An Bhruiséil,21.10.2024

COM(2024) 495 final

2024/0274(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2220 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha difear dóibh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

·Forais agus cuspóirí an togra

Bhí tionchar millteanach ag na tubaistí nádúrtha a tharla le déanaí i Lár na hEorpa agus in Oirthear na hEorpa, agus i nDeisceart na hEorpa, ar na pobail atá ina gcónaí agus ag obair sna réigiúin sin. Scriosadh go leor acmhainneacht táirgthe talmhaíochta agus foraoiseachta, rud a d’fhág go raibh caillteanais ollmhóra ioncaim ann. Chun aghaidh a thabhairt go tapa ar leochaileachtaí sa chóras bia Eorpach agus i bpobail tuaithe arb iad na tubaistí seo is cúis leo, ní mór don Eoraip a bheith in ann tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil go tapa trí bhíthin na gClár Forbartha Tuaithe sa bhreis ar na hacmhainní atá ar fáil ó Chistí Eorpacha eile.

Cuireann an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) tacaíocht ar fáil cheana d’infheistíochtaí in athbhunú na hacmhainneachta talmhaíochta agus foraoiseachta agus i dtacaíocht ioncaim. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh na bearta tacaíochta sin tearcmhaoinithe i bhfianaise riachtanais na bhfeirmeoirí agus na bhforaoiseoirí i dtíortha atá buailte ag tubaistí nádúrtha.

Chun cúnamh breise agus níos mó solúbthachta a chur ar fáil do Bhallstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha difear dóibh, molann an Coimisiún beart nua agus níos mó solúbthachta i ndáil leis an tairseach neamh-chúlchéimnithe le haghaidh atreisiú buiséadach infheistíochtaí in athbhunú na hacmhainneachta talmhaíochta agus chun an beart nua a chistiú.

Leis an mbeart nua, arna chistiú ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus arna chur chun feidhme faoi chláir forbartha tuaithe, ceadaítear do na Ballstáit tacaíocht leachtachta spriocdhírithe a sholáthar d’fheirmeoirí, do shealbhóirí foraoise, do FBManna atá gníomhach i bpróiseáil, i margú nó i bhforbairt táirgí talmhaíochta nó foraoiseachta dá ndéanann tubaistí nádúrtha difear ón 1 Eanáir 2024.

Trí aghaidh a thabhairt go díreach agus go pras ar dhúshláin sreafa airgid na ngnólachtaí atá buailte, rannchuideoidh an tacaíocht le slándáil bia trí bhíthin an bhirt nua agus tabharfaidh sí aghaidh láithreach ar an suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh mar gheall ar thionchar na dtubaistí nádúrtha. Chun na spriocanna sin a bhaint amach agus, an tráth céanna, foráil a dhéanamh maidir le riarachán réasúnta simplí lena bhféadfar imscaradh tapa a dhéanamh, beidh an tacaíocht i bhfoirm cnapshuime aonuaire d’fheirmeoirí, do shealbhóirí foraoise agus do FBManna.

Ina theannta sin, ba cheart infheistíochtaí in athbhunú na hacmhainneachta talmhaíochta a threisiú trí níos mó solúbthachta buiséadaí a sholáthar maidir leis an tairseach neamh-chúlchéimnithe agus cistí CETFT á n‑úsáid.

Sa chomhthéacs sin, agus foráil á déanamh maidir le solúbthacht bhuiséadach a mhéid a bhaineann leis an tairseach neamh-chúlchéimnithe, tá sé tábhachtach leanúint de na hinfheistíochtaí agus de na gníomhaíochtaí atá beartaithe maidir le tubaistí a chosc agus maidir le hullmhacht, chomh maith le hoiriúnú don athrú aeráide chun tionchar na dtubaistí arb í an aeráid is cúis leo agus atá ag éirí níos minice a mhaolú. Ba cheart iarrachtaí athbhunaithe agus íocaíochtaí leachtachta a chothromú a mhéid is féidir leis an ngá atá le hinfheistíochtaí agus gníomhaíochtaí atá beartaithe faoi láthair a shaothrú maidir le tubaistí a chosc agus maidir le hullmhacht ina leith.

Sa bhreis air sin, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar na hacmhainní atá ar fáil faoi na cláir limistéar tuaithe atá ann cheana a úsáid ar an gcaoi is éifeachtúla, beidh sé de cheangal ar na Ballstáit cúis a thabhairt leis an tacaíocht a dhíriú orthu siúd is mó atá buailte, bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha. Thairis sin, ba cheart sciar uasta de ranníocaíocht an Aontais leis an mbeart nua sin a shocrú.

Maidir leis an bpróiseas, bheadh ar na Ballstáit an beart nua nó ath-leithdháileadh beartaithe an chistithe a áireamh sna cláir forbartha tuaithe tríd an gclár a mhodhnú. Féadfar an modhnú cláir sin a chur isteach tar éis theacht i bhfeidhm an togra seo.

·Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra i gcomhréir leis an gcreat foriomlán dlíthiúil a bunaíodh le haghaidh an Chomhbheartais Talmhaíochta agus Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) agus níl de raon ag an togra ach leasú spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 2020/2220. Comhlánaíonn an togra gach beart eile a ghlac an tAontas atá dírithe ar dhul i ngleic leis an staid atá ann faoi láthair, go háirithe na bearta sin atá dírithe ar leachtacht a chur ar fáil.

·Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Níl de raon ag an togra ach leasuithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) 2020/2220, agus tá sé comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

·Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

·Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Foráiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh gur rud le roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit atá san inniúlacht talmhaíochta, fad atá comhbheartas talmhaíochta á bhunú a bhfuil cuspóirí coiteanna agus cur chun feidhme coiteann ag dul leis. Tá sé d’aidhm ag an togra cuspóirí coiteanna agus cur chun feidhme coiteann beart nua forbartha tuaithe a áirithiú.

·Comhréireacht

Cuimsítear leis an togra leasuithe teoranta spriocdhírithe nach dtéann thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach maidir le faoiseamh eisceachtúil sealadach a thabhairt d’fheirmeoirí, do shealbhóirí foraoise agus do FBManna atá gníomhach i bpróiseáil, i margú nó i bhforbairt táirgí talmhaíochta nó táirgí foraoiseachta agus le haghaidh iarrachtaí athbhunaithe, ar páirtithe iad sin atá buailte go háirithe ag tubaistí nádúrtha.

·An rogha ionstraime

Is é Rialachán an ionstraim iomchuí chun an beart breise atá ag teastáil a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis na himthosca sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

·Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní bhaineann le hábhar

·Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar gheall ar chineál teicniúil, teoranta agus práinneach na modhnuithe atá beartaithe, níl comhairliúchán poiblí leathan don togra dlí. Cuirfear an meabhrán míniúcháin seo, áfach, chuig na hinstitiúidí eile mar aon leis an ngníomh a ghabhann leis agus beidh sé ar fáil don phobal ar EUR-Lex.

·Bailiú agus úsáid saineolais

Ní bhaineann le hábhar

·Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair mar chuid den ullmhúchán le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Ní theastaíonn measúnú tionchair ar leithligh i gcás na leasuithe beartaithe teoranta seo.

·Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní bhaineann le hábhar

·Cearta bunúsacha

Ní bhaineann le hábhar

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Baineann an togra le cláir forbartha tuaithe CETFT le haghaidh na tréimhse 2014-2022 agus ní mhodhnaítear leis gealltanais bhuiséadacha atá ann cheana. Tá sé laistigh de theorainneacha leithdháileadh foriomlán na tréimhse 2014-2022, rud a fhágann neodrach ó thaobh buiséid é.

Níl aon athrú á dhéanamh ar mhiondealú bliantúil iomlán na leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí faoi CETFT. Déanfar íocaíochtaí le tairbhithe roimh an 31 Nollaig 2025, agus dá bhrí sin beidh siad le maoiniú faoi bhuiséad 2025, 2026 agus 2027. Ní mór freastal ar na leithreasuithe íocaíochtaí a theastaíonn chun an beart sin a mhaoiniú laistigh de na leithreasuithe le haghaidh CETFT atá san áireamh i nDréachtbhuiséad 2025 an Choimisiúin atá le teacht agus déanfar iad a fhritháireamh trí laghdú comhfhreagrach ar na híocaíochtaí sna blianta ina dhiaidh sin.

Chun an modhnú atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh gealltanas agus íocaíochtaí de réir mar a leagtar síos iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/2093.

5.EILIMINTÍ EILE

·Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme na mbeart faoi chuimsiú na sásraí tuairiscithe ginearálta a bunaíodh le Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 1305/2013.

·Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní bhaineann le hábhar

·Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Chun cúnamh breise agus níos mó solúbthachta a chur ar fáil a mhéid a bhaineann leis an tairseach neamh-chúlchéimnithe do na Ballstáit a dhéanann tubaistí nádúrtha difear dóibh, tá sé beartaithe Rialachán (AE) 2020/2220 a leasú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

·Beart nua a thabhairt isteach chun ligean do na Ballstáit tacaíocht leachtachta a chur ar fáil d’fheirmeoirí, do shealbhóirí foraoise agus do FBManna atá gníomhach i bpróiseáil táirgí talmhaíochta agus foraoiseachta a ndéanann tubaistí nádúrtha difear dóibh ón 1 Eanáir 2024. Íoctar an tacaíocht i bhfoirm cnapshuime. Is féidir an beart nua a chómhaoiniú suas le 100 % le CETFT agus is é 10 % de ranníocaíocht iomlán CETFT leis an gclár forbartha tuaithe le haghaidh na mblianta 2021-2022 sciar uasta ranníocaíocht an Aontais.

·Solúbthacht theoranta a sholáthar maidir leis an gclásal neamh-chúlchéimnithe agus cistí á nath-leithdháileadh ar an mbeart nua nó ar bhearta chun acmhainneacht táirgeachta a athbhunú.

·An deis a thabhairt do na Ballstáit nósanna imeachta a shimpliú trína mheas go ndéanann tubaiste nádúrtha difear mór don limistéar iomlán agus iarratas á dhéanamh ar ‘force majeure’.

·Cead a thabhairt do na Ballstáit oibríochtaí tacaíochta a roghnú a cuireadh i gcrích go fisiceach nó a cuireadh chun feidhme go hiomlán roimh an iarratas ar chistiú nuair a bhaineann siad le híocaíochtaí athbhunaithe nó leachtachta.

2024/0274 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2220 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha difear dóibh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 2 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Bhí tionchar millteanach ag na tubaistí nádúrtha a tharla le déanaí i Lár na hEorpa agus in Oirthear na hEorpa, agus i nDeisceart na hEorpa, ar na pobail tuaithe atá ina gcónaí agus ag obair sna réigiúin sin. Scriosadh méid suntasach d’acmhainneacht táirgthe talmhaíochta agus foraoiseachta, agus mar thoradh air sin tá ar fheirmeoirí, ar shealbhóirí foraoise agus ar ghnólachtaí tuaithe sna réigiúin atá buailte dul i ngleic le caillteanais mhóra ioncaim. Chun aghaidh a thabhairt go tapa ar leochaileachtaí sa chóras bia Eorpach agus i bpobail tuaithe de dheasca na dtubaistí sin, is iomchuí tacaíocht eisceachtúil éifeachtach a sholáthar go mear tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) arna chur chun feidhme faoi chláir forbartha tuaithe agus foráil a dhéanamh maidir le níos mó solúbthachta le haghaidh na mbeart atá ann cheana.

(2)Chun freagairt d’iarmhairtí tubaistí nádúrtha a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le beart nua eisceachtúil sealadach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna leachtachta a chuireann leanúnachas gníomhaíochtaí feirmeoireachta agus foraoiseachta i mbaol agus chun aghaidh a thabhairt ar leanúnachas gnólachtaí beaga agus meánmhéide a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta agus foraoiseachta. Thairis sin, ba cheart an tacaíocht le haghaidh athbhunú na hacmhainneachta táirgthe talmhaíochta, ar tacaíocht í atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 , a threisiú trí níos mó solúbthachta buiséadaí a sholáthar a mhéid a bhaineann leis an tairseach neamh-chúlchéimnithe dá bhforáiltear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 .

(3)Ós rud é gur trí bhíthin CETFT a chuirfear maoiniú an bhirt nua ar fáil, beidh feidhm maidir leis an mbeart nua seo ag an gcreat dlíthiúil a leagtar síos le haghaidh na clárthréimhse 2014-2020, go háirithe forálacha sonracha Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 , agus ag forálacha cur chun feidhme a ghabhann leis na Rialacháin sin.

(4)Le Rialachán (AE) 2020/2220, cuireadh síneadh le clárthréimhse CETFT go dtí an 31 Nollaig 2022. Leanfaidh cur chun feidhme na clárthréimhse sínithe go dtí deireadh 2025. Le Rialachán (AE) 2020/2220, rinneadh foráil freisin maidir le rialacha idirthréimhseacha laistigh de thréimhse an tsínidh. Ós rud é go bhfuil CETFT á chur chun feidhme faoi láthair sa tréimhse shínithe, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis na coinníollacha le haghaidh an bhirt eisceachtúil nua agus solúbthachtaí buiséadacha breise a mhéid a bhaineann leis an tairseach neamh-chúlchéimnithe trí Rialachán (AE) 2020/2220 a leasú.

(5)Chun foráil a dhéanamh maidir le níos mó solúbthachta buiséadaí chun cistiú a ath-leithdháileadh don bheart nua agus don fhobheart atá ann cheana chun acmhainneacht táirgthe talmhaíochta a athbhunú, agus leanúint an tráth céanna de na hinfheistíochtaí agus de na gníomhaíochtaí atá beartaithe maidir le tubaistí a chosc agus maidir le hullmhacht, chomh maith le hoiriúnú don athrú aeráide chun tionchar na dtubaistí arb í an aeráid is cúis leo agus atá ag éirí níos minice a mhaolú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an tairseach neamh-chúlchéimnithe dá bhforáiltear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2020/2220 a laghdú 15 phointe céatadáin ar a mhéad ach gan í a bheith faoi bhun na tairsí íosta 30 %.

(6)Chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit aghaidh a thabhairt go hiomlán ar iarmhairtí tubaistí nádúrtha a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, ba cheart a bheith in ann oibríochtaí tacaíochta atá lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán a roghnú sula gcuirfear an tiarratas ar chistiú faoin gclár faoi bhráid an údaráis bainistíochta, ar choinníoll gur freagairt ar an tubaiste nádúrtha sin atá san oibríocht.

(7)Leis an tacaíocht faoin mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo, arb é is aidhm di iomaíochas FBManna chomh maith le hinmharthanacht sealbhóirí feirme agus foraoise a áirithiú, ba cheart na hacmhainní atá ar fáil a dhíriú ar na tairbhithe is mó atá buailte ag tubaistí nádúrtha agus ba cheart í a dheonú ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha. Níor cheart an tacaíocht a chur ar fáil ach do na tairbhithe sin a ndearna scriosadh 30 % ar a laghad den acmhainneacht táirgthe lena mbaineann difear dóibh.

(8)Ós rud é go bhfuil an beart seo práinneach, sealadach agus eisceachtúil agus go bhfuil gá leis na híocaíochtaí comhfhreagracha a eisíoc go tapa agus ar bhealach simplí, ba cheart íocaíocht aonuaire agus dáta deiridh le haghaidh chur i bhfeidhm an bhirt a shocrú.

(9)Chun tacaíocht níos mó a thabhairt do na feirmeoirí, na sealbhóirí foraoise agus na FBManna is mó atá buailte, is iomchuí a cheadú do na Ballstáit coigeartú a dhéanamh ar leibhéal na gcnapshuimeanna le haghaidh catagóirí áirithe de thairbhithe incháilithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, mar shampla trí réimsí áirithe nó catagóirí leathana a shocrú.

(10)Agus tacaíocht á deonú ag na Ballstáit don bheart nua, ba cheart dóibh a chur san áireamh an tacaíocht a dheonaítear faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do thionchar tubaistí nádúrtha.

(11)Ba cheart na hacmhainní don bheart nua a chlársceidealú le ráta cómhaoinithe suas le 100 %.

(12)Chun a áirithiú go ndéanfar an beart nua dá bhforáiltear sa Rialachán seo a mhaoiniú go leordhóthanach gan cuspóirí eile na gclár forbartha tuaithe a chur i mbaol, ba cheart sciar uasta de ranníocaíocht an Aontais leis an mbeart sin a shocrú.

(13)Leis an tacaíocht a thugtar chun acmhainneacht táirgthe talmhaíochta agus foraoiseachta a athbhunú mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha, ba cheart tosaíocht a thabhairt d’oibríochtaí atá bunaithe ar an bprionsabal ‘atógáil chun feabhais’, is é sin úsáid a bhaint as céimeanna an téarnaimh, an athshlánaithe agus na hatógála i ndiaidh tubaiste chun athléimneacht earnáil na feirmeoireachta agus na foraoiseachta a mhéadú trí bhearta laghdaithe riosca tubaiste a chomhtháthú, mar a léirítear i gCreat Sendai 2 um Laghdú Rioscaí Tubaiste 2015-2030 ó Oifig na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaistí, agus é á áirithiú an tráth céanna go léiríonn oibríochtaí roghnaithe an gaol is fearr idir méid na tacaíochta agus an cuspóir chun athléimneacht ó thubaistí a áirithiú.

