An Bhruiséil,14.11.2024

COM(2024) 544 final

2024/0303(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

maidir le comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha a shuí i dtaca le híocaíocht na dara tráthchoda den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus den tacaíocht iasachta faoi Phlean na hÚcráine de chuid na Saoráide don Úcráin


2024/0303 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

maidir le comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha a shuí i dtaca le híocaíocht na dara tráthchoda den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus den tacaíocht iasachta faoi Phlean na hÚcráine de chuid na Saoráide don Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin 1 , agus go háirithe Airteagal 26(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Colún I den tSaoráid don Úcráin (‘an tSaoráid’), cuirtear tacaíocht airgeadais suas le EUR 38 270 000 000 ar fáil don Úcráin i bhfoirm tacaíochta neamh-inaisíoctha agus iasachtaí le haghaidh na tréimhse 2024-2027. Déantar maoiniú faoi cholún I a leithdháileadh go príomha ar bhonn Phlean na hÚcráine (‘an Plean’). Leagtar amach sa Phlean clár oibre athchóirithe agus infheistíochta don Úcráin, agus na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla a bhfuil nasc acu leis an gcistiú faoi cholún I den tSaoráid.

(2)De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2024/792, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle 2 a bhaineann le formheas an mheasúnaithe ar an bPlean. Leagtar amach an tráthchlár chun faireachán a dhéanamh ar an bPlean agus chun é a chur chun feidhme, lena náirítear na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla atá nasctha leis an gcistiú faoi cholún I den tSaoráid, san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447.

(3)Is é EUR 32 270 000 000 an méid foriomlán acmhainní airgeadais a chuirtear ar fáil don Phlean le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle, a bhfuil EUR 5 270 000 000 de i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus suas le EUR 27 000 000 000 de i bhfoirm iasachta.

(4)I gcomhréir le hAirteagail 24 agus 25 de Rialachán (AE) 2024/1447, eisíocadh EUR 6 000 000 000 leis an Úcráin mar mhaoiniú idirlinne eisceachtúil agus EUR 1 890 000 000 i bhfoirm réamh-mhaoiniúcháin, ar réamhíocaíocht 7 % den tacaíocht iasachta é a bhfuil an Úcráin incháilithe lena fáil faoin bPlean.

(5)I gcomhréir le hAirteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2024/792, eisíocadh EUR 4 165 092 857 leis an Úcráin faoin gcéad tráthchuid, a raibh EUR 1 500 000 000 de i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus EUR 2 665 092 857 de i bhfoirm iasachtaí. I gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe Iasachta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Úcráin de bhun Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/792, úsáideadh méid EUR 200 598 387 ón gcéad tráthchuid chun réamh-mhaoiniú na hiasachta a imréiteach.

(6)I gcomhréir le hAirteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2024/792, an 10 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Úcráin iarraidh isteach ar íocaíocht na dara tráthchoda den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus den tacaíocht iasachta, méid dar luach EUR 4 248 847 926, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle, agus chuir sí an fhianaise ar fáil lena léirítear gur comhlíonadh ocht gcinn den na naoi gcéim go sásúil. Cuireadh isteach fianaise bhreise a bhaineann le comhlíonadh sásúil na céime a bhí fágtha an 31 Deireadh Fómhair 2024. Na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 12 den Chreat-Chomhaontú, Airteagal 5 den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagal 6 den Chomhaontú Iasachta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Úcráin de bhun Airteagail 9, 10 agus 22 de Rialachán (AE) 2024/792, bhí siad ag gabháil leis an iarraidh.

(7)In éineacht lena hiarraidh ar íocaíocht, chuir an Úcráin údar cuí le comhlíonadh sásúil na naoi gcéim ar fáil a bhí le bheith curtha i gcrích faoi R3-2024 i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447. Baineann na naoi gcéim a comhlíonadh go sásúil le hathchóirithe éagsúla a leagtar amach sa Phlean faoi na caibidlí maidir leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe agus an sciúrtha airgid, an caipiteal daonna, an timpeallacht gnó, an dílárú agus an beartas réigiúnach, an earnáil fuinnimh agus an taistriú glas agus cosaint an chomhshaoil. Tugadh an deis d’Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe a lucht saothair a mhéadú. Glacadh an Plean Gníomhaíochta maidir le cur chun feidhme na Straitéise um Aisghabháil Sócmhainní le haghaidh 2023-2025, an Straitéis um Fhorbairt Dhéimeagrafach le haghaidh na tréimhse go dtí 2040, an Plean Gníomhaíochta maidir le dírialáil agus na rúin lena leasaítear Straitéis an Stáit um Fhorbairt Réigiúnach le haghaidh 2021-2027. Ina theannta sin, forbraíodh an nóta coincheapa ina leagtar amach raon feidhme na maoluithe ó na rialacha maidir le Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol agus maidir le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil. Ar deireadh, tháinig na dlíthe maidir leis an gCód Coiriúil agus leis an gCód Nós Imeachta Coiriúil agus maidir le truailliú tionsclaíoch agus an reachtaíocht thánaisteach maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Mórdhíola Fuinnimh i bhfeidhm.

(8)I gcomhréir le hAirteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2024/792, rinne an Coimisiún measúnú mionsonraithe ar an iarraidh ar íocaíocht a chuir an Úcráin isteach agus rinne sé measúnú dearfach ar chomhlíonadh sásúil na naoi gcéim cháilíochtúla agus chainníochtúla le haghaidh na dara tráthchoda mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. Déantar an measúnú dearfach sin i gcomhthéacs chur chun feidhme an Phlean. Éascófar tuilleadh ailínithe le acquis an Aontais trí phróiseas aontachais an Aontais.

(9)Mheas an Coimisiún go leanann an Úcráin den réamhchoinníoll a chomhlíonadh maidir le tacaíocht ón Aontas mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/792. Go háirithe, leanann an Úcráin de shásraí éifeachtacha daonlathacha a choinneáil ar bun agus a urramú, lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtíoch agus an smacht reachta, agus urraim a ráthú do chearta an duine, lena náirítear na cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.

(10)Dá bhrí sin, ba cheart a shuí leis an gCinneadh seo gur comhlíonadh go sásúil na coinníollacha ábhartha i dtaca le híocaíocht na dara tráthchoda faoin bPlean.

(11)I bhfianaise na staide fioscaí deacra atá roimh an Úcráin, tá sé ríthábhachtach na cistí a eisíoc a luaithe is féidir. I bhfianaise phráinn na staide agus chun dlús a chur leis an bpróiseas, ba cheart an cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Suitear leis seo comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha ábhartha i dtaca le híocaíocht na dara tráthchoda dar luach EUR 4 248 847 926 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 i gcomhréir leis an measúnú arna sholáthar ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/792, atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj. .
(2)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine (IO L, 2024/1447, 24.5.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1447/oj.

An Bhruiséil,14.11.2024

COM(2024) 544 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

maidir le comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha a shuí i dtaca le híocaíocht na dara tráthchoda den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus den tacaíocht iasachta faoi Phlean na hÚcráine de chuid na Saoráide don Úcráin










Measúnú ar chomhlíonadh sásúil na gcéimeanna a bhaineann leis an dara tráthchuid de Phlean na hÚcráine.

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN

I gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/792 an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin 1 , an 10 Deireadh Fómhair 2024, rinne an Úcráin iarraidh ar íocaíocht ar an dara tráthchuid de Phlean na hÚcráine a chur isteach. Chun tacú leis an iarraidh ar íocaíocht, rinne an Úcráin údar a sholáthar gur comhlíonadh go sásúil ocht gcinn de na naoi gcéim den dara tráthchuid mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2024/1447 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine 2 . An 17 Deireadh Fómhair 2024, sheol an Coimisiún litir bhreathnóireachta inar iarradh údar le comhlíonadh sásúil na céime a bhí in easnamh (Céim 4.4), chomh maith le doiciméid bhreise lena dtabharfaí údar le céimeanna eile. An 31 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Úcráin an fhianaise is gá isteach lena dtugtar údar cuí le comhlíonadh sásúil na naoi gcéim uile.

Dá bhrí sin, bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthair an Úcráin, meastar go bhfuil gach ceann de na naoi gcéim comhlíonta go sásúil. Mar chuid den chaibidil maidir leis an gComhrac in aghaidh an Éillithe agus an Sciúrtha Airgid, rinneadh na bearta seo a leanas: i) méadaíodh lucht saothair d’Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe; ii) leasaíodh An Cód Coiriúil agus an Cód Nós Imeachta Choiriúil; agus iii) glacadh Plean Gníomhaíochta chun an Straitéis um Aisghabháil Sócmhainní 2023-2025 a chur chun feidhme.

Mar chuid den chaibidil ar Chaipiteal Daonna, glacadh an Straitéis um Fhorbairt Dhéimeagrafach.

Mar chuid den chaibidil maidir leis an Timpeallacht Ghnó, glacadh an Plean Gníomhaíochta maidir le dírialáil. Mar chuid den chaibidil maidir le Dílárú, glacadh Straitéis an Stáit um Fhorbairt Réigiúnach le haghaidh 2021-2027.

Mar chuid den chaibidil maidir le Fuinneamh, glacadh an reachtaíocht thánaisteach maidir le dlí REMIT. Mar chuid den chaibidil maidir leis an Aistriú Glas agus Cosaint an Chomhshaoil, rinneadh na bearta seo a leanas: i) glacadh reachtaíocht maidir le truailliú tionsclaíoch; agus ii) foilsíodh nóta coincheapa maidir le dialltaí ó na rialacha maidir le Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol agus maidir le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil.

1)Céim 4.1

Ainm na céime: Lucht saothair méadaithe d’Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe

Athchóiriú/Infheistíocht Ghaolmhar: Athchóiriú 1. Acmhainneacht institiúideach an chreata in aghaidh an éillithe a fhorbairt

Arna maoiniú le: Tacaíocht neamh-inaisíoctha

Comhthéacs

Is é seo a leanas an ceanglas maidir le céim 4.1 a dtugtar tuairisc air san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme:

‘Tugtar an deis d’Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe a lucht saothair a mhéadú ó 10 % go 15 % de lucht saothair an Bhiúró Náisiúnta Frith-Éillithe’.

 

Is é Céim 4.1 an dara céim de chur chun feidhme Athchóiriú 1 de chuid Chaibidil 4 (an Comhrac in aghaidh an Éillithe agus an Sciúrtha Airgid). Roimh an gcéim sin tháinig céim 4.2 atá le bheith curtha i gcrích faoi R2-2024 lenar ceapadh ceannasaí nua na Gníomhaireachta Náisiúnta um Éilliú agus ina dhiaidh sin tá céim 4.3 atá le bheith curtha i gcrích faoi R1-2025 arb é is aidhm di an lucht saothair don Ard-Chúirt in aghaidh an Éillithe a mhéadú.

 

An fhianaise a cuireadh ar fáil

1)Doiciméad achomair lena dtugtar údar cuí leis an gcaoi ar comhlíonadh an chéim go sásúil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle;

2)Cóip de Dhlí Uimh. 3509-IX na hÚcráine ‘Maidir le leasuithe ar Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine agus ar ghníomhartha reachtacha eile de chuid na hÚcráine maidir le neamhspleáchas Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe a neartú’ dar dáta an 8 Nollaig 2023;

3)Cóip de Dhlí Uimh. 1697-VII na hÚcráine ‘Maidir le hOifig an Ionchúisitheora’ dar dáta an 18 Bealtaine 2024;

4)Cóip de Dhlí Uimh. 3460-IX na hÚcráine ‘Maidir le Buiséad Stáit na hÚcráine le haghaidh 2024’ dar dáta an 21 Meán Fómhair 2024;

5)Cóip d’Foraithin Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine uimh. 520-r ‘Maidir le hathdháileadh roinnt caiteachais bhuiséad an stáit arna gcur ar fáil d’Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora le haghaidh 2024’ dar dáta an 7 Meitheamh 2024;

6)Cóip de dhréachtdlí Uimh. 12000 na hÚcráine ‘Maidir le ‘Buiséad Stáit na hÚcráine le haghaidh 2025’ dar dáta an 14 Meán Fómhair 2024;

7)Cóip de nóta míniúcháin dhréachtdhlí Uimh. 12000 na hÚcráine ‘Maidir le Buiséad Stáit na hÚcráine le haghaidh 2025’ dar dáta an 14 Meán Fómhair 2024

Anailís

Cumhdaítear leis an údar agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de chéim 4.1.

 

Is é cuspóir foriomlán Athchóiriú 1 de Chaibidil 4 méadú a dhéanamh ar acmhainneacht fhoriomlán an bhonneagair in aghaidh an éillithe chun an t‑éilliú a chomhrac. Ghlac an Parlaimint Dlí Uimh. 3509-IX na hÚcráine maidir le leasuithe ar Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine agus ar ghníomhartha reachtacha eile de chuid na hÚcráine maidir le neamhspleáchas Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe a neartú an 8 Nollaig 2023 (dá ngairtear ‘an Dlí’ anseo feasta). Is é aidhm ghinearálta an dlí feabhas a chur ar neamhspleáchas institiúideach agus eagraíochtúil Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe. Le hAirteagal 11 de Chaibidil 2 den Dlí leasaítear Airteagal 14 de Dhlí uimh. 1697-VII na hÚcráine maidir le hOifig an Ionchúisitheora lena suitear gur 15 % d’uaslíon reachtúil ranna lárnacha agus críochacha an Bhiúró Náisiúnta Frith-Éillithe atá i lucht saothair Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe.

Ba é UAH 203,3 milliún an buiséad iomlán a leithdháileadh ar Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe i nDlí na hÚcráine maidir le Buiséad Stáit na hÚcráine le haghaidh 2024, agus leithdháileadh UAH 150,1 milliún de sin le haghaidh pearsanra. Méadaíodh an méid sin a thuilleadh in 2024 trí na leasuithe éagsúla ar dhlí buiséid an stáit. I ndréachtdlí Uimh. 12000 na hÚcráine maidir le Buiséad Stáit na hÚcráine le haghaidh 2025 an 14 Meán Fómhair 2024, beartaítear UAH 336 mhilliún a leithdháileadh ar bhuiséad Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe, agus UAH 256,9 milliún de sin le haghaidh pearsanra, méadú 71 % ar chistiú le haghaidh 2025. Cé nár glacadh Dlí na hÚcráine maidir le Buiséad Stáit na hÚcráine le haghaidh 2025 go fóill tráth an mheasúnaithe sin, tá coinne ann nach ndéanfar leasú ró-mhór ar na leithdháiltí sin. Ar an iomlán, agus an leithdháileadh airgeadais sin i bhfeidhm, beidh na hacmhainní is gá ag Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe chun a lucht saothair a mhéadú ó 10 % go 15 % de lucht saothair an Bhiúró Náisiúnta Frith-Éillithe.

Measúnú ón gCoimisiún: Comhlíonta go sásúil

2)Céim 4.4

Ainm na céime: Teacht i bhfeidhm an Chóid Choiriúil leasaithe agus an Chóid Nós Imeachta Choiriúil

Athchóiriú/Infheistíocht Ghaolmhar: Athchóiriú 2. Feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil chun an t‑éilliú a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí

Arna maoiniú le: Tacaíocht neamh-inaisíoctha

Comhthéacs

Is é seo a leanas an ceanglas maidir le céim 4.4 a dtugtar tuairisc air san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme:

‘Teacht i bhfeidhm Dhlíthe na hÚcráine maidir le Cód Coiriúil na hÚcráine agus Cód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine a leasú. Leis an dlí dírítear ar na príomhréimsí seo:

- feabhas ar na forálacha lena rialaítear margáil pléadála;

- an tréimhse imscrúdaithe réamhthrialach a chealú ón am a cláraíodh na himeachtaí coiriúla go dtí go dtugtar fógra faoin amhras;

- ceadú do bhreithimh aonair den Ard-Chúirt in aghaidh an Éillithe cásanna áirithe a bhreithniú’.

 

Is é Céim 4.4 an chéad chéim de chur chun feidhme Athchóiriú 2 de chuid Chaibidil 4 (an Comhrac in aghaidh an Éillithe agus an Sciúrtha Airgid). Cuirtear chun feidhme é i gcomhthráth le céim 4.6 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta a ghlacadh agus a fhoilsiú chun an Straitéis um Aisghabháil Sócmhainní le haghaidh 2023-2025 a chur chun feidhme. Ina dhiaidh sin, tá céim 4.7, atá le bheith curtha i gcrích faoi R1-2025, maidir le teacht i bhfeidhm an Dlí lena ndéantar athchóiriú ar an nGníomhaireacht um Aisghabháil agus Bainistíocht Sócmhainní agus céim 4.5, atá le bheith curtha i gcrích faoi R2-2026, arb é is aidhm di an Straitéis in aghaidh an Éillithe agus Clár Stáit in aghaidh an Éillithe a ghlacadh agus a fhoilsiú don tréimhse tar éis 2025.

