghdaithe astaíochtaí níos uaillmhianaí a chomhlíonadh do 2030 ar aghaidh. 22 Léirítear in anailís EEA gur gá d’ocht mBallstát agus do chúig Bhallstát faoi seach a n‑astaíochtaí PM2.5 agus NOx a ísliú os cionn 30 % idir 2022 agus 2030. I gcás astaíochtaí NMVOC agus amóinia, ní mór d’ocht mBallstát agus deich mBallstát faoi seach a n‑astaíochtaí a laghdú os cionn 10 % idir 2022 agus 2030.
Leag na Ballstáit amach a mbeartais agus a mbearta chun dul i ngleic le truailliú aeir i gcláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir 23 . Leis an Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, ceanglaítear ar na Ballstáit a gcláir a thabhairt cothrom le dáta gach ceithre bliana ar a laghad, nó níos luaithe 24 má léirítear leis an bhfardal is déanaí nó leis na sonraí réamh-mheasta astaíochtaí nach gcomhlíonfaidh siad na gealltanais maidir le laghdú. Déantar 25 achoimre sa dara tuarascáil cur chun feidhme ón gCoimisiún ar an Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta ar an measúnú ar aighneachtaí na mBallstát maidir le cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir.
Maidir le comhlíonadh na dTreoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh, ó mhí Eanáir 2025 ar aghaidh, bhí 25 chás um shárú fós ar siúl mar gheall ar dhroch-chur i bhfeidhm na dTreoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh ag 16 Bhallstát. Deimhnítear le himeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus os comhair na gcúirteanna náisiúnta nach raibh na pleananna maidir le cáilíocht an aeir leordhóthanach agus/nó gur glacadh beartais neamhdhóthanacha chun truailliú aeir a laghdú in go leor cásanna.
3.Cur chun feidhme na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta
3.
3.1.Athruithe ar an gcomhthéacs reachtaíochta agus beartais
Ó bhí an Tríú hIonchas Aeir Ghlain ann, tá bailchríoch curtha ag an gComhairle agus ag an bParlaimint ar an obair reachtach ar na comhaid uile a bhaineann leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ 2021, lena méadaítear uaillmhian an Aontais astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030. Rinneadh an leibhéal uaillmhéine a mhéadú a thuilleadh trí phlean REPowerEU 26 chun deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar allmhairí gáis, ola agus guail ón Rúis.
I mí Feabhra 2024, thíolaic an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht maidir le sprioc aeráide 2040 don Aontas agus an measúnú tionchair a ghabhann léi agus mhol sé glanastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 90 % in 2040 i gcomparáid le leibhéil 1990. Maidir le héabhlóid chóras fuinnimh an Aontais i ‘gcás S3’ an mheasúnaithe tionchair sin, lena léirítear bealach chun na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sa rogha sprice tosaíochta a bhaint amach, cuireadh san áireamh í mar bhonn leis an samhaltú atá mar bhonn leis an gCeathrú hIonchas Aeir Ghlain seo. Is iondúil go mbíonn comhthairbhí do cháilíocht an aeir ag baint le beartais fuinnimh agus aeráide níos uaillmhianaí trí astaíochtaí príomhthruailleán aeir a laghdú (PM2.5, NOx agus SO2) 27 .
I dtéarmaí astaíochtaí ón iompar, cuireann an anailís ar an gCeathrú hIonchas Aeir Ghlain leis an gcaighdeán astaíochtaí Euro 7 a glacadh agus ionchorpraítear inti spriocanna athbhreithnithe CO2 do ghluaisteáin, leoraithe agus feithiclí tromshaothair eile.
Ar deireadh, ionchorpraítear sa Cheathrú hIonchas Aeir Ghlain seo na hathruithe a tugadh isteach leis an Treoir athbhreithnithe maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha. Leis an samhaltú glactar leis, ar a laghad, go gcomhlíonfar ceann uachtair na leibhéal astaíochtaí a bhaineann leis na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AELanna) 28 . Mar léiriú ar thoradh an athbhreithnithe ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha, tugadh le tuiscint go ndéanfaí cuid de na forbairtí samhla a rinneadh don Tríú hIonchas Aeir Ghlain a chealú, e.g. an togra chun feirmeacha móra eallaigh a chumhdach.
3.2.Ionchais maidir le gealltanais laghdaithe astaíochtaí na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta a bhaint amach
De réir thorthaí an Cheathrú hIonchas Aeir Ghlain, níl ach ceithre Bhallstát 29 ar an mbealach ceart chun a ngealltanais laghdaithe astaíochtaí uile a bhaint amach in 2030, faoi na bearta náisiúnta reatha agus faoi reachtaíocht an Aontais agus i gcomhréir leis na hathruithe thuas sa chomhthéacs beartais (is é seo an cás beartais ‘bunlíne’ 30 ). Ní mór do gach Ballstát eile bearta breise a dhéanamh chun a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh. Tá gá le gníomhaíocht go háirithe chun astaíochtaí amóinia a laghdú, ós rud é gur gá do 21 Bhallstát laghduithe a dhéanamh faoi 2030. Léirítear i dTábla 1 na Ballstáit a réamh-mheastar nach gcomhlíonfaidh a ngealltanais laghdaithe astaíochtaí de réir an chineáil truailleáin. Deimhnítear leis na torthaí samhaltaithe réamhbhreathnaitheacha sin an treocht a breathnaíodh sna sonraí a ndearna EEA anailís orthu (féach roinn 2.2).
Ag féachaint ar an samhaltú le haghaidh leibhéil astaíochtaí in 2025 agus ar cé acu atá nó nach bhfuil na Ballstáit ar chonair laghdaithe línigh 31 chun a ngealltanais laghdaithe níos uaillmhianaí a bhaint amach do 2030, níl ach ocht mBallstát 32 ar an mbealach ceart chun na cúig thruailleán uile a laghdú a mhéid is gá. Ní mór do na Ballstáit eile gníomhú go pras, go háirithe chun astaíochtaí amóinia a laghdú. Tugtar le fios sna meastacháin nach bhfuil 17 mBallstát ar chonair laghdaithe línigh le haghaidh astaíochtaí amóinia in 2025. Dá n‑úsáidfí na bearta teicniúla uile atá ar fáil, 33 chuirfí ar a gcumas do na Ballstáit uile a ngealltanais do 2030 a chomhlíonadh, seachas Ballstát amháin a mhéid a bhaineann le NH3.
