An Bhruiséil,19.2.2025

COM(2025) 52 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE

{SWD(2025) 40 final}


1.RÉAMHRÁ

Cuireann díchóimeáil long go mór leis an ngeilleagar ciorclach ós rud é go mbíonn, athúsáid, ullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsáil méideanna móra acmhainní luachmhara mar thoradh air (go háirithe cruach ardcháilíochta, arb é atá ann 75 % go 85 % de mheáchan soithigh de ghnáth, chomh maith le miotail agus trealamh eile). Chomh maith leis sin, áfach, tá méideanna móra ábhar guaiseach i longa amhail aispeist, défheinilí polaclóirínithe , miotail throma, ola, mearcair, substaintí ídithe ózóin. Mura ndéantar na substaintí sin a láimhseáil, a bhaint agus a dhiúscairt ar bhealach atá sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, tá rioscaí móra ag baint leo do shláinte an duine agus don chomhshaol araon.

Is é is aidhm do Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le hAthchúrsáil Long (RAL nó an Rialachán) 1 na héifeachtaí díobhálacha do shláinte an duine agus don chomhshaol a chosc, a laghdú agus a scriosadh i dtaca le hathchúrsáil soitheach faoi bhratach Bhallstáit. Sular glacadh RAL, rinneadh 95 % de líon na long mór faoi bhratach Bhallstáit den Aontas agus faoi úinéireacht an Aontais a dhíchóimeáil lasmuigh de ECFE 2 , san Áise Theas den chuid is mó (an India, an Bhanglaidéis agus an Phacastáin) agus úsáid á baint as an gcleachtas ar a dtugtar ‘an modh dul i dtír’.

Baineann RAL a aidhm amach le trí chuspóir shonracha: (i) díchóimeáil long faoi bhratach Bhallstáit den Aontas i saoráidí atá sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a áirithiú, (ii) bainistiú ceart ábhar guaiseach ar longa a áirithiú, agus (iii) daingniú Choinbhinsiún Idirnáisiúnta Hong Cong 2009 maidir le hAthchúrsáil Long ar Bhealach atá Sábháilte agus Neamhdhíobhálach don Chomhshaol de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (Coinbhinsiún Hong Cong) a éascú 3 . Tá forálacha in RAL a théann níos faide ná Coinbhinsiún Hong Cong, lena náirítear ceanglas ar úinéirí long faoi bratach Bhallstáit den Aontas a áirithiú nach ndéanfar a longa a athchúrsáil ach amháin i saoráidí atá liostaithe ag an gCoimisiún mar shaoráidí a chomhlíonann ceanglais RAL maidir leis an gcomhshaol agus sláinte an duine a chosaint. Cumhdaítear le RAL soithí farraige a bhfuil olltonnáiste os cionn 500 acu 4 .

Áirítear in RAL clásal athbhreithnithe lena gceanglaítear ar an gCoimisiún, 5 bliana ón dáta a thiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm 5 , ‘tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo, a mbeidh tograí le haghaidh reachtaíocht ag gabháil léi, más iomchuí, chun a áirithiú go mbeidh na cuspóirí á mbaint amach agus go mbeidh éifeacht aige mar is ceart agus bonn cirt leis an éifeacht sin’. I gcomhréir leis an gclásal sin, tá próiseas meastóireachta seolta ag an gCoimisiún le haghaidh RAL 6 . Toradh ar an bpróiseas sin is ea an tuarascáil seo, a bhfuil Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir leis an meastóireacht ar an Rialachán ag gabháil léi. Más iomchuí, d’fhéadfadh an Coimisiún togra a chur síos le haghaidh athbhreithniú ina dhiaidh sin ar an Rialachán, le tacaíocht ó mheasúnú tionchair i gcomhréir le Treoirlínte agus Bosca Uirlisí an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr 7 .

2.MODHEOLAÍOCHT

Tá an tuarascáil agus an mheastóireacht a ghabhann léi bunaithe ar chomhairliúchán fairsing le páirtithe leasmhara. Áiríodh leis sin comhairliúchán poiblí, suirbhéanna spriocdhírithe agus agallaimh (le páirtithe leasmhara saineolacha agus leis na Ballstáit), ceardlann le haghaidh páirtithe leasmhara agus plé i nGrúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir le hathchúrsáil long. Rannchuidigh réimse leathan páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear údaráis na mBallstát, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí taighde, páirtithe leasmhara tionscail agus a gcomhlachais (e.g. úinéirí long agus cuideachtaí bainistíochta long, saoráidí athchúrsála long, tionscail chruach), cumainn aicmiúcháin, gnólachtaí comhairliúcháin agus institiúidí airgeadais. Baineadh úsáid fhorleathan freisin as athbhreithnithe litríochta, bunachair sonraí agus téacsanna dlí chun saineolas agus faisnéis bhreise a bhailiú.

Tá an tuarascáil seo bunaithe freisin ar thuarascálacha na mBallstát a cheanglaítear faoi Airteagal 21(2) de RAL lena gcumhdaítear an chéad tréimhse tuairiscithe thríbhliantúil ó 2019 go 2022. Le hIarscríbhinn IX a ghabhann leis an meastóireacht, cuirtear ábhar na tuarascála le haghaidh 2019-2022 ar fáil agus tugtar achoimre, i gcomhréir leis an dara mír agus an tríú mír d’Airteagal 21.

Rinneadh an mheastóireacht i gcomhréir le prionsabail agus le modheolaíocht an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Rialáil Níos Fearr, agus úsáid á baint as na cúig chritéar atá leagtha síos iontu: éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE. Rinne conraitheoirí seachtracha staidéar tacaíochta le haghaidh na tuarascála meastóireachta.

Is toradh ar chur chuige cáilíochtúil go príomha iad torthaí na meastóireachta, i bhfianaise na heaspa sonraí cainníochtúla cuimsitheacha maidir le tairbhí agus costais. Tá sonraí cainníochtúla maidir le tionchar RAL ar shláinte oibrithe agus ar thruailliú na dtimpeallachtaí cósta agus muirí teoranta mar gheall ar easpa trédhearcachta na hearnála athchúrsála long. Is minic a bhíonn easpa sonraí sonracha ann freisin maidir le longchlóis aonair lena gcumhdaítear an tréimhse sular cuireadh i bhfeidhm iad agus ní furasta tionchar RAL a dheighilt ó thionchar an iliomad tosca seachtracha. Dá bhrí sin, bheadh gá le hoibleagáidí tuairiscithe níos éifeachtaí a mbeadh modheolaíocht chomhchuibhithe agus táscairí comhchuibhithe ag gabháil leo chun meastóireacht níos cainníochtaithe a dhéanamh ar RAL.

Maireann an tréimhse mheastóireachta ó mhí Eanáir 2013 go dtí mí na Nollag 2023. Ós rud é gur tháinig an chuid is mó de cheanglais RAL i bhfeidhm an 31 Nollaig 2018, úsáideadh mí Nollaig 2018 mar an príomhphointe comparáide. Cumhdaítear sa mheastóireacht na Ballstáit agus tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, chomh maith le tionchar RAL ar chleachtais athchúrsála long i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad.

3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTA

Léirítear i dtorthaí na meastóireachta gur bhain RAL a chuspóirí uile amach den chuid is mó i gcomparáid leis an méid a bhféadfadh coinne a bheith leis mura ndéanfadh an tAontas idirghabháil sa réimse sin. Baineadh an bonn go mór d’éifeachtacht an Rialacháin, áfach, trí chleachtas úinéirí long bratach na loinge a athrú ó bhratach Bhallstáit go bratach tríú tír go gairid sula mbeidh an long á hathchúrsáil agus, ar bhonn níos lú, trí fhorfheidhmiú lag na mbeart a bhaineann leis an bhfardal ábhar guaiseach. Leagtar amach sa tuarascáil seo príomhthorthaí na meastóireachta agus moltar réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu.

3.1.Éifeachtacht

An chéad chuspóir: A áirithiú go ndéantar longa faoi bhratach Bhallstáit den Aontas a dhíchóimeáil i saoráidí atá sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol

Is é príomhchuspóir oibríochtúil RAL go ndéanfar, ag deireadh a saolré, longa atá faoi bhratach Bhallstáit a dhíchóimeáil i saoráidí atá formheasta ag an Aontas agus atá ar an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long. Chun bheith ar an liosta sin, ní mór do shaoráid athchúrsála long ceanglais sábháilteachta agus chomhshaoil RAL a chomhlíonadh. I gcás saoráidí san Aontas, ní mór do na húdaráis náisiúnta inniúla a sheiceáil go gcomhlíontar na ceanglais sin, agus, má chomhlíontar iad, a chur in iúl don Choimisiún gur cheart an tsaoráid atá i gceist a liostú. Ní mór do shaoráidí athchúrsála long i dtríú tíortha iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena gcur ar an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long. Déanann an Coimisiún measúnú ar an gcaoi a gcomhlíonann na saoráidí sin ceanglais RAL, lena náirítear measúnú trí chigireachtaí ar an láthair, sula ndéanann sé cinneadh cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear ar an liosta iad. Glacadh an chéad Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long i mí na Nollag 2016, agus cuireadh 18 saoráid san Aontas air. Ag deireadh na tréimhse meastóireachta, bhí 45 shaoráid athchúrsála long ar an 12ú heagrán den liosta 8 , lena náirítear 35 shaoráid san Eoraip (an tAontas, an Iorua agus an Ríocht Aontaithe), 9 saoráid in Türkiye agus saoráid amháin in SAM. Tá measúnú á dhéanamh ar iarratais ó shaoráidí eile, go háirithe ar iarratais ón India.

Ar an iomlán, chuir cuimsiú na saoráidí sin ar an Liosta Eorpach, agus an tionchas go gcuirfí na hiarratasóirí air, mar aon leis na sásraí rialaithe a bhfuil formhaoirseacht neamhspleách acu, le caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta níos airde i gcleachtais athchúrsála long. Is foinse luachmhar faisnéise 9 iad na tuarascálacha ó níos mó ná 55 chigireacht de chuid an Choimisiúin ar 25 shaoráid ar fud an domhain i ndáil leis sin, go háirithe maidir le maolú na seachtrachtaí a dhéanann difear don tionscal. Is pointe tagartha é an Liosta Eorpach freisin do chleachtais inbhuanaithe athchúrsála long laistigh agus lasmuigh den Aontas.

Mar sin féin, baineadh an bonn go mór d’éifeachtacht RAL mar gheall ar chleachtas chuideachtaí an Aontais brataigh long a athrú go brataigh tíortha eile, go gairid sula n‑athchúrsáiltear iad. Na longa sin a bhfuil bratach nua orthu, níl siad faoi réir RAL a thuilleadh agus is féidir iad a athchúrsáil áit ar bith, a luaithe a bheidh siad ina ndramhaíl lasmuigh den Aontas. I bhformhór na gcásanna, déantar iad a dhíchóimeáil san Áise Theas. In 2023, cé gur thart ar 13 % de chabhlach iomlán an domhain a bhí i sciar na long faoi bhratach Bhallstáit den Aontas, bhí céatadán na long a raibh a ré caite a raibh bratach an Aontais acu tráth na hathchúrsála faoi bhun 7 %, i gcomparáid le líon na long a athchúrsáladh ar fud an domhain.

Is é an príomhfhachtóir cinntitheach do chuideachtaí loingseoireachta a roghnaíonn saoráid athchúrsála long an praghas a thairgeann saoráid chun a longa a dhíchóimeáil. Na praghsanna a thairgeann saoráidí san Áise Theas, bíonn siad níos airde i gcónaí ná mar a bhíonn sa chuid eile den domhan mar gheall ar (i) easpa inmheánaithe na gcostas comhshaoil agus sóisialta (seachtrachtaí) a bhaineann le cleachtais athchúrsála long sna saoráidí sin, agus (ii) a gcumas praghsanna arda a thairiscint ar dhramhchruach, i bhfianaise an éilimh láidir óna n‑earnáil tógála agus na húsáide a bhaintear as athrolladh chun dramhchruach a phróiseáil, modh atá níos saoire ná cineálacha eile athchúrsála cruach a úsáidtear in áiteanna eile de ghnáth.

Sa chomhthéacs sin, in ainneoin go bhfuil feasacht níos mó ann maidir le freagracht shóisialta agus chomhshaoil agus go ndéantar foráil sa Liosta Eorpach maidir le hacmhainneacht leordhóthanach chun déileáil le longa a bhfuil a ré caite agus atá faoi bhratach an Aontais, ní dhéantar go leor long atá faoi úinéireacht chuideachtaí loingseoireachta an Aontais a dhíchóimeáil i saoráidí athchúrsála long atá ar an Liosta Eorpach. Mar gheall ar an athrú brataí díreach roimh an athchúrsáil, is minic nach féidir forálacha RAL maidir le hoibleagáid úinéirí long an long a dhíchóimeáil i saoráid ar an Liosta Eorpach a fhorfheidhmiú.

An dara cuspóir: bainistiú ceart ábhar guaiseach ar longa a áirithiú

Ceanglaítear ar chuideachtaí loingseoireachta fardal ábhar guaiseach a bhunú le haghaidh gach ceann dá longa. Tá cáilíocht agus iomláine an fhardail fíor-riachtanach chun cleachtais díchóimeála shábháilte agus inbhuanaithe a áirithiú. Mar sin féin, léiríonn sonraí a tuairiscíodh ar bhonn deonach le linn na tréimhse 2021-2023 maidir le cigireachtaí rialaithe stáit ar chalafoirt a bhaineann le RAL, sonraí lenar fíoraíodh fardal na n‑ábhar guaiseach, nach raibh RAL á chomhlíonadh ag 45 % de na longa a ndearnadh cigireacht orthu agus, i bhformhór na gcásanna sin, nárbh ann do dheimhniú fardail, nó a choibhéis, le haghaidh longa a bhí faoi bhratach tríú tír. Mar sin féin, bíonn an deimhniú agus fardal na n‑ábhar guaiseach ar fáil de ghnáth ag céim na hathchúrsála, nuair a thugtar don tsaoráid athchúrsála long iad le gurb fhusa an long lena mbaineann a dhíchóimeáil. Mar sin féin, is minic nach leor fardail de cháilíocht agus iomláine ábhar guaiseach. Dá bhrí sin, aithnítear go ginearálta gur gá iad a bheith níos iontaofa.

An tríú cuspóir: daingniú Choinbhinsiún Hong Cong a éascú

Léirítear sa mheastóireacht gur chuir RAL go dearfach le daingniú Choinbhinsiún Hong Cong. Baineadh amach an líon íosta daingnithe is gá chun a theacht i bhfeidhm in 2023, agus beagnach 50 % daoibh ina ndaingnithe ó Bhallstáit. Chomh maith leis an méid a léirítear san anailís ar na figiúirí daingniúcháin, is léir gurb é RAL an t‑aon ionstraim dlí idirnáisiúnta le blianta fada anuas lena leagtar amach ceanglais shonracha maidir le hathchúrsáil long agus gur tagarmharc tábhachtach é a d’úsáid go leor páirtithe leasmhara agus údarás lasmuigh den Aontas.

3.2.Éifeachtúlacht

Ar bhonn na dtuairimí agus na sonraí a fuarthas ó na suirbhéanna agus ó na hagallaimh a rinneadh, meastar go ginearálta go raibh na costais a bhaineann le ceanglais RAL a chur chun feidhme íseal go measartha le linn na tréimhse meastóireachta. Rinneadh feabhsuithe inláimhsithe i saoráidí atá liostaithe san Aontas, ionas go bhféadfaidís oibriú i gcomhréir le ceanglais RAL, agus mar sin tá sé réasúnach a chreidiúint go raibh tionchar dearfach ag RAL ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol. Toisc nach bhfuil bonnlíne shoiléir ann maidir leis an méid a tharlódh in éagmais RAL agus toisc nach bhfuil ach infhaighteacht theoranta ar shonraí cainníochtúla, ní féidir anailís costais is tairbhe nó luacha saothair atá cainníochtaithe go hiomlán a chur ar fáil, agus is é an toradh atá air sin go bhfuil na conclúidí dearfacha ginearálta maidir le héifeachtúlacht bunaithe den chuid is mó ar shonraí cáilíochtúla.

Cuirtear costais mheasartha i leith údaruithe ó Bhallstáit maidir le saoráidí athchúrsála long agus i leith suirbhéanna ar longa. Meastar go bhfuil na costais a bhaineann le rialuithe arna ndéanamh ag stát an chalafoirt a bhaineann le RAL íseal. Le go mbeidh na rialuithe sin éifeachtach, dúirt roinnt Ballstát den Aontas Eorpach, mar sin féin, go raibh gá le tuilleadh acmhainní, treoir shonrach agus uirlisí imscrúdaithe. Tá na costais éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, ag brath ar dtús ar thábhacht na loingseoireachta agus na hathchúrsála long sa Bhallstát atá i gceist, ach freisin ar chleachtais agus cumhachtaí forfheidhmithe éagsúla, agus ar na hacmhainní a leithdháiltear chun RAL a fhorfheidhmiú. Tuairiscíonn saoráidí athchúrsála i dtríú tíortha costais arda as a mbonneagar agus a gcleachtais a uasghrádú chun iad a thabhairt i gcomhréir le RAL agus chun iad a chur ar an Liosta Eorpach. Mar sin féin, ach saoráid a bheith ar an liosta, tugtar dó tairbhí clú a mbíonn tionchar dearfach acu ar ioncam agus ar infheistíochtaí. I gcás úinéirí long, bíonn na costais a bhaineann le fardail ábhar guaiseach éagsúil ag brath ar an long agus ar cháilíocht na seirbhíse a sholáthraítear, ach tá siad fós diomaibhseach. Tionchar diúltach eacnamaíoch RAL ar úinéirí long, a bhaineann le caillteanas ioncaim ó longa a bhfuil a ré caite a dhíol le saoráidí atá liostaithe san Aontas, níor tháinig sé chun cinn mar a raibh coinne leis tráth a glacadh RAL, go háirithe mar go ndeachthas timpeall air. Ar an gcúis chéanna, níor athraigh RAL míbhuntáistí iomaíochta shaoráidí athchúrsála an Aontais, toisc go raibh sciar an Aontais sa mhargadh athchúrsála fós teoranta. 

Tá líon teoranta oibleagáidí tuairiscithe ag RAL, agus rinneadh anailís orthu go léir agus fuarthas amach go raibh siad comhréireach den chuid is mó. Tá iarrachtaí á ndéanamh chun na costais tuairiscithe a laghdú, mar shampla, chun a áirithiú go mbeidh sineirgí tuairiscithe ann le Coinbhinsiún Hong Cong a thuairisciú i gcomhréir le ‘prionsabal na haonuaire’. Bealach amháin chun an t‑ualach riaracháin a laghdú is ea tréimhse bhailíochta an chuimsithe ar an Liosta Eorpach a mhéadú (tréimhse 5 bliana atá ann faoi láthair, agus is féidir í a athnuachan ina dhiaidh sin).

3.3.Comhleanúnachas

Ar an iomlán, meastar go bhfuil RAL comhleanúnach agus comhsheasmhach go hinmheánach. Mar sin féin, tá sé deacair sáruithe air a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu mar gheall ar chineál domhanda agus trédhearcacht theoranta na noibríochtaí loingseoireachta agus athchúrsála, ar slabhra soláthair casta é ina bhfuil páirtithe leasmhara agus idirghabhálaithe éagsúla rannpháirteach, agus toisc gur féidir le long athrú brataí a dhéanamh go héasca. Fágann sé sin go bhfuil sé deacair long atá le hathchúrsáil a shainaithint, turas na loinge a rianú agus na cinnteoirí iarbhír a thabhairt chun cuntais as a ngníomhaíochtaí, rud a fhágann go bhfuil cúrsaí deacair do na húdaráis forfheidhmithe. Fadhb freisin is ea cinneadh a dhéanamh faoi cén Rialachán is infheidhme, ós rud é go bhfuil dhá stádas dhlíthiúil ag long a bhfuil a ré caite, mar atá, stádas loinge atá ina dramhaíl agus stádas loinge. I ndáil leis sin, meastar go bhfuil mearbhall ag baint uaireanta freisin leis an gcomhleanúnachas idir RAL agus an Rialachán maidir le Loingsithe Dramhaíola 10 , ar féidir feidhm a bheith ag an dá cheann acu maidir le longa a bhfuil a ré caite ag brath ar na himthosca.

Chomh maith leis sin, cé go bhfuil RAL comhsheasmhach den chuid is mó le Coinbhinsiún Hong Cong, agus é á chur chun feidhme i ndlí an Aontais, tá imní ar roinnt údarás poiblí agus ar thionscal na loingseoireachta faoi na deacrachtaí cur chun feidhme a thiocfaidh chun cinn nuair a bheidh an dá chreat i bhfeidhm. Tarraingíonn úinéirí long agus údaráis phoiblí aird freisin ar neamhréireachtaí dlíthiúla idir Coinbhinsiún Hong Cong agus Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt, ar neamhréireachtaí iad nach mór aghaidh a thabhairt orthu sna fóraim idirnáisiúnta ábhartha.

3.4.Breisluach AE

In éagmais ionstraim dhomhanda thiomnaithe oibríochtúil lena dtugtar aghaidh ar na fadhbanna a bhaineann le hathchúrsáil long ar an leibhéal idirnáisiúnta, chreid tromlach mór na rannpháirtithe sa phróiseas comhairliúcháin gur sholáthair RAL creat de chuid an Aontais a bhfuil géarghá leis chun Coinbhinsiún Hong Cong a chur chun feidhme san Aontas.

Bhí éagsúlachtaí in argóintí na bpáirtithe leasmhara maidir leis an leibhéal reachtaíochta (AE nó idirnáisiúnta) is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar ábhair athchúrsála. Creideann páirtithe leasmhara thionscal na loingseoireachta agus roinnt Ballstát de chuid an Aontais gurbh fhearr aghaidh a thabhairt air ar an leibhéal idirnáisiúnta trí Choinbhinsiún Hong Cong, agus an gá atá le cothrom iomaíochta ar fud an domhain á chur i dtábhacht. Ar an taobh eile, le hargóintí i bhfabhar leanúint de bheith ag obair air seo ar leibhéal an Aontais, léirítear an leibhéal níos airde uaillmhéine agus grinnscrúdaithe a bhaineann le RAL i gcomparáid le Coinbhinsiún Hong Cong. Tacaíonn eagraíochtaí neamhrialtasacha, ceardchumainn agus comhlachais athchúrsála long go háirithe leo sin.

Tacaíonn na páirtithe leasmhara sin d’aon toil le hathbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Choinbhinsiún Hong Cong tar éis dó teacht i bhfeidhm, lenar cheart don Aontas a chaighdeáin níos airde a chur chun cinn ar leibhéal na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta. Áirítear leis sin ceanglais sláinte agus chomhshaoil níos airde a leagan síos agus sásraí faireacháin agus rialaithe níos láidre a chur bhfeidhm, lena n‑áirítear grinnscrúdú neamhspleách ar a mhéid a chomhlíonann saoráidí athchúrsála long ceanglais leordhóthanacha maidir leis an gcomhshaol agus maidir le sábháilteacht oibrithe.

3.5.Ábharthacht

Meastar go dtiocfaidh fás substaintiúil ar an margadh athchúrsála long go luath amach anseo. Dá bhrí sin, an gá le cleachtais dhíchóimeála shábháilte agus inbhuanaithe a áirithiú, chomh maith le hábhair ghuaiseacha ar bord long a bhainistiú agus a shainaithint go cuí, fanfaidh siad sin ábhartha i gcónaí.

Ba cheart measúnú a dhéanamh freisin ar ábharthacht RAL i bhfianaise bheartas agus thírdhreacha rialála an Aontais, atá tagtha chun cinn go mór ó glacadh é. Ós rud é go ndírítear le RAL ar ábhair ghuaiseacha agus dramhaíl ghuaiseach a bhainistiú agus a stóráil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, rud as a dtiocfaidh méadú ar éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní trí ábhar a athchúrsáil (go háirithe dramhchruach), tá sé comhsheasmhach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, an Phlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú, na Teachtaireachta maidir leis an nGeilleagar Gorm Inbhuanaithe agus an aistrithe ghlais faoi thacsanomaíocht an Aontais.

Mar sin féin, creideann páirtithe leasmhara go ginearálta nach rannchuidíonn RAL go leordhóthanach le straitéis thionsclaíoch an Aontais, lena n‑áirítear tionscal cruach iomaíoch san Aontas a áirithiú, agus go bhfuil sé d’acmhainn aige tionchar níos mó a bheith aige i ndícharbónú thionscal na loingseoireachta. D’fhéadfadh méadú ar athchúrsáil long san Aontas, agus glacadh níos airde dá réir le dramhchruach ó athchúrsáil long, soláthar seasta de dhramh-mhiotal ardcháilíochta a sholáthar, rud a d’fhéadfadh tionscal cruach an Aontais a úsáid mar bhunábhar chun a spriocanna maidir le dícharbónú a bhaint amach. Tá na gnéithe sin thar a bheith ábhartha i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Thionsclaíoch Ghlain, na Straitéise Muirí Tionsclaíche agus an Phlean Gníomhaíochta um Chruach atá ar na bacáin. Ar deireadh, creideann roinnt páirtithe leasmhara nach ndéantar an cur chuige saolré a chomhtháthú go leordhóthanach in athchúrsáil long le RAL, trí dhearadh cliabháin go cliabhán agus trí phas cuimsitheach ábhar do gach long.

4.Ceachtanna a foghlaimíodh

Ós rud é go bhfuil an bonn á bhaint go mór d’éifeachtacht RAL trí athrú brataí, ba cheart machnamh a dhéanamh ar an gcaoi le haghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin le gur féidir príomhfhorálacha RAL a chur chun feidhme go héifeachtach. Tá sé sin ríthábhachtach chun an príomhchuspóir atá ag RAL faoi láthair a bhaint amach, is é sin a áirithiú go ndéanfar longa a bhfuil bratach Bhallstáit den Aontas ar foluain acu a dhíchóimeáil i saoráidí atá sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach soiléiriú a fháil ar an gcaoi a gcinntear go bhfuil long le hathchúrsáil nó le bheith ina dramhaíl, ar thaobh amháin, agus cé hé an t‑úinéir freagrach, ar an taobh eile, i bhfianaise an róil atá ag ceannaitheoirí airgid faoi láthair maidir le longa a bhfuil a ré caite a thrádáil. Ba cheart sásraí iomchuí a mheas ansin chun cosc a chur ar úinéirí long atá faoi bhratach Bhallstáit den Aontas dul timpeall ar a n‑oibleagáidí na longa sin a athchúrsáil i saoráidí atá liostaithe san Aontas. D’fhéadfaí roghanna éagsúla a mheas ina leith sin. D'fhéadfadh sé a bheith ar cheann acu leanúint de bheith ag obair ar dhreasacht airgeadais a fhorbairt dá dtagraítear in Airteagal 29 de RAL. D’fhéadfadh sé sin a bheith i bhfoirm ceadúnais athchúrsála long le haghaidh gach loinge a thugann cuairt ar chalafort san Aontas, rud a dhúnfadh an bhearna ioncaim idir díchóimeáil i saoráidí atá liostaithe ag an Aontas agus díchóimeáil i saoráidí nach n‑oibríonn ar bhealach atá sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol. Rogha eile a d’fhéadfadh a bheith ann ná an coincheap ‘úinéir tairbhiúil’ loinge a chur i bhfeidhm in ionad an úinéara chláraithe atá nasctha le bratach tíre. D’eascair tuairimí deighilte i measc páirtithe leasmhara as an dá smaoineamh. Ba cheart anailís thiomnaithe a dhéanamh i gcomhthéacs eile ar thionchar na mbeart íogair sin faoi RAL.

Measann comhlachais úinéirí long agus roinnt Ballstát de chuid an Aontais go bhféadfaí forálacha Choinbhinsiún Hong Cong a uasghrádú, ar bhonn fhorálacha RAL, agus ba chéim fhéideartha é sin i dtreo caighdeáin dhomhanda níos uaillmhianaí agus níos comhchuibhithe maidir le hathchúrsáil long.