 

An fhianaise a cuireadh ar fáil

1)Doiciméad achomair lena dtugtar údar cuí leis an gcaoi ar comhlíonadh an chéim go sásúil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle;

2)Cóip de Dhlí Uimh. 4033-IX na hÚcráine ‘Maidir le Leasuithe ar Chód Coiriúil na hÚcráine agus ar Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine maidir le Feabhas a Chur ar Rialáil Margála Pléadáile in Imeachtaí Coiriúla maidir le Cionta Coiriúla Éillithe agus Cionta Coiriúla a bhaineann leis an Éilliú’ dar dáta an 29 Deireadh Fómhair 2024;

3)Cóip de Dhlí Uimh. 3509-IX na hÚcráine ‘Maidir le leasuithe ar Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine agus ar ghníomhartha reachtacha eile de chuid na hÚcráine maidir le neamhspleáchas Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe a neartú’ dar dáta an 8 Nollaig 2023;

4)Cóip de Dhlí Uimh. 3655-IX na hÚcráine ‘Maidir le leasuithe ar Airteagal 31 de Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine maidir le feabhas a chur ar an nós imeachta le haghaidh imeachtaí coiriúla’ dar dáta an 24 Aibreán 2024;

5)Cóip de Chód Coiriúil na hÚcráine Uimh. 2341-III dar dáta an 5 Aibreán 2001;

6)Cóip de Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine Uimh. 4651-VI dar dáta an 13 Aibreán 2012.

 

Anailís

Cumhdaítear leis an údar agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de chéim 4.4.

 

Maidir leis an bhfeabhas ar na forálacha lena rialaítear margáil pléadála

Ghlac an Pharlaimint Dlí Uimh. 4033-IX na hÚcráine ‘Maidir le Leasuithe ar Chód Coiriúil na hÚcráine agus ar Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine maidir le Feabhas a chur ar Rialáil Margála Pléadáile in Imeachtaí Coiriúla maidir le Cionta Coiriúla Éillithe agus Cionta Coiriúla a bhaineann leis an Éilliú’ an 29 Deireadh Fómhair 2024. Tháinig an dlí i bhfeidhm an 1 Samhain 2024. Is é is aidhm don dlí éifeachtúlacht imeachtaí coiriúla i gcionta coiriúla éillithe a mhéadú trí fheabhas a chur ar na forálacha lena rialaítear margáil pléadála. Bunaítear le hAirteagal 53 de Chód Coiriúil na hÚcráine arna leasú, i gcás margáil pléadála in imeachtaí coiriúla maidir le cionta coiriúla éillithe, go bhféadfaidh an chúirt pionós breise a fhorchur i bhfoirm fíneála laistigh de na teorainneacha a chinntear san airteagal. Thairis sin, leagtar amach in Airteagal 77 de Chód Coiriúil na hÚcráine arna leasú, i gcás scaoileadh ón bpríomh-phianbhreith lena ngabhann promhadh, go bhféadfar pionóis bhreise a fhorchur, lena n‑áirítear coigistiú maoine.

Bunaítear le hAirteagal 69(2) de Chód Coiriúil na hÚcráine arna leasú, in imeachtaí coiriúla a bhaineann le cionta éillithe, go bhféadfaidh páirtithe sa mhargáil pléadála teacht ar chomhaontú maidir le pionós i bhfoirm cailleadh saoirse atá faoi bhun na teorann is ísle a leagtar síos san airteagal lena bhforordaítear an smachtbhanna, faoi réir chomhlíonadh cheanglais Airteagal 469(2) de Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine. Leagtar amach ann freisin nach féidir leis na páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le pionós atá faoi bhun na teorann is ísle a leagtar amach in Airteagal 63 de Chód Coiriúil na hÚcráine. Faoi Airteagal 469(2) de Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine, is féidir margáil pléadála a thabhairt i gcrích maidir le cionta coiriúla éillithe, faoi réir nochtadh, ag duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, duine eile a bhfuil aon chion coiriúil éillithe á dhéanamh aige, arna dheimhniú le fianaise, agus faoi réir cúiteamh iomlán nó páirteach ar dhamáistí (agus cineál agus méid rannpháirtíochta duine sa ghníomh coiriúil á gcur san áireamh).

Leagtar síos in Airteagal 470 de Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine arna leasú an nós imeachta cinnteoireachta chun margáil pléadála a thabhairt i gcrích agus leagtar amach ann ról Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe i margaí pléadála a bhaineann le himeachtaí coiriúla a bhaineann le cionta éillithe. Le hAirteagal 474 de Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine arna leasú, tugtar isteach an ceart do na páirtithe sa mhargáil pléadála an comhaontú a tugadh i gcrích a leasú roimh phlé na cúirte. Ina theannta sin, i gcás ina ndiúltaíonn an chúirt an comhaontú a fhormheas, féadfaidh na páirtithe comhaontú eile a mholadh nach n‑áirítear ann na gnéithe ba chúis le diúltú tosaigh na cúirte.

Maidir leis an tréimhse imscrúdaithe réamhthrialach a chealú ón am a cláraíodh na himeachtaí coiriúla go dtí go dtugtar fógra faoin amhras

 

Ghlac an Pharlaimint freisin Dlí Uimh. 3509-IX na hÚcráine ‘Maidir le Leasuithe ar Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine agus ar Ghníomhartha Reachtacha Eile na hÚcráine chun Neamhspleáchas Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe a Neartú’ an 8 Nollaig 2023. Tháinig an dlí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024. Is é aidhm ghinearálta an dlí feabhas a chur ar neamhspleáchas institiúideach agus eagraíochtúil Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh an Éillithe.

Faoin gcreat dlíthiúil roimhe seo, ríomhadh teorainneacha ama le haghaidh imscrúduithe réamhthrialach ón tráth a iontráladh faisnéis na n‑imeachtaí coiriúla i gclár. Le hAirteagal 219 de Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine arna leasú, cuirtear an tréimhse imscrúdaithe réamhthrialach ar ceal ón tráth a chláraítear na himeachtaí coiriúla go dtí go dtugtar fógra faoin amhras agus suitear go ríomhfar an tréimhse imscrúdaithe réamhthrialach ón tráth a thugtar fógra do dhuine atá faoi amhras go dtí an lá a dhéantar iarratas ar an gcúirt. Tá feidhm ag na forálacha nua maidir leis na himeachtaí coiriúla uile i gcás nár tugadh an t‑imscrúdú réamhthrialach chun críche roimh lá theacht i bhfeidhm Dhlí Uimh. 3509-IX na hÚcráine.

Maidir le ceadú do bhreithimh aonair den Ard-Chúirt in aghaidh an Éillithe cásanna áirithe a bhreithniú.

 

Ghlac an Pharlaimint Dlí Uimh. 3655-IX na hÚcráine ‘Maidir le Leasuithe ar Airteagal 31 de Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine chun feabhas a chur ar an Nós Imeachta chun Imeachtaí Coiriúla a Sheoladh’ an 24 Aibreán 2024 agus tháinig an dlí i bhfeidhm an 16 Bealtaine 2024. Is é is aidhm don dlí feabhas a chur ar éifeachtacht an chreata in aghaidh an éillithe agus éifeachtúlacht imeachtaí coiriúla a mhéadú tríd an bhféidearthacht a leathnú go ndéanfadh breitheamh aonair breithniú sa chúirt chéadchéime. Leasaítear leis an dlí Airteagal 31 de Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine agus bunaítear leis gur breitheamh aonair, de ghnáth, a sheolfaidh imeachtaí coiriúla sa chúirt chéadchéime. Leis an dlí, cuirtear deireadh leis an díolúine ghinearálta maidir leis an Ard-Chúirt in aghaidh an Éillithe agus leathnaítear an fhéidearthacht go ndéanfadh breitheamh aonair breithniú ar na cásanna atá faoi dhlínse na hArd-Chúirte in aghaidh an Éillithe. Beidh feidhm ag na rialacha leasaithe maidir le comhdhéanamh na cúirte maidir le himeachtaí coiriúla nár cuireadh tús le héisteachtaí ina leith sular tháinig Dlí Uimh. 3655-IX na hÚcráine i bhfeidhm.

Measúnú ón gCoimisiún: Comhlíonta go sásúil

3)Céim 4.6

Ainm na céime: Plean Gníomhaíochta a ghlacadh chun an Straitéis um Aisghabháil Sócmhainní le haghaidh 2023-2025 a chur chun feidhme

Athchóiriú/Infheistíocht Ghaolmhar: Athchóiriú 2. Feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil chun an t‑éilliú a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí

Arna maoiniú le: Iasachtaí

Comhthéacs

Is é seo a leanas an ceanglas maidir le céim 4.6 a dtugtar tuairisc air san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme:

‘Plean Gníomhaíochta maidir le cur chun feidhme na Straitéise um Aisghabháil Sócmhainní le haghaidh 2023-2025 a ghlacadh agus a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Chomh-Aireacht na nAirí’.