Deimhnítear san anailís na hionchais chomhlíontachta do NH3 ar cúis mhór imní iad agus ar cuireadh béim orthu freisin i dtuarascálacha Ionchais roimhe seo. Ó bhí an Tríú Tuarascáil Ionchais ann, tá méadú tagtha ar an líon tíortha a bhfuil coinne leis nach gcomhlíonfaidh siad gealltanais laghdaithe astaíochtaí PM2.5. Is féidir é sin a mhíniú le méaduithe ar astaíochtaí measta ó dhóchán breosla sholadaigh (bithmhais agus gual) san earnáil chónaithe, atá nasctha le faisnéis nua atá comhtháite i samhail GAINS maidir le struchtúr suiteálacha, ídiú adhmaid agus guail agus fachtóirí astaíochta.
Tábla 1: Na Ballstáit nach mbainfidh a ngealltanais laghdaithe astaíochtaí amach, de réir réamh-mheastacháin
|
Cás |
Bliain |
NH3 |
NMVOC |
NOx |
PM2.5 |
SO2 |
|
Bunlíne |
2025 |
BG, CZ, DK, DE, IE, ES, FR, HR, LV, LU, HU, NL, PL, PT, SK, SI, SE |
LT |
LT, RO |
CZ, HU, PL, RO, SI |
- |
|
Bunlíne |
2030 |
BE, BG, CZ, DK, DE, IE, ES, FR, HR, CY, LV, LU, HU, NL, AT, PL, PT, RO, SK, SI, SE |
LT, HU, SI |
MT, RO |
CZ, DK, CY, ES, HU, PT, RO, SI |
- |
|
Gach beart teicniúil |
2030 |
NL |
- |
- |
- |
- |
Foinse: Bunaithe ar thorthaí samhaltaithe IIASA (2025).
Tabhair faoi deara: I gcás 2025, déantar an measúnú in aghaidh na conaire laghdaithe línigh, mar a mhínítear i bhFonóta 31. Is éard atá i gceist le ‘-’ ná go réamh-mheastar go gcomhlíonfaidh na Ballstáit uile na spriocanna.
3.3.Raon na n‑astaíochtaí a chumhdaítear faoin Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta a leathnú
Leis an samhaltú atá ina bhonn taca faoin eagrán seo den Ionchas Aeir Ghlain, leantar cur chuige nua maidir le hastaíochtaí ábhair cháithnínigh in-chomhdhlúthaithe a chur san áireamh. Is astaíochtaí iad seo a thosaíonn i bhfoirm gaile (laistigh den stoc simléir nó gar dó) a iompaíonn ina n‑ábhar cáithníneach nuair a scaoiltear iad isteach san aer comhthimpeallach. Tá sé tábhachtach na hastaíochtaí sin a chur san áireamh toisc go gcuireann siad isteach ar cháilíocht an aeir a análaímid. Go háirithe i dtéamh baile, tá astaíochtaí ábhair cháithnínigh in-chomhdhlúthaithe mór agus meastar gurb iad is cúis le thart ar an leibhéal céanna astaíochtaí inscagtha. Mar thoradh ar fheabhsuithe a rinneadh le déanaí ar thuairisciú oifigiúil astaíochtaí le hábhair in-chomhdhlúthaithe 34 , áirítear leis an tsamhail bhunlíne anois léiriú comhsheasmhach ar an gcuid in-chomhdhlúthaithe d’astaíochtaí ábhair cháithnínigh atá nasctha le dóchán adhmaid agus guail san earnáil cónaithe 35 .
Rinneadh toimhdí malartacha a thástáil mar chuid den anailís íogaireachta chun an éifeacht a bhaineann le hábhar cáithníneach inscagtha amháin a fheiceáil nó sraith fachtóirí astaíochta níos airde a chur san áireamh a chuireann droch-chleachtais dócháin san áireamh. Is ar éigean a athraíonn na hionchais maidir le gealltanais laghdaithe astaíochtaí PM2.5 a chomhlíonadh ag brath ar na toimhdí sin 36 , ach athraíonn méid iomlán na n‑astaíochtaí a thuairiscítear ag brath ar an bhfachtóir astaíochta beacht a úsáidtear.
Feabhas eile ar shamhaltú fíorastaíochtaí is ea astaíochtaí NOX agus NMVOC ón talmhaíocht a chur san áireamh. Eisiatar na foinsí astaíochtaí sin ó na seiceálacha comhlíontachta faoin Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta 37 mar gheall ar easpa sonraí atá iontaofa go leor nuair a leagadh síos na gealltanais. Mar gheall ar shonraí níos déanaí, ceadaítear úsáid na faisnéise sin sna samhlacha. Go deimhin, dá gcuirfí na hastaíochtaí sin san áireamh, d’athródh an stádas comhlíontachta réamh-mheasta i roinnt Ballstát.
Nuair a chuirtear astaíochtaí NOX ón talmhaíocht san áireamh, téann na hionchais maidir le comhlíonadh na ngealltanas laghdaithe le haghaidh 2030 faoin mbunlíne in olcas. Meastar go n‑ardóidh leibhéal na neamhchomhlíontachta ó dhá Bhallstát (MT, RO) go hocht mBallstát (DK, FR, HU, IE, LT, MT, RO, SE). Agus astaíochtaí NMVOC ón talmhaíocht á gcur san áireamh, téann ionchais neamhchomhlíontachta faoin mbunlíne le haghaidh 2030 in olcas freisin, ag ardú ó thrí Bhallstát (HU, LT, SI) go sé Bhallstát (HU, IE, LT, LU, SI, ES). Léiríonn sé sin, d’ainneoin nach gceanglaítear é faoi láthair leis an Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, go bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise i roinnt Ballstát chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na hearnála chun truailliú aeir a mhaolú.
4.Ionchais maidir le cuspóirí truaillithe nialasaigh a bhaint amach maidir le haer glan
4.