An tráth céanna, d’fhéadfaí breithniú a dhéanamh freisin ar chaighdeáin RAL a shoiléiriú chun cothrom iomaíochta a áirithiú do shaoráidí an Aontais. D’fhéadfadh sé a bheith i gceist leis sin, mar shampla, critéir bhreise agus/nó níos sonraí a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar bhainistiú dramhaíola agus ar oibríochtaí aisghabhála cruach, bearta éifeachtacha rialaithe truaillithe a chur chun feidhme agus teicneolaíochtaí agus modhanna díchóimeála agus athchúrsála níos glaine a úsáid.

Léirítear sa mheastóireacht go raibh RAL agus a Liosta Eorpach éifeachtach maidir lena áirithiú go bhfuil acmhainneacht leordhóthanach ann chun longa laistigh dá raon feidhme a dhíchóimeáil (lena n‑áirítear longa a d’athraigh an bhratach sa bhliain roimh an díchóimeáil). Baintear de thátal aisti freisin, áfach, nach mór don acmhainneacht leanúint de bheith ag fás chun go mbeifear in ann freastal ar an éileamh ar athchúrsáil long, a meastar go dtiocfaidh méadú nach beag air sna 10 mbliana amach romhainn.

Chun fardail níos cáilíochtúla agus níos iontaofa d’ábhair ghuaiseacha a bheith ann, ba cheart machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir slabhra iomlán na bhfreagrachtaí a neartú: ó cháilíochtaí na saineolaithe a ullmhaíonn fardail d’ábhair ghuaiseacha agus an chaoi a bhfaightear Dearbhú Ábhar agus Dearbhú Comhréireachta na Soláthraithe go dtí na huirlisí treorach modheolaíochta agus imscrúdaithe is gá chun rialuithe éifeachtacha a dhéanamh faoi RAL.

Chun RAL a fhorfheidhmiú i gceart, ba cheart forálacha sonracha a bheith ag Ballstáit uile an Aontais maidir le pionóis as é a shárú agus ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil na pionóis dian go leor chun neamhchomhlíonadh a dhíspreagadh. Ní mór an t‑idirghníomhú idir RAL agus ionstraimí dlí eile a shoiléiriú freisin. Ionas nach mbeidh ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ann a luaithe a thiocfaidh Coinbhinsiún Hong Cong i bhfeidhm, ba cheart machnamh a dhéanamh ar conas ceanglais tuairiscithe nó deimhniúcháin a eascraíonn as cómhaireachtáil RAL agus Choinbhinsiún Hong Cong a chuíchóiriú.

Ar deireadh, le haon athbhreithniú a dhéanfar amach anseo, d’fhéadfaí measúnú breise a dhéanamh ar an deis atá ann RAL a dhéanamh níos ábhartha d’uaillmhianta an Aontais ó thaobh iomaíochas, athléimneacht agus aeráidneodracht an Aontais de, lena n‑áirítear trí úsáid éifeachtúil chiorclach a bhaint as acmhainní. 

(1)

  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/ALL/?uri=CELEX:32013R1257  

(2)

Measúnú Tionchair 2012. 74 % san India, sa Phacastáin agus sa Bhanglaidéis, 22 % sa tSín, bunaithe ar Olltonnáiste, sonraí ó 2009.

(3)

Tiocfaidh Coinbhinsiún Hong Cong i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2025.

(4)

Tá an raon feidhme comhchosúil le raon feidhme Choinbhinsiún Hong Cong. Ní áirítear san áireamh ann longa cogaidh, soithí eile atá ar sheirbhís neamhthráchtála rialtais agus longa nach n-oibríonn le linn a saolré ach in uiscí atá faoi réir dhlínse an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain ag an long.

(5)

Is é an 31.12.2018 dáta ginearálta chur i bhfeidhm RAL, mar a shonraítear in Airteagal 32(1), pointe (b), mar sin ciallaíonn sé sin faoin 31.12.2023.

(6)

  https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13377-EU-Ship-Recycling-Regulation-evaluation_ga  

(7)

  https://commission.europa.eu/law/law-making-process/planning-and-proposing-law/better-regulation/better-regulation-guidelines-and-toolbox_ga

(8)

  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:L_202302726  

(9)

  https://environment.ec.europa.eu/topics/waste-and-recycling/ships/site-inspection-reports_ga

(10)

  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A32024R1157 .