AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,19.6.2024
COM(2024) 597 final
Moladh maidir le
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena suitear nach bhfuil aon ghníomhaíocht éifeachtach déanta ag an Rómáin mar fhreagairt ar an Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,19.6.2024
COM(2024) 597 final
Moladh maidir le
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena suitear nach bhfuil aon ghníomhaíocht éifeachtach déanta ag an Rómáin mar fhreagairt ar an Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021
Moladh maidir le
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena suitear nach bhfuil aon ghníomhaíocht éifeachtach déanta ag an Rómáin mar fhreagairt ar an Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 126(8) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)De réir Airteagal 126 den Chonradh, seachnóidh na Ballstáit easnaimh rialtais iomarcacha.
(2)Tá an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis bunaithe ar chuspóir an airgeadais phoiblí fhónta chun na coinníollacha a neartú le haghaidh cobhsaíocht praghsanna agus fás inbhuanaithe láidir atá fabhrach do chruthú fostaíochta. Sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach 1 agus soiléiriú a dhéanamh air, a glacadh chun ceartú pras easnamh rialtais ghinearálta iomarcach a chur chun cinn.
(3)An 3 Aibreán 2020, ag gníomhú di ar mholadh ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/509 faoi Airteagal 126(6) CFAE maidir le staid easnaimh iomarcaigh sa Rómáin mar gheall ar neamh-chomhlíontacht bheartaithe in 2019 le critéar easnaimh CFAE, agus d’eisigh sí Moladh faoi Airteagal 126(7) CFAE d’fhonn deireadh a chur le heasnamh iomarcach rialtais faoi 2022 ar a dhéanaí. I bhfianaise an chraptha dhomhain ar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá nasctha le paindéim COVID-19, an 18 Meitheamh 2021 ghlac an Chomhairle Moladh athbhreithnithe chuig an Rómáin faoi Airteagal 126(7) CFAE 2 .
(4)An 18 Meitheamh 2021, mhol an Chomhairle don Rómáin deireadh a chur leis an staid easnaimh iomarcaigh faoi 2024 ar a dhéanaí. Go sonrach, sa Mholadh uaithi an 18 Meitheamh 2021 faoi Airteagal 126(7) CFAE, mhol an Chomhairle don Rómáin a heasnamh príomha a laghdú go 8,0 % de OTI in 2021, 6,2 % de OTI in 2022, 4,4 % de OTI in 2023 agus 2,9 % de OTI in 2024. Bhí sé sin comhsheasmhach le ráta fáis ainmniúil de ghlanchaiteachas príomha rialtais 3.4 % in 2021, 1.3 % in 2022, 0.9 % in 2023 agus 0.0 % in 2024. D’fhreagair sé sin do choigeartú struchtúrach bliantúil de 0,7 % de OTI in 2021, 1,8 % de OTI in 2022, 1,7 % in 2023 agus 1,5 % de OTI in 2024. Sa Mholadh freisin, luadh gur cheart don Rómáin na bearta a glacadh cheana féin le haghaidh 2021 a chur chun feidhme go hiomlán, agus na bearta breise atá ag teastáil a shonrú agus a chur chun feidhme chun a heasnaimh iomarcacha a cheartú faoi 2024. I gcás aon ghnóthachan amhantair a bhí le teacht, bhíothas lena n‑úsáid chun an t‑easnamh rialtais ghinearálta a laghdú. Sa Mholadh uaithi, leag an Chomhairle síos spriocdháta an 15 Deireadh Fómhair 2021 don Rómáin chun gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh agus, i gcomhréir le hAirteagal 3(4a) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, chun tuarascáil a thabhairt ar an dul chun cinn a rinneadh i gcur chun feidhme an Mholta gach 6 mhí ar a laghad go dtí go gceartófar an t‑easnamh iomarcach.