4.1.Spriocanna 2030 an Aontais maidir le haer glan sa phlean gníomhaíochta maidir le truailliú nialasach
Áirítear sa phlean gníomhaíochta maidir le truailliú nialasach dhá sprioc ar leibhéal an Aontais do 2030 a bhaineann le haer glan:
1)tionchar an truaillithe aeir ar an tsláinte (léirithe mar bhásanna anabaí) a laghdú faoi bhreis agus 55 % i gcomparáid le figiúirí 2005;
2)limistéar éiceachórais an Aontais ina gcuireann truailliú aeir an bhithéagsúlacht i mbaol a laghdú 25 %, arna shloinneadh mar limistéir éiceachórais a sháraigh ‘ualaí criticiúla’ an tsil-leagan nítrigine (i gcomparáid le figiúirí 2005).
I gcomhréir leis an anailís a bhfuil achoimre déanta uirthi sa Tríú hIonchas Aeir Ghlain, tá an tAontas ar an mbóthar ceart faoi láthair chun an sprioc maidir le truailliú nialasach a bhaint amach chun na tionchair ar an tsláinte a laghdú faoin gcás bunlíne. Meastar san anailís go mbeidh laghdú 62 % ar an líon básanna anabaí idir 2005 agus 2030. Mar sin féin, níl sé ar an mbóthar ceart chun sprioc an éiceachórais a bhaint amach in am, agus níl coinne ach le laghdú 19 % i limistéir atá i mbaol idir 2005 agus 2030 38 .
4.1.1.Sprioc maidir leis an tsláinte agus tionchair fhoriomlána ar an tsláinte ar fud na gcásanna
Tiúchan chúlra truailleán aeir agus neamhchosaint an daonra
Fiú sa chás bunlíne, meastar go dtitfidh tiúchain truailleán le himeacht ama agus, faoi 2030, meastar nach sáróidh ach fíorbheagán réimsí san Aontas 20 μg/m3 i gcás PM2.5. Mar sin féin, meastar fós go mbeidh leibhéil tiúchana truaillithe i limistéir mhóra os cionn threoirlíne EDS maidir le cáilíocht an aeir de 5 μg/m3 in 2030, agus fiú in 2050.
Trí leibhéil tiúchana cúlra a aistriú go tionchair ar shláinte dhaonra an Aontais, léirítear go dtiocfaidh méadú suntasach ar an líon daoine atá ina gcónaí i gceantair a bhfuil aer glan iontu. Cé gur feabhas mór a bheadh ann, tá gá le tuilleadh gníomhaíochta beartais chun na tionchair dhiúltacha ar an tsláinte a theorannú freisin don leath (thart ar) de dhaonra an Aontais atá fós neamhchosanta ar thruailliú in 2050 atá os cionn threoirlínte 2021 EDS.
Mar a fheictear i bhFíor 2, tá éagsúlacht sna torthaí do thíortha aonair, cé go dtuartar go dtiocfaidh feabhas seasta ar thiúchain chúlra agus ar an sciar den daonra atá neamhchosanta ar thruailliú. Léirítear ann freisin, i gcás roinnt tíortha, i gcás ina nglactar leis go gcomhlíonann na Ballstáit uile a ngealltanais maidir le hastaíochtaí a laghdú, go mbainfí tuilleadh feabhsuithe amach faoi 2030.
Fíor 2:Daonra AE-27 neamhchosanta ar thiúchain éagsúla PM2.5
Foinse: IIASA (2025)
Tabhair faoi deara: Is cás é ‘ERC’ ina nglactar leis go gcomhlíonann na Ballstáit uile a ngealltanais laghdaithe astaíochtaí. Is é MTFR an cás maidir le ‘gach beart teicniúil’.
Faoi láthair, tá an chuid is mó de dhaonra an Aontais (97 %) ina gcónaí i limistéir ina bhfuil leibhéal truaillithe NO2 faoi bhun theorainn reatha an Aontais de 40 μg/m3, agus tá beagnach 60 % ina gcónaí i limistéir atá faoi bhun theorainn threoirlíne EDS de 10 μg/m3 in 2025. Faoi 2030, meastar go dtiocfaidh méadú air sin go dtí os cionn 70 % i ngach cás, agus go sroichfidh sé os cionn 80 % má chuirtear gach beart teicniúil chun feidhme. Faoi 2050, i ngach cás, meastar go mbeidh cónaí ar i bhfad os cionn 95 % de dhaonra an Aontais i limistéir ina bhfuil an truailliú fós faoi bhun an leibhéil a mhol EDS i gcás NO2.
Básanna anabaí agus an sprioc maidir le truailliú nialasach a bhaint amach
Meastar go dtiocfaidh laghdú thart ar 62-79 % ar bhásanna anabaí 39 mar gheall ar neamhchosaint ar PM2.5 i gcomparáid le figiúirí 2005, i ngach cás (lena n‑áirítear an bhunlíne) faoi 2030 agus 2050. Titfidh básanna anabaí beagán níos tapúla má chomhlíonann tíortha a ngealltanais laghdaithe, le laghdú i bhfad níos géire má dhéanann siad gach beart teicniúil freisin.
Ar choinníoll go mbainfidh na beartais uile a áirítear sa chás bunlíne na torthaí atá beartaithe amach, tá an tAontas chun an sprioc maidir le sláinte saor ó thruailliú a bhaint amach faoi chorrlach compordach in 2030. Ceapadh an sprioc sin ar leibhéal an Aontais, ach ciallaíonn sí freisin go mbeidh laghdú 55 % nó níos mó ar bhásanna anabaí ar leibhéal fhormhór na mBallstát ina n‑aonar.
Fíor 3:Cásanna de bhásanna anabaí atá inchurtha i leith neamhchosaint ar thiúchain iomlána PM2.5 in AE-27, i míle cás in aghaidh na bliana
Foinse: IIASA (2025).
Tabhair faoi deara: Léiríonn an mharcáil 55 % an sprioc maidir le truailliú nialasach. Ní áirítear ach foinsí antrapaigineacha PM2.5, i gcomhréir leis an gcaoi ar leagadh síos an sprioc maidir le truailliú nialasach.
I ndearbhuimhreacha 40 , cé go léiríonn an réamh-mheastachán seo gur cheart feabhsuithe móra a bhaint amach thar an gcás bunlíne, ciallaíonn sé fós thart ar 220 000 bás anabaí mar gheall ar neamhchosaint ar PM2.5 in 2030. Dá ndéanfaí gach beart teicniúil, thiocfadh laghdú os cionn 37 000 ar an líon básanna anabaí.