Is é Céim 4.6 an dara céim de chur chun feidhme Athchóiriú 2 de chuid Chaibidil 4 (an Comhrac in aghaidh an Éillithe agus an Sciúrtha Airgid). Cuirtear chun feidhme é i gcomhthráth le céim 4.4 den Chód Coiriúil leasaithe agus den Chód Nós Imeachta Coiriúil leasaithe. Ina dhiaidh sin, tá céim 4.7, atá le bheith curtha i gcrích faoi R1-2025, maidir le teacht i bhfeidhm an Dlí lena ndéantar athchóiriú ar an nGníomhaireacht um Aisghabháil agus Bainistíocht Sócmhainní agus céim 4.5, atá le bheith curtha i gcrích faoi R2-2026, arb é is aidhm di an Straitéis in aghaidh an Éillithe agus Clár Stáit in aghaidh an Éillithe a ghlacadh agus a fhoilsiú don tréimhse tar éis 2025.

An fhianaise a cuireadh ar fáil

1)Doiciméad achomair lena dtugtar údar cuí leis an gcaoi ar comhlíonadh an chéim go sásúil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle;

2)Cóip d’Ordú Uimh. 759-r ó Airí Chomh-Aireachta na hÚcráine ‘Maidir le formheas an phlean gníomhaíochta chun Straitéisí um Aisghabháil Sócmhainní le haghaidh 2024-2025 a chur chun feidhme’ dar dáta an 13 Lúnasa 2024;

3)Cóip den ‘Phlean Gníomhaíochta maidir le cur chun feidhme na Straitéise um Aisghabháil Sócmhainní le haghaidh 2023-2025’ mar cheangaltán le hOrdú Uimh. 759-r dar dáta an 13 Lúnasa 2024;

4)Hipearnasc chuig an bhfoilseachán ar shuíomh gréasáin Chomh-Aireacht na nAirí agus seat scáileáin.

Anailís

Cumhdaítear leis an údar agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de chéim 4.6.

 

Ghlac Comh-Aireacht na nAirí an Plean Gníomhaíochta an 13 Lúnasa 2024, agus foilsíodh an cinneadh agus cóip den Phlean ar shuíomh gréasáin Chomh-Aireacht na nAirí ar an dáta céanna. Leagtar amach sa Phlean na bearta a dhéanfar chun an Straitéis um Aisghabháil Sócmhainní le haghaidh 2023-2025 a chur chun feidhme, arna n‑eagrú de réir na gcúig sprioc straitéiseacha sa Straitéis. I gcás gach birt, leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta an amlíne maidir le cur chun feidhme, an t‑eintiteas atá freagrach, agus na haschuir agus na torthaí a bhfuil coinne leo. Áirítear ar na bearta suntasacha a cuireadh chun cinn leis an bPlean athchóirithe ar shásraí coigistíochta dlíthiúla, athchóiriú ar thoradh ar shócmhainní, agus rianú agus sainaithint sócmhainní.

Cumhdaítear le sprioc straitéiseach 1 na feabhsuithe ar reachtaíocht aisghabhála sócmhainní, go háirithe sásraí coigistíochta dlíthiúla a leathnú agus a athchóiriú, agus modhanna a leagan amach chun sócmhainní a rianú agus a shainaithint.

Cumhdaítear le sprioc straitéiseach 2 cumais institiúideacha gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus gníomhaireachtaí eile a neartú, lena n‑áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: reachtaíocht a mholadh chun acmhainneacht oibríochtúil agus oiliúint a mhéadú sa réimse aisghabhála sócmhainní; feabhas a chur ar rochtain ar chláir, ar sholáthraithe sonraí corparáideacha, ar shonraí idirghabhálaí airgeadais, agus ar anailís ar shonraí oscailte; agus malartuithe sonraí leictreonacha trasghníomhaireachta a neartú.

Cumhdaítear le sprioc straitéiseach 3 comhar idirghníomhaireachta agus malartú sonraí a neartú, lena n‑áirítear trí athchóiriú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh bearta comhair agus bearta oiliúna acmhainneachta den sórt sin.

Cumhdaítear le sprioc straitéiseach 4 comhar idirnáisiúnta a fheabhsú, lena n‑áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: anailís ar dhea-chleachtais; oiliúint idirnáisiúnta agus rannpháirtíocht saineolaithe eachtracha san Úcráin a mhéadú; agus comhar foirmiúil agus neamhfhoirmiúil le heintitis eachtracha agus idirnáisiúnta a neartú.

Cumhdaítear le sprioc straitéiseach 5 feabhas a chur ar ionadaíocht agus ar chosaint chearta agus leasanna na hÚcráine i gcúirteanna náisiúnta agus i ndlínsí eachtracha, go háirithe trí bhearta chun feabhas a chur ar dhiúscairt sócmhainní agus aisghabháil sócmhainní idirnáisiúnta a neartú.

Measúnú ón gCoimisiún: Comhlíonta go sásúil

4)Céim 7.6

Ainm na céime: An Straitéis um Fhorbairt Dhéimeagrafach le haghaidh na tréimhse go dtí 2040 a ghlacadh

Athchóiriú/Infheistíocht Ghaolmhar: Athchóiriú 6. Feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh saothair

Arna maoiniú le: Iasachtaí

Comhthéacs

Is é seo a leanas an ceanglas maidir le céim 7.6 a dtugtar tuairisc air san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme:  

‘Ordú ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine a ghlacadh ‘Maidir le Straitéis Dhéimeagrafach na hÚcráine le haghaidh na Tréimhse go dtí 2040 a Fhormheas’. Leis an Straitéis dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

-feabhas a chur ar an staid i réimse na torthúlachta;

-básmhaireacht anabaí a laghdú, go háirithe i measc na bhfear atá in aois oibre;

-treochtaí diúltacha imirce a shárú, trí fhilleadh imirceach éigeantais, ionadaithe ón diaspóra eachtrach a mhealladh chuig an Úcráin, etc.;

-fad saoil gníomhach a chur chun cinn;

-réamhchoinníollacha bonneagair agus slándála a chruthú chun feabhas a chur ar an staid dhéimeagrafach.’

Is é Céim 7.6 an chéad chéim de chur chun feidhme Athchóiriú 6 de chuid Chaibidil 7 (Caipiteal Daonna) a bhaineann le feidhmiú feabhsaithe an mhargaidh saothair. Tá céim bhreise 7.7 ag Athchóiriú 6, atá le bheith curtha i gcrích faoi R2-2026, arb é is aidhm di glacadh leis an Straitéis um Fhostaíocht Daonra.

An fhianaise a cuireadh ar fáil

1)Doiciméad achomair lena dtugtar údar cuí leis an gcaoi ar comhlíonadh an chéim go sásúil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle; 

2)Cóip d’Ordú Uimh. 922-r ó Chomh-Aireacht na nAirí ‘maidir le Formheas na Straitéise um Fhorbairt Dhéimeagrafach na hÚcráine don tréimhse go dtí 2040; dar dáta an 30 Meán Fómhair 2024; 

3)Cóip de ‘Straitéis Dhéimeagrafach na hÚcráine don tréimhse go dtí 2040’ mar cheangaltán le hOrdú Uimh. 922-r dar dáta an 30 Meán Fómhair 2024;

Anailís  

Cumhdaítear leis an údar agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de chéim 7.6. 

 

Ghlac Comh-Aireacht Airí na hÚcráine Ordú Uimh. 922-r ón 30 Meán Fómhair 2024 ‘Maidir le Formheas na Straitéise um Fhorbairt Dhéimeagrafach na hÚcráine don tréimhse go dtí 2040’ (dá ngairtear ‘an straitéis’ anseo feasta). Tá an straitéis ceangailte le hOrdú ceadaithe Uimh. 922-r agus beidh pleananna gníomhaíochta ag gabháil léi a dhréachtófar go rialta ar feadh tréimhsí 3 bliana. Sonraítear sa chéad ‘Phlean Gníomhaíochta maidir le Straitéis um Fhorbairt Dhéimeagrafach na hÚcráine a Chur Chun Feidhme don tréimhse go dtí 2040’ gníomhaíochtaí beartais le haghaidh 2024-2027. Tacóidh na bearta atá beartaithe leis an Úcráin cuspóirí na straitéise a bhaint amach.

Chuir cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine le go leor dúshláin dhéimeagrafacha fhorleathana atá roimh an Úcráin. Chomh maith leis an líon ard Úcránach atá ag teitheadh ó fhogha míleata na Rúise, tá méadú nach beag tagtha ar bhásmhaireacht mhuintir na hÚcráine mar gheall ar an troid agus ar na hionsaithe ar shibhialtaigh mar thoradh ar an bhfogha armtha. Tugtar anailís sa straitéis ar staid dhéimeagrafach na tíre atá ann faoi láthair agus sainaithnítear sé sprioc straitéiseacha chun na saincheisteanna a mhaolú. Tá cur chun feidhme beartas éifeachtach lena gcuirtear feabhas ar an staid dhéimeagrafach ríthábhachtach d’fhorbairt eacnamaíoch na réigiún ar an líne thosaigh agus don tír ina hiomláine.

Is é is aidhm don straitéis feabhas a chur ar an staid i réimse na torthúlachta trí fheabhas a chur ar chúram sláinte atáirgthe, trí thimpeallacht atá fabhrach do theaghlaigh a chur chun cinn, trí neamhthuilleamaíocht eacnamaíoch teaghlach a mhéadú agus trí chomhréiteach idir saol na hoibre agus saol an teaghlaigh a chur chun cinn. Ina theannta sin, moltar sa straitéis go gcuirfí tacaíocht chuimsitheach stáit ar fáil do theaghlaigh.

 

Thairis sin, dírítear sa straitéis ar bhásmhaireacht anabaí a laghdú, go háirithe i measc na bhfear atá in aois oibre. Tugtar tuairisc ar bhealaí ann chun feabhas a chur ar luathbhrath agus ar chosc galar a mbíonn básmhaireacht anabaí nó cailliúint sláinte mar thoradh orthu go minic. Is é is aidhm dó inrochtaineacht agus cáilíocht an chúraim leighis a mhéadú agus tosca riosca maidir le gortú nó básmhaireacht sa saol laethúil a laghdú. Ina theannta sin, cuirtear stíl mhaireachtála shláintiúil chun cinn leis an straitéis, lena n‑áirítear trí shaoráidí spóirt agus limistéir áineasa a fhorbairt.

Is é is aidhm don straitéis treochtaí diúltacha imirce a shárú trí fhilleadh deonach na nÚcránach atá ag teitheadh ó fhogha míleata na Rúise a chur chun cinn, agus trí theagmhálacha oifigiúla le diaspóra na hÚcráine a threisiú. Ina theannta sin, tá sé i gceist leis an straitéis eisimirce daoine óga ón Úcráin a laghdú, agus inimirce a éascú chun freastal ar riachtanais an mhargadh saothair.

 

Ina theannta sin, cuireann an straitéis aosú gníomhach agus fad saoil chun cinn trí rannpháirtíocht daoine scothaosta sa mhargadh saothair a spreagadh, trí thacaíocht dá sláinte agus dá bhfolláine a áirithiú agus trí thacú le gníomhaíochtaí lena ndéantar freastal orthu.

 

Ar deireadh, dírítear sa straitéis ar dhálaí bonneagair agus slándála a chruthú chun feabhas a chur ar an staid dhéimeagrafach. Tabharfaidh an Úcráin faoi bhearta chun timpeallacht shábháilte a chruthú agus chun leibhéal muiníne na saoránach as an stát a mhéadú. Thairis sin, áirítear sa straitéis iarrachtaí chun tithíocht a chur ar fáil do shaoránaigh i gcomhréir lena riachtanais agus lena gcumais agus chun feabhas a chur ar infhaighteacht agus ar cháilíocht an bhonneagair.

Measúnú ón gCoimisiún: Comhlíonta go sásúil

5)Céim 8.1

Ainm na céime: An Plean Gníomhaíochta maidir le Dírialáil a ghlacadh

Athchóiriú/Infheistíocht Ghaolmhar: Athchóiriú 1. Timpeallacht Rialála Feabhsaithe

Arna maoiniú le: Iasachtaí

Comhthéacs

Is é seo a leanas an ceanglas maidir le céim 8.1 a dtugtar tuairisc air san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme:

 

‘An tOrdú ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine a ghlacadh maidir leis an bPlean Gníomhaíochta i dtaca le dírialáil a fhormheas. Leis an bPlean Gníomhaíochta, dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

- na rialacháin maidir le rochtain ar an margadh a laghdú agus a dhigitiú;

- samhail phionósach agus dhiansmachtúil na maoirseachta stáit (rialú) a athrú go samhail choisctheach (cur chuige riosca-dhírithe); agus

- an líon feidhmeanna maoirseachta agus rialaithe a laghdú.’

 

Is í céim 8.1 an chéad chéim i gcur chun feidhme Athchóiriú 1 de Chaibidil 8 (an Timpeallacht Ghnó). Tá céim bhreise 8.2 ag athchóiriú 1, atá le bheith curtha i gcrích faoi R3-2025, atá dírithe ar theacht i bhfeidhm na reachtaíochta i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le dírialáil in earnálacha sonracha.

 

An fhianaise a cuireadh ar fáil

1)Doiciméad achomair lena dtugtar údar cuí leis an gcaoi ar comhlíonadh an chéim go sásúil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle;

2)Cóip d’Ordú Uimh. 838-p ó Chomh-Aireacht na nAirí ‘Maidir le Leasuithe ar Ordú Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine dar dáta an 4 Nollaig 2019 Uimh. 1413’ dar dáta an 3 Meán Fómhair 2024;

3)Cóip den ‘Phlean Gníomhaíochta maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch a dhírialáil agus feabhas a chur ar thimpeallacht ghnó’ a glacadh mar cheangaltán le hOrdú Uimh. 838-9 dar dáta an 3 Meán Fómhair 2024;

4)Doiciméad inar tugadh míniú ar gach ceann de na bearta sa Phlean Gníomhaíochta.

Anailís

Cumhdaítear leis an údar agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de chéim 8.1.

Ghlac Comh-Aireacht na nAirí an Plean Gníomhaíochta an 3 Meán Fómhair 2024. Leagtar amach ann na cúraimí atá le tabhairt ar aghaidh, na heintitis atá freagrach agus na hamlínte maidir le cur chun feidhme.

Áirítear sa Phlean Gníomhaíochta 99 mbeart i réimsí éagsúla gníomhaíochta eacnamaíche chun rialacháin maidir le rochtain ar an margadh agus an líon feidhmeanna maoirseachta agus rialaithe a laghdú. Is é is aidhm do na bearta sin próisis a chuíchóiriú, ualaí rialála a laghdú, agus deireadh a chur le hionstraimí rialála atá forluiteach, frithráiteach agus imithe i léig. Cuirfear chun feidhme iad idir ráithe 3 de 2024 agus ráithe 4 de 2025.

Áirítear ar na bearta deireadh a chur le roinnt feidhmeanna maoirseachta agus rialaithe stáit, i gcás ina suitear go bhfuil siad as dáta, go bhfuil rialacháin níos nuaí ina n‑ionad, nó go bhfuil ualaí rialála míréasúnta á gcruthú acu ar ghnólachtaí. Áirítear ar na samplaí: deireadh a chur le roinnt ceadanna nach bhforáiltear dóibh a thuilleadh leis an dlí agus i gcás nach ann don nós imeachta a thuilleadh chun iad a fháil; deireadh a chur le ceanglais maidir le sleachta páipéir ó chláir leictreonacha oscailte a chur ar fáil; lena n‑aisghairtear an ceanglas atá ar ghnólachtaí deimhniú clárúcháin a fháil chun páirceanna teicneolaíochta nua a fhorbairt; agus roinnt rialuithe agus ceadanna a aisghairm chun comhfhiontair a chaibidliú agus a dhéanamh le gnólachtaí eachtracha.

Leagtar amach sa Phlean freisin bearta i dtaca le rialacháin maidir le rochtain ar an margadh a dhigitiú, go príomha trí Ghníomhaíocht 31 maidir le nósanna imeachta ceadúnúcháin a dhigitiú. Moltar i nGníomh 26 freisin córas a thabhairt isteach maidir le hárachas deonach ar dhliteanas sibhialta fiontraithe agus maidir le hiniúchtaí deonacha ar a ngníomhaíochtaí. Is é an cuspóir an líon beart maoirseachta agus rialaithe a laghdú agus aistriú chuig cur chuige níos coiscthí agus níos dírithe ar riosca. Neartóidh an beart freisin freagracht na n‑oifigeach stáit as sáruithe ar cheanglais mhaoirseachta.

Measúnú ón gCoimisiún: Comhlíonta go sásúil

6)Céim 9.5

Ainm na céime: Rúin a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar Straitéis an Stáit um Fhorbairt Réigiúnach le haghaidh na tréimhse 2021-2027

Athchóiriú/Infheistíocht Ghaolmhar:

Athchóiriú 3. Beartas réigiúnach a fhorbairt agus a chur chun feidhme

Arna maoiniú le: Iasachtaí

Comhthéacs

Is é seo a leanas an ceanglas maidir le céim 9.5 a dtugtar tuairisc air san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme:

‘Glacadh an Rúin ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine dar teideal ‘Maidir le Leasuithe ar Straitéis an Stáit um Fhorbairt Réigiúnach le haghaidh na tréimhse 2021-2027, arna fhormheas le Rún ó Chomh-Aireacht Airí na hÚcráine Uimh. 695 dar dáta an 5 Lúnasa 2020’.

Leis an rún, dírítear ar na príomhréimsí seo a leanas:

- rialachas il-leibhéil a fhorbairt, córas bainistíochta na forbartha réigiúnaí a chomhfhogasú do nósanna imeachta agus dea-chleachtais an Aontais;

- comhpháirtíochtaí, comhar idirbhardasach, idir-réigiúnach agus trasteorann a chur chun cinn;

- acmhainneacht institiúideach na bpobal críochach agus na réigiún críochach a fhorbairt ó thaobh bainistiú tionscadal, digitithe, frith-éillithe agus pleanáil straitéiseach de.’

Is í céim 9.5 an chéad chéim i gcur chun feidhme Athchóiriú 3 de Chaibidil 9 (Dílárú agus Beartas Réigiúnach). Áirítear ar Athchóiriú 3, a bhaineann le beartas réigiúnach a fhorbairt agus a chur chun feidhme, céim bhreise 9.6, atá le bheith curtha i gcrích faoi R4 2024, agus atá dírithe ar phleanáil uirbeach a fhorbairt ar an leibhéal áitiúil.

An fhianaise a cuireadh ar fáil

1)Doiciméad achomair lena dtugtar údar cuí leis an gcaoi ar comhlíonadh an chéim go sásúil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle;

2)Cóip de Rún Uimh. 940 ó Chomh-Aireacht na nAirí ‘Maidir le Leasuithe ar Straitéis an Stáit um Fhorbairt Réigiúnach do 2021-2027’dar dáta an 13 Lúnasa 2024.

Anailís

Cumhdaítear leis an údar agus leis an bhfianaise a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de chéim 9.5.

D’fhormheas Comh-Aireacht na nAirí an leasú ar Straitéis an Stáit um Fhorbairt Réigiúnach 2021-2027 an 13 Lúnasa 2024. Tugadh an straitéis cothrom le dáta chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar thionchar chogadh foghach leanúnach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, chun an próiseas téarnaimh agus atógála a éascú, agus chun freagairt do mholtaí Thuarascáil 2023 ón gCoimisiún ar Mhéadú. Tá trí chuspóir straitéiseacha ag an straitéis: i) stát aontaithe a bhunú i ngnéithe sóisialta, daonnúla, eacnamaíocha, éiceolaíocha, slándála agus spásúla; ii) iomaíochas na réigiún a mhéadú; agus iii) rialachas il-leibhéil éifeachtach a fhorbairt.

Tacaíonn an straitéis le rialachas il-leibhéil a fhorbairt trí dhá sprioc oibríochtúla agus trí sprioc maidir le córais bainistithe forbartha réigiúnaí a thabhairt níos gaire do nósanna imeachta agus dea-chleachtais an Aontais. Áirítear ar na bearta feabhsuithe reachtacha, dealú níos soiléire idir cumhachtaí, córas chun comhlíonadh na bprionsabal a leagtar síos sa Chairt Eorpach um Fhéinrialú Áitiúil a mhéadú, agus sásra chun comhordú níos fearr a áirithiú idir leibhéil éagsúla rialtas agus riaracháin phoiblí.

Ina theannta sin, sainaithnítear sa straitéis forbairt comhpháirtíochtaí, comhar idirbhardasach, idir-réigiúnach agus trasteorann mar phríomhthosaíocht. Tacaítear leis sin le dhá sprioc oibríochtúla, arb é is aidhm dóibh cineálacha éagsúla comhair a fhorbairt, lena n‑áirítear comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, agus comhar trasteorann idir na húdaráis áitiúla a dhoimhniú. Meastar freisin go rannchuideoidh Clár an Stáit um Chomhar Trasteorann a Fhorbairt le haghaidh 2021-2027 leis na spriocanna sin, lena n‑áirítear na coinníollacha a thabhairt isteach chun comhaontuithe a shíniú maidir le comhar trasteorann idir údaráis feidhmiúcháin áitiúla agus comhlachtaí féinrialtais áitiúla agus aonaid chríochacha riaracháin ábhartha na dtíortha i gcomharsanacht.

Sainaithnítear forbairt acmhainneachta institiúdach mar phríomhthosaíocht freisin. Áirítear leis sin an digitiú a mhéadú agus feabhas a chur ar leibhéal scileanna gairmiúla agus inniúlachtaí na státseirbhíseach agus na n‑oifigeach rialtais áitiúil. Áirítear ar na príomhinniúlachtaí a aithníodh sa straitéis pleanáil straitéiseach, soláthar seirbhísí bardasacha, buiséadú, infheistíochtaí a mhealladh, agus na dálaí a chruthú chun cuntasacht agus trédhearcacht comhlachtaí stáit agus comhlachtaí féinrialtais áitiúla a mhéadú ar gach leibhéal.

Saothraítear frith-éilliú trí dheiseanna le haghaidh iompar éillitheach a laghdú, lena n‑áirítear trí bhearta amhail digitiú méadaithe, cuntasacht agus trédhearcacht i ngnóthaí poiblí. Meastar freisin go gcuirfidh staidreamh bardasach feabhsaithe, córas comhordaithe pleanála don fhorbairt spásúil, agus córas aontaithe geofhaisnéise le haghaidh faireacháin le hacmhainneacht institiúideach feabhsaithe. Gné thábhachtach is ea córas digiteach aonair a chur chun feidhme chun gach tionscadal téarnaimh agus forbartha a bhainistiú ar bhealach trédhearcach agus cuntasach. Áirítear leis sin cur chuige sonraíbhunaithe maidir le tosaíocht a thabhairt do chláir agus do thionscadail.

Tugtar tuairisc sa straitéis ar shásraí cur chun feidhme agus ar shocruithe chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn faoi stiúir Aireacht Chomhphobail, Chríocha agus Fhorbairt Bonneagair na hÚcráine, ag díriú ar rianú agus anailís a dhéanamh ar dhialltaí i dtáscairí ó spriocanna d’fhonn an cur chun feidhme a choigeartú más gá. Déanfar meastóireachtaí inmheánacha agus seachtracha ar an straitéis agus ar a cur chun feidhme chun feidhmíocht a mheasúnú agus chun í a choigeartú dá réir.

Measúnú ón gCoimisiún: Comhlíonta go sásúil

7)Céim 10.8

Ainm na céime: Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta tánaistí i ndáil le dlí an Rialacháin maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Mórdhíola Fuinnimh (REMIT)

Athchóiriú/Infheistíocht Ghaolmhar: Athchóiriú 3. Athchóiriú ar an margadh leictreachais

Arna maoiniú le: Iasachtaí 

Comhthéacs:

Is é seo a leanas an ceanglas maidir le céim 10.8 a dtugtar tuairisc air san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme:

‘Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta tánaistí maidir le dlí REMIT. Formheasann NEURC na nósanna imeachta agus na ceanglais seo:

-an nós imeachta maidir le stádas riarthóra aistrithe sonraí a fháil, a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh;

-an nós imeachta maidir le feidhmiú ardán faisnéise ón taobh istigh;

-ceanglais chun sláine agus trédhearcacht a áirithiú sa mhargadh mórdhíola fuinnimh;

-an nós imeachta maidir le Faisnéis a Chur Isteach faoi Idirbhearta Eacnamaíocha agus Trádála le Táirgí Mórdhíola Fuinnimh

Na Téarmaí Tagartha a ullmhú chun córas faisnéise a fhorbairt lena sainítear na feidhmeanna seo a leanas de chuid NEURC: comhtháthófar an córas le córais oibreoirí margaidh, le hardáin faisnéise ón taobh istigh, le riarthóirí aistrithe sonraí agus braithfidh sé faisnéis a léiríonn go bhfuil mí-úsáid ann’

Tá Céim 10.8 ar cheann de na ceithre chéim chun Athchóiriú 3 a chur chun feidhme. Athchóirú ar an Margadh Leictreachais, a bhfuil coinne leis go dtabharfar chun críche é faoi R2 2026.

An fhianaise a cuireadh ar fáil 

1)Doiciméad achomair lena dtugtar údar cuí leis an gcaoi ar comhlíonadh an chéim go sásúil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle;

2)Cóip de Rún an Choimisiúin Rialála Náisiúnta um Fhuinneamh agus um Fhóntais (dá ngairtear ‘NEURC’ anseo feasta) Uimh. 2613 ‘Maidir le Formheas an Nós Imeachta chun Stádas Riarthóra Aistrithe Sonraí a Fháil, a Chur ar Fionraí agus a Fhoirceannadh’ dar dáta an 27 Nollaig 2023;

3)Cóip de Rún NEURC Uimh. 137 ‘Maidir le Formheas an Nós Imeachta maidir le Feidhmiú Ardán Faisnéise ón Taobh Istigh’ dar dáta an 16 Eanáir 2024;

4)Cóip de Rún NEURC Uimh. 614 ‘Maidir le Formheas na gCeanglas chun Sláine agus Trédhearcacht a Áirithiú sa Mhargadh Mórdhíola Fuinnimh’ dar dáta an 27 Márta 2024;

5)Cóip de Rún NEURC Uimh. 618 ‘Maidir le Formheas an Nós Imeachta chun Faisnéis a Chur Isteach maidir le hOibríochtaí Eacnamaíocha agus Trádála a Bhaineann le Táirgí Mórdhíola Fuinnimh’dar dáta an 7 Márta 2024;

6)Cóip de na Téarmaí Tagartha chun córas faisnéise TF REMIT a fhorbairt arna síniú go cuí ag ionadaí an chonraitheora a d’fhorbair an togra agus ag ionadaí NEURC;

7)Cóip de phrótacal inmheánach Uimh. 119-n NEURC dar dáta an 26 Meán Fómhair 2024 lena bhformheastar na Téarmaí Tagartha chun córas faisnéise TF REMIT a fhorbairt.

