AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,29.11.2024
COM(2024) 559 final
2024/0310(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpach sa Choiste um Chomhar Custaim idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc arna bhunú faoin gComhaontú Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh maidir le húsáid deimhnithe gluaiseachta A.TR a eisítear go leictreonach
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Chomhar Custaim. Bunaíodh an Coiste faoin gComhaontú Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc, a síníodh in Ankara an 12 Meán Fómhair 1963 (Comhaontú Comhlachais). An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontas sa Choiste um Chomhar Custaim, baineann sé le cinneadh ón gCoiste a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh maidir le húsáid deimhnithe gluaiseachta A.TR a eisítear go leictreonach.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An t‑aontas custaim idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc
Ceann d’aidhmeanna an Chomhaontaithe Comhlachais is ea neartú leanúnach cothrom an chaidrimh trádála agus eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc a chur chun cinn. Chun cuspóirí an Chomhaontaithe Comhlachais a bhaint amach, déantar foráil ann maidir le haontas custaim. Leagtar síos na rialacha maidir leis an gcéim dheireanach den aontas custaim a chur chun feidhme i gCinneadh Uimh. 1/95 ón gComhairle Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc an 22 Nollaig 1995 (ar a dtugtar an ‘Bunchinneadh’), lena mbunaítear na coinníollacha maidir le saorghluaiseacht earraí idir na Páirtithe.
Le Cinneadh Uimh. 1/2006 ón gCoiste um Chomhar Custaim an 26 Iúil 2006 (ar a dtugtar an ‘reachtaíocht idirlinne’) leagtar síos forálacha custaim cur chun feidhme le haghaidh Chinneadh Uimh. 1/95, atá infheidhme maidir leis an trádáil earraí idir Páirtithe an aontais custaim agus an trádáil earraí le tríú tíortha agus suitear gurb é an deimhniú gluaiseachta A.TR an fhianaise dhoiciméadach lena gcruthaítear go gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh chur chun feidhme na bhforálacha maidir le saorchúrsaíocht a leagtar síos sa Bhunchinneadh, agus tá sampla den deimhniú sin in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh sin.
2.2.An Coiste um Chomhar Custaim
Bunaíodh an Coiste um Chomhar Custaim le Cinneadh Uimh. 2/69 ón gComhairle Comhlachais an 15 Nollaig 1969. Sonraítear in Airteagal 2 den Chinneadh sin go bhfuil an Coiste um Chomhar Custaim freagrach as comhar riaracháin a áirithiú idir na Páirtithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear forálacha custaim an Chomhaontaithe Comhlachais i bhfeidhm i gceart agus go haonfhoirmeach agus as aon chúram eile i réimse an chustaim a dhéanamh a fhéadfaidh an Coiste Comhlachais a chur de chúram air.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gCoiste um Chomhar Custaim
Ag an gcéad chruinniú eile a bheidh ag an Coiste um Chomhar Custaim nó trí mhalartú litreacha, tá an Coiste le cinneadh a ghlacadh maidir le húsáid deimhnithe gluaiseachta A.TR a eisítear go leictreonach (‘an gníomh atá beartaithe’).
Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe creat dlíthiúil fónta a sholáthar d’údaráis chustaim na bPáirtithe chun glacadh le deimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach nuair a chuirtear isteach iad tráth an allmhairithe i gcomhthéacs an aontais custaim idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Le linn phaindéim COVID-19, d’eisigh an Coimisiún Nóta Faisnéise Uimh. 1 dar dáta an 31 Márta 2020 inar iarradh ar údaráis chustaim Bhallstáit an Aontais agus ar údaráis chustaim thíortha comhpháirtíochta an Aontais glacadh le deimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach ag a bhfuil síniú digiteach, stampa digiteach nó séala digiteach de chuid na n‑údarás inniúil, nó cóip díobh i bhfoirm páipéir nó leictreonach (iad scanta nó ar fáil ar líne). Bhí na bearta sin infheidhme freisin maidir le deimhnithe gluaiseachta A.TR chun críoch saorchúrsaíochta earraí laistigh den aontas custaim idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc.
Ós rud é nár measadh go raibh na himthosca eisceachtúla ba chúis le glacadh na mbeart solúbtha sin ábhartha a thuilleadh, cinneadh nach raibh na bearta atá i bhfeidhm infheidhme a thuilleadh ón 1 Bealtaine 2024.
Mar sin féin, admhaíonn an tAontas agus an Tuirc gur dearfach an taithí a fuarthas ar thrádáil faoi na bearta a glacadh mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus measann siad gurb iomchuí creat dlíthiúil cuí a bhunú chun na dea-chleachtais sin a thabhairt isteach an athuair.
Go dtí go nglacfar an gníomh atá beartaithe, chomhaontaigh na Páirtithe glacadh le deimhnithe gluaiseachta A.TR a eisítear go leictreonach (go háirithe na deimhnithe sin arna n‑eisiúint ag údaráis na Tuirce agus úsáid á baint as a gcóras MEDOS agus iad gan síniú dúigh fhliuch) ag tosú ón 8 Iúil 2024 ar aghaidh, ar choinníoll go mbeidh éifeacht chúlghabhálach ón dáta sin ar aghaidh ag an ngníomh atá le glacadh.
Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach an ghnímh atá beartaithe ón 8 Iúil 2024 ar aghaidh chun leanúnachas a áirithiú sna dea-chleachtais a athbhunaíodh ón dáta sin ar aghaidh.
Is bunús dlí é an gníomh atá beartaithe chun glacadh le deimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach. Mar sin féin, ní bhunaítear leis aon oibleagáid ar na Páirtithe deimhnithe gluaiseachta A.TR a eisiúint go leictreonach. I láthair na huaire níl aon chóras leictreonach ag an Aontas chun deimhnithe a eisiúint, dá bhrí sin leanfaidh Ballstáit an Aontais de dheimhnithe A.TR a eisiúint ar pháipéar. Dá bhrí sin, fiú má eisítear deimhniú A.TR go leictreonach, cuirfear faoi bhráid Bhallstáit an Aontais mar thír is allmhaireoir é ar pháipéar nó seolfar go leictreonach i bhformáid pdf é. Déanfaidh oifigigh chustaim bailíocht agus barántúlacht na ndeimhnithe sin a fhíorú de láimh.
Tá sé beartaithe ag AS TAXUD réiteach lárnach a fhorbairt chun na nósanna imeachta páipéarbhunaithe uile a dhigitiú lena gcuirfear ar a gcumas d’Oibreoirí Eacnamaíocha agus d’Údaráis Chustaim dul ar aghaidh le deimhnithe gluaiseachta a eisiúint go digiteach. Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún córas an Aontais a fhorbairt agus a chur in úsáid le haghaidh deimhnithe leictreonacha de chruthúnais tionscnaimh, táthar ag súil go nascfaidh na Ballstáit leis an gcóras trí CSW-CERTEX AE chun obair na n‑oifigeach custaim a chuíchóiriú. Tá gá le bunús dlí chun réiteach lárnach TF a bhunú chun go ndéanfaidh Ballstáit an Aontais deimhnithe a eisiúint agus a bhailíochtú.
Bheadh an seasamh sin comhsheasmhach leis an seasamh atá le glacadh ag an Aontas i gComhchoiste an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (‘Comhchoiste UEM’) i ndáil le Moladh ó Chomhchoiste UEM a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh a mhéid a bhaineann le húsáid deimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach. Bhí seasamh an Aontais i gComhchoiste UEM bunaithe ar na toimhdí céanna agus bhí na cuspóirí céanna á saothrú aige.
An seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Choiste um Chomhar Custaim, ba cheart don Chomhairle an seasamh sin a bhunú.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe’.
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeacht dhlíthiúil leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é an Coiste um Chomhar Custaim a bunaíodh le comhaontú, mar atá, an Comhaontú Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc.
An gníomh a iarrtar ar an gCoiste um Chomhar Custaim a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe infheidhme sna Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 24 den Chomhaontú Comhlachais agus le hAirteagal 28, míreanna 1 agus 3 de Chinneadh Uimh. 1/95 ón gComhairle Chomhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc an 22 Nollaig 1995.
Leis an ngníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála agus le cur chun feidhme an aontais custaim idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe leis an ngníomh atá beartaithe trádáil idir na Páirtithe a éascú trí bhearta solúbtha a bhunú a bhaineann le húsáid deimhnithe gluaiseachta A.TR a eisítear go leictreonach nuair a chuirtear isteach iad tráth an allmhairithe.
Is é Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, ba cheart a bheith i mbunús dlí an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
4.3.Conclúid
Is é Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, ba cheart a bheith i mbunús dlí an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go mbeidh an gníomh ón gCoiste um Chomhar Custaim infheidhme ag an dá Pháirtí, lena n‑áirítear an tAontas agus a Bhallstáit, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2024/0310 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpach sa Choiste um Chomhar Custaim idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc arna bhunú faoin gComhaontú Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh maidir le húsáid deimhnithe gluaiseachta A.TR a eisítear go leictreonach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Sa Chomhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc, arna shíniú in Ankara an 12 Meán Fómhair 1963 (Comhaontú Comhlachais), sainítear raon feidhme agus inneachar an chaidrimh comhlachais, agus sainítear céim dheiridh an aontais custaim i
gCinneadh Uimh. 1/95 ón gComhairle Comhlachais
, arna bunú le hAirteagal 6 den Chomhaontú Comhlachais, an 22 Nollaig 1995, a tháinig i bhfeidhm an 31 Nollaig 1995.
(2)De bhun Airteagal 24 den Chomhaontú Comhlachais, féadfaidh an Chomhairle Comhlachais a chinneadh coistí a bhunú chun cúnamh a thabhairt di a cúraimí a chomhlíonadh.
(3)Bunaíodh an Coiste um Chomhar Custaim le Cinneadh Uimh. 2/69 ón gComhairle Comhlachais an 15 Nollaig 1969.
(4)Le hAirteagal 28, míreanna 1 agus 3 de Chinneadh Uimh. 1/95 ón gComhairle Comhlachais, cuireadh de chúram ar an gCoiste um Chomhar Custaim na bearta iomchuí a leagan síos chun na forálacha custaim atá sa Chinneadh sin a chur chun feidhme.
(5)Le hAirteagal 6.1 de Chinneadh Uimh. 1/2006 ón gCoiste um Chomhar Custaim an 26 Iúil 2006, suitear gurb é an deimhniú gluaiseachta A.TR an fhianaise dhoiciméadach lena gcruthaítear go gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh chur chun feidhme na bhforálacha maidir le saorchúrsaíocht a leagtar síos i gCinneadh 1/95.
(6)Ag tús na bliana 2020, mar gheall ar phaindéim COVID-19, cuireadh teagmhálacha idir údaráis chustaim thíortha comhpháirtíochta an Aontais agus oibreoirí eacnamaíocha ar fionraí i roinnt tíortha. Dá bhrí sin, measadh gurbh iomchuí bearta eisceachtúla a ghlacadh ar bhonn cómhalartach, arbh é ab aidhm dóibh glacadh le deimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach agus ag a bhfuil síniú digiteach, stampa digiteach nó séala digiteach de chuid na n‑údarás inniúil, nó cóip díobh i bhfoirm páipéir nó leictreonach (iad scanta nó ar fáil ar líne).
(7)Bhí na bearta sin infheidhme maidir le deimhnithe gluaiseachta A.TR chun críoch saorchúrsaíochta earraí laistigh den aontas custaim idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc.
(8)Ós rud é nár measadh go raibh na himthosca eisceachtúla ba chúis le glacadh na mbeart solúbtha sin ábhartha a thuilleadh, cinneadh nach raibh na bearta atá i bhfeidhm infheidhme a thuilleadh ón 1 Bealtaine 2024.
(9)D’admhaigh an tAontas agus an Tuirc gur dearfach an taithí a fuarthas ar thrádáil faoi na bearta eisceachtúla a glacadh mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus mheas siad gurbh iomchuí creat dlíthiúil cuí a bhunú chun na dea-chleachtais sin a thabhairt isteach an athuair. Chuige sin, is bunús dlí iomchuí é cinneadh ón gCoiste um Chomhar Custaim.
(10)Ón 8 Iúil 2024 ar aghaidh, chomhaontaigh na Páirtithe glacadh le deimhnithe gluaiseachta A.TR a eisítear go leictreonach ar choinníoll go nglacfar cinneadh ad hoc ón gCoiste um Chomhar Custaim idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc, agus éifeacht chúlghabhálach ón 8 Iúil 2024 ag gabháil leis, chun leanúnachas a áirithiú maidir leis na dea-chleachtais a athbhunaíodh ón dáta sin ar aghaidh, gan dochar do ghníomhaíochtaí a rinne riaracháin chustaim an dá pháirtí le linn na tréimhse ón 1 Bealtaine 2024 go dtí an 8 Iúil 2024, agus gan difear a dhéanamh do na cearta a deonaíodh do dhaoine aonair le linn na tréimhse céanna.
