AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.12.2024
COM(2024) 567 final
2024/0315(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2017/2226 agus Rialachán (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí an Chórais Dul Isteach/Imeachta
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
·Na cúiseanna atá leis an togra
Is cuid ríthábhachtach de bhainistiú teorainneacha limistéar Schengen é an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), rud a leagtar síos i Rialachán 2017/2226 (‘Rialachán EES’). Mar bhunachar sonraí láraithe, cláraítear in EES dul isteach, imeacht agus diúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha na 29 mBallstát le haghaidh gearrfhanachta. Is garsprioc nach beag EES maidir le hiarrachtaí an Aontais chun an tslándáil agus an éifeachtúlacht ag a theorainneacha seachtracha a fheabhsú. Den chéad uair, baileoidh córas sonraí bithmhéadracha, mar shampla íomhánna de na haghaidheanna agus méarloirg náisiúnach tríú tír a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha. Le EES deonófar rochtain fíor-ama do Bhallstáit Schengen ar shonraí pearsanta na náisiúnach tríú tír, a stair taistil agus faisnéis i dtaobh an gcomhlíonann siad an tréimhse ghearrfhanachta údaraithe i limistéar Schengen. Mar thoradh air sin, le EES laghdófar go mór an dóchúlacht go dtarlóidh calaois chéannachta agus rófhanacht, rud a neartóidh slándáil limistéar Schengen.
D’ainneoin iarrachtaí móra ó na Ballstáit, ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) agus ón gCoimisiún, ní féidir EES a sheoladh in R4 2024 mar a d’fhormhuinigh an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile i mí Dheireadh Fómhair 2023. Níl na fógraí uile ó na Ballstáit faighte ag an gCoimisiún de réir Airteagal 66(1)(c) de Rialachán EES, ar ceanglas dlíthiúil do EES é chun tús a chur le hoibríochtaí. Cé gur thug líon mór Ballstát fógra don Choimisiún faoina n‑ullmhacht, chuir Ballstáit áirithe in iúl nach bhfuil siad in ann é sin a dhéanamh. An tráth céanna, tá toisc riosca le haghaidh athléimneacht córais choimpléisigh TF, mar shampla Lárchóras EES, ag gabháil le tús iomlán a chur le hoibríochtaí thar oíche.
I bhfianaise an mhéid thuas, chuir páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le hoibríochtaí EES in iúl go soiléir gurbh fhearr leo go mbeadh tréimhse choigeartaithe ann sula dtabharfar isteach próiseas nua ag na teorainneacha seachtracha d’údaráis náisiúnta agus do thaistealaithe chun níos mó deimhneachta a thabhairt. D’fhéadfaí rioscaí maidir le taistil slán rianúil a bheith ag gabháil le córas TF nua ar mhórscála a sheoladh go hiomlán ag na pointí trasnaithe teorann uile i gcás ina n‑éilítear coigeartuithe teicniúla i bhfíor-am, go háirithe i limistéir ina bhfuil dúshláin cheana féin mar gheall ar an mbonneagar atá ann cheana, easpa spáis nó srianta eile. Tá na dúshláin sin níos measa mar gheall ar na difríochtaí i measc na mBallstát maidir leis an gcaoi a bhfuil EES á chur chun feidhme mar gheall ar éagsúlacht na bpointí trasnaithe teorann agus cineálacha éagsúla cur chuige maidir le huathoibriú agus cur in úsáid teicneolaíochtaí nua.
Mar sin féin, ní cheadaítear le Rialachán EES ach tús iomlán a chur le hoibríochtaí, lena gceanglaítear ar na Ballstáit uile tús a chur le EES a úsáid go hiomlán agus go comhuaineach i gcás na dtaistealaithe uile atá faoi réir clárú in EES ag gach ceann dá bpointí trasnaithe teorann seachtraí. Ní dhéantar foráil leis maidir leis an rogha tréimhse choigeartaithe a bheith ann.
I bhfianaise an mhéid thuas, is cosúil gur féidir cuspóirí EES a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí agus le cinnteacht níos fearr má thugtar isteach méid áirithe solúbthachta ag tús oibríochtaí an chórais. Chuige sin, meastar go bhfuil gá le Rialachán lena gcumasaítear tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí ar feadh tréimhse theoranta. Leis an Rialachán seo atá beartaithe, maolaítear ar Rialachán EES a mhéid is gá chun go mbeifear in ann tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí. Leis sin caomhnófar na hiarrachtaí atá déanta ag eu-LISA agus na Ballstáit araon, agus oibleagáidí EES á mbaint amach acu an tráth céanna chun bainistiú na dteorainneacha seachtracha a nuachóiriú agus chun rannchuidiú le slándáil inmheánach an Aontais Eorpaigh.
Thairis sin, leis an Rialachán atá beartaithe cuirtear cur chuige solúbtha ar fáil lena bhfreastalaítear ar riachtanais éagsúla na mBallstát. Leis an Rialachán cuirtear ar a gcumas do na daoine sin atá ag iarraidh é a chur chun feidhme de réir a chéile é sin a dhéanamh, agus é á chur ar a gcumas do dhaoine eile tús a chur le hoibríochtaí go hiomlán ón gcéad lá an tráth céanna. Mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach mbeidh tairbhí iomlána EES ar fáil go dtí go mbeidh na Ballstáit uile á chur chun feidhme ina iomláine.
Leis an togra seo tugtar isteach bearta lena gcuirtear ar a gcumas do na Ballstáit imthosca eisceachtúla a bhainistiú go héifeachtach, mar shampla fadhbanna teicniúla nó buaicthréimhsí taistil. Chun na rioscaí sin a mhaolú, is féidir leis na Ballstáit úsáid an chórais a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, ar feadh tréimhse ghearr le linn na tréimhse a bhfuiltear ag cur tús de réir a chéile le hoibríochtaí. Coinneofar an sásra sin freisin ar feadh tréimhse theoranta tar éis tús iomlán a bheith curtha leis na hoibríochtaí.
I malartuithe ar leibhéal na saineolaithe agus ar an leibhéal teicniúil, mar aon le malartuithe i mBord Bainistíochta eu-LISA, chuir formhór na mBallstát in iúl go dtacaíonn siad le tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí agus d’aithin siad go mbeifear in ann rialacha nua EES a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr ag na teorainneacha seachtracha a bhuí leis. Formhór iompróirí agus oibreoirí an bhonneagair a óstálann pointí trasnaithe teorainn, chuir siad fáilte roimh an gcur chuige céimnitheach freisin le linn cruinniú tiomnaithe leis na páirtithe leasmhara sin. Ba cheart do na Ballstáit comhordú iomchuí a dhéanamh le hoibreoirí bonneagair na bpointí trasnaithe teorann sin ag a n‑oibrítear EES. Ba cheart do na Ballstáit trédhearcacht maidir le cur in úsáid EES ag a bpointí trasnaithe teorann seachtraí a áirithiú agus a chinntiú go gcuirfear na bearta in iúl go héifeachtach d’iompróirí agus do thaistealaithe araon.
·Cuspóirí an togra
Eascraíonn cuspóirí ginearálta an togra seo as na spriocanna atá bunaithe ar na Conarthaí chun bainistiú theorainneacha seachtracha limistéar Schengen a fheabhsú tuilleadh trí thús a chur le rialacha comhchuibhithe EES maidir le gluaiseachtaí trasteorann a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir agus, dá bhrí sin, rannchuidiú le slándáil inmheánach an Aontais Eorpaigh.
Leagtar síos sa tionscnamh an bealach chun tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí EES, lena maolaítear go sealadach ar fhorálacha áirithe de Rialachán EES agus Rialachán (AE) 2016/399 (‘Cód Teorainneacha Schengen’) lena gceanglaítear ar na Ballstáit an córas a úsáid ina iomláine.
Is é cuspóir ginearálta an togra oibríochtú Rialachán EES a éascú, rud a chuirfidh ar a gcumas do na Ballstáit cuspóirí an chórais a bhaint amach go tráthúil éifeachtúil, ar cuspóirí iad a leagtar amach i Rialachán EES.
Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an togra:
1.solúbthacht a sholáthar do na Ballstáit chun tús a chur le EES a úsáid de réir a leibhéil ullmhachta i gcomhréir le hardchaighdeáin EES maidir le trealamh ardteicneolaíochta a úsáid chun sonraí a bhailiú;
1.coigeartuithe teicniúla agus oibríochtúla a éascú le linn na chéad tréimhse d’oibríochtaí EES tríd an gcóras a chur in úsáid de réir a chéile;
2.amanna feithimh fada a d’fhéadfadh a bheith ag na teorainneacha seachtracha a bhainistiú ar bhealach níos fearr agus iad a sheachaint;
3.feabhas a chur ar an staid reatha trína áirithiú go mbeidh rochtain ag úsáideoirí deiridh, mar shampla gardaí teorann, oifigigh inimirce, údaráis víosaí agus oifigigh forfheidhmithe dlí, ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta maidir le céannacht taistealaithe fiú amháin má tá na sonraí a thaifeadtar sa chóras neamhiomlán mar gheall ar EES a chur in úsáid de réir a chéile;
4.a áirithiú go mbeidh réitigh i bhfeidhm do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar chásanna gan choinne a d’fhéadfadh a theacht chun cinn tar éis thús a bheith curtha oibríochtaí EES chun suaitheadh ag teorainneacha seachtracha agus amanna feithimh fada a sheachaint;
5.é a chur ar a gcumas do na húdaráis náisiúnta, do thaistealaithe agus d’iompróirí iad féin a oiriúnú do na próisis agus teicneolaíochtaí nua bainistithe teorainneacha;
6.infheistíochtaí móra a rinneadh a chaomhnú, go háirithe infheistíochtaí i mbonneagar, i dtrealamh agus in acmhainní daonna, mar ullmhúchán le haghaidh thús oibríochtaí EES.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Is éard atá i gcreat dlíthiúil reatha an Aontais sa réimse seo reachtaíocht an Aontais maidir le rialuithe ag teorainneacha seachtracha. Leis an reachtaíocht atá beartaithe rannchuidítear freisin le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach i gCód Teorainneacha Schengen agus sa Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme.
Tá an togra comhsheasmhach leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.
Tá an Rialachán go hiomlán comhsheasmhach leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana maidir le cosaint sonraí. Soláthraítear leis maoluithe sealadacha spriocdhírithe ar Rialachán EES agus ar Chód Teorainneacha Schengen atá riachtanach chun go mbeifear in ann tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí EES.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Beidh an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES comhsheasmhach le cur i bhfeidhm an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) agus an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil a bheidh ann amach anseo, mar aon leis na comhpháirteanna idir-inoibritheachta a bheidh ann amach anseo atá á bhforbairt ag eu-LISA, is iad sin an tairseach chuardaigh Eorpach, an tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha, an stóras coiteann sonraí céannachta agus an brathadóir ilchéannachtaí. Déanfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus eu-LISA pleanáil athbhreithnithe comhtháite ETIAS a phlé agus a chomhaontú, mar aon leis na comhpháirteanna idir-inoibritheachta uile, i bhfianaise theacht i bhfeidhm EES a mheastar a bheidh ann.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•An bunús dlí
Foráiltear leis an Rialachán seo maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Rialachán EES agus de Chód Teorainneacha Schengen, forálacha a glacadh ar bhonn Airteagal 77(2)(b) agus (d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus Airteagal 87(2)(a) de CFAE, agus Airteagal 77(2)(b) agus (e) CFAE, faoi seach. Is iomchuí an Rialachán seo atá beartaithe a ghlacadh ar bhonn na bhforálacha céanna de CFAE agus atá i Rialachán EES.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ní fhéadfar gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a dhéanamh ach i gcás nach féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a ghnóthú astu féin.
Is é is aidhm don Rialachán atá beartaithe cur chun feidhme na rialacha a leagtar amach i Rialachán EES a chumasú. Tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí comhchórais faisnéise lena ngabhann rialacha comhchuibhithe, ní féidir leis na Ballstáit é sin a dhéanamh go leormhaith leo féin. Tá gá le gníomhaíocht ón Aontas chun a áirithiú go gcuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES.
•Comhréireacht
Tá an togra i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach toisc nach rachaidh sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a leagtar síos a bhaint amach.
Go háirithe, cruthaítear maolú teoranta ar Rialachán EES agus ar Chód Teorainneacha Schengen leis an Rialachán atá beartaithe, arb é is aidhm don mhaolú a bheith in ann tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí EES.
•An rogha ionstraime
Is le Rialachán is fearr is féidir cuspóirí an togra seo a shaothrú. Áiritheofar leis infheidhmeacht dhíreach na bhforálacha agus cur chuige aonfhoirmeach comhsheasmhach ar fud limistéar Schengen. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin toisc go maolaítear leis an Rialachán atá beartaithe ar Rialachán EES, lena mbunaítear lárchóras trína gcomhoibríonn na Ballstáit agus lena leagtar síos rialacha maidir le seiceálacha teorann, agus ar Chód Teorainneacha Schengen. Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an Rialachán atá beartaithe oibleagáidí aonfhoirmeacha ar na Ballstáit agus oibreoirí iompair a thabhairt isteach, an ionstraim iomchuí atá le húsáid chun cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach is ea Rialachán.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
•Bailiú agus úsáid saineolais
Tugadh aird chuí sa togra ar thorthaí próisis chuimsithigh comhairliúcháin le linn dhearadh agus fhorbairt EES. Áiríodh sa phróiseas sin plé le saineolaithe TF, saineolaithe beartais, saineolaithe oibríochtúla agus saineolaithe dlí ó na Ballstáit agus ó eu-LISA i gcomhthéacs Ghrúpa Comhairleach eu-LISA, Bord bainistíochta an Chláir, Bord Bainistíochta eu-LISA agus an Coiste um teorainn chliste. Bhí malartuithe le páirtithe leasmhara agus plé sa Chomhairle ann freisin.
•Measúnú tionchair
Tá sé beartaithe leis an togra maolú teoranta ar Rialachán EES agus ar Chód Teorainneacha Schengen a thabhairt isteach chun a áirithiú go gcuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES. I bhfianaise an chuspóra beartais, níl aon rogha beartais eile ar fáil. Dá bhrí sin, níl measúnú tionchair iomchuí ná ní gá ceann a dhéanamh.
Is in 2008 a cuireadh tús leis na measúnuithe tionchair a rinneadh le haghaidh EES, agus in éineacht leis an gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus an plé sa Chomhairle agus i bParlaimint na hEorpa, ba é ba bhonn do mheasúnú tionchair mionsonraithe arna ullmhú ag an gCoimisiún a bheith ag gabháil leis an togra maidir le Rialachán EES. Sa mheasúnú tionchair, díríodh ar na riachtanais ríthábhachtacha maidir le bainistiú teorainneacha nach mór aghaidh a thabhairt orthu le bunú EES. Is iad seo a leanas na príomhghealltanais is gá a chur i bhfeidhm: (i) feabhas a chur ar cháilíocht na seiceálacha teorann; (ii) sainaithint iontaofa daoine aonair a áirithiú; agus (iii) an tslándáil inmheánach agus an comhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí a neartú. Ní bhainfear na riachtanais sin amach ach amháin trí theacht i bhfeidhm EES.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
Cuirtear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a shainaithnítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh san áireamh go hiomlán sa togra. Go háirithe, cuirtear san áireamh sna bearta atá beartaithe Airteagal 6 den Chairt lena gcosnaítear an ceart bunúsach chun saoirse agus slándála, Airteagal 7 den Chairt lena gcosnaítear an ceart bunúsach atá ag gach duine go ndéanfar a shaol príobháideach agus saol a theaghlaigh nó a teaghlaigh a urramú agus Airteagal 8 maidir leis an gceart bunúsach go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Tá na bearta atá beartaithe i gcomhréir le hAirteagal 16 CFAE freisin, lena ráthaítear do gach duine an ceart go ndéanfar a sonraí pearsanta a chosaint.
Ní athraítear leis an togra na rialacha dochta maidir le rochtain ar EES, ná na coimircí is gá a leagtar amach i Rialachán EES, lena n‑áirítear sonraí pearsanta a urramú mar cheart bunúsach agus an ceart chun faisnéise.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleachtaí ag an togra seo maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Is é an clár a leagtar amach in Airteagal 72 de Rialachán EES an clár a leanann an clár chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, torthaí agus tionchair an Rialacháin atá beartaithe.
Ina theannta sin, le sásra comhsheasmhach atá bunaithe ar phleananna um fheidhmiú céimneach agus oibleagáidí tuairiscithe, is féidir cinnteoireacht agus faireachán foriomlán a dhéanamh sula gcuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí nó lena linn. Is toradh iad na pleananna um fheidhmiú céimneach arna bhforbairt ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal náisiúnta ar dhlúthchomhar idir na Ballstáit, eu-LISA agus an Coimisiún.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tá an togra comhdhéanta de na bloic a dtugtar tuairisc orthu thíos.
–Cur in úsáid céimnithe (Airteagail 1, 2 agus 4): Cuirfidh na Ballstáit tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES, agus tosóidh siad le 10 % ar a laghad de na trasnuithe teorann measta a chlárú agus déanfaidh siad clárúchán iomlán gach duine aonair a bhaint amach faoi dheireadh na tréimhse ina gcuirfear tús de réir a chéile leis na hoibríochtaí. Clárófar diúltuithe cead isteach ag na pointí trasnaithe teorann ag a n‑oibrítear EES. Beidh an deis ag na Ballstáit dlús a chur leis an gcur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta nó tús a chur le EES a oibriú go hiomlán. Cuirfidh Europol tús le EES a úsáid ón gcéad lá a chuirfear tús de réir a chéile leis na hoibríochtaí.
–Pleananna um fheidhmiú céimneach, faireachán agus tuairisciú (Airteagal 3): Leagfar amach na sonraí maidir le teacht i bhfeidhm de réir a chéile ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal náisiúnta i bpleananna eu-LISA agus na mBallstát um fheidhmiú céimneach, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Soláthróidh na Ballstáit tuarascálacha míosúla don Choimisiún agus do eu-LISA. I gcás ina gcinneann Ballstát tús a chur le EES a oibriú go hiomlán, ní mhíneofaí sa phlean um fheidhmiú céimneach ach an rogha sin.
–Rialacha sealadacha de mhaolú ar Rialachán EES agus ar Chód Teorainneacha Schengen (Airteagal 5): Beidh stampáil shainordaitheach ar dhoiciméid taistil le haghaidh gach duine aonair a thagann faoi raon feidhme EES fós i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse ina gcuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí. I gcás ina gcuirtear EES in úsáid, déanfaidh na Ballstáit sonraí taistealaithe a thaifeadadh óna ndoiciméid taistil. Féadfaidh na Ballstáit sonraí bithmhéadracha a thaifeadadh de réir a chéile. Measfaidh na húdaráis a fhaigheann rochtain ar na sonraí a chláraítear in EES le linn na tréimhse ina gcuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES agus measfaidh siad go bhfuil forlámhas ag na stampaí ar na sonraí a chláraítear in EES. Bainfear úsáid as an idir-inoibritheacht idir EES agus VIS ag pointí trasnaithe teorann ag a n‑oibrítear EES. Déanfar neamhshuim de na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfaisnéis a sholáthraítear leis an áireamhán uathoibrithe maidir le huasfhad an fhanachta údaraithe atá fágtha. Ní dhéanfar fíorú céannachta ná clárú náisiúnach tríú tír roimhe sin ach amháin ag na pointí trasnaithe teorann ag a n‑oibrítear EES le feidhmiúlachtaí bithmhéadracha. Déanfar an suíomh gréasáin, an feachtas faisnéise agus an teimpléad atá le tabhairt do thaistealaithe a oiriúnú chun léiriú a thabhairt ar an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí. Chun comhsheasmhacht ar fud ionstraimí dlí an Aontais agus cur i bhfeidhm soiléir na rialacha a áirithiú, cuirfear forálacha áirithe de Rialachán EES agus de Chód Teorainneacha Schengen ar fionraí le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES.
–Rochtain ar shonraí EES (Airteagal 6): Ba cheart d’údaráis ábhartha a mheas go bhféadfadh na sonraí a chláraítear in EES le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith neamhiomlán. Ní úsáidfidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sonraí a chlárófar in EES le linn na tréimhse ina gcuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí le haghaidh anailís riosca agus measúnuithe leochaileachta. Cuirfear ar fionraí úsáid roinnt feidhmiúlachtaí EES lena n‑éilítear cur i bhfeidhm aonfhoirmeach EES sna Ballstáit uile le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí. Ní fhéadfaidh iompróirí tús a chur leis an tseirbhís gréasáin a úsáid ach 90 lá tar éis thús na tréimhse ina gcuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí.
–Oibríochtaí EES a chur ar fionraí (Airteagal 7): I gcásanna eisceachtúla ina dteipeann ar Lárchóras EES, ar chórais náisiúnta nó ar bhonneagar cumarsáide, nó ina mbíonn tréimhsí feithimh iomarcacha ag teorainneacha, is féidir leis na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan aon sonraí a thaifeadadh (fionraí iomlán) nó gan sonraí bithmhéadracha a thaifeadadh (fionraí pháirteach). Beidh fionraí pháirteach féideartha tar éis an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí ar feadh tréimhse theoranta a bheith thart, in imthosca eisceachtúla as a n‑eascraíonn an oiread sin tráchta go mbíonn am feithimh ag pointe trasnaithe teorann iomarcach.
–Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm (Airteagal 8): Leagtar amach sa togra trí chéim infheidhmeachta: (i) beidh an obair ullmhúcháin a bhaineann leis na pleananna um fheidhmiú céimneach dá dtagraítear in Airteagal 3 mar thoradh ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe; (ii) tosóidh an tréimhse ina gcuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí ón dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán EES tar éis na fógraí uile a fháil ó na Ballstáit de réir Airteagal 66(1)(c) de Rialachán EES; agus (iii) beidh feidhm ag tréimhse infheidhmeachta shínithe maidir le roinnt de na rialacha dímheasúla maidir le cur i bhfeidhm na hidirthréimhse agus na mbeart idirthréimhseach, rochtain ar chomhaid neamhiomlána agus iad a úsáid agus maidir leis an oibleagáid atá ar iompróirí stampaí a ghreamaítear de na doiciméid taistil dá dtagraítear in Airteagal 6 a fhíorú agus an sásra fionraíochta dá dtagraítear in Airteagal 7. Ba cheart breathnú ar na fógraí ó na Ballstáit de réir Airteagal 66(1)(c) de Rialachán EES i bhfianaise an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí. Trí na fógraí sin, deimhníonn na Ballstáit go bhfuil siad in ann EES a úsáid. Mar sin féin, ní hionann sin agus a rá nach mór do gach pointe trasnaithe teorann a bheith go hiomlán réidh agus feistithe ó thús an chur chuige céimnitheach.
2024/0315 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2017/2226 agus Rialachán (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí an Chórais Dul Isteach/Imeachta
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (b) agus (d) agus Airteagal 87(2), pointe (a), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)In Airteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena mbunaítear an Córas Dul Isteach/Imeachta, foráiltear go bhfuil an Coimisiún le cinneadh a dhéanamh maidir leis an dáta a chuirfidh EES tús le hoibríochtaí, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe.
(2)Mar sin féin, níl na fógraí uile de bhun Airteagal 66(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2017/2226 faighte ag an gCoimisiún, ar ceann de na coinníollacha maidir le cinneadh a dhéanamh faoi thús oibríochtaí EES é sin.
(3)Ní cheadaítear le Rialachán (AE) 2017/2226 ach tús iomlán a chur le hoibríochtaí, rud a cheanglaítear ar na Ballstáit uile tús a chur le EES a úsáid go hiomlán le haghaidh na náisiúnach tríú tír uile atá faoi réir clárú in EES agus EES a úsáid go comhuaineach ag a bpointí trasnaithe teorann uile.
(4)Chun an tsolúbthacht is gá a thabhairt do na Ballstáit chun tús a chur le EES a úsáid de réir a leibhéil ullmhachta agus chun coigeartuithe teicniúla agus oibríochtúla a éascú agus iad ag cur tús le EES a oibriú, is gá rialacha a leagan síos maidir le tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí EES. Chun a áirithiú gur léiriú iad na coigeartuithe sin ar shreabhadh taistil féideartha agus ar bhuaic shéasúrach fhéideartha, ba cheart 180 lá féilire a bheith i gceist le tús mar sin a chur leis de réir a chéile.
(5)Dá bhrí sin, chun go mbeifear in ann tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí EES, is gá maolú ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2017/2226 agus Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Cód Teorainneacha Schengen’). Tá feidhm ag rialacha eile a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2226 nach ndéantar difear dóibh leis an Rialachán seo mar a fhoráiltear sa Rialachán sin. Go háirithe, leanann na sonraí a thaifeadtar in EES le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2226 agus meastar go bhfuil siad iontaofa agus cruinn.
(6)Ba cheart do na Ballstáit tús a chur de réir a chéile le EES a oibriú chun sonraí na náisiúnach tríú tír a thaifeadadh atá faoi réir clárú in EES ag pointe trasnaithe teorann amháin nó níos mó, ar dul isteach agus imeacht dóibh. Más féidir agus más infheidhme, ba cheart do na Ballstáit comhcheangal de phointí trasnaithe teorann aeir, talún agus mara a chuimsiú. Chun seoladh rialaithe EES a áirithiú agus chun amanna feithimh fada a d’fhéadfadh a bheith ag na teorainneacha a bhainistiú ar bhealach níos fearr agus iad a sheachaint, i gcás inarb ábhartha, ba cheart do na Ballstáit feidhmiúlachtaí uile EES a úsáid de réir a chéile agus sonraí na náisiúnach tríú tír uile atá faoi réir clárú in EES a chlárú de réir a chéile. Chun cur chuige comhordaithe a áirithiú, ba cheart an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí a chur chun feidhme i gcéimeanna, rud ar cheart na híoscheanglais a bheidh le baint amach ag na Ballstáit a leagan síos leis. Beidh an deis ag na Ballstáit dlús a chur leis an gcur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta nó tús a chur le EES a oibriú go hiomlán ó thús an chur chuige chéimnithigh.
(7)Chun cur in úsáid rianúil EES a éascú, ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) plean ardleibhéil um fheidhmiú céimneach a fhorbairt chun treoraíocht a sholáthar do na Ballstáit agus do ghníomhaireachtaí an Aontais maidir le cur in úsáid EES a phleanáil agus a chur i gcrích le linn an túis a chuirfear de réir a chéile lena hoibríochtaí agus ba cheart di an plean a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus ghníomhaireachtaí an Aontais. Ba cheart a chuimsiú sa phlean sin teorainneacha acmhainneachta an Lárchórais mar a shonraíonn eu-LISA le haghaidh gach céime cur in úsáid. Ba cheart acmhainneacht an Lárchórais mar a leagtar amach sa phlean ardleibhéil um fheidhmiú céimneach a chur san áireamh sna cinntí ó na Ballstáit.
(8)Chun cur in úsáid rianúil EES a éascú, ba cheart do na Ballstáit pleananna náisiúnta um fheidhmiú céimneach a fhorbairt i gcomhairle leis an gCoimisiún agus eu-LISA. I gcás gach ceann de chéimeanna an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, ba cheart a chuimsiú sna pleananna náisiúnta um fheidhmiú céimneach an fhaisnéis faoi na tairseacha agus na ceanglais a leagtar síos, go háirithe an méid seo a leanas: (i) an dáta óna n‑oibreofar EES ag gach pointe trasnaithe teorann; (ii) céatadán an lín mheasta trasnuithe teorann atá le clárú in EES as líon iomlán na náisiúnach tríú tír atá faoi réir clárú in EES; agus (iii) i gcás inarb infheidhme, na feidhmiúlachtaí bithmhéadracha atá le hoibriú ag gach pointe trasnaithe teorann a roghnaítear. Agus a bpleananna náisiúnta féin um fheidhmiú céimneach á n‑ullmhú acu, moltar do na Ballstáit comhordú iomchuí a dhéanamh le hoibreoirí an bhonneagair ina bhfuil pointí trasnaithe teorann lonnaithe. Chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha míosúla a sholáthar don Choimisiún agus do eu-LISA maidir le cur chun feidhme a bpleananna um fheidhmiú céimneach. Ba cheart a chuimsiú sna tuarascálacha míosúla sin bearta ceartaitheacha, i gcás inar gá, chun comhlíonadh an túis a chuirfear leis de réir a chéile le hoibríochtaí a áirithiú.
(9)Mar gheall ar an tús a chuirfear de réir a chéile le EES agus neamhiomláine fhéideartha na sonraí a thaifeadtar in EES, ba cheart doiciméid taistil náisiúnach tríú tír a stampáil ar dhul isteach agus imeacht dóibh le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta neamhiomláine fhéideartha na dtaifead ar dhul isteach/imeacht nó na dtaifead ar dhiúltú cead isteach a chur san áireamh agus ba cheart dóibh a mheas go bhfuil forlámhas ag stampaí ar an bhfaisnéis a chláraítear in EES. Ina theannta sin, agus faisnéis á soláthar do náisiúnaigh tríú tír faoi uasfhad a bhfanachta údaraithe atá fágtha, ba cheart do na húdaráis náisiúnta a measúnú a bhunú ar na stampaí a ghreamaítear de na doiciméid taistil. Ba cheart forlámhas a bheith ag na sonraí a thaifeadtar in EES i gcás ina bhfuil stampa in easnamh.
(10)Ós rud é go bhféadfadh na sonraí a cláraíodh in EES le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith neamhiomlán, níor cheart do na húdaráis náisiúnta na torthaí a sholáthraítear leis an áireamhán uathoibrithe maidir le huasfhad an fhanachta údaraithe atá fágtha ag náisiúnaigh tríú tír atá cláraithe in EES a chur san áireamh. Ar an gcuma chéanna, agus a gcúraimí á gcur i gcrích ag na húdaráis náisiúnta, níor cheart dóibh an sásra uathoibrithe a chur san áireamh chun an easpa taifead ar imeacht a shainaithint nó a mharcáil tar éis dháta éaga an fhanachta údaraithe nó tar éis na dtaifead inar sáraíodh uasfhad an fhanachta údaraithe, lena ngintear liostaí de dhaoine a shainaithnítear mar rófhantóirí.
(11)Chun an t‑am is gá a sholáthar do na Ballstáit dul in oiriúint do thús EES, le haghaidh na gcéad 60 lá féilire den tús a chuirfear de réir a chéile leis na hoibríochtaí, níor cheart úsáid feidhmiúlachtaí bithmhéadracha ag pointí trasnaithe teorann a bheith sainordaitheach. Tráth nach déanaí ná an 90ú lá féilire tar éis an túis a chuirfear de réir a chéile leis na hoibríochtaí, ba cheart do na Ballstáit EES a oibriú le feidhmiúlachtaí bithmhéadracha ag leath dá bpointí trasnaithe teorann ar a laghad. Níor cheart soláthar sonraí bithmhéadracha a bheith ina choinníoll maidir le dul isteach le haghaidh náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir clárú in EES ag na pointí trasnaithe teorann ag a n‑oibrítear EES gan feidhmiúlachtaí bithmhéadracha.
(12)Chun freastal ar an ngá EES a chur in úsáid de réir feidhmiúlachtaí bithmhéadracha ag roinnt pointí trasnaithe teorann, níor cheart fíorú bithmhéadrach náisiúnach tríú tír atá faoi réir clárú in EES a dhéanamh ach amháin ag na pointí trasnaithe teorann ag a n‑oibrítear EES le feidhmiúlachtaí bithmhéadracha.
(13)Chun comhleanúnachas oibríochtaí na hidir-inoibritheachta idir an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus EES a áirithiú, níor cheart rochtain dhíreach a fháil ar VIS ach ag na pointí trasnaithe teorann sin nach n‑oibrítear EES acu. Ag na pointí trasnaithe teorann ag a n‑oibrítear EES, ba cheart do na húdaráis teorann úsáid a bhaint as an idir-inoibritheacht idir EES agus VIS.
(14)Ba cheart náisiúnaigh tríú tír a bhfuil a gcuid sonraí le taifeadadh in EES a chur ar an eolas faoina gcearta agus a n‑oibleagáidí maidir le próiseáil a gcuid sonraí i bhfoirm teimpléid dá bhforáiltear in Airteagal 50(5) de Rialachán (AE) 2017/2226. San fhaisnéis atá le soláthar do náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir clárú EES, ba cheart tagairt a dhéanamh don tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES. Ba cheart náisiúnaigh tríú tír a chur ar an eolas sa teimpléad maidir lena n‑oibleagáid sonraí bithmhéadracha a sholáthar ag pointí trasnaithe teorann i gcás ina bhfuil sé ina choinníoll maidir le dul isteach. Ba cheart iad a chur ar an eolas sa teimpléad faoi na hiarmhairtí a bheadh ann mura gcuirfí sonraí bithmhéadracha ar fáil. Ba cheart a chur in iúl dóibh sa teimpléad nach mbeidh siad in ann fad an fhanachta údaraithe atá fágtha a fhíorú trí mhodhanna uathoibrithe.
(15)Chun léiriú a thabhairt ar an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, ba cheart don Choimisiún nuashonruithe ábhartha a thabhairt isteach ar shuíomh gréasáin EES.
(16)B’fhearr a bhainfí amach an aidhm feasacht a mhúscailt i measc náisiúnach tríú tír maidir lena gcearta agus a n‑oibleagáidí sonracha dá ndéanfadh na Ballstáit cur chun feidhme an fheachtais a shaincheapadh agus sin bunaithe ar an gcaoi a n‑oibreodh EES ag a dteorainneacha ag a n‑oibrítear EES i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/2226. Dá bhrí sin, ba cheart na hábhair faisnéise a d’fhorbair an Coimisiún le tacaíocht ó na Ballstáit i gcomhthéacs Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2017/2226 a oiriúnú chun an feachtas faisnéise a dhéanamh, feachtas a ghabhann leis an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí.
(17)Le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, ní bheidh náisiúnaigh tríú tír in ann fad beacht a bhfanachta údaraithe a fhíorú go leictreonach.
(18)Ní dhéanann an Rialachán seo difear d’oibleagáidí aeriompróirí, muiriompróirí agus iompróirí idirnáisiúnta a iompraíonn grúpaí thar tír i gcóiste mar a leagtar amach in Airteagal 26(1) den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Treoir 2001/51/CE ón gComhairle. I ndáil leis sin, ba cheart d’iompróirí na stampaí a ghreamaítear de dhoiciméid taistil a fhíorú. Chun cumarsáid éifeachtach le hiompróirí a áirithiú maidir le EES a chur i bhfeidhm ag na pointí trasnaithe teorann, rud a dtairbheodh taistealaithe de, tá sé ríthábhachtach go mbeidh na Ballstáit trédhearcach maidir le EES a chur in úsáid ag na pointí trasnaithe teorann.
(19)Foráiltear le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2017/2226 agus Airteagal 12a de Rialachán (AE) 2016/399 maidir le hidirthréimhse agus bearta idirthréimhseacha lena dtagraítear do thús oibríochtaí EES. Is gá a mhaolú ar na hAirteagail sin chun a áirithiú nach mbeidh feidhm ag an idirthréimhse ná ag na bearta idirthréimhseacha ach amháin go dtí go mbeidh an tús a chuirfear de réir a chéile leis na hoibríochtaí thart. Ba cheart gan feidhm a bheith ag an maolú sin 5 bliana agus 180 lá féilire tar éis an dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226.
(20)Chun a áirithiú nach seachnóidh údaráis náisiúnta agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu, cinntí atá bunaithe go heisiach ar shonraí atá cláraithe in EES, ba cheart dóibh a chur san áireamh go bhféadfadh tacair sonraí neamhiomlána a bheith i gcomhaid aonair a chláraítear in EES. Ba cheart gan feidhm a bheith ag an maolú sin 5 bliana tar éis an dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 chun an tréimhse choinneála 5 bliana le haghaidh tacair sonraí a léiriú a bhfuil an taifead ar imeacht in easnamh ina leith mar a leagtar amach in Airteagal 34(3) den Rialachán sin.
(21)Agus comhlíontacht na bhforálacha i Rialachán (AE) 2017/2226 maidir le sonraí a leasú agus luath‑léirscriosadh sonraí á n‑áirithiú ag na Ballstáit, ba cheart dóibh na sonraí neamhiomlána a chomhlánú a mhéid is ceadmhach le hinfhaighteacht theoranta na dtacar sonraí atá cláraithe in EES le linn an túis a chuirfear de réir a chéile leis na hoibríochtaí.
(22)Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta staonadh ó shonraí atá cláraithe in EES a úsáid le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí chun anailísí riosca agus measúnuithe leochaileachta a dhéanamh mar gheall ar neamhiomláine na sonraí a bhféadfadh measúnuithe míthreoracha riosca agus leochaileachta a bheith mar thoradh orthu.
(23)Chun bainistiú éifeachtach na dteorainneacha seachtracha a áirithiú le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, ag na pointí trasnaithe teorann nach n‑oibrítear EES acu, ba cheart seiceálacha teorann a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 de réir mar is infheidhme [an lá roimh an dáta a thosóidh EES oibríochtaí mar a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226]. Ag pointe trasnaithe teorann ag a n‑oibrítear EES, ba cheart seiceálacha teorann a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2226 agus Cód Teorainneacha Schengen. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag maoluithe sonracha ar na Rialacháin sin a mhéid a bhaineann le fíorú ag na pointí trasnaithe teorann ag n‑oibrítear EES gan feidhmiúlachtaí bithmhéadracha chun gur féidir tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí. Ba cheart é sin a dhéanamh gan dochar d’fhíoruithe sealbhóirí víosa trí mhéarloirg a úsáid, i gcomhréir le Rialachán (CE) 787/2008.
(24)Chun gur féidir dul in oiriúint go héifeachtach do na socruithe teicniúla agus eagraíochtúla le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES i ngach Ballstát agus chun aghaidh a thabhairt ar imthosca eisceachtúla a bhaineann le cliseadh Lárchóras EES, na gcóras náisiúnta nó an bhonneagair cumarsáide, nó le hamanna feithimh iomarcacha ag a dteorainneacha, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit oibríochtaí EES ag pointí trasnaithe teorann áirithe a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach. I gcás fionraí pháirteach, ba cheart clárú sonraí bithmhéadracha in EES a chur ar fionraí. I gcás fionraí iomlán, níor cheart aon sonraí a chlárú in EES. Chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí breise a bhaineann le cur in úsáid EES le feidhmiúlachtaí bithmhéadracha, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit, in imthosca eisceachtúla as a n‑eascraíonn trácht atá chomh dian sin go n‑éiríonn na hamanna feithimh ag teorainneacha iomarcach, clárú sonraí bithmhéadracha in EES a chur ar fionraí tar éis an tús a chuirfear de réir a chéile leis na hoibríochtaí a bheith thart. Ba cheart an fionraí sin a bheith féideartha ar feadh tréimhse theoranta 60 lá tar éis an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith thart agus ba cheart síneadh 60 lá a chur leis más rud é go bhfuil sonraí bithmhéadracha i níos lú ná 80 % de na comhaid aonair atá cláraithe in EES le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES.
(25)Ba cheart do eu-LISA tuarascálacha a eisiúint i ndáil le staidreamh maidir le húsáid an chórais, rud ar cheart na nithe seo a leanas a dhéanamh leis: meastóireacht ar fheidhmíocht an chórais, measúnú ar chomhlíontacht na mBallstát leis na pleananna um fheidhmiú céimneach, réimsí le feabhas a chur orthu a shainaithint, faireachán ar chomhlíonadh an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EEA, agus tacú le cinnteoireacht a bhaineann le tuilleadh forbartha agus optamaithe an chórais.
(26)Ba cheart an obair ullmhúcháin a bhaineann leis na pleananna um fheidhmiú céimneach a bheith mar thoradh ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart tús a chur de réir a chéile leis na hoibríochtaí ón dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán EES. Ós rud é go bhforáiltear leis an Rialachán seo maidir le maoluithe sealadacha, ba cheart gan feidhm a bheith aige 180 lá féilire tar éis an dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226. Mar sin féin, na rialacha maolúcháin maidir le cur i bhfeidhm na hidirthréimhse agus na mbeart idirthréimhseach, rochtain ar shonraí EES, fíorú a bheith á dhéanamh ag iompróirí ar stampaí a ghreamaítear de na doiciméid taistil, agus EES a chur ar fionraí, ba cheart feidhm a bheith acu ar feadh tréimhse theoranta tar éis an tús a chuirfear de réir a chéile leis na hoibríochtaí a bheith thart.
(27)Maidir le cuspóir an Rialacháin seo lena n‑údaraítear maoluithe ar Rialachán (AE) 2017/2226 agus Rialachán (AE) 2016/299 chun foráil a dhéanamh maidir le tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí EES, ní féidir leis na Ballstáit é a bhaint amach go leormhaith agus, de bharr scála agus thionchar na gníomhaíochta, is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(28)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, ba cheart don Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, cinneadh a dhéanamh laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.
(29)Níl an Rialachán seo ina fhorbairt ar fhorálacha acquis Schengen a bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle. dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(30)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas a stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle.
(31)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle.
(32)Maidir le Lichtinstéin, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle.
(33)Maidir leis an gCipir, is é atá i bhforálacha an Rialacháin seo a bhaineanna le VIS forálacha a chuireann le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003. Chun EES a oibriú, ní mór rochtain éighníomhach ar VIS a dheonú. Ós rud é nach bhféadfaidh ach na Ballstáit sin a chomhlíonann na coinníollacha a bhaineann le VIS EES a oibriú, ní oibreoidh an Chipir EES ó thús na n‑oibríochtaí. Tá an Chipir le nascadh le EES a luaithe a chomhlíonfar coinníollacha an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2017/2226.
(34)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé an tuairim uaidh an [xx].
(35)Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha dochta a bhaineann le rochtain ar EES, mar aon leis na coimircí riachtanacha don rochtain sin. Lena chois sin, leagtar amach ann cearta an duine aonair i ndáil le rochtain, ceartú, comhlánú, léirscriosadh agus sásamh, go háirithe an ceart leigheas breithiúnach a fháil agus an ceart go ndéanfadh údaráis neamhspleácha phoiblí maoirseacht ar oibríochtaí próiseála. Dá bhrí sin, leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun dínite daonna, an toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éignithe, an ceart chun saoirse agus slándála, meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun neamh‑idirdhealaithe, cearta an linbh, cearta daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas a lánpháirtiú agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil.
(36)Tá an Rialachán seo gan dochar do na hoibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún na Ginéive a bhaineann le stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí an Chórais Dul Isteach/Imeachta (EES) ag teorainneacha na mBallstát ag a n‑oibrítear EES i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/2226 agus maoluithe sealadacha ar Rialachán (AE) 2017/2226 agus ar Rialachán (AE) 2016/399.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2017/2226. Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)ciallaíonn ‘tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES’ an tréimhse 180 lá féilire a thosaíonn ón dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226;
(b)ciallaíonn ‘údaráis náisiúnta’ na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/2226;
(c)ciallaíonn ‘líon measta trasnuithe teorann’ líon trasnuithe teorann a mheasann Ballstát de náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/2226 i ngach Ballstát ar bhonn meán bliantúil líon iomlán trasnuithe teorann na náisiúnach tríú tír a thaistealaíonn le haghaidh tréimhse ghearrfhanachta sa Bhallstát sin, meán a ríomhtar le haghaidh na 3 bliana roimhe sin ó dháta an chur i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 8(1), an dara fomhír, den Rialachán seo.
Airteagal 3
Na pleananna um fheidhmiú céimneach
1.Faoin [30ú lá féilire tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], soláthróidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) plean ardleibhéil um fheidhmiú céimneach maidir leis an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES don Choimisiún, do na Ballstáit, agus do Europol freisin, agus na céimeanna a leagtar amach in Airteagal 4 á gcur san áireamh. Ba cheart treoraíocht maidir le húsáid EES do na Ballstáit agus do Europol a bheith sa phlean sin um fheidhmiú céimneach, lena n‑áirítear teorainneacha acmhainneachta Lárchóras EES.
2.Faoin [60ú lá féilire tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le eu-LISA, forbróidh na Ballstáit plean náisiúnta um fheidhmiú céimneach maidir leis an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, agus an plean ardleibhéil um fheidhmiú céimneach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na céimeanna a leagtar amach in Airteagal 4 á gcur san áireamh.
3.I gcás gach ceann de na céimeanna a leagtar amach in Airteagal 4, cuimseofar sna pleananna náisiúnta um fheidhmiú céimneach an fhaisnéis maidir leis na tairseacha agus na ceanglais a leagtar amach san Airteagal sin.
4.Ón 30ú lá féilire tar éis an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, soláthróidh na Ballstáit tuarascálacha míosúla don Choimisiún agus do eu-LISA maidir le cur chun feidhme a bpleananna náisiúnta um fheidhmiú céimneach, lena n‑áirítear bearta ceartaitheacha i gcás inar gá chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4 a chomhlíonadh.
5.Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh eu-Lisa don Choimisiún an staidreamh is gá chun faireachán a dhéanamh ar na pleananna náisiúnta um fheidhmiú céimneach, i gcomhréir le hAirteagal 63(6) de Rialachán (AE) 2017/2226.
Airteagal
4
Tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí
1.De mhaolú ar Airteagal 66(6) de Rialachán (AE) 2017/2226 le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, úsáidfidh na Ballstáit EES mar a leagtar amach san Airteagal seo.
2.Ón gcéad lá a chuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES, tosóidh gach Ballstát de bheith ag úsáid EES ar dhul isteach agus ar imeacht do dhaoine ag pointe trasnaithe teorann amháin nó níos mó agus, más féidir agus más infheidhme, le meascán de phointí trasnaithe teorann aeir, talún agus mara, chun sonraí na náisiúnach tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/2226 a thaifeadadh agus a stóráil. Cláróidh na Ballstáit in EES 10 % ar a laghad den líon measta trasnuithe teorann sa Bhallstát sin.
Le haghaidh na gcéad 60 lá féilire ón tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, féadfaidh na Ballstáit EES a oibriú gan feidhmiúlachtaí bithmhéadracha, agus féadfaidh na húdaráis náisiúnta sainchomhaid nach bhfuil sonraí bithmhéadracha iontu a chruthú nó a nuashonrú.
3.Tráth nach déanaí ná an 90ú lá féilire tar éis an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, oibreoidh na Ballstáit EES le feidhmiúlachtaí bithmhéadracha ag leath dá bpointí trasnaithe teorann ar a laghad. Cláróidh na Ballstáit 50 % ar a laghad den líon measta trasnuithe teorann sa Bhallstát sin. Beidh sonraí bithmhéadracha i gcomhaid aonair na náisiúnach tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/2226 atá cláraithe in EES.
4.Tráth nach déanaí ná an 150ú lá féilire tar éis an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, oibreoidh na Ballstáit EES le feidhmiúlachtaí bithmhéadracha ag a bpointí trasnaithe teorann uile agus leanfaidh siad de bheith ag clárú in EES 50 % ar a laghad den líon measta trasnuithe teorann sa Bhallstát sin.
5.Tráth nach déanaí ná an 170ú lá féilire tar éis an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, oibreoidh na Ballstáit EES le feidhmiúlachtaí bithmhéadracha ag a bpointí trasnaithe teorann uile agus cláróidh siad in EES na náisiúnaigh tríú tír uile dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/2226.
6.Diúltuithe cead isteach, nithe a chinnfear ag pointe trasnaithe teorann ag a n‑oibrítear EES, taifeadfar in EES iad, mar a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/2226. I gcás ina n‑oibrítear EES le feidhmiúlachtaí bithmhéadracha, taifeadfar diúltuithe cead isteach le sonraí bithmhéadracha. I gcás ina n‑oibrítear EES gan feidhmiúlachtaí bithmhéadracha, taifeadfar diúltuithe cead isteach gan sonraí bithmhéadracha.
7.Ón gcéad lá a chuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES, úsáidfidh Europol EES mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2017/2226.
Airteagal 5
Maoluithe eile ar Rialachán (AE) 2017/2226 agus Rialachán (AE) 2016/399
1.I dteannta rialacha Airteagal 4, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach san Airteagal seo nuair a chuirfear tús de réir a chéile le hoibríochtaí EES.
2.Déanfaidh údaráis teorann doiciméid taistil na náisiúnach tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/2226 a stampáil ar dhul isteach agus imeacht dóibh.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí stampála dá dtagraítear in Airteagal 42a(1), an dara fomhír, agus in Airteagal 42a(2), (5) agus (6) de Rialachán (AE) 2016/399 sna Ballstáit a oibríonn EES.
3.Maidir leis na sonraí atá in EES a iontráil, a scriosadh agus a cheadú, measfaidh údaráis náisiúnta atá inniúil ar chríocha a leagtar síos in Airteagail 23 go 35 de Rialachán (AE) 2017/2226 go bhfuil forlámhas ag stampaí ar shonraí EES, lena n‑áirítear i gcásanna neamhréireachta nó i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 16(4) den Rialachán sin. Beidh forlámhas ag na sonraí a thaifeadtar in EES i gcás ina bhfuil stampa in easnamh.
4.In éagmais stampa a bheith greamaithe den doiciméad taistil agus de chomhad aonair a cruthaíodh in EES le haghaidh náisiúnach tríú tír atá i láthair ar chríoch na mBallstát, féadfaidh na húdaráis náisiúnta a thoimhdiú nach gcomhlíonann an náisiúnach tríú tír na coinníollacha a bhaineann le dul isteach nó fanacht sna Ballstáit nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh iad.
Ní bheidh feidhm ag an toimhde sin maidir le náisiúnaigh tríú tír atá in ann, ar bhealach ar bith, fianaise inchreidte a sholáthar go bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais, go bhfuil ceart cónaithe acu i mBallstát óstach faoin gComhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, nó go bhfuil cead cónaithe nó víosa fadfhanachta acu.
Féadfar diúltú don toimhde sin i gcás ina soláthraíonn na náisiúnaigh tríú tír, ar bhealach ar bith, fianaise inchreidte gur urramaigh siad na coinníollacha a bhaineann le fad gearrfhanachta.
I gcás ina ndiúltaítear don toimhde, déanfaidh na húdaráis náisiúnta ceann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas ag na pointí trasnaithe teorann ag a n‑oibrítear EES, a mhéid a cheadaítear leis an Rialachán seo:
(a)sainchomhad don náisiúnach tríú tír sin a chruthú in EES, más gá;
(b)an taifead is déanaí ar dhul isteach/imeacht a nuashonrú trí na sonraí atá in easnamh a iontráil;
(c)comhad atá ann cheana a léirscriosadh i gcás ina bhforáiltear le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2017/2226 go ndéanfar léirscriosadh den sórt sin.
5.Ní bhainfidh údaráis teorann úsáid as an idir-inoibritheacht idir EES agus VIS dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2017/2226 ach amháin ag na pointí trasnaithe teorann ag a n‑oibrítear EES. Leanfaidh údaráis teorann de rochtain dhíreach a fháil ar VIS:
(a)ag na pointí trasnaithe teorann nach n‑oibrítear EES acu;
(b)i gcás ina gcuirtear EES ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo.
6.Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta agus Europol neamhaird ar na nithe seo a leanas:
(a)torthaí an áireamháin uathoibrithe lena soláthraítear faisnéis maidir le huasfhad an fhanachta údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2017/2226;
(b)an liosta a ghintear go huathoibríoch de rófhantóirí agus a iarmhairtí go háirithe dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointí (c) agus (h), Airteagal 12(3), Airteagal 16(4), Airteagal 34(3), Airteagal 50(1), pointí (i) agus (k), Airteagal 63(1), pointe (e) den Rialachán sin.
7.Oibríochtaí próiseála de chuid na mBallstát a chomhlíonann an Rialachán seo, ní mheasfar iad a bheith neamhdhleathach ná neamhchomhlíontach le Rialachán (AE) 2017/2226 chun críocha Airteagail 45 agus 48 den Rialachán sin.
8.Déanfar céannacht náisiúnach tríú tír agus clárú náisiúnach tríú tír roimhe sin de bhun Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2017/2226 a fhíorú i leith na náisiúnach tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (2) den Rialachán sin ag na pointí trasnaithe teorann ag a n‑oibrítear EES le feidhmiúlachtaí bithmhéadracha, lena n‑áirítear trí chórais féinseirbhíse, i gcás ina mbeidh fáil orthu.
9.I dteannta na faisnéise sonraí dá dtagraítear in Airteagal 50(5) de Rialachán (AE) 2017/2226 atá le cur isteach ag na Ballstáit sa teimpléad chun faisnéis a sholáthar do náisiúnaigh tríú tír maidir le próiseáil a sonraí pearsanta in EES, beidh na Ballstáit i láthair nuair a bheidh an teimpléid á thabhairt ar láimh do náisiúnaigh tríú tír tráth a bheidh comhad aonair an duine lena mbaineann á chruthú leis an bhfaisnéis seo a leanas:
‘Tá an Córas Dul isteach/Imeachta á leathnú amach de réir a chéile. Le linn na tréimhse seo um fheidhmiú céimneach [ón ...], d’fhéadfadh sé nach mbaileofaí do shonraí pearsanta, lena n‑áirítear do shonraí bithmhéadracha, chun críocha an Chórais Dul Isteach/Imeachta ag teorainneacha seachtracha. Más gá dúinn an fhaisnéis seo a bhailiú agus má roghnaíonn tú gan í a sholáthar, diúltófar dul isteach duit. Le linn na tréimhse sin um fheidhmiú céimneach a dhéanfar de réir a chéile, ní chuirfear do shonraí go huathoibríoch le liosta rófhantóirí. Ina theannta sin, ní bheidh tú in ann a sheiceáil cá fhad eile a bheidh tú údaraithe le fanacht tríd an suíomh gréasáin ná an trealamh atá ar fáil ag pointí trasnaithe teorann a úsáid.
Tabhair do d’aire, nuair a bheidh feidhmiú céimneach EES curtha i gcrích, go bpróiseálfar do shonraí pearsanta de réir na faisnéise a sholáthraíonn tú sa doiciméad a ghabhann leis an bhfoirm seo.’
10.Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ar shuíomh gréasáin EES dá dtagraítear in Airteagal 50(3) de Rialachán (AE) 2017/2226 a oiriúnú chun léiriú a thabhairt ar an tús a chuirfear de réir a chéile leis na hoibríochtaí.
11.San fheachtas faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2017/2226 a bheidh ag gabháil le tús oibríochtaí EES, léireofar na coinníollacha sonracha ag na pointí trasnaithe teorann, lena n‑áiritheofar go gcuirfear an fhaisnéis ábhartha in iúl dóibh siúd a ndéantar difear dóibh, agus na céimeanna a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo á gcur san áireamh. Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit ábhair oiriúnaithe an fheachtais faisnéise a ullmhú.
12.Cuirfear ar fionraí cur i bhfeidhm Airteagal 12(1) agus (2), Airteagal 13(1) agus (2), Airteagal 20 agus Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2226.
13.De mhaolú ar Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2017/2226 agus Airteagal 12a de Rialachán (AE) 2016/399, beidh feidhm ag an idirthréimhse agus ag na bearta idirthréimhseacha a leagtar amach sna hAirteagail sin ón gcéad lá tar éis an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith thart.
14.Ag na pointí trasnaithe teorann nach n‑oibrítear EES acu, déanfar seiceálacha teorann i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 de réir mar is infheidhme an lá roimh an dáta a chuirfidh EES tús le hoibríochtaí mar a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226.
Ag na pointí trasnaithe teorann ag a n‑oibrítear EES, déanfar seiceálacha teorann i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2226 agus Rialachán (AE) 2016/399.
De mhaolú ar an dara fomhír, ag na pointí trasnaithe teorann ag n‑oibrítear EES gan feidhmiúlachtaí bithmhéadracha, ní bheidh feidhm ag Airteagal 6(1), pointe (f)(i), ná ag na forálacha maidir le náisiúnaigh tríú tír a fhíorú ar bhonn sonraí bithmhéadracha, chun críocha EES amháin, dá dtagraítear in Airteagal 6, pointe (f)(ii) agus in Airteagal 8(3), pointí (a) agus (g) de Rialachán (AE) 2016/399.
Chun críocha an Rialacháin seo, cuirfear ar fionraí Airteagal 9(3) agus Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2016/399.
Airteagal 6
Rochtain ar shonraí EES
1.Agus a dtascanna á bhfeidhmiú acu, nuair a bheidh rochtain á fáil acu ar na taifid ar dhul isteach agus imeacht a chlárófar in EES le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí, déanfaidh siad an méid seo a leanas:
(a)cuirfidh údaráis náisiúnta agus Europol san áireamh, de bharr oibríochtaí athraitheacha EES i ngach Ballstát le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, go bhféadfadh na sonraí a bheith neamhiomlán;
(b)cuirfidh na húdaráis náisiúnta san áireamh go bhféadfadh na sonraí a bheith neamhiomlán agus sonraí á gcur in iúl acu i gcomhréir le hAirteagail 41 agus 42 de Rialachán (AE) 2017/2226;
(c)cuirfidh Láraonad ETIAS san áireamh, maidir leis na taifid ar dhul isteach agus imeacht a chláraítear in EES le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, go bhféadfaí tacair neamhiomlána sonraí a áireamh sna taifid chun críoch fíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 25a(2) de Rialachán (AE) 2017/2226.
2.Cuirfidh údaráis inniúla, an Coimisiún agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais san áireamh, maidir leis na sonraí a chláraítear in EES le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, go bhféadfadh siad a bheith neamhiomlán agus rochtain á fáil acu ar shonraí le haghaidh tuairiscithe agus staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2017/2226.
3.De mhaolú ar Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2017/2226, féadfaidh iompróirí tús a chur le húsáid na seirbhíse gréasáin dá dtagraítear san Airteagal sin ón 90ú lá féilire tar éis an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES. Fíoróidh iompróirí na stampaí a ghreamófar de na doiciméid taistil d’fhonn a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 26(1) den Choinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme agus faoi Threoir 2001/51/CE ón gComhairle maidir le fad an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES.
Ar feadh tréimhse 180 lá féilire tar éis an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith thart, leanfaidh iompróirí d’fhíorú a dhéanamh ar na stampaí a ghreamaítear de dhoiciméid taistil, i dteannta an tseirbhís gréasáin a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2017/2226, d’fhonn a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 26(1) den Choinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen agus Treoir 2001/51/CE ón gComhairle.
4.Agus na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagail 35 agus 52 de Rialachán (AE) 2017/2226 i ndáil le sonraí pearsanta a thaifeadtar in EES a chur i gcrích á gcomhlíonadh ag na Ballstáit, ní chomhlánóidh siad na sonraí ábhartha ach a mhéid is féidir agus aird á tabhairt ar infhaighteacht theoranta na dtacar sonraí a bhaileofar le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES. I gcás inarb infheidhme, tagróidh an cinneadh riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Rialachán (AE) 2017/2226 do na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo lenar féidir comhaid neamhiomlána a chlárú.
5.De mhaolú ar Airteagal 63(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2226, ní bheidh rochtain ag foireann chuí‑údaraithe na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta ar na sonraí a chlárófar in EES le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES chun anailísí riosca agus measúnuithe leochaileachta a dhéanamh.
Airteagal 7
EES a chur ar fionraí
1.Le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, féadfaidh na Ballstáit feidhmiú EES ag pointí áirithe trasnaithe teorann a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach in imthosca eisceachtúla ina gclisfeadh ar Lárchóras EES, córais náisiúnta, nó bonneagar cumarsáide, nó teagmhais as a n‑eascraíonn an oiread sin tráchta go mbeadh am feithimh ag pointe trasnaithe teorann iomarcach.
I gcás fionraí pháirteach, baileofar na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 16 go 20 de Rialachán (AE) 2017/2226, cé is moite de shonraí bithmhéadracha.
I gcás fionraí iomlán, cuirfidh na Ballstáit oibríochtaí EES ar fionraí go hiomlán agus ní bhaileoidh siad na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 16 go 20 den Rialachán sin.
Sa dá chás sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra go pras agus tráth nach déanaí ná 6 uair an chloig tar éis thús na fionraí don Choimisiún agus do eu-LISA maidir leis an gcúis atá leis an bhfionraí pháirteach nó iomlán agus an fad a mheastar a mhairfidh sí agus áiritheoidh siad go gcuirfear oibreoirí bonneagair a bhfuil pointí trasnaithe teorann á n‑óstáil acu agus iompróirí ar an eolas go cuí faoin bhfionraí sin. A luaithe a thiocfaidh deireadh leis na himthosca eisceachtúla ba chúis leis an bhfionraí, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do eu-LISA go pras.
2.Ar feadh tréimhse 60 lá féilire tar éis an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith thart, d’fhéadfadh na Ballstáit feidhmiú EES a chur ar fionraí go páirteach mar a thagraítear dó i mír 1, an dara fomhír, ag pointe áirithe trasnaithe teorann ar feadh am teoranta 6 uair an chloig agus in imthosca eisceachtúla amháin as a n‑eascraíonn an oiread sin tráchta go mbíonn am feithimh ag pointe trasnaithe teorann iomarcach. Scaoilfear na Ballstáit óna n‑oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 a mhéid a bhaineann le sonraí bithmhéadracha. Sna cásanna sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra go pras agus tráth nach déanaí ná 6 uair an chloig tar éis thús na fionraí don Choimisiún agus do eu-LISA maidir le cúis na fionraí agus an fad a mheastar a mhairfidh sí.
3.Más rud é, le linn an túis a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES, go bhfuil sonraí bithmhéadracha i níos lú ná 80 % de na comhaid a chláraítear in EES, cuirfear síneadh 60 lá féilire go huathoibríoch leis an tréimhse a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.
4.Soláthróidh eu-LISA staidreamh don Choimisiún a chuirfidh ar a chumas don Choimisiún a fhíorú ar baineadh amach an céatadán sin ar a laghad faoin 10ú lá féilire tar éis an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith thart. Tráth nach déanaí ná an 30ú lá féilire tar éis an tús a chuirfear de réir a chéile le hoibríochtaí EES a bheith thart, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi thoradh a fhíoraithe.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an ceathrú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón dáta a thiocfaidh EES i bhfeidhm mar a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226.
Beidh feidhm ag Airteagal 3 den Rialachán seo, áfach, ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2.Scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige 180 lá féilire ón dáta a thiocfaidh EES i bhfeidhm mar a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226. Mar sin féin:
(a)Scoirfidh Airteagal 5(13) d’fheidhm a bheith aige 5 bliana agus 180 lá féilire tar éis an dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226;
(b)Scoirfidh Airteagal 6(1), (2), (4) agus (5) d’fheidhm a bheith acu 5 bliana agus 180 lá féilire tar éis an dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226;
(c)Scoirfidh Airteagal 6(3), an dara fomhír, d’fheidhm a bheith aige 360 lá féilire tar éis an dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226;
(d)Scoirfidh Airteagal 7(2) agus (3) d’fheidhm a bheith acu 300 lá féilire tar éis an dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226;
(e)Scoirfidh Airteagal 7(4) d’fheidhm a bheith aige 210 lá féilire tar éis an dáta a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2017/2226.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán