An Bhruiséil,25.10.2024

COM(2024) 480 final

2024/0284(BUD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghearmáin agus don Iodáil i ndáil le tubaistí a tharla in 2024


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Comhthéacs an togra

Cumhdaítear leis an gcinneadh seo slógadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘CDAE’ anseo feasta) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 1 ón gComhairle (dá ngairtear ‘an Rialachán CDAE’ anseo feasta) le haghaidh EUR 116 031 553 chun cúnamh a thabhairt don Ghearmáin agus don Iodáil i ndáil leis an tubaiste nádúrtha (tuilte) a tharla le linn 2024.

Tá ag gabháil leis an slógadh sin Nós Imeachta um Urscaoileadh Uimh. 14/2024 lena moltar EUR 116 031 300 a aistriú ó líne chúltaca an Chúlchiste Eorpach Dlúthpháirtíochta chuig líne bhuiséid oibríochtúil CDAE, ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí araon.

2.Faisnéis agus coinníollacha

2,1An Ghearmáin – mórthubaiste: tuilte i nDeisceart na Gearmáine i mí na Bealtaine 2024

An 30 Bealtaine 2024, bhuail báisteach throm an Ghearmáin, rud ba chúis le tuilte móra i nDeisceart na Gearmáine ag tús mhí an Mheithimh.

Ina dhiaidh sin, rinne an Ghearmáin iarratas ar chúnamh airgeadais ó CDAE.

(1)An 20 Lúnasa 2024, thíolaic an Ghearmáin iarratas ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis na dtuilte i nDeisceart na Gearmáine i mí Mheán Fómhair 2024.

(2)Rinne an Ghearmáin iarratas ar ranníocaíocht ó CDAE laistigh den sprioc-am, is é sin 12 sheachtain tar éis an chéad damáiste mar thoradh ar thubaiste an 30 Bealtaine 2024. Tá an fhaisnéis uile a éilítear faoi Airteagal 4 den Rialachán CDAE san iarratas.

(3)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.

(4)Is é EUR 4 139,9 billiún meastachán údaráis na Gearmáine ar chostas an damáiste dhírigh iomláin a tháinig de dheasca na tubaiste. Ghlac an Coimisiún le EUR 4 131,6 billiún mar dhamáiste díreach iomlán sochreidte. Sáraíonn an méid sin tairseach ‘an mhórthubaiste nádúrtha’ EUR 3 bhilliún le haghaidh na Gearmáine i bpraghsanna 2011, arb é atá ann EUR 3.8 billiún i bpraghsanna reatha 2024. Dá bhrí sin, cáilítear an tubaiste mar ‘mhórthubaiste nádúrtha’ de réir Airteagal 2(2) de Rialachán CDAE.

(5)Is é costas an damáiste dhírigh iomláin a rinneadh an bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní féidir an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach le haghaidh oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh fíor-riachtanacha mar a shainítear in Airteagal 3 de Rialachán CDAE.

(6)Níor iarr an Ghearmáin go níocfaí airleacan de bhun Airteagal 4a de Rialachán CDAE.

(7)An 30 Bealtaine 2024, bhuail báisteach throm stáit na Baváire agus Baden-Württemberg, rud ba chúis le tuilte móra i nDeisceart na Gearmáine ag tús mhí an Mheithimh. In go leor áiteanna sháraigh na leibhéil uisce buaicphointí stairiúla agus fógraíodh staid éigeandála in 18 gceantar sa Bhaváir. Mar thoradh ar thubaiste na dtuilte maraíodh 6 dhuine agus theip ar roinnt dambaí sa réigiún, rud a d’fhág go raibh gá le roinnt bardas a aslonnú agus le misin tarrthála. Rinne tuilte agus sreabhadh smionagair damáiste do dhroichid, gréasáin iarnróid agus bóithre, agus leis sin imríodh tionchar ar thaisteal thar tír sna limistéir a bhí buailte. Cuireadh isteach go mór ar sheirbhísí traenach agus i gcás amháin cuireadh luastraein de na ráillí tar éis sciorradh talún, luastraein ina raibh 185 phaisinéir á niompar.

(8)Níor iarr údaráis na Gearmáine cúnamh trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

(9)Ba é EUR 235 mhilliún meastachán na Gearmáine ar chostas na noibríochtaí is incháilithe faoi Airteagal 3(2) de Rialachán CDAE agus chuir sí na costais i láthair agus iad miondealaithe de réir chineál na noibríochtaí. Baineann an sciar is mó de chostais na noibríochtaí éigeandála le hathchóiriú feidhmiúlachta bonneagair agus gléasraí i réimsí an fhuinnimh, an uisce, agus an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, an iompair, na sláinte agus an oideachais, ar fiú EUR 132 mhilliún é sin. Baineann an dara sciar is mó den chostas le bonneagar coisctheach agus bearta um chosaint maidir le hoidhreacht chultúrtha a dhaingniú, ar fiú EUR 72,9 milliún é sin. Baineann an tríú sciar is mó den chostas le cóiríocht shealadach agus le seirbhísí tarrthála, agus is fiú EUR 27,5 milliún é sin. Na costais a bhaineann leis an limistéar ar bhuail an tubaiste é, is fiú EUR 2,6 milliún iad.

(10)Rinneadh Treoir 2007/60/CE 2 a thrasuí go hiomlán sa Ghearmáin leis an Acht um Bainistiú Uisce. Déantar monatóireacht ar chur chun feidhme an Achta ar leibhéal Länder.

(11)Ar an dáta a tíolacadh an tiarratas, ní raibh an Ghearmáin faoi réir imeachtaí um shárú maidir le reachtaíocht an Aontais a bhaineann le cineál na tubaiste.

(12)Chuir údaráis na Gearmáine in iúl gur le teaghlaigh phríobháideacha agus le gnólachtaí príobháideacha go príomha a bhaineann damáiste árachaithe, agus nach gcumhdaítear damáiste na hearnála poiblí le hárachas. Mar sin, níor luaigh údaráis na Gearmáine aon chumhdach árachais le haghaidh an chostais incháilithe.

2,2An Iodáil - tubaiste réigiúnach: tuilte i réigiún Valle d’Aosta

An 29 Meitheamh 2024, d’fhulaing an Iodáil stoirmeacha fíochmhara as ar eascair forsceitheadh aibhneacha agus sruthanna i Réigiún Féinrialaitheach Valle d’Aosta.

Ina dhiaidh sin, rinne an Iodáil iarratas ar chúnamh airgeadais ó CDAE.

(1)An 20 Meán Fómhair 2024, thíolaic an Iodáil iarratas ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis na dtuilte i réigiún Valle d’Aosta na hIodáile an 29 Meitheamh 2024.

(2)Rinne an Iodáil iarratas ar ranníocaíocht ó CDAE laistigh den sprioc-am, is é sin 12 sheachtain tar éis an chéad damáiste mar thoradh ar thubaiste an 29 Meitheamh 2024. Tá an fhaisnéis uile a éilítear faoi Airteagal 4 den Rialachán CDAE san iarratas.

(3)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.

(4)San iarratas, léiríodh an tubaiste mar ‘thubaiste nádúrtha réigiúnach’ mar a leagtar síos in Airteagal 2(3) de Rialachán CDAE, is é sin aon tubaiste nádúrtha i réigiún ar leibhéal 2 NUTS de Stát incháilithe as a neascraíonn damáiste díreach atá os cionn 1,5 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an réigiúin sin. Is é EUR 158,39 milliún meastachán údaráis na hIodáile ar chostas an damáiste dhírigh iomláin a tháinig den tubaiste. Sáraíonn an méid sin an tairseach is infheidhme a léirítear le haghaidh ‘tubaiste réigiúnach’, is é sin EUR 71,05 milliún do réigiún Valle d’Aosta in 2024 3 .

(5)Is é costas an damáiste dhírigh iomláin a rinneadh an bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní féidir an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach le haghaidh oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh fíor-riachtanacha mar a shainítear in Airteagal 3 de Rialachán CDAE.

(6)Níor iarr an Iodáil go níocfaí airleacan de bhun Airteagal 4a de Rialachán CDAE.

(7)An 29 Meitheamh 2024, bhí stoirmeacha fíochmhara ina gcúis le báisteach shuntasach, rud a d’fhág go raibh forsceitheadh aibhneacha agus sruthanna ann. Rinne na tuilte folcmhara damáiste mór don bhonneagar, chuir siad as do sheirbhísí agus aonraíodh pobail i réigiún féinrialaitheach Valle d’Aosta. Chuir na tuilte isteach ar 58 % de na bardais in Valle d’Aosta. Is é an limistéar talún ar cuireadh isteach thart ar 66 % d’achar talún iomlán an réigiúin. I measc na mbardas ba mhó ar cuireadh isteach orthu bhí Aymavilles, Cogne agus Valtournenche. Chuir an tubaiste isteach ar níos mó ná 52 000 áitritheoir agus ar 4 800 gnólacht.

(8)D’iarr údaráis na hIodáile cúnamh trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Mar sin féin, choinnigh Roinn Cosanta Sibhialta na hIodáile Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha Ard-Stiúrthóireacht na Cosanta Sibhialta Eorpaí agus na nOibríochtaí Eorpacha um Chabhair Dhaonnúil de chuid an Choimisiúin Eorpaigh cothrom le dáta maidir le dul chun cinn gníomhaíochtaí bainistithe na tubaiste.

(9)Ba é EUR 39 milliún meastachán na hIodáile ar chostas na noibríochtaí is incháilithe faoi Airteagal 3(2) de Rialachán CDAE agus chuir sí i láthair é agus é miondealaithe de réir chineál na noibríochta. Baineann an sciar is mó de chostais na noibríochtaí éigeandála le hathchóiriú feidhmiúlachta bonneagair agus gléasraí i réimsí an fhuinnimh, an uisce, agus an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, an iompair, na sláinte agus an oideachais, ar fiú EUR 26,3 milliún é sin. Baineann an dara sciar is mó den chostas le bonneagar coisctheach agus bearta um chosaint maidir le hoidhreacht chultúrtha a dhaingniú, ar fiú EUR 10 milliún é sin. Baineann an tríú sciar is mó den chostas leis an limistéar ar bhuail an tubaiste é, ar fiú EUR 1,7 milliún é sin. Na costais a bhaineann le cóiríocht shealadach agus le seirbhísí tarrthála, is fiú EUR 0,7 milliún iad. 

(10)Rinne an Iodáil Treoir 2007/60/CE a thrasuí le Foraithne Reachtach an 23 Feabhra 2010, Uimh. 49, ina luaitear gur gá glacadh le léarscáileanna guaise tuilte agus léarscáileanna riosca tuilte maidir le limistéir a shainaithnítear de réir an phíosa reachtaíochta chéanna. Thairis sin, roimh an 22 Nollaig 2015, formheasadh plean bainistithe riosca i gcás tuilte arna roinnt ina cheantair abhantracha.

(11)Ar an dáta a cuireadh isteach an tiarratas, ní raibh an Iodáil faoi réir imeachtaí um shárú maidir le reachtaíocht an Aontais a bhaineann le cineál na tubaiste.

(12)Níor luaigh údaráis na hIodáile aon chumhdach árachais le haghaidh na gcostas incháilithe.

2,3Conclúid

I bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach thuas agus tar éis measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tíolacadh, measann an Coimisiún go gcomhlíonann na tubaistí dá dtagraítear sna hiarratais a thíolaic an Ghearmáin agus an Iodáil na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán CDAE chun CDAE a shlógadh.

3.Maoiniú

Le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 4 (‘Rialachán CAI’ anseo feasta), déantar foráil maidir le CDAE a shlógadh i gcomhthéacs an Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála. Le pointe 10 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais 5 (IIA), chomh maith le hacmhainní dílse nua, lena náirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, leagtar síos na módúlachtaí le haghaidh shlógadh CDAE i gcomhthéacs an Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála.

