Strasbourg, 11.2.2025

COM(2025) 45 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Clár oibre an Choimisiúin le haghaidh 2025
































Dul ar aghaidh le chéile: Aontas níos dána, níos simplí agus níos tapúla


‘Dúshláin mhóra ár linne – dúshlán na slándála, dúshlán an athraithe aeráide, agus dúshlán an iomaíochais, cuir i gcás – ní féidir iad a shárú ach trí ghníomhú go comhpháirteach. Ós amhlaidh atá, feictear dom nach mór don Eoraip dul i muinín na rogha is fearr atá ar fáil di: an tAontas Eorpach.’ - An tUachtarán Ursula von der Leyen, 18 Iúil 2024.

1.I dtreo Eoraip láidir aontaithe

Tráth atá éagobhsaíocht mhór ann agus ionchais mhóra ann do mhuintir na hEorpa, is dócha go múnlóidh na roghanna a dhéanfaidh ár nAontas i mbliana an Eoraip go ceann na mblianta fada amach romhainn. Léiríonn sé sin na héagobhsaíochtaí agus na héiginnteachtaí atá os comhair na hEorpa, rudaí a chuir go leor vótálaithe in iúl i líon níos airde ná riamh ag toghcháin Pharlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh seo caite. Léiríonn sé scála na ndúshlán atá romhainn agus a bhaineann le glúine éagsúla daoine. Ach léiríonn sé freisin conas is féidir le hAontas níos dána, níos simplí agus níos tapúla — aontas a úsáideann a mhéid, a chumhacht agus a luachanna — fíordhifríocht a dhéanamh i saol daoine. Chun tacú leo inniu agus chun todhchaí níos sláine, níos rathúla agus níos sláintiúla a ullmhú do na glúine atá le teacht.

Tagann an clár oibre seo i gcomhthéacs cúlra atá múnlaithe ag raon dúshlán idirghaolmhar. Ní mór iomaíochas gheilleagar na hEorpa a threisiú i bhfianaise iomaíocht eacnamaíoch mhéadaithe agus bagairt ar an ord riailbhunaithe. Ós rud é go bhfuil dúshláin roimh ghnólachtaí Eorpacha sa lá atá inniu ann, mar shampla, iomaíocht éagórach, costais arda fuinnimh, ganntanas saothair agus scileanna agus bacainní ar rochtain ar chaipiteal, agus ar sprioc fhadtéarmach na hEorpa a bhaint amach maidir le bheith ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach faoi 2050, ní mór dúinn deireadh a chur le coscáin struchtúracha ar iomaíochas an Aontais. Tá gnólachtaí agus saoránaigh ag iarraidh freisin rialacha atá níos simplí le leanúint agus gníomhaíocht lena bhféadfar athrú a dhéanamh níos tapúla.

Tá athchóiriú suntasach déanta ag an éagobhsaíocht gheopholaitiúil agus ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar thírdhreach slándála na hEorpa. Is ábhar imní fós í an imirce neamhdhleathach, agus ní mór do dhaoine muinín a bheith acu go ndéanfaidh a rialtais agus a n‑institiúidí an cás a bhainistiú go héifeachtach, agus aitheantas á thabhairt ag an am céanna don ghá atá ann aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna trí imirce lucht saothair freisin. Tá tionchar soiléir ag an athrú aeráide ar shaol laethúil na saoránach agus na ngnólachtaí ar fud na hEorpa, tionchar atá ag éirí níos tromchúisí, mar a léiríodh leis an iliomad teagmhais adhaimsire a d’fhulaing ár mór-roinn le blianta beaga anuas. Ní mór ár sochaithe a neartú agus ár gcáilíocht saoil a choinneáil ar bun go leanúnach — slándáil bia agus fuinnimh agus ár dtimpeallacht nádúrtha san áireamh. Tá ionsaí á dhéanamh ar na croíluachanna ar a bhfuil ár nAontas bunaithe, lena n‑áirítear ár ndaonlathas, agus tá fianaise shoiléir ann ar fheachtais trasnaíochta eachtraí.

Athdhearbhaítear leis sin go léir go bhfuil dúshláin na hEorpa rómhór chun dul i ngleic leo ceann ar cheann. Tá na deiseanna atá againn rómhór le hiad a thapú inár n‑aonar. Is le hAontas láidir aontaithe, agus leis sin amháin, is féidir a áirithiú go leanfaidh an Eoraip de thorthaí a bhaint amach sa bhaile agus go ndéanfaidh sí a tionchar agus a leasanna ar fud an domhain a chur chun cinn. Leis an aontacht sin, cosnaítear ár luachanna Eorpacha, cothaítear an daonlathas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas, agus áirithítear mór-roinn atá cothrom ó thaobh na sochaí de nach bhfágfar aon duine ar lár inti.

Is é sin an spreagadh is mó atá ag an gcéad chlár oibre seo de chuid an Choimisiúin don Choláiste nua. Agus é ullmhaithe de réir na dTreoirlínte Polaitiúla agus na litreacha misin a sheol an tUachtarán Ursula von der Leyen chuig gach Comhalta den Choláiste, leagtar amach ann na príomhthionscnaimh a dhéanfaidh an Coimisiún sa chéad bhliain dá thréimhse oifige. Díríonn sé ar ghníomhaíocht mhisniúil chun ár slándáil, ár rathúnas agus ár ndaonlathas a neartú agus chun freagairt do na saincheisteanna is mó tábhacht do mhuintir na hEorpa. Léiríonn sé an gá atá ann — a chuir saoránaigh agus gnólachtaí araon in iúl — an Eoraip a dhéanamh níos tapúla agus níos simplí maidir leis an gcaoi a ngníomhaímid agus a n‑idirghníomhaímid agus a áirithiú go mbeidh an tionchar is tapúla is féidir ag ár dtograí chun tacú le daoine agus chun ár ngeilleagar sóisialta margaidh a neartú.

An gá le hinfheistíocht inár dtosaíochtaí a threisiú, beidh baint trasearnálach aige le hobair an Choláiste , agus leagfar amach sa togra le haghaidh buiséad fadtéarmach nua conas is féidir an méid sin a bhaint amach. Tabharfaimid céimeanna chun ullmhú d’Aontas níos mó agus cuirfimid dlús leis na hiarrachtaí tacú le tíortha is iarrthóirí le linn an phróisis bunaithe ar fhiúntas i dtreo a n‑aontachais. De bharr na coinbhleachta agus an tsuaite i saol an lae inniu tá méadú ar an bhfeasacht freisin gur Aontas níos láidre é Aontas níos mó, rud a fhágann go bhfuil ár mór-roinn níos sláine, ár magadh níos iomaíche agus go bhfuil daonlathas na hEorpa á dhaingniú a thuilleadh aige.

2.Rialacha a shimpliú agus cur chun feidhme éifeachtach

Tá an tAontas ina mhol tionsclaíochta agus nuálaíochta le fada an lá, agus tá geilleagar sóisialta margaidh ar leith aige. Chun cuidiú le borradh a chur faoin iomaíochas, faoin rathúnas agus faoin athléimneacht san Aontas, leagtar amach fís agus uirlisí do chlár oibre maidir le cur chun feidhme agus simpliú i dTeachtaireacht a ghabhann leis an gclár oibre seo. Trí chomhpháirtíochtaí láidre a chruthú le gnólachtaí agus le páirtithe leasmhara, scrúdóimid dearadh agus cur i bhfeidhm ár reachtaíochta chun rialacháin a chuíchóiriú agus beartais a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí. Rachaidh sé chun tairbhe ar an gcéad dul síos d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

Cuirtear i láthair sa chlár oibre seo an chéad sraith de thograí Omnibus lena simplítear píosaí éagsúla reachtaíochta, mar aon leis an líon is mó tionscnamh a bhfuil gné láidir simpliúcháin ag baint leo. Cuideoidh siad leis an sprioc a bhaint amach ualaí riaracháin a laghdú 25 % ar a laghad, agus 35 % ar a laghad d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Áirítear sa chlár oibre freisin plean bliantúil meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta chun leanúnachas an chleachtais simplithe agus laghdaithe ualaigh a áirithiú.

Leis na tograí Omnibus, a glacadh ina dhiaidh sin, rachfar i ngleic leis na hearnálacha tosaíochta a chuir páirtithe leasmhara in iúl agus dá dtagraítear i dtuarascáil Draghi. Díreoidh siad a n‑iarrachtaí ar chomhleanúnachas a áirithiú, móiminteam a fhorbairt agus, ar an gcaoi sin, simpliú a uasmhéadú trí aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí a bhaineann le hidirghníomhaíochtaí píosaí éagsúla reachtaíochta. Go háirithe, molfaidh an Coimisiún go ndéanfaí tuairisciú inbhuanaitheachta, dícheall cuí inbhuanaitheachta agus tacsanomaíocht a chuíchóiriú agus a shimpliú, agus go gcruthófaí catagóir nua cuideachtaí meánchaipitlithe beaga le ceanglais oiriúnaithe. Éascóidh bearta eile cur chun feidhme de chuid an chláir InvestEU agus an Chiste Eorpaigh le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha, lena n‑áirítear trí thuairisciú a shimpliú agus borradh a chur faoin infheistíocht.

Cuirfimid dlús lenár gconair i dtreo timpeallacht rialála dhigiteach, agus molfaimid deireadh a chur le ceanglais neamhéifeachtúla maidir le formáidí páipéir i reachtaíocht táirgí agus forbróimid sineirgí agus comhsheasmhacht le haghaidh rialacha maidir le cosaint sonraí agus cibearshlándáil. Le bearta simpliúcháin a bhaineann leis an gComhbheartas Talmhaíochta agus réimsí beartais eile a bhfuil tionchar acu ar fheirmeoirí, tabharfar aghaidh tuilleadh ar fhoinsí castachta agus ar ualach riaracháin iomarcach ar lucht riaracháin náisiúnta agus ar fheirmeoirí. Déanfar tuilleadh tograí simpliúcháin a mheas, ina measc sin omnibus a d’fhéadfadh a bheith ann i réimse na cosanta chun cabhrú leis na spriocanna infheistíochta a leagfar amach sa Pháipéar Bán a bhaint amach, agus chun go mbeidh rath ar chuideachtaí nuálacha.

Sa bhreis ar thograí Omnibus, tá tionscnaimh eile dírithe ar an reachtaíocht a shimpliú chun deonú ceadanna, údaruithe agus ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú agus chun infheistíocht san Eoraip a dhéanamh níos éasca. Áirítear orthu sin, mar shampla, an gníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch a thacóidh le tionscail dianfhuinnimh,

Cuirfidh an Plean Bliantúil le haghaidh meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta ar ár gcumas breathnú go criticiúil ar an bhféidearthacht acquis an Aontais a shimpliú, a chomhdhlúthú agus a chódú agus deiseanna a aimsiú chun costais a laghdú mar chuid dár dtástáil struis. Maidir leis an meastóireacht ar chláir agus ar chistí faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil, tabharfar deis eile leis seo ar mheasúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir ualaí a bhaineann le cláir airgeadais an Aontais a laghdú.

Chomh maith le simpliú, tá sé ríthábhachtach dlíthe agus beartais an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach chun a áirithiú go n‑oibreoidh siad i gceart. Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle, le húdaráis na mBallstát ar gach leibhéal agus le páirtithe leasmhara chun aghaidh a thabhairt ar rórialáil, chun rialacha a shimpliú agus chun beartais a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí. Chuige sin, beidh ar na hinstitiúidí uile úinéireacht láidir a ghlacadh ar chlár oibre uaillmhianach maidir le cur chun feidhme agus simpliú.

Chun mothú na húinéireachta coitinne de chuid na n‑institiúidí uile a chothú i dtreo rialacha agus beartais a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr, déanfaidh gach Coimisinéir tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn maidir le forfheidhmiú agus cur chun feidhme a thíolacadh dá bhfoirmíocht faoi seach de choistí Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle.

Beidh rannpháirtíocht páirtithe leasmhara agus cleachtóirí ina bunchloch de chur chuige an Choimisiúin i leith rialacha an Aontais a chur chun feidhme go rathúil. Le hidirphlé tráthrialta cur chun feidhme idir Coimisinéirí agus páirtithe leasmhara, cuirfear deiseanna ar fáil ar mheasúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn, chun réimsí ar gá aird a thabhairt orthu a shainaithint agus chun aiseolas a bhailiú maidir leis an méid atá ag obair agus an méid nach bhfuil ag obair.

I gcás nach leor bearta coisctheacha agus comhar leis na Ballstáit chun sárú ar dhlí an Aontais a sheachaint, leanfaidh an Coimisiún de bheith diongbháilte maidir le nósanna imeachta maidir le sárú a sheoladh. Agus níos mó ná 1 500 cás maidir le sárú fós ar siúl, tá an obair sin ríthábhachtach i gcónaí chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú aonfhoirmeach dhlí an Aontais a áirithiú ar fud na mBallstát uile.

3.Ár bplean maidir le neart agus aontacht na hEorpa a chur i gcrích

3.1.Plean nua chun go mbeidh rathúnas agus iomaíochas na hEorpa inbhuanaithe

Is lárionad tionsclaíochta, nuálaíochta agus fiontraíochta í an Eoraip le fada an lá, lárionad ina bhfuil taighdeoirí agus ollscoileanna den chéad scoth, gnólachtaí beaga rathúla agus creat dlíthiúil cobhsaí. Mar sin féin, tá dúshláin shuntasacha ag baint leis an rás domhanda chun aeráidneodracht a bhaint amach agus a bheith ar thús cadhnaíochta i bhforbairt teicneolaíochtaí a mhúnlóidh an geilleagar domhanda ar feadh na mblianta fada amach romhainn. Tá saincheisteanna struchtúracha fós ag cur bac ar iomaíochas na hEorpa, ós rud é go mbíonn ar ghnólachtaí aghaidh a thabhairt ar thimpeallacht luaineach dhomhanda arb iad is príomhthréithe di iomaíocht éagórach, slabhraí soláthair leochaileacha, costais fuinnimh atá ag ardú, ganntanais saothair agus scileanna agus rochtain theoranta ar chaipiteal. Chun cabhrú leis an gcomhrac i gcoinne an mhéid sin, stiúrfaidh an Compás Iomaíochais ár n‑iarrachtaí le linn an tsainordaithe ar iomaíochas na hEorpa a fheabhsú, rud atá ina phríomhthosaíocht ag an gCoimisiún seo.

Beidh an margadh aonair Eorpach ina chuid lárnach dár n‑iomaíochas amach anseo. Ceann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach is ea an margadh aonair, margadh a spreagann fás eacnamaíoch agus a éascaíonn an saol laethúil do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí na hEorpa. Leis an Straitéis maidir le Margadh Aonair, cuirfimid straitéis chothrománach nua i láthair le haghaidh margadh aonair nuachóirithe. Leagfar síos leis bealach soiléir i dtreo soláthar trasteorann seirbhísí agus earraí a éascú a thuilleadh. Breathnófar sa straitéis freisin ar chur chun feidhme iomlán na rialacha atá ann cheana agus ar deireadh a chur le bacainní chun borradh a chur faoi acmhainneacht ghnólachtaí iomaíocha an Aontais. Tá gá freisin le soghluaisteacht chothrom agus éifeachtach an lucht saothair ar fud an Aontais chun margadh aonair láidir a bhaint amach. Ag an am céanna, trí thíortha is iarrthóirí a chomhtháthú go luath agus de réir a chéile i gcodanna den mhargadh aonair, cuirfear feabhas ar shlabhraí luacha Eorpacha agus éascófar an próiseas cóineasaithe.

Díreoimid go háirithe ar ghnólachtaí nua agus ar ghnólachtaí atá ag fás chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a dhéanann difear do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú san Aontas, lena n‑áirítear maidir le rochtain ar mhaoiniú agus ar bhonneagar, dul isteach i margaí nua, sonraí a fháil agus an tallann is gá a mhealladh. Réiteoidh an obair sin an bealach d’Ionstraim um Nuálaíocht a mholfaidh an Coimisiún níos déanaí sa sainordú. Chun tacú le cuideachtaí nuálacha infheistíocht a dhéanamh sa mhargadh aonair agus oibriú ann gan aghaidh a thabhairt ar 27 gcóras dlí ar leith, oibreoidh an Coimisiún i dtreo an 28ú córas dlí chun na rialacha is infheidhme a shimpliú agus chun costas teipe a laghdú, lena n‑áirítear aon ghné ábhartha den dlí corparáideach, den dócmhainneacht, den dlí saothair agus den dlí cánach.

Tá an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan i gcroílár ár bplean chomhoibrithigh don dícharbónú, don inbhuanaitheacht agus don iomaíochas. Leagfar amach sa tionscnamh seo ár straitéisí gearrthéarmacha a bhfuil práinn ag baint leo chun tacú leis an tionscal agus chun na dálaí is fearr is féidir a chruthú chun go mbeidh an tionscal in ann a bheith iomaíoch arís agus, san am céanna, chun go mbeidh sé in ann dícharbónú a dhéanamh. Cuideoidh sé leis an Eoraip chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, agus san am céanna déanfar rochtain ar fhuinneamh inacmhainne a fheabhsú, príomh-mhargaí a chruthú agus borradh a chur faoi sholáthar ábhar, táirgí agus seirbhísí ciorclacha, chomh maith le slándáil eacnamaíoch a neartú. Ina theannta sin, molfaimid plean gníomhaíochta chun fuinneamh a dhéanamh níos inacmhainne don Eoraip, chun an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan a chumhachtú. Forbróimid freisin Creat nua Státchabhrach chun dlús a chur le leathadh amach an fhuinnimh in-athnuaite, chun dícharbónú tionsclaíoch a neartú agus chun acmhainneachtaí monaraíochta leordhóthanacha a chinntiú don teicneolaíocht ghlan. Cuirfimid borradh faoin infheistíocht san fhuinneamh glan freisin, lena n‑áirítear trí chaipiteal príobháideach a scaoileadh.

Beidh an iarracht sin nasctha le tacar cuimsitheach beart maidir le comhtháthú fuinnimh, lena dtabharfar aghaidh ar an ngá atá ag an Eoraip le bonneagar eangaí uasghrádaithe agus digitithe, agus béim ar leith á leagan ar an eangach leictreachais. Féachfaidh sé ar mhodhanna chun córais téimh agus fuaraithe na hEorpa a dhícharbónú agus chun saoránaigh agus pobail a chomhtháthú mar phríomh-rannpháirtithe san aistriú fuinnimh. Glacfaimid treochlár freisin chun deireadh a chur le hallmhairí fuinnimh na Rúise chun ár spleáchais a laghdú a thuilleadh agus deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí fuinnimh uile na Rúise. Cuirfidh an Coimisiún Clár Léiriúcháin Núicléach 2025 ar aghaidh freisin, agus cuirfidh sé plean straitéiseach síos don Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch Eorpach maidir le hImoibreoirí Modúlacha Beaga (IMBanna) chun tacú le dlús a chur le IMBanna.

Beidh sé ina chuid den Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan freisin príomhthionscail san Eoraip a dhéanamh níos ciorclaí agus níos inbhuanaithe, agus san am céanna riarachán a éascú agus costais chomhlíonta a laghdú chun borradh a chur faoin iomaíochas. Cuirfidh pacáiste do thionscal na gceimiceán borradh faoi iomaíochas thionscal ceimiceán an Aontais agus cuirfidh sé córas níos simplí ar fáil chun ceimiceáin a chlárú, a mheas agus a údarú agus soiléireacht maidir le ‘buancheimiceáin’. Cuideoidh an t‑athbhreithniú spriocdhírithe ar rialacha an Aontais maidir le ceimiceáin (REACH) leis na rialacha do thionscal na gceimiceán a shimpliú gan cur isteach ar shábháilteacht ná ar chosaint an chomhshaoil.

Chun rochtain a bhfuil géarghá léi ar dheiseanna infheistíochta agus cistiúcháin a éascú, cuirfidh an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta treoirphlean mór ar fáil le haghaidh bearta chun fíormhargadh inmheánach le haghaidh caipitil a chruthú, rud a chuideoidh le hinstitiúidí airgeadais scála a bhaint amach agus a bheith níos iomaíche ar an margadh domhanda, agus san am céanna rannchuideoidh sé go mór le freastal ar riachtanais chistiúcháin an Aontais nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Áireofar leis athbhreithniú ar an gCreat Urrúsúcháin, athbhreithniú a ceapadh chun cistiú príobháideach a spreagadh agus borradh breise a chur faoin iomaíochas. Ina theannta sin, leis an Uirlis um Chomhordú Iomaíochais, lena gcomhlánaítear an Seimeastar Eorpach, déanfaimid athchóirithe agus infheistíochtaí, idir phríobháideach agus phoiblí, a ailíniú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, chun ár dtosaíochtaí beartais a bhaint amach ar bhealach níos fearr.

Beidh an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan fite fuaite le sprioc laghdaithe astaíochtaí 90 % atá beartaithe do 2040 a bheidh le cumhdach inár nDlí Aeráide Eorpach. Roimh chruinniú COP30 in Belem, an Bhrasaíl i mí na Samhna 2025, leagfaimid amach ár bhfís dhomhanda maidir leis an aeráid agus fuinneamh.

Féachfaidh an Coimisiún le heolaíochtaí beatha na hEorpa a úsáid chun nuálaíocht sa bhiteicneolaíocht a spreagadh, acmhainní a chomhthiomsú, bacainní rialála a bhriseadh, leas iomlán a bhaint as acmhainneacht sonraí agus na hintleachta saorga (IS), agus borradh a chur faoin gcur in úsáid. Agus an saineolas Eorpach sin á fhorbairt, beidh bithgheilleagar rathúil ríthábhachtach chun ceannaireacht thionsclaíoch an Aontais a choinneáil ar bun agus chun ár dtionscail a dhéanamh athléimneach i leith na ndúshlán a bhaineann leis an athrú aeráide, le cailliúint na bithéagsúlachta agus leis an truailliú. Leis an Straitéis Bhithgheilleagair, cuirfear chun cinn táirgeadh, úsáid agus tomhaltas níos ciorclaí agus níos inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha le haghaidh bia, ábhar, fuinnimh agus seirbhísí.

Beidh córas iompair inbhuanaithe a fheidhmeoidh go maith agus a sheasfaidh an aimsir agus lena bhféadfar táirgí a loingsiú gan fhadhb thar mhodhanna iompair agus thar theorainneacha ina chnámh droma ag geilleagar rathúil agus tionscal láidir. Cuirfidh an Coimisiún Plean Infheistíochta Iompair Inbhuanaithe chun cinn, creat straitéiseach chun tacú le táirgeadh agus dáileadh breoslaí iompair inbhuanaithe. Áireofar ann bearta chun tacú le leathadh amach luathaithe an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe agus comhpháirtíochtaí tiomnaithe glasa trádála agus infheistíochta le tríú tíortha maidir le breoslaí iompair in-athnuaite agus ísealcharbóin.

Is é an réamhchoinníoll is tábhachtaí chun go mbeidh geilleagar digiteach rathúil ann, bonneagar digiteach ardacmhainneachta iontaofa. Dá bhrí sin, leis an nGníomh um Líonraí Digiteacha, cruthófar deiseanna d’oibriú líonra trasteorann agus do sholáthar seirbhíse, cuirfear feabhas ar iomaíochas an tionscail agus cuirfear feabhas ar chomhordú speictrim.

Chomh maith le rochtain níos fearr ar shonraí, le tacaíocht ó Ghníomh um Fhorbairt na Néalríomhaireachta agus na hIntleachta Saorga, oibreoimid freisin chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an intleacht shaorga. Beidh sé sin ina aidhm ag Plean Gníomhaíochta um Mór Roinn na hIntleachta Saorga lena gcumhdófar Monarchana IS lena gcuirfear borradh faoi éiceachórais iomaíocha IS san Eoraip chomh maith leis an straitéis um chur i bhfeidhm na hIntleachta Saorga. Le Straitéis Chandamach an Aontais, agus Gníomh Candamach ag teacht sna sála uirthi, coinneoimid seasamh ceannródaíoch domhanda san earnáil chriticiúil seo, cosnóimid sócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas agus slándáil, agus seachnófar cás spleáchais straitéisigh ar fhoinsí nach foinsí de chuid an Aontais iad. Rannchuideoidh an straitéis lenár n‑acmhainneachtaí féin a fhorbairt chun taighde agus forbairt a dhéanamh ar theicneolaíochtaí candamacha, agus chun gairis agus córais atá bunaithe orthu a tháirgeadh.

Leis an Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa, simpleoimid malartuithe gnólacht le gnólacht agus gnólacht le rialtas le haghaidh gnólachtaí. Chomh maith le malartú slán sonraí a éascú, chuirfeadh an sparán gnó deiseanna nua gnó ar fáil do sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe.

Tá oibríochtaí spáis ríthábhachtach dár ngeilleagar nasctha, lena n‑áirítear seirbhísí nuálacha amhail faireachán comhshaoil agus aeráide. Chun creat de chuid an Aontais a bhunú lena rialófar iompar oibreoirí spáis Eorpacha agus lena gcuirfear timpeallacht ghnó chobhsaí intuartha iomaíoch ar fáil, cuirfimid Gníomh Spáis chun cinn. Tabharfaidh sé aghaidh freisin ar shaincheist mhéadaitheach an smionagair spáis agus ar thionchar na ngníomhaíochtaí spáis ar an gcomhshaol. Glacfaimid céimeanna freisin chun leas níos fearr a bhaint as an ngeilleagar spáis.

3.2.Ré nua do Chosaint agus Slándáil na hEorpa

Cuireann imeachtaí geopholaitiúla a tharla le déanaí i bhfios go láidir arís nach mór slándáil na hEorpa a chosaint, chun síocháin, cobhsaíocht agus rathúnas ár ngeilleagar agus ár sochaí a ráthú. Dá bhrí sin, is ábhar práinne é ullmhacht géarchéimeanna agus ullmhacht cosanta na hEorpa a neartú agus aghaidh á tabhairt ag an Aontas agus ag na Ballstáit ar bhagairtí agus ar ghéarchéimeanna ilghnéitheacha, casta agus trasteorann. Is bagairt eiseach ar shlándáil na hEorpa é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ní mór dúinn leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin gan staonadh. Ní mór na hacmhainní a bheith ag an Eoraip chun í féin a chosaint agus chun naimhde a d’fhéadfadh a bheith ann a dhíspreagadh — ní féidir linn an seans a ghlacadh go mbeimid neamhullmhaithe nó go mbeimid ag brath an iomarca ar dhreamanna eile. Ní mór dúinn fíor-Aontas Eorpach um Chosaint a thógáil ina mbeidh tionscal cosanta iomaíoch. Ní mór don Eoraip níos mó infheistíochta a dhéanamh, infheistíocht níos fearr a dhéanamh, infheistíocht a dhéanamh le chéile agus infheistíocht san Eoraip a dhéanamh. Oibreoimid i ndlúthchomhar le hEagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) agus le dlúthpháirtithe eile agus cuirfimid borradh faoin infheistíocht chun ár mbonn tionsclaíoch cosanta agus ár mbonneagar dé-úsáide a neartú. In éineacht leis an Ardionadaí, cuirfimid síos Páipéar Bán maidir le Todhchaí Chosaint na hEorpa, chun comhairliúchán leathan a sheoladh maidir le creat de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh riachtanais infheistíochta cosanta agus le haghaidh cumais chosanta chriticiúla, chomh maith le roghanna cistiúcháin.

Ó shlándáil agus cobhsaíocht eacnamaíoch go haeráid, teicneolaíocht agus sláinte phoiblí, ní féidir linn freagra a thabhairt ar ghéarchéimeanna de réir mar a tharlaíonn siad a thuilleadh. Ní mór dúinn an Eoraip a chumhachtú chun géarchéimeanna a réamh-mheas, chun iad a chosc agus chun ullmhú dóibh ar bhealach níos fearr. De réir mar a thiocfaidh bagairtí agus éiginnteachtaí domhanda nua chun cinn, ar bagairtí agus éiginnteachtaí de chineál hibrideach iad go minic, feidhmeoidh an Straitéis um Aontas na hUllmhachta mar bhonn d’Aontas a bheidh níos láidre, níos ullmhaithe agus níos athléimní, agus é ag tógáil ar thuarascáil speisialta Sauli Niinistö. Comhlánófar é le hiarrachtaí ar thacú le frithbhearta leighis in aghaidh bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus le Straitéis Stoc-Charntha de chuid an Aontais, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar ár n‑ullmhacht agus ar ár bhfreagairt ar bhagairtí trasteorann. Leis an nGníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla, laghdóimid na spleáchais ar tháirgí íocshláinte criticiúla agus ar chomhábhair chriticiúla, i gcás nach bhfuil ach líon beag monaróirí nó tíortha soláthair ann.

Chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí slándála trasteorann atá os comhair na hEorpa agus atá ag éirí níos casta i gcónaí, cuirfear sraith chuimsitheach gníomhaíochtaí i láthair sa Straitéis nua Eorpach um an tSlándáil Inmheánach chun a bheith in ann bagairtí a réamh-mheas, chomh maith le hathléimneacht agus cumais an Aontais a neartú chun coireanna agus bagairtí nua agus atá ann cheana a chosc agus freagairt dóibh. Leis an Treoir maidir le Gáinneáil ar Airm Thine, cuirfear caighdeáin comhchoiteanna dlí choiriúil ar fáil maidir le gáinneáil aindleathach ar airm thine, agus leis na rialacha nua maidir le réamhtheachtaithe drugaí, laghdófar a n‑infhaighteacht le haghaidh monarú aindleathach drugaí agus déanfar bearta rialúcháin níos éifeachtúla. Chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí atá ag athrú, déanfaidh an Coimisiún tuilleadh tograí chun athléimneacht an bhonneagair fhisicigh agus dhigitigh a chosaint agus a neartú ar bhealach níos fearr.  Trí thógáil ar ár bplean gníomhaíochta um chibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte, cuirfimid leis an acmhainneacht teagmhais chibearshlándála a chosc sa réimse an-íogair seo. Déanfaimid beart freisin chun cosaint níos fearr a thabhairt dár mbonneagar faoin bhfarraige, go háirithe cáblaí teileachumarsáide, ar cuid riachtanach iad dár mbonneagar digiteach criticiúil agus atá faoi réir bagairtí hibrideacha níos mó agus níos mó.

Anuas ar an ról atá aige maidir le soghluaisteacht a chothú, tá giaráil gheopholaitiúil shuntasach ag beartas víosaí an Aontais freisin. Dá bhrí sin, oibreoimid chun leasanna an Aontais a chur chun cinn inár mbeartas víosaí i dtimpeallacht dhomhanda atá ag éirí níos casta i gcónaí.

Cuirfimid dlús leis na hiarrachtaí an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme: Chuige sin, tá gá le gníomhaíocht chomhordaithe éifeachtach chun cur chuige daingean cothrom a áirithiú, lena n‑áiritheofar slándáil theorainneacha an Aontais agus nósanna imeachta níos tapúla maidir le tearmann agus filleadh, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar bhunchúiseanna na himirce agus cosaint na gceart bunúsach á ráthú. Chuige sin, beidh gá freisin le dlúthchomhar leanúnach trí chomhpháirtíochtaí cuimsitheacha le comharsana an oirthir agus an deiscirt chun cuidiú leis an imirce neamhdhleathach a chosc. I ndáil leis an méid sin, leagfar amach inár gcéad Straitéis cúig bliana Eorpach um Imirce agus Tearmann creat straitéiseach réamhbhreathnaitheach le haghaidh obair leantach faoin gComhshocrú, ag tógáil ar straitéisí cuimsitheacha náisiúnta imirce agus tearmainn Bhallstáit an Aontais. Ag an am céanna, ní mór dúinn líonraí smuigleála a chomhrac, agus ar an gcaoi sin tuilleadh básanna a chosc. Agus tá gá againn le nósanna imeachta níos láidre agus níos éifeachtaí maidir le filleadh do dhaoine nach bhfuil an ceart dlíthiúil acu fanacht san Aontas, rud a chomhlánóidh an obair atá á déanamh lenár gcomhpháirtithe tríú tír chun an t‑athligean isteach a neartú. Chun an Comhshocrú a chomhlánú, cuirfimid cur chuige coiteann nua maidir le fillteacha i láthair, le creat reachtach nua chun dlús a chur leis an bpróiseas um fhilleadh agus chun é a shimpliú, mar aon le hobair le comhpháirtithe tríú tíortha chun an t‑athligean isteach a neartú. Leis an gcur chuige nua sin, bainfear leas iomlán as acmhainneacht an digitithe freisin.

3.3.Tacú le daoine agus ár sochaithe agus ár múnla sóisialta a neartú

Is bunchloch shochaíoch agus buntáiste iomaíoch araon é múnla sóisialta uathúil na hEorpa, ar múnla an-luachmhar é. Mar sin féin, thug géarchéimeanna a bhí ann le déanaí a dhúshlán trí thionchar a imirt ar chostais mhaireachtála, ar thithíocht agus ar neamhionannais. Tá sé sin níos measa fós mar gheall ar na hathruithe gasta teicneolaíochta, an t‑athrú déimeagrafach agus na haistrithe earnála atá ar siúl faoi láthair. Dá bhrí sin, beidh sé ina phríomhfhócas ag an gCoimisiún seo an chothroime shóisialta a neartú. Trínár múnla sóisialta a choimirciú agus cothroime a áirithiú i ngeilleagar atá ag athrú ó bhonn, is féidir linn rathúnas a spreagadh, agus na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach á thapú.

Ó 2017 i leith, tá prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ag treorú iarrachtaí dul i ngleic le dúshláin chomhroinnte maidir le fostaíocht, scileanna agus saincheisteanna sóisialta. Rinneadh gníomhaíochtaí nithiúla de na prionsabail sin trí phlean gníomhaíochta tiomnaithe a bhfuil príomhspriocanna do 2030 aige. Tá sé ríthábhachtach tús áite a thabhairt don chur chun feidhme leanúnach, agus cuirfimid dlús leis na hiarrachtaí trí phlean gníomhaíochta nua um chur i bhfeidhm Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Chun aistriú cóir glan, digiteach agus sóisialta a áirithiú, agus mar a gealladh ag Cruinniú Mullaigh na gComhpháirtithe Sóisialta in Val Duchesse agus ag an Dearbhú Trípháirteach maidir le hIdirphlé Sóisialta Eorpach Rathúil, tabharfaimid Comhshocrú nua maidir le hIdirphlé Sóisialta i gcrích in éineacht le ceardchumainn agus fostóirí Eorpacha. Ag an am céanna, leanfaimid de dhul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir leis na saincheisteanna uile atá ábhartha dóibh. Tá an Coimisiún seo tiomanta freisin do rannpháirtíocht na hóige a neartú a thuilleadh agus rún daingean aige a áirithiú go ndéanfar dearcadh na hóige a chomhtháthú i gceapadh beartas. Trí shraith d’Idirphléití Beartais leis an Aos Óg, in éineacht le tionscnaimh eile, cuirfear léargais ó dhaoine óga san áireamh agus beartais an Aontais á múnlú.

Chun an leas is fearr is féidir a bhaint as tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha na hEorpa — atá i measc na n‑earnálacha is dinimiciúla agus is iomaíche inár ngeilleagar — forbróimid creat chun leas a bhaint as gnéithe iomadúla ár gcultúir agus ár n‑oidhreachta cultúrtha.

I ndomhan atá ag athrú ó bhonn, ní mór dúinn a áirithiú go mbeidh an t‑oideachas agus an oiliúint a theastaíonn uathu ag gach oibrí. Rachaidh Aontas na Scileanna i ngleic le bearnaí scileanna agus saothair, rud a áiritheoidh go mbeidh rochtain ag ár ngnólachtaí ar an lucht saothair oilte is gá chun a dtáirgiúlacht agus a n‑iomaíochas a spreagadh. Áiritheoidh sé freisin go mbeidh na huirlisí cearta ag ár gcórais oideachais agus oiliúna chun muintir na hEorpa de gach glúin a ullmhú do thodhchaí atá ag athrú go tapa, trí oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá ar ardchaighdeán agus cuimsitheach. Ag an am céanna, oibreoimid chun poist ar ardchaighdeán a áirithiú le dálaí oibre cuibhiúla, ardchaighdeáin maidir le sláinte agus sábháilteacht agus cómhargáil.

Tá ról lárnach ag tomhaltóirí inár ngeilleagar sóisialta margaidh, rud a chuireann leis an bhfás inbhuanaithe agus le margadh aonair níos iomaíche. Bhí tionchar dearfach ag reachtaíocht cheannródaíoch le déanaí, amhail an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus an Gníomh um Margaí Digiteacha, ar chosaint tomhaltóirí. Mar sin féin, ní mór dúinn leanúint dár gcuid oibre chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh, chun tomhaltóirí leochaileacha a chosaint agus chun forfheidhmiú a áirithiú. Áireofar sa chéad Chlár Oibre eile maidir le Tomhaltóirí 2025-2030 plean gníomhaíochta nua maidir le tomhaltóirí sa mhargadh aonair lena n‑áiritheofar cur chuige cothrom lena gcosnófar tomhaltóirí gan ualach rómhór maorlathais a chur ar chuideachtaí.

3.4.Ár gcáilíocht saoil a choinneáil ar bun: an fheirmeoireacht, slándáil bia, uisce agus an dúlra



Tá soláthar slán inacmhainne de bhia áitiúil ar ardchaighdeán de dhíth ar an Eoraip, bia a tháirgtear ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de, a thugann ioncam cothrom leordhóthanach d’fheirmeoirí, a áirithíonn iomaíochas fadtéarmach fheirmeoireacht na hEorpa agus a urramaíonn agus a chosnaíonn ár dtimpeallacht nádúrtha.

Ag tógáil ar thoradh an Idirphlé Straitéisigh faoi Thodhchaí na Talmhaíochta san Aontas Eorpach, áiritheofar le Fís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia creat cobhsaí d’fheirmeoirí agus leagfar amach treochlár le haghaidh príomhthograí straitéiseacha. Cuirfidh an fhís peirspictíocht fhadtéarmach ar fáil freisin d’oibreoirí gnólachtaí, lena n‑áirítear feirmeoirí, iascairí, FBManna agus gníomhaithe eile sa bhiashlabhra.

Tá ról tábhachtach ag na haigéin agus ag na farraigí i ndáil le rathúnas, inbhuanaitheacht agus slándáil na hEorpa, lena n‑áirítear a gcumas uathúil an aeráid a rialáil mar an linn charbóin is mó ar domhan. Tá sé ríthábhachtach gníomhaíocht a dhéanamh chun ár n‑aigéin a chaomhnú, sa lá atá inniu ann agus do na glúine atá le teacht araon. Leis an gComhshocrú um na hAigéin, cruthófar creat tagartha aonair do gach beartas a bhaineann leis na haigéin agus leagfar síos cur chuige cuimsitheach i leith gach gné den aigéan.

Tá bainistíocht inbhuanaithe uisce ar cheann de na dúshláin is mó atá romhainn maidir le tionchar an athraithe aeráide. Tá tuilte agus triomaigh ag éirí níos coitianta, mar a léirítear leis na himeachtaí tragóideacha a chuaigh i bhfeidhm ar an Eoraip le blianta beaga anuas. Maidir le hathléimneacht uisce, glacfaimid cur chuige ‘ó fhoinse go muir’ agus breithneoimid na dúshláin atá an-éagsúil inár réigiúin agus in earnálacha chun a áirithiú go ndéanfar foinsí uisce a bhainistiú i gceart, go dtabharfar aghaidh ar ghanntanas agus ar thruailliú, agus chun iomaíochas ár dtionscal uisce a mhéadú.

3.5.Ár ndaonlathas a chosaint, ár luachanna a chaomhnú

Is luachanna bunaidh de chuid an Aontais Eorpaigh iad an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha. Mar sin féin, ní féidir talamh slán a dhéanamh díobh i ndomhan ilroinnte agus polaraithe an lae inniu. Is orainne atá an fhreagracht chomhroinnte ár mbunluachanna a chosaint agus a chothú ar bhonn leanúnach. Sin an fáth a ndéanfaidh an Coimisiún a chuid oibre a dhoimhniú agus a threisiú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh ár gcóras daonlathach, agus é ag seasamh leis an smacht reachta sna Ballstáit uile agus sochaí chuimsitheach a thógáil a chuirfidh ar chumas gach duine a n‑acmhainneacht iomlán a bhaint amach. I ndáil leis an méid sin, leanfaidh an Coimisiún dá rannpháirtíocht leis na Ballstáit maidir leis an smacht reachta agus déanfaidh sé tuilleadh forbartha ar an tuarascáil bhliantúil faireacháin ar an smacht reachta chun gnéithe den mhargadh aonair a chur san áireamh.