(14)Chun an tualach riaracháin ar thairbhithe dá ndéantar difear agus ar na Ballstáit a laghdú agus ‘force majeure’ á chur i bhfeidhm acu, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit a mheas go bhfuil an limistéar iomlán buailte go mór ag tubaiste nádúrtha.

(15)Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach an bhirt nua a áirithiú trí bhíthin na gclár forbartha tuaithe laistigh de chreat dlíthiúil na clárthréimhse 2014-2020, ar cuireadh síneadh léi le Rialachán (AE) 2020/2220, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 .

(16)Ba cheart baint a bheith ag cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin le cur i láthair an bhirt nua sna cláir forbartha tuaithe, le faireachán agus meastóireacht ar an mbeartas forbartha tuaithe, le cur i láthair na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme agus le cur chun feidhme seiceálacha agus pionós.

(17)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2020/2220 a leasú dá réir.

(18)I bhfianaise éifeachtaí millteacha na dtubaistí nádúrtha atá ann faoi láthair agus a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar an tionchar atá acu ar earnáil agraibhia agus foraoiseachta an Aontais agus an tionchar sin a mhaolú, meastar gur gá leas a bhaint as an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 a ghabhann leis na Conarthaí maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas.

(19)I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann leis na tubaistí nádúrtha, is iomchuí go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2020/2220 mar a leanas:

(1)in Airteagal 1(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, an dara habairt den mhír seo, agus cistí á n‑ath-leithdháileadh ar bhearta dá dtagraítear in Airteagal 6a den Rialachán seo agus in Airteagal 18(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus cistí á gcaitheamh le haghaidh na mbeart sin, féadfaidh na Ballstáit laghdú a dhéanamh ar sciar foriomlán ranníocaíocht CETFT a fhorchoimeádtar do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 59(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Ní rachaidh an laghdú sin thar mhéideanna CETFT a ath-leithdháiltear ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 6a den Rialachán seo agus in Airteagal 18(1), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus ní rachaidh sé thar 15 phointe céatadáin de sciar foriomlán ranníocaíocht CETFT a leagtar síos sna cláir forbartha tuaithe le haghaidh na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 59(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Chun na críche sin, cuirfear san áireamh an sciar foriomlán de ranníocaíocht CETFT a shocraítear sna cláir forbartha tuaithe mar a beartaíodh nuair a cuireadh síneadh le tréimhse na gclár a fhaigheann tacaíocht ó CETFT go dtí an 31 Nollaig 2022, i gcomhréir le hAirteagal 1(2) den Rialachán seo. An sciar foriomlán a fhorchoimeádtar do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 59(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, ní bheidh sé níos ísle ná an tairseach íosta a leagtar amach san Airteagal sin. Féadfar an laghdú céanna i bpointí céatadáin a chur i bhfeidhm maidir leis na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 gan cistí a ath-leithdháileadh ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 6a den Rialachán seo agus in Airteagal 18(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.’;

(2)in Airteagal 2, cuirtear an mhír 5 seo a leanas leis:

‘5. De mhaolú ar Airteagal 65(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, féadfaidh an t‑údarás bainistíochta oibríochtaí tacaíochta a roghnú atá lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán sula gcuirtear iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis bainistíochta, ar choinníoll go gcuirtear an oibríocht chun feidhme trí bhíthin an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 6a den Rialachán seo agus in Airteagal 18(1), pointe (b), nó in Airteagal 24(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus ar choinníoll go dtugann an oibríocht sin freagairt ar thubaiste nádúrtha a tharla ón 1 Eanáir 2024.’;

(3)cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 6 a

Tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí, do shealbhóirí foraoise agus do FBManna atá buailte go trom ag tubaistí nádúrtha

1.Leis an tacaíocht faoin mbeart sin, cuirfear cabhair éigeandála ar fáil d’fheirmeoirí, do shealbhóirí foraoise agus do FBManna atá buailte go trom ag tubaistí nádúrtha, dírithe ar leanúnachas i leith a gcuid gníomhaíochta gnó, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.Beidh tacaíocht faoin mbeart sin faoi réir aitheantas foirmiúil óna húdaráis phoiblí inniúla sna Ballstáit gur tharla tubaiste nádúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (k), de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 tar éis an 1 Eanáir 2024 agus gur scriosadh 30 % ar a laghad den acmhainneacht táirgthe ábhartha mar gheall ar an tubaiste sin nó ar bhearta arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031* chun galar plandaí nó lotnaid a dhíothú nó a shrianadh.

3.Deonófar tacaíocht do na páirtithe seo a leanas:

(a)feirmeoirí,

(b)sealbhóirí foraoise príobháidí agus poiblí agus comhlachtaí eile dlí phríobháidigh agus poiblí agus a gcomhlachais, seachas foraois atá faoi úinéireacht Stáit atá á bainistiú ag an Stát,

(c)FBManna a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta arna gcumhdach le hIarscríbhinn I a ghabhann le CFAE nó ar chadás, seachas táirgí iascaigh nó

(d)FBManna a dhéanann próiseáil, in úsáid agus i margú táirgí foraoise.

Maidir le próiseáil táirgí talmhaíochta, féadfaidh sé gur táirge nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le CFAE a bheidh in aschur an phróisis táirgthe.

4.Déanfaidh na Ballstáit an tacaíocht a dhíriú ar na tairbhithe is mó a ndéantar difear dóibh, trí choinníollacha incháilitheachta a chinneadh ar bhonn na fianaise atá ar fáil.

5.Beidh an tacaíocht i bhfoirm íocaíochta cnapshuime a íocfar faoin 31 Nollaig 2025, bunaithe ar iarratais ar thacaíocht arna gceadú ag an údarás inniúil faoin 30 Meitheamh 2025. Féadfar leibhéal na híocaíochta a idirdhealú de réir catagóirí tairbhithe, de réir critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha.

6.Ní rachaidh uasmhéid na tacaíochta thar EUR 42 000 in aghaidh an tairbhí.

7.Agus tacaíocht á deonú faoin Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an tacaíocht a dheonaítear faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó faoi ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do thionchar tubaistí nádúrtha chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus an tacaíocht á spriocdhíriú ar na tairbhithe is mó atá buailte.

Airteagal 6b

Forálacha is infheidhme maidir leis an tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí, do shealbhóirí foraoise agus do FBManna atá buailte go trom ag tubaistí nádúrtha

1.Maoineoidh CETFT an tacaíocht eisceachtúil shealadach dá dtagraítear in Airteagal 6a den Rialachán seo mar bheart de réir bhrí Airteagal 13 de Rialachán (AE) 1305/2013.

2.Is é 100 % a bheidh san uasmhéid ranníocaíochta ó CETFT le haghaidh an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 6a den Rialachán seo.

3.Ní rachaidh an tacaíocht a sholáthraítear don bheart sin thar 10 % de ranníocaíocht iomlán CETFT leis an gclár forbartha tuaithe le haghaidh na mblianta 2021-2022.

Airteagal 6c

Force majeure

A mhéid a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 chun CBT a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus prionsabal ‘force majeure’ á chur i bhfeidhm, dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin, i gcás ina ndéanann tubaiste thromchúiseach nádúrtha difear mór do limistéar arna dhea-chinneadh, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a mheas go bhfuil an tubaiste nó an teagmhas sin tar éis difear mór a dhéanamh don limistéar iomlán sin.

Airteagal 6d

Cumhachtaí an Choimisiúin

1.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na rialacha is gá chun an beart dá dtagraítear in Airteagal 6a den Rialachán seo a chur chun feidhme trí bhíthin clár forbartha tuaithe laistigh den chreat dlíthiúil is infheidhme sa chlárthréimhse 2014-2020, ar cuireadh síneadh leis i gcomhréir le hAirteagal 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an mbeartas forbartha tuaithe;

(b)rialacha maidir le cur i láthair na gclár forbartha tuaithe;

(c)na tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a chur i láthair;

(d)seiceálacha agus pionóis a chur chun feidhme.

2.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 6e

Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh an ‘Coiste um Fhorbairt Tuaithe’ a bunaíodh le hAirteagal 84 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 cúnamh don Choimisiún agus an cumhachtú a dtugtar tuairisc air in Airteagal 6d(1) pointí (a), (b) agus (c) den Rialachán seo á fheidhmiú aige.

2.Tabharfaidh an ‘Coiste um na Cistí Talmhaíochta’ a bunaíodh le hAirteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*** cúnamh don Choimisiún agus an cumhachtú a dtugtar tuairisc air in Airteagal 6d(1), pointe (d), den Rialachán seo á fheidhmiú aige.

* Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj ).

** Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj ).

***Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj ).’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO C  , , lch. .
(2)    IO C  , , lch. .
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1305/oj ).
(4)    Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíocht den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (IO L 437, 28.12.2020, lch. 487, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2220/oj ).
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1306/oj ).
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj ).