AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.11.2024
COM(2024) 527 final
2024/0293(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena bhformheastar an seasamh atá le glacadh thar ceann Euratom ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.11.2024
COM(2024) 527 final
2024/0293(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena bhformheastar an seasamh atá le glacadh thar ceann Euratom ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo le cinneadh ón gCoimisiún a fhormheas ag an gComhairle lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh ag na Ballstáit, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi réim Chonradh Euratom, ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh i ndáil le glacadh beartaithe leasaithe ar Airteagal 49 (Taiscí) den Chonradh um Chairt Fuinnimh (‘CCF’) agus formheas (i) tuisceana nua i ndáil le hAirteagal 49 CCF maidir le róil Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh (‘an Rúnaíocht’), agus (ii) cinnidh ón gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh i dtaca leis an Rúnaíocht a ainmniú mar thaiscí faoi Airteagal 49 CCF san idirthréimhse ón 2 Feabhra 2025. Tá glacadh na leasuithe ar an gConradh um Chairt Fuinnimh agus na bhformheasanna breise le rith go comhuaineach ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Conradh um Chairt Fuinnimh
Is comhaontú iltaobhach trádála agus infheistíochta é CCF a bhfuil feidhm aige maidir leis an earnáil fuinnimh agus a síníodh in 1994 agus a tháinig i bhfeidhm in 1998. Tá forálacha in CCF maidir le cosaint infheistíochta, trádáil agus iompar in ábhair agus i dtáirgí fuinnimh, agus sásraí um réiteach díospóidí. Le CCF, bunaíodh creat freisin um chomhar idirnáisiúnta i réimse an fhuinnimh idir a Pháirtithe Conarthacha ann. Is páirtí é Euratom in CCF, in éineacht leis an Aontas Eorpach 1 agus le formhór Bhallstáit an Aontais, mar aon leis an tSeapáin, an Ríocht Aontaithe, an Eilvéis, an Tuirc agus formhór na dtíortha sna Balcáin Thiar agus in Iar-Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha, cé is moite den Rúis 2 agus den Bhealarúis 3 . An 30 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh 4 maidir le haistarraingt Euratom ó CCF agus thug sí sainordú do na Ballstáit an tráth céanna gan cur i gcoinne ghlacadh fhorálacha nuachóirithe CCF ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh atá ar na bacáin an 3 Nollaig 2024. Thug Euratom fógra do thaiscí CCF faoina aistarraingt, a thiocfaidh i bhfeidhm an 28 Meitheamh 2025.
2.2.An Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh
Is í an Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh an comhlacht rialaithe agus cinnteoireachta a bunaíodh le CCF. Tá gach stát nó Eagraíocht Réigiúnach um Chomhtháthú Eacnamaíochta (amhail an tAontas Eorpach agus Euratom) a shínigh CCF nó a d’aontaigh dó ina chomhalta den Chomhdháil, ar Comhdháil í a thagann le chéile ar bhonn rialta chun saincheisteanna a dhéanann difear do chomhar san earnáil fuinnimh idir shínitheoirí CCF a phlé, athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme fhorálacha CCF agus an Phrótacail um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil, agus breithniú ar ionstraimí nua agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a d’fhéadfadh a bheadh faoi chuimsiú chreat na Cairte Fuinnimh. Go sonrach, glacann an Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh le téacsanna leasuithe ar CCF agus formheasann sí modhnuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le CCF agus athruithe teicniúla orthu. Agus vótáil á déanamh ar leasuithe molta ar théacs CCF, ritheann an Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh cinneadh maidir leis na leasuithe a ghlacadh trí vóta d’aontoil na bPáirtithe Conarthacha atá i láthair agus a chaitheann vóta, faoi réir córam leath de na Páirtithe Conartha uile ar a laghad. Tá líon vótaí ag Euratom agus ag an Aontas atá cothrom leis an líon Ballstát is Páirtithe Conarthacha in CCF iad, ar choinníoll nach bhfeidhmeoidh Euratom ná an tAontas a cheart vótála má fheidhmíonn a mBallstáit a gceart vótála, agus vice versa.
2.3.An gníomh atá beartaithe ón gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh
Leagtar amach in Airteagal 49 CCF gurb é Rialtas Phoblacht na Portaingéile taiscí CCF. An 1 Feabhra 2024, thug Poblacht na Portaingéile fógra go raibh sé beartaithe aici tarraingt siar as CCF agus scor de bheith ina taiscí de CCF, rud a thiocfadh i bhfeidhm an 2 Feabhra 2025. I bhfianaise an mhéid sin, idir mí Iúil agus mí Lúnasa 2024 phléigh na Páirtithe Conarthacha na tograí chun an Rúnaíocht a ainmniú mar thaiscí nua faoi Airteagal 49 CCF tar éis aistarraingt Phoblacht na Portaingéile. Go sonrach, d’aontaigh siad na tograí seo a leanas a chur ar aghaidh chuig an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh agus vóta a chaitheamh orthu mar chuid de phacáiste nuachóirithe CCF atá ullmhaithe cheana féin:
(a)leasú ar Airteagal 49 CCF lena n‑ainmnítear Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh mar thaiscí CCF (CC 760 REV2);
(b)tuiscint nua i ndáil le hAirteagal 49 CCF maidir le róil Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh, mar rúnaíocht agus mar thaiscí (CC 762 REV2).
Caithfear vóta ar na tograí comhaontaithe an 3 Nollaig 2024, le linn an 35ú Cruinniú den Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh. Beidh na cinntí a bhaineann le nuachóiriú CCF faoi réir vóta d’aon toil agus córam de leath ar a laghad de na Páirtithe Conarthacha uile a bheidh i láthair. Má bhíonn vóta deimhneach ann ar a son, measfar go mbeidh na cinntí glactha ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh. Spreagfaidh an glacadh sin próisis ina dhiaidh sin chun na gnéithe éagsúla den phacáiste athchóirithe a dhaingniú, a chur i bhfeidhm go sealadach agus a thabhairt i bhfeidhm faoi dheireadh, gnéithe lena n‑áirítear Airteagal 49 CCF leasaithe agus tuiscint nua faoin Airteagal sin maidir le róil na Rúnaíochta.
Cur i bhfeidhm sealadach na leasuithe ar CCF, lena n‑áirítear leasú nua ar Airteagal 49 CCF maidir le taiscí, agus gnéithe eile an nuachóirithe, beidh siad á rialú ag an gcinneadh maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach leasuithe ar théacs CCF agus athruithe/modhnuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis agus ar na Tuiscintí air. Mar sin féin, ba léir sa phlé nach mbeadh gach Páirtí Conarthach in ann an leasú ar Airteagal 49 CCF agus an tuiscint nua maidir leis an taiscí a chur i bhfeidhm go sealadach. Chun leanúnachas institiúideach a áirithiú d’fheidhm an taiscí ón 2 Feabhra 2025 aghaidh, d’aontaigh na Páirtithe Conarthacha dréachtchinneadh breise neamhspleách a mholadh don Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh lena n‑ainmnítear an Rúnaíocht mar thaiscí faoi Airteagal 49 CCF san idirthréimhse, dar tús an 2 Feabhra 2025, go dtí go dtiocfadh CCF nuachóirithe (CC 814) i bhfeidhm.
(c)
Ní bheidh an Cinneadh deireanach sin ina chuid den phacáiste maidir le nuachóiriú CCF agus glacfar é ag an gComhdháil trí thromlach ¾ de na Páirtithe Conarthacha uile.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann Euratom
Molann an Coimisiún go nglacfaidh na Ballstáit, ar páirtithe in CCF iad, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi réim Chonradh Euratom, ag an gcruinniú den Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh, na seasaimh a dtugtar tuairisc orthu thíos.
3.1.Maidir le leasú ar Airteagal 49 CCF (CC 760 REV2) a ghlacadh
Tá ainmniú taiscí nua tar éis aistarraingt éifeachtach Phoblacht na Portaingéile as CCF fíor-riachtanach d’fheidhmiú institiúideach CCF a bhfuil Euratom agus roinnt Ballstát ina bpáirtithe ann. An leasú ar Airteagal 49 CCF lena n‑ainmnítear an Rúnaíocht mar thaiscí nua, tá sé comhtháite i bpacáiste nuachóirithe CCF ar a bhfuil Comhdháil na Cairte le vóta a chaitheamh an 3 Nollaig 2024.
Níl éifeachtaí dlíthiúla, i bprionsabal, ag baint le glacadh na leasuithe ar théacs CCF. Faoin dlí idirnáisiúnta, níl sé coibhéiseach le síniú an téacs a caibidlíodh ach le hinisealacha a chur leis.
Mar thoradh air sin, molann an Coimisiún go nglacfaidh na Ballstáit seasamh ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi réim Chonradh Euratom, gan cosc a chur le glacadh an leasaithe atá beartaithe ar Airteagal 49 CCF. Leis an seasamh sin, comhlánófar Cinneadh (Euratom) 2024/1645 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024 5 .
3.2.Maidir le formheas na tuisceana nua i ndáil le hAirteagal 49 CCF maidir le róil Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh (CC 762 REV2)
Leis an tuiscint nua, tá sé beartaithe róil éagsúla na Rúnaíochta faoi CCF a shoiléiriú. Ar thaobh amháin, comhlíonann an Rúnaíocht a feidhmeanna rúnaíochta de bhun Airteagal 35 CCF. Ar an taobh eile, tá sé le ról an taiscí a ghlacadh de bhun Airteagal 49 CCF leasaithe, a luaithe a ghlacfar an tAirteagal leasaithe sin. Déanfar an tuiscint nua a chomhtháthú i bpacáiste nuachóirithe CCF ar a gcaithfidh Comhdháil na Cairte vóta an 3 Nollaig 2024.
Níl éifeachtaí dlíthiúla, i bprionsabal, ag baint le glacadh tuisceana. Faoin dlí idirnáisiúnta, níl sé coibhéiseach le síniú an téacs a caibidlíodh ach le hinisealacha a chur leis.
Mar thoradh air sin, molann an Coimisiún go nglacfaidh na Ballstáit seasamh ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi réim Chonradh Euratom, gan cosc a chur le formheas na tuisceana atá beartaithe i ndáil le hAirteagal 49 maidir le róil Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh. Leis an seasamh sin, comhlánófar Cinneadh (Euratom) 2024/1645 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024 6 .
3.3.Maidir le formheas Cinnidh i dtaca le Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh a ainmniú mar Thaiscí faoi Airteagal 49 CCF san idirthréimhse ón 2 Feabhra 2025 ar aghaidh (CC 814)
Is é is aidhm don Chinneadh neamhspleách ón gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh i ndáil le Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh a ainmniú mar thaiscí eatramhach CCF feidhmiú gan bhriseadh CCF a áirithiú sa tréimhse tar éis aistarraingt Phoblacht na Portaingéile as CCF agus theacht i bhfeidhm CCF nuachóirithe. Dá bhrí sin, leagtar amach ann gur cheart don Rúnaíocht a feidhm mar thaiscí CCF a ghlacadh uirthi féin ón 2 Feabhra 2025, i.e. an dáta a scoirfidh an taiscí atá ann faoi láthair, Rialtas Phoblacht na Portaingéile, den fheidhm sin a chomhlíonadh.
Mar thoradh air sin, molann an Coimisiún go nglacfaidh na Ballstáit seasamh gan cosc a chur le formheas an Chinnidh neamhspleách maidir le leagan síos gur taiscí CCF í Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh san idirthréimhse ón 2 Feabhra 2025.
Agus é á chur san áireamh gur tugadh fógra do thaiscí CCF faoi aistarraingt an Aontais Eorpaigh agus Euratom as CCF an 27 Meitheamh 2024, cé go mbeidh Euratom agus an tAontas Eorpach fós ina bPáirtithe Conartha in CCF tráth a chaithfear vóta ar na cinntí thuasluaite den Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh, tá coinne leis ná mbeidh siad i láthair ná ag vótáil. Dá bhrí sin, leagtar amach sa togra seo an seasamh atá le glacadh ag na Ballstáit atá fós ina bPáirtithe Conarthacha in CCF ag an gcruinniú den Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh, a bheidh ar siúl an 3 Nollaig 2024. Tá an méid sin gan dochar do roinnt na n‑inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit.
4.Bunús dlí
4.1.Prionsabail
Níl aon fhoráil i gConradh Euratom atá coibhéiseach le hAirteagal 218(9) CFAE maidir le cinntí ón gComhairle lena leagtar síos na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo a ghlacadh. Nuair a ghlacann comhlacht a bhunaítear le comhaontú arna thabhairt i gcrích ag Euratom, amhail ECT, gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, beidh feidhm ag na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 101 de Chonradh Euratom.
Déantar foráil in Airteagal 101(1) de Chonradh Euratom, maidir leis an méid seo a leanas: ‘Féadfaidh an Comhphobal, laistigh de theorainneacha a chumhachtaí agus a inniúlachtaí, dul faoi oibleagáidí trí chomhaontuithe nó conarthaí a dhéanamh le tríú Stát, le heagraíocht idirnáisiúnta nó le náisiúnach de thríú Stát’.
Déantar foráil in Airteagal 101(2) de Chonradh Euratom, maidir leis an méid seo a leanas: ‘Déanfaidh an Coimisiún na comhaontuithe nó na conarthaí sin a chaibidil de réir threoracha na Comhairle; tabharfaidh an Coimisiún i gcrích iad le formheas na Comhairle, a ghníomhóidh trí thromlach cáilithe.’
4.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhaontú idirnáisiúnta é CCF, a bhfuil, inter alia, Euratom ina pháirtí ann.
An 3 Nollaig 2024, iarrfar ar an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Beidh na gníomhartha sin ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta. Mar thoradh air sin, de bhun Airteagal 101(2) de Chonradh Euratom, beidh siad faoi réir fhormheas na Comhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe.
Na cinntí atá le glacadh ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh chun na leasuithe ar Airteagal 49 CCF atá beartaithe agus an tuiscint maidir leis a ghlacadh de bhun Airteagal 34 CCF, is gníomhartha iad, in imthosca ar leith an cháis, a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha acu faoin dlí idirnáisiúnta toisc go bhfuil siad le glacadh go comhuaineach leis an gcinneadh maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach leasuithe ar théacs CCF agus tuisceana air, rud a chuireann oibleagáid ar na Páirtithe Conarthacha na leasuithe sin agus an tuiscint sin a chur i bhfeidhm go sealadach ar dháta comhaontaithe mura dtaiscfear dearbhú dá mhalairt in am trátha.
An Cinneadh atá le glacadh ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh lena bhformheastar Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh mar thaiscí CCF san idirthréimhse ón 2 Feabhra 2025 ar aghaidh, is gníomh a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach aige é freisin faoin dlí idirnáisiúnta. Is é an bunús dlí lena n‑áiritheoidh Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh feidhmiú gan bhriseadh na Cairte Fuinnimh agus tiocfaidh sé i bhfeidhm láithreach tar éis a ghlactha, gan gá lena dhaingniú, de bhun Airteagal 48 CCF.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 101(2) de Chonradh Euratom an bunús dlí don nós imeachta, ós rud é nach bhfuil aon fhoráil i gConradh Euratom atá coibhéiseach le hAirteagal 218(9) CFAE le haghaidh cinntí lena leagtar síos na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é, leis na cinntí ón gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh, go leasófar CCF agus na Tuiscintí, Dearbhuithe agus Cinntí uaidh, agus go n‑ainmneofar taiscí CCF nua faoi Airteagal 49 CCF san idirthréimhse go dtí go dtiocfaidh CCF nuachóirithe i bhfeidhm, is iomchuí iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a nglactha.
2024/0293 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena bhformheastar an seasamh atá le glacadh thar ceann Euratom ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 101(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Thug an tAontas an Conradh um Chairt Fuinnimh (‘CCF’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh 98/181/CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún, CEGC, Euratom agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Aibreán 1998. 7
(2)In éagmais aon nuashonrú suntasach ar CCF ó bhí na 1990í ann, chuaigh CCF as dáta de réir a chéile.
(3)Leagtar amach in Airteagal 49 CCF gurb é Rialtas Phoblacht na Portaingéile taiscí CCF. An 1 Feabhra 2024, thug Poblacht na Portaingéile fógra go raibh sé beartaithe aige tarraingt siar as CCF agus, leis sin, go raibh sé beartaithe aige scor dá fheidhm mar thaiscí a chomhlíonadh. Gabhfaidh éifeacht le haistarraingt Phoblacht na Portaingéile ó CCF an 2 Feabhra 2025.
(4)Tá gá le leasú ar Airteagal 49 CCF chun taiscí nua a ainmniú le haghaidh CCF. Chomhaontaigh Páirtithe Conarthacha CCF (‘Páirtithe Conarthacha’) sa chaibidlíocht an leasú sin a chur le téacs nuachóirithe CCF, lena moltar Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh (‘an Rúnaíocht’) a ainmniú mar thaiscí nua. Chomhaontaigh siad freisin tuiscint nua a mholadh lena formheas ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh i ndáil le hAirteagal 49 CCF maidir le róil na Rúnaíochta. Thairis sin, ós rud é nach gcuirfidh gach Páirtí Conarthach CCF na nuachóirithe i bhfeidhm go sealadach tar éis a ghlactha, chomhaontaigh na Páirtithe Conarthacha cinneadh a mholadh lena fhormheas ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh, cinneadh lena n‑ainmneofar an Rúnaíocht mar thaiscí eatramhach ón 2 Feabhra 2025 ar aghaidh, go dtí go dtiocfaidh na leasuithe ar CCF i bhfeidhm.
(5)De bhun Airteagal 34 CCF, glacann an Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh téacsanna leasuithe ar CCF.
(6)Tá an Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh leis na gníomhartha atá beartaithe a ghlacadh ag an gcruinniú a bheidh aici an 3 Nollaig 2024. Maidir leis na gníomhartha atá le glacadh ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh, beidh siad ina gceangal ar Euratom.
(7)Is iomchuí do Euratom gan a vóta a fheidhmiú ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh agus í ag vótáil ar na leasuithe atá beartaithe ar CCF agus is iomchuí dó an seasamh a leagan síos atá le glacadh ag na Ballstáit ar Páirtithe Conarthacha iad, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, maidir le hábhair a thagann faoi inniúlacht Euratom. Tá an seasamh sin gan dochar do roinnt na n‑inniúlachtaí idir Euratom agus na Ballstáit. Comhlánaíonn sé Cinneadh (Euratom) 2024/1645 ón gComhairle 8 .
(8)Ba cheart do na Ballstáit ar Páirtithe Conarthacha iad agus a bheidh i láthair ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh seasamh a ghlacadh nach gcuireann cosc ar ghlacadh ná formheas na ngníomhartha atá beartaithe,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1.I gcomhréir le hAirteagal 36(7) den Chonradh um Chairt Fuinnimh (‘CCF’), ní fheidhmeoidh Euratom a cheart vótála sa Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh agus í ag vótáil ar an leasú atá beartaithe ar Airteagal 49 CCF, agus ar an tuiscint air, agus ar an gcinneadh maidir le taiscí a ainmniú faoi Airteagal 49 CCF.
2.Maidir leis na Ballstáit ar Páirtithe Conarthacha CCF iad agus a bheidh i láthair ag an gComhdháil, feidhmeoidh siad a vóta, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh an 3 Nollaig 2024 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)gan cosc a chur ar an gComhdháil na leasuithe atá beartaithe ar an Airteagal 49 CCF(CC 760 REV2) a ghlacadh;
(b)gan cosc a chur ar fhormheas na tuisceana i ndáil le hAirteagal 49 CCF maidir le róil Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh (CC 762 REV2); agus
(c)gan cosc a chur ar fhormheas cinnidh maidir le Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh a ainmniú mar thaiscí faoi Airteagal 49 CCF le héifeacht an 2 Feabhra 2025 (CC 814).
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.11.2024
COM(2024) 527 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
lena bhformheastar an seasamh atá le glacadh thar ceann Euratom ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh
IARSCRÍBHINN
1.Leasú atá beartaithe ar Airteagal 49 CCF, a áirítear sna leasuithe atá beartaithe ar an gConradh um Chairt Fuinnimh (CC 760 REV2), mar a cuireadh faoi bhráid na Comhdhála maidir leis an gCairt Fuinnimh é an 3 Meán Fómhair 2024.
Airteagal 49
Taiscí
Is é Rialtas Phoblacht na Portaingéile í an Rúnaíocht a bheith i dtaiscí an Chonartha seo. 1
2.Tuiscint nua atá beartaithe i ndáil le hAirteagal 49 maidir le róil Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh, a áirítear sna hathruithe atá beartaithe ar Thuiscintí, Dearbhuithe agus Cinneadh (doiciméad CC 762 REV2), mar a cuireadh faoi bhráid na Comhdhála maidir leis an gCairt Fuinnimh iad an 3 Meán Fómhair 2024.
|
Tuiscint 16 i ndáil le hAirteagal 49 in CCF bunaidh |
Tuiscint 18 i ndáil le hAirteagal 49 in CCF bunaidh arna leasú in 1998 |
|
Ciallóidh an ‘Rúnaíocht’ in Airteagal 49 ‘Rúnaíocht’ a shainmhínítear in Airteagal 35. D’fhonn amhras a sheachaint, ciallóidh gach tagairt don ‘Taiscí’ sa Chonradh seo an ‘Rúnaíocht’ a shainmhínítear in Airteagal 35 i gcáil an Taiscí. |
|
3.Cinneadh atá beartaithe ón gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh i ndáil le Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh a ainmniú mar Thaiscí faoi Airteagal 49 den Chonradh um Chairt Fuinnimh (doiciméad CCDEC le líonadh isteach), mar a cuireadh faoi bhráid na Comhdhála maidir leis an gCairt Fuinnimh é an 3 Meán Fómhair 2024.
An 35ú Cruinniú den Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh
An 3 Nollaig 2024
Rúnaíocht na cairte fuinnimh A AINMNIÚ mar THAISCÍ FAOI AIRTEAGAL 49 den Chonradh um CHAIRT FUINNIMH
Tá na Páirtithe Conarthacha sa Chonradh um Chairt Fuinnimh (CCF)
Ag tabhairt dá n‑aire aistarraingt Phoblacht na Portaingéile mar Pháirtí Conarthach in CCF le héifeacht an 2 Feabhra 2025,
Ag féachaint don fhógra ó Phoblacht na Portaingéile an 7 Márta 2024 nach gcomhlíonfadh Rialtas Phoblacht na Portaingéile feidhmeanna an Taiscí a thuilleadh faoi Airteagal 49 CCF tar éis dá haistarraingt teacht i bhfeidhm,
Á mheabhrú dóibh an leasú ar Airteagal 49 lena n‑ainmnítear Rúnaíocht na Cairte Fuinnimh (an Rúnaíocht) mar Thaiscí CCF arna ghlacadh ag an 35ú Comhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh [CC 814],
Tar éis comhaontú mar a leanas:
1.Go dtí go dtiocfaidh na leasuithe ar CCF a glacadh an 3 Nollaig 2024 i bhfeidhm le haghaidh aon Pháirtí Conarthach, déanfaidh an Rúnaíocht feidhmeanna Thaiscí CCF ar bhonn eatramhach le haghaidh gach Páirtí Conarthach sin ón 2 Feabhra 2025 ar aghaidh.
2.Déanfaidh an Rúnaíocht gach beart is gá chun aistriú na bhfeidhmeanna Taiscí ó Rialtas Phoblacht na Portaingéile a áirithiú agus glacfaidh sí na feidhmeanna sin ar bhonn eatramhach de bhun fhomhír (a) an 2 Feabhra 2025.