Tá stáit dhaonlathacha san Aontas Eorpach, agus ar fud an domhain, faoi ionsaí mar gheall ar antoisceachas atá ag dul i méid, bagairtí ar iriseoirí, cur isteach ar thoghcháin, ionramháil ar fhaisnéis a bheith á scaipeadh agus cineálacha éagsúla bagairtí hibrideacha. Is measa fós é sin mar gheall ar an digitiú, rud a fhágann gur féidir mífhaisnéis a scaipeadh ar luas nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Féachfaidh an Sciath don Daonlathas le dul i ngleic le cineál athraitheach na mbagairtí ar ár ndaonlathas agus ar ár bpróisis toghcháin. Tá ról tábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir lenár gcórais dhaonlathacha agus ár n‑institiúidí daonlathacha a chosaint agus cuirfidh an Coimisiún seo dlús lena rannpháirtíocht chun tacú leis an tsochaí shibhialta, í a chosaint agus í a chumhachtú.

Tá dul chun cinn stairiúil déanta ag an Eoraip maidir leis an gcomhionannas inscne, ó thrédhearcacht pá agus cothromaíocht inscne ar bhoird cuideachtaí go cothromaíocht oibre is saoil, agus pá íosta leordhóthanach. Ach is gá níos mó a dhéanamh. Leagfar amach, i dTreochlár um Chearta na mBan, faoi cearta agus prionsabail, ár dtiomantas leanúnach, roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan 2025.

Níl aon áit inár sochaí don idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar mhíchumas, ar ghnéaschlaonadh nó ar chine, ach is réaltacht laethúil é do go leor daoine san Eoraip. Déanfaimid an comhionannas a phríomhshruthú ar fud na mbeartas, agus cuirfimid straitéisí nua i láthair maidir le LADTIA agus frithchiníochas.

3.6.An Eoraip dhomhanda: Ár gcumhacht agus ár gcomhpháirtíochtaí a ghiaráil

I gcomhthéacs domhanda, ina bhfuil an t‑ord idirnáisiúnta riailbhunaithe faoi bhrú níos mó ná riamh, ní mór don Aontas a bheith níos teanntásaí agus a leasanna straitéiseacha á saothrú aige. Áirítear leis sin ár n‑oscailteacht trádála agus eacnamaíoch a chosaint, rud atá ríthábhachtach do rathúnas na hEorpa, chomh maith le tairiscint chuimsitheach ón Aontas a chur ar fáil sa timpeallacht dhigiteach. Is é an tosaíocht is mó a bheidh againn seasamh leis an Úcráin chomh fada agus is gá agus oibriú ar son a saoirse i bhfianaise chogadh foghach na Rúise. Tarlóidh sé sin go háirithe trí fhanacht ar an mbealach i dtreo todhchaí chobhsaí shlán don Úcráin mar chuid d’Aontas méadaithe.

Tá todhchaí réigiún an Mheánoirthir agus na hAfraice Thuaidh á hathscríobh faoi láthair. Ní mór don Aontas rannchuidiú leis an bpróiseas sin, agus tá sé tiomanta i gcónaí do shíocháin chóir chuimsitheach bhuan sa Mheánoirthear bunaithe ar an réiteach dhá stát. Leanfaimid ar aghaidh lenár gcuid oibre chuige sin. Ní mór don Aontas a chomhar leis an Liobáin, leis an Iordáin, leis an Iaráic, leis an Éigipt agus sa Mhuir Rua a threisiú freisin, agus cur leis an dul chun cinn atá déanta cheana féin tríd an gComhpháirtíocht Straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus an Mhurascaill. Ní mór dúinn comhpháirtíocht nua a thógáil leis an tSiria agus féachaint arís ar an straitéis maidir leis an Iaráin.

Beidh sé d’aidhm ag an gComhshocrú don Mheánmhuir borradh a chur faoin gcomhar sa réigiún agus comhpháirtíochtaí comhthairbheacha a chothú don dá chósta sa Mheánmhuir. Agus an méid sin á dhéanamh aige, beidh sé dírithe ar dhaoine agus díreoidh sé ar infheistíocht inbhuanaithe, ar chobhsaíocht eacnamaíoch, ar chruthú post, ar fhuinneamh, ar bhainistiú inbhuanaithe acmhainní, ar nascacht, ar shlándáil agus imirce agus ar shoghluaisteacht, bunaithe ar leasanna comhroinnte agus luachanna comhchoiteanna.

Ar an gcaoi chéanna, tá gá le cur chuige straitéiseach nua i leith réigiún na Mara Duibhe chun cobhsaíocht agus athléimneacht a fheabhsú.

Mar phríomh-chomhpháirtí san Áise, oibreoimid leis an India i dtreo clár oibre .Straitéiseach nua idir an tAontas agus an India. Tar éis don Choláiste cuairt a thabhairt ar an India ag tús a shainordaithe, cuirfidh an clár oibre nua seo cur chuige cuimsitheach ar fáil chun réimsí comhleasa straitéisigh a shainaithint agus na tionscnaimh a chuideoidh leis na leasanna sin a dhaingniú, i gcomhréir le tosaíochtaí comhpháirteacha. 

Trí Global Gateway a thabhairt ó straitéis nuathionscanta go straitéis atá i mbun fáis trí mhaoiniú príobháideach a shlógadh le haghaidh infheistíocht inbhuanaithe i dtíortha comhpháirtíochta, tá sé mar aidhm againn borradh a chur faoinár n‑acmhainneacht infheistíochta straitéisí i dtíortha comhpháirtíochta, go háirithe trí bhearta sonracha beartais a shainaithint ar féidir iad a chur in úsáid ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní ar mhaoiniú inbhuanaithe i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim. Ina theannta sin, déanfaimid measúnú sa chomhthéacs polaitiúil níos leithne ar an mbealach is fearr chun dul i ngleic le leochaileacht tíortha agus comhthéacsanna, laistigh de na hinfhaighteachtaí buiséadacha atá ann faoi láthair trí bheartais a ailíniú agus trí leas a bhaint as na hionstraimí ábhartha uile atá ann cheana.

3.7.Torthaí a bhaint amach le chéile agus ár nAontas a ullmhú don todhchaí  

Le cúig bliana anuas, tá an tAontas ag dul faoi athrú ó bhonn agus san am céanna tá géarchéimeanna don ghlúin seo á sárú aige, ó phaindéim COVID-19 go cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus na tionchair eacnamaíocha a eascraíonn as sin. Tá reachtaíocht cheannródaíoch achtaithe ag an Aontas chun dul chun cinn a dhéanamh sa dá aistriú agus chun ár n‑athléimneacht a threisiú. Tá sé ríthábhachtach anois tús áite a thabhairt don chur chun feidhme agus a áirithiú go mbeidh an tAontas oiriúnach don todhchaí, ó thaobh airgeadais agus institiúide de araon, bunaithe ar chaidreamh neartaithe le hinstitiúidí an Aontais.

Tíolacfaidh an Coimisiún Buiséad Fadtéarmach nua de chuid an Aontais (Creat Airgeadais Ilbhliantúil). Déanfar é a ailíniú níos fearr le tosaíochtaí agus cuspóirí an Aontais, agus díreofar é ar na réimsí is mó ina bhfuil gá le gníomhaíocht ón Aontas ar bhealach solúbtha. Beidh sé níos simplí sa chaoi a n‑oibríonn sé agus beidh tionchar níos mó aige agus bainfear úsáid níos fearr as ár mbuiséad chun maoiniú náisiúnta, príobháideach agus institiúideach breise a ghiaráil.

Thart ar 21 bhliain tar éis an bhabhta is mó méadaithe agus leis an bhfís ár nAontas a fheabhsú trí phróiseas aontachais bunaithe ar fhiúntas, ní mór dúinn a áirithiú go bhfuilimid réidh le hAontas níos mó a bhaint amach. A bhuí leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó mhéaduithe roimhe seo, tá an tAontas níos ullmhaithe anois chun a áirithiú go mbeidh sé ina spreagadh don dul chun cinn; agus go mbeidh an tAontas ag dul i ndoimhneacht de réir mar a leathnaíonn sé. Sna hathbhreithnithe beartais réamh-mhéadaithe déanfar measúnú breise ar iarmhairtí agus tionchair an mhéadaithe ar bheartais uile an Aontais, sainaithneofar bearnaí beartais, sonrófar bearta chun deiseanna a dhéanamh de dhúshláin agus fiosrófar roghanna chun feabhas a chur ar rialachas an Aontais agus ar an gcumas gníomhú go tapa, rud a ráthóidh gur féidir lenár mbeartais leanúint de bheith ag cur torthaí éifeachtacha ar fáil in Aontas níos mó.

Neartóidh an Coimisiún seo a chaidreamh leis an bParlaimint agus leis an gComhairle, rud a áiritheoidh trédhearcacht, cuntasacht agus cumarsáid fheabhsaithe agus sreabha faisnéise feabhsaithe. Beidh na Coimisinéirí uile i láthair i bParlaimint na hEorpa, rachaidh siad i dteagmháil leis na Ballstáit agus beidh siad rannpháirteach i bhfoirmíochtaí ábhartha na Comhairle. Agus muid ag obair i gcomhar leis an bParlaimint, déanfaimid athbhreithniú go pras ar ár gCreat-Chomhaontú, agus ag an am céanna cuirfimid feabhas ar an gcomhar maidir le Rúin arna nglacadh ag an bParlaimint ina n‑iarrtar tograí reachtacha bunaithe ar Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus tabharfaimid údar cuí le húsáid Airteagal 122 den Chonradh sin in imthosca eisceachtúla agus éigeandála.

4.Athbhreithniú ar thograí ar feitheamh ar chomhaontú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle

Rinne an Coimisiún grinnscrúdú ar na tograí uile a bhí ar feitheamh a nglactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ag tús a shainordaithe agus rinne sé measúnú i dtaobh ar cheart iad a choinneáil, a leasú nó a tharraingt siar i bhfianaise na dtosaíochtaí beartais a leagadh síos don sainordú nua agus i bhfianaise na n‑ionchas go nglacfar iad go luath amach anseo. Agus é sin á dhéanamh aige, rinne an Coimisiún breithniú cúramach ar na tuairimí a chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in iúl.

Tar éis an mheasúnaithe sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún 37 dtogra a tharraingt siar go dtí go dtiocfar ar chomhaontú, a liostaítear in Iarscríbhinn IV, lena n‑áirítear míniú ar na cúiseanna atá leis an tarraingt siar. Fágann sé sin gur féidir le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle a dtuairimí a chur in iúl, sula ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le leanúint ar aghaidh leis na haistarraingtí atá beartaithe.

Liostaítear in Iarscríbhinn III na tograí atá fós ar feitheamh.

5.Conclúid

Tá tús á chur le sainordú an Choimisiúin seo tráth a bhfuil suaitheadh mór domhanda ann. Ach tá deis iontach romhainn freisin chun Eoraip na todhchaí a mhúnlú. Leis an gclár oibre seo, cuirtear tús leis an ngníomhaíocht atá beartaithe chun na cuspóirí agus na tosaíochtaí beartais uaillmhianacha atá leagtha síos againn don sainordú a bhaint amach. Cuirtear chun cinn ann príomhstraitéisí, pleananna gníomhaíochta agus tionscnaimh reachtacha a bheidh mar bhunchlocha don obair bhreise a dhéanfar le linn an téarma seo chun freagairt dár n‑uaillmhian Eoraip láidir, shlán agus rathúil a thógáil.

Na tionscnaimh a chuirfimid chun cinn, agus an diongbháilteacht agus an aontacht is gá, cuideoidh siad linn dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn. Tá sé léirithe arís agus arís eile ag an Aontas seo againne cad is féidir leis a bhaint amach nuair a ghníomhaíonn muid le chéile. Oibreoidh an Coimisiún seo i ndlúthchomhar le hinstitiúidí an Aontais, le rialtais náisiúnta agus réigiúnacha, leis an earnáil phríobháideach, le comhpháirtithe sóisialta, le saoránaigh agus leis an tsochaí shibhialta. Trí dhul i gcomhar le chéile, neartóimid ár nAontas, agus áiritheoimid go ngníomhóidh sé i gcás ina bhfuil breisluach ag baint leis agus go gcomhlíonfaidh sé mianta shaoránaigh, ghnólachtaí agus pháirtithe leasmhara na hEorpa.

 


Strasbourg, 11.2.2025

COM(2025) 45 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE SÓISIALTA AGUS EACNAMAÍOCHTA NA HEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Clár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2025































Dul ar aghaidh le chéile: Aontas níos dána, níos simplí agus níos tapúla


Iarscríbhinn I: Tionscnaimh nua 1

Uimh.

Cuspóir beartais

Tionscnaimh

Plean nua chun go mbeidh rathúnas agus iomaíochas na hEorpa inbhuanaithe

1.

Iomaíochas

Compás Iomaíochais (neamhreachtach, R1 2025)

2.

Iomaíochas

Straitéis maidir le Margadh Aonair (neamhreachtach, R2 2025)

3.

Simpliú

An chéad phacáiste Omnibus maidir leis an inbhuanaitheacht (reachtach, R1 2025)

4.

Simpliú

An dara pacáiste Omnibus maidir le simpliú infheistíochta (reachtach, R1 2025)

5.

Simpliú

An tríú pacáiste Omnibus, lena n‑áirítear maidir le  cuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus le deireadh a chur le ceanglais pháipéireachais (reachtach, R2 2025)

6.

Simpliú

Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaithe (reachtach, lena n‑áirítear measúnú tionchair, Airteagal 114 CFAE, R4 2025)

7.

Simpliú

An pacáiste digiteach (reachtach, lena n‑áirítear measúnú tionchair, R4 2025)

8.

Simpliú

An Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa (reachtach, lena n‑áirítear measúnú tionchair,  Airteagal 114 CFAE, R4 2025)

9.

Iomaíochas agus Dícharbónú

Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan (neamhreachtach, R1 2025)

10.

Plean gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne (neamhreachtach, R1 2025)

11.

Iomaíochas agus Dícharbónú

Gníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch (reachtach, lena n‑áirítear measúnú tionchair, Airteagal 114 CFAE, R4 2025)

12.

Iomaíochas agus Dícharbónú

Straitéis AE um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú (neamhreachtach, R2 2025)

13.

Iomaíochas

Teachtaireacht maidir le hAontas Coigiltis agus Infheistíochta  (neamhreachtach, R1 2025)

14.

Athbhreithniú ar an gCreat Urrúsúcháin (reachtach, lena n‑áirítear measúnú tionchair, Airteagal 114 CFAE, R2 2025)

15.

Nuálaíocht

An Gníomh um Líonraí Digiteacha (reachtach, lena n‑áirítear measúnú tionchair, Airteagal 114 CFAE, R4 2025)

16.

Nuálaíocht

Plean Gníomhaíochta um Mór Roinn na hIntleachta Saorga  (neamhreachtach, R1 2025)

17.

Nuálaíocht

Straitéis Chandamach an Aontais (neamhreachtach, R2 2025)

18.

Iomaíochas

Gníomh Spáis an Aontais (reachtach, lena n‑áirítear measúnú tionchair, Airteagal 114 CFAE, R2 2025)

19.

Iomaíochas agus Dícharbónú

Straitéis Bhithgheilleagair (neamhreachtach nó reachtach, R4 2025)

20.

Simpliú

Athbhreithniú spriocdhírithe ar Rialachán REACH (reachtach, Airteagal 114 CFAE, R4 2025)

21.

Slándáil

Treochlár chun deireadh a chur le hallmhairí fuinnimh na Rúise (neamhreachtach, R1 2025)

22.

Iomaíochas agus Dícharbónú

Plean Infheistíochta Iompair Inbhuanaithe (neamhreachtach, R3 2025)

Ré nua maidir le Cosaint agus Slándáil na hEorpa

23.

Slándáil

Páipéar Bán maidir le Todhchaí Chosaint na hEorpa  (neamhreachtach, R1 2025)

24.

Ullmhacht agus Athléimneacht

Straitéis um Aontas na hUllmhachta (neamhreachtach, R1 2025)

25.

Ullmhacht agus Athléimneacht

Gníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla (reachtach R1 2025)

26.

Straitéis chun tacú le frithbhearta leighis in aghaidh bagairtí ar an tsláinte phoiblí (neamhreachtach, R2 2025)

27.

Straitéis Stoc-charntha an Aontais (neamhreachtach, R2 2025)

28.

Slándáil

Straitéis nua Slándála Inmheánaí don Eoraip (neamhreachtach, R1 2025)

29.

Slándáil

Rialacha nua maidir le réamhtheachtaithe drugaí (reachtach, lena n‑áirítear measúnú tionchair, Airteagail 114 agus 207 CFAE, R4 2025)

30.

An Treoir maidir le Gáinneáil ar Airm Thine (reachtach, lena n‑áirítear measúnú tionchair, Airteagal 83 CFAE, R4 2025)

31.

Slándáil

Plean gníomhaíochta maidir le cibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte (neamhreachtach,  R1 2025)

32.

An Imirce

Cur chuige coiteann nua maidir le fillteacha (reachtach, Airteagal 79 (2) CFAE, R1 2025)

33.

An Imirce

Straitéis Eorpach um Imirce agus Tearmann (neamhreachtach, R4 2025)

Tacú le daoine agus ár sochaithe agus ár múnla sóisialta a neartú

34.

Cothroime shóisialta

Plean Gníomhaíochta nua um Chur i bhFeidhm Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (neamhreachtach, R4 2025)

35.

Cothroime shóisialta

Treochlár um Poist ar Ardchaighdeán (neamhreachtach, R4 2025)

36.

Iomaíochas

Aontas na Scileanna (neamhreachtach, R1 2025)

37.

Cothroime shóisialta

Clár Oibre 2030 maidir le Tomhaltóirí, lena n‑áirítear plean gníomhaíochta maidir le tomhaltóirí sa Mhargadh Aonair (neamhreachtach, R4 2025)

Ár gcáilíocht saoil a chothabháil: slándáil bia, uisce agus an dúlra

38.

Dícharbónú

Leasú ar an Dlí Aeráide Eorpach (reachtach, Airteagal 192(1) CFAE, R1 2025)

39.

Iomaíochas agus Dícharbónú

Fís don Talmhaíocht agus don Bhia (neamhreachtach, R1 2025)

40.

Simpliú

Pacáiste simpliúcháin an Chomhbheartais Talmhaíochta (reachtach, R2 2025) 

41.

Iomaíochas

Comhshocrú um na hAigéin (neamhreachtach, R2 2025)

42.

Ullmhacht agus Athléimneacht

Straitéis Eorpach maidir le hathléimneacht i réimse an uisce (neamhreachtach, R2 2025)

Ár ndaonlathas a chosaint, ár luachanna a chaomhnú

43.

Daonlathas

Sciath Eorpach don Daonlathas (neamhreachtach, R3 2025)

44.

Straitéis an Aontais chun tacú leis an tsochaí shibhialta, í a chosaint agus a chumhachtú (neamhreachtach, R3 2025)

45.

Comhionannas

Treochlár um Chearta na mBan (neamhreachtach, R1 2025)

46.

Comhionannas

Straitéisí Comhionannais maidir le LADTIA (neamhreachtach, R4 2025) agus An Frithchiníochas (neamhreachtach, R4 2025)

An Eoraip dhomhanda: Ár gcumhacht agus ár gcomhpháirtíochtaí a threisiú

47.

Geopholaitíocht

Comhshocrú don Mheánmhuir (neamhreachtach, R3 2025)

48.

Geopholaitíocht

Cur chuige straitéiseach an Aontais i leith na Mara Duibhe / Straitéis um an Mhuir Dhubh (neamhreachtach, R2 2025)

49.

Geopholaitíocht

Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Clár Oibre Straitéiseach nua idir an tAontas agus an India (neamhreachtach, R2 2025)

Torthaí a bhaint amach le chéile agus ár nAontas a ullmhú don todhchaí

50.

Tosaíocht amach anseo

Tograí maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil tar éis 2027 (reachtach, Airteagal 312 CFAE, R3 2025)

51.

Tosaíocht amach anseo

Aontas Eorpach atá oiriúnach don mhéadú: athbhreithnithe agus athchóirithe beartais (neamhreachtach, le deimhniú)



Iarscríbhinn II: Plean Bliantúil le haghaidh meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta

Uimh.

Teideal iomlán

Am táscach don tabhairt chun críche

1.

Seiceáil oiriúnachta ar an acquis reachtach i réimse an bheartais dhigitigh

R4 2025

2.

Seiceáil oiriúnachta ar ollstruchtúr slándála fuinnimh

R2 2025

3.

Seiceáil oiriúnachta ar an rochtain ar an margadh i réimse an iompair ar uiscebhealaí intíre 

R2 / R3 2025

4.

Seiceáil Oiriúnachta ar reachtaíocht an Aontais maidir le haerfoirt

R4 2025

5.

Meastóireacht ar na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí 

R3 2025

6.

Meastóireacht ar rialacha an Aontais maidir le feistí leighis agus diagnóisic in vitro

R4 2025

7.

Meastóireacht ar an Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta

R4 2025

8.

Meastóireacht ar threoracha maidir le dramhaíl radaighníomhach

R4 2025

9.

Meastóireacht ar an Treoir maidir le Brú-threalamh agus ar an Treoir maidir le hÁrthaí Brú Simplí

R4 2025

10.

Meastóireacht ar Threoir an Aontais maidir le hArdaitheoirí

R2 2025

11.

Meastóireacht ar an Treoir maidir le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia

R3 2025

12.

Meastóireacht ar an Rialachán maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (ÚTAÚTF)

R4 2025

13.

Meastóireacht ar an Treoir maidir le Sábháilteacht Soithí Iascaireachta

R1/R2 2025

14.

Meastóireacht ar an An Rialachán maidir le Geobhlocáil 

R4 2025

15.

Meastóireacht ar rialacha státchabhrach maidir le bainc atá i gcruachás

R4 2025

16.

Meastóireacht ar an bhFógra Ráthaíochta

R3 2025

17.

Meastóireacht ar an Treoir in aghaidh Seachaint Cánach (ATAD)

R4 2025

18.

Meastóireacht ar Rialacha Tionscnaimh an Aontais

R4 2025

19.

Meastóireacht ar an Treoir maidir le hAistrithe Cosanta

R4 2025

20.

Meastóireacht ar an Treoir maidir le hAirm Thine

R4 2025

21.

Meastóireacht ar an gCiste don Nuálaíocht

R4 2025

22.

Meastóireacht ar an gCiste don Nuachóiriú

R4 2025

23.

Meastóireacht ar Rialachán (AE) 2016/796 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh

R3 2025

24.

Meastóireacht ex post ar an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) 2014-2020

R3/R4 2025

25.

Meastóireacht ex post ar an gan Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) 2014-2020

R2 2025

26.

Meastóireacht ex post ar an gan Ciste Slándála Inmheánaí - Teorainneacha agus Víosaí (CSI-TV) 2014-2020

R2 2025

27.

Meastóireacht ex post ar an gan Ciste Slándála Inmheánaí - Póilíní 2014-2020

R2 2025

28.

Meastóireacht ex post ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ar an gCiste Comhtháthaithe 2014-2020

R2 2025

29.

Meastóireacht ex post ar an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) 2014‑2020

R2 2025

30.

Meastóireacht ex-post ar Chiste Sóisialta na hEorpa agus ar an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg 2014-2020

R3 2025

31.

Meastóireacht eatramhach ar an gCiste Eorpach Cosanta

R1-R2 2025

32.

Meastóireacht eatramhach ar an gclár Custam 2021-2027

R3 2025

33.

Meastóireacht eatramhach ar chlár na hIonstraime um Threalamh Rialaithe Custaim (ITRC)

R2 2025

34.

Meastóireacht eatramhach ar chlár Fiscalis 2021-2027

R4 2025

35.

Meastóireacht eatramhach ar Fhís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht

R2 2025

36.

Meastóireacht mheán‑téarma ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ar an gCiste Comhtháthaithe agus ar an gCiste um Aistriú Cóir in 2021-2027

R2 2025

37.

Meastóireacht mheántéarma ar Chiste Sóisialta na hEorpa Plus 2021-2027

R2 2025

Iarscríbhinn III: Tograí ar feitheamh

Uimh.

Teideal iomlán

Tagairtí

Plean nua chun go mbeidh rathúnas agus iomaíochas na hEorpa inbhuanaithe

1.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2014/32/AE a mhéid a bhaineann le trealamh soláthair le haghaidh feithiclí leictreacha, dáileoirí gáis chomhbhrúite agus méadair fuinnimh leictreachais, gháis agus theirmigh

COM(2024)561 final
2024/0311 (COD)

29.11.2024

2.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le comhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh le haghaidh dearbhú maidir le hoibrithe a phostú agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

COM(2024)531 final
2024/0301 (COD)

13.11.2024

3.

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2011/16/AE a mhéid a bhaineann le comhar riaracháin i réimse an chánachais

COM(2024)497 final
2024/0276 (CNS)

28.10.2024

4.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta san Aontas (códú)

COM(2024)255 final
2024/0144 (COD)

20.06.2024

5.

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ceanada lena gcumhdaítear rannpháirtíocht Cheanada in aon chlár de chuid an Aontais agus comhlachas Cheanada le Fís Eorpach

COM(2024)67 final
2024/0038 (NLE)

9.02.2024

6.

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Cinneadh 2003/17/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coibhéis cigireachtaí allamuigh a dhéantar i bPoblacht na Moldóive ar bharra táirgthe síl plandaí farae agus ar choibhéis síl plandaí farae a tháirgtear i bPoblacht na Moldóive, agus a mhéid a bhaineann le coibhéis cigireachtaí allamuigh a dhéantar san Úcráin ar bharra táirgthe síl biatais agus barra táirgthe síl plandaí ola agus ar choibhéis síl biatais agus síl plandaí ola a tháirgtear san Úcráin

COM(2024)52 final
2024/0027 (COD)

5.02.2024

7.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2005/44/CE a mhéid a bhaineann le seirbhísí faisnéise tráchta abhann comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal

COM(2024)33 final
2024/0011 (COD)

26.01.2024

8.

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena bhformheastar Rialachán ón gCoimisiún (Euratom) maidir le coimircí Euratom a chur i bhfeidhm

COM(2023)793 final
2023/0465 (NLE)

21.12.2023

9.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002, (CE) Uimh. 401/2009, (AE) 2017/745 agus (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hathshannadh cúraimí eolaíocha agus teicniúla agus le feabhas a chur comhar i measc ghníomhaireachtaí an Aontais sa réimse ceimiceán

COM(2023)783 final
2023/0455 (COD)

7.12.2023

10.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hathshannadh cúraimí eolaíocha agus teicniúla chuig an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán

COM(2023)781 final
2023/0454 (COD)

7.12.2023

11.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, lena leagtar síos rialacha lena áirithiú go bhfuil na sonraí atá ann inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in athúsáidte agus lena mbunaítear creat faireacháin agus ionchais le haghaidh ceimiceán

COM(2023)779 final
2023/0453 (COD)

7.12.2023

12.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle

COM(2023)770 final
2023/0448 (COD)

7.12.2023

13.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le leas madraí agus cat agus a n‑inrianaitheacht

COM(2023)769 final
2023/0447 (COD)

7.12.2023

14.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 261/2004, (CE) Uimh. 1107/2006, (AE) Uimh. 1177/2010, (AE) Uimh. 181/2011 agus (AE) 2021/782 a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú ceart paisinéirí san Aontas

COM(2023)753 final
2023/0437 (COD)

29.11.2023

15.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cearta paisinéirí i gcomhthéacs turas ilmhódach

COM(2023)752 final
2023/0436 (COD)

29.11.2023

16.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Cinneadh 92/106/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le creat tacaíochta um iompar idirmhódúil earraí agus Rialachán (AE) 2020/1056 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coigiltis costas seachtrach a ríomh agus sonraí comhiomlánaithe a ghiniúint

COM(2023)702 final
2023/0396 (COD)

7.11.2023

17.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le caillteanais millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaistigh a laghdú

COM(2023)645 final
2023/0373 (COD)

16.10.2023

18.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála

COM(2023)533 final
2023/0323 (COD)

12.09.2023

19.

Togra le haghaidh TREOIR ón gCOMHAIRLE maidir le Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachais Ioncaim (BEFIT)

COM(2023)532 final
2023/0321 (CNS)

12.09.2023

20.

Togra le haghaidh TREOIR ón gCOMHAIRLE maidir le praghsáil aistrithe

COM(2023)529 final
2023/0322 (CNS)

12.09.2023

21.

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear córas Cánach Ceannoifige le haghaidh micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE

COM(2023)528 final
2023/0320 (CNS)

12.09.2023

22.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha

COM(2023)516 final
2023/0315 (COD)

05.09.2023

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1024/2012 agus (AE) 2018/1724 a mhéid a bhaineann le húsáid Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus na Pointe Rochtana Aonair Digitigh chun críocha ceanglais áirithe a leagtar síos le Treoir (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha

COM(2023)515 final
2023/0314 (COD)

05.09.2023

23.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sábháilteacht bréagán agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/48/CE

COM(2023)462 final
2023/0290 (COD)

28.07.2023

24.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceanglais chiorclaíochta le haghaidh dearadh feithiclí agus maidir le bainistiú feithiclí a bhfuil a ré caite, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/858 agus 2019/1020 agus lena n‑aisghairtear Treoracha 2000/53/CE agus 2005/64/CE

COM(2023)451 final
2023/0284 (COD)

13.07.2023

25.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 96/53/CE ón gComhairle lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta d’fheithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal

COM(2023)445 final
2023/0265 (COD)

11.07.2023

26.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, lena leasaítear Treoir 2012/34/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010

COM(2023)443 final
2023/0271 (COD)

11.07.2023

27.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa seirbhísí iompair

COM(2023)441 final
2023/0266 (COD)

11.07.2023

28.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2008/98/CE a mhéid a bhaineann le dramhaíl

COM(2023)420 final
2023/0234 (COD)

05.07.2023

29.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/2031 agus Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/105/CE ón gComhairle (Rialachán maidir le hábhar atáirgthe foraoise)

COM(2023)415 final
2023/0228 (COD)

05.07.2023

30.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hábhar atáirgthe plandaí a tháirgeadh agus a mhargú san Aontas, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/2031, 2017/625 agus 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 68/193/CEE, 2002/53/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE, 2002/57/CE, 2008/72/CE agus 2008/90/CE ón gComhairle (Rialachán maidir le hábhar atáirgthe plandaí)

COM(2023)414 final
2023/0227 (COD)

05.07.2023

31.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an euro digiteach a bhunú

COM(2023)369 final
2023/0212 (COD)

28.06.2023

32.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le soláthar seirbhísí euro dhigitigh ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá corpraithe i mBallstáit nach é an euro an t‑airgeadra iontu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

COM(2023)368 final
2023/0211 (COD)

28.06.2023

33.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

COM(2023)367 final
2023/0210 (COD)

28.06.2023

34.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh‑airgid sa Mhargadh Inmheánach lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2015/2366/AE agus Treoir 2009/110/CE

COM(2023)366 final
2023/0209 (COD)

28.06.2023

35.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le dlíthairiscint nótaí bainc agus monaí euro

COM(2023)364 final
2023/0208 (COD)

28.06.2023

36.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le creat le haghaidh Rochtain ar Shonraí Airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 agus (AE) 2022/2554

COM(2023)360 final
2023/0205(COD)

28.06.2023

37.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoracha (AE) 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2014/65/AE agus (AE) 2016/97 a mhéid a bhaineann le rialacha cosanta d’infheisteoirí miondíola an Aontais

COM(2023)279 final
2023/0167 (COD)

24.05.2023

38.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a mhéid a bhaineann leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a nuachóiriú

COM(2023)278 final
2023/0166 (COD)

24.05.2023

39.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002

COM(2023)269 final
2023/0163 (COD)

01.06.2023

40.

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL a dtaca le daoine inchánach a éascaíonn ciandíolacháin earraí allmhairithe agus cur i bhfeidhm na scéime speisialta le haghaidh ciandíolacháin earraí a allmhairítear ó thríú críocha nó ó thríú tíortha agus socruithe speisialta maidir le CBL ar allmhairí a dhearbhú agus a íoc

COM(2023)262 final
2023/0158 (CNS)

17.05.2023

41.

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 a mhéid a bhaineann le cóireáil taraife shimplithe a thabhairt isteach le haghaidh ciandíolacháin earraí agus Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 a mhéid a bhaineann leis an tairseach faoisimh ó dhleacht chustaim a dhíchur

COM(2023)259 final
2023/0157 (NLE)

17.05.2023

42.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear Cód Custaim an Aontais agus Údarás Custaim an Aontais Eorpaigh, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

COM(2023)258 final
2023/0156 (COD)

17.05.2023

43.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2014/49/AE a mhéid a bhaineann le raon feidhme árachais taiscí, úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, comhar trasteorann agus trédhearcacht

COM(2023)228 final
2023/0115 (COD)

18.04.2023

44.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le bearta luath‑idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a mhaoiniú

COM(2023)227 final
2023/0112 (COD)

18.04.2023

45.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le bearta luath‑idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a chistiú

COM(2023)226 final
2023/0111 (COD)

18.04.2023

46.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceadúnú éigeantach le haghaidh bainistiú géarchéime agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 816/2006

COM(2023)224 final
2023/0129 (COD)

27.04.2023

47.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte (athmhúnlú)

COM(2023)231 final
2023/0130 (COD)

27.04.2023

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí cosanta plandaí (athmhúnlú)

COM(2023)223 final
2023/0128 (COD)

27.04.2023

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an deimhniú forlíontach aonadach le haghaidh táirgí íocshláinte, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1001, Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 chomh maith le Rialachán (AE) Uimh. 608/2013

COM(2023)222 final
2023/0127 (COD)

27.04.2023

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta aonadach le haghaidh táirgí cosanta plandaí

COM(2023)221 final
2023/0126 (COD)

27.04.2023

48.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 648/2004

COM(2023)217 final
2023/0124 (COD)

28.04.2023

49.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine agus lena mbunaítear rialacha lena rialaítear an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 agus Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 agus Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006

COM(2023)193 final
2023/0131 (COD)

26.04.2023

50.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Cód an Aontais a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2001/83/CE agus Treoir 2009/35/CE

COM(2023)192 final
2023/0132 (COD)

26.04.2023

51.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 1999/62/CE, Treoir 1999/37/CE ón gComhairle agus Treoir (AE) 2019/520 a mhéid a bhaineann le haicme astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair le leantóirí

COM(2023)189 final
2023/0134 (COD)

4.05.2023

52.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite agus iad a chur in iúl (Treoir maidir le Maímh Ghlasa)

COM(2023)166 final
2023/0085 (COD)

22.03.2023

53.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le héifeacht uile-Aontais a bheith ag dícháiliúcháin tiomána áirithe

COM(2023)128 final
2023/0055 (COD)

01.03.2023

54.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceadúnais tiomána, lena leasaítear Treoir (AE) 2022/2561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 ón gCoimisiún

COM(2023)127 final
2023/0053 (COD)

01.03.2023

55.

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Nua-Shéalainne, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Rialtas na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais

COM(2023)113 final
2023/0059 (NLE)

7.03.2023

56.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le gnéithe áirithe den dlí dócmhainneachta a chomhchuibhiú

COM(2022)702 final
2022/0408 (COD)

07.12.2022

57.

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le liúntas um chlaontacht fiachais‑cothromais a laghdú agus i dtaca le hin‑asbhainteacht úis a theorannú chun críoch cánach ioncaim corparáidí

COM(2022)216 final
2022/0154 (CNS)

11.05.2022

58.

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas Oileáin Fharó, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gcláir an Aontais

COM(2022)65 final
2022/0045 (NLE)

24.02.2022

59.

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos rialacha chun mí‑úsáid eintiteas caoch chun críoch cánach a chosc agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE

COM(2021)565 final
2021/0434 (CNS)

22.12.2021

60.

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Aontais le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (athmhúnlú)

COM(2021)563 final
2021/0213 (CNS)

14.07.2021

61.

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun brí na dtéarmaí a úsáidtear i bhforálacha áirithe den Treoir sin a chinneadh

COM(2020)749 final
2020/0331 (CNS)

18.12.2020

62.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena scoirtear d’athruithe séasúracha ama agus lena n‑aisghairtear Treoir 2000/84/CE

COM(2018)639 final
2018/0332 (COD)

12.09.2018

63.

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gcóras comhchoiteann i ndáil le cáin seirbhísí digiteacha ar ioncaim a eascraíonn as seirbhísí digiteacha áirithe a sholáthar

COM(2018)148 final
2018/0073 (CNS)

21.03.2018

64.

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos rialacha maidir le cánachas corparáideach ar láithreacht dhigiteach shuntasach

COM(2015) final
2018/0072 (CNS)

21.03.2018

65.

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 chun Scéim Eorpach Árachais Taiscí a bhunú

COM(2015)586 final
2015/0270 (COD)

24.11.2015

66.

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 a mhéid a bhaineann le rialacha comhchoiteanna a bhunú maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí sa chás nach gceadaítear dóibh bordáil agus sa chás ina gcuirtear eitiltí ar ceal nó go gcuirtear moill fhada orthu, agus Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 a mhéid a bhaineann le dliteanas aeriompróra i ndáil le hiompar paisinéirí agus a gcuid bagáiste d’aer

COM(2013)130 final
2013/0072 (COD)

13.03.2013

67.

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe i réimse na cánach ar idirbhearta airgeadais

COM(2013)71 final
2013/0045 (CNS)

14.02.2013

Ré nua maidir le Cosaint agus Slándáil na hEorpa

68.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear feidhmchlár chun sonraí taistil a chur isteach go leictreonach (‘Feidhmchlár an Aontais um Thaisteal Digiteach’) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/399 agus (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le húsáid dintiúr taistil digiteach

COM(2024)670 final
2024/0670 (COD)

8.10.2024

69.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2017/2226 agus Rialachán (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí an Chórais Dul Isteach/Imeachta

COM(2024)567 final
2024/0315 (COD)

4.12.2024

70.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú (‘EDIP’)

COM(2024)150 final
2024/0061 (COD)

5.03.2024

71.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le mí‑úsáid ghnéasach leanaí, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (athmhúnlú)

COM(2024)60 final
2024/0035 (COD)

6.02.2024

72.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos rialacha íosta maidir le héascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus fanacht neamhúdaraithe san Aontas a chosc agus a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Threoir 2002/90/CE ón gComhairle agus Chinneadh Réime 2002/946 CGB ón gComhairle

COM(2023)755 final
2023/0439 (COD)

28.11.2023

73.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le feabhas a chur ar an gcomhar póilíneachta i ndáil le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus maidir le feabhas a chur ar thacaíocht Europol ó thaobh coireanna den sórt sin a chosc agus a chomhrac agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794

COM(2023)754 final
2023/0438 (COD)

28.11.2023

74.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE LENA mBUNAÍTEAR LINN TALLAINNE AN AONTAIS EORPAIGH

COM(2023)716 final
2023/0404 (COD)

15.11.2023

75.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar an sásra fionraíochta

COM(2023)642 final
2023/0371 (COD)

18.10.2023

76.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an éilliú a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin a mhéid a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

COM(2023)234 final
2023/0135 (COD)

03.05.2023.

77.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (athmhúnlú)

COM(2022)650 final
2022/0134 (COD)

27.04.2022

78.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos rialacha chun mí‑úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac

COM(2022)209 final
2022/0155 (COD)

11.05.2022

79.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806, lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (Cuáit, Catar)

COM(2022)189 final
2022/0135 (COD)

27.04.2022

80.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le slándáil faisnéise in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachaí an Aontais

COM(2022)119 final
2022/0084 (COD)

22.03.2022

81.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta in aghaidh oibreoirí iompair a éascaíonn nó a ghlacann páirt sa gháinneáil ar dhaoine nó i smuigleáil na n‑imirceach i ndáil le teacht isteach neamhdhleathach i gcríoch an Aontais Eorpaigh

COM(2021)753 final
2021/0387(COD)

23.11.2021

82.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (An Tuirc)

COM(2016)279 final
2016/0141 (COD)

4.05.2016

Tacú le daoine agus ár sochaithe agus ár múnla sóisialta a neartú

83.

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2024/002 BE/Limburg machinery and paper

COM(2024)370 final
2024/0286 (BUD)

5.11.2024

84.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le dálaí oibre oiliúnaithe a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú agus maidir le gnáthchaidrimh fostaíochta rialta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac (‘an Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna’)

COM(2024)132 final
2024/0068 (COD)

20.03.2024

85.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2009/38/CE a mhéid a bhaineann le bunú agus feidhmiú Comhairlí Oibreacha Eorpacha agus forfheidhmiú éifeachtach na gceart trasnáisiúnta a bhaineann le faisnéis agus comhairliúchán

COM(2024)14 final
2024/0006 (COD)

24.01.2024

86.

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir (AE) 2015/637 a mhéid a bhaineann leis na bearta comhordaithe agus comhair chun an chosaint chonsalach a éascú do shaoránaigh den Aontas nach bhfuil ionadaíocht acu i dtríú tíortha agus Treoir (AE) 2019/997 lena mbunaítear Doiciméad Taistil Éigeandála AE

COM(2023)930 final
2023/0441 (CNS)

6.12.2023

87.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir (AE) 2015/2302 chun cosaint taistealaithe a dhéanamh níos éifeachtaí agus chun gnéithe áirithe den Treoir a shimpliú agus a shoiléiriú

COM(2023)905 final
2023/0435 (COD)

29.11.2023

88.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí, do shó‑ghineacha nó do shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair (an séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (códú)

COM(2023)738 final
2023/0421 (COD)

27.11.2023

89.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2013/11/AE a mhéid a bhaineann le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí, chomh maith le Treoracha (AE) 2015/2302, (AE) 2019/2161 agus (AE) 2020/1828

COM(2023)649 final
2023/0376 (COD)

17.10.2023

90.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1024/2012 agus (AE) 2018/1724 a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe a leagtar síos le Treoir (AE) XXXX/XXXX

COM(2023)636 final
2023/0462 (COD)

12.12.2023

91.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le staidreamh Eorpach i ndáil leis an daonra agus i ndáil le tithíocht, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013

COM(2023)31 final
2023/0008 (COD)

20.01.2023

92.

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla in ábhair tuismíochta agus maidir le Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthú

COM(2022)695 final
2022/0402 (CNS)

7.12.2022

93.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a mhéid a bhaineann le comhordú córas slándála sóisialta agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme

COM(2016)815 final
2016/0397 (COD)

13.12.2016

94.

Togra le haghaidh RIALACHÁN ón gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 866/2004 a mhéid a bhaineann le córas faoi Airteagal 2 de Phrótacal 10 den Ionstraim Aontachais i ndáil le hearraí atá faoi réir scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia

COM(2015)380 final
2015/0165 (NLE)

28.07.2015

95.

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le coinníollacha speisialta trádála leis na limistéir sin de Phoblacht na Cipire nach bhfeidhmíonn Rialtas Phoblacht na Cipire rialú éifeachtach iontu

COM(2004)466 final
2004/0148 (COD)

7.07.2004

Ár gcáilíocht saoil a chothabháil: slándáil bia, uisce agus an dúlra

96.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le seasamh na bhfeirmeoirí a neartú i slabhra an tsoláthair bia

COM(2024)577 final
2024/0319 (COD)

10.12.2024

97.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le comhar i measc údaráis forfheidhmithe atá freagrach as forfheidhmiú Threoir (AE) 2019/633 maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia

COM(2024)576 final
2024/0318 (COD)

10.12.2024

98.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012 a mhéid a bhaineann le bearta áirithe d’fhonn stoic éisc a chaomhnú i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh‑inbhuanaithe

COM(2024)407 final
2024/0224 (COD)

13.09.2024

99.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir)

COM(2024)183 final
2024/0098 (COD)

30.04.2024

100.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le creat faireacháin le haghaidh foraoisí Eorpacha seasmhacha

COM(2023)728 final
2023/0413 (COD)

22.11.2023

101.

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Cinneadh 89/367/CEE ón gComhairle lena mbunaítear Buanchoiste Foraoiseachta

COM(2023)727 final
2023/0410 (COD)

22.11.2023

102.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Faireachán Ithreach agus Athléimneacht Ithreach (an Dlí maidir le Faireachán Ithreach)

COM(2023)416 final
2023/0232 (COD)

05.07.2023

103.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le plandaí a fhaightear trí theicnící géanómaíocha nua áirithe agus a mbia agus a mbeatha agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/625

COM(2023)411 final
2023/0226 (COD)

05.07.2023

104.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat i gcomhair gníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, Treoir 2006/118/CE a mhéid a bhaineann le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath agus Treoir 2008/105/CE a mhéid a bhaineann le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce

COM(2022)540 final
2022/0344 (COD)

26.10.2022



Ár ndaonlathas a chosaint, ár luachanna a chaomhnú

105.

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE maidir le heisiúint dintiúr digiteach taistil bunaithe ar chártaí aitheantais agus maidir le caighdeáin theicniúla ina leith

COM(2024)671 final
2024/0248 (CNS)

8.10.2024

106.

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna n eisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta

COM(2024)316 final
2024/0187 (CNS)

23.07.2024

107.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear ceanglais chomhchuibhithe sa mhargadh inmheánach maidir le trédhearcacht na hionadaíochta leasa a dhéantar thar ceann tríú tíortha agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937

COM(2023)637 final
2023/0463 (COD)

12.12.2023

108.

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2012/29/AE lena mbunaítear caighdeáin íosta maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle

COM(2023)424 final
2023/0250 (COD)

11.07.2023

109.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos rialacha nós imeachta breise a bhaineann le forfheidhmiú Rialachán (AE) 2016/679

COM(2023)348 final
2023/0202 (COD)

04.07.2023

110.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aitheantas agus forfheidhmiú beart agus comhar in ábhair a bhaineann le cosaint daoine fásta

COM(2023)280 final
2023/0169 (COD)

31.01.2023

111.

Eoraip níos uilechuimsithí agus níos cosantaí: liosta choireanna an Aontais Eorpaigh a leathnú chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a chur san áireamh ann

COM(2021)777 final
09.12.2021

112.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (athmhúnlú)

COM(2021)734 final
2021/0375 (COD)

25.11.2021

113.

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha ag saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú)

COM(2021)733 final
2021/0373 (CNS)

25.11.2021

114.

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos socruithe sonracha a bhaineann le cearta chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú do shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú)

COM(2021)732 final
2021/0372 (CNS)

25.11.2021



An Eoraip dhomhanda: Ár gcumhacht agus ár gcomhpháirtíochtaí a threisiú

115.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Saoráide Athchóirithe agus Fáis a bhunú le haghaidh Phoblacht na Moldóive

COM(2024)469 final
2024/0258 (COD)

9.10.2024

116.

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar do Phoblacht Arabach na hÉigipte

COM(2024)461 final
2024/0071 (COD)

15.03.2024

117.

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine

COM(2024)159 final
2024/0086 (COD)

8.04.2024

118.

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le coibhéis cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh i dtríú tíortha ar bharra táirgthe síl agus maidir le coibhéis síl arna tháirgeadh i dtríú tíortha (códú)

COM(2024)53 final
2024/0030 (COD)

6.02.2024

119.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hinfheistíochtaí coigríche san Aontas a scagadh agus lena n aisghairtear Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

COM(2024)23 final
2024/0017 (COD)

24.01.2024

120.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena gcuirtear i bhfeidhm scéim ghinearálaithe um fhabhair tharaife agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa ón gComhairle

COM(2021)579 final
2021/0297 (COD)

22.09.2021

121.

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena gcuirtear chun feidhme scéim deimhniúcháin Phróiseas Kimberley um thrádáil idirnáisiúnta i ndiamaint gharbha (athmhúnlú)

COM(2021)115 final
2021/0060 (COD)

12.03.2021



Torthaí a bhaint amach le chéile agus ár nAontas a ullmhú don todhchaí

122.

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 an 30 Aibreán 2021 a mhéid a bhaineann le bearta cur chun feidhme le haghaidh acmhainní dílse nua an Aontais Eorpaigh

COM(2022)102 final
2022/0072 (APP)

14.03.2022

Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 an 30 Aibreán 2021 a mhéid a bhaineann le bearta cur chun feidhme le haghaidh acmhainní dílse nua an Aontais Eorpaigh

Arna leasú le COM(2023)332 final
20.06.2023

123.

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun acmhainní dílse a chur ar fáil bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí, ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha agus ar bhrabúis ath‑leithdháilte agus ar na bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh

COM(2022)101 final
2022/0071 (NLE)

14.03.2022

Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun na hacmhainní dílse a chur ar fáil bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí, ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, ar bhrabúis ath‑leithdháilte agus chun an acmhainn dhílis staidrimh a chur ar fáil bunaithe ar bhrabúis chuideachta agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh

Arna leasú le COM(2023)333 final
20.06.2023

124.

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a mhéid a bhaineann le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh

COM(2021)570 final
2021/0430 (CNS)

22.12.2021

Togra leasaithe le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a mhéid a bhaineann le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh

Arna leasú le COM(2023)331 final
20.06.2023



Iarscríbhinn IV: Aistarraingtí 2

Uimh.

Tagairtí

Teideal

Na cúiseanna atá leis an aistarraingt

Plean nua chun go mbeidh rathúnas agus iomaíochas na hEorpa inbhuanaithe

1.

COM(2011)714 final
2011/0314 (CNS)

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE maidir le córas comhchoiteann cánachais is infheidhme cánachais is infheidhme ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa arna ndéanamh idir cuideachtaí comhlachaithe Ballstát éagsúil

Imithe i léig – glacadh raon feidhme an togra ar láimh go páirteach leis an Treoir lena gcuirtear chun feidhme Colún 2 ECFE maidir le cánachas corparáideach íosta. Na saincheisteanna a raibh i gceist dul i ngleic leo leis an togra ach atá fós gan réiteach, tabharfar aghaidh orthu trí ghníomh Omnibus atá ar na bacáin mar chuid den phróiseas simplithe.

2.

COM(2011)827 final
2011/0391 (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le rialacha comhchoiteanna i dtaca le leithroinnt sliotán in aerfoirt an Aontais Eorpaigh

Imithe i léig – tá an togra imithe i léig faoin am seo. Tá seiceáil oiriúnachta seolta ag an gCoimisiún agus déanfaidh sé cinneadh maidir leis an mbealach chun cinn ar bhonn thorthaí na seiceála sin.

3.

COM(2012)336 final
2012/0164 (APP)

Togra le haghaidh RIALACHÁIN ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear saoráid chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu

Imithe i léig – ní mór an togra a thabhairt cothrom le dáta a mhéid a bhaineann le, inter alia, módúlachtaí cistiúcháin na Saoráide faoi chomhair Chomhardú na nÍocaíochtaí agus chun na ceachtanna a foghlaimíodh ó na géarchéimeanna a tharla le déanaí a chomhtháthú, chomh maith leis na forbairtí sna hearnálacha institiúideacha, eacnamaíocha agus airgeadais ó 2009 i leith, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an tsaoráid a dhearadh agus a chur chun feidhme, i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 27 Márta 2024.

4.

COM(2015)603 final
2015/0250 (NLE)

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos bearta d’fhonn ionadaíocht aontaithe an limistéir euro sa Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a bhunú de réir a chéile

Gan aon chomhaontú intuartha – i gcomhthéacs an phlé maidir le ceannasacht eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh ar cheart togra eile a leagan síos nó ar cheart cineál eile cur chuige a roghnú.

5.

COM(2017)276 final
2017/0115 (CNS)

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 1999/62/CE a mhéid a bhaineann le muirear a ghearradh ar fheithiclí earraí troma as bonneagair áirithe a úsáid i dtaca le forálacha áirithe maidir le cánachas feithiclí

Gan aon chomhaontú intuartha – tá bac ar an togra gan aon ionchas ann go dtiocfar ar chomhaontú.

6.

COM(2017)647 final
2017/0288 (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 a mhéid a bhaineann le rialacha comhchoiteanna maidir le rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus

Gan aon chomhaontú intuartha — níor glacadh leis an togra lena phlé sa Chomhairle agus tá sé as dáta anois.

7.

COM(2017)827 final
2017/0333 (APP)

Togra le haghaidh RIALACHÁIN ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste Airgeadaíochta Eorpach a bhunú

Gan aon chomhaontú intuartha - ionchorpraíodh go leor de na hathruithe a mholtar faoin tionscnamh seo in athbhreithniú ar leith ar an gConradh maidir leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach.

8.

COM(2018)135 final
2018/0063B (COD)

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le seirbhíseoirí creidmheasa, ceannaitheoirí creidmheasa agus comhthaobhacht a aisghabháil

Gan aon chomhaontú intuartha – tá bac ar an togra agus ní dócha go ndéanfar aon dul chun cinn eile ina leith.

9.

COM(2018)329 final
2018/0164(CNS)

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le tabhairt isteach na mbeart teicniúil mionsonraithe maidir le hoibriú an chórais chinntithigh CBL le haghaidh chánachas na trádála idir na Ballstáit

Gan aon chomhaontú intuartha – cuireadh an plé ar fionraí ó bhí 2019 ann agus ní dócha go ndéanfar aon dul chun cinn eile ina leith.

10.

COM(2018)339 final
2018/0171 (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hurrúis atá ráthaithe le bannaí ceannasacha

Gan aon chomhaontú intuartha – tá bac ar an togra agus ní dócha go ndéanfar aon dul chun cinn eile ina leith.

11.

COM(2018)387 final
2018/0212 (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí a bhunú

Gan aon chomhaontú intuartha - Le teacht i bhfeidhm Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (NGEU) agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) agus tarraingt siar na hIonstraime Buiséadaí um Chóineasú agus um Iomaíochas (BICC), mar a thugtar uirthi, i mí Feabhra 2021, tá an togra as dáta.

12.

COM(2019)38 final
2019/0017 (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 chun aird iomchuí a thabhairt ar an gcóras domhanda bailithe sonraí le haghaidh sonraí faoi ídiú ola breosla long

Imithe i léig – ionchorpraíodh na hathruithe atá sa togra seo san athbhreithniú is déanaí ar Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE), athbhreithniú a glacadh in 2023.

13.

COM(2020)49 final
2020/0022 (CNS)

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE maidir le comhar riaracháin i réimse na cánachais (códú)

Imithe i léig - ó glacadh an togra seo in 2020, glacadh roinnt leasuithe suntasacha, rud a fhágann go bhfuil an togra códúcháin seo imithe i léig. Molfaidh an Coimisiún togra códaithe nua.

14.

COM(2020)577 final
2020/0264 (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1139 a mhéid a bhaineann le cumas Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh gníomhú mar Chomhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta an Aerspáis Eorpaigh Aonair

Imithe i léig – ionchorpraíodh na hathruithe sa togra seo sa Rialachán maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair.

15.

COM(2021)769 final
2021/0400 (COD)

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe atá i gcúrsaíocht laistigh den Aontas (códú)

Imithe i léig - ó glacadh an togra seo in 2021, mhol an Coimisiún leasú le déanaí a fhágfaidh go n‑imeoidh an togra códúcháin seo i léig. Molfaidh an Coimisiún togra códaithe nua a luaithe a ghlacfar an leasú nua.

16.

COM(2022)222 final
2022/0160 (COD)

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 a mhéid a bhaineann le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn, Treoir 2010/31/AE a mhéid a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE a mhéid a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh

Imithe i léig – ionchorpraíodh na hathruithe a mholtar sa togra seo le linn an phlé ar athbhreithniú na Treorach maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh, na Treorach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh agus na Treorach maidir le Fuinneamh In‑athnuaite.

17.

COM(2023)232 final
2023/0133(COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bunphaitinní caighdeáin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1001

Gan aon chomhaontú intuartha – déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh ar cheart togra eile a leagan síos nó ar cheart cineál eile cur chuige a roghnú.

Ré nua maidir le Cosaint agus Slándáil na hEorpa

18.

COM(2018)634 final
2018/0329 (COD)

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (athmhúnlú) Ionchur ón gCoimisiún Eorpach i gCruinniú na gCeannairí in Salzburg, 19-20 Meán Fómhair 2018

Imithe i léig - tá sé beartaithe ag an gCoimisiún togra nua a thíolacadh in 2025 (dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Clár Oibre seo an Choimisiúin) agus sa chomhthéacs sin ciallaíonn sé sin go ndéanfar an togra reatha atá ar feitheamh a tharraingt siar.

19.

COM(2021)890 final
2021/0427 (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn

Imithe i léig – rinneadh ábhar an togra seo a chumasc i Rialachán (AE) 2024/1359 lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéimeanna agus force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1147.

20.

COM(2021)752 final
2021/0401 (CNS)

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le bearta sealadacha éigeandála ar mhaithe leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn

Imithe i léig – cuireadh bac ar an togra le linn an phlé idirinstitiúidigh agus tá sé imithe i léig anois.

21.

COM(2024)174 final
2024/0094 (NLE)

Togra le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE le haghaidh thimthriall Schengen 2024/2025

Imithe i léig – ní raibh aon chomhaontú intuartha. Tháinig Comhairle Schengen ar chomhaontú maidir le roinnt réimsí tosaíochta le haghaidh gníomhaíochta a ndéileáiltear leo ar bhealaí eile seachas leis an togra seo.

Ár gcáilíocht saoil a chothabháil: slándáil bia, uisce agus an dúlra

22.

COM(2012)403 final
2012/0196 (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le speicis fána agus flóra fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (Athmhúnlú)

Gan aon chomhaontú intuartha — níltear ag súil le haon chomhaontú. Ina theannta sin, ó 2012 i leith, rinneadh forbairtí a fhágann go bhfuil an togra seo imithe i léig. Déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh ar cheart togra eile a leagan síos nó ar cheart cineál eile cur chuige a roghnú chun go mbeifear in ann tosú as an nua.

23.

COM(2015)177 final
2015/0093 (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht atá ann do na Ballstáit úsáid bia ghéinmhodhnaithe agus úsáid beatha géinmhodhnaithe ar a gcríoch a shrianadh nó a thoirmeasc

Gan aon chomhaontú intuartha - aon leasú breise a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an reachtaíocht OGM, beidh sé ag brath ar thoradh na caibidlíochta maidir leis an togra le haghaidh teicnící nua géanómaíocha, nó ar shainaithint na saincheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu i gcomhthéacs an tionscnaimh bith‑theicneolaíochta agus bhithmhonaraíochta.

24.

COM(2022)563 final
2022/0348 (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe arb is infheidhme iad i Limistéar Chomhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas (SIOFA)

Gan aon chomhaontú intuartha – níltear ag súil le haon chomhaontú idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gcéad léamh. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún togra nua a thíolacadh in 2025 agus sa chomhthéacs sin déanfar an togra reatha atá ar feitheamh a tharraingt siar.

25.

COM(2023)771 final
2023/0449 (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973 agus (AE) 2019/472 a mhéid a bhaineann leis na spriocanna maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú

Gan aon chomhaontú intuartha – níltear ag súil le haon chomhaontú ó na comhreachtóirí.

Ár ndaonlathas a chosaint, ár luachanna a chaomhnú

26.

COM(2008)426 final
2008/0140 (CNS)

Togra le haghaidh TREOIR ÓN gCOMHAIRLE maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéis

Gan aon chomhaontú intuartha – tá bac ar an togra agus ní dócha go ndéanfar aon dul chun cinn eile ina leith.

27.

COM(2011)137 final
2011/0073 (COD)

COM(2008)229 final
2008/0090 (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a mhéid a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún

Gan aon chomhaontú intuartha - níl aon dul chun cinn déanta ó 2011 i leith.

28.

COM(2016)799 final
2016/0400B (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena ndéantar roinnt gníomhartha dlí lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a oiriúnú d’Airteagail 290 agus 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Gan aon chomhaontú intuartha – tá bac ar an togra agus ní dócha go ndéanfar aon dul chun cinn eile ina leith. Tá oibleagáid dhlíthiúil ann gníomhartha dlíthiúla a glacadh roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin a chur i gcomhréir le hAirteagail 290 agus 291 CFAE. Dá bhrí sin, cuirfidh an Coimisiún togra nua chuige sin faoi bhráid na gcomhreachtóirí.

29.

COM(2017)10 final
2017/0003 (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le meas ar an saol príobháideach agus cosaint sonraí pearsanta i gcumarsáid leictreonach agus lena n‑aisghairtear Treoir 2002/58/CE (Rialachán maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach

Gan aon chomhaontú intuartha – níltear ag súil le haon chomhaontú ó na comhreachtóirí. Ina theannta sin, tá an togra as dáta i bhfianaise roinnt reachtaíochta a ritheadh le déanaí i réimse na teicneolaíochta agus na reachtaíochta araon.

30.

COM(2017)85 final
2017/0035 (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún

Gan aon chomhaontú intuartha – tá bac ar an togra agus ní dócha go ndéanfar aon dul chun cinn eile ina leith.

31.

COM(2018)96 final
2018/0044 (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an dlí is infheidhme i ndáil le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de

Gan aon chomhaontú intuartha – tá bac ar an togra agus ní dócha go ndéanfar aon dul chun cinn eile ina leith.

32.

COM(2022)496 final
2022/0303 (COD)

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le rialacha dliteanais shibhialta neamhchonarthaigh a oiriúnú don intleacht shaorga (Dliteanas IS)

Gan aon chomhaontú intuartha – déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh ar cheart togra eile a leagan síos nó ar cheart cineál eile cur chuige a roghnú.

An Eoraip dhomhanda: Ár gcumhacht agus ár gcomhpháirtíochtaí a ghiaráil

33.

JOIN(2015)36 final
2015/0302 (NLE)

Togra comhpháirteach le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhair maidir le Comhpháirtíocht agus Forbairt idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na hAfganastáine

Imithe i léig – cuireadh isteach ar phróiseas daingniúcháin an chomhaontaithe sin le bunú rialtais idirthréimhsigh arna cheapadh ag an Talaban, rialtas atá fós neamhaitheanta ag an gcomhphobal idirnáisiúnta go dtí seo, rud a fhágann go bhfuil an comhaontú bunaidh imithe i léig.

34.

COM(2022)63 final
2022/0043 (NLE)

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin a dTacaítear Leo go hOifigiúil, nós imeachta lena leasaítear Iarscríbhinn IV

Imithe i léig - rinneadh an togra le linn na caibidlíochta maidir le nuachóiriú an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil, caibidlíocht a tugadh chun críche in 2023. Áiríodh ábhar an togra seo i gcinneadh eile ón gComhairle, rud a d’fhág go raibh an togra seo iomarcach.

Torthaí a bhaint amach le chéile agus ár nAontas a ullmhú don todhchaí

35.

COM(2022)184 final
2022/0125 (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a mhéid a bhaineann leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais

Imithe i léig - glacadh ábhar an togra ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2024 mar chuid den athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais (Athmhúnlú).

36.

COM(2024)301 final
2024/0059 (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1148 a mhéid a bhaineann leis an imchlúdach airgeadais agus leis an leithdháileadh don tsaoráid théamach

Gan aon chomhaontú intuartha – níltear ag súil le haon chomhaontú. Ina theannta sin, is féidir athbhreithniú meántéarma CAI a chur chun feidhme gan an togra dlí seo.

37.

COM(2024)100 final
2024/0060 (COD)

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2021/522, Rialachán (AE) Uimh. 2021/1057, Rialachán (AE) Uimh. 2021/1060, Rialachán (AE) Uimh. 2021/1139, Rialachán (AE) Uimh. 2021/1229, agus Rialachán (AE) Uimh. 2021/1775 a mhéid a bhaineann leis na hathruithe ar mhéideanna na gcistí le haghaidh cláir agus cistí áirithe

Gan aon chomhaontú intuartha – níltear ag súil le haon chomhaontú. Is féidir athbhreithniú meántéarma CAI a chur chun feidhme gan an togra dlí seo. In 2025 molfaidh an Coimisiún leasú ar Rialachán 2021/1755 lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit chun an bunús dlí a bhunú d’athdháileadh na suimeanna gan íoc idir na Ballstáit.



Iarscríbhinn V: Aisghairm bheartaithe

Uimh.

An réimse beartais

Teideal

Cúiseanna le haisghairm a dhéanamh

1.

Talmhaíocht

Rialachán (CE) Uimh. 870/2004 ón gComhairle an 26 Aibreán 2004 lena mbunaítear clár Comhphobail maidir le caomhnú, tréithriú, bailiú agus úsáid acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1467/94

Bunaíodh an clár Comhphobail seo don tréimhse 2004 go 2006 chun an obair a rinneadh sna Ballstáit ar mhaithe le caomhnú, tréithriú, bailiú agus úsáid acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht a chomhlánú agus a chur chun cinn ar leibhéal an Chomhphobail. Níl tacaíocht faoin gclár seo ar fáil a thuilleadh, ós rud é go ndeonaítear an tacaíocht uile faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) faoi láthair faoi na cláir forbartha tuaithe atá ar siúl faoi láthair (go dtí 2025) agus faoi na Pleananna Straitéiseacha náisiúnta CBT (go dtí 2027), tar éis Rialachán (AE) 1305/2013 agus Rialachán (AE) 2021/2115 faoi seach, rud a fhágann go bhfuil an rialachán seo imithe i léig.

2.

Staidreamh Eorpach

Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1990 maidir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach

Tá an t‑aicmiú ó 1990 imithe i léig. Bunaítear aicmiúchán staidrimh reatha na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (NACE) i Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006, arna leasú go deireanach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/137 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2022.

3.

Staidreamh Eorpach

Cinneadh ón gComhairle an 25 Meitheamh 1996 maidir le staidreamh talmhaíochta Comhphobail a fheabhsú (96/411/CE)

Tá an Cinneadh imithe i léig. Tháinig rialacháin nua maidir le staidreamh talmhaíochta (staidreamh comhtháite feirme, ionchur agus aschur talmhaíochta, cuntais eacnamaíocha talmhaíochta) ina ionad.

4.

Iompar lasta de bhóthar

Rialachán (CEE) Uimh 4058/89 ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le rátaí a shocrú d’iompar earraí de bhóthar idir na Ballstáit

Thug reachtaíocht nua-aimseartha an Aontais creat cuimsitheach isteach a rialaíonn iompar de bhóthar, lena ndírítear ar shábháilteacht, ar chaighdeáin chomhshaoil, agus ar iomaíocht chóir gan aon ghá le socrú rátaí. Le rialacháin amhail Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, níl aon ghá a thuilleadh leis na forálacha a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 4058/89 ón gComhairle, rud a fhágann go bhfuil an Rialachán sin iomarcach.

(1)    San iarscríbhinn seo tá faisnéis bhreise curtha ar fáil ag an gCoimisiún, a mhéid atá sí ar fáil, maidir leis na tionscnaimh atá ina chlár oibre, i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht níos fearr. An fhaisnéis sin, atá idir lúibíní in aice le gach tionscnamh, níl inti ach faisnéis tháscach, agus ar féidir go dtiocfaidh athrú uirthi le linn an phróisis ullmhúcháin, go háirithe mar gheall ar thoradh próisis measúnaithe tionchair. Tionscnaimh shimplithe nó tionscnaimh a bhfuil gné láidir simplithe ag baint leo, cuirtear i láthair iad le cúlra gorm.
(2)    Áirítear sa liosta seo tograí reachtacha ar feitheamh, tograí a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún iad a aistarraingt laistigh de 6 mhí