(11)Tá coinne leis go nglacfaidh an Coiste um Chomhar Custaim cinneadh maidir le húsáid deimhnithe gluaiseachta A.TR a eisítear go leictreonach.
(12)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Chomhar Custaim a leagan síos, ós rud é go mbeidh an cinneadh infheidhme san Aontas,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpach sa Choiste um Chomhar Custaim idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc faoin gComhaontú Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc, bunófar é ar an dréachtchinneadh ón gCoiste um Chomhar Custaim atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,29.11.2024
COM(2024) 559 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpach sa Choiste um Chomhar Custaim idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc arna bhunú faoin gComhaontú Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh maidir le húsáid deimhnithe gluaiseachta A.TR a eisítear go leictreonach
IARSCRÍBHINN
DRÉACHT
CINNEADH UIMH.
ÓN gCOISTE UM CHOMHAR CUSTAIM IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN TUIRC
an .....
maidir le húsáid deimhnithe gluaiseachta A.TR a eisítear go leictreonach
TÁ AN COISTE UM CHOMHAR CUSTAIM,
Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 1/95 den Chomhairle Chomhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc an 22 Nollaig 1995 maidir leis an gcéim dheireanach den aontas custaim a chur chun feidhme, agus go háirithe Airteagal 3(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Ag tús na bliana 2020, ní raibh aon bhealach ann a bhféadfadh tíortha comhpháirtíochta an Aontais a raibh comhaontú saorthrádála acu leis an Aontas deimhnithe gluaiseachta a sholáthar i bhfoirm chuí (is é sin sínithe de láimh, stampáilte le dúch fliuch nó san fhormáid cheart pháipéir), ós rud é, mar gheall ar phaindéim COVID-19, go raibh na teagmhálacha idir údaráis chustaim thíortha comhpháirtíochta an Aontais agus oibreoirí eacnamaíocha ar fionraí i roinnt tíortha. Dá bhrí sin, measadh gurbh iomchuí bearta eisceachtúla a ghlacadh a bheadh infheidhme ar bhonn cómhalartach, chun cur chun feidhme iomlán na trádála fabhraí a áirithiú.
(2)Iarradh ar údaráis chustaim Bhallstáit an Aontais agus ar údaráis chustaim thíortha comhpháirtíochta an Aontais glacadh le deimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach ag a bhfuil síniú digiteach, stampa digiteach nó séala digiteach de chuid na n‑údarás inniúil, nó cóip díobh i bhfoirm páipéir nó leictreonach (iad scanta nó ar fáil ar líne).
(3)Bhí na bearta sin infheidhme freisin maidir le deimhnithe gluaiseachta A.TR chun críoch saorchúrsaíochta earraí laistigh den Aontas Custaim idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc. Bhí an cleachtas sin bunaithe ar an tsolúbthacht dá bhforáiltear in Airteagal 10, mír 1, de Chinneadh Uimh. 1/2006 ón gCoiste um Chomhar Custaim idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc an 26 Iúil 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 1/95 ón gComhairle Chomhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc. De réir na forála sin, tá deimhnithe gluaiseachta A.TR le cur faoi bhráid údaráis chustaim an Stáit is allmhaireoir i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme sa Stát sin.
(4)Na himthosca eisceachtúla ba chúis le glacadh na mbeart solúbtha sin, ní raibh siad ábhartha a thuilleadh, agus dá bhrí sin cinneadh nach raibh na bearta a bhí i bhfeidhm infheidhme a thuilleadh ón 1 Bealtaine 2024.
(5)D’adhmhaigh an tAontas agus an Tuirc gur dearfach an taithí a fuarthas ar thrádáil faoi na bearta eisceachtúla a glacadh mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus measann siad gurb iomchuí na dea-chleachtais a tugadh isteach faoi na himthosca eisceachtúla le linn na paindéime a choinneáil ar bun chun go dtairbheoidh na hoibreoirí eacnamaíocha de dhigitiú na ndeimhnithe gluaiseachta A.TR.