Meastar go mbeidh neamhchosaint ar NO2 ina chúis le thart ar 68 000 bás anabaí faoin gcás bunlíne in 2030. Dá ndéanfaí gach beart teicniúil, thiocfadh laghdú os cionn 11 000 ar bhásanna. Idir 2030-2050, beidh an líon básanna anabaí atá inchurtha i leith neamhchosaint ar NO2 socraithe le laghdú faoi níos mó ná a leath. Meastar go mbeidh neamhchosaint ar ózón trópaisféarach ina chúis le thart ar 65 100 bás anabaí faoin gcás bunlíne in 2030 41 , nach n‑athróidh ach beagán de réir cáis agus le himeacht ama.
4.1.2.An sprioc maidir leis an éiceachóras agus tionchar foriomlán ar an éiceachóras
Déanann truailliú aeir difear do shláinte an éiceachórais trí aigéadú, eotrófú agus tionchair ózóin. 42 Léiríonn torthaí samhaltaithe feabhas mór le himeacht ama a mhéid a bhaineann le haigéadú: faoin gcás bunlíne, bheadh níos lú ná 3 % de limistéar éiceachórais an Aontais faoi thionchar báisteach aigéadach os cionn ualaigh chriticiúla faoi 2030, i gcomparáid le 15 % in 2005. Léiríonn sé sin na tairbhí a bhaineann leis an laghdú mór ar astaíochtaí SO2 a baineadh amach cheana féin le blianta beaga anuas. Bheadh na tairbhí níos mó fós dá gcomhlíonfadh na Ballstáit uile a ngealltanais maidir le hastaíochtaí a laghdú, nó dá ndéanfaí gach beart teicniúil.
I gcomhréir le tuarascálacha Ionchais roimhe seo, níl an staid leath chomh dearfach céanna nuair a bhreathnaítear ar thionchair an truaillithe aeir ar eotrófú 43 . Tá sé sin nasctha leis an réamh-mheastachán atá ann faoi láthair nach mbainfidh an tAontas amach an sprioc maidir le héiceachóras truaillithe nialasaigh faoi bheartais bhunlíne amháin. Sa chás sin, bheadh 69 % d’éiceachórais an Aontais fós thíos leis an eotrófú in 2030 (laghdú ó 86 % in 2005). Faoi na coinníollacha bunlíne, bheadh limistéir faoi chosaint fós buailte go mór in 2030 agus bheadh 60 % de limistéir Natura 2000 thíos leis an eotrófú (laghdú ó 78 % in 2005). Dá ndéanfaí gach beart teicniúil, thitfeadh an sciar d’éiceachórais an Aontais atá thíos leis an eotrófú go 59 % (agus go 49 % i limistéir Natura 2000) faoi 2030.
Fíor 4:Éiceachórais in AE-27 a sháraíonn na hualaí criticiúla don eotrófú
Foinse: IIASA (2025)
Tabhair faoi deara: Léiríonn an líne mharcáilte 25 % an sprioc maidir le truailliú nialasach.
Úsáideadh samhail GAINS chun meastachán a dhéanamh ar thacar beart costéifeachtach a raibh gá leo chun an sprioc laghdaithe 25 % a bhaint amach ar leibhéal an Aontais (cás ‘ZPAP’ i bhFíor 4). Is féidir é sin a bhaint amach trí bhearta breise a dhéanamh chun astaíochtaí amóinia a theorannú i ngach Ballstát (is í an amóinia an truailleán aeir a bhfuil an tionchar is mó aici ar éiceachórais). Rachadh na bearta sin i ngleic le hastaíochtaí ó aoileach eallaigh (go háirithe, aoileach a leathadh ar pháirceanna), agus ina dhiaidh sin le bearta chun astaíochtaí a mhaolú ó leasacháin mhianracha a úsáid agus ó mhuca pórúcháin agus éanlaith chlóis.
Ar an iomlán, leis na bearta sin, laghdófaí astaíochtaí amóinia ar leibhéal AE-27 14 % in 2030 i gcomparáid leis an gcás bunlíne, agus bhainfí amach an sprioc maidir le truailliú nialasach ar eotrófú. Dá nglacfaí na bearta sin, mhéadófaí go mór na hionchais maidir le gealltanais laghdaithe astaíochtaí amóinia na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta a chomhlíonadh, agus mhainneodh níos lú Ballstát na gealltanais a bhaint amach in 2030 (ó 21 go 7).
Tagraítear sa Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta do na bearta sin mar bhearta éigeantacha nó deonacha 44 . Le linn phróiseas na meastóireachta leanúnaí ar an Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an liosta beart sin agus a stádas éigeantach nó deonach fós oiriúnach dá bhfeidhm. Cuirfidh sé san áireamh freisin torthaí ábhartha ón bpróiseas leanúnach chun athbhreithniú a dhéanamh ar threoirdhoiciméad an Choinbhinsiún ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le hastaíochtaí amóinia ó fhoinsí talmhaíochta a chosc agus a laghdú. 45 Idir an dá linn, moltar go láidir do na Ballstáit, go háirithe tíortha a bhfuil dúshláin rompu maidir le gealltanais laghdaithe astaíochtaí i leith amóinia atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo a chomhlíonadh, dlús a chur leis an ngníomhaíocht chun na bearta maolaithe a chur chun feidhme tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
–reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh ionas go mbeadh cleachtais talmhaíochta áirithe ceangailteach;
–na cleachtais sin a chur chun cinn trí fheachtais chumarsáide agus múscailte feasachta, lena n‑áirítear trí chomhairle feirme a chur ar fáil faoin gcomhbheartas talmhaíochta.
Ba cheart na hiarrachtaí sin a bheith mar chuid de chur chuige comhtháite i leith nítrigine, go háirithe ón talmhaíocht, lena n‑áirítear bearta chun dul i ngleic le heotrófú éiceachóras uisceach de bharr láisteadh níotráití agus rití chun srutha ó pháirceanna talmhaíochta agus de bharr truailliú acmhainní fionnuisce, lena n‑áirítear screamhuiscí. Tá meastóireacht á déanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar an Treoir um Níotráití agus déanfaidh sé measúnú ar an ngá atá le céimeanna breise i bhfianaise na meastóireachta sin, atá beartaithe a fhoilsiú faoi láthair sa dara leath de 2025.
Meastar go mbeidh iarrachtaí breise chun brúnna truaillithe ar éiceachórais a laghdú mar thoradh ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le hAthchóiriú an Dúlra 46 , chomh maith le hathléimneacht fhoriomlán an éiceachórais a mhéadú. Féadfaidh athchóiriú éiceachórais uirbigh réitigh dhúlrabhunaithe a sholáthar freisin chun tionchair an truaillithe aeir uirbigh ar shláinte an duine a mhaolú.
4.2.Tionchair eacnamaíocha
Is iomaí tionchar eacnamaíoch atá ag an truailliú aeir. Ní léirítear formhór na dtionchar i bpraghsanna an mhargaidh, go háirithe éifeachtaí díreacha an truaillithe ar an tsláinte. Cruthaíonn damáiste d’éiceachórais (lena n‑áirítear limistéir talmhaíochta agus foraoisí) agus d’ábhair ó thruailliú aeir costais freisin. Bíonn tionchair indíreacha ag truailliú aeir freisin, lena n‑áirítear roinnt iarmhairtí maicreacnamaíocha a léirítear i bpraghsanna an mhargaidh. Ba cheart, dá bhrí sin, na costais a bhaineann le beartas maolaithe aeir a mheá i bhfianaise na dtairbhí a mbaineann leis na bearta sin don tsochaí, trí luach airgeadúil a cheangal leis na tairbhí sin 47 .
Faoin gcás bunlíne, meastar go mbeidh an damáiste don tsláinte de dheasca truailliú aeir idir EUR 290-950 billiún in aghaidh na bliana faoi 2030. Meastar go dtitfidh siad go dtí idir EUR 191-745 bhilliún faoi 2050 48 , de réir mar a thagann laghdú ar neamhchosaint an daonra ar thruailliú aeir. Agus gan ach na tionchair ar neamhchosaint ar leibhéil truaillithe aeir os cionn threoirlínte EDS (2021) á meas, meastar go mbeidh na damáistí sláinte idir EUR 105-347 billiún in aghaidh na bliana faoi 2030. Meastar go dtitfidh siad go EUR 35-124 billiún faoi 2050. Sa chás ina nglacfar gach beart teicniúil, meastar go dtiocfaidh laghdú níos mó ná aon trian ar dhamáistí sláinte mar gheall ar neamhchosaint ar leibhéil os cionn threoirlínte EDS i gcomparáid leis an mbunlíne faoi 2030.
Tá an costas eacnamaíoch a bhaineann le damáistí éiceachórais mar gheall ar thruailliú aeir 49 idir EUR 3,7-11,0 billiún in 2030. Meastar nach dtitfidh sé sin ach beagán go EUR 3,3-9,9 billiún faoi 2050, rud a léiríonn an t‑aon laghdú beag i limistéir Natura 2000 atá faoi réir eotrófaithe faoin mbunlíne. Meastar gur EUR 13,0-18,0 billiún an costas a bhaineann le damáiste do bharra agus d’fhoraoisí in 2030 faoi seach faoin mbunlíne, gan ach laghdú beag ag teacht air má ghlactar gach beart teicniúil. Is é is cúis leis sin, agus gníomhaíocht mhaolaithe an Aontais amháin á cur san áireamh, go mbeidh feabhas teoranta ar leibhéil ózóin, rud a spreagann damáiste don talmhaíocht agus d’fhoraoisí (féach an chéad chuid eile). Meastar go sroichfidh costas eacnamaíoch na ndamáistí d’ábhair mar gheall ar thruailliú aeir EUR 742 mhilliún in 2030, sula dtitfidh sé go EUR 384 mhilliún in 2050 faoin gcás bunlíne.
I gcomparáid le beartais reatha, réamh-mheastar go ngineann na cásanna éagsúla leibhéil éagsúla tairbhí neamh-mhargaidh agus leibhéil éagsúla costas breise do na bearta maolaithe truaillithe a bhfuil gá leo. Sna cásanna a ndearnadh measúnú orthu anseo, léirítear san anailís ar na tairbhí do chostais glansochair dhíreacha (tairbhí lúide costais) i gcomparáid leis an gcás bunlíne.
Bíonn éifeachtaí maicreacnamaíocha 50 níos leithne le feiceáil sa mhargadh freisin mar gheall ar bhearta chun truailliú aeir agus a n‑éifeachtaí dearfacha ar cháilíocht an aeir a laghdú. Gintear le bearta maolaithe truaillithe costas d’earnálacha áirithe agus deis ghnó d’earnálacha eile, fad a imríonn cáilíocht an aeir tionchar ar chúrsaí saothair agus táirgeacht barr agus ar an ngeilleagar ina iomláine dá bhrí sin. Bunaithe ar thoimhdí le déanaí maidir le héifeachtaí táirgiúlachta saothair 51 , mhéadódh gach cás as a n‑eascraíonn aer níos glaine OTI an Aontais in 2030 i gcomparáid leis an gcás bunlíne (tá an rud céanna i gceist le haghaidh 2040 agus 2050, Fíor 5).
Fíor 5: Éifeachtaí maicreacnamaíocha na gcásanna maidir le beartas an aeir ghlain ar an margadh, in athrú céatadáin ar OTI an Aontais i gcomparáid leis an gcás i ndáil leis an mbunlíne
Foinse: IIASA (2025) bunaithe ar shamhaltú JRC le toimhdí ECFE (2019) maidir le táirgiúlacht saothair.
Léiríonn sé sin na héifeachtaí eacnamaíocha dearfacha sáraitheacha a bhaineann le bearta laghdaithe truaillithe. Is mó an ghlanéifeacht faoin gcás ina ndéantar gach beart teicniúil (+ 0,24 %), agus tá éifeachtaí níos teoranta i gcásanna 2030 ina gcomhlíontar na gealltanais laghdaithe astaíochtaí agus na spriocanna maidir le truailliú nialasach. Léiríonn dáileadh earnálach na n‑éifeachtaí nach mbeadh laghdú beag (faoi bhun 2 %) ar aschur ach in earnáil an bheostoic i gcomparáid leis an gcás bunlíne.
