An Bhruiséil,4.2.2025

COM(2025) 3 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

maidir le measúnú an Choimisiúin ar chláir beart na mBallstát mar a tugadh cothrom le dáta iad faoi Airteagal 17 den Treoir Réime um Straitéis Mhuirí (2008/56/CE)






















{SWD(2025) 1 final}


CLÁR

1.RÉAMHRÁ

2.STAID NA bhFARRAIGÍ SAN EORAIP4

3.DUL I nGLEIC LEIS nGÉARCHÉIM THRIARACH PHLÁINÉADACH10

3.1I dTREO TRUAILLIÚ NIALASACH SNA FARRAIGÍ AGUS SAN AIGÉAN12

3.2AN DÚLRA MUIRÍ A THABHAIRT AR AIS INÁR SAOL15

3.3DUL I nGLEIC LEIS AN nGÉARCHÉIM AERÁIDE21

4.FÓNTACHT SHOCHEACNAMAÍOCH A ÁIRITHIÚ23

5.RIALACHAS AGUS COMHAR RÉIGIÚNACH23

6.CONCLÚIDÍ AGUS FORLÉARGAS28

7.MOLTAÍ29

1.RÉAMHRÁ

Tá na farraigí agus an t-aigéan ríthábhachtach do cháilíocht ár mbeatha, ár slite beatha agus ár ngeilleagar – agus do na glúine atá le teacht. Tá feidhm nach beag acu freisin maidir le ceapadh carbóin, maidir leis an aeráid a rialáil agus maidir le cuidiú le tionchar an athraithe aeráide a laghdú. Is féidir le sláinte na n-aigéan difear a dhéanamh dár n-athléimneacht in aghaidh na géarchéime pláinéadaí, géarchéim a bhfuil trí chuid di, is iad sin, an t-athrú aeráide, cliseadh na bithéagsúlachta agus an truailliú. Níl úsáid fharraigí na hEorpa inbhuanaithe faoi láthair, áfach. Tá sé deacair ár gcuspóir uileghabhálach maidir le farraigí glana, sláintiúla agus táirgiúla a bhaint amach mar gheall ar bhrú gan staonadh ar na héiceachórais mhuirí agus mar gheall ar mheath na n-éiceachóras muirí.

Le 12 bhliain anuas, tá straitéisí muirí forbartha ag Ballstáit an Aontais chun cloí leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí ( 1 ). Leis an Treoir, ceanglaítear orthu measúnú a dhéanamh ar stádas a muirthimpeallachta, cláir faireacháin a tharraingt suas, spriocanna comhshaoil a leagan síos agus bearta a chur chun feidhme chun príomhsprioc na Treorach a bhaint amach, is é sin ‘dea-stádas comhshaoil’ a bhaint amach d’uiscí muirí uile an Aontais. Bhí sé sin le baint amach faoi 2020. Leagtar amach sa Treoir tuairisceoirí sonracha ( 2 ) lena sainítear coincheap an dea-stádais comhshaoil, amhail bithéagsúlacht a chaomhnú nó dul i ngleic le brú antrapaigineach amhail torann faoi uisce, eotrófú, damáiste do ghrinneall na farraige, bruscar muirí agus éilleáin.

Le Cinneadh ón gCoimisiún ( 3 ) atá i bhfeidhm ó mhí an Mheithimh 2017, ceanglaítear ar na Ballstáit critéir chomhchoiteanna agus caighdeáin mhodheolaíochta chomhchoiteanna a chomhlíonadh agus ‘dea-stádas comhshaoil’ á chinneadh acu i dtéarmaí cainníochtúla dá n-uiscí mara. Rud atá tábhachtach, leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí ceanglaítear go sainráite ar na Ballstáit comhoibriú lena gcomharsana i ngach réigiún muirí nó foréigiún muirí, trí struchtúir réigiúnacha comhair institiúidigh atá ann cheana más féidir ( 4 ), chun a áirithiú go mbeidh na bearta a chuirfear chun feidhme comhleanúnach agus comhordaithe ( 5 ).

Leis an gComhaontú Glas don Eoraip ( 6 ) leagtar síos tosaíochtaí uileghabhálacha lena n-áirítear ár mbithéagsúlacht agus ár n-éiceachórais a chosaint, agus ar an gcaoi sin neartaítear an obair sin tríd an uaillmhian a shaothrú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

-truailliú aeir, uisce agus ithreach a laghdú;

-bogadh i dtreo geilleagar ciorclach;

-feabhas a chur ar bhainistiú dramhaíola; agus

-inbhuanaitheacht ár ngeilleagair ghoirm agus ár n-earnálacha iascaigh a áirithiú.

Is iad straitéis bhithéagsúlachta an Aontais ( 7 ), an plean gníomhaíochta saor ó thruailliú ( 8 ) agus an plean gníomhaíochta muirí ( 9 ) na príomhionstraimí beartais a glacadh chun na haidhmeanna sin a shaothrú.

Tá an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí mar chuid de chlár oibre níos leithne maidir le hathléimneacht uisce. Fógraíodh i dTreoirlínte Polaitiúla 2024-2029 don chéad Choláiste eile go nglacfaí Straitéis Athléimneachta Eorpach nua maidir le hUisce chun slándáil uisce na hEorpa a neartú trí cháilíocht agus cainníocht uisce a chaomhnú san Aontas agus níos faide i gcéin, trí bhuntáiste nuálach iomaíoch ár dtionscail uisce a fheabhsú, agus trí aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na ndúshlán uisce, lena n-áirítear truailliú, cailliúint na bithéagsúlachta, agus tionchair an athraithe aeráide. Tá farraigí agus aigéin atá glan, sláintiúil agus táirgiúil lárnach dár n-aistriú glas agus digiteach agus do rathúnas fadtéarmach an Aontais. Is féidir leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí rannchuidiú go díreach freisin le cuspóirí an ‘Chomhshocraithe um na hAigéin’ a d’fhógair an tUachtarán von der Leyen ina Treoirlínte Polaitiúla don chéad sainordú eile ón gCoimisiún chun ‘borradh a chur faoin ngeilleagar gorm agus dea-rialachas agus inbhuanaitheacht ár n-aigéan a áirithiú i ngach ceann dá ngnéithe’.

Is é seo an chéad uair faoin gcreat beartais nua a ndéanann an Coimisiún measúnú ar an dara clár beart faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí. Déantar an measúnú i ndlúthchomhar leis na measúnuithe ar an tríú plean bainistithe abhantraí agus ar an dara plean bainistithe riosca tuilte faoin Treoir Réime maidir le hUisce agus faoin Treoir maidir le Tuilte ( 10 ). Chun dlús a chur le cur chun feidhme éifeachtach, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún cur chuige níos comhtháite agus níos comhleanúnaí a spreagadh maidir le reachtaíocht fionnuisce agus uisce muirí a chur chun feidhme, i gcomhréir le cur chuige ‘ó fhoinse go muir’ ( 11 ).

Dá bhrí sin, dírítear sa mheasúnú go háirithe ar a áirithiú go mbeidh cur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí comhsheasmhach leis an Treoir Réime maidir le hUisce. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil ceanglais an dá threoir éagsúil óna chéile. Déantar measúnú críochnúil i dtuarascáil na Treorach Réime maidir le hUisce/na Treorach maidir le Tuilte ar staid dobharlach fionnuisce an Aontais bunaithe ar shonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit agus ar na bearta atá déanta acu chun feabhas a chur orthu. I gcodarsnacht leis sin, ní dhéantar measúnú i dtuarascáil na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí ach ar chláir beart na mBallstát, a cheanglaítear le hAirteagal 16 den Treoir Réime. Dá bhrí sin, tá raon feidhme beagán éagsúil ag an dá thuarascáil, mar sin déantar na comparáidí ar na heilimintí comhchoiteanna.

Cé gur forbraíodh na cláir beart sular glacadh an Dlí maidir le hAthchóiriú an Dúlra ( 12 ), is cinnte go mbeidh tionchar ag cur chun feidhme an Dlí maidir le hAthchóiriú an Dúlra ar an tríú timthriall de chur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí.

Cuspóir agus struchtúr

Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo na príomhthorthaí ó mheasúnú an Choimisiúin ar an dara clár beart, a raibh ar na Ballstáit uile iad a thuairisciú faoin 31 Márta 2022 ( 13 ). Is nuashonrú iad na cláir sin ón gcéad timthriall cur chun feidhme agus cuirtear san áireamh iontu an measúnú is déanaí ar staid na n-uiscí muirí agus moltaí 2018 ón gCoimisiún maidir leis na bearta ( 14 ). Soláthraítear anailís níos mionsonraithe ar chláir beart na mBallstát, méid an chomhleanúnachais réigiúnaigh, conclúidí agus moltaí tírshonracha sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis seo ( 15 ).

Tá an anailís struchtúrtha taobh leis an ngéarchéim thriarach phláinéadach, mar atá, an truailliú, cailliúint na bithéagsúlachta agus an t-athrú aeráide ( 16 ). Is é an aidhm atá ann a mheas an leor na bearta a chuir na Ballstáit chun cinn chun dul i ngleic leis na cineálacha sonracha brú ina n-uiscí muirí agus chun rannchuidiú le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach. Comhlánaíonn cuid de na príomhtheachtaireachtaí agus de na príomh-mholtaí a chuirtear i láthair sna conclúidí iad siúd a chuirtear i láthair i dtuarascáil na Treorach Réime maidir le hUisce/na Treorach maidir le Tuilte.

Níor thuairiscigh ach 5 Bhallstát faoi spriocdháta mhí an Mhárta 2022. Thuairiscigh 9 gcinn eile le suas le bliain de mhoill agus thuairiscigh 3 cinn le breis agus bliain de mhoill ach fós in am le cur san áireamh sa mheasúnú seo ( 17 ). Ar an iomlán, bhí an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh ar chláir beart ó 17 mBallstát cósta (as 22): An Bheilg, an Ghearmáin, Éire, an Spáinn, an Eastóin, an Fhrainc, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an Fhionlainn agus an tSualainn. Chuir moilleanna agus mainneachtainí tuairiscithe teorainn le cumas an Choimisiúin measúnuithe cuimsitheacha réigiúnacha comhleanúnachais a dhéanamh.

Foilseofar cláir beart do na 5 Bhallstát eile atá fágtha (an Bhulgáir, an Chróit, an Danmhairg, an Ghréig agus Málta) ar Ardán WISE-Marine LEE ( 18 ). Ullmhóidh an Coimisiún measúnuithe agus moltaí tírshonracha freisin, a roinnfear go díreach leis na Ballstáit. Cuirfidh an measúnú ar chláir na mBallstát le Tuarascáil Faireacháin agus Ionchais maidir le Truailliú Nialasach 2024, leis an athbhreithniú leanúnach ar an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí ( 19 ), agus le hobair eile chun straitéisí bithéagsúlachta agus oiriúnaithe aeráide an Aontais a chur chun feidhme.

2.STAID NA bhFARRAIGÍ SAN EORAIP

Tá thart ar 40 % de dhaonra an Aontais ina gcónaí i limistéir chósta. I gcás na bpobal sin, tá nasc díreach idir an fharraige agus an t-aigéan agus an cultúr, an fhéiniúlacht agus muintearas lena chéile ( 20 ).

Deich mbliana de ró-iascaireacht, cothaithigh, éilleáin agus bruscar á sceitheadh, diantrácht muirí agus go leor cineálacha eile brú antrapaiginigh, mar aon le tionchair níos mó an athraithe aeráide, tá riocht na n-éiceachóras muirí díghrádaithe go mór.

Leis an mbrú méadaitheach sin, cuirtear i mbaol na tairbhí ó fharraigí agus ó aigéan na hEorpa a bhfuil na glúine atá le teacht ina dteideal agus a mbeidh gá acu leo dá saol, dá slite beatha agus dá ngeilleagair.

In 2018, rinne na Ballstáit an chéad mheasúnú ar staid a n-uiscí muirí faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, lena ndearnadh anailís ar a mhéid atá brúnna ó ghníomhaíochtaí daonna ag dul i bhfeidhm ar an mbeatha mhuirí agus ar éiceachórais mhuirí agus ar an dul chun cinn chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach ( 21 ). Thug sé sin, in éineacht le foinsí eile faisnéise, léargas cuimsitheach don Choimisiún ar staid na muirthimpeallachta in 2020, an spriocdháta chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach.

In ainneoin feabhsuithe i réimsí áirithe, bhí an chonclúid soiléir ansin: Níor baineadh amach dea-stádas comhshaoil in uiscí muirí uile na hEorpa ( 22 ). Rud dearfach atá ann, áfach, gur féidir na treochtaí i gcineálacha áirithe brúnna atá ag méadú go síoraí ar fud fharraigí na hEorpa a aisiompú fós. Is féidir iad a aisiompú go háirithe trí bhearta éifeachtacha a chur chun feidhme faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, a gcuireann cuid acu le beartais agus creataí dlíthiúla seanbhunaithe eile (e.g. an Treoir maidir le hÉin agus Gnáthóga, an Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí, an Treoir Réime maidir le hUisce agus an comhbheartas iascaigh).

Sampla nach beag is ea an laghdú measta 29 % ar bhruscar trá idir 2015-2021 ar fud imchuacha farraige uile an Aontais ( 23 ), agus laghdú níos mó fós 45 % i Muir Bhailt. Cé nach bhfuil dea-stádas comhshaoil bainte amach ag formhór na n-imchuach farraige go fóill, is dea-scéal é an scála laghdaithe sin le 5 bliana anuas, rud a léiríonn go n-oibríonn gníomhaíocht chomhpháirteach. Tá roinnt tosca ann a mhíníonn an toradh sin, lena n-áirítear tacaíocht an-láidir ón bpobal don ghníomhaíocht, gealltanais pholaitiúla ardleibhéil chun an treocht a aisiompú (e.g. straitéis 2018 maidir le plaistigh, plean gníomhaíochta 2021 maidir le truailliú nialasach faoin gComhaontú Glas don Eoraip) agus bunús láidir dlí do na húdaráis gníomhaíocht a dhéanamh (in éineacht leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, Treoir 2019 maidir le Plaistigh Aonúsáide agus Treoir 2019 maidir le Saoráidí Glactha Calafoirt). Tá breisluach na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí soiléir sa phróiseas seo:

-d’úsáid na feachtais phoiblí agus pholaitiúla chun gníomhú in aghaidh bruscair agus plaistigh sonraí na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí chun tacú lena dteachtaireachtaí;

-úsáideadh na sonraí céanna sa mheasúnú tionchair agus i nglacadh na Treorach maidir le Plaistigh Aon Úsáide, agus chuidigh siad le feasacht an phobail a ardú;

-ós rud é gur tharla an laghdú 29 % fiú sula raibh an Treoir maidir le plaistigh aon úsáide i bhfeidhm, is féidir cuid ar a laghad a shannadh do na bearta a beartaíodh faoin gcéad timthriall cur chun feidhme den Treoir Réime um Straitéis Mhuirí;

-is féidir an laghdú 29 % a mheasúnú agus a chur in iúl go soiléir mar gheall ar iarrachtaí comhchoiteanna na mBallstát, institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais ( 24 ) agus na sochaí sibhialta sonraí inchomparáide ardcháilíochta a bhailiú agus a tháirgeadh.

Léirítear san anailís a rinneadh ar an dara clár beart maidir leis an mbruscar muirí go bhfuil bearta breise á ndéanamh ag na Ballstáit chun dul i ngleic le fadhb an bhruscair trá: ba cheart go dtacódh sé sin le treocht dhearfach na laghduithe leanúnacha (féach Roinn 3.1).

Maidir le hábhair eile, amhail truailliú muirí nó cailliúint na bithéagsúlachta, déanfar measúnú ar an dul chun cinn i dtreo dea-stádas comhshaoil ó 2018 i leith tar éis do na Ballstáit a dtríú measúnú ar staid na n-uiscí muirí a thuairisciú i mí Dheireadh Fómhair 2024. Idir an dá linn, soláthraíonn na measúnuithe réigiúnacha a rinne na ceithre Choinbhinsiún maidir le Farraigí Réigiúnacha — i.e. Coinbhinsiúin Heilsincí ( 25 ), OSPAR ( 26 ), Barcelona ( 27 ) agus Bhúcairist ( 28 ) — stór faisnéise le déanaí faoi staid fharraigí an Aontais.

·Imchuach Mhuir Bhailt

Sa tríú measúnú iomlánaíoch de chuid HELCOM ( 29 ) a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2023, tugtar forléargas cuimsitheach ar staid éiceachóras Mhuir Bhailt ó 2016-2021. Léiríonn sé gur beag feabhas a tháinig air le linn na tréimhse sin, rud a chuireann i dtábhacht an gá atá le bearta comhordaithe leanúnacha agus feabhsaithe.

-Tá an brúó thruailliú fós ag leibhéal ard. Is fadhb mhór fós é an t-eotrófú, rud a dhéanann difear do leibhéil éagsúla den bhia-eangach agus a chuireann le díghrádú an éiceachórais. Tá comharthaí ann go bhfuil feabhas tagtha ar roinnt limistéar, go háirithe sna fo-imchuacha thiar theas, ach tá meathlú scanrúil níos mó tagtha ar chodanna láir de Mhuir Bhailt. Tá brú ó shubstaintí guaiseacha fós ard i bhformhór na limistéar ar fud an réigiúin, agus tá tiúchan ard éilleán áirithe ( 30 ) le fáil go príomha in éisc agus i ndiúilicíní. Tá comharthaí ann go bhfuil roinnt feabhsuithe ann, agus laghduithe le feiceáil ar thiúchain cheimiceacha in ainmhithe i roinnt réimsí. Maidir le bruscar trá, tá 11 fho-imchuach as 16 fho-imchuach os cionn an luacha tairsí de 20 mír bruscair in aghaidh an 100 m de thrá ( 31 ) agus dá bhrí sin níl dea-stádas comhshaoil acu. Ceann de na príomhchúiseanna le torann faoi uisce is ea torann loinge, áit a bhfuil éagsúlachtaí móra idir an spás (is iad na lánaí loingseoireachta is mó a ndéantar difear dóibh) agus an t-am (tá torann loinge níos forleithne sa gheimhreadh ná sa samhradh).

-Ó thaobh na bithéagsúlachta de, níl dea-stádas ag roinnt speiceas muirí (lena n-áirítear mamaigh agus éin) ná gnáthóg ar fud Mhuir Bhailt ina hiomláine agus ar gach leibhéal den bhia-eangach. Tá laghdú tagtha ar thrí stoc éisc tráchtála ó rinneadh an measúnú deireanach agus níl ach ceann amháin feabhsaithe. Mar sin féin, tá méadú tagtha ar ghníomhaíocht maidir le caomhnú na bithéagsúlachta agus tá an réigiún ar an mbóthar ceart chun an sprioc dhomhanda a bhaint amach maidir le 30 % de limistéir a chosaint faoi 2030.

-Is léir éifeachtaí an athraithe aeráide cheana féin agus meastar go mbeidh tuilleadh tionchair dhíobhálacha ann go luath de dheasca an téimh réamh-mheasta, rud a chuirfidh dlús leis an ngéarghá atá le bearta a dhéanamh chun athléimneacht éiceachórais a fhorbairt agus chun na tionchair dhiúltacha a mhaolú.

D’ainneoin na conclúide foriomláine nach bhfuil feabhas tagtha ar staid Mhuir Bhailt, léirítear sa mheasúnú go mbaintear torthaí nithiúla amach le bearta comhordaithe chun brú a laghdú nuair a dhéantar iad a dhearadh go maith agus a chur chun feidhme go héifeachtach. Deimhnítear sa tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis na gealltanais a tugadh faoi dhearbhú ‘Ár Muir Bhailt’, a foilsíodh don dara comhdháil ‘Ár Muir Bhailt’ i mí Mheán Fómhair 2023 ( 32 ), gur céimeanna bunúsacha iad sin.

·Imchuach na Meánmhara

I mí na Nollag 2023, rinne Coinbhinsiún Barcelona measúnú cuimsitheach ar staid na Meánmhara ( 33 ) bunaithe ar shonraí a bailíodh ón tuarascáil stádais cáilíochta dheireanach in 2017. Cé nach bhféadfaí measúnú a dhéanamh ar go leor topaicí mar gheall ar infhaighteacht mhíchothrom sonraí, léirítear pictiúr measctha sna measúnuithe táscairí atá ar fáil.

-Maidir le truailliú, go háirithe éilleáin agus eotrófú, cé nach bhfuil aon teachtaireachtaí soiléire infheidhme maidir leis an Meánmhuir ina hiomláine, tá torthaí mionsonraithe ar fáil le haghaidh limistéir mheasúnaithe shonracha agus táscairí sonracha ( 34 ). Níl dea-stádas comhshaoil maidir le bruscar bainte amach ach ag 16 % de thránna na Meánmhara a ndéantar faireachán orthu. Is é foréigiún Aeigéach-Leiveainte an foréigiún is mó a ndéanann teagmhais ghéarthruaillithe difear dó, go háirithe doirteadh ola, rud a léiríonn go bhfuil sé ar cheann de na bealaí muirí is gnóthaí sa Mheánmhuir. Dealraíonn sé go bhfuil an Mheánmhuir ar fad i ndea-stádas comhshaoil i dtéarmaí leibhéil torainn thuairte a mbíonn tionchar acu ar chéiticigh roghnaithe, ach ní i gcás torainn leanúnaigh, go háirithe sa Mheánmhuir Thiar agus sa Mhuir Aeigéach-Leiveainte.

-Ó thaobh na bithéagsúlachta de, is údar misnigh an laghdú atá tagtha ar róshaothrú na stoc éisc le deich mbliana anuas, agus tá dlús á chur leis an ngníomhaíocht le dhá bhliain anuas, agus tá sé ag an leibhéal is ísle ó 2003 i leith. Tá an treocht sin comhsheasmhach sna foréigiúin uile ( 35 ). Tá an chuid is mó de na speicis tráchtála fós á róshaothrú, áfach, agus tá an brú iascaireachta fós dhá oiread an leibhéil a mheastar a bheith inbhuanaithe. Tá scriosadh gnáthóg fós ar cheann de na bagairtí is forleithne ar struchtúr agus ar fheidhmiú éiceachórais chósta na Meánmhara. Is í an iascaireacht ghrinnill ina n-úsáidtear tráil agus dreidirí is mó a dhéanann damáiste do ghnáthóga ar ghrinneall na farraige, thíos go doimhneacht 1 000 m. Tá dea-stádas comhshaoil bainte amach ag go leor daonraí de speicis éan mara, agus roinnt eisceachtaí ann. Liostaítear fós an chuid is mó de na céiticigh a bheith faoi bhagairt mhór de réir an Mheasúnaithe ar Liosta Dearg IUCN, cé go bhfuil feabhas tagtha ar stádas speiceas forleathan amhail na deilfeanna bolgshrónacha agus stríocacha coiteanna ó lár 2000 i leith.

-Tá an t-athrú aeráide ar cheann de na dúshláin is mó atá roimh réigiún na Meánmhara. Le tríocha bliain anuas, tá tonnta teasa mara ina gcúis le himeachtaí ollbhásmhaireachta ar fud speicis mhuirí éagsúla agus caillteanais chriticiúla don tionscal bia mara. Tá dlús á chur ag an ardú i dteocht an tsáile le leathadh speiceas neamhdhúchasach. Fágann athruithe hidreagrafacha go bhfuil gnáthóga muirí na Meánmhara i mbaol níos mó agus níos mó, agus go bhfuil cuid acu i mbaol a ndíothaithe go hiomlán. Meastar go bhfuil limistéir láir agus oirthir na Meánmhara níos leochailí ó thaobh an athraithe aeráide de mar gheall ar bhrú méadaithe ó speicis ionracha, teochtaí uisce níos airde agus níos lú cúrsaíochta san aigéan, rud a fhágann leibhéil níos ísle d’ocsaigin thuaslagtha ( 36 ).

·Imchuach an Atlantaigh Thoir Thuaidh

Is í an tuarascáil ar stádas cáilíochta, a d’eisigh OSPAR i mí an Mheithimh 2023 ( 37 ) agus atá bunaithe ar shonraí a chuimsíonn tréimhse 2009-2021, an measúnú is údarásaí ar staid Mhuir an Atlantaigh Thoir Thuaidh ina hiomláine. Tá dul chun cinn mór déanta chun tionchair dhiúltacha ghníomhaíocht an duine a thuiscint agus a theorannú ar bhealach níos fearr. In ainneoin roinnt feabhsuithe, léiríonn treochtaí go bhfuil an bhithéagsúlacht ag meath agus go bhfuil gnáthóga á ndíghrádú ar fud go leor codanna de limistéar muirí OSPAR.

-Níor tugadh aghaidh go hiomlán arthruailliú ó réimse leathan substaintí guaiseacha, ó chothaithigh iomarcacha (as a n-eascraíonn eotrófú) agus ó bhruscar muirí. Taifeadadh laghduithe ar sceitheadh substaintí guaiseacha ón earnáil ola agus gáis agus ar sceitheadh substaintí radaighníomhacha ón earnáil núicléach. Tá laghdú suntasach tagtha ar thiúchain go leor de na substaintí guaiseacha is tromchúisí (e.g. HIAanna agus PCBanna a thagann as rith chun srutha, sceitheadh tionsclaíoch agus seanláithreáin tógála, agus feithidicídí áirithe) ó na 1980idí agus na 1990idí i leith. Mar sin féin, tá drochstádas ag formhór na bhforéigiún maidir le substaintí guaiseacha i speicis mhuirí, arb iad mearcair agus PCBanna is cúis leo go príomha, agus tá an staid rud beag níos fearr maidir le truailliú dríodair. Tá laghdú mór tagtha ar líon na gcothaitheach a shroicheann an mhuirthimpeallacht, go háirithe ó fhoinsí talmhaíochta, ó fhuíolluisce agus ó fhoinsí tionsclaíocha agus atmaisféaracha. Leanann truailliú ar aghaidh i scairdeadh abhann agus i roinnt limistéar cósta, áfach. Ar an gcaoi chéanna, tá meascán torthaí ann maidir leis an mbruscar muirí: tá méid an bhruscair mhuirí fós ard ach tá sé tite. Tá méid an bhruscair ar thránna ag titim freisin ach tá bruscar ar ghrinneall na farraige fós forleathan, go príomha bruscar ó iascaigh agus ó ábhair phlaisteacha. Is ábhar imní atá ag dul i méid é an truailliú torainn.

-D’ainneoin dul chun cinn doshéanta maidir le ró-iascaireacht a laghdú ó 2003 i leith ( 38 ), is cúis mhór imní fós é tionchar na n-iascach agus gníomhaíochtaí daonna eile ar an mbithéagsúlacht. Léiríonn gach measúnú ar na príomh-chomhpháirteanna (éin mhuirí, mamaigh, iasc, gnáthóga beantacha agus peiligeacha) agus bia-eangacha go bhfuil meath tagtha ar an mbithéagsúlacht, d’ainneoin an dul chun cinn atá déanta maidir le brúnna a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Go háirithe, tá meath tagtha ar riocht na n-éan muirí ó rinneadh an measúnú deireanach in 2017.

-an t-athrú aeráide agus aigéadú na n-aigéan ag spreagadh athruithe móra a chuireann isteach go mór ar bhithéagsúlacht mhuirí an Atlantaigh Thoir Thuaidh. Mar gheall ar chineálacha leanúnacha eile brú daonna, tá éiceachórais mhuirí, ar an iomlán, ag cailleadh athléimneachta i gcoinne an athraithe aeráide.

Tá dhá thoradh shoiléire i gconclúidí na Tuarascála ar Stádas Cáilíochta:

1)tá gá le bearta breise chun an chonair reatha a athrú;

2)ní mór na bearta a glacadh go dtí seo a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí.

·Imchuach na Mara Duibhe

Níl aon mheasúnú réigiúnach ar fáil don Mhuir Dhubh ach tá roinnt sonraí ar fáil, a chumhdaíonn tréimhse 2016-2021 den chuid is mó, ón tionscadal EMBLAS arna mhaoiniú ag an Aontas ( 39 ), arna bhforlíonadh le hanailísí arna ndéanamh ag Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin.

-Maidir le truailliú, deimhnítear leis na barúlacha go bhfuil bruscar muirí i ngach limistéar den Mhuir Dhubh, bruscar plaisteach agus micreaphlaisteach den chuid is mó. Tugann na sonraí le fios gurb iad tránna na Mara Duibhe na tránna is mó bruscar san Eoraip agus go bhfuil an ráta is airde plaisteach aon úsáide acu (652 earra bruscair in aghaidh an 100 m). Tá an fharraige fós éillithe ag miotail throma, HIAanna agus lotnaidicídí áirithe agus sáraíonn tiúchan sulfónáití sárfhluarochtáin an teorainn shábháilte. Go deimhin, léiríodh i suirbhé eolaíoch in 2021 go raibh truailliú carnach na Mara Duibhe le héilleáin cheimiceacha thart ar 3 go 8 n-uaire níos airde i gcomparáid leis an Meánmhuir agus 2 go 7 n-uaire níos airde ná san Atlantach Thoir Thuaidh ( 40 ). Is cosúil go bhfuil roinnt réigiún cósta i ndea-stádas comhshaoil le haghaidh eotrófaithe, ach ní raibh an chuid is mó de chodanna domhainuisce an oirthir láir i ndea-stádas comhshaoil in 2019 mar gheall ar bhláth fíteaplanctóin agus tiúchan ard truailleán.

-Maidir leis an mbithéagsúlacht, is léir gur thit leibhéil bhithmhaise roinnt speiceas éisc agus sliogéisc idir 1995 agus 2021, agus is léir gur thit cuid acu go mór (e.g. faoitín, fíogaigh ghobacha, ainseabhaithe nó an gastrapód cuachma fhéitheach). Measadh go raibh uiscí cósta agus uiscí scairbhe i ndea-stádas comhshaoil le haghaidh bithéagsúlachta fíteaplanctóin, ach ní raibh i gcás uiscí oscailte. Ina theannta sin, chuaigh dálaí comhshaoil in olcas idir 2016 agus 2019 in anaclann mhuirí ‘Limistéar Phyllophora Zernov’, arb é an limistéar muirí faoi chosaint is mó sa Mhuir Dhubh é atá lonnaithe in uiscí na hÚcráine. Tugadh faoi deara i suirbhéanna a rinneadh le déanaí freisin speicis ionracha a d’fhéadfadh a bheith ag aistriú isteach sa Mhuir Dhubh ( 41 ).

-Maidir leis an athrú aeráide, léiríonn cásanna méadú ar theocht an uisce agus athruithe eile a athróidh iompar agus scaipeadh cothaitheach agus truailleán sa Mhuir Dhubh ( 42 ) agus a mhéadóidh carnadh truailleán san imchuach thoir ( 43 ).

Bhí tionchair fhorleathana agus thrasteorann ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar an Muir Dhubh. Tá na tionchair sin ag eascairt as mianaigh agus pléascáin eile, as doirteadh ola agus as astaíochtaí substaintí tocsaineacha, as truailleáin agus as plaistigh mar gheall ar scriosadh calafort agus long, chomh maith le truailliú a iompraíonn aibhneacha isteach san fharraige. Cé go bhfuil sé an-deacair faireachán fadtéarmach a dhéanamh mar gheall ar an gcogaíocht leanúnach, tá fianaise shoiléir ann go mbíonn tionchair dhiúltacha ag an damáiste sin ar an mbithéagsúlacht, ar ghnáthóga agus ar speicis lena n-áirítear mamaigh mhuirí agus stoic éisc.

Bhí iarmhairtí comhshaoil nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ag an sárú ar Dhamba Kakhovka i mí an Mheithimh 2023, go háirithe, do Dheisceart na hÚcráine, ag leathnú chuig réigiún mór na Mara Duibhe. Bhí tiúchan na dtruailleán ceimiceach uile i bhfad níos airde ag gach pointe samplála tar éis scriosadh an damba in 2023 i gcomparáid le 2020. Ina theannta sin, mar thoradh ar an méadú faoi 2000 ar fhíteaplanctón algaí gormghlasa fuair 40 % de dhaonra diúilicíní na Mara Duibhe bás ( 44 ). Cé go bhfuil téarnamh ag tarlú cheana féin, beidh gá le himscrúdú breise a dhéanamh ar thionchair fhadtéarmacha an truaillithe sin ar shláinte an duine agus ar shláinte an éiceachórais.

3.DUL I nGLEIC LEIS nGÉARCHÉIM THRIARACH PHLÁINÉADACH

Ós rud é nár bhain na huiscí muirí san Aontas Eorpach dea-stádas comhshaoil amach in 2020, bhí coinne leis go ndéanfadh na Ballstáit a gcéad chláir de bhearta faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí a thabhairt cothrom le dáta chun dul i ngleic le brúnna tuilleadh agus dea-stádas comhshaoil a bhaint amach a luaithe is féidir.

Ina nuashonrú, rinne na 17 mBallstát measúnú ar 2046 bheart tuairiscithe lena gcumhdaítear gach réigiún, tuairisceoir agus brú muirí ( 45 ). Astu sin, níl ach aon trian díobh ina mbearta nua a áirítear go sonrach sa dara nuashonrú seo, agus níl sa chuid is mó díobh ach síneadh a chur leis na bearta a tuairiscíodh roimhe seo, le roinnt modhnuithe. Ós rud é nár baineadh amach dea-stádas comhshaoil faoi 2020, d’fhéadfaí a bheith ag súil le níos mó beart nua.

Tá beagnach leath de na bearta a thuairiscítear ceaptha chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil ar bun go sonrach faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí. Is méadú mór é sin ó bhí na chéad chláir beart ann, nach raibh ach an ceathrú cuid de na bearta ‘sonrach don Treoir Réime um Straitéis Mhuirí’ ( 46 ). Eascraíonn na bearta eile as ceanglais faoi phíosaí eile de dhlí an Aontais, na coinbhinsiúin maidir le farraigí réigiúnacha, comhaontuithe idirnáisiúnta nó reachtaíocht náisiúnta. 

Sa dara clár beart, tá beagnach 50 % de na bearta ceaptha chun brúnna breise a chosc go díreach, brúnna atá ann cheana a laghdú nó speicis nó gnáthóga a athbhunú. Tá os cionn 35 % de na bearta ceaptha chun rannchuidiú go hindíreach leis na cuspóirí sin (e.g. trí shásraí rialachais, dreasachtaí airgeadais nó feachtais feasachta). Tá 15 % d’iomlán na mbeart nasctha le feabhsú eolais.

Cumhdaítear leis na bearta a thuairiscítear gach cineál brú atá ábhartha do mhuirthimpeallacht an Aontais ( 47 ). Is iad bruscar agus éilleáin na brúnna is minice a dtéitear i ngleic leo, arb ionann gach ceann díobh agus beagnach 30 % de na bearta. Téann níos mó ná 20 % de na bearta i ngleic le suaitheadh agus eastóscadh speiceas agus eotrófú. Téann os cionn 10 % díobh i ngleic le torann, suaitheadh ar ghrinneall na farraige agus speicis neamhdhúchasacha agus téann níos lú ná 10 % de na bearta i ngleic le cineálacha eile fuinnimh, éifeachtaí díobhálacha ar speicis agus ar ghnáthóga agus athruithe hidreagrafacha (Fíor 1).

Fíor 1. Sciar na mbeart sa dara clár beart lena dtéitear i ngleic leis an mbrú ar éiceachórais mhuirí

Ní thugann an anailís staidrimh seo léargas ar cé chomh héifeachtach agus atá na bearta atá beartaithe, áfach. D’ainneoin go leor beart a bheith á ndéanamh chun dul i ngleic le héilliú ceimiceach agus cothaitheach, ní leor gníomhaíocht na mBallstát go fóill chun an truailliú a laghdú go mór agus chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach ar deireadh.

3.1I dTREO TRUAILLIÚ NIALASACH SNA FARRAIGÍ AGUS SAN AIGÉAN

Príomhghné den Chomhaontú Glas don Eoraip agus den phlean gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú is ea truailliú uisce a laghdú. Tá an truailliú ar cheann de na cúig bhagairt is mó ar an mbithéagsúlacht ( 48 ).

Bunaithe ar na sonraí a thuairiscigh na Ballstáit faoi Airteagal 8 den Treoir Réime um Straitéis Mhuirí in 2018 ( 49 ), theip ar 80 % de limistéar farraige an Aontais dea-stádas comhshaoil a chomhlíonadh maidir le héilliú ó shubstaintí uileláithreacha, marthanacha, bithcharnacha agus tocsaineacha, ar nós mearcair. Theip ar 87 % den limistéar dea-stádas comhshaoil a bhaint amach maidir le eotrófú, 90 % maidir le bruscar agus 97 % maidir le torann leanúnach faoi uisce.

Le blianta beaga anuas, tá roinnt tograí curtha síos ag an gCoimisiún chun dul i ngleic le truailliú uisce, an ceann is déanaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh, ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha agus chun liosta na dtruailleán uisce faoin Treoir Réime maidir le hUisce a thabhairt cothrom le dáta. Is céim thábhachtach é freisin luachanna tairsí maidir le bruscar ( 50 ) agus torann ( 51 ) a ghlacadh in 2020 agus 2022 faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí i dtreo bainistiú níos fearr a dhéanamh ar thruailliú na n-aigéan.

Cumhdaítear sa roinn seo na ceithre phríomhchatagóir truaillithe a dhéanann difear don mhuirthimpeallacht: bruscar muirí (Tuairisceoir 10), eotrófú (Tuairisceoir 5), éilleáin dhíobhálacha (Tuairisceoirí 8 & 9) agus torann faoi uisce (Tuairisceoir 11).

Fíor 2. Leordhóthanacht an dara clár beart de chuid na mBallstát chun dul i ngleic leis an truailliú

Ar an meán, ní théann bearta na mBallstát i ngleic ach go páirteach leis na saincheisteanna is gá chun truailliú a laghdú (Fíor 2). Cé go bhfuil na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun bruscar muirí a laghdú ag dul sa treo ceart, ní leor fós na bearta chun dul i ngleic le heotrófú, éilliú ceimiceach agus torann faoi uisce.

Bruscar muirí (Tuairisceoir 10)

Ar an iomlán, tháinig feabhas ar cháilíocht na mbeart chun dul i ngleic leis an mbruscar muirí idir an dá thimthriall.

Deimhnítear in anailís an treocht dhearfach a chonacthas le blianta beaga anuas maidir le gníomhaíocht chun dul i ngleic leis an mbruscar muirí. Baineann 22 % de na bearta uile a thuairiscíonn na Ballstáit le Tuairisceoir 10 — bruscar muirí — agus tá an ceathrú cuid sa bhreis ar na hoibleagáidí dlíthiúla atá ann cheana.

Cumhdaítear leis na bearta na príomhfhoinsí ionchuir bruscair, ag tosú le gníomhaíochtaí a bhaineann le séarachas ó cheantair uirbeacha agus ó fhoinsí eile ar talamh (e.g. tionscal agus talmhaíocht). Aithnítear ionchur abhann freisin mar cheann de na príomhfhoinsí truaillithe. Cumhdaítear foinsí farraige leis na bearta freisin. Téann roinnt beart i ngleic go díreach le bruscar ó iascaigh (lena n-áirítear eangacha tréigthe), lena n-áirítear gníomhaíochtaí glantacháin agus gníomhaíochtaí chun ionchur breise a chosc (bunaithe ar cheanglais na Treorach maidir le Saoráidí Glactha Calafoirt agus na Treorach maidir le Plaistigh Aon Úsáide). Is foinsí móra bruscair freisin iad loingseoireacht, gníomhaíochtaí áineasa agus turasóireacht, agus an dobharshaothrú ar bhonn níos lú. Téann tionscnaimh a bhaineann le IMO, MARPOL agus an Treoir maidir le Saoráidí Glactha Calafoirt i ngleic go príomha le bruscar ó mhuiriompar.

Níor shainaithin ach líon beag Ballstát teophointí truaillithe muirí, in ainneoin an mholta ón gCoimisiún é sin a dhéanamh ina mheasúnú in 2018 ( 52 ). Tá bearnaí fós ann maidir le dul i ngleic le micreabhruscar, bruscar ar ghrinneall na farraige agus sa cholún uisce agus tionchair ar an mbeatha mhuirí. Cé go bhfuil spriocanna soiléire ag Ballstáit na Meánmhara a bhaineann le tionchair bhruscair ar thurtair Caretta caretta, níor thuairiscigh aon cheann acu bearta go fóill chun dul i ngleic go díreach leis an bhfadhb. Aithníonn beagnach gach Ballstát an luach a bhaineann leis an gcomhar réigiúnach agus an obair a dhéantar i gcomhthéacs na gCoinbhinsiún maidir le Farraigí Réigiúnacha.

Dea-shamplaí

Tá bearta sonracha déanta ag roinnt Ballstát chun dul i ngleic le micreabhruscar, lena n-áirítear córais choimeádta, gléasraí íonúcháin nó cóireáil uisce stoirme agus fuíolluisce a fhorbairt lena ndírítear go sonrach ar mhicreabhruscar agus ar mhicreaphlaistigh.

Eotrófú agus éilleáin (Tuairisceoirí 5, 8 agus 9)

Ar an iomlán, rinneadh dul chun cinn maidir le bearta a fhorbairt chun truailliú orgánach agus ceimiceach araon a laghdú a thuilleadh, ach tá gá le tuilleadh gníomhaíochta.

Ní leor fós an ghníomhaíocht chun eotrófú agus éilliú ó shubstaintí guaiseacha a chomhrac ( 53 ). Tá go leor beart curtha san áireamh ag na Ballstáit a bhaineann le Tuairisceoir 8 — éilleáin (24 %), Tuairisceoir 5 — eotrófú (18 %) agus, ar bhonn níos lú, Tuairisceoir 9 — éilleáin i mbia mara (9 %). Is minic a nascann siad na bearta sin leis na pleananna bainistithe abhantraí nuashonraithe, cé go ndéanann siad measúnú teoranta ar a n-éifeachtacht maidir le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach.

Tá gníomhaíocht nach bhfuil chomh comhsheasmhach céanna beartaithe chun dul i ngleic le truailliú ó astaíochtaí aeriompartha, d’ainneoin raidhse reachtaíochta maidir le cáilíocht an aeir agus astaíochtaí, go háirithe faoi dhlí an Aontais lena rialaítear earnálacha an fhuinnimh, an tionscail agus an iompair, faoin Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh agus faoin Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta. Mar sin féin, chuir na Ballstáit bearta san áireamh chun rialáil bhreise a dhéanamh ar éilliú ó loingseoireacht atá nasctha le cur chun feidhme chomhaontuithe MARPOL nó IMO (e.g. frithsmálú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, rialuithe astaíochtaí, coincheapa long níos glaine), agus tá coinne leis go mbeidh tionchar dearfach aige sin, go háirithe i limistéir amach ón gcósta.

Bíonn sé dúshlánach fós do na Ballstáit dul i ngleic le truailliú ó shubstaintí atá ag teacht chun cinn (e.g. cógaisíocht) agus na tionchair oidhreachta ó éilleáin mharthanacha (e.g. mearcair) a leigheas. Mar sin féin, tá dea-chleachtais ann chun dul i ngleic le héilliú ó fhoinsí farraige (e.g. éilleáin ó raiceanna a bhainistiú, deireadh a chur de réir a chéile le húsáid luaidhe i dtrealamh iascaireachta, coimeádáin chaillte a rianú agus a aisghabháil) agus eotrófú (e.g. trí úsáid a bhaint as aoileach athchúrsáilte i dtáirgeadh bithgháis). Ar deireadh, ós rud é gur tugadh rialacha an Aontais maidir le huasleibhéil éilleán in earraí bia cothrom le dáta in 2023 chun raon níos leithne miotal trom agus substaintí orgánacha marthanacha a chumhdach ( 54 ), is dócha go mbeidh gá le bearta breise amach anseo chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach maidir le héilliú bia mara.

Dea-shamplaí

Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag gnáthóga muirí sláintiúla maidir le héifeachtaí díobhálacha an eotrófaithe a laghdú. Tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaineann roinnt Ballstát as bearta athchóirithe dúlrabhunaithe do ghnáthóga amhail leapacha diúilicíní, leapacha féir mara agus riasca sáile chun dul i ngleic le heotrófú.

Torann faoi uisce (Tuairisceoir 11)

Ar an iomlán, tá feabhas tagtha ar bhearta na mBallstát chun torann faoi uisce a laghdú, ach tá siad fós dírithe ar bhailiú eolais seachas ar bhrúnna a laghdú.

Mar gheall ar an easpa creataí dlíthiúla lena gcumhdaítear torann faoi uisce, tá go leor beart nua ginte ag an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí chun dul i ngleic leis an gcineál sin brú ach ní leor iad fós chun dea-stádas comhshaoil agus na spriocanna atá leagtha síos a bhaint amach ( 55 ), ó thaobh cainníochta de (gan ach 10 % de na bearta uile ann) agus ó thaobh cáilíochta de araon.

I gcomparáid leis na chéad chláir, tugann na bearta cumhdach níos fearr ar fhoinsí agus ar chineálacha brú, ach tá siad fós dírithe den chuid is mó ar bhailiú eolais seachas ar thionchar díreach a bheith acu ar an mbrú a laghdú.

Chun feabhas a chur ar a gcuid eolais ar thorann faoi uisce, bunaíonn na Ballstáit a ngníomhaíocht go príomha ar chreataí ar an leibhéal réigiúnach agus ar thionscadail arna gcistiú ag an Aontas. Níor cheap ach cúpla Ballstát bearta sonracha bunaithe ar thorthaí na dtionscadal sin, amhail teorainneacha luais a shocrú gar do limistéir íogaire nó le linn amanna íogaire. Téann na bearta is spriocdhírithe i ngleic le tógáil bonneagair chósta agus amach ón gcósta, trí leibhéil torainn a theorannú nó trí thorann faoi uisce a áireamh i staidéir um measúnú tionchair ar an gcomhshaol. Trí luachanna tairsí a leagan síos le haghaidh uasleibhéil torainn tuairte agus leanúnaigh i mí Dheireadh Fómhair 2022, ba cheart go dtacófaí le bearta breise agus bearta níos fearr a dhearadh sa chéad timthriall eile.

Ní thugtar aghaidh go maith fós ar chineálacha eile fuinnimh (e.g. leictreamaighnéadach, solas agus teas), ach amháin i gcás cúpla beart ad hoc lena bhféachtar ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag réimsí leictreamaighnéadacha ar ghnáthóga leochaileacha nó lena ndéantar faireachán ar thruailliú solais.

Dea-shampla

Déanann Ballstát amháin bealaí ascnaimh loingseoireachta a bharrfheabhsú le linn feirmeacha gaoithe amach ón gcósta nó bonneagar eile amach ón gcósta a thógáil nó a chothabháil chun ardleibhéil torainn leanúnaigh a sheachaint i limistéir leochaileacha atá ag feidhmiú mar theophointí bithéagsúlachta.

3.2AN DÚLRA MUIRÍ A THABHAIRT AR AIS INÁR SAOL

Tá raon leathan agus an-éagsúil éiceachóras cósta agus muirí i bhfarraigí na hEorpa ina bhfuil éagsúlacht mhór gnáthóg agus speiceas ( 56 ). Má bhíonn dea-bhail orthu, cuireann siad seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil dár sochaithe, lena n-áirítear bia, fuinneamh, aer glan agus maolú ar an athrú aeráide ( 57 ). Lagaíonn brúnna a mbíonn tionchar acu ar bhithéagsúlacht mhuirí agus ar éiceachórais mhuirí cumas an phláinéid feidhmiú go sláintiúil agus na seirbhísí riachtanacha a mbímid ag brath orthu le haghaidh marthanais agus rathúnais a sholáthar. De réir mar a thagann méadú ar na héilimh ar an aigéan, is tábhachtaí fós a áirithiú go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil go leanúnach.

Tá dlús curtha ag an Aontas lena ghealltanas an bhithéagsúlacht mhuirí a chosaint. Ceanglaítear le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 ( 58 ) 30 % dár bhfarraigí a chosaint go dlíthiúil agus go héifeachtach, agus an tríú cuid acu faoi dhianchosaint. Trína Mhisean ‘Ár nAigéan agus ár nUiscí a Athbhunú faoi 2030’ ( 59 ), tá sé d’aidhm ag an Aontas réitigh nithiúla a thabhairt ar na dúshláin atá roimh ár bhfarraigí agus ár n-aigéan sa lá atá inniu ann, trí ról nua a thabhairt don taighde agus don nuálaíocht, mar aon le cineálacha nua rialachais agus comhair, agus trí shaoránaigh a rannpháirtiú. Ar an leibhéal domhanda, tá na gealltanais sin ag teacht le dhá chomhaontú stairiúla a glacadh: Creat Domhanda Bithéagsúlachta 2022 ag an gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht ag Comhdháil na bPáirtithe 15 ( 60 ) agus Conradh 2023 maidir le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta (Conradh BBNJ) ( 61 ).

Le glacadh an phlean gníomhaíochta muirí in 2023 ( 62 ), rannchuidítear freisin leis an obair chun na cuspóirí sin a bhaint amach trí iarraidh ar na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh chun an iascaireacht a réiteach le cuspóirí cosanta comhshaoil, go háirithe trí roghnaíocht trealaimh a fheabhsú, trí dhul i ngleic le foghabháil speiceas íogair, trí ghrinneall na farraige a chosaint agus trí ghníomhaíocht chun tacú leis an aistriú agus leis an malartú eolais.

Is céim thábhachtach iad na luachanna tairsí a leagtar síos faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí in 2023 maidir le caillteanas agus damáiste ar ghrinneall na farraige ( 63 ) i dtreo bainistiú níos fearr a dhéanamh ar acmhainní nádúrtha an aigéin.

Tá dea-stádas comhshaoil i bhfad ó bheith bainte amach do na tuairisceoirí bithéagsúlachta, áfach. Mar shampla, ní dhearna na Ballstáit ach 3 % de chéiticigh (amhail deilfeanna agus muca mara), 15 % de mhíolta móra agus de ghnáthóga ar ghrinneall na farraige agus 29 % d’éin a bheathaíonn ar iasc peiligeach in uiscí mara na hEorpa a mheas a bheith i ndea-stádas comhshaoil ag tús an dara timthriall cur chun feidhme den Treoir.

Cumhdaítear sa roinn seo na bearta a dhéantar chun speicis, gnáthóga agus bia-eangacha a chosaint ar chineálacha brú neamhthruaillithe amhail suaitheadh, eastóscadh agus speicis neamhdhúchasacha. Tá sé nasctha le Tuairisceoirí 1 (bithéagsúlacht), 2 (speicis neamhdhúchasacha), 3 (iasc tráchtála agus sliogiasc), 4 (bia-eangacha), 6 (sláine ar ghrinneall na farraige) agus 7 (dálaí hiodragrafacha).

Ar an iomlán, tá an dul chun cinn maidir le bearta éifeachtacha na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí a dhearadh agus a chur chun feidhme chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú sách teoranta ó bhí na chéad chláir beart ann (Fíor 3). Mar sin féin, tá feabhas tagtha ar na bearta a glacadh chun grinneall na farraige a chosaint, go príomha trí dhul i ngleic ar bhealach níos fearr le hiascaireacht shoghluaiste ghrinnill, agus rinneadh dul chun cinn freisin maidir le dul i ngleic le speicis neamhdhúchasacha agus athruithe ar dhálaí hidreagrafacha.

Chuir an easpa anailíse cuimsithí ar bhearnaí teorainn le measúnú an Choimisiúin ar na bearta bithéagsúlachta. Tugann anailísí láidre ar bhearnaí tuiscint níos fearr ar an gcaoi a gcuireann na bearta atá ann cheana le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach agus ar na bearta breise atá ag teastáil.

Fíor 3. Leordhóthanacht an dara clár beart de chuid na mBallstát chun dul i ngleic le saincheisteanna bithéagsúlachta

Bearta ginearálta don bhithéagsúlacht (Tuairisceoirí 1, 4 agus 6)

Ar an iomlán, ní dhearnadh ach dul chun cinn teoranta sna bearta maidir leis an mbithéagsúlacht.

Is dócha go mbeidh tionchar ag an gcuid is mó de na bearta a dhéanann na Ballstáit ar staid na bithéagsúlachta muirí, mura mbeidh tionchar acu ar fad uirthi, agus is é sin an fáth go gcumhdaítear na tuairisceoirí bithéagsúlachta go maith leis na cláir beart ar bhonn ginearálta ( 64 ). Beidh tionchar dearfach díreach ag bearta chun brúnna a laghdú ( 65 ) ar speicis agus ar ghnáthóga agus go hindíreach ar an éiceachóras agus ar na bia-eangacha ar fad. Is féidir bearta breise a dhéanamh go sonrach chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú.

Is é an beart is coitianta limistéir mhuirí faoi chosaint (LMFCanna) a ainmniú, chun gnáthóga agus speicis shonracha a chosaint (go minic faoi chóras na dTreoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga) nó chun feidhmeanna áirithe éiceachórais a athbhunú (e.g. sláine ghrinneall na farraige, sláinte na mbia-eangach). Is é is aidhm do limistéir mhuirí faoi chosaint go minic leibhéil truaillithe, eastósctha nó suaite a laghdú trí rialáil a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a mbíonn tionchar diúltach acu ar speicis agus ar ghnáthóga. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin gníomhaíochtaí turasóireachta (bádóireacht áineasa agus spóirt uisce), iascaireacht, go háirithe le trealamh trálaeireachta grinnill agus gníomhaíochtaí truaillithe laistigh nó mar chuid den limistéar máguaird. Is féidir le limistéir mhuirí faoi chosaint tionchar nach beag a imirt ar bhrúnna, ag brath ar a méid, ar mhéid na srianta ar ghníomhaíocht an duine agus ar cé acu atá nó nach bhfuil bearta éifeachtacha bainistíochta i bhfeidhm.

Is minic nach mbíonn mórán sonraí san fhaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil maidir leis an gcineál beart bainistíochta agus maidir le méid agus suíomh na limistéar muirí faoi chosaint, rud a fhágann go bhfuil sé deacair a fháil amach conas a rannchuidíonn siad le spriocanna straitéis bhithéagsúlachta an Aontais.

Dea-shampla

Faoi láthair, ní chumhdaíonn limistéir mhuirí faoi chosaint ach 12 % d’uiscí na hEorpa; áirítear orthu sin ‘limistéir mhuirí ilúsáide faoi chosaint’, ina gceadaítear an chuid is mó de ghníomhaíochtaí an duine agus ina bhfuil an leibhéal cosanta éifeachtaí íseal, agus limistéir mhuirí ‘atá faoi dhianchosaint’ lena gceadaítear fíorbheagán gníomhaíochtaí an duine, más ann dóibh. I gcás ina bhfuil athchóiriú gníomhach gnáthóg beartaithe amhail atógáil sceireacha nó aisghabháil leapacha oisrí, cuireann na Ballstáit srian nó toirmeasc fiú ar ghníomhaíochtaí an duine a dhéanann dochar do na gnáthóga sin.

Bearta le haghaidh speiceas, lena n-áirítear speicis tráchtála (Tuairisceoirí 1 agus 3)

Ar an iomlán, ní dhearnadh ach dul chun cinn teoranta sna bearta atá beartaithe chun dul i ngleic le speicis, lena n-áirítear speicis tráchtála éisc agus sliogéisc.

Is gnách go ndíríonn bearta a bhaineann go sonrach le speicis ar iasc, ar mhamaigh mhuirí agus ar éin mhara, agus is annamh a dhéantar bearta maidir le ceifileapóid (e.g. ochtapas agus scuideanna), reiptílí muirí (e.g. turtair) agus speicis pheiligeacha (e.g. planctón). Tuairiscíonn na Ballstáit gurb í an iascaireacht tráchtála an ghníomhaíocht is mó a chuireann brú ar speicis mhuirí, go háirithe ó fhoghabháil de thaisme d’éin mhara agus do mhamaigh. Díríonn bearta chun foghabháil a laghdú ar threalamh iascaireachta a oiriúnú, oiliúint a chur ar iascairí chun feabhas a chur ar theagmhais foghabhála a thaifeadadh agus a sheachaint, agus faireachán méadaithe a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta. Is iondúil go dtagann na bearta sin faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le Bearta Teicniúla ( 66 ), lena dtacaítear le cuspóir na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí i dtéarmaí speicis agus gnáthóga a chosaint. Déanann roinnt Ballstát foghabháil laistigh de limistéir mhuirí faoi chosaint a rialáil freisin trí úsáid a bhaint as an raon feidhme faoin gcomhbheartas iascaigh chun moltaí comhpháirteacha a dhéanamh le tíortha comharsanachta maidir le bearta iascaigh spásúla ( 67 ).

Is annamh a bhíonn bearta le haghaidh turtar ann, ach amháin i gcás cúpla beart díreach a bhaineann le hiascairí a oiliúint chun foghabháil agus riosca imbhuailte soithigh a sheachaint. Ní ann do bhearta maidir le ceifileapóid; is minic a dhéantar iad a chuachadh in éineacht le speicis éisc.

Cumhdaítear iasc agus sliogiasc tráchtála agus neamhthráchtála le bearta chun brú iascaireachta a laghdú. Tá formhór na mbeart nasctha le CBI chun a áirithiú go ndéanfar iascaireacht ar stoic ar leibhéil atá inbhuanaithe san fhadtéarma. Cumhdaíonn roinnt Ballstát stoic áitiúla/intíre a bhainistítear go náisiúnta freisin. Go pointe áirithe, cumhdaítear leo iascaireacht áineasa, ach ní leor an méid sin. Tá bearta tuairiscithe ag leath na mBallstát freisin chun dul i ngleic leis an gceanglas maidir le haois shláintiúil agus méid-dáileadh líon na n-iasc ( 68 ), mar shampla trí ghabháil iasc óg a laghdú nó trí rialacháin maidir le mogallmhéideanna a thabhairt cothrom le dáta. Déantar constaicí i gconairí imirceacha na n-iasc a thuairisciú freisin mar mhórbhagairtí ar shláinte na bpobal éisc.

Dea-shampla

Tá beart déanta ag tír amháin chun bacainní ar chonairí imirce éisc a laghdú trí fhaireachán fuaimiúil a úsáid, trí sheanbhacainní a bhaint nó trí chonairí imirce a athoscailt agus trí phobail éisc i limistéir inbhir/chósta a spreagadh.

Bearta le haghaidh gnáthóg (Tuairisceoirí 1 agus 6)

Ar an iomlán, rinneadh roinnt dul chun cinn maidir le bearta le haghaidh gnáthóg ar ghrinneall na farraige, go háirithe tríd an díobháil do ghrinneall na farraige de bharr modhanna soghluaiste iascaireachta grinnill a laghdú, ach tá dearmad á dhéanamh fós ar ghníomhaíocht maidir le gnáthóga colúin uisce.

De réir a nádúir, bíonn tionchar ag gach cineál brú ionchuir bitheolaíoch, fisiceach agus substainte ar ghnáthóga ghrinneall na farraige agus ar shláine ghrinneall na farraige, cibé acu go díreach nó go hindíreach. Sa bhreis ar na bearta uile a rinneadh faoi thuairisceoirí eile, tá bearta déanta ag na Ballstáit atá dírithe go soiléir ar ghrinneall na farraige a chaomhnú go fisiciúil, lena n-áirítear an brú ó ghníomhaíochtaí an duine ar ghnáthóga ar ghrinneall na farraige a laghdú, limistéir mhuirí faoi chosaint atá dírithe ar ghrinneall na farraige a ainmniú agus gnáthóga agus na pobail bhitheolaíocha a bhaineann leo a athchóiriú go gníomhach (e.g. sceireacha oisrí agus móinéir Posidonia a athchóiriú agus leapacha Zostera a chur).

Shainaithin formhór na mBallstát gurb í an iascaireacht ghrinnill shoghluaiste an phríomhbhagairt ar shláinte gnáthóg ar ghrinneall na farraige. Tá bearta glactha ag cuid acu chun a thionchair dhíobhálacha a laghdú, lena gcumhdaítear limistéir mhóra nó go sonrach le haghaidh gnáthóga leochaileacha.

Rialaíonn na Ballstáit gníomhaíochtaí eile freisin a chuireann brú fisiciúil ar ghrinneall na farraige, ar nós ancaireachta sa Mheánmhuir, ar bagairt ar leith é do mhóinéir Posidonia, chomh maith le trealamh iascaireachta caillte agus dreidireacht gainimh. D’ainneoin brú méadaitheach ó bhonneagar fuinnimh gaoithe amach ón gcósta, lena n-áirítear cáblaí, ní théann ach cúpla Ballstát i ngleic leis an mbrú a eascraíonn as suiteáil fuinnimh gaoithe. Áirítear ar na bearta cineálacha leochaileacha gnáthóige ar ghrinneall na farraige a mhapáil, mar shampla. Le glacadh luachanna tairsí uile-Aontais i mí an Mhárta 2023 maidir le huasmhéid na n-éifeachtaí díobhálacha agus an chaillteanais ar ghnáthóga ar ghrinneall na farraige, ba cheart go dtacófaí le bearta níos éifeachtaí fós a cheapadh maidir le sláine ghrinneall na farraige sa chéad timthriall eile.

Déantar dearmad den chuid is mó ar ghnáthóga an cholúin uisce faoi na tuairisceoirí bithéagsúlachta ach cumhdaítear iad le bearta chun leibhéil truaillithe a laghdú sa cholún uisce.

Dea-shampla

Samplaí de na bearta atá déanta ag roinnt Ballstát chun gnáthóga ar ghrinneall na farraige a chosaint lasmuigh de limistéir mhuirí faoi chosaint is ea an limistéar ina mbíonn go leor tráil ar siúl a laghdú in uiscí náisiúnta agus tionchar níos ísle agus trealamh níos roghnaí a chur chun cinn don chabhlach iomlán.

Bearta maidir le bia-eangacha (Tuairisceoir 4)

Ar an iomlán, ní dhearnadh aon mhórdhul chun cinn maidir le bearta le haghaidh bia-eangacha muirí; spreagfadh gníomhaíocht maidir le speicis agus sláine ghrinneall na farraige feabhsuithe ar bhia-eangacha.

Ceanglaítear leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí go mbeidh bia-eangacha muirí sláintiúil, rud a chiallaíonn go mbeidh gach orgánach beo sa mhuirthimpeallacht i gcothromaíocht agus in ann flúirse fhadtéarmach agus acmhainn atáirgthe fhadtéarmach a bhaint amach. Is féidir le gníomhaíochtaí an duine difear a dhéanamh do chothromaíocht an chaidrimh chasta seo, mar shampla tríd an iomarca iasc foráiste a bhaint agus é a dhéanamh níos deacra dá gcreachadóirí bia a aimsiú.

Is beag sampla atá ann de bhearta praiticiúla díreacha arna ndéanamh ag na Ballstáit chun sláinte na mbia-eangach muirí a chosaint. Is é is aidhm d’fhormhór na mbeart a bhaineann le bia-eangacha an bhithéagsúlacht a chosaint i gcoitinne, amhail limistéir mhuirí faoi chosaint a ainmniú nó a leathnú, nó bearta a bhaineann go sonrach le speicis amhail foghabháil a chosc. Cé go bhfuil na bearta seo tábhachtach chun pobail speiceas áirithe a choinneáil ar bun, agus dá bhrí sin an bia-eangach áitiúil a choinneáil ar bun, níl ach tionchar indíreach acu ar shláinte iomlán na bia-eangaí.

Dea-shampla

I measc na samplaí de bhearta a rinne roinnt Ballstát le haghaidh bia-eangach tá srian a chur le hiascaireacht a dhéanamh ar ghrúpa trófach áirithe (e.g. gach iasc creiche nó foráiste) nó ar speicis tráchtála áirithe a bhfuil ról an-tábhachtach acu sa bhia-eangach, nó leibhéil iascaireachta a laghdú ar an iomlán.

Bearta chun brúnna neamhthruaillithe eile ar an mbithéagsúlacht a laghdú (Tuairisceoirí 2 agus 7)

Ar an iomlán, rinneadh dul chun cinn maidir le bearta oiriúnacha a shainaithint chun dul i ngleic le speicis neamhdhúchasacha. Is beag Ballstát a bhfuil dul chun cinn déanta acu maidir le dul i ngleic le hathruithe ar dhálaí hidreagrafacha, áfach.

Baineann formhór na mbeart chun na bagairtí ar an mbithéagsúlacht a eascraíonn as speicis neamhdhúchasacha a laghdú le cur chun feidhme Choinbhinsiún IMO maidir le hUisce Ballasta, ós rud é go n-aithníonn na Ballstáit go forleathan gurb í an loingseoireacht príomhúdar na mbagairtí sin. Sainaithnítear an dobharshaothrú freisin mar údar bagartha atá ag dul i méid, agus tá bearta luathbhraite déanta ag roinnt Ballstát trí fhaireachán a dhéanamh ar theophointí dobharshaothraithe. Tá an bhádóireacht áineasa agus an tslatiascaireacht cumhdaithe níos mó agus níos mó ag bearta coisctheacha freisin.

Is féidir le hathruithe buana ar dhálaí hidreagrafacha, amhail teocht an uisce nó salandacht, tionchar a imirt ar an mbithéagsúlacht mhuirí freisin trí chur isteach ar ghnáthóga colún uisce agus ar na dálaí comhshaoil ina mbíonn speicis mhuirí ag maireachtáíl, ag beathú agus ag atáirgeadh. Na príomhbhearta díreacha a rinne na Ballstáit chun cuid de na hathruithe sin a chosc, go háirithe i limistéir chósta, tá siad nasctha le pleananna bainistithe abhantraí faoin Treoir Réime maidir le hUisce. Áirítear orthu sin, mar shampla, an sreabhadh fionnuisce agus dríodair ó aibhneacha isteach san fharraige a rialú. Áirítear ar bhearta indíreacha a áirithiú go gcumhdaítear na tionchair sin le measúnuithe straitéiseacha comhshaoil agus measúnuithe ar an tionchar ar an gcomhshaol nó go n-úsáidtear pleanáil spásúil mhuirí chun éifeachtaí carnacha a phleanáil agus a rialú ar bhealach níos fearr, ar éifeachtaí iad a bhféadfadh athruithe ar dhálaí hidreagrafacha a bheith mar thoradh orthu. Tá an t-athrú aeráide ag dul i bhfeidhm go mór freisin ar dhálaí hidreagrafacha (féach na sonraí thíos).

Dea-shampla

Áirítear ar na bearta nuálacha a dhéanann Ballstáit áirithe fís réamhbhreathnaitheach a fhorbairt chun gníomhaíochtaí mórscála a fhorbairt (e.g. láithreáin táirgthe fuinnimh amach ón gcósta agus dobharshaothrú). Bunaithe ar na cásanna sin a bheidh ann amach anseo, is féidir pleanáil spásúil ghníomhaíochtaí an duine ar muir a dhearadh chun tionchair charnacha amach anseo a bhainistiú agus chun a áirithiú nach gcuirfidh siad cosc ar dhea-stádas comhshaoil a bhaint amach.

3.3DUL I nGLEIC LEIS AN nGÉARCHÉIM AERÁIDE

Ba í 2023 an bhliain ba theo a taifeadadh riamh in go leor codanna den leathsféar thuaidh ( 69 ). Mar thoradh air sin, bhí an chuid is mó de na himchuacha san Aigéan Atlantach níos teo ná an meán, go háirithe san Eoraip ( 70 ). Deimhnítear sa Mheasúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide ( 71 ) go ndéanann rioscaí aeráide agus brú antrapaigineach difear mór d’fharraigí uile na hEorpa.

Léirítear sa tuarascáil is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide maidir leis an aigéan agus an crióisféar in aeráid atá ag athrú ( 72 ) go bhfuil an t-aigéan ag téamh, ag aigéadú agus ag fulaingt de bharr dí-ocsaiginithe. Laghdóidh conair na ‘dtrí rud mharfacha’ sin atá ag méadú cumas an aigéin dé-ocsaíd charbóin a ionsú agus an saol ar an bpláinéad a chaomhnú.

I rialú a rinneadh le déanaí, shoiléirigh an Binse Idirnáisiúnta um Dhlí na Mara faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige gurb ionann ‘astaíochtaí GCT antrapaigineacha isteach san atmaisféar agus truailliú na muirthimpeallachta de réir bhrí Airteagal 1, mír 1, fomhír 4 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe’ ( 73 ). Leis an rialú sin, nascann an Binse iarrachtaí tíortha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa san atmaisféar a laghdú (agus ar an gcaoi sin an t-athrú aeráide a chomhrac) go díreach le gníomhaíocht chun dul i ngleic le truailliú na muirthimpeallachta, i gcomhthéacs UNCLOS. Ba cheart an cinneadh sin a léamh freisin i gcomhthéacs na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí, lena gceanglaítear ar na Ballstáit dul i ngleic le truailliú na muirthimpeallachta.

Is gá, dá bhrí sin, gníomhú agus bearta a dhéanamh chun tacú leis an nasc idir an t-aigéan agus an aeráid. Go háirithe, is féidir leis an aigéan cuidiú leis an athrú aeráide a mhaolú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Acmhainneacht na n-aigéan chun gníomhú mar linnte carbóin a chaomhnú. Cinntíonn éiceachórais shláintiúla chósta agus mhuirí go gcoinníonn na haigéin a n-acmhainneacht chun carbón a stóráil.

·Astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú trí fhuinneamh in-athnuaite aigéin a fhorbairt agus earnálacha an gheilleagair ghoirm a ghlasú.

Aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide tríd an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí

Ar an iomlán, cé nach dtéann an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí i ngleic leis go díreach, tá bearta oiriúnaithe don athrú aeráide déanta ag go leor Ballstát, e.g. tacaíocht a thabhairt do phobail chósta, agus tá bearta maolaithe aeráide déanta ag roinnt acu, e.g. éiceachórais charbóin ghoirm a athchóiriú.

Go dtí seo, ní chumhdaítear an t-athrú aeráide go sainráite le tuairisceoir na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí ná ní liostaítear é mar chineál brú. Luaitear an t-athrú aeráide sa Treoir, áfach, agus cuireann na straitéisí iomlánaíocha muirí creat maith ar fáil chun faireachán a dhéanamh ar thionchair an athraithe aeráide agus chun an maolú ar an athrú aeráide a fhiosrú. Deimhníodh an cur chuige sin leis an measúnú a rinneadh don timthriall roimhe seo, inar chuir na Ballstáit i dtábhacht gur saincheisteanna trasteorann tábhachtacha iad na tionchair a eascraíonn as an athrú aeráide agus as aigéadú na n-aigéan a dtéitear i ngleic leo faoi chláir faireacháin na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí ( 74 ).

Ós rud é gur ábhar imní é an t-athrú aeráide do na réigiúin mhuirí uile agus go bhfuil an brú ar an muirthimpeallacht ag dul i méid, measann roinnt Ballstát anois gur saincheist túslíne é: baineann 4 % de na bearta uile (84 bheart ó 15 Bhallstát) go díreach leis an athrú aeráide.

Baineann formhór na mbeart a bhaineann leis an aeráid le hoiriúnú nó le hathléimneacht, i.e. tionchair an athraithe aeráide a laghdú nó tacú le pobail aghaidh a thabhairt ar mheathlúcháin amach anseo agus téarnamh uathu. Baineann antríú cuid le maolú, i.e. astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus a chosc, lena n-áirítear gníomhaíocht chun éiceachórais charbóin ghoirm a athchóiriú.

Eascraíonn go leor beart tábhachtach as obair faoi na Coinbhinsiúin maidir le Farraigí Réigiúnacha, cuid eile as pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát nó as straitéisí náisiúnta um an oiriúnú don athrú aeráide.

Dea-shampla

Tríd an gcarbón arna cheapadh ag móinéir féir mara agus foraoisí macralgaí a chainníochtú, sainaithníonn roinnt Ballstát teophointí carbóin ina n-uiscí agus áirithíonn siad nach gcuireann gníomhaíochtaí eacnamaíocha iad i mbaol nó, os a choinne sin, go rannchuidíonn siad lena n-athchóiriú.

4.FÓNTACHT SHOCHEACNAMAÍOCH A ÁIRITHIÚ

Ar an iomlán, tá tuiscint níos fearr ag na Ballstáit anois ar thionchair shocheacnamaíocha bhearta na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí. Mar sin féin, léiríonn níos lú ná a leath an leibhéal infheistíochta a theastaíonn agus is beag Ballstát a fhéachann ar inghlacthacht shóisialta na mbeart atá beartaithe.

Rinne beagnach gach Ballstát anailís costais is tairbhe agus/nó anailís chostéifeachtachta ar a mbearta, agus rinne cuid acu na bearta is lú costéifeachtacht a chatagóiriú ina dhiaidh sin. Níor mhínigh ach cúpla Ballstát an tionchar a bhí ag na hanailísí sin ar roghnú na mbeart, mar shampla trí thosaíocht a thabhairt do bhearta áirithe thar bhearta eile. Rinne roinnt Ballstát ón réigiún Baltach comparáid chainníochtúil idir costais a gclár beart agus na tairbhí (a baineadh amach nó a d’fhéadfaí a bhaint amach) a bhaineann le feabhas a chur ar staid na muirthimpeallachta.

Is iad an iascaireacht agus an loingseoireacht an dá ghníomhaíocht/earnáil is mó a bhfuil tionchar ag bearta na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí orthu. Níor bhreathnaigh ach dhá Bhallstát freisin ar an gcaoi a ndéanfadh a gcláir beart difear do shaincheisteanna sóisialta agus d’fholláine an duine. Rinne Ballstát amháin imscrúdú féachaint an bhféadfaí a bheith ag súil leis go mbeadh tionchar dearfach, diúltach nó gan aon tionchar ag gach beart nua aonair ar phobail áitiúla, ar thraidisiúin, ar oidhreacht chultúrtha, ar fhostaíocht agus ar shláinte.

Meastar go bhfuil meánchostas EUR 724 in aghaidh an km2 de limistéar muirí in aghaidh na bliana le bearta na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí atá beartaithe don tréimhse 2022-2027. Bunaithe ar na sonraí sin, is féidir a mheas gurb é EUR 5.8 billiún in aghaidh na bliana an costas a bheidh ar bhearta na Treorach Réime d’uiscí muirí uile an Aontais ( 75 ). Bunaithe ar thuairisciú na mBallstát ar sciar a mbeart a bhaineann go sonrach leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí (42 %), meastar gurb é EUR 2.4 billiún in aghaidh na bliana an costas a bhaineann le bearta a bhaineann go sonrach leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí le haghaidh uiscí muirí uile an Aontais.

Cuireann beagnach gach Ballstát meascán de chistí náisiúnta agus de chistí an Aontais ar fáil, agus liostaíonn roinnt Ballstát cistí an Aontais le haghaidh 50-80 % dá mbearta. CEMI/CEMID, LIFE agus Fís Eorpach iad na cistí is minice a luaitear. Luann níos mó ná leath de na Ballstáit freisin maoiniú príobháideach a shlógadh, mar chostais don earnáil phríobháideach chun na bearta a chuirtear chun feidhme a leanúint (e.g. mar infheistíocht chaipitil) nó mar chistiú arna sholáthar ag fondúireachtaí comhshaoil chun bearta na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí a chur chun feidhme.

5.RIALACHAS AGUS COMHAR RÉIGIÚNACH

Chun clár oiriúnach a dhearadh faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, is gá ní hamháin na bearta cearta a shainaithint chun cuidiú le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach ach creat rialachais a chur i bhfeidhm freisin chun tacú lena gcur chun feidhme.

Rinne an Coimisiún measúnú ar cheithre phríomhghné de shásraí rialachais na mBallstát: rannpháirtíocht an phobail, comhordú a dhéanamh ar fud réimsí beartais gaolmhara, comhar réigiúnach agus an dóchúlacht go gcuirfear chun feidhme é.

Tá sásraí rialachais curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun tacú le cur chun feidhme an chláir beart ach ní leor comhordú le húdaráis eile agus le Ballstáit chomharsanachta i gcónaí. Ó bhí na chéad chláir beart ann, chuir níos mó Ballstát in iúl go bhfuil siad tiomanta go soiléir dá gcláir beart a chur chun feidhme ina n-iomláine.

I measc na mbacainní a shainaithin na Ballstáit tá maoiniú agus saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, rud nár thuairiscigh ach roinnt Ballstát. Níor thuairiscigh na Ballstáit aon bhacainní ar chur chun feidhme i gcás beagnach leath dá mbeart (48 %) ( 76 ).

Rannpháirtíocht an phobail

Ar an iomlán, is cosúil gur leor na próisis chun rannpháirtíocht a thabhairt don phobal ach níl sé chomh soiléir céanna a mhéid a úsáideann siad aiseolas chun cláir na mbeart a leasú.

Níor luaigh ach 2 Bhallstát comhairliúcháin phoiblí a dhéanamh maidir lena gcláir beart. As na 15 cinn eile, níor thuairiscigh an ceathrú cuid ach faisnéis an-teoranta maidir leis an gcaoi a gcuireann siad an t-ionchur ón bpobal san áireamh agus na bearta á roghnú agus á ndearadh acu. Bhí an leibhéal rannpháirtíochta níos airde i gcás inar cuireadh an fhaisnéis faoin gcomhairliúchán ar fáil trí úsáid a bhaint as na meáin thraidisiúnta agus shóisialta araon.

D’fhéadfaí aiseolas a chur ar fáil ar bhealaí éagsúla lena n-áirítear teagmháil dhíreach leis an bpobal trí cheardlanna, seimineáir agus cruinnithe le páirtithe leasmhara chomh maith le comhairliúcháin ar líne. Níor thuairiscigh ach 4 Bhallstát gur chuir siad am i leataobh chun aiseolas poiblí a láimhseáil trí mhodheolaíocht chuimsitheach a úsáid agus a gcláir a leasú i gcás inarb iomchuí.

Comhar le húdaráis, beartais agus Ballstáit eile

Ar an iomlán, comhoibríonn gach tír ar fud réimsí beartais agus le húdaráis eile, cé nach mbíonn sé soiléir i gcónaí cén toradh a bhíonn ar an gcomhar sin. Oibríonn roinnt tíortha i gcomhar níos dlúithe le húdaráis na Treorach Réime maidir le hUisce agus na Pleanála Spásúla Muirí, lena n-áirítear trí chur chuige comhpháirteach a ghlacadh maidir le bearta a cheapadh. Tá ról tábhachtach ag an gcomhar réigiúnach i bhforbairt chláir beart na mBallstát i roinnt réigiún, ach tá leibhéal chomhleanúnachas réigiúnach na mbeart fós measartha.

Déanann na Ballstáit uile naisc shoiléire idir a gcláir beart faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí agus na bearta a dhéantar faoi phíosaí eile de dhlí an Aontais, go háirithe an Treoir maidir le Gnáthóga, an Treoir Réime maidir le hUisce agus an comhbheartas iascaigh.

Tá sé sin i gcomhréir leis an gcinneadh go ndéantar 58 % de na bearta a áirítear sa dara clár beart sin a dhíorthú ó ionstraimí dlí eile ( 77 ). Tá an chuid is mó díobh nasctha le creataí a bhaineann le truailliú (e.g. an Treoir Réime maidir le hUisce, an treoir maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh, dlí na dramhaíola, na gceimiceán agus na talmhaíochta, Coinbhinsiún Minamata maidir le mearcair), creataí a bhaineann leis an mbithéagsúlacht (amhail na Treoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga, straitéis bhithéagsúlachta an Aontais, an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht) agus beartais iascaigh agus mhuirí (e.g. pleanáil spásúil mhuirí, an comhbheartas iascaigh, an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta, etc.). Tagraíonn formhór na mBallstát do chuspóirí na straitéise bithéagsúlachta freisin, ach is annamh a thagraíonn siad do na spriocanna 30 % agus 10 % a leagtar síos sa straitéis. Is lú fós an líon tagairtí atá ann don phlean gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú, cé go bhfuil na bearta a glacadh faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí chun an truailliú a chomhrac ailínithe go hiomlán lena chuspóirí.

Is minic a luaitear comhordú leis na húdaráis atá i gceannas ar chur chun feidhme na Treorach Réime maidir le hUisce agus na bpróiseas pleanála spásúla muirí i dtuarascálacha na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí; ní luaitear chomh minic céanna é sna pleananna bainistithe abhantraí faoin Treoir Réime maidir le hUisce. Níor thug ach líon beag Ballstát mionléiriú ar an gcaoi a rialaíonn siad agus a ndéanann siad comhordú idir beartais éagsúla agus torthaí an chomhordaithe sin. Mar shampla, mhínigh Ballstát amháin gur dhréachtaigh na húdaráis atá freagrach as an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí agus iad siúd atá freagrach as an Treoir Réime maidir le hUisce catalóg beart is coiteann do chuspóirí an dá dhlí agus go dtugann siad an chatalóg cothrom le dáta i gcomhréir le timthriallta cur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí agus na Treorach Réime maidir le hUisce (féach freisin tuarascáil na Treorach Réime maidir le hUisce) ( 78 ).

Luaitear comhordú réigiúnach, go háirithe trí na Coinbhinsiúin maidir le Farraigí Réigiúnacha, go minic ar fud na gclár beart agus luann gach ceann de na 17 mBallstát é. Tugtar tuairisc iontu freisin ar shásraí comhordúcháin le tíortha comharsanachta laistigh de na Coinbhinsiúin maidir le Farraigí Réigiúnacha agus déantar tagairtí go minic iontu do phleananna gníomhaíochta (e.g. plean gníomhaíochta réigiúnach OSPAR le haghaidh bruscar muirí nó plean gníomhaíochta Mhuir Bhailt), do thionscnaimh chomhpháirteacha nó do thionscadail chomhpháirteacha sna codanna aonair den tuairisceoir. Chomhlánaigh roinnt Ballstát é sin le tuilleadh teagmhálacha ar an leibhéal foréigiúnach, mar shampla cruinnithe tríthaobhacha a thionól chun saincheisteanna coiteanna a shainaithint a bhaineann le bainistiú na limistéar muirí faoi chosaint, an bhruscair mhuirí agus an torainn faoi uisce i mBá na Bioscáine.

D’ainneoin dianchomhordú fadálach laistigh de na réigiúin éagsúla, níl sé sásúil a fheiceáil, ar an meán, nach bhfuil ach leibhéal measartha comhleanúnachais réigiúnaigh sna cláir beart. Tá an comhleanúnachas an-lag ó thaobh gníomhaíochta de chun dul i ngleic le héilleáin i mbia mara (D9), dálaí hidreagrafacha (D7) agus bia-eangacha (D4) i ngach ceann de na trí réigiún. Agus na torthaí dearfacha a baineadh amach le linn na tréimhse sin á ndeimhniú, tá an comhleanúnachas (measartha go hard) ag an leibhéal is airde i ngach ceann de na trí réigiún i dtaobh an bhruscair mhuirí (D10).

Dea-shampla

Is féidir ról tábhachtach a bheith ag tacaíocht ó na Coinbhinsiúin maidir le Farraigí Réigiúnacha chun na bearta a fhorbairt. I Muir Bhailt, mar thoradh ar uirlis HELCOM Sufficiency of Measures [Leordhóthanacht na mBeart] ( 79 ), a úsáideann formhór na mBallstát Baltach, ní hamháin go bhfuil leibhéal níos airde comhleanúnachais réigiúnaigh ann ach tá leibhéal níos airde cáilíochta ag baint freisin leis na bearta a chuir na Ballstáit aonair chun cinn.

An dóchúlacht go gcuirfidh na Ballstáit a gcláir beart chun feidhme

Ag féachaint ar roinnt critéar (lena n-áirítear an chaoi a gcuireann an Ballstát tionchair shocheacnamaíocha san áireamh, cibé ar shainaithin sé foinsí maoinithe, leibhéal an chomhordaithe le príomhbheartais an Aontais agus leibhéal mionsonraithe na sásraí cur chun feidhme) is féidir na Ballstáit a ghrúpáil de réir na dóchúlachta go gcuirfear a gcláir beart chun feidhme ( 80 ) (Tábla 1).

Tábla1. An dóchúlacht go gcuirfear an dara clár beart de chuid na mBallstát chun feidhme

Dóchúlacht cur chun feidhme

Na Ballstáit

Réasúnú

An-dóchúil nó dóchúil

EE, LV, SE, PT, FI, FR, LT, ES, PL, IE, SI, DE agus BE

Rinne na Ballstáit sin anailís shocheacnamaíoch fhónta ar thionchair a gclár beart, ar fhoinsí cistiúcháin atá sainaitheanta go soiléir agus is cosúil go ndearna siad comhordú gníomhach ar fud na n-údarás éagsúil a bhfuil baint acu leis na bearta a chur chun feidhme. Rud atá tábhachtach go bhfuil sé soiléir conas, cá háit agus cathain a chuirfear na bearta nua a mhol siad chun feidhme.

Seans measartha

NL, RO agus CY

Rinne na Ballstáit sin anailís pháirteach ar thairbhí socheacnamaíocha a mbeart agus rinne siad imscrúdú teoranta ar shaincheisteanna sóisialta. Liostaigh siad foinsí cistiúcháin ach níor leithdháil siad méideanna sonracha ar bhearta sonracha. Is cosúil go bhfuil comhordú leis na húdaráis níos teoranta nó go bhfuil easpa doimhneachta ag baint leis agus nach bhfuil sé chomh soiléir céanna cén áit, conas agus cén uair a chuirfear bearta nua chun feidhme.

Seans ar bith

IT

Is beag faisnéis a chuir an Ballstát sin ar fáil maidir le foinsí cistiúcháin agus níor thuairiscigh sí ach anailís shocheacnamaíoch a raibh easpa doimhneachta ag baint leis ar a bhearta. Níl aon chomhartha ann go bhfuil comhordú idir an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí agus dlíthe eile de chuid an Aontais nó níor tuairiscíodh é. Níl sé soiléir ach oiread cén áit, cén uair agus conas a chuirfear bearta nua chun feidhme.

Cuireann an Treoir ar chumas na mBallstát freisin, i gcúinsí dea-shainithe, eisceachtaí a chur i bhfeidhm maidir le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach (Airteagal 14). Áirítear ar na himthosca sin go mbaineann baint amach na spriocanna sin le gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht lasmuigh dá bhfreagracht, le himeachtaí force majeure, nó leis an bhfíoras nach gcuireann dálaí nádúrtha ar a gcumas feabhas tráthúil a chur ar stádas a n-uiscí mara.

Mar a léirítear i bhFíor 4, thuairiscigh 12 de na 17 mBallstát eisceachtaí ar na cúiseanna sin uile a d'fhéadfadh a bheith ann, seachas force majeure. Is iad éilleáin agus eotrófú na hábhair ar iarr formhór na mBallstát eisceacht ina leith, ina luann siad dálaí nádúrtha nach féidir feabhas tráthúil a chur ar stádas uiscí mara dá mbarr. Is é torann faoi uisce an t-aon ábhar nár iarradh aon eisceacht ina leith, agus is beag eisceacht a iarradh le haghaidh bia-eangach, dálaí hidreagrafacha agus éilleáin i mbia mara, gach topaic nach bhfuil forbartha go han-mhaith faoi láthair faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí.

Fíor 4. Eisceachtaí ar neamhchomhlíonadh dea-stádas comhshaoil mar a thuairiscítear faoin dara clár beart

6.CONCLÚIDÍ AGUS FORLÉARGAS

Tá obair iontach déanta ag na Ballstáit chun cineál an-chasta agus an-éagsúil na mbrúnna muirí is gá chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach a shainaithint agus chun dul i ngleic leo. Tá méadú tagtha ar sciar na mbeart atá deartha go sonrach le haghaidh na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí – agus nár glacadh faoi chreataí eile — ó 25 % go 42 %, rud a léiríonn go bhfuil an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí ina phríomhspreagadh do bhearta nua chun an mhuirthimpeallacht a chosaint agus chun í a úsáid go hinbhuanaithe.

Ina ainneoin sin, tá gá le tuilleadh oibre chun forbairt na mbeart a chomhchuibhiú ós rud é go bhfuil éagothromaíochtaí soiléire ann idir tuairisceoirí agus Ballstáit. Ar an meán i ngach ceann de na 17 mBallstát, ní mheastar go dtéann ach bearta maidir le bruscar muirí agus speicis neamhdhúchasacha i ngleic go pointe áirithe leis na saincheisteanna is gá chun na fadhbanna a réiteach ( 81 ). Meastar nach leor fós bearta chun dul i ngleic le cineálacha eile truaillithe, cailliúint na bithéagsúlachta agus an t-athrú aeráide, cé go bhfuil dul chun cinn déanta i réimsí áirithe amhail cosaint ghrinneall na farraige agus athruithe ar dhálaí hidreagrafacha.

Eascraíonn go leor beart as creataí reachtacha eile, amhail dlí an Aontais lena rialaítear uisce, níotráití agus ceimiceáin, an comhbheartas iascaigh nó an Treoir maidir le hÉin agus an Treoir maidir le Gnáthóga. Níl an raon feidhme céanna ag na creataí sin, áfach, agus leagtar amach sa Treoir Réime um Straitéis Mhuirí ceanglais maidir le cineálacha breise brú comhshaoil (mar shampla, truailliú muirí i limistéir amach ón gcósta, e.g. ó tháirgeadh breoslaí iontaise). Léiríonn sé sin an gá atá le tuilleadh oibre chun na bearnaí sin a chumhdach agus bearta na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí á ndearadh. 

Os a choinne sin, tá bearta níos fearr déanta ag na Ballstáit chun dul i ngleic le brúnna nó tionchair nach gcumhdaítear chomh maith céanna le beartais agus reachtaíocht eile, cé is moite de thorann faoi uisce agus bia-eangacha. In éagmais ‘líontán sábhála’ de reachtaíocht spriocdhírithe sheanbhunaithe lena rialaítear an tsaincheist ar leibhéal an Aontais, bhí na Ballstáit níos nuálaí ar an iomlán maidir le bearta a shainaithint le haghaidh speicis neamhdhúchasacha, dálaí hidreagrafacha, sláine ghrinneall na farraige agus bruscar muirí. Baineann siad úsáid fós as creataí atá ann cheana ach chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach maidir leis na hábhair sin, ní mór do na Ballstáit smaoineamh i dteannta a chéile ar chineálacha nua cur chuige chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin.

Is léiriú maith iad bearta maidir le bruscar muirí ar an gcaoi ar féidir leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí difear a dhéanamh agus oibriú i sineirge le creataí reachtacha eile ag an am céanna. Mar thúsphointe, bhí roinnt Ballstát in ann measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá siad ó chuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach, arna chainníochtú tríd an luach tairsí a comhaontaíodh le déanaí ( 82 ). Bunaithe ar an méid sin, cheap siad bearta oiriúnacha chun an bhearna a dhúnadh, lena n-áirítear tagairtí do chreataí eile. Ní hamháin go bhfuil na bearta maidir le bruscar muirí ar cháilíocht níos fearr ná na bearta maidir le hábhair eile, ach tá siad níos comhleanúnaí ó thaobh na réigiún de freisin. Os a choinne sin, ní leor na bearta maidir le torann faoi uisce go fóill. Léiríonn sé go mbraitheann rath ar go leor tosca, lena n-áirítear ardfheasacht an phobail agus bonn láidir sonraí agus eolais, a bhfuil an dá cheann acu fós in easnamh go pointe áirithe maidir le torann faoi uisce.

Den chuid is mó, tá na bearta measartha comhleanúnach laistigh de réigiún muirí. Tá an leibhéal comhleanúnachais níos airde i gcás inar forbraíodh uirlisí chun tacú leis an measúnú ar cé chomh fada ó dhea-stádas comhshaoil atá na Ballstáit agus ar na bearta is gá chun an bhearna a dhúnadh, mar shampla trí obair HELCOM i Muir Bhailt. As na 7 mBallstát a measadh go bhfuil clár beart ar ardcháilíocht acu, roinneann 5 cinn acu uiscí lena chéile i réigiún Mhuir Bhailt agus d’oibrigh siad le chéile faoi chuimsiú HELCOM.

Go ginearálta, tá obair agus iarracht fós ag teastáil chun bearta a dhéanamh faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí. Go háirithe, tá sé deacair fós tomhas a dhéanamh faoin méid agus faoin am a laghdóidh na bearta an tionchar ar an muirthimpeallacht agus a chuideoidh siad le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach. Is é is cúis leis sin i bpáirt nach bhfuil dea-stádas comhshaoil cainníochtaithe go soiléir, agus i bpáirt easpa uirlisí agus modheolaíochtaí oiriúnacha, lena n-áirítear samhaltú, chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar an ngníomhaíocht is gá chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach. Ábhar misnigh iad na forbairtí is déanaí sa réimse seo agus ba chóir leanúint leo. Déanfar tuilleadh anailíse ar na saincheisteanna sin freisin sa mheastóireacht ar an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí atá ar na bacáin.

7.MOLTAÍ

Soláthraítear moltaí tírshonracha sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo ( 83 ). Tá na moltaí seo a leanas infheidhme maidir le Ballstáit uile an Aontais:

1.Ba cheart do na Ballstáit leibhéal na huaillmhéine a mhéadú agus dlús a chur le gníomhaíocht chun cuspóirí na Treorach a bhaint amach. Áirítear leis sin:

a.cláir beart níos láidre a fhorbairt bunaithe ar mheasúnú níos soiléire ar an mbearna atá le líonadh chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach;

b.bearta cainníochtúla a dhearadh lena ndúntar an bhearna idir an stádas reatha agus dea-stádas comhshaoil, mar a chainníochtaítear leis na luachanna tairsí a shocraítear ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal foréigiúnach agus a chomhtháthaítear i straitéisí muirí na mBallstát ( 84 );

c.a áirithiú go bhfuil an leibhéal ceart uaillmhéine ag na bearta a dhéantar faoi reachtaíocht agus beartais eile chun rannchuidiú le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach, nó iad a chomhlánú chun saincheisteanna a chumhdach a bhfuil gá leo le haghaidh dea-stádas comhshaoil ach nach cuid de na creataí atá ann cheana iad.

2.Ba cheart do na Ballstáit bearta breise a shainaithint agus a chur i bhfeidhm, de réir mar is iomchuí, chun dúshláin (brú) leanúnacha chomhshaoil a laghdú lena gcuirtear cosc ar dhea-stádas comhshaoil a bhaint amach.

a.Maidir le truailliú, áirítear leis sin:

I.dlús a chur le gníomhaíocht chun truailliú torainn faoi uisce a laghdú, lena n-áirítear trí dhul i ngleic leis na príomhfhoinsí torainn leanúnaigh — loingseoireacht, mar shampla, — agus trí limistéir ísealtorainn a bhunú do speicis mhuirí;

II.dlús a chur le gníomhaíocht chun truailliú cothaitheach a laghdú chun cuspóirí na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí, na Treorach Réime maidir le hUisce agus na Treorach maidir le níotráití a bhaint amach;

III.truailliú ceimiceach ó fhoinsí farraige a laghdú, go háirithe eastóscadh hidreacarbóin, agus ó shubstaintí núíosacha, lena n-áirítear PFAS, cógaisíocht nó micreaphlaistigh;

IV.leanúint de ghníomhaíocht chun tionchar an bhruscair ar an mbeatha mhuirí a laghdú, agus na hionchuir ag an bhfoinse á laghdú ag an am céanna.

b.Maidir leis an mbithéagsúlacht, áirítear leis sin:

I.an líonra LMFCanna comhleanúnacha, ionadaíocha, a bhainistítear go héifeachtach a thabhairt chun críche chun sprioc 2030 a leagtar síos sa straitéis bhithéagsúlachta a bhaint amach chun 30 % d’uiscí a chosaint, lena n-áirítear 10 % faoi dhianchosaint, i gcomhréir leis an uaillmhian a leagtar síos sa phlean gníomhaíochta muirí agus leis na hoibleagáidí faoi Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal;

II.dlús a chur le gníomhaíocht chun foghabháil speiceas íogair a laghdú, ag tosú leis na speicis tosaíochta mar a mholtar sa phlean gníomhaíochta muirí;

III.na hoibleagáidí faoin Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra a chur chun feidhme gan mhoill mar rannchuidiú criticiúil chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí;

IV.dul i ngleic leis na rioscaí d’éiceachórais mhuirí atá nasctha leis an leathnú réamh-mheasta ar tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, mar aon le tionchair charnacha na ngníomhaíochtaí atá ann cheana ar muir, trí phleanáil spásúil mhuirí réamhbhreathnaitheach bunaithe ar éiceachórais.

c.Maidir leis an athrú aeráide, ba cheart do na Ballstáit uile féachaint leis an athrú aeráide a chur san áireamh agus a mbearta á gceapadh agus á roghnú acu agus go háirithe an méid seo a leanas a dhéanamh:

I.tosaíocht a thabhairt do bhearta a chuidíonn le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú/a laghdú, lena n-áirítear trí éiceachórais charbóin ghoirm a athchóiriú;

II.a áirithiú nach méadóidh bearta nó grúpaí beart eile astaíochtaí gás ceaptha teasa;

III.bearta a dhéanamh chun acmhainn oiriúnaitheach na bpobal cósta don athrú aeráide a neartú, e.g. trí éiceachórais chósta a athchóiriú.

3.Ba cheart do na Ballstáit an infheistíocht a mhéadú agus maoiniú leordhóthanach a sholáthar chun clár na mbeart a chur chun feidhme chun cuspóirí na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí a bhaint amach. Áirítear leis sin go háirithe:

a.ionchas straitéiseach a fhorbairt le haghaidh infheistíochtaí chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach, cur chuige ilroinnte a sheachaint maidir le bearta aonair a chistiú agus neamhéifeachtúlachtaí a laghdú ar fud réimsí éagsúla beartais;

b.foinse an mhaoinithe is gá chun na bearta uile a chur chun feidhme a shainaithint go soiléir;

c.úsáid a bhaint as ionstraimí agus uirlisí airgeadais atá ann cheana a thacaíonn le bearta a fhorbairt le haghaidh cosaint mhuirí agus úsáid inbhuanaithe, lena n-áirítear trí thaighde agus nuálaíocht, amhail an tSaoráid um Chomhtháthú, um Théarnamh agus um Athléimneacht, cistí réigiúnacha, CEMID, LIFE agus Fís Eorpach ina bhraislí éagsúla (e.g. Misin agus Comhpháirtíochtaí), i measc nithe eile.

4.Ba cheart do na Ballstáit sásraí rialachais a chur ar bun a thacóidh le cláir beart uaillmhianacha, chomhleanúnacha, chomhordaithe, chothroma agus éifeachtacha a cheapadh agus a chur chun feidhme. Áirítear leis sin:

a.dul i ngleic go cinntitheach leis na bacainní ar chur chun feidhme na mbeart, amhail maoiniú neamhleor;

b.feabhas a chur ar an gcomhordú idir na húdaráis chun a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis a bhíonn ag déileáil le cur chun feidhme na mbeartas sin, go háirithe i ndáil le hiascach, talmhaíocht agus fuinneamh, bearta na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí atá ag brath ar bheartais eile a chur chun feidhme go hiomlán;

c.ról a thabhairt don phobal agus do pháirtithe leasmhara ag céim na pleanála, a rannchuidiú a chur san áireamh agus bearta á gceapadh agus inghlacthacht shóisialta na mbeart atá beartaithe á háirithiú, bearta tionlacain a ghlacadh chun tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann a theorannú más gá;

d.luath-chomhordú clár beart a mhéadú le Ballstáit chomharsanachta chun comhleanúnachas, sineirgí agus comhlántacht beart sa réigiún a áirithiú agus gníomhaíocht chomhpháirteach a phleanáil i gcás inar gá;

e.gnéithe spásúla de chláir bhearta na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí a oibríochtú trí phleananna spásúla muirí chun a áirithiú go nglacfar go hiomlán sa phleanáil spásúil mhuirí na bearta um chosaint spásúil agus na bearta um laghdú brú spásúil atá beartaithe.

5.Ar deireadh, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú leictreonach níos cothroime le dáta agus níos iomláine a sholáthar chun trédhearcacht níos fearr a thabhairt don phobal maidir leis na bearta atá beartaithe agus maidir leis an gcaoi a bhfuiltear ag súil go dtacóidh siad leis an dul chun cinn i dtreo dea-stádas comhshaoil agus na spriocanna. Leis sin, beifear in ann inchomparáideacht a dhéanamh ar fud na mBallstát agus na réigiún muirí.

(1) () Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí). Féach EUR-Lex — 32008L0056 — EN — EUR-Lex (europa.eu) .
(2) Sainmhínítear an 11 thuairisceoir cháilíochtúla in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí agus sonraítear a thuilleadh iad i gCinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún. Áirítear leo sin D1 — Bithéagsúlacht, D2 — Speicis neamhdhúchasacha, D3 — Iasc tráchtála agus sliogiasc, D4 — Bia-eangacha, D5 — Eotrófú, D6 — Sláine ghrinneall na farraige, D7 — Athruithe hidreagrafacha, D8 — Éilleáin, D9 — Éilleáin i mbia mara, D10 — Bruscar, D11 — Fuinneamh, lena n-áirítear torann faoi uisce.
(3) () Cinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún lena leagtar síos critéir agus caighdeáin mhodheolaíochta maidir le dea-stádas comhshaoil uiscí mara agus sonraíochtaí agus modhanna caighdeánaithe le haghaidh faireacháin agus measúnaithe. Féach: EUR-Lex - 32017D0848 - EN - EUR-Lex (europa.eu) .
(4) () Lena n-áirítear na struchtúir a cuireadh ar bun faoi Choinbhinsiúin maidir le Farraigí Réigiúnacha.
(5) () Liostaítear in Airteagal 4 de Threoir 2008/56/CE réigiúin agus foréigiúin mhuirí an Aontais. Is iad Muir Bhailt, an tAigéan Atlantach Thoir Thuaidh, an Mheánmhuir agus an Mhuir Dhubh ceithre réigiún mhuirí an Aontais.
(6) () Comhaontú Glas don Eoraip (europa.eu) .
(7) ()  Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030 (europa.eu) .
(8) () Teachtaireacht ón gCoimisiún, Pathway to a Healthy Planet for All EU Action Plan: ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’ [Conair chuig Pláinéad Sláintiúil do Chách: Plean Gníomhaíochta an Aontais um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú], COM/2021/400 final. Le fáil ag: https://environment.ec.europa.eu/strategy/zero-pollution-action-plan_ga .
(9) () Teachtaireacht ón gCoimisiún, Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh: Cosaint agus athbhunú na n-éiceachóras muirí le haghaidh iascach inbhuanaithe athléimneach, COM/2023/102 final. Le fáil ag: EUR-Lex - 52023DC0102 - EN - EUR-Lex (europa.eu)  
(10) ()    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme na Treorach Réime maidir le hUisce (2000/60/CE) agus na Treorach maidir le Tuilte (2007/60/CE) An tríú plean bainistithe abhantraí, an dara plean bainistithe riosca tuilte, COM(2025) 2
(11) ()    Tagraíonn cur chuige ‘ó fhoinse go muir’ do bhunú rialachais lena méadaítear comhar agus comhleanúnachas ar fud an chórais ó fhoinse go muir agus lena laghdaítear athrú ar phríomhshreafaí (uisce, truailliú, dríodar, ábhair, bithra, seirbhísí éiceachórais) as a dtagann feabhas intomhaiste eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil ar fud timpeallachtaí fionnuisce, cósta, cladaigh, idirthréimhseacha agus muirí. Breithnítear ann an córas ar fad ó fhoinse go muir — ag cur béime ar naisc chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha réamhtheachtacha agus iartheachtacha agus ag spreagadh comhordú ar fud earnálacha agus ranna.
(12) ()    Rialachán (AE) 2024/1991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2024 maidir le hathchóiriú an dúlra agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/869, IO L, 2024/1991, 29.7.2024.
(13) () Féach Airteagal 13(9) de Threoir 2008/56/CE.
(14) () Tuarascáil ón gCoimisiún lena ndéantar measúnú ar chláir beart na mBallstát faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, an Bhruiséil, 31.7.2018 COM(2018) 562 final.
(15) ()    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann le Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le measúnú an Choimisiúin ar chláir beart na mBallstát mar a tugadh cothrom le dáta iad faoi Airteagal 17 den Treoir Réime um Straitéis Mhuirí (2008/56/CE), SWD(2025) 1.
(16) () Féach What is the Triple Planetary Crisis? | UNFCCC .
(17) () In am — BE, IT, RO, SE, FI; moill suas le 6 mhí — NL, DE, FR, PL, ES; moill suas le 1 bhliain — IE, PT, SI, EE; faoin 1 Meán Fómhair 2023 — CY, LT, LV.
(18) ()     Tuarascálacha agus measúnuithe na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí (europa.eu) .
(19) ()     An mhuirthimpeallacht a chosaint — athbhreithniú ar rialacha an Aontais (europa.eu) .
(20) () Marine (europa.eu) .
(21) () Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún, Fógra ón gCoimisiún maidir le moltaí de réir Ballstáit agus de réir réigiúin i dtaobh thuarascálacha nuashonraithe 2018 maidir le hAirteagail 8, 9 agus 10 den Treoir Réime um Straitéis Mhuirí (2008/56/CE) 2022/C 118/01. Féach: EUR-Lex - 52022XC0314(01) - GA - EUR-Lex (europa.eu) .
(22) () Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí (Treoir 2008/56/CE), COM/2020/259 final, EUR-Lex — 52020DC0259 — EN — EUR-Lex (europa.eu) .
(23) () An Coimisiún Eorpach, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Grúpa Teicniúil na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí maidir le Bruscar Muirí, Hanke, G., Walvoort, D., Ruiz-Orejón, L. F., van Loon, W. M. G. M., Giorgetti, A., Molina-Jack, M. E., Vinci, M., European Coastline Litter Trends 2015–2021 — Methodology development and trend results for the Marine Strategy Framework Directive [Treochtaí Bruscair ar Chóstaí na hEorpa 2015-2021 — Forbairt modheolaíochta agus torthaí treochtaí le haghaidh na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2024, JRC138907.
(24) () E.g. an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), agus an Líonra Breathnóireachta agus Sonraí Muirí Eorpach (EMODNET) .
(25) () Féach https://helcom.fi/ .
(26) () Féach https://oap.ospar.org/en/ .
(27) () Féach https://www.unep.org/unepmap/who-we-are/barcelona-convention-and-protocols?%2Ffr%2Fwho-we-are%2Fbarcelona-convention-and-protocols= .
(28) () Féach http://www.blacksea-commission.org/_convention.asp .
(29) () Féach State of the Baltic Sea 2023 – HELCOM .
(30) ()    Éitir dhéfheiníle pholabróimínithe, Tríbhúitiltin, Mearcair agus Copar.
(31) ()     EU Member States agree on threshold value to keep Europe’s beaches clean [Comhaontaíonn Ballstáit an Aontais luach tairsí chun tránna na hEorpa a choinneáil glan] — an Coimisiún Eorpach (europa.eu) .
(32) () https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/2e76afa1-5695-11ee-9220-01aa75ed71a1 .
(33) () 2023 Mediterranean Quality Status Report, 23rd Meeting of the Contracting Parties to the Convention for the Protection of the Marine Environment and the Coastal Region of the Mediterranean and its Protocols [Tuarascáil 2023 maidir le Stádas Cáilíochta na Meánmhara, an 23ú Cruinniú de na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara agus na Prótacail a ghabhann leis], Portorož, an tSlóivéin, an 5-8 Nollaig 2023, UNEP/MED IG.26/Inf.10.
(34) ()    Mar shampla, tá foréigiún Mhuir Aidriad i ndea-stádas comhshaoil maidir le nítrigin, fosfar agus clóraifill-a agus tá 80 % de na foréigiúin i ndea-stádas comhshaoil maidir le miotal, Hidreacarbóin Il-timthriallacha Aramatacha agus Défheinilí Polaclóirínithe i ndríodair.
(35) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Iascaireacht inbhuanaithe san Aontas Eorpach: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2025, an Bhruiséil, 7.6.2024, COM(2024) 235 final.
(36) ()    Mar atá thuas.
(37) () Féach https://oap.ospar.org/en/ospar-assessments/quality-status-reports/qsr-2023/ .
(38) ()    ‘In 2003, bhí an mheánbhásmhaireacht iascaireachta san Atlantach Thoir Thuaidh 53 % os cionn sprioc FUTI. Léirítear sa mheasúnú is déanaí go bhfuil an ráta básmhaireachta tite de réir a chéile go 42 % faoi bhun FUTI in 2022’, Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hIascaireacht inbhuanaithe san Aontas: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2025, mar atá thuas.
(39) () Slobodnik, J., Arabidze, M., Mgeladze, M., Korshenko, A., Mikaelyan, A., Komorin, V., Minicheva, G., 2020, EMBLAS Final Scientific Report — Joint Black Sea Surveys 2016-2019. [Tuarascáil Eolaíoch Dheireanach EMBLAS - Suirbhéanna Comhpháirteacha na Mara Duibhe 2016-2019.]
(40) ()    Suirbhé eolaíoch 2021 ar an Atlantach Thoir Thuaidh, ar an Meánmhuir agus ar an Muir Dhubh dar teideal ‘The Cruise of Three European Seas carried in the framework of the EU4EMBLAS project with JRC support’ [Cúrsáil na dTrí Muir Eorpacha a rinneadh faoi chuimsiú thionscadal EU4EMBLAS le tacaíocht ón Airmheán Comhpháirteach Taighde].
(41) ()    Suirbhé eolaíoch 2021 ar an Atlantach Thoir Thuaidh, ar an Meánmhuir agus ar an Muir Dhubh. 
(42) () Miladinova, Svetla, et al., 2020, ‘Seasonal and Inter-Annual Variability of the Phytoplankton Dynamics in the Black Sea Insin’ Oceans 1, No 4: [Athrógacht Shéasúrach agus Idirbhliantúil Dhinimic Fhíteaplanctóin in Imchuach Istigh na Mara Duibhe], Uimh. 4: 251-273. https://doi.org/10.3390/oceans1040018 ; Macias, D., et al., 2022, Water/marine zero pollution outlook: a forward-looking, model-based analysis of water pollution in the EU. [Ionchas ar thruailliú nialasach maidir le huisce/muirí: anailís réamhbhreathnaitheach, samhailbhunaithe ar thruailliú uisce san Aontas.] Lucsamburg. https://doi.org/10.2760/681817 .
(43) ()Miladinova, S., et. al., E. 2020 ‘Identifying distribution and accumulation patterns of floating marine debris in the Black Sea’, Marine Pollution Bulletin, 153, 110964, doi:10.1016/j.marpolbul.2020.110964; [‘Patrúin dáilte agus charntha smionagair mhuirí ar snámh sa Mhuir Dhubh a shainaithint’, Feasachán Truaillithe Mhuirí, 153, 110964;] Macias, D., et al., 2022. mar atá thuas.
(44) ()    Consequences of the Kakhovka hydropower plant dike explosion for the Black Sea: new data – EMBLAS project [Iarmhairtí phléasc gléasra hidreachumhachta Kakhovka don Mhuir Dhubh: sonraí nua — tionscadal EMBLAS]
(45) ()    Chun mionanailís a fháil ar an bhfaisnéis maidir leis na cláir beart nuashonraithe a thuairiscigh na 17 mBallstát go leictreonach, féach: An Coimisiún Eorpach, An tAirmheán Comhpháirteach Taighde: Louropoulou, E., Alonso Aller, E., Cardoso, A.C., Carravieri, A., Druon, J., Magliozzi, C., Martini, E., Mendes, C., Palma, M., Piroddi, C., Ruiz-Orejón, L.F., Zupan, M. agus Hanke, G., Programmes of Measures under the Marine Strategy Framework Directive to achieve or maintain Good Environmental Status [Cláir Beart faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí chun Dea-Stádas Comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil ar bun], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2024, JRC139180.
(46) () Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle lena ndéantar measúnú ar chláir beart na mBallstát faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, an Bhruiséil, 31.7.2018 COM(2018) 562 final.
(47) () Cumhdaítear leis na bearta freisin na tuairisceoirí uile ar Dhea-Stádas Comhshaoil Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí. Baineann níos mó ná 30 % de na bearta leis an mbithéagsúlacht (Tuairisceoir 1), 28 % le sláine ghrinneall na farraige (Tuairisceoir 6), 24 % le héilleáin (Tuairisceoir 8) agus 22 % le bruscar muirí (Tuairisceoir 10). Is iad na tuairisceoirí is lú a bhaineann le bearta dálaí hidreagrafacha (Tuairisceoir 7 – 8 %), éilleáin i mbia mara (Tuairisceoir 9 – 9 %), speicis neamhdhúchasacha (Tuairisceoir 2) agus torann faoi uisce (Tuairisceoir 11) ag 10 % an ceann. Is fearr tuairisceoirí bithéagsúlachta (1-4-6) a chumhdach toisc go mbeidh tionchar ag aon bheart a dhéantar chun catagóir áirithe brú a laghdú, eotrófú nó éilleáin mar shampla, ar staid na bithéagsúlachta muirí freisin.
(48) ()    Tuarascáil ón gCoimisiún, An chéad tuarascáil faireacháin agus ionchais maidir le truailliú nialasach ‘Conairí i dtreo aer, uisce agus ithir níos glaine le haghaidh na hEorpa’, COM(2022) 674 final, an Bhruiséil, 8.12.2022.
(49) ()    WISE Marine: https://water.europa.eu/marine .
(50) ()     EU Member States agree on threshold value to keep Europe’s beaches clean [Comhaontaíonn Ballstáit an Aontais luach tairsí chun tránna na hEorpa a choinneáil glan] — an Coimisiún Eorpach (europa.eu) .
(51) ()     Zero pollution and Biodiversity: [Truailliú nialasach agus an Bhithéagsúlacht:] First ever EU-wide limits for underwater noise [Na chéad teorainneacha uile-Aontais riamh le haghaidh torann faoi uisce] — an Coimisiún Eorpach (europa.eu) .
(52) ()    Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann le Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle lena ndéantar measúnú ar chláir beart na mBallstát faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, an Bhruiséil, SWD(2018) 393 final, 31.7.2018, lch. 33.
(53) ()    Ar an meán, meastar go bhfuil bearta le haghaidh Thuairisceoirí 5, 8 agus 9 measartha leordhóthanach.
(54) ()    Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006.
(55) () Ar an meán, meastar go bhfuil leibhéal measartha leordhóthanachta ag bearta le haghaidh Thuairisceoir 11.
(56) () State of Europe’s seas [Staid fharraigí na hEorpa] — an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (europa.eu) .
(57) () Tá bithéagsúlacht mhuirí na hEorpa fós faoi bhrú — an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (europa.eu) .
(58) () Teachtaireacht ón gCoimisiún, Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 An dúlra a thabhairt ar ais inár saol, COM(2020) 380 final
(59) ()     https://research-and-innovation.ec.europa.eu/funding/funding-opportunities/funding-programmes-and-open-calls/horizon-europe/eu-missions-horizon-europe/restore-our-ocean-and-waters_en?prefLang=ga  
(60) () Creat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal (cbd.int) .
(61) () Intergovernmental Conference on Marine Biodiversity of Areas Beyond National Jurisdiction | (un.org) .
(62) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún, Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh: Cosaint agus athbhunú na n-éiceachóras muirí le haghaidh iascach inbhuanaithe athléimneach, COM(2023) 102 final
(63) ()     EU Green Week: first ever EU-wide criteria for seabed protection [Seachtain Ghlas an Aontais Eorpaigh: na chéad chritéir uile-Aontais riamh maidir le cosaint ghrinneall na farraige] – an Coimisiún Eorpach (europa.eu)
(64) ()    Tá 31 % de na bearta uile nasctha le Tuairisceoir 1 — an bhithéagsúlacht, arb é an sciar is airde é i measc na dtuairisceoirí uile; Tá 28 % nasctha le Tuairisceoir 6 — sláine ghrinneall na farraige, agus 19 % le Tuairisceoir 4 — bia-eangacha.
(65) ()    Iad siúd, mar shampla, atá ceaptha chun críoch thuairisceoirí brú na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí.
(66) ()    Rialachán (AE) 2019/1241 maidir le Bearta Teicniúla maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla.
(67) ()    Rialachán (AE) 1380/2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, Airteagal 11 maidir le ‘Bearta caomhnaithe is gá chun oibleagáidí faoi reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a chomhlíonadh’.
(68) ()    De réir chritéar D3C3 de Chinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún.
(69) ()     State of the Global Climate 2023 .
(70) ()     The European heatwave of July 2023 in a longer-term context | Copernicus .
(71) ()     Measúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide — an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (europa.eu) .
(72) ()     AR6 Synthesis Report: Climate Change 2023 – IPCC .
(73) ()     https://www.itlos.org/fileadmin/itlos/documents/press_releases_english/PR_350_EN.pdf .
(74) () Report on the implementation of the Marine Strategy Framework Directive [Tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí] (europa.eu) .
(75) () Iomlán km² d’uiscí mara 22 Bhallstát den Aontas Eorpach (7 958 556) * meánchostas na mbeart in aghaidh an km² (724) = EUR 5 764 104 242.96. Áirítear ríomhanna in EUR. Féach ríomhanna níos mionsonraithe sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an teachtaireacht seo.
(76) ()    Féach an Coimisiún Eorpach, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde: Louropoulou, E., et al., Cláir Beart faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí chun Dea-Stádas Comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil ar bun, mar atá thuas.
(77) ()    Chun anailís níos mionsonraithe a fháil, féach Fíor 2 in SWD(2025) 1.
(78) ()    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme na Treorach Réime maidir le hUisce (2000/60/CE) agus na Treorach maidir le Tuilte (2007/60/CE) An tríú plean bainistithe abhantraí, an dara plean bainistithe riosca tuilte, COM(2025) 2
(79) ()     https://helcom.fi/baltic-sea-action-plan/som/#:~:text=The%20aim%20of%20the%20sufficiency,GES)%20in%20the%20Baltic%20Sea .
(80) ()    Tugtar míniú níos mionsonraithe ar an modheolaíocht a úsáidtear don mheasúnú sin sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo.
(81) ()    Tá mínithe mionsonraithe ar mhodheolaíocht agus ar scóráil an mheasúnaithe leordhóthanachta in SWD(2025) san áireamh in SWD(2025) 1.
(82) ()     https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC121707
(83) ()    SWD(2025) 1
(84) ()    Teachtaireacht ón gCoimisiún, Fógra ón gCoimisiún maidir leis na luachanna tairsí a shocraítear faoi Threoir Réime 2008/56/CE agus Cinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún (C/2024/2078), 11.3.2024.