AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 11.2.2025
COM(2025) 47 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Eoraip níos simplí agus níos tapúla: Teachtaireacht maidir le cur chun feidhme agus simpliú
I.Réamhrá
Sna 5 bliana amach romhainn, saothróidh an Coimisiún clár uaillmhianach, mar a leagtar amach sna Treoirlínte Polaitiúla
I
, ina mbeidh beartais réamhbhreathnaitheacha nuálacha, lena gcoinneofar ardchaighdeáin ar bun. Cuirfidh na tionscnaimh nua sin leis an mbunsraith d’Aontas Eorpach rathúil, éagsúil agus cothrom, chun go mbeidh an Eoraip níos inmhianaithe fós mar áit chónaithe, oibre agus infheistíochta.
An tráth céanna, laghdóimid an t‑ualach rialála ó bhonn do dhaoine, do ghnólachtaí agus do riaracháin san Aontas. Chun borradh a chur faoin rathúnas agus faoin athléimneacht, molfaidh an Coimisiún simpliú nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo chun deiseanna, nuálaíocht agus fás a fhorbairt. Cuirfimid tús le spreagadh nua chun dlús a chur le beartais agus dlíthe an Aontais, chun iad a shimpliú agus feabhas a chur orthu, chun rialacha a dhéanamh níos soiléire agus chun go mbeidh sé níos éasca iad a thuiscint agus níos tapúla iad a chur chun feidhme. Neartóimid ár gcomhar leis na hinstitiúidí agus na páirtithe leasmhara ábhartha uile freisin ionas go spreagfaidh comhfhreagracht torthaí níos fearr.
I ndomhan míshocair éiginnte an lae inniu, tá sé níos tábhachtaí ná riamh iomaíochas an Aontais a neartú. Éilíonn sé timpeallacht dhlíthiúil a spreagann cruthú agus fás gnólachtaí agus a chosnaíonn agus a chumhachtaíonn daoine ar an mbealach is simplí, is tapúla agus is éifeachtaí is féidir. Éilíonn sé freisin fócas géar ar na réaltachtaí a bhíonn ag síor-athrú ar an láthair, mar aon le soiléireacht cuspóra chun ár spriocanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhaint amach trí na modhanna is costéifeachtúla is féidir.
Is féidir le hardchaighdeáin a bheith ina bhfoinse chumhachtach le haghaidh buntáiste iomaíoch. In go leor cásanna, tá siad mar bhonn taca faoi luach agus cáilíocht táirgí Eorpacha, cosnaíonn siad ár saoránaigh, spreagann siad nuálaíocht agus áirithíonn siad go bhfuil ár ngeilleagar inbhuanaithe agus cothrom. Ní bheidh na buntáistí sin ann ach amháin má tá rialacha an Aontais comhréireach, éifeachtach agus curtha chun feidhme go hiomlán agus go comhsheasmhach. Ina theannta sin, ní mór dár rialacha coinneáil suas le teorainneacha an dul chun cinn dhaonna agus theicneolaíoch, agus a bheith freagrúil d’fhorbairtí domhanda.
Mar a cuireadh i dtábhacht i dtuarascáil Draghi
II
, tá tionchar mór ag carnadh rialacha le himeacht ama ar leibhéil éagsúla, ag a gcastacht mhéadaithe agus ag na dúshláin a bhaineann leis na rialacha a chur chun feidhme ar iomaíochas na hEorpa, rud a chuireann teorainn lenár n‑acmhainneacht eacnamaíoch agus lenár rathúnas. Tá sé in am anois breithniú a dhéanamh agus cáilíocht ár gcreata rialála a láidriú, d’fhonn dlús a chur lenár gcuspóirí comhaontaithe a bhaint amach.
Éilíonn sé seo gníomhaíocht cheannasach chomhbheartaithe, seachas cur chuige incriminteach. Beidh ar an gCoimisiún, ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle, ar údaráis na mBallstát ar gach leibhéal agus ar pháirtithe leasmhara oibriú le chéile chun rialacha an Aontais, rialacha náisiúnta agus rialacha réigiúnacha a chuíchóiriú agus a shimpliú agus chun beartais a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí. Tá gá freisin le hilroinnt rialála sa mhargadh aonair a shárú chun fás eacnamaíoch breise mór a spreagadh.
Leagtar amach sa teachtaireacht seo fís do chlár oibre maidir le cur chun feidhme agus simpliú lena mbainfear feabhsuithe tapa infheicthe amach le haghaidh daoine agus gnólachtaí, ar mhaithe le hAontas a bheidh níos rathúla, dícharbónaithe agus athléimneach. Is iad na pacáistí Omnibus a leagtar amach i gClár Oibre 2025 an Choimisiúin na chéad spriocanna insoláthartha a bheidh againn faoin sainordú seo. Níl iontu ach tús. Leanfar den iarracht sin ar feadh an tsainordaithe, agus an sprioc ann tástáil struis a dhéanamh ar acquis iomlán reachtaíocht an Aontais atá ann cheana, i ndlúthchomhar le cleachtóirí agus le páirtithe leasmhara.
Chun torthaí a bhaint amach, leagtar amach sa teachtaireacht seo tacar cuimsitheach uirlisí, gan aon sraith iomarcach próisis nó riaracháin a chruthú. Ina ionad sin, athdhíreoidh an Coimisiún a chuid iarrachtaí agus a chuid acmhainní ar na huirlisí sin a úsáid, chun rialacha níos simplí agus cur chun feidhme níos costéifeachtaí a bhaint amach. Beidh ár n‑eagraíocht ar fad páirteach san athrú seo ar an gcultúr rialála agus corparáideach. Cuirfidh ranna uile an Choimisiúin an iarracht chuíchóirithe sin i gcrích.
Beidh cur chuige an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme agus simpliú faoi threoir an ghá atá leis an am atá caite a chur san áireamh, dul i ngleic leis an am i láthair, agus an todhchaí a mhúnlú. Chun ár gcuspóirí beartais a bhaint amach ar bhealach níos fearr, déanfaimid na rialacha atá ann cheana a shimpliú nuair is gá agus áiritheoimid go gcuirfear chun feidhme iad ar bhealach níos fearr. Déanfaimid athbhreithniú ar ár gcreat rialála agus é a oiriúnú chun é a dhéanamh níos freagrúla do riachtanais daoine agus gnólachtaí. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar phrionsabail na reachtóireachta níos fearr agus ar dheimhneacht dhlíthiúil agus tograí maidir le simpliú á ndéanamh aige. Áiritheoidh uirlisí nua maidir le rialáil níos fearr agus simpliú go gceapfar na dlíthe a bheidh ann amach anseo agus aird chuí á tabhairt ar an gcur chun feidhme agus ar an simpliú ón tús. Trí na gníomhartha sin uile, saothróimid ár spriocanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla.
II.A áirithiú go mbainfidh beartais an Aontais torthaí amach
Le blianta beaga anuas, léirigh an tAontas go bhfuil gealltanas tugtha aige dul i ngleic leis na dúshláin go díreach, ag teacht ar chomhaontú maidir le beartais uaillmhianacha go tapa chun freagairt do ghéarchéimeanna agus do theagmhais iomadúla casta. Braitheann ár rath anois ar chur chun feidhme éifeachtach agus ar sheachaint go gcuireann carnadh ualaí do dhaoine, do ghnólachtaí agus do riaracháin ár gcuspóir ó mhaith.
Baineann an cur chun feidhme leis na Ballstáit go príomha nuair a thugann siad dlí an Aontais isteach sa reachtaíocht náisiúnta agus nuair a áirithíonn siad go bhforfheidhmítear é. Baineann sé freisin le rialacha a chuireann údaráis, daoine agus gnólachtaí i bhfeidhm. Fiú i réimsí nach bhfuil aon dlí ceangailteach de chuid an Aontais iontu, tá obair chomhordaithe ar chuspóirí a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais fíor-riachtanach anois chun torthaí a bhaint amach. Tá gá leis an obair chomhordaithe sin freisin ionas nach mbeidh ilroinnt an mhargaidh aonair agus ualach breise ar dhaoine agus ar ghnólachtaí mar thoradh ar cheanglais náisiúnta bhreise nach n‑eascraíonn as dlí an Aontais – ar a dtugtar ‘rórialáil’
III
. I mbeagán focal, is comhfhreagracht é.
Cuireann na heasnaimh maidir leis na rialacha a chur chun feidhme agus an margadh aonair
IV
a chur i gcrích ina mbac ar ár rathúnas agus ar ár n‑iomaíochas. Is féidir leo freisin an bonn a bhaint de chumas an Aontais a chuspóirí beartais a bhaint amach agus luachanna an Aontais a chosaint. Mar thoradh air sin, ní bhaineann daoine ná gnólachtaí leas iomlán as beartais an Aontais, agus is minic a bhíonn dúshláin mhóra roimh chuideachtaí maidir le bacainní rialála agus ualaí riaracháin a shárú
V
.
Mar chuid den athrú níos leithne ar an gcultúr rialála, is gá don Aontas díriú ar fheabhas a chur ar ár rialacha a chur chun feidhme agus dul i gcomhar le chéile idir institiúidí an Aontais, na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara. Cuirfidh an Coimisiún dlús lena chuid oibre maidir le cur chun feidhme níos fearr tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
a)oibriú níos dlúithe leis na Ballstáit
b)infheistíocht a dhéanamh in acmhainneacht riaracháin, uirlisí digiteacha agus sonraí
c)dul i gcomhar le páirtithe leasmhara ar bhealach níos éifeachtaí
d)gníomhaíocht forfheidhmiúcháin ghasta dhiongbháilte
a) Oibriú níos dlúithe leis na Ballstáit
Is é an comhar leis na Ballstáit maidir le dlí an Aontais a chur chun feidhme an bealach is tapúla chun a áirithiú go mbainfidh rialacha an Aontais a gcuspóir amach. Cuidíonn sé freisin le bac a chur ar sháruithe ar an gcéad dul síos. I gcás an Choimisiúin, ciallaíonn sé sin dlús a chur leis an idirphlé leis na Ballstáit agus níos mó tacaíochta a thabhairt dóibh chun dlí an Aontais a chur chun feidhme i gceart agus in am.
Nuair a bheidh mórghníomh dlí á thabhairt chun críche ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, ullmhóidh an Coimisiún straitéis cur chun feidhme
VI
go córasach chun pleanáil a dhéanamh ar an gcaoi a dtacóidh sé leis na Ballstáit le linn an phróisis cur chun feidhme. Sainaithneofar sa straitéis dúshláin (dhlíthiúla, riaracháin nó phraiticiúla) maidir leis an ngníomh dlí a thrasuí agus a chur i bhfeidhm, socruithe chun dul chun cinn a rianú, bearta tacaíochta (le haghaidh FBManna san áireamh) agus amlíne shoiléir. Is dea-shampla í an straitéis Accele-RES a rinneadh le déanaí, rud a chuidíonn leis na Ballstáit nósanna imeachta ceadaithe cuíchóirithe a chur chun feidhme faoin Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh In-athnuaite
VII
.
Tá faisnéis luath ó na Ballstáit agus ó pháirtithe leasmhara ríthábhachtach don Choimisiún chun straitéisí cur chun feidhme éifeachtacha a ullmhú lena gcomhtháthaítear bearta tacaíochta spriocdhírithe agus éifeachtacha. Maidir le treoracha, beidh trasuí níos tapúla agus iomlán ann mar thoradh ar theimpléid mhíniúcháin an Choimisiúin agus ar threochláir thrasuí, a bheidh le comhlánú ag na Ballstáit. Ar an gcaoi chéanna, chuideodh nuashonruithe réamhghníomhacha ar oibleagáidí náisiúnta a théann thar cheanglais dhlí an Aontais (rórialáil) le dul i ngleic leis na tionchair atá ag rialacha éagsúla ar fud an Aontais.
Úsáidfidh an Coimisiún grúpaí saineolaithe agus suíomhanna comhchosúla chun comhpháirtíochtaí níos dlúithe a thógáil idir údaráis náisiúnta, chun tacú le cur chun feidhme agus chun tacaíocht piaraí a chur ar fáil idir na Ballstáit. Féadfaidh an cur chuige deonach sa Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair, ina n‑oibríonn an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile chun bacainní margaidh a bhaint, a bheith ina shamhail d’obair den chineál céanna in earnálacha eile amhail an iomaíocht, an teileachumarsáid nó an fuinneamh. Thairis sin, féadfaidh gníomhaireachtaí rialála an Aontais cuidiú le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go háirithe trí rannchuidiú le cultúr coiteann maoirseachta.
b) Infheistíocht a dhéanamh in acmhainneacht riaracháin, uirlisí digiteacha agus sonraí
Braitheann cur chun feidhme éifeachtach beartas ar riaracháin phoiblí atá dea-fheistithe agus éifeachtúil. Éilíonn sé seo ardleibhéal digiteála agus rochtana ar shonraí agus ar fhianaise
VIII
, chomh maith le foireann agus scileanna iomchuí sna riaracháin uile a bhfuil baint acu leis an gcur chun feidhme. Tá sraith uirlisí agus clár ag an Aontas chun tacú le cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht. Mar shampla, cuidíonn an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil leis na Ballstáit a n‑acmhainneacht riaracháin a fhorbairt, digitiú, athchóirithe a chur i gcrích agus tosaíochtaí an Aontais a chur chun feidhme i gcoitinne, agus an t‑ualach is lú is féidir a chur ar na Ballstáit. Faoin Spás Riaracháin Eorpach (ComPAct)
IX
, cuireann an Coimisiún tacaíocht ar fáil chun acmhainneacht riaracháin a neartú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil – agus díriú ar scileanna agus ar na haistrithe digiteacha agus glasa – agus ar mhalartuithe le haghaidh státseirbhíseach chun dea-chleachtais a roinnt agus obair a dhéanamh ar fhadhbanna coiteanna thar theorainneacha
X
. Ina theannta sin, faoi Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, éascaíonn an Coimisiún comhar riaracháin trasteorann digiteach chun rialacha an Mhargaidh Aonair a chur chun feidhme.
Cothóidh an Coimisiún úsáid éifeachtach na n‑uirlisí sin chun príomhbheartais nua nó príomhreachtaíocht nua a chur chun feidhme.
c) Dul i gcomhar le páirtithe leasmhara ar bhealach níos éifeachtaí
Ní féidir roinnt dúshlán cur chun feidhme a thuar. Is é sin an fáth a dteastaíonn teagmháil rialta ón gCoimisiún le páirtithe leasmhara agus le cleachtóirí, chun aiseolas a bhailiú ar an méid atá ag obair agus ar na nithe nach bhfuil, agus chun bealaí a shainaithint chun cur chun feidhme a fheabhsú agus a éascú.
Óstálfaidh gach Coimisinéir dhá idirphlé cur chun feidhme ar a laghad in aghaidh na bliana le páirtithe leasmhara. Is é is aidhm dó measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn agus réimsí a shainaithint ar gá aird a thabhairt orthu go mbainfidh beartais an Aontais torthaí amach. Díreofar san idirphlé ar na príomhghrúpaí a ndéanann beartais an Aontais difear dóibh, amhail an tionscal, lena n‑áirítear FBManna, comhpháirtithe sóisialta, údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus an tsochaí shibhialta, arb é is aidhm dó ionadaíocht chothrom a dhéanamh ar leasanna agus ar rannpháirtíocht. Cuirfear a gcuid torthaí i láthair i dtuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn maidir le forfheidhmiú agus cur chun feidhme. Cuideoidh siad sin le saincheisteanna a bhaineann le droch-chur chun feidhme, rórialáil, ró-chomhlíontacht nó ilroinnt a shainaithint, agus nochtfaidh siad deiseanna maidir le simpliú agus comhchuibhiú. Cuirfear tús leis an idirphlé sin láithreach bonn, agus beidh an chéad bhabhta ann sa chéad leath de 2025.
d) Gníomhaíocht forfheidhmiúcháin ghasta dhiongbháilte
Má bhíonn easnaimh fós ann maidir le dlí an Aontais a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm in ainneoin thacaíocht an Choimisiúin a leagtar amach thuas, cuirfimid dlús leis an ngníomhaíocht chun comhlíontacht a bhaint amach. Tá sásraí faireacháin agus coisctheacha earnáilsonracha
XI
agus uirlisí réitigh fadhbanna
XII
fós úsáideach chun fadhbanna comhlíontachta a shainaithint agus chun dul i ngleic le saincheisteanna sonracha. Is féidir réitigh ghasta a bhaint amach freisin trí idirphlé réamhsháraithe
XIII
.