(6)Leis an gcóras a dearaíodh agus a forbraíodh chun deimhnithe gluaiseachta A.TR a eisiúint go leictreonach, is féidir leis na húdaráis chustaim barántúlacht na ndeimhnithe sin a sheiceáil láithreach agus gan dochar d’Airteagal 16 de Chinneadh Uimh. 1/2006 maidir le nósanna imeachta le haghaidh fíoruithe ina dhiaidh sin. Ba cheart socruithe mionsonraithe a leagan síos maidir le cur chun feidhme na seiceálacha barántúlachta. Beifear ina ann an fheidhmiúlacht chéanna a bhaint amach a luaithe a bhunófar córas digitithe deimhnithe gluaiseachta A.TR chun deimhnithe den sórt sin a eisiúint go leictreonach san Aontas Eorpach.
(7)I gcomhthéacs na trádála fabhraí sa limistéar Uile-Eora-Mheánmhara (UEM), ina bhfuil an tAontas agus an Tuirc araon, d’eisigh Comhchoiste an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh Uile-Eora-Mheánmhara Moladh 1/2023 a bhaineann le húsáid deimhnithe gluaiseachta EUR.1 agus EUR-MED a eisítear go leictreonach.
(8)Ar mhaithe le cleachtas comhchuibhithe maidir le deimhnithe gluaiseachta a úsáid agus ag féachaint d’Airteagal 9 de Chinneadh Uimh. 1/2006 agus d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis, is iomchuí go nglacfaidh údaráis chustaim Bhallstáit an Aontais agus na Tuirce le deimhnithe gluaiseachta A.TR a eisítear go leictreonach faoi chuimsiú an Aontais Custaim idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc.
(9)Ón 8 Iúil 2024 ar aghaidh, chomhaontaigh na Páirtithe glacadh le deimhnithe gluaiseachta A.TR a eisítear go leictreonach. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach ón 8 Iúil 2024 ar aghaidh chun leanúnachas a áirithiú maidir leis na dea-chleachtais a tugadh isteach le linn phaindéim COVID-19 agus a athbhunaíodh ón dáta sin ar aghaidh, gan dochar do ghníomhaíochtaí a rinne riaracháin chustaim an dá pháirtí le linn na hidirthréimhse ón 1 Bealtaine 2024 go dtí an 8 Iúil 2024 agus gan difear a dhéanamh do na cearta a deonaíodh do dhaoine aonair le linn na tréimhse céanna,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1.
Gan dochar do na forálacha a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 1/2006 ón gCoiste um Chomhar Custaim idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc, glacfaidh údaráis chustaim Bhallstáit an Aontais agus údaráis chustaim na Tuirce le deimhnithe gluaiseachta A.TR a eisítear go leictreonach nuair a chuirtear isteach iad tráth an allmhairithe, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)an sampla atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1/2006 ón gCoiste um Chomhar Custaim idir an Comhphobal Eorpach agus an Tuirc, úsáidtear é mar bhonn le haghaidh na ndeimhnithe gluaiseachta A.TR a eisítear go leictreonach;
(b)déanann údaráis chustaim an Stáit is onnmhaireoir foráil maidir le córas slán ar líne chun barántúlacht na ndeimhnithe gluaiseachta A.TR a eisítear go leictreonach a fhíorú;
(c)tá sraithuimhir uathúil ar na deimhnithe gluaiseachta A.TR a eisítear go leictreonach agus, má tá fáil orthu, tá gnéithe slándála acu trínar féidir iad a shainaithint.
2.Féadfaidh an tAontas agus an Tuirc a chinneadh an glacadh le deimhnithe gluaiseachta A.TR a eisítear go leictreonach a chur ar fionraí i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a liostaítear thuas agus tabharfaidh siad fógra dá chéile faoi sin roimh ré. Áiritheoidh an dá pháirtí go bhfoilseofar na fógraí i gcomhréir lena nósanna imeachta féin, agus léireofar sna fógraí sin dáta tosaigh an fhionraí.
Airteagal 2
Beidh feidhm aige ón 8 Iúil 2024 ar aghaidh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann an Choiste um Chomhar Custaim
An tUachtarán
Matthias PETSCHKE