Anailís  

Cumhdaítear leis an údar agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de chéim 10.8.

Ghlac an Coimisiún Rialála Náisiúnta um Fhuinneamh agus um Fhóntais (NEURC) an reachtaíocht thánaisteach ábhartha uile maidir leis an Rialachán maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Mórdhíola Fuinnimh (REMIT). Ghlac an Pharlaimint dlí príomha REMIT (Maidir le Leasuithe ar Dhlíthe Áirithe de chuid na hÚcráine maidir le Mí-Úsáid sna Margaí Mórdhíola Fuinnimh a Chosc) an 10 Bealtaine 2023.

Glacadh Rún Uimh. 2613 an 27 Nollaig 2023 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024, tar éis a fhoilsithe ar shuíomh gréasáin NEURC an 29 Nollaig 2023. Bunaítear leis na nósanna imeachta maidir le stádas riarthóra aistrithe sonraí a fháil, a chur ar fionraí agus a chúlghairm. Chun stádas riarthóra aistrithe sonraí a fháil, ní mór d’iarratasóirí cloí leis an Rún agus leis an tsonraíocht theicniúil a sholáthraíonn an rialtóir le linn an phróisis iarratais. Má tá iarratasóir comhlíontach agus tar éis céim thástála maidir le húsáid na mbogearraí a chur i gcrích go rathúil, is féidir le NEURC stádas riarthóra aistrithe sonraí a dheonú don iarratasóir. Má sháraíonn an riarthóir aistrithe sonraí cuid de na nósanna imeachta a bhunaítear leis an Rún seo agus mura gcomhlíonann sé a oibleagáidí maidir leis an bhfaisnéis a chur faoi bhráid an rialtóra, féadfaidh an rialtóir a stádas riarthóra aistrithe sonraí a chur ar fionraí. Sainaithnítear sa Rún freisin liosta d’imthosca éagsúla faoina bhféadfar stádas riarthóra aistrithe sonraí a chúlghairm go buan.

Glacadh Rún Uimh. 137 an 16 Eanáir 2024 agus tháinig sé i bhfeidhm an 23 Iúil 2024, tar éis a fhoilsithe ar shuíomh gréasáin NEURC an 22 Eanáir 2024. Bunaítear leis na nósanna imeachta a bhaineann le feidhmiú ardán faisnéise ón taobh istigh (dá ngairtear ‘ardáin’ anseo feasta). Go háirithe, déantar foráil maidir leis an méid seo a leanas: i) nósanna imeachta maidir le faisnéis ón taobh istigh a áireamh i gclár na riarthóirí ardáin a bhailíonn agus a thaifeadann faisnéis faoi riarthóirí ardáin; ii) ceanglais maidir le feidhmiú na n‑ardán agus oibleagáidí riarthóirí ardán; iii) ceanglais a bhaineann le nochtadh faisnéise ón taobh istigh ag riarthóirí ardán; iv) forálacha maidir le feidhmeanna an riarthóra ardáin a chur ar fionraí agus maidir leis an riarthóir ardáin a eisiamh ón gclárlann.

Glacadh Rún Uimh. 614 an 27 Márta 2024 agus tháinig sé i bhfeidhm an 29 Márta 2024, cé is moite de Chaibidil 4 a tháinig i bhfeidhm an 2 Iúil 2024, tar éis a fhoilsithe ar shuíomh gréasáin NEURC 28 Márta 2024. Bunaítear leis sraith ceanglas chun sláine agus trédhearcacht a áirithiú sa mhargadh mórdhíola fuinnimh, agus chun feabhas a chur ar an iomaíocht. Go háirithe, cinntear an méid seo a leanas leis na ceanglais: i) liosta d’iompraíocht chúblála a d’fhéadfadh a bheith ann sa mhargadh mórdhíola fuinnimh; ii) srianta maidir le conas faisnéis ón taobh istigh a láimhseáil; iii) ceanglais maidir le nochtadh faisnéise ón taobh istigh; iv) ceanglais a bhaineann le gairmithe a bhíonn ag déileáil le hoibríochtaí a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh; v) comharthaí a léiríonn iompraíocht amhrasach a d’fhéadfadh a bheith ann sa mhargadh mórdhíola fuinnimh; vii) prionsabail maidir le comhar idir an rialtóir agus Bord Rialála an Chomhphobail Fuinnimh.

Glacadh Rún Uimh. 618 an 27 Márta 2024 agus tháinig sé i bhfeidhm an 2 Iúil 2024, tar éis a fhoilsithe ar shuíomh gréasáin NEURC an 29 Márta 2024. Tá feidhm aige maidir le rannpháirtithe sa mhargadh mórdhíola fuinnimh, riarthóirí tarchurtha sonraí, agus gairmithe a eagraíonn oibríochtaí le táirgí mórdhíola fuinnimh. Bunaítear leis na nósanna imeachta chun faisnéis a chur faoi bhráid NEURC maidir leis an méid seo a leanas: i) oibríochtaí eacnamaíocha agus trádála a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh; ii) sonraí bunúsacha maidir leis na margaí leictreachais; iii) sonraí bunúsacha maidir leis an margadh gáis nádúrtha.

Mar a tuairiscíodh i bprótacal inmheánach NEURC Uimh. 119-n, chuir NEURC bailchríoch ar ullmhú na dTéarmaí Tagartha chun córas faisnéise a fhorbairt lena sainítear feidhmeanna an rialtóra féin. Leis na Téarmaí Tagartha, arna síniú ag Ceann NEURC agus ag an gconraitheoir a thug tacaíocht theicniúil agus an doiciméad á ullmhú, bunaítear feidhmeanna chomhtháthú an chórais leis na córais oibreoirí margaidh agus brath faisnéise a léiríonn go bhfuil mí-úsáid ann. Sainítear ann freisin a thuilleadh na feidhmeanna a shanntar do na hardáin faisnéise ón taobh istigh agus do riarthóirí aistrithe sonraí.

Measúnú ón gCoimisiún: Comhlíonta go sásúil 

8)Céim 15.1

Ainm na céime: Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le truailliú tionsclaíoch a chosc, a laghdú agus a rialú agus na forálacha á gcur i bhfeidhm go páirteach

Athchóiriú/Infheistíocht Ghaolmhar: Athchóiriú 1. Truailliú tionsclaíoch a chosc, a laghdú agus a rialú

Arna maoiniú le: Tacaíocht neamh-inaisíoctha

Comhthéacs

Is é seo a leanas an ceanglas maidir le céim 15.1 a dtugtar tuairisc air san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme:

‘Teacht i bhfeidhm Dhlí na hÚcráine maidir le Cearta Bunreachtúla na saoránach chun comhshaoil shábháilte don bheatha agus don tsláinte a áirithiú, agus na forálacha á gcur i bhfeidhm go páirteach. Tá fodhlíthe le glacadh laistigh de 12 mhí, agus tá roinnt forálacha le glacadh maidir le torthaí na dteicneolaíochtaí agus na modhanna bainistíochta is fearr atá ar fáil a chur i bhfeidhm laistigh de 4 bliana tar éis fhoirceannadh an dlí airm, cé is moite de na suiteálacha a chuirtear i mbun oibríochta den chéad uair.

Is é is aidhm don dlí truailliú tionsclaíoch a chosc, a laghdú agus a rialú agus tugtar isteach leis cineálacha cur chuige comhtháite maidir le truailliú tionsclaíoch a cheadú agus a rialú bunaithe ar chur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí agus na modhanna bainistíochta is fearr atá ar fáil i gcomhréir le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (athmhúnlú)’

An fhianaise a cuireadh ar fáil

1)Doiciméad achomair lena dtugtar údar cuí leis an gcaoi ar comhlíonadh an chéim go sásúil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle;

2)Cóip de Dhlí Uimh. 3855-IX na hÚcráine maidir le ‘Ceart bunreachtúil na saoránach chun comhshaoil shábháilte don bheatha agus don tsláinte a áirithiú’dar dáta an 8 Lúnasa 2024.

Anailís

Cumhdaítear leis an údar agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de chéim 15.1.

Dlí na hÚcráine maidir le cearta bunreachtúla na saoránach chun comhshaoil shábháilte don bheatha agus don tsláinte a áirithiú, tháinig sé bhfeidhm a 8 Lúnasa 2024. Mar a shainmhínítear in Airteagal 29 (1) den dlí, tiocfaidh forálacha an dlí i bhfeidhm 12 mhí tar éis a chur i bhfeidhm cé is moite d’Airteagal 29 (9). Mar a shainmhínítear in Airteagal 29 (2), ní dhéanfar na forálacha maidir le cinntí na dteicneolaíochtaí agus na modhanna bainistíochta is fearr atá ar fáil a chur i bhfeidhm ach amháin tráth nach luaithe ná 4 bliana ó dháta dheireadh an dlí airm, cé is moite de shuiteálacha a chuirfear i mbun oibríochta den chéad uair.

Leis an dlí atá ann faoi láthair, rialaítear truailliú a eascraíonn as próisis táirgthe thionsclaíocha agus trasuitear go páirteach Treoir 201/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha agus tógála beostoic (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú). Tugtar isteach leis an dlí an coincheap ‘cead comhtháite comhshaoil’ in Airteagal 3 nach mór a fháil sula n‑oibrítear aon suiteáil a dhéanann gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le truailliú. Tá cur chuige comhtháite ag an dlí agus cuireann sé d’oibleagáid ar na húdaráis an fheidhmíocht chomhshaoil thar shaolré gléasra a mheas sa phróiseas ceadaithe. Sainordaíonn sé úsáid na dteicneolaíochtaí agus na modhanna bainistíochta is fearr atá ar fáil, agus rialaíonn sé astaíochtaí, bainistíocht dramhaíola, úsáid uisce, agus tionchar ar an gcomhshaol.

Bunaítear i mbrollach an dlí na prionsabail maidir le truailliú tionsclaíoch a ‘chosc, a laghdú agus a rialú’. Sainmhínítear é seo a thuilleadh in Airteagal 2 (1) ina luaitear go rialaíonn an dlí an réimse maidir le truailliú a chosc, a laghdú agus a rialú ag eascairt as na gníomhaíochtaí ó ghníomhaíocht thionsclaíoch mar a shainmhínítear san iarscríbhinn a ghabhann leis an dlí. Sainmhínítear an cur chuige comhtháite ceadaithe in Airteagal 3. Is é is aidhm don dlí na prionsabail a urramú le cur chuige comhtháite maidir le truailliú tionsclaíoch a cheadú agus a rialú bunaithe ar na teicneolaíochtaí agus na modhanna bainistíochta is fearr atá ar fáil. Tá na forálacha sin i gcomhréir le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (athmhúnlú).

 

Measúnú ón gCoimisiún: Comhlíonta go sásúil

9)Céim 15.10

Ainm na céime: Nóta coincheapa a fhorbairt ina sainítear raon feidhme na ndialltaí ó rialacha an Mheasúnaithe ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) agus ó rialacha an Mheasúnaithe Straitéisigh Comhshaoil (MSC)

Athchóiriú/Infheistíocht Ghaolmhar: Athchóiriú 6. Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) agus Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC)

Arna maoiniú le: Iasachtaí

Comhthéacs

Is é seo a leanas an ceanglas maidir le céim 15.10 a dtugtar tuairisc air san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme:

‘Nóta coincheapa a ullmhú agus a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin oifigiúil na hAireachta Cosanta Comhshaoil agus Acmhainní Nádúrtha tar éis comhairliúcháin phoiblí le páirtithe leasmhara a shainíonn raon feidhme na maoluithe ó rialacha MTC agus MSC. Áirítear an fhaisnéis seo a leanas sa nóta coincheapa:

- faisnéis maidir leis an gcomhlacht a chinneann raon feidhme na maoluithe ó oibleagáidí MTC agus MSC;

- tuairisc ar na réada agus míniú ar an bhfáth a n‑áirítear iad i raon feidhme an mhaolaithe i ngach cás sonrach;

- údar le raon feidhme na maoluithe;

- teorainneacha ama le haghaidh na maoluithe a dheonaítear.’

Is é Céim 15.10 an chéad chéim d’Athchóiriú 6 de chuid Chaibidil 15 (Aistriú glas agus cosaint comhshaoil).

An fhianaise a cuireadh ar fáil

1)Doiciméad achomair lena dtugtar údar cuí leis an gcaoi ar comhlíonadh an chéim go sásúil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle;

2)Cóip den Nóta Coincheapa lena gcinntear raon feidhme na ndialltaí ó rialacha MTC agus MSC, mar a foilsíodh an 18 Meán Fómhair 2024;

3)Cóip den phrótacal ón bplé poiblí ar an Nóta Coincheapa ina leagtar amach raon feidhme na ndialltaí ó rialacha MTC agus MSC dar dáta an 14 Bealtaine 2024;

4)Hipearnasc chuig an bhfoilseachán ar shuíomh gréasáin na hAireachta Cosanta Comhshaoil agus Acmhainní Nádúrtha agus seat scáileáin;

5)Hipearnasc chuig an bhfoilseachán inar fógraíodh na comhairliúcháin phoiblí agus seat scáileáin.

Anailís

Cumhdaítear leis an údar agus leis an bhfianaise shubstainteach a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil gach gné bhunaitheach de chéim 15.10.

D’ullmhaigh an Aireacht Cosanta Comhshaoil agus Acmhainní Nádúrtha an nóta agus foilsíodh é ar a láithreán gréasáin. Rinneadh comhairliúchán poiblí roimhe sin idir an 30 Aibreáin agus an 30 Bealtaine 2024. Bhí díospóireacht ar líne ar siúl an 14 Bealtaine 2024 agus 95 ionadaí páirtithe leasmhara páirteach ann mar a dheimhnítear i bprótacal an chruinnithe.

Luaitear sa nóta coincheapa gurb é Comhaireacht Airí na hÚcráine an príomhchomhlacht atá freagrach as raon feidhme na maoluithe ó MTC a chinneadh. I líon teoranta cásanna is í Parlaimint na hÚcráine a dhéanann na cinntí sin. Is í an Pharlaimint amháin a chinneann raon feidhme na maoluithe ó MSC. 

Áirítear sa nóta coincheapa tuairisc ar na réada agus míniú ar an bhfáth a bhfuil na réada sin san áireamh i raon feidhme an mhaolaithe. I gcás MTCanna, leagtar amach na rialacha ginearálta in Airteagal 3 de Dhlí Uimh. 2132-IX na hÚcráine an 15 Márta 2022 maidir le Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol. Is féidir maoluithe a chur i bhfeidhm má tá siad dírithe go heisiach ar chosaint agus slándáil fuinnimh an stáit a áirithiú, agus ar iarmhairtí éigeandálaí agus iarmhairtí an fhogha mhíleata in aghaidh na hÚcráine a dhíothú. Maidir leis na maoluithe i gcur i bhfeidhm MSC, tugtar tuairisc sa nóta coincheapa ar chineálacha clár díolmhaithe agus ar a ról sa phróiseas athchóirithe ar chríocha a ndéanann fogha armtha difear dóibh.

údar leis an bhféidearthacht go ndéanfaí maolú ar MTC mar gheall ar an ngá atá le cosaint an stáit a áirithiú, éifeachtaí staideanna éigeandála a mhaolú agus éifeachtaí an fhogha armtha in aghaidh na hÚcráine le linn thréimhse an dlí airm a fhritháireamh. Tá údar le maoluithe MSC i limistéir atá faoi réir cláir athchóirithe, ar limistéir iad a ndearna an fogha armtha in aghaidh na hÚcráine difear dóibh nó ina bhfuil géarchéimeanna socheacnamaíocha, bonneagair, comhshaoil nó géarchéimeanna eile comhchruinnithe.

De réir an nóta coincheapa, tá gach maolú MTC sealadach, agus bhain an chuid is mó díobh le tréimhse chur i bhfeidhm an dlí airm. I líon teoranta cásanna a bhaineann le bainistiú dramhaíola mar thoradh ar scriosadh, is féidir an maolú a chur i bhfeidhm le linn an dlí airm agus ar feadh 90 lá tar éis é a bhaint. I gcás dhá láithreán shonracha, ní chuirtear ach maolú aonuaire ar fáil. Tá maoluithe ar chur i bhfeidhm phrionsabal MSC maidir le mórchláir athchóirithe agus forbartha teoranta ó thaobh ama de réir fhad na gclár sin.

Measúnú ón gCoimisiún: Comhlíonta go sásúil

(1)

Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin, IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj. .

(2)

 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine (IO L, 2024/1447, 24.5.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1447/oj.