I gcás ina dteipeann ar an gcomhar na rialacha comhaontaithe a chur chun feidhme go tráthúil, tá gá le nósanna imeachta um shárú, agus na cúiseanna leis an ngníomhaíocht a chur in iúl go soiléir. Saothróidh an Coimisiún gníomhaíocht forfheidhmiúcháin dhiongbháilte mar chaomhnóir na gConarthaí, chun a áirithiú go gcuirfear rialacha chun feidhme, agus chun ilroinnt an Mhargaidh Aonair agus aon rórialáil neamhdhleathach a chomhrac
XIV
. Leanfaidh sé dá chur chuige straitéiseach
XV
a shaothrú freisin, agus tús áite á thabhairt aige do sháruithe a bhfuil an tionchar is mó acu ar leasanna poiblí agus gnó.
Tá an líon nósanna imeachta um shárú fós ard (thart ar 1 500 cás
XVI
ag tús 2025), agus tá cuid acu sin seanbhunaithe. Leanfaidh an Coimisiún dá chuid oibre chun clabhsúr rathúil a chur ar chásanna um shárú ionas go mbainfidh dlí an Aontais na tairbhí atá beartaithe amach. Mura réitíonn an nós imeachta um shárú sáruithe ar dhlí an Aontais le linn na luathchéimeanna, ní bheidh drogall ar an gCoimisiún cásanna a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus smachtbhannaí airgeadais á n‑iarraidh aige i gcás inar féidir ó thaobh an dlí de
XVII
.
III.An Eoraip a dhéanamh níos simplí agus níos tapúla
Tá geilleagair agus sochaithe an domhain ag athrú ó bhonn mar gheall ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach, agus tá dianiomaíocht le haghaidh acmhainní agus nuálaíochta ann mar thoradh orthu. Tá gá le cur chuige misniúil chun borradh a chur faoinár n‑iomaíochas chun go n‑éireoidh linn sa timpeallacht nua seo, lena n‑áirítear trínár gcreat rialála a shimpliú, gan an bonn a bhaint dár spriocanna beartais agus dár n‑ardchaighdeáin. Leis an gcur chuige nua sin, féachfar le dul i ngleic le gach foinse ualaí rialála – oibleagáidí tuairiscithe, costais riaracháin athfhillteacha, chomh maith le costais chomhlíontachta ar bhonn níos ginearálta – nuair is féidir modhanna leormhaithe a shainaithint chun an bunchuspóir rialála a shaothrú trí mhodhanna níos cuíchóirithe agus níos éifeachtúla.
Tá bearta déanta ag an gCoimisiún le blianta beaga anuas chun an t‑ualach riaracháin a laghdú. I mí an Mhárta 2023, d’fhógair sé an sprioc an t‑ualach tuairiscithe ar chuideachtaí agus ar riaracháin a laghdú 25 %, gan an bonn a bhaint de na cuspóirí beartais
XVIII
. Lena chlár oibre 2024
XIX
, chuir sé síos an chéad sraith de 41 bheart i dtreo na sprice sin. Áiríodh sna bearta suntasacha an tAthchóiriú ar Chustam an Aontais, a bhfuil coinne leis amháin go sábhálfaidh sé EUR 2.7 billiún, coigeartuithe ar thairseach na Treorach Cuntasaíochta, rud a rachaidh chun tairbhe do níos mó ná milliún cuideachta, agus foirm choiteann ar líne le haghaidh dearbhuithe maidir le hoibrithe ar postú
XX
.
In 2025, rinne an Coimisiún simpliú, an t‑ualach tuairiscithe a laghdú, an rómhaorlathas a laghdú, an próiseas chun ceadanna a fháil a chuíchóiriú agus príomhthosaíochtaí reachtaíochta a shimpliú do na 5 bliana amach romhainn. Saothróidh gach Coimisinéir na spriocanna sin ina réimsí freagrachta, a chomhordaíonn an Coimisinéir um Chur chun Feidhme agus Simpliú.
Comhlánaíonn na hathruithe sin an cur chuige ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ atá ann cheana agus a dhíríonn ar chostais na reachtaíochta nua a fhritháireamh trí ualaí a laghdú
XXI
, sna réimsí beartais céanna de ghnáth
XXII
. Tá an cur chuige curtha chun feidhme go hiomlán ó bhí 2022 ann agus mar gheall ar an gcur chuige sin, is ann do thograí ón gCoimisiún as a dtiocfadh glanchoigilteas costais mór dá nglacfadh na comhreachtóirí go hiomlán é
XXIII
.
Leis an spreagadh i dtreo simpliúcháin, bunaithe ar athbhreithnithe cuimsitheacha agus ar athruithe spriocdhírithe ar ár rialacha, beidh an saol níos éasca do dhaoine agus do chuideachtaí, lena n‑áirítear ár 33 mhilliún FBM agus na mílte cuideachtaí meánchaipitlithe beaga. Oibreoimid leo chun an leas is fearr is féidir a bhaint as ár n‑uirlisí aiseolais ar líne
XXIV
chun foghlaim faoi shaincheisteanna cur chun feidhme agus faoi dheiseanna simpliúcháin.
Cuirfidh an Coimisiún le hobair an Ardáin ‘Réidh don Todhchaí’, grúpa saineolaithe ardleibhéil a sholáthair ionchur nach beag d’iarrachtaí simpliúcháin le blianta beaga anuas
XXV
. Thug comhaltaí an Ardáin saineolas ó riaracháin náisiúnta, ó ghnólachtaí, ó chomhpháirtithe sóisialta agus ón tsochaí shibhialta, ó Choiste na Réigiún agus ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Rannchuidigh Líonra na Mol Réigiúnach le haghaidh Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme Bheartais an Aontais freisin le dúshláin ó thaobh cur chun feidhme de ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil.
Chun gníomhaíocht phraiticiúil a dhéanamh den spreagadh nua sin, bainfidh an Coimisiún úsáid as na huirlisí agus na gníomhaíochtaí seo a leanas:
a)spriocanna nua chun an t‑ualach riaracháin a laghdú
b)tús áite a thabhairt do bhearta nua simpliúcháin
c)tástáil struis de réir a chéile ar chorpas reachtaíocht an Aontais
d)buiséad an Aontais atá níos simplí, níos dírithe agus a bhfuil níos mó tionchair aige
e)taithí phraiticiúil trí sheiceálacha réaltachta a dhéanamh
a)Spriocanna nua chun an t‑ualach riaracháin a laghdú
Chun iarrachtaí leanúnacha intomhaiste a áirithiú do na blianta atá amach romhainn, bhí spriocanna leagtha síos ag an gCoimisiún chun ualaí tuairiscithe a laghdú 25 % ar a laghad do gach cuideachta agus 35 % do FBManna, gan an bonn a bhaint de na cuspóirí beartais. Mar sin féin, níl sna costais a bhaineann le tuairisciú ach fothacar de chostais riaracháin agus, bunaithe ar an aiseolas a fuarthas, measaimid gur gá cur chuige níos iomlánaíche a leanúint. Dá bhrí sin, cuirfidh an Coimisiún a spriocanna maidir le laghdú ualaí i bhfeidhm i dtaca le bonnlíne na gcostas riaracháin uile.
Agus úsáid á baint as sonraí atá ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, thug Eurostat neasluach costas riaracháin athfhillteach foriomlán EUR 150 billiún san Aontas in 2022
XXVI
. Chun laghdú 25 % a dhéanamh ar an mbonnlíne sin, beidh gá le costais riaracháin athfhillteacha a laghdú EUR 37.5 billiún faoi dheireadh an tsainordaithe. Is é is aidhm do bhearta tiomnaithe do FBManna an sprioc 35 % a bhaint amach. Déanfaimid breithniú ar an dul chun cinn atá déanta againn i dtreo na sprice sin i dtuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn maidir le forfheidhmiú agus cur chun feidhme, tuarascálacha ina mbeidh treoirlínte do thionscnaimh simpliúcháin amach anseo freisin.
Ó fógraíodh an sprioc maidir leis an ualach a laghdú 25 % i mí an Mhárta 2023, mhol an Coimisiún bearta a mheastar a shábhálfaidh thart ar EUR 5 bhilliún
XXVII
. Tá an fhreagracht ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle acmhainneacht tograí ón gCoimisiún maidir le laghdú ar an ualach a choinneáil ar bun nó, i gcás inar féidir, a neartú le linn na caibidlíochta reachtaí, agus tá an fhreagracht ar na Ballstáit rórialáil a sheachaint maidir le trasuí náisiúnta nó dlí an Aontais a chur i bhfeidhm.
Chomh maith leis na spriocanna cainníochtaithe sin a shaothrú maidir le costais a bhaineann le tuairisciú agus costais riaracháin athfhillteacha eile a laghdú, leanfaidh an Coimisiún de laghduithe fóinteacha a shaothrú ar chostais chomhlíontachta rialála eile i gcás inar féidir bealach níos costéifeachtaí a shainaithint chun an cuspóir beartais a bhaint amach.
|
b)Tús áite a thabhairt do bhearta nua simpliúcháin
Tá clár oibre 2025 an Choimisiúin dírithe níos mó ar shimpliú ná riamh. Áirítear ann sraith pacáistí Omnibus agus tograí simpliúcháin eile chun dul i ngleic le réimsí tosaíochta a sainaithníodh le páirtithe leasmhara le bliain anuas
XXVIII
. Iarraimid ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle machnamh a dhéanamh ar dhlús a chur leis na comhaid sin, ag gníomhú dóibh ar na tograí simpliúcháin gan codanna eile den reachtaíocht a athoscailt, chun an soiléireacht agus an faoiseamh uasta a chur ar fáil go gasta do chuideachtaí. Leanfaidh an clár oibre de bhearta simpliúcháin a mharcáil le haghaidh tosaíocht den sórt sin sna blianta amach romhainn
Le pacáistí Omnibus agus tograí simpliúcháin eile, a ghlacfar i rith na bliana, déanfar an simpliú a uasmhéadú trí aghaidh a thabhairt ar idirghníomhaíochtaí idir píosaí éagsúla reachtaíochta. Áireofar leo sin, inter alia:
·Pacáiste Omnibus maidir le hinbhuanaitheacht. Cumhdóidh an togra seo simpliú forleathan sna réimsí maidir le tuairiscithe airgeadais inbhuanaithe, dícheall cuí corparáideach inbhuanaitheachta agus an tacsanomaíocht. Áiritheofar leis ailíniú níos fearr ar na ceanglais le riachtanais infheisteoirí, amlínte comhréireacha, méadrachtaí airgeadais nach ndíspreagann infheistíochtaí i gcuideachtaí beaga atá i mbun aistrithe, agus oibleagáidí atá comhréireach leis an scála gníomhaíochtaí cuideachtaí éagsúla. Tabharfaidh sé aghaidh go háirithe ar éifeacht an tsíothlaithe chun nach mbeidh cuideachtaí beaga feadh na slabhraí soláthair faoi réir iarrataí iomarcacha ar thuairisciú sa chleachtas nach raibh beartaithe riamh ag na reachtóirí. Laghdófar na ceanglais maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha chun tairbhe d’allmhaireoirí beaga, go háirithe do FBManna agus d’údaráis.
·Pacáiste Omnibus maidir le simpliú infheistíochta. Leis an bpacáiste sin, éascófar, i measc nithe eile, cur in úsáid InvestEU agus an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, agus simpleofar an tuairisciú.
·Pacáiste Omnibus, lena n‑áirítear maidir le cuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus ceanglais pháipéir a bhaint. Áiritheofar leis an bpacáiste Omnibus seo go mbeidh ceanglais oiriúnaithe ag cuideachtaí meánchaipitlithe beaga freisin agus bainfidh sé iarrataí neamhéifeachtúla ar fhormáid pháipéir sa reachtaíocht maidir le táirgí.
·An pacáiste digiteach. Leis an athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil agus leis an reachtaíocht cibearshlándála a shimpliú, áiritheofar modhanna simplithe agus níos sofhreagrúla chun tuairisciú ilchuspóireach a éascú chun dúbláil a sheachaint. Beidh sé sin ina chuid den mheasúnú níos leithne, le linn na chéad bhliana den sainordú, ar cé acu a léiríonn nó nach léiríonn an acquis digiteach leathnaithe go leormhaith riachtanais agus srianta gnólachtaí amhail FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, ag dul thar an treoir agus na caighdeáin is gá lena n‑éascaítear comhlíontacht
XXIX
. I measc nithe eile, tabharfaidh Straitéis Eorpach maidir le hAontas Sonraí aghaidh ar na rialacha sonraí atá ann cheana chun creat dlíthiúil simplithe, soiléir agus comhleanúnach a áirithiú do ghnólachtaí agus do riaracháin chun sonraí a chomhroinnt go rianúil agus ar scála, agus ardchaighdeáin phríobháideachais agus slándála á n‑urramú.
·An Comhbheartas Talmhaíochta a shimpliú. Leis an bpacáiste seo, tabharfar aghaidh ar fhoinsí castachta agus ar fhoinsí ualaigh riaracháin iomarcaigh d’fheirmeoirí agus do riaracháin náisiúnta maidir le bainistiú, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh, agus leas á bhaint as acmhainneacht na digiteála freisin.
Sa bhreis ar na tograí sin, le tionscnaimh eile sa chlár oibre, simpleofar an reachtaíocht chun deonú ceadanna, údaruithe agus ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú. Áirítear leo sin an Gníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch lena leathnófar ceadú brostaithe chuig níos mó earnálacha atá i mbun aistrithe nó an t‑athbhreithniú spriocdhírithe ar rialacha an Aontais maidir le ceimiceáin (REACH), rud a shimpleoidh rialacha do thionscal na gceimiceán gan dochar a dhéanamh don tsláinte, don tsábháilteacht ná do chosaint an chomhshaoil.
Rannchuideoidh tionscnaimh dhigiteacha le simpliú agus le cur chun feidhme ar fud na réimsí beartais uile
XXX
. Ag cur leis an Tiachóg Dhigiteach, cuirfimid an Tiachóg Ghnó Eorpach ar aghaidh chun cur ar a gcumas do ghnólachtaí ceanglais rialála, fógraí agus próisis chomhlíontachta náisiúnta, trasteorann agus de chuid an Aontais a bhainistiú in aon áit amháin agus ar bhealach soláimhsithe.
Déanfar tuilleadh tograí simpliúcháin a mheas, ina measc sin omnibus a d’fhéadfadh a bheith ann i réimse na cosanta chun cabhrú leis na spriocanna infheistíochta a leagfar amach sa Pháipéar Bán a bhaint amach, agus chun go mbeidh rath ar chuideachtaí nuálacha.
Cé go bhféadfadh breithnithe eile (dífheidhmeacht rialacha áirithe, easpa dul chun cinn polaitiúil maidir le tograí seanbhunaithe), simpliú agus breithnithe costéifeachtachta a bheith ina gcúis freisin le tograí maidir le haisghairm iomlán na reachtaíochta atá ann cheana nó maidir le tograí atá ar feitheamh a tharraingt siar.
|
c)Tástáil struis de réir a chéile ar chorpas reachtaíocht an Aontais
Áirítear sa chlár oibre freisin an chéad liosta de mheastóireachtaí ar dhlíthe aonair nó ar réimsí beartais iomlána (seiceálacha oiriúnachta), rud a chuireann tús le próiseas chun tástáil struis a dhéanamh ar chorpas reachtaíocht an Aontais. Déanfar leo scrúdú géar ar an bhféidearthacht simpliú a dhéanamh agus díriú ar dheiseanna a aimsiú chun costais a laghdú agus rialacha a chomhdhlúthú, agus dúshláin a bhaineann le FBManna á gcur san áireamh go háirithe. Cuirfear na torthaí san áireamh sa chéad bhabhta eile de phacáistí simpliúcháin, i bhfáinne óir.
Próiseas leanúnach chun reachtaíocht an Aontais a scagadh a bheidh i dtástáil struis. Is é an aidhm dheiridh athbhreithniú a dhéanamh ar acquis iomlán an Aontais chun na tionchair charnacha atá aige agus na neamhréireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a aithint agus chun é a shimpliú, agus a chuspóirí beartais á mbaint amach ar bhealach níos éifeachtúla. Áiritheoidh gach Coimisinéir go ndéanfar tástáil struis ar an reachtaíocht laistigh dá réimsí freagrachta, faoi stiúradh an Choimisinéara um Chur chun Feidhme agus Simpliú. Ar bhonn an phróisis sin, áireofar bearta coincréiteacha simpliúcháin i gclár oibre an Choimisiúin gach bliain.
d)Buiséad an Aontais atá níos simplí, níos dírithe agus a bhfuil níos mó tionchair aige
Tá simpliú fíor-riachtanach freisin chun aghaidh a thabhairt ar ilroinnt réimse airgeadais an Aontais faoi láthair agus chun an t‑ualach riaracháin atá ar na páirtithe leasmhara uile a laghdú, chun cur chun feidhme tráthúil agus éifeachtach chistí an Aontais a áirithiú. Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir leis an mbealach i dtreo an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile
XXXI
, tíolacfaidh an Coimisiún togra in 2025 le haghaidh buiséad fadtéarmach níos simplí, níos dírithe agus níos freagrúla lena mbainfear amach tosaíochtaí an Aontais agus lena n‑éascófar rochtain na dtairbhithe ar chistiú ón Aontas agus lena n‑uasmhéadófar a thionchar. Laghdóidh sé an chastacht d’údaráis cur chun feidhme freisin, agus coimircí láidre á gcoinneáil maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Cuirfidh an togra seo leis na ceachtanna a foghlaimíodh ón tréimhse chlársceidealaithe reatha agus ó chomhairliúchán leathan ar an leibhéal polaitiúil, ar an leibhéal institiúideach agus ar leibhéal na bpáirtithe leasmhara, mar aon le for-rochtain réamhghníomhach ar shaoránaigh.
e)Taithí phraiticiúil trí sheiceálacha réaltachta a dhéanamh
Déanfaidh an Coimisiún teagmháil le cleachtóirí i gcuideachtaí, go háirithe FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga ar fud raon leathan réimsí, chun tuiscint a fháil ar a dtaithí ar an láthair agus ar thionchar dhlí an Aontais ar a ngníomhaíochtaí. Cuideoidh na malartuithe sin ar an leibhéal teicniúil le saincheisteanna praiticiúla a shainaithint agus a réiteach, amhail saincheisteanna a bhaineann le húdaruithe, ceadú, rialú nó comhlíontacht.
Le seiceálacha réaltachta, féachfar le haon chonstaic nó taithí dhearfach, agus an chaoi a mbaineann siad le rialacha an Aontais, le cur chun feidhme agus le trasuí náisiúnta, a shainaithint. Cuideoidh siad lena fhíorú an bhfuil na toimhdí atá mar bhonn taca faoi reachtaíocht an Aontais i gceart agus an mbaineann siad amach na tairbhí a bhfuil coinne leo. Cuideoidh siad freisin lena mheas an nginfear coigilteas costais leis na bearta simpliúcháin atá beartaithe agus an bhfuil siad iomchuí agus réalaíoch.
Cuireann toradh na seiceálacha réaltachta leis an tástáil struis ar an reachtaíocht atá ann cheana (lena n‑áirítear meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta) agus le ceapadh tograí simpliúcháin a bheidh ann amach anseo.
IV.Feabhas a chur ar an gcaoi a ndéanaimid rialacha nua
Chomh tábhachtach agus atá sé na rialacha atá ann cheana a shimpliú, tá sé ríthábhachtach freisin go mbeidh reachtaíocht nua simplí, éasca le tuiscint agus le cur chun feidhme, dréachtaithe go soiléir agus gan débhrí. Ní mór saincheisteanna cur chun feidhme agus forfheidhmithe a mheas ón uair a cheapann an Coimisiún a thograí, mar a leagtar amach sa bhosca uirlisí agus sna treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr
XXXII
, agus le linn an phróisis reachtaigh.
Is féidir leis an Aontas cur lena chur chuige maidir le rialáil níos fearr, a aithnítear mar cheann de na cinn is fearr in ECFE, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le comhairliúcháin, meastóireachtaí agus measúnuithe tionchair
XXXIII
. Tairbhíonn sé freisin d’obair an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála, a áirithíonn ardcháilíocht na fianaise atá mar bhonn taca faoi thograí reachtacha.
Mar sin féin, measann formhór na gcuideachtaí – FBManna go háirithe – gurb iad ceanglais rialála agus a dtionchar carnach an dúshlán is mó maidir lena ngnó a bhunú agus a mhéadú san Aontas. Éilíonn sé seo scrúdú neartaithe a dhéanamh ar thionchair na reachtaíochta nua atá beartaithe ar iomaíochas, ar FBManna agus ar ghnólachtaí nuathionscanta chomh maith le cuideachtaí meánchaipitlithe beaga. Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle freisin tionchar a leasuithe a mheas le linn an phróisis reachtaigh. Beidh gá freisin le grinnscrúdú níos géire a dhéanamh ar na téarmaí cumhachtaithe a chuirtear isteach sa reachtaíocht, agus ar ghníomhartha ábhartha tarmligthe agus cur chun feidhme ina dhiaidh sin.
Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, tá gá le cur chuige nua i leith an phróisis reachtaigh, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
a)seiceálacha atreisithe ar FBManna agus ar iomaíochas
b)grinnscrúdú ar ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, agus cumhachtú gaolmhar
c)seachadadh cliste agus digiteach atá comhtháite i gceapadh dhlíthe an Aontais
d)modheolaíocht shimplí chun measúnú a dhéanamh ar thionchar leasuithe móra
a)Seiceálacha atreisithe ar FBManna agus ar iomaíochas
Cuirfear na seiceálacha atreisithe ar FBManna agus ar iomaíochas i bhfeidhm go córasach maidir leis an reachtaíocht uile atá beartaithe agus beidh éifeachtaí intuartha acu ar chuideachtaí, go háirithe ar ghnólachtaí beaga, chun scrúdú níos géire a dhéanamh ar na tionchair sin. Meastar ceithre phríomhghné sa tseiceáil ar iomaíochas: iomaíochas costas/praghsanna, iomaíochas idirnáisiúnta, cumas dul i mbun nuálaíochta, agus tionchair ar iomaíochas FBManna. Díreofar ar earnálacha sa tseiceáil níos mó. Déanfar measúnú inti ar staid iomaíochais chuideachtaí an Aontais sna hearnálacha is mó a ndéanann gach togra difear dóibh trí úsáid a bhaint as táscairí agus faisnéis cháilíochtúil, lena soláthrófar athróg ionadach do sheasamh iomaíochais chuideachtaí an Aontais a ndéantar difear dóibh chun tuiscint níos fearr a fháil ar na tionchair charnacha ar earnálacha áirithe, amhail iad siúd a shainaithnítear i dtuarascáil Draghi mar chinn atá ríthábhachtach d’iomaíochas na hEorpa. Measfaidh an Coimisiún ansin na bearta maolaitheacha is iomchuí i gcás ina sainaithnítear saincheisteanna iomaíochais.
Déanfaidh an Coimisiún obair leantach ar mholtaí na tuairime ón Ardán ‘Réidh don Todhchaí’, inar moladh bealaí chun an tástáil FBManna a athnuachan
XXXIV
. Leis na measúnuithe tionchair ar an reachtaíocht ábhartha, cuirfear na tionchair ar FBManna i láthair ar bhealach níos soiléire, chomh maith le bearta tacaíochta agus maolaitheacha, lena gcuirfear feabhas ar cháilíocht na faisnéise atá ar fáil do Choláiste na gCoimisinéirí agus do na comhreachtóirí. Ina theannta sin, neartófar an anailís ar éifeachtaí indíreacha na reachtaíochta ar FBManna. Beidh anailís thiomnaithe ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht beartas le haghaidh FBManna sna meastóireachtaí agus sna seiceálacha oiriúnachta uile freisin.
b)Grinnscrúdú ar ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, agus cumhachtuithe gaolmhara
Glacann an Coimisiún líon ard gníomhartha tarmligthe
XXXV
agus gníomhartha cur chun feidhme
XXXVI
gach bliain, gníomhartha a shainordaítear le reachtaíocht arna glacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle. Tá go leor de na gníomhartha sin teicniúil agus tá tionchair theoranta acu, rud a mheasfaí cheana féin agus an reachtaíocht bhunúsach á moladh, agus dá bhrí sin ní gá measúnú tionchair tiomnaithe a dhéanamh orthu.
Mar sin, nuair a bheidh ar an gCoimisiún rogha a dhéanamh idir roghanna beartais agus nuair a bheidh tionchair nach beag ann nár cuireadh san áireamh agus togra an Choimisiúin maidir leis an reachtaíocht bhunúsach á ullmhú, beidh gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme faoi réir measúnú tionchair
XXXVII
. Fiú nuair nach bhfuil aon rogha beartais ann, má tá coinne le tionchair mhóra, cuirfidh an Coimisiún anailís ar chostais nó ar choigilteas costais i láthair. I gcás inarb ábhartha, tabharfar aird ar leith ar an tionchar ar FBManna.
Le linn an phróisis reachtaigh, measfaidh an Coimisiún go cúramach na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag cumhachtú ábhartha arna moladh ag na comhreachtóirí don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh, arb é is aidhm dó leathadh a sheachaint chomh maith le castacht agus costais nach bhfuil gá leo.
c)Seachadadh cliste agus digiteach atá comhtháite i gceapadh dhlíthe an Aontais
Is gá don inneachar tionscnaimh a bheith ar cháilíocht mhaith, rud a chiallaíonn go bhfuil sé éasca le tuiscint, gan débhrí agus soiléir go leor chun gur féidir aistriúchán aonchiallach a dhéanamh go teangacha oifigiúla uile an Aontais, agus is gá cur chun feidhme iarbhír a dhéanamh roimh cheapadh an tionscnaimh.
Is fearr is féidir saincheisteanna cur chun feidhme amach anseo a shainaithint trí idirphlé luath agus trí chomhar leis na Ballstáit, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, le comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara eile. Chun an sprioc sin a bhaint amach, beidh gnéithe dlíthiúla agus praiticiúla den chur chun feidhme ina gcuid de chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara agus de mheasúnuithe tionchair i gcás inarb iomchuí.
Cuirfidh an Coimisiún beartais atá réidh don digitiú i gcrích, trína áirithiú go mbeidh breithnithe digiteacha leabaithe ón tús
XXXVIII
agus trí úsáid a bhaint as uirlisí nuálacha amhail boscaí gainimh rialála chun roghanna beartais a ‘thástáil’ le bonn gnó na hEorpa
XXXIX
. Cuirfimid idir-inoibritheacht trasteorann
XL
idir riaracháin phoiblí chun cinn freisin, chomh maith le leathnú a dhéanamh ar úsáid ríomhardán, amhail an Tairseach Aonair Dhigiteach
XLI
, agus ar athúsáid sonraí atá ann cheana, lena n‑áirítear trí fhoirmeacha a réamhlíonadh, le haghaidh ceanglais chomhlíontachta atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo
XLII
.
Chun ualaí tuairiscithe agus costais chomhlíontachta a laghdú, déanfaimid na prionsabail ‘digiteach mar réamhshocrú’ agus ‘aonuaire’ a leabú a thuilleadh i gcomhpháirtíocht le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais.
d)Modheolaíocht shimplí chun measúnú a dhéanamh ar thionchar leasuithe móra
Cuirfidh an Coimisiún moltaí ar aghaidh chuig na comhreachtóirí maidir le modheolaíocht shimplí chun measúnú a dhéanamh ar thionchair a leasuithe móra, chun indéantacht measúnuithe den sórt sin a thástáil agus a thaispeáint gan moill mhíchuí a chur ar an bpróiseas reachtach. Agus leas á bhaint a mhéid is féidir as uirlisí agus as samhlacha atá ann cheana agus as sonraí atá ann cheana, d’fhéadfadh an mhodheolaíocht sin meastachán ar chostais riaracháin leasuithe móra a sholáthar, mar aon le cur i láthair níos faisnéisí ar chostais eile. Cuirfidh an Coimisiún na moltaí sin ar aghaidh le haghaidh comhairliúchán leis na comhreachtóirí sa dara ráithe de 2025.
V.An bealach ar aghaidh: comhpháirtíocht agus comhúinéireacht
Sa Teachtaireacht sin, leag an Coimisiún amach clár oibre uaillmhianach maidir le simpliú agus cur chun feidhme chun borradh a chur faoin iomaíochas, rathúnas, seachadadh beartas agus athléimneacht san Aontas. Chun na spriocanna sin a bhaint amach, beidh gá le gealltanas láidir ó na hinstitiúidí agus na páirtithe leasmhara eile uile, lena n‑áirítear go háirithe Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle.
Beidh na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ina gcomhpháirtithe fíor-riachtanacha freisin chun gníomhaíochtaí coincréiteacha a dhéanamh d’uaillmhianta, trí dheiseanna simpliúcháin a shainaithint, trí páirtithe leasmhara a mholadh chun cuireadh a fháil do na gníomhaíochtaí comhairliúcháin nua (idirphlé cur chun feidhme agus seiceálacha réaltachta) agus trí bhearta simpliúcháin a mhéadú trína n‑aistriú go gach leibhéal rialachais.
Beidh prionsabail na comhpháirtíochta agus an chomhair ina dtreoir d’obair an Choimisiúin:
a)tuairisciú rialta ar dhul chun cinn, agus trédhearcacht agus cuntasacht á n‑áirithiú
b)dul i gcomhar leis na comhreachtóirí chun rialacha níos simplí agus níos éifeachtaí de chuid an Aontais a chruthú
a) Tuairisciú rialta ar dhul chun cinn, agus trédhearcacht agus cuntasacht á n‑áirithiú
Tuairisceoidh an Coimisiún go rialta ar an dul chun cinn a dhéanfar. Cuirfidh gach Coimisinéir tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú ina réimse féin faoi bhráid fhoirmíocht Choiste na Parlaiminte agus na Comhairle faoi seach. Cuirfear i láthair sna tuarascálacha sin dul chun cinn maidir le príomhchuspóirí beartais, chomh maith le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin, cur chun feidhme, agus bearta tacaíochta agus simpliúcháin. Déanfar breithniú sna tuarascálacha freisin ar idirphlé le páirtithe leasmhara (lena n‑áirítear idirphlé cur chun feidhme), tástálacha struis agus seiceálacha réaltachta. Leagfar amach iontu aon bheart breise a mbeadh gá leis.
Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil forléargais i láthair, lena gcuirfear cuntasacht agus obair leantach chun cinn sa timthriall bliantúil cur chun feidhme agus simpliúcháin. Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin Europa freisin faisnéis sho-úsáidte faoi ábhair amhail dul chun cinn maidir leis na spriocanna i dtaca le laghdú ualaí, gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus cur chun feidhme dhlí an Aontais ar an leibhéal náisiúnta, lena n‑áirítear léarscáileanna idirghníomhacha agus graif inoiriúnaithe.
Timthriall bliantúil cur chun feidhme agus simpliúcháin
|
|
|
|
|
|
|
§Seolann na Coimisinéirí próiseas
dá idirphlé cur chun feidhme na bliana.
|
|
|
|
§Ullmhaíonn na Coimisinéirí tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn maidir le forfheidhmiú agus cur chun feidhme.
|
|
|
|
§Buaileann na Coimisinéirí le Coistí na Parlaiminte agus le foirmíochtaí na Comhairle chun tuarascálacha agus obair shimpliúcháin a chur i láthair.
|
|
|
|
§Tosaíonn na Coimisinéirí ar ullmhúchán na mbeart simpliúcháin atá le cur i láthair i gClár Oibre an Choimisiúin.
|
|
|
|
§Foilsítear Tuarascáil Forléargais bhliantúil ar Chur Chun Feidhme agus Simpliú.
§Glactar Clár Oibre an Choimisiúin, lena n‑áirítear bearta simpliúcháin móra agus plean bliantúil maidir le seiceálacha oiriúnachta agus meastóireachtaí, mar chuid den tástáil struis.
|
b) Dul i gcomhar leis na comhreachtóirí chun rialacha níos simplí agus níos éifeachtaí de chuid an Aontais a chruthú
Tá ról lárnach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle maidir le rialacha simplí éifeachtacha a chruthú ar an gcostas riaracháin is ísle do dhaoine agus do chuideachtaí.
In 2016, chuir an dá institiúid in iúl go bhfuil siad tiomanta don phrionsabal measúnú a dhéanamh ar thionchair a leasuithe substaintiúla nuair is iomchuí
XLIII
. D’fhéadfaí a áireamh leis sin leasuithe lena méadaítear costais, lena gcruthaítear an baol go mbeidh drochthionchair bhreise ann nó lena laghdaítear go mór an acmhainneacht simpliúcháin a bhaineann le togra ón gCoimisiún. Mar sin féin, ní dhéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle amhlaidh sa chleachtas.
Dá bhrí sin, iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle na próisis agus na hacmhainní is gá a chur i bhfeidhm
XLIV
. Cé nach féidir leasuithe a bheith faoi réir measúnú tionchair iomlán i bhfianaise an tráthchláir an-daingean maidir le caibidlíocht, ba cheart gach institiúid a bheith in ann modheolaíocht shimplí a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar a gcostais, mar a luadh roimhe.
Iarracht chomhpháirteach is ea dea-chur chun feidhme agus simpliú ina bhfuil institiúidí uile an Aontais rannpháirteach le linn an phróisis reachtaigh ar fad. Dá bhrí sin, ba cheart do na comhreachtóirí bearta simpliúcháin a shainaithint agus a aithint go soiléir, ionas gur féidir iad a láimhseáil ar bhealach dírithe agus tosaíocht á tabhairt chun a áirithiú go mbainfear na tairbhí a bhaineann le simpliú amach go gasta.
Tá an Coimisiún réidh chun oibriú i ndlúthchomhar leis an bParlaimint agus leis an gComhairle chun na gcríoch sin, lena n‑áirítear tríd an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Rialáil Níos Fearr a athnuachan chun soiléiriú a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun na spriocanna sin a bhaint amach.
-
(I)
Treoirlínte Polaitiúla 2024-2029 |
an Coimisiún Eorpach
.
-
(II)
Tuarascáil 2024 ó Mario Draghi maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa:
https://commission.europa.eu/ topics/strthening-european- competitivenessness/eu- competitiveness-looking-ahead_en#paragraph_47059
.
-
(III)
Baintear úsáid as an téarma ‘rórialáil’ go forleathan i gcomhthéacs dlí an Aontais a chur chun feidhme, ina dtagraítear d’oibleagáidí náisiúnta breise a théann thar cheanglais an Aontais. Go praiticiúil, meastar gur forchur ceanglas breise agus ualaigh riaracháin (noirm, treoirlínte agus nósanna imeachta) é a chuireann isteach ar na spriocanna beartais a bhfuil coinne leo atá le baint amach le reachtaíocht an Aontais.
-
(IV)
Tuarascáil 2024 ó Enrico Letta maidir leis an Margadh Aonair amach anseo:
https://www.consilium.europa.eu/media/ ny3j24sm/much-more-than-a-market-report-by-enrico-letta.pdf
-
(V)
Tuarascáil Draghi.
-
(VI)
Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, SWD(2021)0305 final agus Uirlis 38 den Bhosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr.
-
(VII)
Tá na nósanna imeachta ceadaithe cuíchóirithe ríthábhachtach chun spriocanna 2030 maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach. Tacaíonn an Coimisiún leis an obair sin trí idirphlé struchtúrtha agus cruinnithe déthaobhacha a reáchtáil leis na Ballstáit chun pleananna trasuite a phlé, go háirithe maidir le ceadú.
https://energy.ec.europa.eu/news/commission-adopts-guidance-eu-countries-implementing-revised-directiv es-renewable-energy-and-energy-2024-09-02_ga
-
(VIII)
Féach tionscadal na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil a rinneadh le déanaí Building capacity for evidence-informed policymaking in governance and public administration in a post-pandemic Europe [Fothú acmhainneachta le haghaidh ceapadh beartas fianaisebhunaithe sa rialachas agus sa riarachán poiblí san Eoraip tar éis na paindéime].
-
(IX)
An Coimisiún Eorpach, An Spás Riaracháin Eorpach (ComPAct) a fheabhsú, COM(2023) 667 final.
-
(X)
Éascaíonn an clár maidir le malartú comhair riaracháin phoiblí (PACE) malartuithe ar ábhair amhail gairmiúlú an riaracháin phoiblí, feabhas a chur ar fheidhmíocht riaracháin, ar riarachán poiblí glas agus digiteach.
-
(XI)
Mar shampla, an Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair agus an Treoir maidir le Tástáil Chomhréireachta chun cruthú bac agus bacainní nua a sheachaint, Scórchlár an Mhargaidh Aonair, tuarascálacha tírshonracha an tSeimeastair Eorpaigh, na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le Gníomhú ar son na hAeráide, an tAthbhreithniú ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil agus Pleananna Gníomhaíochta náisiúnta sa i réimse iascaigh.
-
(XII)
Mar shampla, cumhachtaítear le huirlisí amhail
SOLVIT
,
FIN-NET
, agus
An Eoraip Agatsa
do dhaoine agus do ghnólachtaí leas iomlán a bhaint as a gcearta sa mhargadh aonair. Soláthraíonn siad faisnéis shoiléir, cúnamh maidir le fadhbanna sonracha agus réiteach fadhbanna.
-
(XIII)
Idirphlé EU Pilot a thugtar air, arbh é 75 % a ráta ratha in 2024. Baintear úsáid as an bhfoirm idirphlé nuair is dócha go mbainfear comhlíontacht amach níos tapúla ná mar a bheadh nós imeachta foirmiúil um shárú ann.
-
(XIV)
E.g. nuair a bhunaítear rialacha lán-chomhchuibhithe le reachtaíocht an Aontais. Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún comhchuibhiú iomlán a mholadh níos minice, i réimsí inar féidir, chun cothroime iomaíochta a áirithiú ar fud an Mhargaidh Aonair, an Coimisiún Eorpach, Compás Iomaíochais don Aontas, COM(2025) 30 final.
-
(XV)
An Coimisiún Eorpach, EU law: Better results through better application [Dlí an Aontais:Torthaí níos fearr trí chur i bhfeidhm níos fearr] (C(2016)8600) agus Dlí an Aontais a fhorfheidhmiú ar mhaithe le hEoraip a dhéanann beart de réir a bhriathair , COM(2022)0518 final.
-
(XVI)
Baineann níos mó ná 900 de na cásanna sin le treoracha a thrasuí go neamhiomlán nó mícheart.
-
(XVII)
Iarrann an Coimisiún go córasach ar an gCúirt smachtbhannaí airgeadais a fhorchur i bhfoirm íocaíocht chnapshuime agus íocaíocht phionósach laethúil nuair nach ndéanann Ballstát na bearta is gá chun breithiúnas níos luaithe ón gCúirt a chomhlíonadh lena suitear go ndearnadh sárú ar dhlí an Aontais (Airteagal 260(2) CFAE) agus nuair nach dtugann Ballstát fógra faoi bhearta lena dtrasuitear treoir arna glacadh faoi nós imeachta reachtach (Airteagal 260(3) CFAE). In 2023 agus 2024, tharchuir an Coimisiún 134 chás um shárú chuig an gCúirt Bhreithiúnais, lena n‑áirítear iarraidh ar smachtbhannaí airgeadais in 55 de na cásanna sin.
-
(XVIII)
An Coimisiún Eorpach, Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030 , COM(2023) 168 final.
-
(XIX)
Clár oibre an Choimisiúin Eorpaigh 2024 – Beart a dhéanamh de réir briathar inniu agus ullmhú don lá amárach – Iarscríbhinn II, COM(2023) 638 final.
-
(XX)
In 2024, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear comhéadan poiblí ilteangach lena gcuirtear foirm chaighdeánach dheonach chun feidhme le haghaidh dearbhú maidir le hoibrithe ar postú. Meastar gur meánlaghdú thart ar 73 % ar an am a theastaíonn chun dearbhú maidir le postú a chomhlánú agus an fhoirm chaighdeánach á húsáid i gcomparáid leis an meán-am a theastaíonn faoi láthair ar fud an Aontais. Cuirfidh sé sin borradh faoi chosaint oibrithe trí thrédhearcacht postuithe a mhéadú agus cuideoidh sé leis na Ballstáit cigireachtaí éifeachtacha spriocdhírithe a dhéanamh.
-
(XXI)
Áirítear leis sin costais athfhillteacha agus bhliantúlaithe aonuaire
-
(XXII)
An Coimisiún Eorpach, Better Regulation: Joining forces to make better laws [Rialáil Níos Fearr: Oibriú as lámh a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh], COM(2021) 219 final.
-
(XXIII)
Tá an coigilteas sin bunaithe ar na tionscnaimh a ghlac an Coimisiún, a mheastar a bheith ar luach EUR 7.3 billiún in 2022, EUR 6.3 billiún in 2023 agus EUR 260 milliún in 2024 (idirbhliain ag deireadh shainordú an Choimisiúin roimhe sin, ag a bhfuil leibhéal níos ísle gníomhaíochta reachtaí). Níor glacadh roinnt de na bearta sin go fóill, áfach, nó laghdaíodh an acmhainneacht coigiltis costais le leasuithe ar an reachtaíocht atá beartaithe.
-
(XXIV)
Is féidir le cuideachtaí a bhfuil bacainní dlí nó riaracháin rompu i mBallstát na bacainní a thuairisciú trí
https://fosmo.youreurope.europa.eu/
agus is féidir le comhlachais ghnó nó eagraíochtaí eile ag a bhfuil roinnt cuideachtaí teagmháil a dhéanamh le
grow-single-digital-gateway@ec.europa.eu
chun bacainní a thuairisciú. Is féidir leo cabhair agus comhairle phearsantaithe a fháil ar dtús trí
https://asf.youreurope.europa.eu/
.
-
(XXV)
Le linn a shainordaithe 4 bliana, d’ullmhaigh an tArdán 41 thuairim agus 260 moladh sonrach. Baineadh leas as an saineolas sin i roinnt tionscnamh suaitheanta de chuid an Choimisiúin, lena n‑áirítear CBL sa phacáiste Ré Digití, Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, an Gníomh um Bonneagar Gigighiotáin, an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach, pacáiste an Aontais Baincéireachta agus an Gníomh um Liostú.
-
(XXVI)
Leanann na ríomhanna cur chuige pragmatach agus tá siad bunaithe ar obair a rinneadh roimhe seo agus cuirtear san áireamh iontu na meastacháin ar an ualach a rinne an Grúpa Ardleibhéil um Ualaí Riaracháin in 2012 agus treochtaí a tugadh faoi deara maidir leis an ualach sa tréimhse 2012-2022 do roinnt Ballstát a bhfuil na sonraí ar fáil ina leith.
-
(XXVII)
Áirítear leo sin na 41 thionscnamh a glacadh mar aon le clár oibre 2024 an Choimisiúin, chomh maith le tograí ón gCoimisiún ina dhiaidh sin amhail an pacáiste simpliúcháin le haghaidh talmhaíochta. Measadh an coigilteas sin trí úsáid a bhaint as samhail chostais chaighdeánach an Aontais.
-
(XXVIII)
Bhí glao ar fhianaise maidir le ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú oscailte le haghaidh aiseolais ó pháirtithe leasmhara go dtí mí na Nollag 2023. Thug thart ar 200 freagróir a n‑ionchur, agus sa bhreis air sin bhí plé spriocdhírithe le comhlachais agus le páirtithe leasmhara eile amhail ceardlanna leis an tionscal (lena n‑áirítear FBManna).
-
(XXIX)
Áirítear san acquis digiteach, i measc nithe eile, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, an Gníomh um Rialachas Sonraí, an Gníomh um Shonraí, an Gníomh um Chibearshlándáil, an Gníomh um Chibear-athléimneacht, an Gníomh Eorpach um Shliseanna agus an Gníomh um an Intleacht Shaorga.
-
(XXX)
Féach freisin roinn IV(c) thíos, ‘Seachadadh cliste agus digiteach atá comhtháite i gceapadh dhlíthe an Aontais’.
-
(XXXI)
COM(2025) 46 final.
-
(XXXII)
https://commission.europa.eu/law/law-making-process/planning-and-proposing-law/better-regulation/better-regulation-guidelines-and-toolbox_ga
.
-
(XXXIII)
Bunaithe ar
Réamhaisnéis ECFE maidir le Beartais Rialála 2021 |
ECFE
. Cuirfear feabhas ar an bpróiseas comhairliúcháin freisin tríd an athrú chun idirphlé cur chun feidhme agus seiceálacha réaltachta a thabhairt isteach mar a luadh roimhe seo.
-
(XXXIV)
Final opinion SME_test.pdf (europa.eu). Sainmhínítear an tástáil FBManna atá ann faoi láthair in uirlis #23. Ba cheart na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar chuideachtaí meánchaipitlithe beaga a mheas freisin, a mhéid is féidir iad sin a idirdhealú.
-
(XXXV)
Faoi Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), féadfaidh gníomhartha tarmligthe gnéithe neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú má dhéantar cumhachtaí den sórt sin a tharmligean leis an ngníomh deireanach sin.
-
(XXXVI)
I gcás ina bhfuil gá le coinníollacha aonfhoirmeacha chun gníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme, tabharfaidh na gníomhartha sin cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún faoi Airteagal 291 CFAE.
-
(XXXVII)
Cf. Uirlis #42 den
bhosca uirlisí um Rialáil Níos Fearr
.
-
(XXXVIII)
Mar chuid dá chreat ceaptha beartas atá réidh don digitiú, d’fhorbair an Coimisiún Ráiteas Reachtach, Airgeadais agus Digiteach nua a bheidh ag gabháil lena thograí. Áirítear sa chaibidil ar an ngné dhigiteach faisnéis fhíor-riachtanach maidir leis na gnéithe digiteacha de thograí agus tá sí ina tuarascáil an Choimisiúin ar mheasúnú idir-inoibritheachta, mar a shainordaítear leis an nGníomh um Eoraip Idir-inoibritheach. Áirithítear leis go ndéanann an Coimisiún measúnú críochnúil ar thionchair dhigiteacha agus tograí á ndréachtú aige ionas go mbeidh siad oiriúnach don ré dhigiteach.
-
(XXXIX)
Mar a fhoráiltear, mar shampla, faoi Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga.
-
(XL)
Cuirfidh réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach (atá ar fáil ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach) ar a gcumas do riaracháin phoiblí seirbhísí poiblí digiteacha idirnasctha a fhorbairt, lena n‑éascófar saorshreabhadh sonraí thar theorainneacha.
-
(XLI)
Leis an tairseach aonair dhigiteach, éascaítear rochtain ar líne ar fhaisnéis, nósanna imeachta riaracháin agus seirbhísí cúnaimh a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó shaoránaigh agus ó ghnólachtaí an Aontais i mBallstát eile.
-
(XLII)
D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, leas a bhaint as sonraí atá ar fáil ó shatailítí. Is féidir le satailítí an Aontais sonraí tuairiscithe agus tuartha atá iontaofa agus gar d’fhíor-am inchomparáide a sholáthar go cianda ar bhealach costéifeachtúil.
-
(XLIII)
Féach mír 15 de
IIA-BL
: Nuair a mheasann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle gurb iomchuí agus gur gá é sin le haghaidh an phróisis reachtaigh, déanfaidh siad measúnuithe tionchair i ndáil lena leasuithe substaintiúla ar an togra ón gCoimisiún. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, mar riail ghinearálta, measúnú tionchair an Choimisiúin a ghlacadh mar thúsphointe don obair bhreise a dhéanfaidh siad. Ba cheart gur faoin Institiúid lena mbaineann é an sainmhíniú ar leasú ‘substaintiúil’ a chinneadh.
-
(XLIV)
Chuir an Chúirt Bhreithiúnais in iúl, cé nach bhfuil aon cheanglas dlíthiúil ann measúnuithe tionchair a dhéanamh, nach bhfuil a n‑ábhar ceangailteach ach oiread, nach mór do reachtóir an Aontais a bheith in ann na sonraí bunúsacha a chuirtear san áireamh a leagan amach go soiléir agus a roghanna á ndéanamh aige, go háirithe i gcás ina bhforchuirtear aon ualach. Dheimhnigh an Chúirt ina breithiúnas i gcásanna C-541/20 go C-555/20 -
Caingean le haghaidh neamhniú – An chéad phacáiste de bhearta soghluaisteachta (‘Pacáiste Soghluaisteachta’) – an 4 Deireadh Fómhair 2024
-go bhféadfadh an Chúirt agóid a dhéanamh in aghaidh na gceanglas dochraideach, a tugadh isteach sa phróiseas reachtach agus nach féidir leis na comhreachtóirí na sonraí bunúsacha foluiteacha a léiriú ina leith, agus iad a neamhniú.