Ós rud é gurbh í an dlúthpháirtíocht, den chuid is mó, ba bhonn dlisteanachta le bunú CDAE, is dóigh leis an gCoimisiún gur cheart an chabhair a bheith ina cabhair fhorásach. Dá bhrí sin, ba cheart déine cabhrach is airde ná an sciar den damáiste atá faoi bhun na tairsí a bheith ann mar thoradh ar an sciar den damáiste ar mó é ná tairseach ‘na mórthubaiste nádúrtha’ chun CDAE a shlógadh (i.e. 0,6 % de OIN nó EUR 3 bhilliún i bpraghsanna 2011, cibé acu is lú, cf. Airteagal 2(2) de Rialachán CDAE. Ciallaíonn sé sin go ríomhtar méid na cabhrach do thír atá buailte ag tubaiste a chomhlíonann na coinníollacha le haghaidh ‘mórthubaiste nádúrtha’ trí dhá mhéid a shuimiú: % den damáiste díreach iomlán faoin tairseach agus 6 % don chuid den damáiste díreach iomlán os cionn na tairsí.

Is é 2,5 % den damáiste díreach iomlán an ráta a chuirtear i bhfeidhm chun na méideanna cabhrach a shainiú le haghaidh ‘tubaistí nádúrtha réigiúnacha’, ráta atá faoi bhun na tairsí náisiúnta i gcónaí.

Leagadh amach an mhodheolaíocht chun an chabhair a ríomh i dTuarascáil Bhliantúil CDAE 2002-2003, agus ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle agus léi. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún don údarás buiséadach na méideanna seo a leanas a shlógadh le haghaidh iarratais na Gearmáine agus na hIodáile:

Tubaiste

Damáiste díreach iomlán  
(EUR)

Tairseach tubaistí a chuirtear i bhfeidhm

(EUR)

2,5 % den damáiste díreach iomlán suas le tairseach na mórthubaistí  
(EUR)

6 % de dhamáiste díreach atá os cionn na tairsí i gcás mórthubaistí 
(EUR)

% den damáiste díreach iomlán

(EUR)

Méid iomlán na cabhrach atá beartaithe

(EUR)

Réamhíocaíocht

(EUR)

An t‑iarmhéid atá le híoc

(EUR)

An Ghearmáin – tuile (mórthubaiste)

4 131 673 024

3 880 820 000

97 020 500

15 051 181

N/bh

112 071 681

N/bh

112 071 681

An Iodáil (Valle d’Aosta)– tuile (tubaiste réigiúnach)

158 394 907

71 054 400

N/bh

N/bh

3 959 872

3 959 872

N/bh

3 959 872

IOMLÁN

116 031 553

N/bh

116 031 553

Le Rialachán (EU, Euratom) 2024/765 ón gComhairle 6 an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027, roinntear an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála in dhá ionstraim ar leith: an Cúlchiste Eorpach Dlúthpháirtíochta agus an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála. Úsáidfear an Cúlchiste Eorpach Dlúthpháirtíochta ag a bhfuil méid bliantúil EUR 1 016 mhilliún (i bpraghsanna 2018, rud a chomhfhreagraíonn do EUR 1 144,2 milliún i bpraghsanna 2024) le haghaidh cúnamh chun freagairt do chásanna éigeandála a chumhdaítear le CDAE.. 

I gcomhréir le hAirteagal 3(7) de Rialachán CDAE agus le hAirteagal 9(2), an dara fomhír, de Rialachán CAI, cuirtear 25 % de leithdháileadh bliantúil CDAE (i.e. EUR 286 mhilliún le haghaidh 2024) ar fáil an 1 Deireadh Fómhair gach bliain.

Faoi dheoidh, i gcomhréir le hAirteagal 4a(4) de Rialachán CDAE, cuireadh EUR 50 milliún isteach i mbuiséad ginearálta 2024 an Aontais (i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí) cheana chun airleacain a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a íoc.

Dá bhrí sin, is é EUR 297 420 718 an t‑uasmhéid is féidir le CDAE a úsáid ó leithdháileadh 2024 an Chúlchiste Eorpaigh Dlúthphairtíochta ag an gcéim seo, cé is moite d’airleacain, rud a fhágann gur féidir riachtanais íocaíochta an tslógtha sin a chumhdach.

An méid atá ar fáil faoi CDAE in 2024:

 

Leithdháileadh iomlán bliantúil CDAE 2024 (lena n‑áirítear tráinse an 1 Deireadh Fómhair)

1 144 181 018

Creidmheasanna arna gcur i leataobh le haghaidh réamhíocaíochtaí (-)

50 000 000

Méid arna shlógadh faoin gcéad chinneadh maidir le slógadh 7 (-)

796 760 300

An méid atá ar fáil lena Shlógadh (gan airleacain a áireamh)

297 420 718

An méid a bheartaítear lena shlógadh faoin dara Cinneadh maidir le Slógadh

116 031 553

An méid atá fós ar fáil le haghaidh réamhíocaíochtaí

12 926 996

An méid atá fágtha le haghaidh iarratais amach anseo (lena n‑áirítear le haghaidh airleacan)

194 316 161

Chun críoch faisnéise, in 2024, as an EUR 50 milliún a cuireadh isteach cheana féin i mbuiséad ginearálta 2024 an Aontais le haghaidh réamhíocaíochtaí, d’íoc an Coimisiún airleacan EUR 25 382 237 leis an nGréig cheana féin maidir le tuilte ó chioclón ‘Daniel’ agus airleacan EUR 11 690 767 leis an bhFrainc maidir leis na tuilte in iar-réigiún Nord-Pas-de-Calais. Dá réir sin, is é EUR 12 926 996 an méid atá fágtha le haghaidh airleacan. Sa bhreis ar an méid sin, is é EUR 297 420 718 méid na n‑infhaighteachtaí atá fágtha, rud a fhágann gurb é iomlán na n‑infhaighteachtaí atá fágtha EUR 310 347 714. Tar éis an Cinneadh seo maidir le Slógadh a ghlacadh, is é EUR 194 316 161 a bheidh sna hinfhaighteachtaí atá fágtha. I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán CAI, féadfar aon chuid den mhéid bliantúil nár úsáideadh in 2024 a úsáid in 2025.

2024/0284 (BUD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghearmáin agus don Iodáil i ndáil le tubaistí a tharla in 2024

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh 8 agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

Ag féachaint do Rialachán 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 9 agus go háirithe Airteagal 9 de,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar i ndáil le hábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais 10 (IIA) agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena náirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, agus go háirithe pointe 10 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) a chur ar a chumas don Aontas freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a bhuailtear le tubaistí nádúrtha móra nó réigiúnacha nó ag mór-éigeandáil sláinte poiblí.

(2)Ní mó ná na huasteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle, atá le bheith sa Chiste 11 .

(3)An 20 Lúnasa 2024, thíolaic an Ghearmáin iarratas chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i nDeisceart na Gearmáine i mí na Bealtaine 2024.

(4)An 20 Meán Fómhair 2024, thíolaic an Iodáil iarratas chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i Réigiún Féinrialaitheach Valle d’Aosta na hIodáile ar an 29 Meitheamh 2024.

(5)Tá na hiarratais thuasluaite i gcomhréir leis na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.

(6)Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Ghearmáin agus don Iodáil.

(7)Chun giorrú a oiread agus is féidir ar an am a thógfaidh sé an Ciste a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí i ndáil le tubaistí nádúrtha a shlógfar na méideanna seo a leanas faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:

(a)soláthrófar EUR 112 071 681 don Ghearmáin i ndáil leis na tuilte i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2024.

(b)soláthrófar EUR 3 959 872 don Iodáil i ndáil le tuilte an 29 Meitheamh 2024 i Réigiún Féinrialaitheach Valle d’Aosta na hIodáile

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón … [dáta a ghlactha] 12*.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán        An tUachtarán

(1)    Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch. 3 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj) arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 661/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 (IO L 189, 27.6.2014, lch. 143, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/661/oj) agus le Rialachán (AE) Uimh. 461/2020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 (IO L 99, 31.3.2020, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/461/oj).
(2)    Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú riosca i gcás tuilte, IO L 288, 6.11.2007, lch. 27.
(3)    Tíolacadh an tiarratas in 2024, dá bhrí sin, is é tairseach 2024 an tairseach is infheidhme.
(4)    IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.
(5)    OJ L 433I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.
(6)    Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).
(7)    COM(2024) 325
(8)    IO L 311, 14.11.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj.
(9)    IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.
(10)    IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.
(11)    Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).
(12) *    An dáta le cur isteach ag an bParlaimint sula bhfoilsítear san Iris Oifigiúil é.