5.Comhthairbhí don aer glan agus don ghníomhú ar son na haeráide a bhaineann le hastaíochtaí meatáin agus carbóin dhuibh a laghdú
Sainaithnítear sa Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Aeráide an nasc idir truailliú aeir ar thaobh amháin agus meatán agus carbón dubh, dhá phríomhghníomhaí ghearrshaolacha fórsála aeráide, ar an taobh eile. Ní mór do na Ballstáit astaíochtaí náisiúnta carbóin dhuibh a thuairisciú i gcás ina bhfuil sonraí ar fáil; faoi láthair, déanann gach Ballstát, seachas dhá Bhallstát, amhlaidh. Tá an Coimisiún ag féachaint ar astaíochtaí meatáin sa mheastóireacht leanúnach ar an Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta agus tá anailís á déanamh aige féachaint ar chuir cinneadh na gcomhreachtóirí, tráth a ghlactha, gan meatán a áireamh i measc na dtruailleán aeir rialáilte, bac ar shineirgí níos láidre le beartais aeráide agus beartais eile.
Is fórsa láidir aeráide é meatán agus is réamhtheachtaí é do thruailliú ózóin ar leibhéal na talún. Tagann astaíochtaí antrapaigineacha meatáin san Aontas go príomha ón talmhaíocht (56 %), ón dramhaíl (24 %) agus ón bhfuinneamh (16 %). 52 In 2024, tháinig Rialachán an Aontais maidir le hastaíochtaí meatáin a laghdú in earnáil an fhuinnimh i bhfeidhm 53 . Leathnaíonn a raon feidhme chuig amhola, gás nádúrtha agus gual. Tá roinnt beart sa Rialachán a rannchuideoidh, nuair a chuirtear le chéile iad, le feabhas a chur ar thomhas agus ar thuairisciú astaíochtaí meatáin san Aontas; chun astaíochtaí meatáin a laghdú san Aontas trí bhearta laghdaithe éigeantacha; chun trédhearcacht a mhéadú maidir le hastaíochtaí meatáin san Aontas agus ar fud an domhain; agus comhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais a dhreasú chun a n‑astaíochtaí meatáin a thomhas, a thuairisciú agus a laghdú. Mar sin féin, ní thugtar aghaidh ar an sciar ard d’astaíochtaí meatáin ón talmhaíocht san Aontas den chuid is mó. Trí dhul i ngleic le meatán mar réamhtheachtaí ózóin, cuideofar leis na Ballstáit na spriocluachanna ózóin níos déine a bhaint amach faoin Treoir athbhreithnithe maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh 54 .
Cruthaíonn carbón dubh 55 , nó súiche, mínábhar cáithníneach agus cruthaíonn sé tionchair dhiúltacha ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol. Tá sé déanta as dóchán neamhiomlán breosla iontaise agus adhmaid. Trí sholas agus teas a ionsú san aer, cuireann carbón dubh leis an athrú aeráide freisin. Nuair a shil-leagtar é ar oighear agus ar shneachta, laghdaíonn carbón dubh ailbéideacht an dromchla 56 , rud a chuireann le téamh, go háirithe i réigiúin Artacha.
Dá bhrí sin, trí astaíochtaí meatáin agus carbóin dhuibh a laghdú, is féidir tairbhí a bhaint amach, i dtéarmaí aer glan agus i dtéarmaí mhaolú an athraithe aeráide araon, rud a mhéadaíonn cóimheas tairbhe agus costais a mbeart laghdaithe. Léirítear sa samhaltú a rinneadh don tuarascáil seo go meastar go dtiocfaidh laghdú mór (faoi 45 %) ar astaíochtaí bunlíne carbóin dhuibh an Aontais idir 2020 agus 2030, go príomha mar gheall ar leathadh amach céimneach na gceanglas éicidhearthóireachta le haghaidh fearais téimh tí agus níos lú úsáide guail san earnáil sin. Tagann an ceathrú cuid den laghdú a baineadh amach ón earnáil iompair, go príomha mar thoradh ar ardchaighdeáin astaíochtaí Euro do mhótarfheithiclí, a éilíonn scagairí cáithníní éifeachtúla a shuiteáil. D’fhéadfaí laghduithe níos mó fós a bhaint amach (66 % faoi bhun leibhéal bunlíne 2020) dá ndéanfaí gach beart teicniúil.
Ar an gcaoi chéanna, faoi chás bunlíne na tuarascála seo, meastar go dtiocfaidh laghdú 21 % ar astaíochtaí meatáin an Aontais idir 2020-2030 agus laghdú 31 % a bhaint amach faoi 2040, arna spreagadh ag gníomhaíocht bhreise chun an geilleagar a dhícharbónú agus astaíochtaí ó bhainistiú dramhaíola a laghdú.
Toisc go n‑iompraítear meatán ar scála leathsféarach, áfach, tá sé ríthábhachtach gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a chomhlánú le gníomhaíocht dhomhanda. I mí na Samhna 2021, thionóil an tAontas an Gealltanas Domhanda maidir le Meatán in éineacht leis na Stáit Aontaithe 57 , rud a chuir dlús leis an ngníomhaíocht. Cuirtear chun cinn leis gealltanas deonach chun astaíochtaí meatáin domhanda a laghdú faoi 30 % ar a laghad ó leibhéil 2020 faoi 2030.
Ag an am céanna, is fóram é an Coinbhinsiún ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin chun iniúchadh a dhéanamh ar shineirgí idir rialacha idirnáisiúnta maidir le haer glan agus maidir leis an aeráid. Go háirithe, leis an bpróiseas chun Prótacal Gothenburg a athbhreithniú (féach an chéad roinn eile), cuireadh tús le plé maidir le ról an mheatáin mar réamhtheachtaí ózóin agus, dá bhrí sin, mar thruailleán atá ábhartha maidir le beartais aeir ghlain.
Deimhnítear leis an samhaltú a dhéantar anseo go bhfuil acmhainneacht mhór ann ar fud an domhain meatán agus réamhtheachtaithe ózóin eile a laghdú (NOx, NMVOCanna agus aonocsaíd charbóin). Le gníomhaíocht chomhpháirteach ar an leibhéal domhanda, laghdaítear tiúchain ózóin san Eoraip, rud a thugann go leor stáisiún breise i gcomhréir leis an sprioc ózóin a leagtar síos sa Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh, ar leibhéal níos mó ná mar a dhéanfaí dá ndéanfadh an tAontas ina aonar gníomhaíocht nó dá ndéanfaí gníomhaíocht dhomhanda chun meatán amháin a laghdú, seachas na réamhtheachtaithe eile. Tá tionchar an mhaolaithe breise le sonrú go háirithe in 2040 58 .
