An Bhruiséil,13.11.2024

COM(2024) 531 final

2024/0301(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le comhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh le haghaidh dearbhú maidir le hoibrithe a phostú agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

{SWD(2024) 258 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, áirítear an ceart atá ag soláthraithe seirbhíse atá bunaithe i mBallstát seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile, agus a gcuid oibrithe féin a phostú go sealadach chun na seirbhísí sin a sholáthar ann. Agus a chuid oibrithe á bpostú aige, ní mór don soláthraí seirbhíse cloí le sraith téarmaí agus coinníollacha sainithe fostaíochta, mar a bhunaítear le Treoir 96/71/CE 1 , sa Bhallstát ina dtarlaíonn an postú. Déantar é sin chun cosaint íosta na noibrithe ar postú lena mbaineann a áirithiú. Ceanglaítear ar na Ballstáit oibriú i ndlúthchomhar le chéile agus cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile chun faireachán ar chomhlíonadh na dtéarmaí agus na gcoinníollacha fostaíochta sin a éascú. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfaí an t-ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar na soláthraithe seirbhíse a sheachaint in éineacht le hoibrithe ar postú a chosaint agus faireachán éifeachtach a áirithiú agus cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

Mar a leagtar amach in Airteagal 9(1) de Threoir 2014/67/AE 2 , chun faireachán éifeachtach ar chomhlíonadh na noibleagáidí sa Treoir sin agus i dTreoir 96/71/CE a áirithiú, ní fhéadfaidh na Ballstáit ceanglais riaracháin agus bearta rialaithe is gá chun na críche sin a fhorchur ach amháin ar choinníoll go bhfuil údar leo agus go bhfuil siad comhréireach i gcomhréir le dlí an Aontais. Sa chomhthéacs sin, de réir Airteagal 9(1)(a) de Threoir 2014/67/AE, féadfaidh na Ballstáit oibleagáid a fhorchur ar sholáthraí seirbhíse atá bunaithe i mBallstát eile dearbhú simplí a dhéanamh leis na húdaráis inniúla náisiúnta atá freagrach ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha is gá chun rialuithe fíorasacha a cheadú san ionad oibre.

Sa nuashonrú ar straitéis thionsclaíoch nua 2020 3 , d’fhógair an Coimisiún go noibreoidh sé leis na Ballstáit chun foirm choiteann a cheapadh, i bhformáid leictreonach, chun postú oibrithe a dhearbhú. Ní chuirfidh an obair sin isteach ar chreat dlíthiúil an Aontais atá ann cheana maidir le hoibrithe a phostú ná ar chosaint na noibrithe a áirithítear leis an gcreat sin. Is ar bhonn deonach a bheidh rannpháirtíocht ann.

Ina Theachtaireacht i mí an Mhárta 2024 dar teideal ‘Ganntanais saothair agus scileanna san Aontas Eorpach: plean gníomhaíochta’ 4 , d’fhógair an Coimisiún go gcuirfidh sé chun cinn cur chun feidhme forleathan foirme coitinne i bhformáid leictreonach le haghaidh dearbhuithe oibrithe ar postú, arna comhlánú le tairseach dhigiteach ilteangach a fhorbairt trínar féidir le cuideachtaí dearbhuithe maidir le postú a chur isteach do na Ballstáit a chinneann leas a bhaint as an uirlis sin. Cuideoidh sé sin leis an ualach riaracháin a laghdú.

Tháinig an fógra sna sála ar na hábhair imní a cuireadh in iúl sa mheastóireacht ar chur chun feidhme Threoir 2014/67/AE. I dtuarascáil cur chun feidhme Threoir 2014/67/AE 5 , tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhféadfadh sé go mbeadh gá le feabhsuithe i réimsí áirithe a chuir páirtithe leasmhara éagsúla in iúl dó. Áirítear orthu sin córais rialaithe riaracháin a shimpliú, trí chóras dearbhaithe aonair uile-Aontais a thabhairt isteach, mar shampla.

Is é is cuspóir don togra seo an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí agus ar údaráis inniúla náisiúnta a laghdú trí éascú a dhéanamh, ar thaobh amháin, ar dhearbhuithe maidir le postú a chur isteach i gcás inar gá, ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir, go cianda agus trí mheán leictreonach, agus ar an taobh eile, trí fhaireachán éifeachtach a dhéanamh ar chomhlíonadh na hoibleagáide a leagtar amach i dTreoracha 2014/67/AE agus 96/71/CE.

Leis an togra, beidh sé níos éasca do na Ballstáit cigireachtaí éifeachtacha agus leordhóthanacha a dhéanamh ar a gcríoch féin, rud a chuirfidh le hoibrithe ar postú a chosaint.

Ó mhí Eanáir 2023 i leith, tá comhairle á cur ag na Ballstáit ar an gCoimisiún sa ghrúpa saineolaithe maidir le foirm leictreonach choiteann le haghaidh dearbhú maidir le hoibrithe a phostú, agus aird ar leith á tabhairt ar an bhfaisnéis ábhartha is gá chun rialuithe fíorasacha a cheadú san ionad oibre. Sainaithníodh, le comhairle ó shaineolaithe na mBallstát, liosta coiteann féideartha de cheanglais faisnéise don dearbhú maidir le hoibrithe a phostú. Dhearbhaigh grúpa tosaigh de naoi mBallstát idir an dá linn go bhfuil siad tiomanta an fhaisnéis a iarrann siad ó sholáthraithe seirbhíse a phostaíonn oibrithe ar a gcríocha a chur in oiriúint do na ceanglais faisnéise a cheaptar sa liosta coiteann de cheanglais faisnéise 6 .

Comhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘IMI’)

Bunaítear leis an togra comhéadan poiblí leictreonach ilteangach (i.e. tairseach gréasáin shlán chun formáid leictreonach choiteann a úsáid agus lenar féidir sonraí a aistriú go huathoibríoch) atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘IMI’), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 (‘an comhéadan poiblí’) lena úsáid go deonach ag na Ballstáit a fhaigheann oibrithe ar postú (‘an Ballstát óstach’). Féadfaidh na Ballstáit óstacha sin a roghnú ceangal a chur ar sholáthraithe seirbhíse atá bunaithe i mBallstáit eile an comhéadan sin a úsáid chun dearbhú simplí a dhéanamh maidir le hoibrithe ar postú (‘dearbhú maidir le postú’) chuig a núdaráis inniúla náisiúnta atá freagrach chun rialuithe fíorasacha a cheadú san ionad oibre. Is uirlis ilteangach leictreonach é IMI a chuireann ar chumas údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil cumarsáid a dhéanamh go tapa agus go héasca lena gcontrapháirtithe san Aontas. Le stór in IMI, beidh na húdaráis inniúla náisiúnta in ann seiceáil a dhéanamh ar shonraí na ndearbhuithe maidir le postú arna gcur isteach ag soláthraithe seirbhíse. Trí IMI a úsáid, beifear in ann réitigh TF atá ann cheana a athúsáid, rud a chuideoidh le costais aonuaire forbartha TF a laghdú.

Bainfidh soláthraithe seirbhíse úsáid as an gcomhéadan poiblí chun dearbhú maidir le postú a chur faoi bhráid údaráis náisiúnta inniúla an Bhallstáit óstaigh. Chuige sin, beidh foirm chaighdeánach sa chomhéadan. Soláthrófar san fhoirm chaighdeánach seo an fhaisnéis ábhartha a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun rialuithe fíorasacha a cheadú san ionad oibre, i gcomhréir le hAirteagal 9(1)(a) de Threoir 2014/67/AE. Beidh faisnéis ann a bhaineann leis an soláthraí seirbhíse, leis an oibrí ar postú, leis an sannadh maidir le postú, leis an duine teagmhála d’údaráis inniúla agus le faighteoir na seirbhíse. Leagfar amach ábhar sonrach na foirme caighdeánaí i ngníomh cur chun feidhme. Cuirfear san áireamh an chomhairle a thabharfaidh grúpa saineolaithe na mBallstát maidir leis an bhfaisnéis ábhartha a bheidh san fhoirm sin.

Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an fhoirm chaighdeánach a bhunú agus chun athruithe a dhéanamh uirthi ina dhiaidh sin. Má mheasann na Ballstáit gur cheart faisnéis ábhartha a chur isteach nó faisnéis nach bhfuil ábhartha a bhaint den fhoirm chaighdeánach, sa chomhéadan poiblí nó chun an comhéadan poiblí a úsáid, féadfaidh siad tograí a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun an fhoirm chaighdeánach a leasú agus chun ceanglais faisnéise a áireamh a mheasann siad a bheith riachtanach, fad atá údar leo agus atá siad comhréireach, chun rialuithe éifeachtacha a dhéanamh san ionad oibre.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach n‑éileofar gnéithe áirithe atá san fhoirm chaighdeánach, nach measann siad a bheith ábhartha i bhfianaise a gcomhthéacs náisiúnta agus an chaoi a n‑eagraíonn siad na rialuithe fíorasacha san ionad oibre, ar sholáthraithe seirbhíse a dhéanann oibrithe a phostú ar a gcríoch agus an fhoirm á líonadh isteach acu ar an gcomhéadan poiblí. Sa chás sin, ba cheart dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas. I gcás gnéithe a eascraíonn as leasuithe a rinneadh ina dhiaidh sin ar an bhfoirm chaighdeánach, ní bheadh ar na Ballstáit sin a reachtaíocht náisiúnta a oiriúnú dá réir sin chun gnéithe den sórt sin a chur san áireamh.

Tá bunú an chomhéadain phoiblí le foirm chaighdeánach ilteangach le haghaidh dearbhú maidir le hoibrithe a phostú agus cur ar fáil an chomhéadain sin do na húdaráis inniúla náisiúnta ag an gCoimisiún Eorpach gan dochar do fhreagracht an Choimisiúin Eorpaigh maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm ceart dhlí an Aontais ag na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus a chumhachtaí faoi Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chomh maith le hoibleagáid na mBallstát dlí an Aontais a chomhlíonadh.

An t-ualach riaracháin ar sholáthraithe seirbhíse a laghdú

Chuir páirtithe leasmhara i dtábhacht go comhsheasmhach gur ceanglas suntasach tuairiscithe do ghnólachtaí sa mhargadh aonair iad an oibleagáid agus na ceanglais chun dearbhú maidir le postú a dhéanamh. Meastar go bhfuil sé sin ar cheann de na bacainní riaracháin is mó ar sholáthar seirbhísí trasteorann sa mhargadh inmheánach.

Le cuíchóiriú na n‑oibleagáidí tuairiscithe agus an nós imeachta le haghaidh dearbhuithe maidir le postú a chur isteach, laghdófar go mór an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí, lena n‑áirítear FBManna, agus éascófar go ndéanfaidh na Ballstáit cigireachtaí éifeachtacha agus leordhóthanacha.

Le comhéadan poiblí ilteangach ina n‑úsáidtear foirm chaighdeánach, beidh cuideachtaí postaithe in ann a ndearbhuithe maidir le postú a dhéanamh in aon áit amháin agus leis an tacar céanna faisnéise a iarrtar, sna Ballstáit rannpháirteacha uile, i.e. na Ballstáit a bhaineann úsáid as an gcomhéadan poiblí. Beidh siad in ann an dearbhú maidir le postú a dhéanamh ina dteanga féin, agus ar an gcaoi sin na bacainní teanga a bhíonn roimh chuideachtaí postaithe (soláthraithe seirbhíse) go rialta a shárú nuair a bhíonn postuithe á ndearbhú acu i gcóras dearbhaithe an Bhallstáit a ndéanann siad oibrithe a phostú chuige.

Cuireann an togra le gealltanas an Choimisiúin na ceanglais tuairiscithe a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais a laghdú. Sa Teachtaireacht uaidh maidir le ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’, 8 chuir an Coimisiún i dtábhacht a thábhachtaí atá córas rialála lena náirithítear go mbaintear cuspóirí amach ar an gcostas is ísle. Dá bhrí sin, tá gealltanas tugtha aige iarracht nua a dhéanamh na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú agus a shimpliú, agus é mar aidhm dheiridh aige an t-ualach riaracháin gaolmhar a laghdú 25 %, gan dochar a dhéanamh do na cuspóirí beartais gaolmhara. Leis an bPacáiste Fóirithinte do FBManna 9 , rinneadh tuilleadh forbartha ar an ngníomhaíocht sin agus luadh cruthú formáide leictreonaí chun dearbhú a dhéanamh maidir le hoibrithe a phostú mar shampla d’úsáid teicneolaíochtaí digiteacha chun an t-ualach a laghdú agus chun athléimneacht a fheabhsú.

Cearta oibrithe a chosaint

Le cur isteach dearbhuithe maidir le postú tríd an gcomhéadan poiblí, beifear in ann Treoir 96/71/CE a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr agus níos aonfhoirmí. Gné eile de reachtaíocht an Aontais lena n‑áirithítear soghluaisteacht chothrom is ea dearbhú agus cosaint oibrithe ar postú a éascú.

Ós rud é nach mbeidh ar sholáthraithe seirbhíse ceanglais náisiúnta éagsúla a áirítear sna comhéadain náisiúnta agus sna foirmeacha dearbhaithe maidir le postú sna Ballstáit rannpháirteacha a chomhlíonadh a thuilleadh, cuirfidh an comhéadan poiblí le cásanna neamhchomhlíonta na rialacha maidir le postú a laghdú trí fhoirm chaighdeánach a úsáid. Beidh trédhearcacht níos fearr maidir le postú mar thoradh air sin freisin.

Sa chomhthéacs sin, déanann an tionscnamh níos éasca é do na Ballstáit cigireachtaí éifeachtacha, leordhóthanacha agus spriocdhírithe a dhéanamh, rud a chuireann le cearta oibrithe ar postú a chosaint agus le soghluaisteacht chothrom ina hiomláine.

Thairis sin, leis an bhféidearthacht cóip den dearbhú a sheoladh chuig an oibrí ar postú, cuirfear oibrithe ar postú ar an eolas faoin nós imeachta, rud a chuideoidh leo a gcearta a fheidhmiú. Níl an fhéidearthacht sin ann sa lá atá inniu ann sna córais dearbhaithe náisiúnta.

An t-ualach riaracháin ar údaráis na mBallstát a laghdú agus comhar riaracháin a éascú

Le Treoir 2014/67/AE, tugadh isteach rialacha maidir le comhar riaracháin idir údaráis náisiúnta atá i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha maidir le hoibrithe a phostú. Cuirtear an comhar riaracháin sin chun feidhme trí IMI. Dá bhrí sin, tá ról lárnach ag IMI maidir le tacú leis an gcomhar riaracháin neartaithe atá mar bhonn taca faoin Treoir.

Is é an modúl iarratais maidir le hOibrithe a Phostú an príomh-mhodúl in IMI le haghaidh comhar riaracháin faoi Threoir 2014/67/AE agus faoi Threoir 96/71/CE. Tacaíonn sé le cúnamh frithpháirteach trí chead a thabhairt d’údarás i mBallstát amháin faisnéis nó cúnamh a iarraidh ar údarás i mBallstát eile.

Sa lá atá inniu ann, ní mór d’údaráis inniúla náisiúnta atá ag lorg cúnamh frithpháirteach ó Bhallstáit eile mórualach riaracháin a shárú chun iarraidh ar fhaisnéis a sheoladh in IMI. Faoi láthair, ní mór do na húdaráis inniúla sna Ballstáit faisnéis faoi phostú ar leith lena spreagtar iarraidh ar chúnamh frithpháirteach in IMI a chur isteach de láimh in IMI, sular féidir an iarraidh ar chúnamh a sheoladh. Is amhlaidh atá toisc go bhfaightear na dearbhuithe i gcórais de chuid na mBallstát nach bhfuil nasctha le IMI. Chun comhar riaracháin idir údaráis inniúla na mBallstát a éascú agus chun iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a shimpliú, ba cheart faisnéis a chuirtear isteach i ndearbhuithe maidir le postú a chur ar fáil go díreach in IMI. Is amhlaidh atá faoi láthair i gcás earnáil an iompair de bhóthar, áit ar cuireadh de chúram ar an gCoimisiún le Treoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 comhéadan poiblí ilteangach a fhorbairt, comhéadan a mbeidh rochtain ag oibreoirí air agus trínar féidir leo faisnéis maidir le postú a chur isteach agus a nuashonrú agus chun doiciméid ábhartha eile a chur faoi bhráid IMI, de réir mar is gá. Ba cheart do na Ballstáit ansin sonraí agus faisnéis a mhalartú, dul i mbun comhar riaracháin agus cúnamh frithpháirteach a sholáthar trí IMI.

Dá ndéanfaí an nós imeachta riaracháin maidir le hoibrithe ar postú a dhearbhú in earnálacha eile a ailíniú, i gcásanna ina mbeadh údar le hoibleagáid dearbhaithe den sórt sin agus ina mbeadh sí comhréireach, leis an nós imeachta maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar, laghdófaí an t-ualach riaracháin ar riaracháin phoiblí. Sa lá atá inniu ann, ní mór d’údaráis inniúla dhá chóras éagsúla a riar agus a oibriú le haghaidh a gcúraimí faireacháin, trí IMI a úsáid le haghaidh dearbhú maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus trí chórais dearbhaithe náisiúnta a úsáid le haghaidh postú in earnálacha eile. Dá ndéanfaí an dá chóras a ailíniú, d’fhéadfaí úsáid bunachar sonraí agus nósanna imeachta riaracháin inmheánacha a chuíchóiriú d’údaráis inniúla náisiúnta agus, ar an gcaoi sin, foráil a dhéanamh maidir le sásra níos éifeachtúla d’údaráis inniúla náisiúnta chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha is infheidhme maidir le postú.

Baineann na Ballstáit rannpháirteacha tairbhe as coigilteas costais agus ama. Thairis sin, trí úsáid a bhaint as córas IMI, ceadaítear do na Ballstáit scor dá gcórais dearbhaithe náisiúnta neamhspleácha más mian leo é sin a dhéanamh, agus ar an gcaoi sin sábhálann siad na costais a bhaineann leis na córais sin a oibriú agus a choinneáil ar bun. Is féidir le roinnt Ballstát nach n‑úsáideann réitigh dhigiteacha go fóill dá n‑oibleagáidí dearbhaithe córas IMI a úsáid, gan gá le ham agus acmhainní a infheistiú i gcóras dearbhaithe náisiúnta leictreonach a fhorbairt. Bhainfeadh na Ballstáit a choinníonn a mbunachair sonraí náisiúnta ar bun tairbhe as an bhféidearthacht na bunachair sonraí sin a nascadh leis an gcomhéadan poiblí.

Ceadaítear le córas IMI freisin staidreamh a ghiniúint, lena dtacaítear le ceapadh beartas náisiúnta agus lena gcuirtear bonn láidir ar fáil d’obair na gcigireachtaí saothair, lena n‑áirítear dá n‑anailís riosca.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar ina bhunphrionsabal den mhargadh inmheánach san Aontas Eorpach a chumhdaítear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Le Treoir 96/71/CE, cuirtear an prionsabal sin chun feidhme maidir le hoibrithe a phostú agus é mar aidhm leis sin cothrom iomaíochta do ghnólachtaí agus urraim do chearta oibrithe a ráthú. Le hAirteagal 3 de Threoir 96/71/CE bunaítear sraith téarmaí agus coinníollacha bunúsacha fostaíochta a shainítear go soiléir a gcaithfidh an soláthraí seirbhíse cloí leo sa Bhallstát ina dtarlaíonn an postú chun cosaint íosta na n‑oibrithe ar postú lena mbaineann a áirithiú.

Is é is aidhm do Threoir 2014/67/AE feidhmiú na saoirse chun seirbhísí a sholáthar agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a éascú, mar aon le hurraim do leibhéal iomchuí cosanta do chearta oibrithe ar postú a ráthú ar mhaithe le seirbhísí a sholáthar ar bhonn trasteorann, go háirithe a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú na dtéarmaí agus coinníollacha bunúsacha fostaíochta a bhfuil feidhm acu sa Bhallstát ina bhfuil an tseirbhís le soláthar i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 96/71/CE. Sa chomhthéacs sin, bunaítear le Treoir 2014/67/AE creat coiteann de shraith forálacha, beart agus sásraí rialaithe iomchuí atá riachtanach chun Treoir 96/71/CE a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú i gcleachtas ar bhealach níos fearr agus níos aonfhoirmí.

Chun a áirithiú go gcuirtear na rialacha substainteacha maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta a dhéanfar a urramú maidir le hoibrithe ar postú i bhfeidhm mar is ceart, agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha sin, foráiltear le Treoir 2014/67/AE go bhféadfaidh na Ballstáit ceanglais riaracháin agus bearta rialaithe áirithe a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse a chuireann oibrithe ar postú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar, ar choinníoll go bhfuil údar leo agus go bhfuil siad comhréireach i gcomhréir le dlí an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ceadaítear le hAirteagal 9(1)(a) de Threoir 2014/67/AE do na Ballstáit oibleagáid a fhorchur ar sholáthraí seirbhíse atá bunaithe i mBallstát eile dearbhú simplí a dhéanamh leis na húdaráis inniúla náisiúnta atá freagrach ina bhfuil an fhaisnéis ábhartha is gá chun rialuithe fíorasacha a cheadú san ionad oibre.

Tá an togra comhsheasmhach leis na forálacha sin toisc nach leasaítear leis an creat dlíthiúil maidir le hoibrithe a phostú, mar a bunaíodh le Treoracha 2014/67/AE agus 96/71/CE, ná ní chuireann sé isteach ar an leibhéal cosanta d’oibrithe a bhaineann leis. Éascaítear leis dearbhuithe maidir le postú a thíolacadh i gcás inar gá, i gcomhréir le hAirteagal 9(1)(a) de Threoir 2014/67/AE agus leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 9(4) de, agus éascaítear leis comhar riaracháin idir na Ballstáit agus faireachán éifeachtach ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí i dTreoir 2014/67/AE agus i dTreoir 96/71/CE.

Comhlánaíonn an togra na rialacha maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar. Glacadh na rialacha nua maidir le tiománaithe a phostú in iompar de bhóthar, arna mbunú le Treoir (AE) 2020/1057, i mí Iúil 2021 mar chuid den Phacáiste Soghluaisteachta agus tá feidhm acu ón 2 Feabhra 2022. Tá tairseach ilteangach atá nasctha le IMI á hoibriú ag an gCoimisiún d’oibreoirí iompair de bhóthar nach mór dóibh na rialacha nua sin a chomhlíonadh. Leis an tairseach, is féidir le hoibreoirí iompair de bhóthar dearbhuithe maidir le postú a chur isteach trí IMI chuig an mBallstát nó chuig na Ballstáit ina ndéanfar a dtiománaithe a phostú. Bheadh an togra ar aon dul leis an nós imeachta riaracháin chun oibrithe ar postú in earnálacha eile a dhearbhú agus an nós imeachta chun tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Cuireann an togra le dhá cheann de thosaíochtaí an Choimisiúin seo, go háirithe “margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime” a chruthú agus borradh a chur faoi “fás lena gcruthófar post agus infheistíocht” tríd an gcreat rialála a shimpliú agus trí na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú.

Comhlánaíonn an togra iarrachtaí an Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (‘SMET’) chun an t-ualach riaracháin maidir le hoibrithe a phostú a laghdú. Tá an Coimisiún agus na Ballstáit ag obair le chéile in SMET chun ceanglais riaracháin a éascú maidir le hoibrithe a phostú, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí dearbhaithe. Cuirfear na dea-chleachtais a shainaithnítear in SMET san áireamh agus an comhéadan poiblí á fhorbairt.

I mí Dheireadh Fómhair 2023, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar na hinstitiúidí ábhartha uile leanúint den obair chun an rialáil a shimpliú agus chun an t-ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a laghdú. 11 I mí Aibreáin 2024, d’iarr sí ar an gCoimisiún freisin an t-ualach riaracháin agus rialála ar chuideachtaí agus ar údaráis náisiúnta a laghdú go mór mar chuid de chreat rialála níos fearr agus níos cliste 12 .

I rún uaithi an 17 Feabhra 2022 maidir le dul i ngleic le bacainní neamhtharaife agus neamhchánach sa mhargadh aonair 13 , d’áitigh Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún foirm dhigiteach a thabhairt isteach chun oibrithe ar postú a dhearbhú, lena mbunófaí foirm dhigiteach shimplí, sho-úsáidte agus idir-inoibritheach a oireann do riachtanais cuideachtaí Eorpacha agus go háirithe FBManna.

Thairis sin, freagraíonn an togra do chuspóir an Ghnímh um Eoraip Idir-inoibritheach, arb é is aidhm dó idir-inoibritheacht agus comhar trasteorann san earnáil phoiblí a neartú ar fud an Aontais. Chun freastal ar idir-inoibritheacht trasteorann, tá sonraíochtaí teicniúla agus ceanglais theicniúla an chomhéadain phoiblí faoi réir measúnú idir-inoibritheachta agus féachtar leo an féidir réitigh coiteanna idir-inoibritheachta a athúsáid,

Ar deireadh, tá tionscnamh agus cur chun feidhme na foirme digití le haghaidh dearbhuithe maidir le hoibrithe a phostú san Aontas i gcomhréir leis na forbairtí leanúnacha ar an gcreat Eorpach um chéannacht dhigiteach agus ar Thiachóg na Céannachta Digití Eorpaí 14 . D’fhéadfadh soláthraithe seirbhíse Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí a úsáid, mar shampla, a luaithe a bheidh sí ar fáil, mar mhodh amháin chun iad féin a shainaithint, agus d’fhéadfadh oibrithe ar postú cóip a fháil de dhearbhú maidir le hoibrí a phostú ina dtiachóg.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 114 CFAE bunús dlí an togra, mar is amhlaidh i gcás Rialachán IMI. Is é is aidhm don togra tacú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (Airteagal 26 CFAE). Cé nach gceanglaítear ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le húsáid an chomhéadain phoiblí arna bhunú leis an togra, beidh úsáid bheartaithe na mBallstát i bhfabhar chomhfhogasú an nós imeachta agus na gceanglas le haghaidh dearbhú maidir le hoibrithe a phostú sna Ballstáit rannpháirteacha. Thairis sin, i gcás ina gcinnfidh na Ballstáit an comhéadan poiblí a úsáid, ceanglófar orthu a áirithiú go mbeidh soláthraithe seirbhíse in ann a n‑oibleagáid a chomhlíonadh dearbhú maidir le postú a dhéanamh agus an comhéadan coiteann sin a úsáid. Leis an gcomhéadan poiblí mar an tairseach dearbhaithe aonair agus an fhoirm chaighdeánach, bunaítear coinníollacha comhchosúla le haghaidh dearbhuithe maidir le postú sna Ballstáit a roghnaíonn úsáid a bhaint as an gcomhéadan poiblí.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Cuspóir an Rialacháin seo, comhéadan poiblí leictreonach ilteangach atá nasctha le IMI a bhunú chun an t-ualach riaracháin a laghdú do sholáthraithe seirbhíse a chuireann oibrithe ar post chuig Ballstát rannpháirteach, agus cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú níos fearr agus níos aonfhoirmí Threoir 96/71/CE á n‑éascú ag an am céanna, ní féidir leis na Ballstáit é sin a bhaint amach go leordhóthanach ina n‑aonar agus dá bhrí sin, is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí.

Comhréireacht

Is é is cuspóir don togra cuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí bhacainní riaracháin ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a laghdú, trí fhaireachán éifeachtach na mBallstát a éascú ar chomhlíonadh reachtaíocht an Aontais arb é is aidhm di cosaint oibrithe ar postú a áirithiú, agus trí thacú leis an gcomhar riaracháin gaolmhar idir na húdaráis inniúla náisiúnta sna Ballstáit.

Is bealach iomchuí é an ghníomhaíocht atá beartaithe chun an cuspóir a bhaint amach. Trí nósanna imeachta comhchosúla a bhunú le haghaidh dearbhuithe maidir le postú sna Ballstáit a roghnaíonn úsáid a bhaint as an gcomhéadan poiblí, laghdaítear an t-ualach riaracháin, éascaítear faireachán éifeachtach agus tacaítear leis an gcomhar riaracháin gaolmhar. Cé gur le haghaidh úsáid dheonach ag na Ballstáit atá an comhéadan poiblí, ba cheart a chuspóir a bhaint amach le húsáid bheartaithe na mBallstát, agus ar an gcaoi sin a léiriú gur freagracht chomhpháirteach de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát é tairbhí an mhargaidh aonair a bhaint amach.

Ag an am céanna, mar gheall ar chineál deonach an togra, ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach agus ní dhéanann sé difear d’inniúlachtaí na mBallstát sa réimse maidir le hoibrithe a phostú. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse an comhéadan sin a úsáid chun dearbhú simplí a dhéanamh d’oibrithe ar postú chuig údaráis inniúla.

Ós rud é go mbeadh an togra ar aon dul leis an nós imeachta riaracháin agus teicniúil atá bunaithe cheana féin maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar, tá na costais airgeadais agus riaracháin don Aontas teoranta agus comhréireach le cuspóir an tionscnaimh.

An rogha ionstraime

Áirítear sa togra leasú ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán IMI. Is é Rialachán an ionstraim is iomchuí dá bhrí sin. Ní mór tíolacadh, stóráil agus próiseáil an dearbhaithe sa chomhéadan poiblí ag an gCoimisiún agus malartú faisnéise i gcomhthéacs comhar riaracháin éifeachtach agus cúnamh frithpháirteach idir na Ballstáit a bheith i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus leagfar síos i ndlí an Aontais iad.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

I dtuarascáil cur chun feidhme Threoir 2014/67/AE, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil roinnt réimsí ann ar tharraing páirtithe leasmhara éagsúla aird an Choimisiúin orthu agus ina bhféadfadh gá a bheith le feabhsuithe. Áirítear orthu sin, mar shampla, na córais rialaithe riaracháin a shimpliú trí chóras dearbhaithe aonair a thabhairt isteach ar fud an Aontais.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Reáchtáladh comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara agus foirm choiteann i bhformáid leictreonach á hullmhú maidir le hoibrithe ar postú a dhearbhú.

Chuidigh grúpaí páirtithe leasmhara ábhartha leis an bpróiseas comhairliúcháin: údaráis náisiúnta, comhlachtaí forfheidhmiúcháin, comhlachais ghnó. Chuathas i gcomhairle go háirithe leis na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha. Baineadh úsáid as modhanna agus uirlisí comhairliúcháin éagsúla atá oscailte agus spriocdhírithe i gcomhthéacs staidéar seachtrach, arb é is aidhm dó, inter alia, an méid seo a leanas a dhéanamh: an raon feidhme, an fhormáid, an struchtúr agus na roghanna cur chun feidhme a d’fhéadfadh a bheith ann don ríomhdhearbhú a shainaithint agus dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara ábhartha maidir leis an gcoincheap (i.e. raon feidhme, formáid, agus struchtúr) agus na roghanna cur chun feidhme:

seimineár gréasáin i gcomhar leis an Údarás Eorpach Saothair an 17 Feabhra 2022 chun údaráis inniúla agus comhpháirtithe sóisialta na mBallstát a chur ar an eolas faoin tionscadal agus chun a naiseolas a bhailiú;

cruinnithe agus agallaimh le húdaráis na mBallstát leasmhar agus le páirtithe leasmhara ábhartha idir mí Feabhra agus mí Aibreáin 2022;

ceardlann taithí úsáideora an 27 Aibreán 2022 le soláthraithe seirbhíse arna sainaithint ag comhpháirtithe sóisialta chun faisnéis a bhailiú faoi thaithí riaracháin maidir le hoibrithe a phostú;

ceardlann theicniúil le hionadaithe ábhartha údaráis na mBallstát an 28 Aibreán 2022 chun roghanna cur chun feidhme a phlé;

cruinnithe le comhpháirtithe sóisialta an 30 Samhain 2021, an 8 Nollaig 2021, an 8 Feabhra 2022, an 2 Meitheamh 2022 agus an 11 Bealtaine 2023;

suirbhé teicniúil le haghaidh na mBallstát idir an 9 Meitheamh agus an 6 Iúil 2022

éisteacht ar líne le comhpháirtithe sóisialta an 29 Aibreán 2024 a bhí tiomnaithe don ríomhdhearbhú maidir le hoibrithe a phostú.

Pléadh tionscadal an ríomhdhearbhaithe maidir le hoibrithe a phostú leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta freisin ag Fóram an Údaráis Eorpaigh Saothair maidir le hOibrithe a Phostú an 13 Márta 2023 agus an 11 Aibreán 2024.

Bailiú agus úsáid saineolais

Sainaithníodh an togra seo tar éis próiseas grinnscrúdaithe inmheánaigh ar na hoibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana agus bunaithe ar an taithí a fuarthas ó chur chun feidhme na reachtaíochta gaolmhaire. Ós rud é gur céim é seo i bpróiseas an mheasúnaithe leanúnaigh ar cheanglais tuairiscithe a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais, leanfar den ghrinnscrúdú ar ualaí den sórt sin agus ar a dtionchar ar pháirtithe leasmhara.

Fuair an Coimisiún ionchur ón ngrúpa saineolaithe maidir le foirm leictreonach choiteann le haghaidh dearbhú maidir le hoibrithe a phostú, lena gcuirtear comhairle ar an gCoimisiún maidir le foirm leictreonach choiteann a fhorbairt agus a chur chun feidhme go comhpháirteach chun oibrithe ar postú a dhearbhú. Tugtar faoi obair an ghrúpa agus lánurraim á tabhairt do Threoir 96/71/CE agus do Threoir 2014/67/AE.

Measúnú tionchair - an t-ualach a laghdú

Ní dhearna an Coimisiún measúnú tionchair ar an tionscnamh spriocdhírithe seo. Rinne an Coimisiún anailís, áfach, chun leibhéal reatha an ualaigh riaracháin a thomhas maidir le hoibrithe ar postú a dhearbhú sna 27 mBallstát den Aontas, rud a d’fhág go raibh samhaltú costais mionsonraithe ar na nósanna imeachta dearbhaithe éagsúla ann. San anailís, a leagtar amach sa Doiciméad Inmheánach Oibre lena mbaineann, breathnaíodh freisin ar an gcoigilteas a d’fhéadfadh a bheith ann i dtéarmaí ama agus acmhainní ó fhoirm chaighdeánach a thabhairt isteach chun oibrithe atá le postú a dhearbhú faoi roghanna éagsúla cur chun feidhme, lena n‑áirítear comhéadan leictreonach ilteangach atá nasctha le IMI, agus leibhéil éagsúla rannpháirtíochta ó na Ballstáit á gcur san áireamh. Ar leibhéal an Aontais, tugtar le fios san anailís go bhfuil tionchar ag dearadh an chomhchórais agus ar líon na ndearbhuithe maidir le postú a chumhdófar leis an gcóras nua ar an tionchar a bheadh ag comhchóras chun oibrithe ar postú a dhearbhú.

Meastar gur meánlaghdú thart ar 73 % ar an am a theastaíonn chun dearbhú maidir le postú a chomhlánú agus an fhoirm chaighdeánach á húsáid i gcomparáid leis an meán-am a theastaíonn faoi láthair ar fud an Aontais. Athraíonn an laghdú ar an ualach ag brath ar an úsáid a bhainfidh na Ballstáit as an bhfoirm chaighdeánach.

Meastar gurb é 58 % an meánlaghdú ar an ualach (costas iomlán) do sholáthraithe seirbhíse a chuireann oibrithe ar postú chuig a gcríoch i gcomparáid leis an staid reatha, le rannpháirtíocht an ghrúpa tosaigh de naoi mBallstát a léirigh a n‑ullmhacht go dtí seo. I gcás ina gcinnfeadh gach ceann de na 27 mBallstát páirt a ghlacadh sa tionscnamh seo, mhéadódh an laghdú ar an ualach ar leibhéal an Aontais a thuilleadh go 81 % i gcomparáid leis an gcás bunlíne atá ann faoi láthair.

Baineann an togra le hathruithe teoranta agus spriocdhírithe ar an gcleachtas riaracháin atá ann cheana, i gcás na mBallstát a roghnaíonn go deonach é, agus ar an reachtaíocht atá ann cheana, eadhon Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘IMI’). Is é cuspóir an togra foráil a dhéanamh maidir le comhéadan poiblí leictreonach ilteangach atá nasctha le IMI chun oibrithe ar postú a dhearbhú, mar a rinneadh cheana in earnáil an iompair de bhóthar, d’earnálacha eacnamaíocha eile, chun cur chun feidhme Threoir 96/71/CE agus Threoir 2014/67/AE, nach bhfuil aon athrú orthu, a éascú.

Níl tionchar ag na hathruithe atá beartaithe ar bheartas an Aontais, ach tá siad ina gcúis chun réiteach teicniúil deonach (comhéadan poiblí) a fhorbairt chun dearbhuithe maidir le hoibrithe ar postú a thíolacadh, trí úsáid a bhaint as foirm chaighdeánach, agus chun malartú sonraí idir riaracháin náisiúnta a éascú. Cuireadh san áireamh na malartuithe agus an fhianaise a bhailigh an grúpa saineolaithe ar fhoirm leictreonach choiteann le haghaidh dearbhú maidir le hoibrithe a phostú i ndréachtú an togra seo. Leis an togra, éascófar an t-ualach riaracháin ar údaráis náisiúnta inniúla agus ar ghnólachtaí a laghdú trí inrochtaineacht agus malartú sonraí maidir le hoibrithe ar postú a mhéadú.

Mar fhocal scoir, ní raibh aon ghá le measúnú tionchair toisc go bhfuil raon feidhme teoranta ag an leasú, go bhfuil sé spriocdhírithe agus go soláthraíonn sé leasuithe teicniúla ar an reachtaíocht atá ann cheana.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Is togra REFIT é seo, arb é is aidhm dó ualaí ar riaracháin phoiblí agus ar ghnólachtaí na mBallstát a laghdú.

Baineann na ceanglais tuairiscithe maidir le hoibrithe a phostú le líon mór cuideachtaí. Tugann sonraí 2022 ó na huirlisí réamhdhearbhaithe, na sonraí is déanaí atá ar fáil, le fios go raibh thart ar 1.9 milliún oibrí ar postú, 2.3 milliún dearbhú maidir le postú agus 4.7 milliún postú san Aontas. Ag féachaint ar an éabhlóid ar líon na bpostuithe agus na noibrithe ar postú gan an t-iompar lasta de bhóthar a áireamh, nach mór dearbhuithe le haghaidh oibreoirí iompair de bhóthar a dhéanamh ina leith anois trí thairseach lárnach de chuid an Aontais, tugann na sonraí atá ar fáil le fios go bhfuil fás 14 % ann maidir le líon na bpostuithe a dearbhaíodh idir 2021 agus 2022. 15  

Bhunaigh gach ceann de na 27 mBallstát uirlis réamhdhearbhaithe do sholáthraithe seirbhíse a chuireann oibrithe ar postú chuig Ballstát eile. Tá córais na mBallstát éagsúil ó thaobh deartha agus ceanglas de, áfach agus níl siad idirnasctha. Dá bhrí sin, tá ualaí riaracháin nach beag ar na cuideachtaí maidir le postú chun na nósanna imeachta um dhearbhú riaracháin is gá a chomhlíonadh. D’fhéadfadh an méadú ar chostais idirbheart dá thoradh sin bac nó srian nach beag a chur ar sholáthar seirbhísí trasteorann, faoi choinníollacha áirithe – go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

Fuarthas amach i suirbhé gnó ar staid an mhargaidh aonair a rinneadh in 2024 gur chreid 46.1 % de bhreis agus 1000 cuideachta a ndearnadh suirbhé orthu go raibh fadhbanna/éiginnteachtaí móra ann maidir le hoibrithe a phostú go sealadach chuig tír eile 16 . Glacann an iarracht mheasta a theastaíonn chun postú a chlárú idir 21 nóiméad san Eastóin agus sa tSlóvaic agus 87 nóiméad sa Ghréig. Is é 61 nóiméad an t-am a theastaíonn san Iodáil. I staidéar a rinneadh le déanaí ar thionchar na nualaí riaracháin ar FBManna i réigiúin teorann maidir le fostaithe a phostú trasteorann, shainaithin gach freagróir an easpa cuíchóirithe ar nósanna imeachta náisiúnta maidir le postú san Aontas mar cheann de na hualaí is mó 17 .

Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe maidir le forfheidhmiú ceart agus faireachán cuí ar reachtaíocht a áirithiú. Le ceanglais tuairiscithe, áfach, is féidir go bhforchuirtear ualaí díréireacha ar pháirtithe leasmhara, go háirithe ualaí a dhéanann difear do FBManna agus do mhicreachuideachtaí. D’fhéadfadh oibleagáidí iomarcacha nó dúblacha, nó modhanna bailithe neamhleora a bheith mar thoradh ar a gcarnadh le himeacht ama.

Dá bhrí sin, is tosaíocht é oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú agus ualaí riaracháin a laghdú. Leis an togra, déanfar na hoibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú trí mheascán beart:

An tuairisciú a dhéantar faoi láthair i gcórais éagsúla agus le ceanglais éagsúla a chomhdhlúthú;

Tarchur faisnéise a dhigitú.

Cearta bunúsacha

Baineann an Rialachán atá beartaithe le próiseáil sonraí pearsanta. Chun sonraí pearsanta a phróiseáil, is gá a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán na cearta bunúsacha mar a chumhdaítear iad sa Chairt um Chearta Bunúsacha, agus go háirithe na cearta maidir le cosaint sonraí pearsanta in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Cuirtear na ceanglais dhlíthiúla sin san áireamh sa togra seo.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá impleachtaí airgeadais teoranta ag an togra do bhuiséad an Choimisiúin. I bhfianaise tréimhse tosaigh cúig bliana de chur chun feidhme iomlán agus de chothabháil an chomhéadain phoiblí, eascraíonn na himpleachtaí buiséid go príomha as an obair seo a leanas:

Forbairt réitigh, EUR 1.3 milliún;

Cothabháil réitigh, EUR 0.7 milliún,

Tacaíocht, EUR 0.7 milliún,

Oiliúint, EUR 0.2 milliún,

Bonneagar, EUR 0.1 milliún;

Is é sin thart ar EUR 3 mhilliún ar feadh 5 bliana. Meastar gurb é EUR 0.5 milliún in aghaidh na bliana na costais reatha tar éis cur chun feidhme iomlán.

Maidir le riachtanais foirne, beidh 1.5 coibhéis lánaimseartha ag teastáil chun an comhéadan poiblí a chur chun feidhme go hiomlán, agus 0.5 coibhéis lánaimseartha don chothabháil leanúnach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

n/b

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

n/b

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Airteagal 1 – Comhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh

Déantar foráil san Airteagal maidir le comhéadan poiblí ilteangach a bhunú atá nasctha le IMI chun oibrithe ar postú a dhearbhú (‘an comhéadan poiblí’).

Is é príomhchuspóir an chomhéadain phoiblí an t-ualach riaracháin ar údaráis agus ar ghnólachtaí na mBallstát a laghdú trí dhlíthe agus nósanna imeachta náisiúnta a chomhfhogasú, agus an comhar idir na Ballstáit a threisiú maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh ceanglas riaracháin áirithe is infheidhme maidir le hoibrithe a phostú trí IMI.

Leis an gcomhéadan poiblí is féidir le soláthraithe seirbhíse oibleagáidí comhréireacha a bhfuil údar leo a chomhlíonadh maidir le hoibrithe ar postú a dhearbhú, i gcomhréir le hAirteagal 9(1) agus (2) de Threoir 2014/67/AE, i gcás inar roghnaigh na Ballstáit úsáid a bhaint as an gcomhéadan poiblí sin.

Airteagal 2 – Feidhmiúlachtaí an chomhéadain phoiblí

Liostaítear san Airteagal príomhfheidhmiúlachtaí an chomhéadain phoiblí.

Airteagal 3 – Úsáid a bhaint as an gcomhéadan poiblí

Leagtar amach san Airteagal an nós imeachta do na Ballstáit chun úsáid a bhaint as an gcomhéadan poiblí.

Airteagal 4 - Foirm chaighdeánach

Leagtar amach san Airteagal príomhghnéithe na faisnéise ábhartha atá san fhoirm chaighdeánach a úsáidfidh soláthraithe seirbhíse chun dearbhú maidir le postú a chur isteach tríd an gcomhéadan poiblí chuig údaráis náisiúnta inniúla an Bhallstáit óstaigh. Tugann sé cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun an fhoirm chaighdeánach a bhunú agus soláthraíonn sé nós imeachta le haghaidh leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an bhfoirm chaighdeánach.

Airteagal 5 – Sonraí pearsanta a phróiseáil agus a choinneáil

Sainítear san Airteagal an cuspóir atá le próiseáil sonraí pearsanta chomh maith leis na catagóirí sonraí agus na hábhair sonraí. Ina theannta sin, soiléirítear ann na freagrachtaí maidir le próiseáil sonraí pearsanta a thíolactar tríd an gcomhéadan poiblí.

Airteagal 6 – Próiseáil faisnéise arna cur isteach trí IMI

Leagtar amach san Airteagal conas comhar riaracháin idir údaráis inniúla na mBallstát a éascú agus chun iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a shimpliú, ba cheart faisnéis a chuirtear isteach i ndearbhuithe maidir le postú a chur ar fáil go díreach in IMI d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát óstach.

Airteagal 7 - Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

Liostaítear san Airteagal gníomhartha an Aontais lena n‑áirítear úsáid IMI le haghaidh comhar riaracháin idir údaráis inniúla na mBallstát mar a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán IMI, i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán IMI.

Airteagal 8 – Nós imeachta coiste

Sainítear san Airteagal an nós imeachta Coiste atá le leanúint chun an fhoirm chaighdeánach a bhunú.

Airteagal 9 – Meastóireacht

Leis an Airteagal, tugtar treoir don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán cúig bliana tar éis a theacht i bhfeidhm agus tuairisc a thabhairt ar an taithí a fuarthas agus é á chur i bhfeidhm chomh maith le tuairisc a thabhairt ar bhaint amach chuspóirí an Rialacháin.

2024/0301 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le comhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh le haghaidh dearbhú maidir le hoibrithe a phostú agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 18 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ba cheart úsáid a bhaint as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘IMI’), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 , a mhéid is féidir don chomhar riaracháin agus don chúnamh frithpháirteach, lena náirítear idir údaráis inniúla na mBallstát dá bhforáiltear i dTreoir 2014/67/AE 20 agus Treoir 96/71/CE 21 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar. I gcomhréir le Treoir 2014/67/AE, go háirithe Airteagal 6 di, tá na Ballstáit le hoibriú i ndlúthchomhar lena chéile agus cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile gan moill mhíchuí chun cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú i gcleachtas na Treorach sin agus Threoir 96/71/CE a éascú.

(2)Is é is aidhm do Threoir 2014/67/AE feidhmiú na saoirse chun seirbhísí a sholáthar agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a éascú, chomh maith le hurraim a ráthú do leibhéal iomchuí cosanta do chearta oibrithe ar postú chun seirbhísí trasteorann a sholáthar, go háirithe maidir le forfheidhmiú na dtéarmaí agus na gcoinníollacha fostaíochta a bhfuil feidhm acu sa Bhallstát ina bhfuil an tseirbhís le soláthar i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 96/71/CE. De réir Airteagal 9(1) de Threoir 2014/67/AE, ní fhéadfaidh na Ballstáit ceanglais riaracháin agus bearta rialaithe a fhorchur ach a mhéid is gá chun a áirithiú go ndéanfar faireachán éifeachtach ar chomhlíonadh na noibleagáidí a leagtar amach sa Treoir sin agus i dTreoir 96/71/CE agus ar choinníoll go bhfuil údar leo agus go bhfuil siad comhréireach i gcomhréir le dlí an Aontais. Más amhlaidh an cás, ceadaítear le hAirteagal 9(1)(a) de Threoir 2014/67/AE do na Ballstáit oibleagáid a fhorchur ar sholáthraí seirbhíse atá bunaithe i mBallstát eile dearbhú simplí a dhéanamh leis na húdaráis inniúla náisiúnta atá freagrach chun rialuithe fíorasacha a cheadú san ionad oibre. Tá sé fós de fhreagracht ar na Ballstáit cinneadh a dhéanamh, faoi réir an réasúnaithe agus na comhréireachta, cé na cásanna ina néileofar dearbhú maidir le postú agus cén fhaisnéis nach mór a bheith sa dearbhú sin.

(3)Bhain na Ballstáit uile úsáid as an bhféidearthacht oibleagáid dearbhaithe a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse a phostaíonn oibrithe chuig a mBallstát, agus tá difríochtaí suntasacha sna córais náisiúnta ó thaobh dearaidh, ceanglas agus feidhmiúlachta de. Cruthaíonn comhlíonadh na gcóras éagsúil sin ualach mór riaracháin do na soláthraithe seirbhíse a chuireann oibrithe ar post. Chuir páirtithe leasmhara i dtábhacht arís agus arís eile gur móroibleagáid tuairiscithe é an dearbhú maidir le hoibrithe a phostú agus go bhfuil sé i measc na mbacainní riaracháin is tábhachtaí ar sholáthar seirbhísí trasteorann sa mhargadh inmheánach.

(4)Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun faireachán cuí ar an reachtaíocht agus forfheidhmiú ceart na reachtaíochta a áirithiú. Tá sé tábhachtach, áfach, na ceanglais sin a chuíchóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir dár beartaíodh iad agus chun an t-ualach riaracháin a theorannú. Dá bhrí sin, ba cheart simpliú a dhéanamh ar na hoibleagáidí agus na ceanglais tuairiscithe i dtaca le dearbhuithe maidir le postú a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Threoir 2014/67/AE, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’ 22 , chun an t-ualach riaracháin ar sholáthraithe seirbhíse atá bunaithe i mBallstáit eile agus a chuireann oibrithe ar post chuig na Ballstáit óstacha a laghdú go mór, mar aon leis an ualach ar údaráis inniúla náisiúnta.

(5)Ní mór an t-ualach riaracháin ar sholáthraithe seirbhíse agus ar údaráis inniúla náisiúnta a laghdú i gcomhréir leis an urraim do dhálaí oibre leordhóthanacha agus do chosaint shóisialta d’oibrithe ar postú. Trí fhaireachán éifeachtach na mBallstát ar chomhlíonadh a éascú agus trí chomhar riaracháin frithpháirteach a threisiú, cuirtear feabhas ar chosaint chearta na noibrithe.

(6)I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, féadfar modhanna teicniúla a sholáthar chun gur féidir le gníomhaithe seachtracha idirghníomhú le IMI. Ba cheart idirghníomhaíocht den sórt sin a éascú le comhéadan poiblí leictreonach ilteangach atá nasctha le IMI (‘an comhéadan poiblí’) trínar cheart do sholáthraithe seirbhíse dearbhuithe maidir le postú a chur faoi bhráid na mBallstát a bhaineann úsáid as an gcomhéadan poiblí (‘na Ballstáit rannpháirteacha’). Ba cheart do na Ballstáit sin ansin, más gá, an fhaisnéis a fhaightear trí IMI a úsáid chun iarrataí réasúnaithe a dhéanamh i modúil IMI maidir le postú i gcomhréir leis an oibleagáid comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach a sholáthar dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 de Threoir 2014/67/AE.

(7)Le simpliú ar an bpróiseas dearbhuithe maidir le postú a sheoladh agus a thabhairt cothrom le dáta a eascraíonn as comhéadan poiblí den sórt sin a chruthú, ba cheart laghdú a dhéanamh ar bhacainní riaracháin ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, lena náirítear ar an gceart atá ag gnóthais seirbhísí a sholáthar lena noibrithe féin i mBallstát eile.

(8)Trí shimpliú a dhéanamh ar an bpróiseas dearbhuithe maidir le postú a sheoladh agus a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart cur i bhfeidhm níos fearr agus níos aonfhoirmí Threoir 96/71/CE a éascú, chomh maith lena forfheidhmiú sa chleachtas, rud a laghdódh na cásanna maidir le neamhchomhlíonadh na rialacha maidir le postú mar gheall ar na nósanna imeachta éagsúla i dtaobh na ndearbhuithe maidir le postú a chur isteach. Éascóidh sé na Ballstáit cigireachtaí éifeachtacha agus leordhóthanacha a dhéanamh, rud a rannchuideoidh le cearta oibrithe ar postú a chosaint.

(9)Le simpliú a dhéanamh ar an bpróiseas chun dearbhuithe maidir le postú a sheoladh agus a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart an t-ualach riaracháin ar údaráis inniúla náisiúnta a bhfuil cúnamh frithpháirteach á lorg acu ó Bhallstáit eile a laghdú. Chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis inniúla náisiúnta atá freagrach cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile gan moill mhíchuí agus chun iarrataí ar chúnamh frithpháirteach a shimpliú, ba cheart faisnéis arna cur isteach i ndearbhuithe maidir le postú a chur ar fáil go díreach in IMI, agus ar an gcaoi sin cur i bhfeidhm i gcleachtas Threoir 2014/67/AE agus Threoir 96/71/CE a éascú agus tacú leis an gcomhar riaracháin gaolmhar idir na húdaráis inniúla náisiúnta sna Ballstáit a rannchuidíonn le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(10)Ba cheart don Choimisiún comhéadan poiblí a bhunú lena úsáid go deonach ag na Ballstáit. Féadfaidh na Ballstáit a roghnú ceangal a chur ar sholáthraithe seirbhíse an comhéadan poiblí leictreonach a úsáid chun dearbhú maidir le postú a dhéanamh chuig a núdaráis inniúla náisiúnta atá freagrach, chun oibleagáidí comhréireacha a bhfuil údar cuí leo arna bhforchur ag na Ballstáit sin a chomhlíonadh maidir le postú oibrithe a dhearbhú. Leis an gcomhéadan poiblí sin, ba cheart tacú leis na Ballstáit ina gcúram chun a áirithiú gur féidir le gnóthais na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí maidir le hoibrithe a phostú a chur i gcrích ar bhealach so-úsáide, go cianda agus trí mheán leictreonach, rud a éascódh dearbhuithe maidir le postú a chur isteach i gcás inar gá.

(11)Ba cheart úsáid a bhaint as réitigh idir-inoibritheacha agus in-athúsáidte, amhail na réitigh sin dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach 23 a bhunú, toisc gur féidir leo an chaoi a sainaithníonn soláthraithe seirbhíse iad féin a éascú. A luaithe a bheidh sí ar fáil, ba cheart oibrithe a bheith in ann fógraí a fháil faoi dhearbhuithe maidir le postú a bhaineann leo trí Thiachóg na Céannachta Digití Eorpaí 24 .

(12)Is modh teicniúil é an comhéadan poiblí atá nasctha le IMI a chuireann an Coimisiún Eorpach ar fáil lena úsáid go deonach ag na Ballstáit. Sula gcuirfear de cheangal ar sholáthraithe seirbhíse an fhaisnéis ábhartha a dhearbhú tríd an gcomhéadan sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhforáiltear do cheanglas den sórt sin sa dlí náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais. Chun úsáid shaoráideach an chomhéadain phoiblí a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a chur in iúl don Choimisiún gur spéis leo úsáid a bhaint as an gcomhéadan poiblí leictreonach ilteangach, tráth ar bith ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(13)Ba cheart don Choimisiún, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, ar páirtithe iontu an tAontas agus na Ballstáit uile, inrochtaineacht an chomhéadain phoiblí agus a ábhar a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas, agus na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882 25 á gcur san áireamh a mhéid is ábhartha.

(14)Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse a bheith in ann dearbhú maidir le postú a chur faoi bhráid údaráis inniúla náisiúnta Ballstáit rannpháirtigh a ndéantar oibrí a phostú chucu, i.e. an Ballstát óstach, agus úsáid á baint as foirm chaighdeánach ilteangach ón gcomhéadan poiblí sin.

(15)Fuair an Coimisiún ionchur ón ngrúpa saineolaithe maidir le foirm leictreonach choiteann le haghaidh dearbhú maidir le hoibrithe a phostú i ndáil leis na ceanglais agus na córais dearbhaithe náisiúnta agus i ndáil leis an bhfaisnéis ábhartha is gá chun rialuithe fíorasacha a cheadú san ionad oibre. Fuair an Coimisiún comhairle ón ngrúpa saineolaithe maidir leis na ceanglais faisnéise a mheasfadh sé a bheith iomchuí a áireamh i bhfoirm choiteann le haghaidh dearbhú maidir le hoibrithe a phostú. Agus an chomhairle sin á cur san áireamh agus chun gur féidir an fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun rialuithe fíorasacha a cheadú san ionad oibre a sholáthar, ba cheart faisnéis a bhaineann leis an soláthraí seirbhíse, leis an oibrí ar postú, leis an sannadh maidir le postú, leis an duine teagmhála d’údaráis inniúla agus le faighteoir na seirbhíse a bheith san fhoirm chaighdeánach a úsáideann an comhéadan poiblí leictreonach.Ba cheart an fhoirm chaighdeánach a bheith ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach néileofar gnéithe áirithe atá san fhoirm chaighdeánach, gnéithe nach measann siad a bheith ábhartha i bhfianaise a gcomhthéacs náisiúnta agus an chaoi a neagraíonn siad na rialuithe fíorasacha san ionad oibre, ar sholáthraithe seirbhíse a dhéanann oibrithe a phostú ar a gcríoch agus an fhoirm á líonadh isteach acu ar an gcomhéadan poiblí leictreonach.

(16)Maidir leis an bhfoirm chaighdeánach a bhunú, agus le hathruithe a dhéanamh uirthi ina dhiaidh sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 . Na Ballstáit a mheasann gur cheart faisnéis áirithe a chur leis an bhfoirm chaighdeánach nó a bhaint di, nó gur cheart an fhoirm chaighdeánach a mhodhnú ar shlí eile, ba cheart cead a bheith acu a iarraidh ar an gCoimisiún an fhoirm chaighdeánach a leasú dá réir sin.

(17)Le húsáid an chomhéadain phoiblí, ina bhfuil foirm chaighdeánach, arb é a bheidh ann sraith choiteann uileghabhálach faisnéise ábhartha a d’fhéadfadh a bheith riachtanach le haghaidh rialuithe fíorasacha san ionad oibre, laghdófar na héagsúlachtaí i rialacha agus rialacháin is infheidhme na mBallstát. Ba cheart gur leor é do sholáthraithe seirbhíse na hoibleagáidí maidir le dearbhú sna Ballstáit a bhaineann úsáid as an gcomhéadan poiblí a chomhlíonadh. Níor cheart aon cheanglas breise faisnéise a fhorchur ar an leibhéal náisiúnta sna Ballstáit sin. Bunú an chomhéadain phoiblí atá nasctha le IMI agus a bhfuil foirm chaighdeánach aige agus cur ar fáil an chomhéadain sin d’údaráis inniúla náisiúnta, tá siad sin ríthábhachtach agus coimhdeach le comhfhogasú reachtaíocht na mBallstát, lena náirithítear feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(18)Trí chomhéadan poiblí a bhunú, cuirtear creat cuíchóirithe ar fáil le haghaidh dearbhuithe maidir le postú lena gcuirtear dreasachtaí suntasacha ar fáil do na Ballstáit a bheith rannpháirteach. Tá sé ag teacht le leas na mBallstát féin maidir le comhar riaracháin a fheabhsú, nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, agus cearta oibrithe a chosaint. Nuair a bhunófar an comhéadan poiblí agus nuair a léireofar a úsáidí agus a thairbhí atá sé, ba cheart do na Ballstáit uile smaoineamh ar úsáid a bhaint as an gcomhéadan poiblí. Dá mhéad a bhainfeadh na Ballstáit úsáid as an gcomhéadan poiblí, is ea is mó an laghdú ar an ualach riaracháin do sholáthraithe seirbhíse agus d’údaráis inniúla náisiúnta, agus is mó an raon feidhme le haghaidh comhair riaracháin éifeachtaigh chun cearta oibrithe a chosaint.

(19)Chun gur féidir rialuithe fíorasacha a dhéanamh san ionad oibre, féadfar sonraí pearsanta áirithe a áireamh san fhaisnéis ábhartha atá le soláthar sa dearbhú maidir le hoibrithe a phostú i measc na gceanglas faisnéise a bhunaítear i gcomhthéacs Airteagal 9(1)(a) de Threoir 2014/67/AE. Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2016/679 27 agus (AE) 2018/1725 28 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chun soiléiriú a dhéanamh ar an bhfreagracht as próiseáil sonraí pearsanta a chuirtear isteach tríd an gcomhéadan poiblí, ba cheart a léiriú sa Rialachán seo cé a mheasfar a bheith ina rialaitheoir ar na sonraí pearsanta. Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le próiseáil sonraí pearsanta na núdarás inniúil in IMI.

(20)Ba cheart an fhaisnéis ó na dearbhuithe maidir le postú a choinneáil sa chomhéadan poiblí chun í a athúsáid i ndearbhuithe maidir le postú ina dhiaidh sin ar feadh uastréimhse 36 mhí tar éis dháta deiridh na tréimhse maidir le postú.

(21)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 5 Meán Fómhair 2024.

(22)I gcás ina bhfuil ról ag comhpháirtithe sóisialta maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha maidir le postú, ba cheart cead a bheith ag na húdaráis inniúla an fhaisnéis ábhartha a roinneadh trí IMI a sholáthar do chomhpháirtithe sóisialta náisiúnta chun comhlíonadh na rialacha maidir le postú a sheiceáil, agus chun na críche sin amháin, agus Rialachán (AE) 2016/679 á urramú ag an am céanna. Ba cheart an fhaisnéis ábhartha a sholáthar do na comhpháirtithe sóisialta trí mhodhanna eile seachas trí IMI.

(23)Ba cheart don Údarás Eorpach Saothair tacú le húdaráis inniúla náisiúnta agus soláthraithe seirbhíse na mBallstát maidir le cur chun feidhme agus úsáid an chomhéadain phoiblí i gcomhréir lena shainordú faoi Rialachán (AE) 2019/1149 29 .

(24)Ba cheart don rialachán seo a bheith gan dochar do Threoir 2014/67/AE agus do Threoir 96/71/CE.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Comhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh

1.Chun cuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí bhacainní riaracháin ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a laghdú, agus faireachán éifeachtach na mBallstát á éascú an tráth céanna ar chomhlíonadh reachtaíocht an Aontais arb é is aidhm di cosaint chearta na noibrithe ar postú a áirithiú, agus tacaíocht á tabhairt don chomhar riaracháin gaolmhar idir na húdaráis inniúla náisiúnta sna Ballstáit, cuirfidh an Coimisiún comhéadan poiblí ilteangach ar bun atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘IMI’), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, le haghaidh dearbhú maidir le hoibrithe a phostú (‘an comhéadan poiblí’).

2.Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh úsáid a bhaint as an gcomhéadan poiblí sin.

3.Féadfar foráil a dhéanamh i reachtaíocht Ballstáit do sholáthraithe seirbhíse postú oibrithe a dhearbhú, i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Threoir 2014/67/AE, trí dhearbhú bunaithe ar fhoirm chaighdeánach ilteangach a chur isteach tríd an gcomhéadan poiblí. I gcás ina ndéanfaidh Ballstát foráil maidir le húsáid an chomhéadain phoiblí, cuirfear an dearbhú sin in ionad aon cheann atá ann cheana agus a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 2
Feidhmiúlachtaí an chomhéadain phoiblí

1.Soláthrófar feidhmiúlacht leis an gcomhéadan poiblí chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)cuntas a chruthú le haghaidh rochtain shlán ar limistéar forchoimeádta an tsoláthraí seirbhíse;

(b)logáil iomchuí gníomhaíochta úsáideora a áirithiú;

(c)dearbhuithe maidir le hoibrithe ar postú a chruthú, a chur isteach agus a bhainistiú;

(d)cóip den dearbhú maidir le postú a tharchur chuig an oibrí ar postú;

(e)faisnéis arna cur isteach in IMI a chur ar fáil d’údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit óstaigh atá freagrach as comhar riaracháin de bhun phointí 6 agus 7 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012.

(f)cead a thabhairt d’údarás náisiúnta amháin nó níos mó de chuid an Bhallstáit óstaigh ar údaráis inniúla iad de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir 2014/67/AE, dearbhuithe maidir le postú a fháil sa bhreis air sin go díreach sa chóras cúil náisiúnta arna iarraidh sin don Bhallstát sin.

2.Beidh an Coimisiún freagrach as an gcomhéadan poiblí a fhorbairt, a chothabháil agus a oibriú.

3.Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an comhéadan poiblí agus a ábhar inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

Airteagal 3
Na Ballstáit ag baint úsáid as an gcomhéadan poiblí

1.Aon Bhallstát a roghnóidh úsáid a bhaint as an gcomhéadan poiblí, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin 6 mhí roimh an dáta óna mbeidh sé ar intinn aige an comhéadan poiblí a úsáid.

2.Maidir le Ballstát a roghnaíonn úsáid a bhaint as an gcomhéadan poiblí, glacfaidh sé na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun gur féidir le soláthraithe seirbhíse a chuireann oibrithe ar post chuig an mBallstát sin an comhéadan poiblí a úsáid agus chun ceanglais an chomhéadain phoiblí agus na foirme caighdeánaí a chomhlíonadh le haghaidh dearbhú maidir le hoibrithe a phostú in am trátha roimh an úsáid sin.

3.Ní dhéanfaidh na Ballstáit a bhaineann úsáid as an gcomhéadan poiblí aon dearbhú breise ná aon cheanglas faisnéise breise a fhorchur ar na soláthraithe seirbhíse a chuireann isteach an dearbhú maidir le postú tríd an gcomhéadan poiblí.

4.Cuirfidh an Coimisiún liosta na mBallstát a bhaineann úsáid as an gcomhéadan poiblí dá dtagraítear i mír 3 ar fáil go poiblí ar an gcomhéadan poiblí.

5.Féadfaidh Ballstát scor d’úsáid a bhaint as an gcomhéadan poiblí. Cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún ar an eolas faoi sin 6 mhí roimh an dáta beartaithe chun deireadh a chur le húsáid an chomhéadain phoiblí.

Airteagal 4
Foirm chaighdeánach

1.Gan dochar do mhír 5, is éard a bheidh san fhoirm chaighdeánach faisnéis a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)an soláthraí seirbhíse;

(b)an t-oibrí ar postú;

(c)an sannadh maidir leis an bpostú;

(d)an duine teagmhála chun idirchaidreamh a dhéanamh leis na húdaráis inniúla;

(e)faighteoir na seirbhíse.

2.Bunóidh an Coimisiún an fhoirm chaighdeánach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

3.Féadfaidh Ballstát a roghnaíonn úsáid a bhaint as an gcomhéadan poiblí a chinneadh gan an fhaisnéis uile atá san fhoirm chaighdeánach a iarraidh agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

4.Féadfaidh na Ballstáit moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le leasú nó leasuithe ar an bhfoirm chaighdeánach. Scrúdóidh an Coimisiún moltaí den sórt sin d’fhonn an fhoirm chaighdeánach a leasú, i gcás inarb iomchuí.

5.Féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn moladh ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, leasú ar an bhfoirm chaighdeánach a mholadh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 5
Sonraí pearsanta a phróiseáil agus a choinneáil

1.Chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, féadfaidh an comhéadan poiblí na sonraí pearsanta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a phróiseáil.

2.Measfar gur rialaitheoir é an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 3(8) de Rialachán (AE) 2018/1725 i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)Slándáil agus infhaighteacht an chomhéadain phoiblí a áirithiú;

(b)Próiseáil a dhéanamh ar shonraí aitheantais agus teagmhála an duine a chuireann isteach an dearbhú maidir le hoibrithe a phostú,

3.Measfar gur rialaitheoir é an soláthraí seirbhíse i gcomhréir le hAirteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 maidir leis na nithe seo a leanas a phróiseáil:

(a)céannacht agus sonraí teagmhála an tsoláthraí seirbhíse;

(b)céannacht oibrí ar postú;

(c)seoladh fógra leictreonach, amhail seoladh poist, oibrí ar postú chun an t-oibrí ar postú a chur ar an eolas gur cuireadh isteach dearbhú don oibrí sin;

(d)seoladh ionad oibre an oibrí ar postú;

(e)céannacht agus sonraí teagmhála dhuine teagmhála an tsoláthraí seirbhíse.

4.I gcás ina bhfaigheann Ballstát dearbhuithe maidir le postú sa bhreis air sin tríd an gcomhéadan poiblí ina chóras cúil náisiúnta, measfar gur rialaitheoir é an t-údarás náisiúnta inniúil i gcomhréir le hAirteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta atá sna dearbhuithe sin maidir le postú.

5.Áiritheofar leis an gcomhéadan poiblí go scriosfar go huathoibríoch an fhaisnéis a bhaineann le postú a cuireadh isteach tríd an gcomhéadan poiblí sin 36 mhí tar éis dháta deiridh na tréimhse ar postú.

6.Leis an gcomhéadan poiblí, féadfar na sonraí pearsanta uile a stóráiltear ann agus i gcuntais na soláthraithe seirbhíse a scriosadh nuair nach mbeidh gá leis na sonraí sin a thuilleadh chun na gcríoch a bailíodh agus a próiseáladh iad.

7. Leis an gcomhéadan poiblí féadfar meabhrúchán a sheoladh chuig an soláthraí seirbhíse chun aon sonraí pearsanta a athbhreithniú agus a scriosadh nuair is gá, i gcomhréir le mír 6.

8.Féadfaidh Ballstát cead a thabhairt don údarás inniúil náisiúnta faisnéis ábhartha atá ar fáil in IMI a sholáthar do chomhpháirtithe sóisialta náisiúnta ar bhealaí eile seachas trí IMI a mhéid is gá agus go heisiach chun comhlíonadh na rialacha maidir le postú a sheiceáil agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis na cleachtais náisiúnta, ar choinníoll go mbaineann an fhaisnéis le postú chuig críoch an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 6
Próiseáil na faisnéise arna cur isteach trí IMI 

Maidir le faisnéis a chuirfear isteach tríd an gcomhéadan poiblí, cuirfear ar fáil in IMI í d’údaráis inniúla fhreagracha an Bhallstáit óstaigh chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach.

Airteagal 7
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, cuirtear isteach an pointe (17) nua seo a leanas:

‘17. Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le comhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh le haghaidh dearbhú maidir le hoibrithe a phostú agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012.

Airteagal 8
Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 9
Meastóireacht

Tuairisceoidh an Coimisiún ar an taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm faoin [5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin]. Go háirithe, déanfar scrúdú sa tuarascáil ar a mhéid a d’éirigh leis an Rialachán seo laghdú a dhéanamh ar bhacainní riaracháin ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, faireachán éifeachtach na mBallstát a éascú ar chomhlíonadh reachtaíocht an Aontais arb é is aidhm di cosaint oibrithe ar postú a áirithiú agus tacú leis an gcomhar riaracháin gaolmhar idir na húdaráis inniúla náisiúnta sna Ballstáit.

Airteagal 10
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh le haghaidh dearbhú maidir le hoibrithe a phostú

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

An Margadh Inmheánach, Saorghluaiseacht seirbhísí, Iomaíochas, FBM, Fostaíocht, Cosaint Shóisialta

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 30  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Úsáid rathúil comhéadain phoiblí atá nasctha le IMI a leathnú chun críche dearbhuithe oibrithe in iompar de bhóthar a phostú chuig earnálacha eacnamaíocha eile

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh.

An t-ualach riaracháin ar sholáthraithe seirbhíse a laghdú maidir le hoibrithe ar postú a dhearbhú, trí mheánchostais chomhlíontachta a laghdú do chuideachtaí a chuireann oibrithe ar postú chuig na Ballstáit a úsáideann go deonach an comhéadan poiblí atá nasctha le IMI faoi 50 % ar a laghad faoi dheireadh 2026.

Comhar riaracháin a éascú idir na Ballstáit a éilíonn dearbhuithe maidir le hoibrithe a phostú, trí chead a thabhairt dearbhuithe maidir le hoibrithe a phostú chuig na Ballstáit rannpháirteacha tríd an gcomhéadan poiblí agus trí allmhairiú uathoibrithe sonraí riaracháin maidir le hoibrithe ar postú in IMI faoi dheireadh 2025.

Ballstáit a chumasú coigilteas costais a bhaint amach chun tairseacha dearbhaithe náisiúnta a fhorbairt agus a oibriú, trí Bhallstát leasmhar a bheith in ann úsáid a bhaint go deonach as an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI faoi dheireadh 2026.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

I gcás riaracháin phoiblí agus cigireachtaí saothair sna Ballstáit rannpháirteacha:

Costais maidir le húsáid IMI a laghdú, ós rud é nach bhfuil gá le sonraí maidir le postuithe a iontráil de láimh a thuilleadh.

Costais maidir le cothabháil leanúnach a laghdú, ós rud é nach gá a thuilleadh comhpháirteanna náisiúnta TF a choinneáil ar bun a bhfuil an fheidhmiúlacht chéanna acu agus atá ag an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI.

Comhlíontacht níos fearr a bhaint amach, i.e., faisnéis níos iomláine agus níos cruinne maidir le postuithe lena bhféadfar faireachán agus rialú éifeachtach a dhéanamh.

Do sholáthraithe seirbhíse:

Costais chomhlíontachta a laghdú trí thairseach choiteann agus próiseas coiteann a chur ar bun le haghaidh dearbhuithe do na Ballstáit rannpháirteacha, trí laghdú a dhéanamh ar na difríochtaí idir na réimsí faisnéise is gá agus oibrithe á bpostú chuig roinnt Ballstát rannpháirteach, trí chostais aistriúcháin a laghdú trí chomhéadan poiblí ilteangach atá nasctha le IMI a úsáid.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Tús curtha le comhéadan poiblí atá nasctha le IMI faoi dheireadh 2025.

Cinneann 9 mBallstát ar a laghad lena gcumhdaítear aon trian ar a laghad d’oibrithe ar postú an Aontais, ar tíortha iad a ghlacann le hoibrithe, úsáid a bhaint go deonach as an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI faoi dheireadh 2026.

Cuirtear isteach aon trian ar a laghad de na dearbhuithe maidir le postú san Aontas tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI, agus laghdaítear costais chomhlíontachta na ndearbhuithe a chuirtear isteach tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI faoi 50 % ar a laghad.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Faoi fhómhar 2025: Glacann an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun foirm chaighdeánach an chomhéadain phoiblí atá nasctha le IMI a bhunú.

Faoi dheireadh 2025: Cuireann an Coimisiún an comhéadan poiblí atá nasctha le IMI ar fáil ar líne.

Faoi lár 2026: Déanann grúpa tosaigh Ballstát cinneadh deonach úsáid a bhaint as an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI agus déanann siad a gcórais dearbhaithe agus a ndlí náisiúnta a oiriúnú dá réir sin i gcás inar gá.

Ó 2026 ar aghaidh: Déanann an Coimisiún an comhéadan poiblí atá nasctha le IMI a chothabháil agus a fheabhsú ar bhonn leanúnach.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex-ante):

Comhar riaracháin idir na Ballstáit a chomhordú

Gnóthachain éifeachtúlachta maidir le comhéadan poiblí atá nasctha le IMI a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais, in ionad comhpháirteanna náisiúnta TF ar leithligh a bhfuil an fheidhmiúlacht chéanna acu a fhorbairt agus a oibriú

Na Ballstáit rannpháirteacha ag úsáid foirm choitinn trí chomhordú ar leibhéal an Aontais

Breisluach AE a mheastar a ghinfear (ex-post)

Cosaint níos éifeachtaí do chearta oibrithe i ngeall ar chomhar éifeachtúil idir na Ballstáit trí IMI

Coigilteas costais do na Ballstáit

Laghdú ar chostais chomhlíontachta do chuideachtaí, rud a laghdóidh bacainní sa Mhargadh Aonair le haghaidh Seirbhísí

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas ón gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI maidir le hoibrithe iompair de bhóthar ar postú a dhearbhú:

Léiríodh a indéanta atá comhéadan poiblí atá nasctha le IMI chun dearbhuithe maidir le postú oibrithe a chruthú, a chur isteach agus a bhainistiú.

Léiríodh éascú maidir le faisnéis faoi phostú a chur faoi bhráid na núdarás inniúil náisiúnta, agus an fhéidearthacht an t-ualach riaracháin a laghdú.

Cuirtear treoirphlean ar fáil maidir le cur chun feidhme tionscadal, agus réitigh theicniúla in-athúsáidte.

Léiríodh go bhféadfaí oibleagáidí dearbhaithe maidir le postú a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Maoinítear an tionscnamh trí Chlár an Mhargaidh Aonair, ag tosú faoin CAI reatha.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Rinneadh foráil maidir le cistiú an tionscnaimh cheana féin, mar a fógraíodh i nuashonrú 2020 ar an Straitéis Tionsclaíochta, agus treisíodh é sa Teachtaireacht ‘30 Bliain den Mhargadh Aonair’. Dá bhrí sin, tá cistiú beartaithe cheana féin do 2024 agus 2025 faoi Chlár an Mhargaidh Aonair.

Níl gá le buiséad breise trí athdháileadh.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ó 2024 go 2025,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 31   

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V CAE, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Leanfaidh an tionscadal leagan saincheaptha den Mhodheolaíocht PM². Déanfaidh coiste stiúrtha tionscadail, lena n‑áirítear príomh-ASanna an tionscadail, maoirseacht ar an gcur chun feidhme. Coinneofar grúpa saineolaithe an Choimisiúin maidir le Foirm Leictreonach Choiteann le haghaidh Dearbhú maidir le hOibrithe a Phostú ar an eolas, agus tabharfar comhairle don Choimisiún le linn an chur chun feidhme.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Roghnaíodh bainistíocht dhíreach do chur chun feidhme an bhuiséid, agus Modheolaíocht PM² do chur chun feidhme an tionscadail ar na cúiseanna seo a leanas:

éileofar leis an tionscadal córais TF an Choimisiúin atá ann cheana agus a fhorbraítear go hinmheánach a fhorbairt, a athúsáid agus a oiriúnú/a chumrú;

Tá úsáid mhodheolaíocht PM² ag teacht leis an mbeartas corparáideach maidir le tionscadail TF a chur chun feidhme, agus is rogha láidir é do thionscadail ar an leibhéal castachta seo.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Na príomhrioscaí a sainaithníodh, agus córais rialaithe chun iad a mhaolú:

Riosca: Is féidir le hathruithe ar riachtanais go déanach sa tionscadal moill a chur ar chur chun feidhme an tionscadail agus costais a mhéadú.
Maolú: Sreabhadh oibre a chur chun feidhme le haghaidh iarrataí ar athrú lena
náiritheofar measúnú agus formheas gnó; réiteach a chur chun feidhme i gcur chuige céimnithe agus feabhas leanúnach ina dhiaidh sin.

Riosca: Tá líon íseal Ballstát rannpháirteach sa tionscadal, rud a laghdaíonn na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo.
Maolú: Comhchruthú leis na Ballstáit agus comhairliúchán leanúnach le grúpa saineolaithe an Choimisiúin maidir le Foirm Leictreonach Choiteann le haghaidh Dearbhú maidir le hOibrithe a Phostú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh torthaí an tionscadail ionchais a lán Ballstát.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

n/b

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Bearta caighdeánacha chun calaois a chosc arna gcur i bhfeidhm ag an gCoimisiún faoi bhainistíocht dhíreach.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

Difreáilte/Neamhdhifreáilte 32 .

ó thíortha de chuid CSTE 33

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 34

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

An margadh aonair, an nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha 

03.02.01.01

Difreáilte

IS EA

IS EA

NÍ HEA

NÍ HEA

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

N/B

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
 

Uimhir

An margadh aonair, an nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha

AS: GROW

Bliain 
2024 35

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

03.02.01.01 36

Gealltanais

(1a)

1,000

0,500

0,500

0,500

0,500

...

3,000

Íocaíochtaí

(2a)

-

1,500

0,500

0,500

0,500

...

3,000

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1b)

-

-

-

-

-

...

Íocaíochtaí

(2b)

-

-

-

-

-

...

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 37  

Líne bhuiséid

(3)

-

-

-

-

-

...

IOMLÁN leithreasuithe 
le haghaidh AS GROW

Gealltanais

=1a+1b +3

1,000

0,500

0,500

0,500

0,500

...

3,000

Íocaíochtaí

=2a+2b

+ 3

-

1,500

0,500

0,500

0,500

...

3,000

 



IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Gealltanais

(4)

1,000

0,500

0,500

0,500

0,500

...

3,000

Íocaíochtaí

(5)

-

1,500

0,500

0,500

0,500

...

3,000

IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 

(6)

-

-

-

-

-

...

IOMLÁN na leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL An margadh aonair, an nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

1,000

0,500

0,500

0,500

0,500

...

3,000

Íocaíochtaí

=5+ 6

-

1,500

0,500

0,500

0,500

...

3,000



3.2.2.An t-aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain 
2024

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Cinéal 38

Meánchostas

Níl

Costas

Níl

Costas

Níl

Costas

Níl

Costas

Níl

Costas

Níl

Costas

Níl

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 39 : An t-ualach riaracháin a laghdú do sholáthraithe seirbhíse le haghaidh dearbhuithe maidir le postú

Forbairt TF an chomhéadain phoiblí

Forbairt TF

0,800

0,200

1,000

Tacaíocht TF & cothabháil (comhéadan poiblí)

TF T&C

0,100

0,300

0,300

0,300

...

...

1,000

Bonneagar TF (óstáil, etc.)

Bonneagar TF

0,015

0,015

0,015

0,015

...

...

0,060

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2: Comhar riaracháin idir na Ballstáit a éascú

Comhéadain TF leis na Ballstáit a fhorbairt

Forbairt TF

0,200

0,100

0,300

Tacaíocht TF & cothabháil (comhéadain le Ballstáit)

TF T&C

0,025

0,125

0,125

0,125

...

...

0,400

Bonneagar TF (óstáil etc.)

Bonneagar TF

0,010

0,010

0,010

0,010

...

...

0,040

Oiliúint do na Ballstáit

Oiliúint

0,050

0,050

0,050

0,050

...

...

0,200

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3: Na Ballstáit ag baint amach coigilteas costais tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI a úsáid in ionad a dtairseach dearbhaithe féin

N/B

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 3

0

0

0

0

0

...

...

IOMLÁIN

1,000

0,500

0,500

0,500

0,500

...

...

3,000

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2024

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

EUR 0,267 MILLIÚN

EUR 0,267 MILLIÚN

EUR 0,089 MILLIÚN

EUR 0,089 MILLIÚN

EUR 0,089 MILLIÚN

...

...

EUR 0,801 MILLIÚN

Caiteachas riaracháin eile

0

0

0

0

0

...

...

0

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

EUR 0,267 MILLIÚN

EUR 0,267 MILLIÚN

EUR 0,089 MILLIÚN

EUR 0,089 MILLIÚN

EUR 0,089 MILLIÚN

...

...

EUR 0,801 MILLIÚN

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 40  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0

0

0

0

0

...

...

0

Caiteachas eile  
de chineál riaracháin

0

0

0

0

0

...

...

0

Fo‑iomlán  
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0

0

0

0

0

...

...

0

IOMLÁN

EUR 0,267 MILLIÚN

EUR 0,267 MILLIÚN

EUR 0,089 MILLIÚN

EUR 0,089 MILLIÚN

EUR 0,089 MILLIÚN

...

...

EUR 0.801 MILLIÚN

Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
2024

Bliain 
N+1

Bliain N+ 2

Bliain N+ 3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

1,5

1,5

0,5

0,5

0,5

...

...

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

-

-

-

-

-

...

...

01 01 01 01(Taighde indíreach)

-

-

-

-

-

...

...

01 01 01 11 (Taighde díreach)

-

-

-

-

-

...

...

Línte buiséid eile (sonraigh)

-

-

-

-

-

...

...

 Foireann sheachtrach (in aonad de Choibhéis Lánaimseartha: FTE) 41

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

-

-

-

-

-

...

...

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

-

-

-

-

-

...

...

XX 01 xx yy zz   42

- sa Cheanncheathrú

-

-

-

-

-

...

...

- i dToscaireachtaí

-

-

-

-

-

...

...

01 01 01 02(AC, END, INT – Taighde indíreach)

-

-

-

-

-

...

...

01 01 01 12 (AC, INT, SNE – Taighde díreach)

-

-

-

-

-

...

...

Línte buiséid eile (sonraigh)

-

-

-

-

-

...

...

IOMLÁN

1,5

1,5

0,5

0,5

0,5

...

...

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

-Bainistiú agus maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhéadain phoiblí atá nasctha le IMI

-Teagmháil a dhéanamh le grúpa saineolaithe an Choimisiúin maidir le Foirm Leictreonach Choiteann le haghaidh Dearbhú maidir le hOibrithe a Phostú

-Cumarsáid agus for-rochtain

-An caidreamh le páirtithe leasmhara a bhainistiú

-An gníomh dlíthiúil a bhainistiú

Pearsanra seachtrach

-

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Rinneadh cistiú ar chur chun feidhme na foirme leictreonaí coitinne le haghaidh dearbhuithe maidir le hoibrithe a phostú a chlársceidealú cheana féin mar gheall ar ghealltanas an Choimisiúin i nuashonrú 2020 ar an Straitéis Tionsclaíochta.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

-

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI.

-

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 43

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe

 

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an t-ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 44

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1996/71/oj).
(2)    Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/EC maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (Rialachán IMI) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/67/oj).
(3)    COM(2021) 350 final.
(4)    COM(2024) 131 final.
(5)    COM(2019) 426 final
(6)    Cuireadh an dearbhú i láthair ag an gComhairle Iomaíochais an 24 Bealtaine 2024 (https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-10061-2024-INIT/en/pdf.)
(7)    Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena naisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (‘Rialachán IMI’) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32012R1024).
(8)    COM(2023) 168 final.
(9)    COM(2023) 535 final.
(10)    Treoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE maidir le ceanglais fhorfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 249, 31.7.2020, lch. 49, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32020L1057
(11)    EUCO 14/23.
(12)    EUCO 12/24.
(13)    2021/2043(INI).
(14)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le Creat na Céannachta Digití Eorpaí a bhunú (IO L, 2024/1183, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1183/oj).
(15)    De Wispelaere, F., De Smedt L., & Pacolet, J. (2023), Posting of workers: Collection of data from the prior declaration tools - Reference year 2022, Network Statistics FMSSFE, on behalf of the European Commission. [ [Oibrithe a phostú: Bailiú sonraí ó na huirlisí réamhdhearbhaithe – an bhliain tagartha 2022, Gréasán Staidreamh FMSSFE, thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh.] Sholáthair ceithre Bhallstát is fiche sonraí (páirteacha) i ndáil le gnóthais maidir le postú atá le tarlú agus oibrithe ar postú le haghaidh bhailliú na sonraí sin, úsáideadh sonraí a bhí ar fáil go poiblí do Bhallstát amháin eile.
(16)    2024 Single Market Survey: [Suirbhé 2024 ar an Margadh Aonair:] Overcoming Obstacles, Developing Solutions, Eurochambres, 2024 [Constaicí a Shárú, Réitigh a Fhorbairt, Eurochambres, 2024]
(17)    ‘Influence of administrative burdens on the cross-border posting of employees by SMEs in border regions’, Michael Holz, Annette Icks, IfM-Materialien No. 299, 2023. [‘Tionchar na nualaí riaracháin ar FBManna i réigiúin teorann maidir le fostaithe a phostú trasteorann’, Michael Holz, Annette Icks, IfM-Materialien Uimh. 299, 2023.]
(18)    IO C , , lch. .
(19)    Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena naisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (‘Rialachán IMI’) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1024/oj).
(20)    Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/EC maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (Rialachán IMI) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/67/oj).
(21)    Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1996/71/oj).
(22)    COM(2023) 168 final.
(23)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le Creat na Céannachta Digití Eorpaí a bhunú (IO L, 2024/1183, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1183/oj).
(24)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le Creat na Céannachta Digití Eorpaí a bhunú (IO L, 2024/1183, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1183/oj).
(25)    Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).
(26)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(27)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(28)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(29)    Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena naisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus maidir leis an Eilvéis) (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1149/oj)
(30)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(31)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget-implementation/Pages/implementation-methods.aspx
(32)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(33)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(34)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
(35)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta ina dhiaidh sin.
(36)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(37)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(38)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a tógadh, etc.).
(39)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
(40)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(41)    AC = Ball foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Gairmithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(42)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(43)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta ina dhiaidh sin.
(44)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.