AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.12.2024
COM(2024) 580 final
2024/0321(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le comhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus le Póilíní Cónaidhme na Brasaíle agus tríothu
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
Baineann an togra seo le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle (‘an Bhrasaíl’) maidir le comhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (‘Europol’) agus le Póilíní Cónaidhme na Brasaíle agus tríothu (‘an Comhaontú’).
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is é misean Europol tacú leis na Ballstáit chun gach cineál coireachta tromchúisí idirnáisiúnta agus eagraithe, cibearchoireachta agus sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac. I saol domhandaithe ina bhfuil an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht ag éirí níos trasnáisiúnta agus ilchineálaí, ba cheart údaráis forfheidhmithe dlí a bheith in ann comhoibriú go hiomlán le comhpháirtithe seachtracha chun slándáil a saoránach a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart do Europol a bheith in ann oibriú i ndlúthchomhar le húdaráis forfheidhmithe dlí i dtríú tíortha, lena n‑áirítear trí shonraí pearsanta a mhalartú, a mhéad is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/794. An tráth céanna, tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil coimircí leordhóthanacha i bhfeidhm maidir le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint chun sonraí pearsanta a chosaint.
Is féidir le Europol sonraí pearsanta a mhalartú le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta ar bhonn ceann amháin de na nithe seo a leanas, mar a leagtar amach in Airteagal 25(1), pointí (a) go (c), de Rialachán (AE) 2016/794:
·cinneadh ón gCoimisiún a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 36 de Threoir (AE) 2016/680, ar cinneadh é lena gcinntear go n‑áirithíonn an tríú tír, críoch nó earnáil shonraithe amháin nó níos mó laistigh den tríú tír sin, nó an eagraíocht idirnáisiúnta i dtrácht, leibhéal leordhóthanach cosanta (‘cinneadh leordhóthanachta’);
·comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta de bhun Airteagal 218 CFAE, ar comhaontú é lena dtugtar coimircí leordhóthanacha i dtaobh príobháideacht agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine a chosaint;
·comhaontú comhair lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta arna thabhairt i gcrích roimh an 1 Bealtaine 2017 idir Europol agus an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB.
Ó tháinig Rialachán (AE) 2016/794 i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2017, tá an Coimisiún freagrach, thar ceann an Aontais, as comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú le tríú tíortha maidir le malartú sonraí pearsanta le Europol. A mhéid is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh Europol freisin caidreamh comhair a bhunú agus a choinneáil ar bun le comhpháirtithe seachtracha trí shocruithe oibre agus riaracháin nach féidir leo féin a bheith ina mbunús dlí maidir le sonraí pearsanta a mhalartú. Murab ionann agus le comhaontú idirnáisiúnta, is é Europol a thugann na socruithe sin i gcrích agus níl siad ina gceangal ar an Aontas Eorpach ná ar a Bhallstáit.
Tá grúpaí coireachta eagraithe Mheiriceá Laidinigh ina mbagairt thromchúiseach ar shlándáil inmheánach an Aontais Eorpaigh ós rud é go bhfuil an nasc idir a ngníomhaíochtaí agus sraith coireanna laistigh den Aontas ag dul i méid, go háirithe i réimse na gáinneála ar dhrugaí. Sa Mheasúnú a rinne an tAontas Eorpach ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí agus Eagraithe (SOCTA) in 2021 tugtar chun suntais go bhfuil méideanna nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo de dhrugaí aindleathacha á ngáinneáil chuig an Aontas ó Mheiriceá Laidineach, lena ngintear brabús ilbhilliún euro, brabús a úsáidtear chun réimse leathan eagraíochtaí coiriúla a mhaoiniú (eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí atá bunaithe san Aontas) agus chun an smacht reachta a lagú san Aontas Eorpach.
Deimhnítear i dtuarascálacha atá ann le déanaí gur fusa ná riamh teacht ar chócaon san Eoraip agus go bhfuil an druga sin níos inacmhainne agus níos inrochtana d’úsáideoirí ná mar a bhí roimhe seo. Iompraítear an chuid is mó den táirge a urghabhadh san Aontas Eorpach ar muir, go príomha i gcoimeádáin loingseoireachta mhuirí, agus seoltar go díreach chuig an Aontas é ó na tíortha táirgthe agus ó thíortha imeachta comharsanacha i Meiriceá Laidineach, lena n‑áirítear an Bhrasaíl. Is comhpháirtithe iad eagraíochtaí coireachta eagraithe na Brasaíle i líonraí coiriúla na Colóime agus ceannaíonn siad cócaon a tháirgtear sa Bholaiv agus i bPeiriú. Chomh maith lena ngníomhaíochtaí gáinneála, is soláthraithe seirbhíse iad na líonraí sin le haghaidh líonraí coiriúla a fheidhmíonn ar fud an domhain agus a úsáideann calafoirt sa Bhrasaíl chun gáinneáil a dhéanamh ar an gcócaon. I bhfianaise na gcainníochtaí cócaoin a urghabhadh i gcalafoirt na hEorpa agus i gcalafoirt in áiteanna eile a bhí beartaithe le dul go dtí an Eoraip, bhí an Bhrasaíl (ina raibh urghabháil cócaon tuairim is 71 thona) ar cheann de na príomhphointí imeachta in 2020, mar a bhí sí le roinnt blianta anuas. Deimhnítear i sonraí oifigiúla ón mBrasaíl gurb í an Eoraip an ceann scríbe is mó le haghaidh cócaon a sheoltar ón mBrasaíl.
Is seanbhunaithe iad na heagraíochtaí coireachta eagraithe atá bunaithe i Meiriceá Laidineach agus tá siad gníomhach freisin i réimsí coireachta eile a thagann faoi shainordú Europol, amhail cibearchoireacht, sciúradh airgid agus coireanna comhshaoil.
Ina Dhoiciméad Clársceidealaithe 2022-2024, chuir Europol i bhfios go bhfuil an méadú ar an éileamh ar dhrugaí agus an méadú ar na bealaí gáinneála ar dhrugaí isteach san Aontas Eorpach ina n‑údar maith le comhar feabhsaithe le tíortha Mheiriceá Laidinigh, i measc nithe eile.
I bhfianaise an mhéid sin, tá comhar idir Europol agus an Bhrasaíl ag dul ar aghaidh i gcónaí tar éis shíniú an Chomhaontaithe maidir le Comhar Straitéiseach i mí Aibreáin 2017. Mar thoradh ar na torthaí a baineadh amach tar éis an Comhaontú seo a chur chun feidhme agus Biúró Idirchaidrimh na Brasaíle a bhunú ag Europol, lena n‑áirítear imscaradh Oifigeach Idirchaidrimh na Brasaíle ina dhiaidh sin chuig Europol i mí Mheán Fómhair 2020, cuireadh feabhas ar an gcomhar ar leibhéal oibríochtúil straitéiseach leis na Ballstáit agus le tríú páirtithe a ndéantar ionadaíocht orthu in Europol.
Ó shin, tá Póilíní Cónaidhme na Brasaíle ag comhoibriú agus ag obair go héifeachtach le Ballstáit an Aontais agus le Europol chun an choireacht eagraithe trasnáisiúnta agus an sceimhlitheoireacht thrasnáisiúnta a chomhrac, rud a fhágann go bhfuil an Eoraip agus an chuid eile den domhan níos sábháilte. Baineadh amach go leor torthaí dearfacha cheana, ón malartú laethúil faisnéise tríd an bhFeidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA) atá ag Europol go rannpháirtíocht i gcruinnithe an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT), agus imscrúduithe comhpháirteacha leis na Ballstáit.
Tá an Bhrasaíl rannpháirteach i Sásra Comhordúcháin agus Comhair maidir le Drugaí Chomhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh. Thairis sin, tá an Bhrasaíl ina ball d’Eagraíocht Póilíneachta Chríocha Mheiriceá (Ameripol) agus tá sí tiomanta rannchuidiú le deireadh a chur le grúpaí coireachta eagraithe a bhfuil baint acu le táirgeadh agus gáinneáil drugaí. Go deimhin, tá an Bhrasaíl sainaitheanta ag an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) mar phríomh-chomhpháirtí idirnáisiúnta chun an soláthar domhanda cócaoin a laghdú.
Mar sin féin, leis an gComhaontú maidir le Comhar Straitéiseach idir Europol agus an Bhrasaíl ní thugtar bunús dlí chun sonraí pearsanta a mhalartú. Dá ainneoin sin, bheadh an cineál sin comhair oibríochtúil mhéadaithe agus comhroinnt na faisnéise ábhartha idir Europol agus an Bhrasaíl tábhachtach chun cionta tromchúiseacha a chomhrac i gcuid mhór réimsí comhleasa coireachta, ar nós gáinneáil ar dhrugaí agus coireanna comhshaoil, agus an ról tábhachtach atá ag líonraí coiriúla na Brasaíle i margadh domhanda na ndrugaí á chur san áireamh ach go háirithe.
I bhfianaise an mhéid sin, thíolaic an Coimisiún Moladh an 9 Márta 2023, inar moladh go n‑údaródh an Chomhairle tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Europol agus údaráis na Brasaíle atá inniúil chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. An 15 Bealtaine 2023 thug an Chomhairle a húdarú agus ghlac sí treoracha caibidlíochta.
Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht leis an mBrasaíl maidir leis an gComhaontú seo i mí Iúil 2023. Ar mhaithe le hionstraim chomhleanúnach amháin atá ceangailteach ó thaobh dlí de a bheith ann lena rialaítear comhar idir Europol agus an Bhrasaíl, bhí forálacha maidir le comhar straitéiseach agus malartú sonraí neamhphearsanta san áireamh sa Chomhaontú freisin.
Tar éis trí bhabhta caibidlíochta agus trí chruinniú theicniúla, tháinig na príomh-idirbheartaithe ar réamh-chomhaontú maidir leis an téacs agus chuir siad inisealacha le dréacht-téacs an Chomhaontaithe an 18 Deireadh Fómhair 2024. Cuireadh na comhreachtóirí ar an eolas go tráthrialta agus chuathas i gcomhairle leo ag gach céim den chaibidlíocht, go háirithe trí thuairisciú do mheitheal fhreagrach na Comhairle agus do Choiste Pharlaimint na hEorpa um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile.
•Comhsheasmhacht le beartais de chuid an Aontais atá ann cheana
Rinneadh an Comhaontú a chaibidliú i gcomhréir leis na treoracha cuimsitheacha caibidlíochta a ghlac an Chomhairle an 15 Bealtaine 2023. Tá an Comhaontú sin comhsheasmhach freisin le beartas an Aontais atá ann cheana sa réimse i ndáil le comhar i bhforfheidhmiú an dlí.
Le blianta beaga anuas, rinneadh dul chun cinn chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise idir na Ballstáit agus chun an spás ina n‑oibríonn sceimhlitheoirí agus coirpigh thromchúiseacha a dhúnadh. Tá doiciméid straitéiseacha reatha an Choimisiúin mar bhonn ag an ngá atá le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí san Aontas Eorpach, chomh maith leis an gcomhar le tríú tíortha a leathnú. San áireamh ar na doiciméid sin tá Straitéis an Aontais um an Aontas Slándála agus Straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe.
I gcomhréir leis na doiciméid straitéiseacha sin, feabhsaíodh an comhar idirnáisiúnta i réimse fhorfheidhmiú an dlí cheana féin. Ar bhonn údarú ón gComhairle, rinne an Coimisiún Comhaontú a chaibidliú leis an Nua-Shéalainn maidir le malartú sonraí pearsanta le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol). Ba cheart a mheabhrú freisin gur údaraigh an Chomhairle cheana tús a chur le caibidlíocht leis an Ailgéir, leis an Éigipt, leis an Iordáin, le hIosrael, leis an Liobáin, le Maracó, leis an Túinéis agus leis an Tuirc le haghaidh comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le sonraí pearsanta a mhalartú le Europol.
Thairis sin, tá an Comhaontú i gcomhréir le Straitéis Drugaí 2021-2025 an Aontais Eorpaigh agus le Plean Gníomhaíochta 2021-2025 an Aontais Eorpaigh maidir le Drugaí, ina leagtar béim ar a thábhachtaí atá an comhar idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe ilghnéitheacha fheiniméan na ndrugaí.
Ar an gcaoi seo, ba cheart breathnú ar an gComhaontú leis an mBrasaíl mar chuid d’iarracht níos leithne chun feabhas a chur ar an gcomhar i bhforfheidhmiú an dlí idir an tAontas Eorpach agus tíortha leasmhara Mheiriceá Laidinigh. I ndáil leis sin, ar bhonn moladh ón gCoimisiún, thug an Chomhairle údarú i dtaobh tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontuithe idirnáisiúnta comhchosúla leis an mBolaiv, Eacuadór, Meicsiceo agus Peiriú an tráth céanna leis an mBrasaíl, agus an aidhm dheiridh leis sin feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí, lena n‑áirítear gáinneáil ar dhrugaí.
An tráth céanna, tá sé ríthábhachtach an comhar i bhforfheidhmiú an dlí le tríú stáit a bheith go hiomlán i gcomhréir leis na cearta bunúsacha a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais Eorpaigh agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Sraith amháin coimircí a mbaineann tábhacht ar leith leo, go háirithe na cinn a léirítear i gCaibidlí II agus IV den Chomhaontú, baineann sí le cosaint sonraí pearsanta, ar ceart bunúsach é a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais Eorpaigh agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 25(1) de Rialachán Europol, féadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin de bhun Airteagal 218 CFAE lena dtugtar coimircí leordhóthanacha i dtaobh príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint. I gCaibidlí II agus IV den Chomhaontú déantar foráil maidir leis na coimircí sin, lena n‑áirítear, go háirithe, forálacha lena n‑áirithítear roinnt prionsabail agus oibleagáidí cosanta sonraí nach mór do na Páirtithe a urramú (Airteagail 3, 4, 5, 7, 10, 11, 12, 13, 18 agus 19), chomh maith le forálacha lena n‑áirithítear cearta aonair in-fhorfheidhmithe (Airteagail 6, 8 agus 9), maoirseacht neamhspleách (Airteagal 14) agus sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach i leith sáruithe ar na cearta agus na coimircí a aithnítear sa Chomhaontú a eascraíonn as próiseáil sonraí pearsanta (Airteagal 15).
Tugann an dréacht-Comhaontú coimircí leordhóthanacha maidir le príobháideachas agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint, chomh maith le foras dlíthiúil maidir le sonraí pearsanta a mhalartú chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•An bunús dlí
In Airteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí ‘lena dtabharfar an comhaontú i gcrích.’ Ós rud é go mbaineann an togra le réimsí ina gcuirtear an gnáthnós imeachta reachtach i bhfeidhm, tá gá le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa agus, dá bhrí sin, is é Airteagal 218(6), pointe (a)(v) CFAE an bunús dlí nós imeachta.
Tá dhá phríomhaidhm agus príomh-chomhpháirt ag an togra, is iad sin an comhar i bhforfheidhmiú an dlí idir Europol agus an Bhrasaíl, chomh maith le coimircí leordhóthanacha a bhunú maidir le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint ar mhaithe leis an gcomhar sin. Dá bhrí sin, is gá Airteagal 16(2) agus Airteagal 88 CFAE a bheith ina mbunús dlí substainteach.
Dá bhrí sin, tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 16(2) agus ar Airteagal 88 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(6), pointe (a)(v), CFAE.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/794 rialacha sonracha maidir le sonraí pearsanta a bheith á n‑aistriú ag Europol lasmuigh den Aontas Eorpach. Liostaítear in Airteagal 25(1) de sin cásanna inar féidir le Europol sonraí pearsanta a aistriú go dleathach chuig údaráis forfheidhmithe dlí tríú tíortha. Fágann an fhoráil sin gur gá, i gcás Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig an mBrasaíl, comhaontú ceangailteach idirnáisiúnta idir an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl a thabhairt i gcrích, lena dtugtar coimircí leordhóthanacha maidir le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) CFAE, tagann an Comhaontú faoi chuimsiú inniúlacht sheachtrach eisiach an Aontais. Dá bhrí sin, níl an togra seo faoi réir seiceáil coimhdeachta.
•Comhréireacht
Cuspóirí an Aontais maidir leis an togra seo a leagtar amach thuas, ní féidir iad a bhaint amach ach amháin trí chomhaontú idirnáisiúnta ceangailteach a dhéanamh lena bhforáiltear maidir leis na bearta comhair is gá, agus cosaint iomchuí ar chearta bunúsacha á háirithiú an tráth céanna. Tá forálacha an chomhaontaithe teoranta don mhéid is gá chun na príomhchuspóirí atá leis a bhaint amach. Ní rogha mhalartach í gníomhaíocht aontaobhach na mBallstát i leith na Brasaíle, ós rud é go bhfuil ról uathúil ag Europol. Ina theannta sin, ní bheadh gníomhaíocht aontaobhach ina bonn leordhóthanach le haghaidh comhar póilíneachta le tíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad agus ní áiritheofaí léi an chosaint is gá ar chearta bunúsacha.
•An rogha ionstraime
I gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/794, in éagmais cinneadh leordhóthanachta, ní fhéadfaidh Europol páirt a ghlacadh in aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír ach amháin go bhfuil sé bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 218 CFAE lena bhforáiltear do choimircí leordhóthanacha i ndáil le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint (Airteagal 25(2)(b) de Rialachán Europol). I gcomhréir le hAirteagal 218(5) CFAE, údaraítear síniú an chomhaontaithe sin le cinneadh ón gComhairle.
•Cearta bunúsacha
Is é atá i gceist le sonraí pearsanta a mhalartú agus a phróiseáil ag údaráis tríú tír cur isteach ar chearta bunúsacha chun príobháideachais agus chun cosanta sonraí. Áirithítear leis an gComhaontú, áfach, riachtanas agus comhréireacht aon chur isteach den sórt sin trí chur i bhfeidhm coimircí leordhóthanacha cosanta sonraí a ráthú maidir leis na sonraí pearsanta a aistrítear, i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh.
Déantar foráil i gCaibidlí II agus IV maidir le sonraí pearsanta a chosaint. Ar an mbonn sin, le hAirteagail 3 go 15, agus le hAirteagail 18 agus 19, leagtar amach na prionsabail bhunúsacha maidir le cosaint sonraí, lena n‑áirítear teorannú de réir cuspóra, cáilíocht sonraí agus rialacha is infheidhme maidir le próiseáil catagóirí speisialta sonraí, oibleagáidí is infheidhme maidir le rialaitheoirí, lena n‑áirítear oibleagáidí maidir le tréimhsí coinneála, taifid a choimeád, an tslándáil agus a mhéid a bhaineann le haistrithe ar aghaidh, cearta aonair in-fhorfheidhmithe, lena n‑áirítear cearta maidir le rochtain, ceartú agus cinnteoireacht uathoibrithe, maoirseacht neamhspleách éifeachtach mar aon le sásamh riaracháin agus breithiúnach.
Cumhdaíonn na coimircí gach cineál próiseála sonraí pearsanta i gcomhthéacs an chomhair idir Europol agus an Bhrasaíl. Féadfar feidhmiú ceart aonair áirithe a mhoilliú, a theorannú nó a dhiúltú i gcás inar gá, is réasúnach agus is comhréireach, agus cearta agus leasanna bunúsacha an ábhair sonraí á gcur san áireamh, go háirithe chun riosca d’imscrúdú coiriúil nó d’ionchúiseamh coiriúil atá ar siúl a chosc, rud atá i gcomhréir le dlí an Aontais freisin.
Ina theannta sin, áiritheoidh an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl araon go ndéanfaidh údarás poiblí neamhspleách atá freagrach as cosaint sonraí (an t‑údarás maoirseachta) maoirseacht ar ábhair a dhéanann difear do phríobháideachas daoine aonair ar mhaithe le cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.
Le hAirteagal 32 neartaítear éifeachtacht na gcoimircí sa Chomhaontú trí fhoráil a dhéanamh d’athbhreithnithe comhpháirteacha ar a chur chun feidhme go tráthrialta. Áireofar ar na foirne meastóireachta saineolaithe ábhartha maidir le cosaint sonraí agus forfheidhmiú an dlí.
Mar choimirce bhreise, de bhun Airteagal 21, mír 1, i gcás neamhchomhlíonadh na n‑oibleagáidí a eascraíonn as forálacha an Chomhaontaithe, is féidir an Comhaontú a chur ar fionraí. Aon sonraí pearsanta a aistríodh roimh an bhfionraí, caithfear leo fós i gcomhréir leis an gComhaontú. Ina theannta sin, i gcás fhoirceannadh an Chomhaontaithe, leanfar de shonraí pearsanta a aistrítear roimh fhoirceannadh an Chomhaontaithe a phróiseáil i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe.
Thairis sin, ráthaítear leis an gComhaontú go bhfuil an malartú sonraí pearsanta idir Europol agus an Bhrasaíl comhsheasmhach le prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus le hAirteagal 52(1) den Chairt araon, lena n‑áirithítear go mbeidh an cur isteach ar chearta bunúsacha a ráthaítear faoin gCairt teoranta don mhéid sin amháin atá fíor-riachtanach chun cuspóirí an leasa ghinearálta atá á saothrú a chomhlíonadh, faoi réir phrionsabal na comhréireachta.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
Ní bhaineann le hábhar.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht bhuiséadach ar bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Níl aon ghá le plean cur chun feidhme, ós rud é go dtiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm ar an data a gheofar an fógra deireanach i scríbhinn lena dtabharfaidh an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl fógra dá chéile trí bhealaí taidhleoireachta go bhfuil a nósanna imeachta féin curtha i gcrích.
Maidir le faireachán, déanfaidh an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl athbhreithniú comhpháirteach ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe bliain amháin tar éis dó teacht i bhfeidhm, agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, agus ina theannta sin, má iarrann ceachtar den dá pháirtí amhlaidh agus má chinntear go comhpháirteach é.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
In Airteagal 1 tá cuspóir agus raon feidhme an Chomhaontaithe.
In Airteagal 2 tá sainmhínithe an Chomhaontaithe.
In Airteagal 3 tá na cuspóirí le haghaidh sonraí pearsanta a phróiseáil.
In Airteagal 4 leagtar amach na prionsabail ghinearálta maidir le cosaint sonraí nach mór don Aontas Eorpach agus don Bhrasaíl a urramú.
Le hAirteagal 5 déantar foráil maidir le catagóirí speisialta sonraí pearsanta agus maidir le catagóirí éagsúla ábhar sonraí, amhail sonraí pearsanta i ndáil le híospartaigh ciona choiriúil, finnéithe nó daoine eile a fhéadann faisnéis a sholáthar maidir le cionta coiriúla, nó i ndáil le daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois.
Le hAirteagal 6 déantar foráil maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go huathoibríoch.
Le hAirteagal 7 leagtar amach bonn le haghaidh na sonraí pearsanta a fhaightear a aistriú ar aghaidh.
Le hAirteagal 8 déantar foráil maidir leis an gceart rochtana, lena n‑áirithítear go bhfuil sé de cheart ag an ábhar sonraí, ag eatraimh réasúnta, faisnéis a fháil maidir le cé acu a dhéantar nó nach ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a phróiseáil faoin gComhaontú.
Le hAirteagal 9 déantar foráil maidir leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin, scriosadh, agus srianadh, lena n‑áirithítear go bhfuil an ceart ag an ábhar sonraí a iarraidh ar na húdaráis inniúla sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis an ábhar sonraí a aistríodh faoin gComhaontú a cheartú.
Le hAirteagal 10 déantar foráil maidir le fógra a thabhairt faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú, lena n‑áirithítear go dtabharfaidh na húdaráis inniúla faoi seach fógra dá chéile agus dá n‑údarás maoirseachta faoi seach faoin sárú sin gan mhoill, agus go ndéanfar bearta chun na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú sin a mhaolú.
Le hAirteagal 11 déantar foráil maidir le sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí, lena n‑áirithítear go gcuirfidh údaráis inniúla an dá Pháirtí sa Chomhaontú in iúl don ábhar sonraí gan moill mhíchuí i gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta ar dócha éifeacht dhíobhálach thromchúiseach a bheith aige ar chearta agus ar shaoirsí an duine sin.
Le hAirteagal 12 déantar foráil maidir le sonraí pearsanta a stóráil, a athbhreithniú, a cheartú agus a scriosadh.
Le hAirteagal 13 déantar foráil maidir le logaí a choinneáil i ndáil le sonraí pearsanta a bhailiú, a athrú, a rochtain, a nochtadh lena n‑áirítear aistrithe ar aghaidh, a chomhcheangal agus a scriosadh.
Le hAirteagal 14 déantar foráil maidir leis an údarás maoirseachta, lena n‑áirithítear gur ann d’údarás poiblí neamhspleách atá freagrach as cosaint sonraí (údarás maoirseachta) chun maoirseacht a dhéanamh ar ábhair a dhéanann difear do phríobháideachas daoine aonair, lena n‑áirítear na rialacha intíre chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.
Le hAirteagal 15 déantar foráil maidir le sásamh riaracháin agus breithiúnach, lena n‑áirithítear go bhfuil an ceart ag ábhair sonraí sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach a fháil mar gheall ar sháruithe ar na cearta agus ar na coimircí a aithnítear sa Chomhaontú, sáruithe a eascraíonn as próiseáil a sonraí pearsanta.
Déantar foráil in Airteagal 16 maidir leis na prionsabail cosanta sonraí is infheidhme maidir le malartú sonraí neamhphearsanta.
Le hAirteagal 17 déantar foráil maidir leis na sonraí neamhphearsanta a fhaightear a aistriú ar aghaidh.
Déantar foráil in Airteagal 18 maidir le measúnú a dhéanamh ar iontaofacht fhoinse agus chruinneas na sonraí i ndáil le sonraí pearsanta agus neamhphearsanta araon a mhalartaítear faoin gComhaontú.
Le hAirteagal 19 déantar foráil maidir le slándáil sonraí, lena n‑áirithítear go ndéanfar bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun sonraí pearsanta agus neamhphearsanta a mhalartaítear faoin gComhaontú seo a chosaint.
Le hAirteagal 20 déantar foráil maidir le díospóidí a réiteach, lena n‑áirithítear i gcás na ndíospóidí ar fad a d’fhéadfadh teacht chun cinn i ndáil le léirmhíniú, cur i bhfeidhm nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus aon ábhar lena mbaineann go ndéanfar comhairliúcháin agus caibidlíocht ina leith idir ionadaithe an Aontais Eorpaigh agus an Bhrasaíl chun teacht ar réiteach arbh fhéidir a chomhaontú go frithpháirteach.
Le hAirteagal 21 déantar foráil maidir le clásal fionraíochta.
Le hAirteagal 22 déantar foráil maidir leis an gComhaontú a fhoirceannadh.
Le hAirteagal 23 déantar foráil maidir leis an gcaidreamh le hionstraimí idirnáisiúnta eile, lena n‑áirithítear nach ndéanfaidh an Comhaontú dochar ná difear do na forálacha dlíthiúla maidir leis an malartú faisnéise dá bhforáiltear in aon chonradh, comhaontú, nó socrú idir an Bhrasaíl agus aon Bhallstát den Aontas Eorpach.
Déantar foráil in Airteagal 24 maidir le malartú faisnéise rúnaicmithe, más gá faoin gComhaontú.
Déantar foráil in Airteagal 25 maidir le láimhseáil iarrataí ar rochtain phoiblí ar shonraí arna n‑aistriú faoin gComhaontú.
Le hAirteagal 26 déantar foráil maidir leis na pointí teagmhála náisiúnta agus na hoifigigh idirchaidrimh náisiúnta.
Le hAirteagal 27 déantar foráil maidir le bealach slán cumarsáide.
Le hAirteagal 28 déantar foráil maidir leis na speansais faoin gComhaontú.
Le hAirteagal 29 déantar foráil maidir leis an bhfógra um chur chun feidhme an Chomhaontaithe.
Le hAirteagal 30 déantar foráil maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
Le hAirteagal 31 déantar foráil maidir le leasuithe ar an gComhaontú agus maidir le forlíontaí air.
Le hAirteagal 32 déantar foráil maidir le hathbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar an gComhaontú.
Le hAirteagal 33 déantar foráil maidir le teangacha an Chomhaontaithe.
2024/0321 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le comhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus le Póilíní Cónaidhme na Brasaíle agus tríothu
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) agus Airteagal 88 i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus Airteagal 218(7) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déantar foráil gur féidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tír, inter alia, ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena dtugtar coimircí leordhóthanacha i dtaobh príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.
(2)I gcomhréir le Cinneadh (AE) [XXXX] ón gComhairle, síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le comhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus le Póilíní Cónaidhme na Brasaíle agus tríothu (‘an Comhaontú’) an [XX.XX.XXXX], thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí.
(3)Leis an gComhaontú bunaítear caidreamh comhoibritheach idir Europol agus údaráis inniúla na Brasaíle, agus ceadaítear leis sonraí pearsanta agus neamhphearsanta a aistriú eatarthu, d’fhonn an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus slándáil an Aontais agus a chuid saoránach a chosaint.
(4)Áirithítear leis an gComhaontú go n‑urramófar ina hiomláine an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, ceart a aithnítear in Airteagal 7 den Chairt, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, ceart a aithnítear in Airteagal 8 den Chairt agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, ceart a aithnítear in Airteagal 47 den Chairt. Go háirithe, sa Chomhaontú tá coimircí leordhóthanacha chun sonraí pearsanta arna n‑aistriú ag Europol faoin gComhaontú a chosaint.
(5)Ní dhéanann an Comhaontú difear d’aistriú sonraí pearsanta nó cineálacha eile comhair idir na húdaráis atá freagrach as an tslándáil náisiúnta a chosaint, agus tá sé gan dochar don aistriú sin.
(6)De bhun Airteagal 218(7) CFAE, is iomchuí don Chomhairle údarú a thabhairt don Choimisiún na modhnuithe ar Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann leis an gComhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais.
(7)Tá Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2016/794 agus tá sí, dá bhrí sin, rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo.
(8)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(9)Thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a Thuairim [xxx] uaidh an [xx.xx.xxxx].
(10)Ba cheart an Comhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais.
(11)I gcomhréir leis na Conarthaí, is faoin gCoimisiún atá sé leanúint ar aghaidh, thar ceann an Aontais, leis an bhfógra dá bhforáiltear in Airteagal 30(2) den Chomhaontú a thabhairt chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú a chur in iúl.
(12)I gcomhréir leis na gConarthaí, is faoin gCoimisiún atá sé freisin na fógraí dá bhforáiltear in Airteagal 14(1), Airteagal 15, Airteagal 26(1), Airteagal 29(1) agus Airteagal 29(2) den Chomhaontú a thabhairt.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le comhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus le Póilíní Cónaidhme na Brasaíle agus tríothu a fhormheas thar ceann an Aontais.
Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Chun críocha Airteagal 31(2) den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis na modhnuithe ar Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann leis an gComhaontú a fhormheas.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.12.2024
COM(2024) 580 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le comhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus le Póilíní Cónaidhme na Brasaíle agus tríothu
IARSCRÍBHINN
DRÉACHT-CHOMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT CHÓNAIDHMITHEACH NA BRASAÍLE MAIDIR LE COMHAR LE GNÍOMHAIREACHT AN AONTAIS EORPAIGH I nDÁIL LE COMHAR I bhFORFHEIDHMIÚ AN DLÍ (EUROPOL) AGUS LE PÓILÍNÍ CÓNAIDHME NA BRASAÍLE, AGUS TRÍOTHU
TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ nó ‘AE’ anseo feasta freisin,
agus
POBLACHT CHÓNAIDHMITHEACH NA BRASAÍLE, dá ngairtear ‘an Bhrasaíl’ anseo feasta freisin,
dá ngairtear ‘na Páirtithe Conarthacha’ go comhpháirteach anseo feasta,
ÓS RUD É, trí mhalartú sonraí pearsanta agus neamhphearsanta a cheadú idir an Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis inniúla na Brasaíle, go gcruthófar leis an gComhaontú seo creat le haghaidh comhar oibríochtúil feabhsaithe idir an tAontas agus an Bhrasaíl i réimse fhorfheidhmiú an dlí, agus an tráth céanna go ndéanfar cearta an duine agus saoirsí bunúsacha na ndaoine uile lena mbaineann a chosaint, lena n‑áirítear an ceart chun príobháideachais agus cosaint sonraí,
ÓS RUD É go bhfuil an Comhaontú seo gan dochar do shocruithe maidir le cúnamh frithpháirteach dlí idir an Bhrasaíl agus Ballstáit an Aontais lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta,
ÓS RUD É nach gcuirtear leis an gComhaontú seo aon cheanglas ar na húdaráis inniúla sonraí pearsanta nó neamhphearsanta a aistriú agus gur ar bhonn deonach a dhéanfar aon sonraí pearsanta nó neamhphearsanta a iarrtar faoin gComhaontú seo a roinnt,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
AIRTEAGAL 1
Cuspóir agus raon feidhme
(1)Is é is cuspóir don Chomhaontú seo caidreamh comhoibritheach a bhunú idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis inniúla na Brasaíle agus aistriú sonraí pearsanta agus neamhphearsanta a cheadú eatarthu, chun tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis Bhallstáit an Aontais agus údaráis na Brasaíle, agus lena gcomhar frithpháirteach i ndáil le cionta coiriúla, lena n‑áirítear coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht, a chosc agus a chomhrac, agus coimircí iomchuí á n‑áirithiú i ndáil le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha daoine aonair, lena n‑áirítear an ceart chun príobháideachais agus cosaint sonraí, an tráth céanna.
(2)Le raon feidhme an Chomhaontaithe seo, cumhdaítear an comhar idir Europol agus údaráis inniúla na Brasaíle i réimsí gníomhaíochtaí Europol agus laistigh d’inniúlacht agus cúraimí Europol, mar a leagtar amach i Rialachán Europol, mar a chuirtear i bhfeidhm é i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus sa Chomhaontú seo.
AIRTEAGAL 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)Ciallaíonn ‘Páirtithe Conarthacha’ an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle;
(2)is é ‘Europol’ Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí, a bunaíodh faoi Rialachán Europol;
(3)is éard atá i ‘Rialachán Europol’ nó ‘Rialachán (AE) 2016/794’ Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO AE L 135, 24.5.2016, lch. 53), nó aon leasú air nó gníomh comharba de;
(4)i gcás na Brasaíle, ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis forfheidhmithe dlí náisiúnta atá freagrach faoi dhlí náisiúnta na Brasaíle as cionta coiriúla a chosc agus a chomhrac mar a liostaítear in Iarscríbhinn II (‘údaráis inniúla na Brasaíle’) agus a ngníomhóidh pointe teagmhála náisiúnta ainmnithe ina leith laistigh de Phóilíní Cónaidhme na Brasaíle mar lárphointe teagmhála le Europol i gcomhréir le hAirteagal 26, agus, i gcás an Aontais, le Europol;
(5)ciallaíonn ‘comhlachtaí an Aontais’ institiúidí, comhlachtaí, misin, oifigí agus gníomhaireachtaí arna mbunú leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (‘CAE’) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), nó arna mbunú ar bhonn na gconarthaí sin, a liostaítear in Iarscríbhinn III;
(6)is ‘cionta coiriúla’ iad na cineálacha coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I agus cionta coiriúla gaolmhara; meastar cionta coiriúla le bheith gaolmhar leis na cineálacha coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I má dhéantar iad chun modh a fháil chun coireanna den sórt sin a dhéanamh, chun coireanna den sórt sin a éascú nó chun coireanna den sórt sin a dhéanamh, nó chun a áirithiú go mbeidh na daoine a dhéanfaidh coireanna den sórt sin saor ó phionós;
(7)ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le hábhar sonraí;
(8)ciallaíonn ‘sonraí neamhphearsanta’ faisnéis seachas sonraí pearsanta;
(9)ciallaíonn ‘ábhar sonraí’ duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta; is é is duine in‑sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe faoi threoir aitheantóra amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó faoi threoir toisce amháin nó níos mó a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine sin;
(10)ciallaíonn ‘sonraí géiniteacha’ na sonraí pearsanta uile a bhaineann le tréithe géiniteacha duine aonair, ar tréithe ó oidhreacht nó tréithe faighte iad, a thugann sainfhaisnéis faoi fhiseolaíocht nó faoi shláinte an duine aonair sin, ar sonraí iad a fuarthas go háirithe mar thoradh ar anailís arna déanamh ar shampla bitheolaíoch ón duine aonair atá i gceist;
(11)ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, ar sonraí iad lena gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha;
(12)ciallaíonn ‘próiseáil’, aon oibríocht nó aon sraith oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar thacair sonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;
(13)ciallaíonn ‘sárú ar shonraí pearsanta’ sárú ar shlándáil as a dtagann díothú, caillteanas, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thimpiste nó go neamhdhleathach;
(14)ciallaíonn ‘údarás maoirseachta’ údarás neamhspleách náisiúnta amháin nó níos mó atá, ina aonar nó go carnach, freagrach as cosaint sonraí i gcomhréir le hAirteagal 14 den Chomhaontú seo, agus ar tugadh fógra ina leith de réir an Airteagail sin; d’fhéadfadh údaráis a gcumhdaíonn a bhfreagracht cearta eile an duine freisin a bheith san áireamh leis sin;
(15)ciallaíonn ‘eagraíocht idirnáisiúnta’ eagraíocht agus a fochomhlachtaí arna rialú ag an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile, a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó a bhunaítear ar bhonn comhaontú den sórt sin.
CAIBIDIL II
MALARTÚ SONRAÍ PEARSANTA AGUS COSAINT SONRAÍ
AIRTEAGAL 3
Na cuspóirí a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil
(1)Ní dhéanfar sonraí pearsanta a iarrtar agus a fhaightear faoin gComhaontú seo a phróiseáil ach amháin chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorchur, laistigh de theorainneacha Airteagal 4(5) agus de shainorduithe féin na n‑údarás inniúil.
(2)Léireoidh na húdaráis inniúla go soiléir, tráth aistriú na sonraí pearsanta ar a dhéanaí, an cuspóir sonrach nó na cuspóirí sonracha dá bhfuil na sonraí á n‑aistriú. Le haghaidh aistrithe chuig Europol, sonrófar cuspóir nó cuspóirí an aistrithe sin i gcomhréir le cuspóir sonrach nó cuspóirí sonracha na próiseála arna leagan amach i Rialachán Europol. Féadfaidh na Páirtithe Conarthacha cinneadh a dhéanamh de chomhthoil go bhféadfar na sonraí pearsanta a aistreofar a phróiseáil chun críche forlíontaí comhoiriúnaí sonraí, a shonrófar tráth comhthola den sórt sin agus a thiocfaidh faoi raon feidhme mhír 1 den Airteagal seo.
AIRTEAGAL 4
Prionsabail ghinearálta cosanta sonraí
(1) Déanfaidh gach Páirtí Conarthach foráil maidir le sonraí pearsanta a mhalartófar faoin gComhaontú seo mar a leanas:
(a)déanfar iad a phróiseáil go cóir agus go dleathach i gcomhréir leis na ceanglais trédhearcachta in Airteagal 29(1), chun na críche nó chun na gcríoch dár aistríodh iad i gcomhréir le hAirteagal 3, agus chun na críche nó chun na gcríoch sin amháin;
(b)beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá i ndáil leis an gcuspóir nó na cuspóirí dá ndéantar iad a phróiseáil;
(c)beidh siad cruinn agus coimeádfar cothrom le dáta iad; forálfaidh gach Páirtí Conarthach go ndéanfaidh a chuid údarás inniúil gach beart réasúnta lena áirithiú go gceartófar nó go léirscriosfar gan moill mhíchuí sonraí pearsanta atá míchruinn, ag féachaint do na cuspóirí dá ndéantar iad a phróiseáil;
(d)coimeádfar iad i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun na gcríoch dá ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil;
(e)déanfar iad a phróiseáil ar bhealach lena n‑áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta.
(2)Tráth aistriú na sonraí pearsanta, féadfaidh údarás inniúil an aistrithe aon srian ar rochtain orthu nó ar an úsáid atá le baint astu a chur in iúl i dtéarmaí ginearálta nó i dtéarmaí sonracha, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann lena n‑aistriú ar aghaidh, lena léirscriosadh nó lena ndíothú tar éis tréimhse áirithe ama, nó leis an bpróiseáil bhreise a dhéanfar orthu. I gcás inar léir go bhfuil gá le srianta den sórt sin tar éis an fhaisnéis a sholáthar, cuirfidh údarás inniúil an aistrithe an t‑údarás is faighteoir ar an eolas dá réir sin.
(3)Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach go gcomhlíonfaidh an t‑údarás inniúil is faighteoir aon srian ar rochtain nó ar úsáid bhreise na sonraí pearsanta arna gcur in iúl ag údarás inniúil an aistrithe mar a thuairiscítear i mír 2.
(4)Forálfaidh gach Páirtí Conarthach go gcuirfidh a údaráis inniúla bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun feidhme ionas go mbeifear in ann a thaispeáint go gcomhlíonfaidh an phróiseáil an Comhaontú seo agus go gcosnófar cearta na n‑ábhar sonraí lena mbaineann.
(5)Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach nach n‑aistreoidh a údaráis inniúla sonraí pearsanta a fuarthas i sárú follasach ar chearta an duine a aithnítear le noirm an dlí idirnáisiúnta atá ceangailteach ar na Páirtithe Conarthacha. Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach nach mbainfear úsáid as na sonraí pearsanta a fhaightear chun pionós an bháis nó aon chineál céastóireachta agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a iarraidh, a thabhairt nó a chur i gcrích.
(6)Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach go gcoimeádfar taifead de gach aistriú sonraí pearsanta faoin gComhaontú seo agus de chuspóir nó cuspóirí na n‑aistrithe sin.
AIRTEAGAL 5
Catagóirí speisialta sonraí pearsanta agus catagóirí éagsúla ábhar sonraí
(1)Toirmiscfear aistriú agus próiseáil bhreise sonraí pearsanta i leith íospartaigh ciona choiriúil, finnéithe nó daoine eile a fhéadann faisnéis a sholáthar a bhaineann le cionta coiriúla, nó i leith daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois, ach amháin má tá géarghá leis an aistriú sin agus má tá sé comhréireach i gcásanna aonair chun cion coiriúil a chosc nó a chomhrac.
(2)Ní cheadófar aistriú agus próiseáil bhreise sonraí pearsanta lena nochtar bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ná ballraíocht i gceardchumann, sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, ná sonraí a bhaineann leis an tsláinte, ná sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis agus ina bhfuil sé comhréireach i gcásanna aonair chun cion coiriúil a chosc nó a chomhrac, agus más rud é go gcuireann na sonraí sin, seachas sonraí bithmhéadracha, le sonraí pearsanta eile.
(3)Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go mbeidh próiseáil sonraí pearsanta faoi mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo faoi réir coimircí iomchuí chun cosaint a thabhairt in aghaidh na rioscaí sonracha atá i gceist, lena n‑áirítear srianta ar rochtain, bearta maidir leis an slándáil sonraí de réir bhrí Airteagal 19 agus teorainneacha ar aistrithe ar aghaidh faoi Airteagal 7.
AIRTEAGAL 6
Uathphróiseáil sonraí pearsanta
Toirmiscfear cinntí atá bunaithe go huile agus go hiomlán ar uathphróiseáil na sonraí pearsanta a mhalartaítear, lena n‑áirítear próifíliú, a d’fhéadfadh éifeacht dhíobhálach dhlíthiúil a bheith aige ar an ábhar sonraí nó a d’fhéadfadh difear mór a dhéanamh dó nó di, mura n‑údaraítear iad faoin dlí chun cion coiriúil a chosc nó a chomhrac agus mura bhfuil coimircí iomchuí ann do chearta agus do shaoirsí an ábhair sonraí, lena n‑áirítear ar a laghad an ceart chun idirghabháil ón duine a fháil.
AIRTEAGAL 7
Na sonraí pearsanta a fhaightear a aistriú ar aghaidh
(1)Áiritheoidh an Bhrasaíl nach n‑aistreoidh a húdaráis inniúla sonraí pearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo chuig údaráis eile sa Bhrasaíl ach amháin sa chás seo a leanas:
(a)tá údarú sainráite tugtha ag Europol roimh ré;
(b)is ionann cuspóir nó cuspóirí an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir nó cuspóirí bunaidh an aistrithe a dhéanfadh Europol; agus
(c)tá an t‑aistriú ar aghaidh faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh.
Gan dochar d’Airteagal 4(2), ní gá an ceanglas a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo a chomhlíonadh i gcás inar údarás inniúil de chuid na Brasaíle é an t‑údarás féin is faighteoir.
(2)Áiritheoidh an tAontas nach n‑aistreoidh Europol sonraí pearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo chuig údaráis san Aontas seachas na húdaráis sin a liostaítear in Iarscríbhinn III ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)tá údarú sainráite tugtha ag an mBrasaíl roimh ré;
(b)is ionann cuspóir nó cuspóirí an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir nó cuspóirí bunaidh an aistrithe a dhéanfadh an Bhrasaíl; agus
(c)tá an t‑aistriú ar aghaidh faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh.
Gan dochar d’Airteagal 4(2), ní gá an ceanglas a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo a chomhlíonadh i gcás inar cheann de na comhlachtaí nó na húdaráis a liostaítear in Iarscríbhinn III é an t‑údarás féin is faighteoir.
(3)Áiritheoidh an Bhrasaíl go dtoirmiscfear sonraí pearsanta a fhaigheann a húdaráis inniúla faoin gComhaontú seo a aistriú ar aghaidh chuig údaráis tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)tá údarú sainráite tugtha ag Europol roimh ré;
(b)is ionann cuspóir nó cuspóirí an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir nó cuspóirí bunaidh an aistrithe a dhéanfadh Europol; agus
(c)tá an t‑aistriú ar aghaidh faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh.
(4)Ní fhéadfaidh Europol a údarú faoi mhír 3, pointe a, den Airteagal seo a dheonú le haghaidh aistriú ar aghaidh chuig údarás tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta más rud é go bhfuil agus a mhéid atá cinneadh leordhóthanachta, comhaontú idirnáisiúnta lena soláthraítear coimircí iomchuí i ndáil leis an gceart chun príobháideachais agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint, comhaontú comhair nó aon fhoras dlíthiúil eile le haghaidh aistrithe sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán Europol lena gcumhdaítear an t‑aistriú ar aghaidh i bhfeidhm.
(5)Áiritheoidh an tAontas go dtoirmiscfear sonraí pearsanta a fhaigheann Europol faoin gComhaontú seo a aistriú ar aghaidh chuig údaráis tríú tíortha nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)tá údarú sainráite tugtha ag an mBrasaíl roimh ré;
(b)is ionann cuspóir nó cuspóirí an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir bunaidh an aistrithe a dhéanfadh an Bhrasaíl; agus
(c)tá an t‑aistriú ar aghaidh faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh.
(6)Agus an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm, ní cheadófar catagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 5 a aistriú ar aghaidh ach amháin má tá géarghá leis na haistrithe ar aghaidh sin agus má tá siad comhréireach i gcásanna aonair a bhaineann le cionta coiriúla.
CEARTA AN ÁBHAIR SONRAÍ
AIRTEAGAL 8
Ceart rochtana
(1)Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go mbeidh sé de cheart ag an ábhar sonraí, ag eatraimh réasúnacha, faisnéis a fháil maidir le cé acu a dhéanfar sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a phróiseáil faoin gComhaontú seo, agus, i gcás ina ndéanfar sin, rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis seo a leanas ar a laghad:
(a)dearbhú maidir le cibé acu an bhfuil sonraí a bhaineann leis nó léi á bpróiseáil;
(b)faisnéis maidir le cuspóir nó cuspóirí na próiseála, na catagóirí sonraí atá i gceist, agus i gcás inarb infheidhme, na faighteoirí nó na catagóirí d’fhaighteoirí a bhfuil na sonraí á nochtadh dóibh;
(c)gur ann don cheart a iarraidh ar an údarás inniúil sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh, nó próiseáil sonraí pearsanta a shrianadh, a mhéid a bhaineann leis an ábhar sonraí;
(d)léiriú ar an bhforas dlí le haghaidh na próiseála;
(e)fad na tréimhse atá beartaithe ina stórálfar na sonraí pearsanta, nó i gcás nach féidir é sin a thabhairt, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;
(f)cumarsáid i bhfoirm intuigthe faoi na sonraí a bhfuil próiseáil á déanamh orthu agus faoi aon fhaisnéis atá ar fáil faoina gcuid foinsí.
(2)I gcásanna ina bhfeidhmítear an ceart rochtana de bhun mhír 1, rachfar i gcomhairle le Páirtí Conarthach an aistrithe i scríbhinn ar bhonn neamhcheangailteach sula ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarraidh ar rochtain.
(3)Féadfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil a dhéanamh go gcuirfear moill ar an soláthar faisnéise mar fhreagairt ar aon iarraidh faoi mhír 1 nó go ndiúltófar í nó go ndéanfar í a shrianadh más beart atá sa mhoill, sa diúltú nó sa srianadh a bhfuil gá leis agus comhréireach agus fad atá sin amhlaidh, agus cearta bunúsacha agus leasanna bunúsacha an ábhair sonraí á gcur san áireamh acu, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)a áirithiú nach gcuirfear aon imscrúdú coiriúil ná ionchúiseamh i mbaol;
(b)cearta agus saoirse tríú páirtithe a chosaint; nó
(c)slándáil náisiúnta agus ord poiblí a chosaint nó an choireacht a chosc.
(4)Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go gcuirfidh an t‑údarás inniúil a bhfuil an iarraidh faighte aige cheana an t‑ábhar sonraí ar an eolas i scríbhinn faoi aon mhoill, faoi dhiúltú nó faoi shrianadh rochtana agus faoi na cúiseanna atá le moill, diúltú nó srianadh rochtana den sórt sin. Féadfar na cúiseanna sin a fhágáil ar lár má bhaineann é sin an bonn de chuspóir na moille, an diúltaithe nó an tsrianta faoi mhír 3 nó a fhad a dhéanfadh sé sin an bonn a bhaint de na críocha sin. Cuirfidh an t‑údarás inniúil an t‑ábhar sonraí ar an eolas faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh leis na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann agus faoi mhodhanna sásaimh riaracháin agus bhreithiúnaigh eile atá ar fáil dá bhforáiltear ina gcreat dlíthiúil faoi seach.
AIRTEAGAL 9
An ceart go ndéanfaí ceartúchán, léirscriosadh agus srianadh
(1)Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go mbeidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go ndéanfaidh na húdaráis inniúla sonraí pearsanta míchruinne a aistrítear faoin gComhaontú seo a cheartú. Agus cuspóir nó cuspóirí na próiseála á gcur san áireamh, áirítear air sin an ceart go gcomhlánófaí sonraí pearsanta atá neamhiomlána a aistríodh faoin gComhaontú seo.
(1)Áireofar le ceartúchán léirscriosadh sonraí pearsanta nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun na críche nó na críocha ar chucu a rinneadh iad a phróiseáil.
(2)Féadfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil a dhéanamh go ndéanfar próiseáil a shrianadh seachas go ndéanfaí sonraí pearsanta a léirscriosadh má tá forais réasúnacha ann lena chreidiúint go bhféadfadh léirscriosadh den sórt sin difear a dhéanamh do leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí.
(3)Cuirfidh na húdaráis inniúla a chéile ar an eolas faoi bhearta a ghlacfar de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3. Déanfaidh an t‑údarás inniúil is faighteoir na sonraí sin a cheartú, a léirscriosadh nó próiseáil a shrianadh i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a dhéanfaidh údarás inniúil an aistrithe.
(4)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil go gcuirfidh an t‑údarás inniúil a fuair an iarraidh an iarraidh in iúl don ábhar sonraí i scríbhinn gan moill mhíchuí, agus in aon chás laistigh de 3 mhí ón iarraidh a fháil i gcomhréir le mír 1 nó mír 2, go bhfuil na sonraí a bhaineann leis an ábhar sonraí ceartaithe, léirscriosta nó go ndearadh a bpróiseáil a shrianadh.
(5)Forálfaidh na Páirtithe Conarthacha go ndéanfaidh an t‑údarás inniúil a fuair an iarraidh an t‑ábhar sonraí a chur ar an eolas i scríbhinn, gan aon mhoill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 3 mhí ón iarraidh a fháil go ndearnadh aon ceartú, léirscriosadh nó srianadh ar phróiseáil a dhiúltú, na cúiseanna leis an diúltú sin agus an fhéidearthacht gearán a thaisceadh leis na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann agus modhanna sásaimh riaracháin agus bhreithiúnaigh eile atá ar fáil dá bhforáiltear ina gcreat dlíthiúil faoi seach.
AIRTEAGAL 10
Fógra faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta a thabhairt do na húdaráis lena mbaineann
(1)Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha, i gcás sárú ar shonraí pearsanta a dhéanann difear do shonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo, go dtabharfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann fógra dá chéile agus dá n‑údarás maoirseachta féin gan mhoill faoin sárú ar shonraí pearsanta sin agus go ndéanfaidh siad bearta chun na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú sin a mhaolú.
(2)Déanfar an méid seo a leanas ar a laghad san fhógra:
(a)tabharfar tuairisc ar an gcineál sáraithe atá ann i ndáil le sonraí pearsanta, lena n‑áirítear, nuair is féidir, na catagóirí agus an líon ábhar sonraí lena mbaineann agus na catagóirí agus an líon taifead sonraí pearsanta lena mbaineann;
(b)tabharfar tuairisc ar iarmhairtí dóchúla an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta;
(c)tabharfar tuairisc ar na bearta atá déanta ag an údarás inniúil nó atá beartaithe aige a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an sárú ar shonraí pearsanta, lena n‑áirítear na bearta atá déanta chun aon éifeacht dhíobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú a mhaolú.
(3)A mhéid nach féidir an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil an tráth céanna, féadfar í a sholáthar i gcéimeanna. Soláthrófar an fhaisnéis bhreise gan tuilleadh moille míchuí.
(4)Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go ndéanfaidh a n‑údaráis inniúla féin aon sárú ar shonraí pearsanta a dhéanann difear do na sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo a dhoiciméadú, lena n‑áirítear na fíricí a bhaineann leis an sárú, na héifeachtaí a bhaineann leis agus na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh, rud a chuirfidh ar chumas a n‑údarás maoirseachta faoi seach a fhíorú go bhfuil na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme á gcomhlíonadh.
AIRTEAGAL 11
Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí
(1)I gcás sárú ar shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 10 ar dócha go ndéanfadh sé difear díobhálach tromchúiseach do chearta agus do shaoirsí an ábhair sonraí, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil go gcuirfidh a n‑údaráis inniúla féin an sárú ar shonraí pearsanta in iúl don ábhar sonraí gan moill mhíchuí.
(2)Maidir leis an gcumarsáid chuig an ábhar sonraí de bhun mhír 1, tabharfar tuairisc inti, i gcás inar féidir, ar chineál an tsáraithe ar shonraí pearsanta, molfar inti bearta chun aon éifeacht dhíobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú ar shonraí pearsanta a mhaolú agus soláthrófar inti ainm agus mionsonraí teagmhála an phointe teagmhála ónar féidir tuilleadh faisnéise a fháil.
(3)An chumarsáid a chur chuig an ábhar sonraí de bhun mír 1, ní ceanglófar sin sna cásanna seo a leanas:
(a)má bhí na sonraí pearsanta a bhaineann leis an sárú faoi réir bearta iomchuí teicneolaíocha cosanta a fhágann nach mbeidh aon duine nach bhfuil údaraithe chun rochtain a fháil ar na sonraí sin in ann iad a thuiscint;
(b)má rinneadh bearta ina dhiaidh sin a d’áiritheodh nach dócha a thuilleadh go ndéanfaí dochar tromchúiseach do chearta ná do shaoirsí an ábhair sonraí; nó
(c)dá mbeadh iarracht dhíréireach ag baint le cumarsáid chuig an ábhar sonraí de bhun mhír 1, go háirithe i ngeall ar an líon cásanna lena mbaineann; i gcás den sórt sin, eiseofar teachtaireacht phoiblí nó glacfar beart comhchosúil trína dtabharfar fógra don ábhar sonraí ar bhealach atá chomh héifeachtúil céanna.
(4)Féadfar moill a chur ar an gcumarsáid chuig an ábhar sonraí de bhun mhír 1 nó féadfar í a shrianadh nó a fhágáil ar lár i gcás inar dhócha go mbeadh na nithe seo a leanas ina dtoradh air sin:
(a)go gcuirfí bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla;
(b)go ndéanfaí dochar do chosc, do bhrath, d’imscrúdú agus d’ionchúiseamh cionta coiriúla nó d’fhorghníomhú pionós coiriúil, don ord poiblí nó don tslándáil náisiúnta;
(c)go ndéanfaí difear do chearta agus do shaoirse tríú páirtithe;
i gcás ina bhfuil gá leis an mbeart, agus é comhréireach, agus aird chuí á tabhairt ar leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí lena mbaineann.
AIRTEAGAL 12
Sonraí pearsanta a stóráil, a athbhreithniú, a cheartú agus a scriosadh
(1)Forálfaidh na Páirtithe Conarthacha go mbunófar teorainneacha ama iomchuí maidir le sonraí pearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo a stóráil nó maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an ngá atá le sonraí pearsanta a stóráil, ionas nach stórálfar sonraí pearsanta ach fad is gá chun na críche nó na gcríoch dá n‑aistrítear iad.
(2)In aon chás, déanfar an gá le stóráil leantach sonraí pearsanta a athbhreithniú tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis aistriú na sonraí pearsanta, agus mura ndéantar aon chinneadh a bhfuil bonn cirt leis agus a dhoiciméadaítear maidir le stóráil leantach sonraí pearsanta, léirscriosfar na sonraí pearsanta go huathoibríoch tar éis 3 bliana.
(3)I gcás ina bhfuil cúis ag údarás inniúil a chreidiúint go bhfuil sonraí pearsanta a d’aistrigh sé roimhe sin mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé an t‑údarás inniúil is faighteoir ar an eolas, ceartóidh nó scriosfaidh an t‑údarás sin na sonraí sin, agus tabharfaidh sé fógra ina leith d’údarás inniúil an aistrithe.
(4)I gcás ina bhfuil cúis ag údarás inniúil a chreidiúint go bhfuil sonraí pearsanta a fuair sé roimhe sin mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé údarás inniúil an aistrithe ar an eolas, agus cuirfidh an t‑údarás sin a sheasamh ar fáil maidir leis an ábhar. I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil an aistrithe go bhfuil na sonraí pearsanta mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé an t‑údarás inniúil is faighteoir ar an eolas, agus ceartóidh nó scriosfaidh an t‑údarás sin na sonraí pearsanta, agus tabharfaidh sé fógra ina leith d’údarás an aistrithe.
AIRTEAGAL 13
Logáil agus doiciméadacht
(1)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha foráil maidir le logaí agus doiciméadacht a choimeád i ndáil le bailiú, athrú, rochtain agus nochtadh lena n‑áirítear aistrithe ar aghaidh, comhcheangal agus léirscriosadh sonraí pearsanta.
(2)Cuirfear na logaí nó an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don údarás maoirseachta lena mbaineann arna iarraidh sin dó chun dlíthiúlacht na próiseála a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun sláine agus slándáil iomchuí sonraí a áirithiú.
AIRTEAGAL 14
An t‑údarás maoirseachta
(1)Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach go mbeidh údarás poiblí ann a bheidh freagrach as cosaint sonraí (an t‑údarás maoirseachta) chun maoirseacht neamhspleách a dhéanamh ar ábhair a dhéanann difear do cheart chun príobháideachais daoine aonair, lena n‑áirítear na rialacha náisiúnta is ábhartha faoin gComhaontú seo, d’fhonn cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile faoin údarás a ainmníonn siad mar údarás maoirseachta.
(2)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an méid seo a leanas a áirithiú maidir le gach údarás maoirseachta:
(a)gníomhóidh sé ar bhealach a bheidh go hiomlán neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige; gníomhóidh sé saor ó thionchar seachtrach agus ní iarrfaidh sé ná ní ghlacfaidh sé treoracha; beidh téarma oifige slán ag a chomhaltaí, lena n‑áirítear coimircí i gcoinne baint threallach;
(b)beidh na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an t‑áitreabh agus an bonneagar is gá ag gach údarás maoirseachta chun a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach;
(c)beidh cumhachtaí éifeachtacha imscrúdaithe agus idirghabhála ag gach údarás maoirseachta chun maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí a ndéanann sé maoirseacht orthu agus chun dul i mbun imeachtaí dlíthiúla;
(d)beidh cumhachtaí ag gach údarás maoirseachta gearáin a éisteacht ó dhaoine aonair maidir leis an úsáid a bhaineann na húdaráis inniúla atá faoina mhaoirseacht as a sonraí pearsanta.
AIRTEAGAL 15
Sásamh riaracháin agus breithiúnach
(1)Beidh ag na hábhair sonraí an ceart chun sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach a fháil i gcás sáruithe ar na cearta agus ar na coimircí a aithnítear sa Chomhaontú seo a eascraíonn as próiseáil a sonraí pearsanta. Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile faoin reachtaíocht náisiúnta a mheasann gach ceann acu go bhforáiltear do na cearta a ráthaítear faoin Airteagal seo léi.
(2)Áireofar leis sin an ceart chun cúiteamh a fháil as aon damáiste a rinneadh don ábhar sonraí.
CAIBIDIL III
MALARTÚ SONRAÍ NEAMHPHEARSANTA
AIRTEAGAL 16
Prionsabail cosanta sonraí le haghaidh sonraí neamhphearsanta
(1)Déanfaidh gach Páirtí Conarthach foráil maidir leis na sonraí neamhphearsanta a mhalartófar faoin gComhaontú seo a phróiseáil go cóir agus go dleathach, agus ar bhealach lena n‑áiritheofar slándáil iomchuí na sonraí neamhphearsanta.
(2)Tráth aistriú na sonraí neamhphearsanta, féadfaidh údarás inniúil an aistrithe aon srian ar rochtain orthu nó ar an úsáid atá le baint astu a chur in iúl i dtéarmaí ginearálta nó i dtéarmaí sonracha, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann lena n‑aistriú ar aghaidh, lena léirscriosadh nó lena ndíothú tar éis tréimhse áirithe ama, nó leis an bpróiseáil bhreise a dhéanfar orthu. I gcás inar léir go bhfuil gá le srianta den sórt sin tar éis na sonraí a sholáthar, cuirfidh údarás inniúil an aistrithe an t‑údarás is faighteoir ar an eolas dá réir sin.
(3)Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach go gcomhlíonfaidh an t‑údarás inniúil is faighteoir aon srian ar rochtain nó ar úsáid bhreise na sonraí neamhphearsanta arna gcur in iúl ag údarás inniúil an aistrithe mar a thuairiscítear i mír 2.
(4)Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach nach n‑aistreoidh a údaráis inniúla sonraí neamhphearsanta a fuarthas i sárú follasach ar chearta an duine a aithnítear le noirm an dlí idirnáisiúnta atá ceangailteach ar na Páirtithe Conarthacha. Áiritheoidh gach Páirtí Conarthach nach mbainfear úsáid as na sonraí neamhphearsanta a fhaightear chun pionós an bháis nó aon chineál céastóireachta agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a iarraidh, a thabhairt nó a chur i gcrích.
AIRTEAGAL 17
Na sonraí neamhphearsanta a fhaightear a aistriú ar aghaidh
(1)Áiritheoidh an Bhrasaíl nach n‑aistreoidh a húdaráis inniúla sonraí neamhphearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo chuig údaráis eile sa Bhrasaíl ná chuig údarás tríú tír ná chuig eagraíocht idirnáisiúnta, ach amháin sa chás seo a leanas:
(a)tá údarú sainráite tugtha ag Europol roimh ré;
(b)tá an t‑aistriú ar aghaidh faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh.
Gan dochar d’Airteagal 16(2), ní gá an ceanglas a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo a chomhlíonadh i gcás inar údarás inniúil de chuid na Brasaíle é an t‑údarás féin is faighteoir.
(2)Áiritheoidh an tAontas nach n‑aistreoidh Europol sonraí neamhphearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo chuig comhlachtaí eile de chuid an Aontais ná chuig údarás tríú tíortha ná chuig eagraíocht idirnáisiúnta, ach amháin sa chás seo a leanas:
(a)tá údarú sainráite tugtha ag an mBrasaíl roimh ré;
(b)tá an t‑aistriú ar aghaidh faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh.
Gan dochar d’Airteagal 16(2), ní gá an ceanglas a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo a chomhlíonadh i gcás inar cheann de na comhlachtaí nó na húdaráis a liostaítear in Iarscríbhinn III é an t‑údarás féin is faighteoir.
CAIBIDIL IV
COMHFHORÁLACHA MAIDIR LE MALARTÚ SONRAÍ PEARSANTA AGUS NEAMHPHEARSANTA
AIRTEAGAL 18
Measúnú ar iontaofacht na foinse agus ar chruinneas na sonraí
(1)Cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl a mhéid is féidir, ar a dhéanaí tráth aistriú na sonraí pearsanta, iontaofacht fhoinse na sonraí arna malartú faoin gComhaontú seo ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:
(a)‘(A)’ i gcás nach bhfuil aon amhras ann faoi bharántúlacht, faoi iontaofacht ná faoi inniúlacht na foinse, nó má fuarthas na sonraí ó fhoinse a fuarthas go raibh sí iontaofa i gcónaí, san am atá thart;
(b)‘(B)’ i gcás gur foinse a fuarthas go raibh a cuid faisnéise iontaofa an chuid is mó den am atá ag soláthar na sonraí;
(c)‘(C)’ i gcás gur foinse a fuarthas go raibh a cuid faisnéise neamhiontaofa an chuid is mó den am atá ag soláthar na sonraí;
(d)‘(X)’ i gcás nach féidir iontaofacht na foinse a mheas.
(2)Cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl, a mhéid is féidir, ar a dhéanaí tráth aistriú na sonraí, cruinneas na sonraí ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:
(a)‘(1)’ i gcás sonraí nach bhfuil amhras ann maidir lena gcruinneas tráth an aistrithe;
(b)‘(2)’ i gcás sonraí is eol go pearsanta don fhoinse ach nach eol go pearsanta don oifigeach a bhfuil sí á cur ar aghaidh aige;
(c)‘(3)’ i gcás sonraí nach eol go pearsanta don fhoinse ach atá comhthacaithe le faisnéis eile atá taifeadta cheana féin;
(d)‘(4)’ i gcás sonraí nach eol go pearsanta don fhoinse agus nach féidir a chomhthacú.
(3)I gcás ina dtiocfaidh an t‑údarás inniúil is faighteoir ar an gconclúid, ar bhonn faisnéise atá ina sheilbh cheana féin, gur gá ceartú a dhéanamh ar an measúnú ar shonraí arna soláthar ag údarás inniúil an aistrithe nó ar fhoinse na faisnéise sin i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, cuirfidh sé an t‑údarás inniúil sin ar an eolas faoi sin agus déanfaidh sé iarracht teacht ar chomhaontú maidir le leasú ar an measúnú. Ní athróidh an t‑údarás inniúil is faighteoir an measúnú ar na sonraí a fhaightear ná ar fhoinse na sonraí sin gan comhaontú den sórt sin.
(4)Má fhaigheann údarás inniúil sonraí gan mheasúnú, déanfaidh sé iarracht a mhéid is féidir agus, i gcás inar féidir, i gcomhaontú le húdarás inniúil an aistrithe measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na foinse nó ar chruinneas na sonraí ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh cheana féin.
(5)Mura féidir measúnú iontaofa a dhéanamh, déanfar meastóireacht ar na sonraí i gcomhréir le mír 1, pointe d, agus le mír 2, pointe (d), de réir mar is infheidhme.
AIRTEAGAL 19
Slándáil sonraí
(1)Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go ndéanfar sonraí a aistreofar faoin gComhaontú seo a phróiseáil ar bhealach lena n‑áiritheofar slándáil iomchuí sonraí.
(2)Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go gcuirfear bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun sonraí a mhalartófar faoin gComhaontú seo a chosaint. Leagfar síos na módúlachtaí maidir le cur chun feidhme na mbeart sin idir Europol agus údaráis inniúla na Brasaíle.
(3)Maidir le huathphróiseáil sonraí, áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go gcuirfear bearta chun feidhme a bheidh ceaptha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)rochtain ar threalamh próiseála a úsáidtear le haghaidh próiseáil sonraí (rialú rochtana ar threalamh) a shéanadh ar dhaoine neamhúdaraithe;
(b)léamh, cóipeáil, athrú nó baint neamhúdaraithe mheáin sonraí a chosc (rialú meáin sonraí);
(c)ionchur neamhúdaraithe sonraí a chosc agus cigireacht neamhúdaraithe, leasú neamhúdaraithe nó scriosadh neamhúdaraithe na sonraí stóráilte a chosc (rialú stórála);
(d)cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide á úsáid acu úsáid a bhaint as córais uathphróiseála sonraí (rialú úsáideoirí);
(e)a áirithiú nach mbeidh rochtain ag daoine atá údaraithe chun córas uathphróiseála a úsáid ach ar na sonraí atá cumhdaithe faoina n‑údarú rochtana (rialú rochtana sonraí);
(f)a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé hiad na comhlachtaí a bhféadfar sonraí a tharchur chucu nó a bhfuil sonraí pearsanta tarchurtha chucu agus úsáid á baint as trealamh cumarsáide sonraí (rialú cumarsáide);
(g)a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé acu na sonraí a cuireadh isteach i gcórais uathphróiseála, cén uair a cuireadh isteach na sonraí agus cé a chuir isteach iad (rialú ionchuir);
(h)a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cad iad na sonraí pearsanta a ndearna duine den fhoireann iad a rochtain, cén duine den fhoireann a bhí i gceist, agus cén t‑am a ndearna an duine sin é sin (loga rochtana);
(i)cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí le linn sonraí a aistriú nó le linn meán sonraí a aistriú (rialú iompair);
(j)a áirithiú gur féidir córais atá suiteáilte, i gcás idirbhriste, a aischur láithreach (athshlánú);
(k)a áirithiú go bhfeidhmeoidh feidhmeanna an chórais gan locht, go ndéanfar lochtanna a thiocfaidh aníos sna feidhmeanna a thuairisciú láithreach (iontaofacht) agus nach bhféadfadh mífheidhmeanna córais sonraí stóráilte a thruailliú (sláine).
CAIBIDIL V
DÍOSPÓIDÍ
AIRTEAGAL 20
Díospóidí a réiteach
Na díospóidí ar fad a thiocfaidh chun cinn i ndáil le léirmhíniú, cur i bhfeidhm nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus aon ábhair a bhaineann leis, beidh comhairliúcháin agus caibidlíocht ann idir ionadaithe na bPáirtithe Conarthacha d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh comhaontaithe go frithpháirteach.
AIRTEAGAL 21
Clásal fionraíochta
(1)I gcás neamhchomhlíonadh oibleagáidí a eascraíonn as an gComhaontú seo, féadfaidh ceachtar Páirtí Conarthach an Comhaontú seo a chur ar fionraí go sealadach, go hiomlán nó go páirteach, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí Conarthach eile trí bhealaí taidhleoireachta. Ní thabharfar an fógra i scríbhinn sin go dtí go mbeidh na Páirtithe Conarthacha tar éis gabháil do thréimhse réasúnach comhairliúcháin gan teacht ar réiteach agus beidh éifeacht leis an bhfionraí 20 lá ón dáta a bhfaighfear an fógra sin. Féadfaidh an Páirtí Conarthach a chuirfidh an Comhaontú seo ar fionraí deireadh a chur leis an bhfionraí sin tráth a thabharfar fógra i scríbhinn don Pháirtí Conarthach eile. Cuirfear deireadh leis an bhfionraí láithreach a luaithe a gheofar an fógra sin.
(2)D’ainneoin an Comhaontú seo a chur ar fiontraí, leanfar de shonraí pearsanta agus neamhphearsanta a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo agus a aistrítear roimh a fhionraí a phróiseáil i gcomhréir leis an gComhaontú seo.
AIRTEAGAL 22
Foirceannadh
(1)Féadfaidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha an Comhaontú seo a fhoirceannadh aon tráth trí fhógra i scríbhinn a thabhairt trí bhealaí taidhleoireachta. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh 3 mhí tar éis an dáta a fhaightear an fógra.
(2)Má thugann ceachtar Páirtí Conarthach fógra foirceanta faoin Airteagal seo, cinnfidh na Páirtithe Conarthacha cé na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfar aon chomhar a thionscnófar faoin gComhaontú seo i gcrích ar bhealach iomchuí. In aon chás, maidir leis na sonraí pearsanta agus na sonraí neamhphearsanta uile a fhaightear trí chomhar faoin gComhaontú seo sula scoirfidh sé de bheith i bhfeidhm, áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go gcoinneofar ar bun an leibhéal cosanta faoinar aistríodh na sonraí pearsanta agus na sonraí neamhphearsanta tar éis don fhoirceannadh a theacht i bhfeidhm.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
AIRTEAGAL 23
Gaol le hionstraimí idirnáisiúnta eile
Leis an gComhaontú seo, ní dhéanfar dochar ná difear ar bhealach eile do na forálacha dlíthiúla a mhéid a bhaineann leis an malartú faisnéise dá bhforáiltear le haon chonradh maidir le cúnamh frithpháirteach dlí, le haon chomhaontú nó socrú comhair eile, nó le haon chaidreamh oibre forfheidhmithe dlí eile i ndáil le faisnéis a mhalartú idir an Bhrasaíl agus aon Bhallstát den Aontas.
AIRTEAGAL 24
Malartú faisnéis rúnaicmithe
I gcás inar gá faoin gComhaontú seo, leagfar síos na módúlachtaí maidir le malartú faisnéise rúnaicmithe idir Europol agus údaráis inniúla na Brasaíle.
AIRTEAGAL 25
Iarrataí ar Rochtain Phoiblí
Iarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid ina bhfuil sonraí pearsanta nó neamhphearsanta a aistrítear de bhun an Chomhaontaithe seo, cuirfear faoi bhráid Pháirtí Conarthach an aistrithe lena gceadú a luaithe is féidir.
AIRTEAGAL 26
Pointe teagmhála náisiúnta agus oifigigh idirchaidrimh
(1)Ainmneoidh an Bhrasaíl pointe teagmhála náisiúnta laistigh de Phóilíní Cónaidhme na Brasaíle chun gníomhú mar lárphointe teagmhála idir Europol agus údaráis inniúla na Brasaíle. Tabharfaidh an Bhrasaíl fógra don Aontas faoina pointe teagmhála náisiúnta ainmnithe. Áiritheoidh an Bhrasaíl go mbeidh an pointe teagmhála náisiúnta ar fáil go leanúnach ceithre huaire is fiche sa lá agus seacht lá na seachtaine. Aon mhalartú díreach idir Europol agus údaráis inniúla eile de chuid na Brasaíle, a bheidh teoranta do chomhthéacs na n‑oibríochtaí sonracha, ní mór údarú a fháil roimh ré agus go sainráite ón bpointe teagmhála náisiúnta ina leith.
(2)Féadfaidh Europol agus an Bhrasaíl a gcomhar a neartú mar a leagtar síos sa Chomhaontú seo trí oifigeach idirchaidrimh amháin nó níos mó ná sin a imscarfaidh an Bhrasaíl. Féadfaidh Europol oifigeach idirchaidrimh amháin nó níos mó a imscaradh chuig an mBrasaíl. Leagfar síos cúraimí na n‑oifigeach idirchaidrimh, a n‑uimhir agus na costais lena mbaineann idir Europol agus Póilíní Cónaidhme na Brasaíle.
AIRTEAGAL 27
Bealach slán cumarsáide
Bunófar bealach slán cumarsáide chun sonraí pearsanta agus neamhphearsanta a mhalartú idir Europol agus údaráis inniúla na Brasaíle. Leagfar síos na módúlachtaí maidir le bunú, cur chun feidhme, costais agus oibriú an bhealaigh shláin cumarsáide idir Europol agus Póilíní Cónaidhme na Brasaíle.
AIRTEAGAL 28
Speansas
Áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go n‑iompróidh na húdaráis inniúla a speansais féin, ar speansais iad a thagann chun cinn le linn an Comhaontú seo a chur chun feidhme, mura leagtar síos a mhalairt idir Europol agus Póilíní Cónaidhme na Brasaíle.
AIRTEAGAL 29
Fógra a thabhairt maidir le cur chun feidhme
(1)Déanfaidh gach Páirtí Conarthach foráil maidir lena n‑údaráis inniúla doiciméad a chur ar fáil go poiblí ina leagfar amach i bhfoirm intuigthe na forálacha maidir le sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo a phróiseáil, lena n‑áirítear na bealaí atá ar fáil chun cearta na n‑ábhar sonraí a fheidhmiú. Cuirfidh gach Páirtí Conarthach cóip den doiciméad sin ar fáil i bhfógra don Pháirtí Conarthach eile.
(2)Mura bhfuil siad i bhfeidhm cheana, áiritheoidh gach Páirtí Conarthach go nglacfaidh na húdaráis inniúla rialacha lena sonraítear conas a dhéanfar comhlíonadh na bhforálacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo a fhorfheidhmiú go praiticiúil. Cuirfidh gach Páirtí Conarthach cóip de na rialacha sin ar fáil i bhfógra don Pháirtí Conarthach eile agus do na húdaráis mhaoirseachta faoi seach.
(3)Is trí bhealaí taidhleoireachta, in aon nóta briathartha amháin, a dhéanfaidh Páirtí Conarthach fógraí de bhun Airteagail 14(1), 15, 26(1), 29(1) agus 29(2) den Chomhaontú seo.
AIRTEAGAL 30
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
(1)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha an Comhaontú seo a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin.
(2)Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an dáta a bhfaighfear an fógra i scríbhinn deireanach lenar thug na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile trí bhealaí taidhleoireachta go bhfuil na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 curtha i gcrích.
(3)Chun go dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, ceanglaítear go nglacfaidh an Páirtí Conarthach eile leis na fógraí ó Pháirtí Conarthach dá dtagraítear in Airteagal 29(3) trí bhealaí taidhleoireachta. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá tar éis an dáta a nglacfar go deireanach leis na fógraí dá dtagraítear in Airteagal 29(3).
(4)Ón tráth a thiocfaidh sé i bhfeidhm, áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go n‑aisghairfear go pras aon ionstraim dlí eile lena rialaítear an comhar idir Europol agus údaráis inniúla na Brasaíle.
AIRTEAGAL 31
Leasuithe agus forlíontaí
(1)Féadfar an Comhaontú seo a leasú i scríbhinn aon tráth trí chomhthoil idir na Páirtithe Conarthacha trí fhógra i scríbhinn a dhéanfar a mhalartú trí bhealaí taidhleoireachta. Tiocfaidh na leasuithe ar an gComhaontú seo i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta dlíthiúil céanna dá bhforáiltear in Airteagal 30(1) agus (2).
(2)Féadfar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo a thabhairt cothrom le dáta, de réir mar is gá, ach nótaí taidhleoireachta a mhalartú. Tiocfaidh nuashonrú den sórt sin i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta dlíthiúil céanna dá bhforáiltear in Airteagal 30(1) agus (2).
(3)Rachaidh na Páirtithe Conarthacha i mbun comhairliúcháin i ndáil leis an leasú ar an gComhaontú seo nó ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí Conarthach.
AIRTEAGAL 32
Athbhreithniú agus meastóireacht
(1)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a athbhreithniú go comhpháirteach bliain amháin tar éis dó teacht i bhfeidhm, agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, agus ina theannta sin má iarrann ceachtar Páirtí Conarthach amhlaidh agus má chinntear go comhpháirteach é.
(2)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha meastóireacht chomhpháirteach ar an gComhaontú seo 4 bliana tar éis dháta a chur i bhfeidhm.
(3)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha cinneadh roimh ré maidir leis na módúlachtaí a bhaineann leis an athbhreithniú ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus cuirfidh siad comhdhéanamh a bhfoirne féin in iúl dá chéile. Ar na foirne beidh saineolaithe ábhartha ar chosaint sonraí agus ar fhorfheidhmiú an dlí. Faoi réir na ndlíthe is infheidhme, ceanglófar ar na rannpháirtithe uile in athbhreithniú rúndacht na bpléití a urramú agus imréitigh shlándála iomchuí a bheith acu. Chun críocha aon athbhreithnithe, áiritheoidh an tAontas agus an Bhrasaíl go mbeidh rochtain ar dhoiciméadacht, ar chórais agus ar phearsanra ábhartha.
AIRTEAGAL 33
Tarraingeofar an Comhaontú seo suas i ndúblach, sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris, agus comhúdarás ag gach téacs. I gcás ina mbeidh aon éagsúlacht idir téacsanna an Chomhaontaithe seo, is ag an téacs Béarla a bheidh an forlámhas.
IARSCRÍBHINN I
RÉIMSÍ COIREACHTA
Is iad seo a leanas na cionta coiriúla:
–an sceimhlitheoireacht,
–an choireacht eagraithe,
–gáinneáil ar dhrugaí,
–gníomhaíochtaí sciúradh airgid,
–an choireacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha,
–smuigleáil inimirceach,
–gáinneáil ar dhaoine,
–an choireacht mhótarfheithicle,
–an dúnmharú, an mhórdhíobháil choirp,
–trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna,
–fuadach, srianadh agus tógáil giall neamhdhleathach,
–ciníochas agus seineafóibe,
–robáil agus tromghoid,
–gáinneáil aindleathach ar earraí cultúrtha, lena n‑áirítear seaniarsmaí agus saothair ealaíne,
–caimiléireacht agus calaois,
–an choireacht i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais,
–déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaí airgeadais,
–cambheartaíocht agus sracaireacht,
–góchumadh agus píoráideacht táirgí,
–brionnú doiciméad riarachán agus gáinneáil orthu,
–brionnú airgid agus modhanna íocaíochta,
–an choireacht ríomhaire,
–éilliú,
–gáinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin,
–gáinneáil aindleathach i speicis ainmhithe i mbaol,
–gáinneáil aindleathach ar speicis agus cineálacha plandaí atá i mbaol,
–an choireacht chomhshaoil, lena n‑áirítear truailliú ó longfhoinsí,
–gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile,
–mí‑úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach, lena n‑áirítear ábhar a bhaineann le mí‑úsáid ar leanaí agus sirtheoireacht leanaí chun críoch gnéasach,
–cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh.
Déanfaidh údaráis inniúla na Brasaíle measúnú ar na foirmeacha coireachta dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo i gcomhréir le dlí na Brasaíle agus déanfaidh Europol measúnú orthu i gcomhréir le dlíthe is infheidhme de chuid an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát.
IARSCRÍBHINN II
ÚDARÁIS INNIÚLA NA BRASAÍLE
Is iad seo a leanas údaráis inniúla na Brasaíle:
Póilíní Cónaidhme na Brasaíle, agus
Póilíní Sibhialta na Stát agus an Cheantair Chónaidhme, agus
Na haonaid den Aireacht Dlí agus Cirt agus Slándála Poiblí atá freagrach as cionta coiriúla a chosc agus a chomhrac i gcomhréir le dlí na Brasaíle.
IARSCRÍBHINN III
COMHLACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH AGUS ÚDARÁIS BHALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH
(a)Comhlachtaí an Aontais:
Misin/Oibríochtaí faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta, atá teoranta do ghníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí
An Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF)
An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)
An Banc Ceannais Eorpach (BCE)
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust)
Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
(b)na húdaráis atá freagrach as cionta coiriúla a chosc agus a chomhrac i mBallstáit an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 2(a) agus Airteagal 7 de Rialachán Europol.