6.Truailliú trasteorann agus gníomhaíocht idirnáisiúnta
Tagann truailliú aeir in aon tír ar leith ó fhoinsí éagsúla: astaíochtaí intíre, astaíochtaí a ghintear i dtíortha comharsanachta agus foinsí nádúrtha. I bhformhór na mBallstát, is iad foinsí intíre na príomhfhoinsí truaillithe, agus dá bhrí sin is é an tosaíocht astaíochtaí intíre a laghdú chun leibhéil chúlra na dtruailleán aeir a laghdú. Deimhnítear leis an anailís, áfach, go ngintear sciar mór de thiúchan cúlra PM2.5 i mBallstáit eile i bhformhór na mBallstát 59 . Léiríonn sé sin cineál trasteorann an truaillithe aeir, rud a thugann údar le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais toisc go bhféadfadh tionchair dhiúltacha thar theorainneacha náisiúnta a bheith ag truailliú aeir a ghintear i mBallstát amháin 60 . Ina theannta sin, léirítear san anailís go dtagann sciar de thiúchan cúlra truailleán aeir ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad freisin, ar leibhéil éagsúla ag brath ar thíreolaíocht an Bhallstáit 61 . Le himeacht ama agus de réir mar a mhéadaíonn déine chásanna laghdaithe truaillithe aeir an Aontais, meastar go dtitfidh sciar an truaillithe ó laistigh den Aontas (mar gheall ar ghníomhaíocht bhreise san Aontas), rud a mhéadóidh sciar coibhneasta na bhfoinsí nach foinsí de chuid an Aontais iad (go háirithe i gcás nach laghdaíonn tíortha nach Ballstáit den Aontas iad truailliú aeir ar leibhéal uaillmhéine comhchosúil). Cuireann sé sin i dtábhacht an gá atá ann go ndéanfadh an tAontas beart níos láidre go déthaobhach (go háirithe i gcomhthéacs beartais aontachais agus chomharsanachta, agus trí chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta níos láidre a thógáil freisin) chomh maith le fóraim iltaobhacha amhail an Coinbhinsiún ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin.
Déantar oibleagáidí na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, den chuid is mó, a chur san áireamh ar an leibhéal idirnáisiúnta tríd an gCoinbhinsiún ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin agus trí Phrótacal Gothenburg leasaithe a ghabhann leis. Le blianta beaga anuas, tá an Prótacal seo daingnithe ag níos mó tíortha, ach is beag tír chomharsanachta nach bhfuil san Aontas atá tar éis é a dhaingniú. San Aontas, níl dhá Bhallstát 62 ina bPáirtí ann go fóill ach tá siad gar don phróiseas daingniúcháin a thabhairt chun críche. Chinn na Páirtithe i mí na Nollag 2023 go bhfuil gá le hathbhreithniú breise chun cuspóirí an Phrótacail a bhaint amach trí dhlús a chur le gníomhaíocht chun truailliú aeir a laghdú san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh. Agus athbhreithniú á dhéanamh ar Phrótacal Gothenburg, beidh sé ina thosaíocht machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí tuilleadh daingnithe a bhaint amach ag tíortha nach bhfuil ina bPáirtithe ann faoi láthair. Úsáidfear an samhaltú atá mar bhonn taca faoin tuarascáil seo freisin mar bhonn don anailís a dhéanfar sa phróiseas athbhreithnithe, chun gealltanais laghdaithe astaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann don réigiún a shainaithint. Meastar go dtiocfaidh deireadh leis an bpróiseas athbhreithnithe faoi mhí na Nollag 2026, ach déanann an grúpa an clár oibre agus an dáta deiridh réamh-mheasta a choigeartú go rialta. Mar a tugadh faoi deara sa roinn roimhe seo, leanann Páirtithe an Choinbhinsiúin ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin de scrúdú a dhéanamh ar an acmhainneacht le haghaidh sineirgí idir na creataí idirnáisiúnta maidir le haer glan agus maidir leis an aeráid, conas tuilleadh daingnithe a bhaint amach laistigh de réigiún UNECE, agus conas is féidir leis an gCoinbhinsiún ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin níos mó a dhéanamh chun conarthaí idirnáisiúnta comhchosúla a spreagadh. Le Rún 6/10 ó Chomhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe 63 ‘Comhar réigiúnach a chur chun cinn maidir le truailliú aeir chun cáilíocht an aeir a fheabhsú ar fud an domhain’, mar a comhaontaíodh i mí an Mhárta 2024, saothraítear an uaillmhian sin freisin. Mar thoradh ar an Rún, chruthaigh an Chomhghuaillíocht Aeráide agus Aeir Ghlain Ardán Malartaithe nua 64 um Bainistíocht Cáilíochta Aeir. Is é is aidhm don ardán nua seo malartú réigiúnach agus foréigiúnach faisnéise agus eolais maidir le dea-chleachtais a éascú agus cabhrú le Treoirlínte EDS maidir le Cáilíocht an Aeir agus spriocanna eatramhacha a bhaint amach.
7.Conclúid
Deimhnítear leis an gCeathrú Ionchas Aeir Ghlain go bhfuil astaíochtaí truailleán aeir san Aontas ag titim i gcónaí. Is dea-scéala é sin do shaoránaigh an Aontais, don gheilleagar agus don tsochaí. Le himeacht na 20 bliain seo caite, tá laghduithe substaintiúla bainte amach ag an Aontas i ndáil le hastaíochtaí cúig cinn de na príomhthruailleáin a rialaítear faoin Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta. Tá an amóinia fós ina heisceacht, ós rud é go bhfuil laghdú i bhfad níos lú tagtha ar astaíochtaí, agus tá ag mainneachtain ar ocht mBallstát fós a ngealltanais laghdaithe astaíochtaí a chomhlíonadh in 2022. Leis an meastóireacht leanúnach ar an Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, tabharfar léargas ar an méid a d’oibrigh go maith chun an Treoir a chur chun feidhme agus ar na dúshláin atá ann, lena n‑áirítear comhlíonadh na ngealltanas maidir le hastaíochtaí a laghdú.
Is cúis imní i gcónaí an t‑ionchas maidir le hastaíochtaí amóinia. Léirítear sna réamh-mheastacháin a chuirtear i láthair anseo go bhféadfadh sé nach gcomhlíonfadh 21 Bhallstát a ngealltanais laghdaithe astaíochtaí 2030 (níos uaillmhianaí). Ní mór do na Ballstáit sin gníomhaíocht mhór bhreise a dhéanamh chun astaíochtaí amóinia a laghdú ag an bhfoinse trí dhea-chleachtais talmhaíochta a chur chun cinn, lena n‑áirítear mar chuid de chur chun feidhme an chomhbheartais talmhaíochta ag na Ballstáit. Tá gá le gníomhaíocht bhreise freisin chun astaíochtaí PM2.5 a theorannú, a meastar nach gcomhlíonfaidh ocht mBallstát a ngealltanais laghdaithe le haghaidh 2030 ina leith faoi láthair.
Ar an iomlán, tá an tAontas ar an mbóthar ceart chun sprioc an phlean gníomhaíochta maidir le truailliú nialasach a bhaineann leis an tsláinte a bhaint amach. Mar sin féin, níl sé ar an mbóthar ceart go fóill chun an sprioc a bhaineann leis an éiceachóras a bhaint amach in 2030. Cuireann sé seo béim ar an ngá atá le níos mó a dhéanamh chun astaíochtaí amóinia a laghdú. Tríd is tríd, léiríonn torthaí na hanailíse sin, cé go bhfuil dul chun cinn soiléir déanta ag an Aontas agus a Bhallstáit i dteannta a chéile, go bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta chun tionchair dhiúltacha an truaillithe aeir ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol a laghdú, i gcomhréir le huaillmhian an Aontais maidir le truailliú nialasach agus i sineirge iomlán le tiomantas nua an Choimisiúin rathúnas inbhuanaithe a bhaint amach. Tá sé i gcomhréir freisin leis an bpróiseas chun Prótacal Gothenburg a athbhreithniú. Cur chuige na hAon Sláinte Amháin a chur i bhfeidhm maidir le dul i ngleic le truailliú aeir, lena n‑aithnítear go bhfuil sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte an chomhshaoil idirnasctha, is bealach é a bhfuil gealladh faoi chun aer níos glaine a bhaint amach.
Chun go dtiocfaidh na laghduithe a chuirtear i láthair anseo a bhfuil coinne leo chun cinn, tá sé tábhachtach an reachtaíocht atá ann cheana a chur chun feidhme ina iomláine agus leas a bhaint as an tacaíocht atá ar fáil do na Ballstáit ón gCoimisiún chuige sin 65 . Áirítear leis sin gníomhaíocht na mBallstát chun na caighdeáin níos uaillmhianaí maidir le cáilíocht an aeir a chomhlíonadh, caighdeáin atá díreach glactha faoin Treoir athbhreithnithe maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh. Laghdódh gníomhaíocht bhreise tionchair an truaillithe aeir ar an tsláinte agus ar éiceachórais a thuilleadh agus ghinfí gnóthachain mhaicreacnamaíocha. Ní hamháin go ndéanfar uaillmhian aeráide an Aontais a chomhdhlúthú agus a neartú le sprioc uaillmhianach aeráide do 2040, ach ginfear comhthairbhí an aeir ghlain léi freisin chun feabhas a chur ar an tsláinte phoiblí agus chun borradh a chur faoin ngeilleagar 66 .
Iarscríbhinn: Difríochtaí modheolaíochta leis an Tríú hIonchas Aeir Ghlain
Nuashonruithe tábhachtacha ó bhí an Tríú hIonchas Aeir Ghlain ann
–Cuirtear san áireamh leis an gcás bunlíne na beartais is déanaí atá ag an Aontas a glacadh agus a moladh. Go háirithe, cuireann sé leis an samhaltú a rinneadh don mheasúnú tionchair a ghabhann leis an Teachtaireacht maidir le sprioc aeráide 2040 (‘cás S3’, lena léirítear bealach chun na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sa rogha sprice tosaíochta sa mheasúnú tionchair sin a bhaint amach), go háirithe maidir le héabhlóid chóras fuinnimh an Aontais. Comhtháthaítear leis anois an Treoir athbhreithnithe maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha, ach bhí CAO3 bunaithe ar thogra reachtach an Choimisiúin, a bhí níos uaillmhianaí, go háirithe maidir le feirmeacha móra eallaigh a áireamh sna gníomhaíochtaí rialáilte.
–Baineadh úsáid as samhail GAINS chun astaíochtaí truailleán aeir chomh maith le tiúchain PM2.5 agus NO2 a ríomh, agus an cur chuige céanna agus an leagan samhla céanna a úsáidtear le haghaidh CAO3 á leanúint. Ríomhadh tiúchain ózóin, áfach, trí úsáid a bhaint as samhail EMEP 67 , atá difriúil ó CAO3 i gcás inar ríomhadh iad sin trí úsáid a bhaint as GAINS freisin.
–Tugadh an cás bunlíne cothrom le dáta chun fardail, réamh-mheastacháin agus beartais agus bearta astaíochtaí is déanaí na mBallstát a chur san áireamh a mhéid is féidir tríd an ionchur a fuarthas ó na Ballstáit le linn comhairliúcháin bhunlíne a chur san áireamh.
–Áirítear sa chás bunlíne anois léiriú comhsheasmhach ar an gcuid in-chomhdhlúthaithe d’astaíochtaí ábhair cháithnínigh, ach in CAO3 níor úsáideadh é sin ach amháin le haghaidh na hanailíse íogaireachta.
–Baineadh úsáid as modheolaíocht nuashonraithe chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an tsláinte. Cé go bhfuil an mhodheolaíocht fós i gcomhréir den chuid is mó le CAO3, meastar na tionchair ghalrachta le haghaidh PM2.5 agus NO2 bunaithe ar obair nua faoi staidéar EMAPEC (‘Meastachán ar an nGalracht ó Thruailliú Aeir agus a Iarmhairtí Eacnamaíocha’) arna chomhordú ag EDS 68 .
Tá tuairisc níos cuimsithí ar na nuashonruithe a rinneadh ar an gcreat samhaltaithe ar fáil in IIASA (2025).
An Iodáil agus an Pholainn.