(5)An 24 Samhain 2021, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh gníomhaíocht éifeachtach déanta ag an Rómáin mar fhreagairt ar Mholadh an 18 Meitheamh 2021 faoi Airteagal 126(7) CFAE agus mheas sé nach raibh gá le haon chéim bhreise sa nós imeachta um easnamh iomarcach ag an am sin. Ó shin, fuarthas amach i measúnú a rinneadh ar an Rómáin gur chomhlíon sí Moladh an 18 Meitheamh 2021 faoi Airteagal 126(7) CFAE, ós rud é gur baineadh amach na spriocanna maidir le heasnamh príomha in 2021 agus 2022 faoi seach. Tháinig laghdú ar easnamh rialtais ghinearálta na Rómáine, ó 7,2 % de OTI in 2021 go 6,3 % de OTI in 2022, bunaithe ar shonraí maidir le torthaí buiséadacha arna mbailíochtú ag Eurostat. Ba é 6,2 % de OTI an meastachán tosaigh do 2022 (a bhfuil fógra tugtha ina leith agus a bailíochtaíodh i gcomhthéacs fhógra EDP earrach 2023), i gcomhréir le sprioc an easnaimh phríomha arna mholadh ag an Chomhairle. Dá bhrí sin, d’fhan an nós imeachta um easnamh iomarcach ar stad. Mar sin féin, tháinig laghdú 1,2 pointe céatadáin de OTI ar an easnamh struchtúrach in 2021 agus 0,4 pointe céatadáin de OTI in 2022, i gcomparáid le coigeartuithe 0,7 pointe céatadáin agus 1,8 pointe céatadáin de OTI faoi seach arna moladh. Dá bhrí sin, bhí an coigeartú struchtúrach carnach le linn 2021-2022 faoi bhun an choigeartaithe arna moladh. Thairis sin, shroich fás an ghlan‑phríomhchaiteachais 7,4 % in 2021 agus 15,0 % in 2021, i bhfad os cionn na spriocanna a leagtar amach sa Mholadh ón gComhairle.
(6)Ó glacadh an Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021, tá feidhmíocht eacnamaíoch na Rómáine i gcomhréir, tríd is tríd, le réamhaisnéisí an Choimisiúin. Le linn 2021-2023, bhí fíorfhás OTI comhsheasmhach den chuid is mó leis na réamh-mheastacháin a áiríodh sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 2 Meitheamh 2021, d’ainneoin suaití maicreacnamaíocha a tharla idir an dá linn (go háirithe cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus an suaitheadh fuinnimh a d’eascair as sin). Meastar nach raibh bearna aschuir 2023 chomh diúltach leis an mbearna arna tuar i mí an Mheithimh 2021. Thairis sin, bhí an fás ar ioncam an rialtais i bhfad níos tapúla ná mar a tuaradh, mar gheall ar bhoilsciú ard den chuid is mó, ach is léiriú é freisin ar an tionchar atá ag fíorfhás OTI as a n‑eascraíonn fáltais cánach mhéadaithe. Ar an iomlán, ní féidir le forbairtí maicreacnamaíocha údar a thabhairt leis na torthaí fioscacha a bhí i bhfad níos measa i gcomparáid leis an Moladh ón gComhairle i mí an Mheithimh 2021, fiú amháin dá mba dhócha go mbeadh fás OTI ní b’ísle i gcás beartas fioscach i bhfad níos déine.
(7)Mar thoradh ar mheasúnú nua ar an ngníomhaíocht a rinne an Rómáin chun an t‑easnamh iomarcach a cheartú faoi 2024 mar fhreagairt ar an Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021, thángthas ar na conclúidí seo a leanas:
–Tháinig méadú ar easnamh rialtais ghinearálta na Rómáine go 6,6 % de OTI in 2023, bunaithe ar na sonraí torthaí buiséadacha ar thug an Rómáin fógra fúthu agus a bhailíochtaigh Eurostat, figiúr atá i bhfad níos airde ná an 4,4 % de OTI arna mholadh ag an gComhairle agus ar chuir an Rómáin roimpi féin ina Clár um Chóineasú 2023. Ba é an phríomhchúis leis an diall sin gur lean caiteachas an rialtais de bheith ag fás ar ráta an‑ard, agus sin de dhroim aistrithe sóisialta, íocaíochtaí úis, caiteachas ar earraí agus seirbhísí agus caiteachas caipitil den chuid is mó. Bhí tionchar freisin ag taifeadadh staidrimh ar íocaíochtaí méaduithe pá san earnáil phoiblí (0,5 % de OTI) ar easnamh príomha 2023 tar éis breitheanna ón gcúirt.
–In 2023, bhí an iarracht fhioscach i bhfad níos ísle ná mar a mhol an Chomhairle. D’fhan comhardú struchtúrach na Rómáine gan athrú den chuid is mó in 2023 (0,1 % de dhul in olcas ó thaobh OTI de), i bhfad faoi bhun na sprice maidir le feabhas 1,7 % de OTI arna mholadh ag an gComhairle. Bhí fás an ghlan‑phríomhchaiteachais (coigeartaithe do bhearta beartais fhioscaigh ar thaobh an ioncaim) i bhfad níos airde ná mar a moladh in 2023, agus é gar do 12 % i gcomparáid le sprioc 0,9 % arna mholadh ag an gComhairle.
–In 2022 agus 2023, ba é fíorfhás láidir agus fás ainmniúil láidir ar OTI a spreag méadú an‑láidir ar ioncam rialtais (20,8 % in 2022 agus 14,2 % in 2023), i bhfad níos mó ná mar a bhí beartaithe tráth an Mholta ón gComhairle i mí an Mheithimh 2021. Mar sin féin, sa dá bhliain, baineadh úsáid as formhór na ngnóthachan amhantair ar thaobh an ioncaim chun caiteachas breise a mhaoiniú seachas an t‑easnamh buiséid a laghdú.
–Tuartar i réamhaisnéis an earraigh 2024 ón gCoimisiún go dtiocfaidh méadú ar an easnamh rialtais ghinearálta go 6,9 % de OTI in 2024. Meastar go dtiocfaidh méadú go 55,6 % ar an gcóimheas idir fiachais rialtais ghinearálta agus OTI faoi dheireadh 2024, cóimheas a bhí ag 48,8 % ag deireadh 2023. Mar a tharla i mblianta roimhe seo, an méadú arna thuar ar an easnamh rialtais ghinearálta in 2024, is léiriú é ar an bhfás ard ar chaiteachas reatha an rialtais. Meastar go dtiocfaidh méadú mór ar an gcaiteachas ar phá poiblí, rud a léiríonn na méaduithe lánroghnacha a tháinig le déanaí ar phá in earnálacha an oideachais, na sláinte agus na cosanta. I gcomhthéacs an athchóirithe pinsean, beidh costas gearrthéarmach ag baint le hathríomh pinsean in 2024 agus 2025 – mar sin féin, ginfear coigilteas mór mar gheall ar an athchóiriú ina dhiaidh sin, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ach an t‑athchóiriú a chur chun feidhme go hiomlán.
–In 2024, tá coinne leis go sáróidh fás ioncaim an rialtais fás ainmniúil OTI, rud a bheidh ina léiriú ar na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar bhailiú cánach tríd an gcóras cánach a dhigitiú agus an tionchar a bheidh ag pacáiste beart méadaithe ioncaim arna ghlacadh i bhfómhar 2023, pacáiste a bhfuil coinne leis borradh thart ar 1 % de OTI a chur faoi ioncam an rialtais. Méadú ar chánachas corparáideach atá sa phacáiste den chuid is mó, go háirithe i gcás micrifhiontar, méadú ar chánachas daoine aonair, a thagann as saoráidí fabhracha cánach a bhaint go páirteach in earnálacha na tógála agus na talmhaíochta, deireadh a chur le rátaí laghdaithe CBL le haghaidh earraí agus seirbhísí roghnaithe, méadú ar dhleachtanna máil, agus cáin speisialta ar láimhdeachas banc agus cuideachtaí ilnáisiúnta.
(8)Mar thoradh air sin, thángthas ar an gconclúid nár leor freagairt na Rómáine ar an Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021. Níor bhain an Rómáin an sprioc maidir le heasnamh príomha amach in 2023 agus níl coinne leis go gcuirfidh sí deireadh lena heasnamh iomarcach faoi 2024. Níor éirigh leis an iarracht fhioscach an méid a mhol an Chomhairle a bhaint amach, agus d’fhás glanchaiteachas príomhúil ar ráta i bhfad níos tapa ná mar a moladh.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Níl gníomhaíocht éifeachtach déanta ag an Rómáin mar fhreagairt ar an Moladh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021.
Airteagal 2
Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán