An Bhruiséil,9.10.2024

COM(2024) 469 final

2024/0258(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bunú na Saoráide Athchóirithe agus Fáis le haghaidh Phoblacht na Moldóive


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Tá beartas an Aontais Eorpaigh (AE) um méadú ríthábhachtach fós chun Eoraip shíochánta, chobhsaí, láidir agus aontaithe a chosaint agus a chur chun cinn. Deimhníonn cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine an gá le hinfheistíocht gheostraitéiseach dhiongbháilte. Is chun leas polaitiúil, eacnamaíoch agus slándála an Aontais í ballraíocht Phoblacht na Moldóive (dá ngairtear an Mholdóiv anseo feasta) san Aontas Eorpach. Is freagairt dhíreach í ar mhianta Eorpacha mhuintir na Moldóive a chuideoidh chun feabhas a chur ar a slí bheatha eacnamaíoch agus shóisialta, agus a rannchuideoidh chun todhchaí níos sábháilte, níos síochánta agus níos rathúla a bhaint amach.

Chuir an Mholdóiv tús lena cóineasú le margadh aonair na hEorpa in 2014 le teacht i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv, agus Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (DCFTA). Tríd an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do Chomhpháirtíocht an Oirthir, tá EUR 1.6 billiún d’infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha slógtha ag an Aontas cheana, i gcomhar le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais, i dtionscadail shuaitheanta don Mholdóiv. Leis an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta spreagadh infheistíochtaí in earnálacha criticiúla amhail nascacht, éifeachtúlacht fuinnimh, forbairt gnó, agus iomaíochas. In 2022, thug peirspictíocht aontachais an Aontais spreagadh don Mholdóiv athchóirithe struchtúracha a dhéanamh agus dlús a chur leis an ailíniú le acquis an Aontais, go háirithe i réimse na mbunphrionsabal lena n‑áirítear an smacht reachta, chun rochtain luath a fháil ar an margadh aonair. Mar sin féin, cuireadh isteach go mór ar chumas na tíre a fás eacnamaíoch a athbheochan agus dul chun cinn a dhéanamh leis na hathchóirithe socheacnamaíocha is gá de bharr phaindéim COVID-19 agus an t‑ualach eacnamaíoch agus sóisialta a bhí mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus iarrachtaí na Rúise an tír a dhíchobhsú trí fheachtais bhréagaisnéise, agus trí chomhéigean fuinnimh agus eacnamaíoch. Tá an Mholdóiv ar na tíortha is boichte sa réigiún, agus Olltáirgeacht Intíre (OTI) per capita 29 % de mheán an Aontais aici i gcónaí, léiriú ar bhearna shuntasach sa chóineasú leis an Aontas. De réir an ráta reatha fáis eacnamaíoch agus an ráta cóineasaithe mall, cuirfear bac ar an tír dul chun cinn mear a dhéanamh ar a conair i dtreo an Aontais Eorpaigh gan tuilleadh tacaíochta cinntithí polaitiúla agus eacnamaíche.

D’aithin an tAontas a thábhachtaí atá sé tacú le comhpháirtithe na mBalcán Thiar leis an bPlean Fáis nua do na Balcáin Thiar a cuireadh ar aghaidh in 2023. Leis an tSaoráid thiomnaithe don Úcráin, léirigh an tAontas a thacaíocht bhuanseasmhach don tír. Cuireadh an Plean Fáis do na Balcáin Thiar i bhfeidhm chun cúnamh a thabhairt do na tíortha sin dul i ngleic le dúshláin an chóineasaithe leis an Aontas agus chun cabhrú le dlús a chur lena bpróiseas aontachais. Tháinig an cúnamh airgeadais atá beartaithe sa bhreis ar an tacaíocht airgeadais atá ann cheana. Chun spreagadh nua inchomparáide a thabhairt do gheilleagar agus do shochaí na Moldóive, tá Plean Fáis na Moldóive (a leagtar amach go mionsonraithe i dTeachtaireacht ón gCoimisiún a ghabhann leis seo) á chur chun cinn ag an gCoimisiún. Dreasóidh sé na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí is gá chun dlús a chur leis an bpróiseas aontachais agus chun borradh a chur faoi fhás gheilleagar na Moldóive, rud a rachaidh chun tairbhe mhuintir na Moldóive.

Plean Fáis na Moldóive bunaithe ar thrí cholún:

Dlús a chur le hathchóirithe socheacnamaíocha agus bunúsacha;

An rochtain ar Mhargadh Aonair an Aontais Eorpaigh a fheabhsú;  

Cúnamh airgeadais a mhéadú trí Shaoráid thiomnaithe Athchóirithe agus Fáis don Mholdóiv (dá ngairtear ‘an tSaoráid’ anseo feasta).

Trí thorthaí an phróisis athchóirithe a threisiú go frithpháirteach agus trí chur leo i gcomhréir leis an gComhaontú Comhlachais/Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála agus an Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta, tugtar aghaidh sna trí cholún sin ar na bunchúiseanna struchtúracha leis an bhfás eacnamaíoch íseal, chun tairbhí socheacnamaíocha an chomhtháthaithe a bhaint amach roimh an aontachas leis an Aontas. Dírítear sa rialachán seo ar an tríú colún de Phlean Fáis na Moldóive.

Tá an tSaoráid atá beartaithe bunaithe go dlúth ar an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar 1 .

Agus í mar chroílár an Phlean Fáis, tabharfar coinníollacht láidir isteach leis an tSaoráid toisc go mbeidh eisíocaíochtaí chistiú an Aontais ag brath ar an dul chun cinn a dhéanfar maidir le hathchóirithe a chur chun feidhme, go háirithe feabhas a chur ar an gcóineasú socheacnamaíoch agus ar an iomaíochas, agus i réimse na mbunphrionsabal chomh maith.

Maoineofar an tSaoráid ó EUR 420 milliún de leithdháiltí déthaobhacha a bheartaítear don Mholdóiv i mbuiséad na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) – an Eoraip Dhomhanda lena gcumhdaítear an tréimhse 2025-2027.

In 2025-2027, is uasacmhainn EUR 1 785 mhilliún (i bpraghsanna reatha) a chuirfear ar fáil don Mholdóiv tríd an tSaoráid. Leis an méid sin, beidh suas le EUR 1 500 milliún in iasachtaí lamháltais i gceist mar aon le EUR 285 mhilliún de thacaíocht airgeadais neamh‐inaisíoctha. Anuas ar an uasmhéid a bheidh ar fáil le haghaidh eisíocaíochtaí leis an Moldóiv, dá dtagraítear thuas, cuirfear EUR 135 mhilliún i leataobh sa Chiste don Soláthar Coiteann chun na hiasachtaí a sholáthar.

Cumhdófar leis an tacaíocht neamh-inaisíoctha tacaíocht arna soláthar ag an Aontas le haghaidh tionscadail arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta (NIP), ceann de na hardáin réigiúnacha infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/947, chomh maith le tacaíocht chomhlántach. Áireofar ar an tacaíocht chomhlántach sin tacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cúnamh teicniúil, rud a éascóidh cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus conair na Moldóive i dtreo aontachas leis an Aontas.

Ina theannta sin, meastar go slógfar leis an tSaoráid suas le EUR 2 500 milliún d’infheistíochtaí nua ó na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus ón earnáil phríobháideach. Ar nós Creat Infheistíochta na mBalcán Thiar, beidh Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta ar an bpríomhbhealach chun infheistíochtaí a chur chun feidhme. Is é an Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta (EIP) le haghaidh Comhpháirtíocht an Oirthir a spreag na príomhinfheistíochtaí a shaothrófar tuilleadh faoin bPlean Fáis. Cuirfear na hinfheistíochtaí sin i dtreo earnálacha ar príomhiolraitheoirí iad le haghaidh na forbartha socheacnamaíche: nascacht, lena n‑áirítear iompar inbhuanaithe, fuinneamh, an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, oideachas agus forbairt scileanna. Déanfar an cur chun feidhme i gcomhar le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus le bainc forbartha Bhallstáit an Aontais agus meallfar infheistíochtaí breise, lena n‑áirítear ón earnáil phríobháideach.

Chun tairbhe iomlán a bhaint as na deiseanna a leagtar amach sa Phlean Fáis, meastar go n‑ullmhóidh an Mholdóiv Clár Oibre Athchóirithe, ina leagfar amach na príomh-athchóirithe socheacnamaíocha agus bunúsacha atá beartaithe ag an tír a dhéanamh in 2025-2027 chun dlús a chur lena cóineasú leis an Aontas. Déanfaidh an Coimisiún an Clár Oibre a mheasúnú agus a fhormhuiniú.

Beidh an Clár Oibre Athchóirithe comhsheasmhach le straitéis fáis na tíre agus tabharfaidh sé aghaidh ar easnaimh struchtúracha i gconair fáis inbhuanaithe agus cuimsitheach na tíre. 2  

Ar a laghad, déanfar 25 % den mhéid a chuirtear ar fáil trí iasachtaí ard-lamháltais do bhuiséad na Moldóive a leithdháileadh de réir a chéile ar Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta chun cur chun feidhme na gcroí-infheistíochtaí a áirithiú. Tiocfaidh sé sin sa bhreis ar thacaíocht neamh-inaisíoctha Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, mar chuid den leithdháileadh déthaobhach.

Ar an gcaoi chéanna leis an bPlean Fáis do na Balcáin Thiar, cuirfear an tSaoráid nua chun feidhme trí shásraí seachadta a roghnaíodh chun gnóthú tapa na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí gaolmhara a uasmhéadú, agus na rialuithe riachtanacha a choinneáil ar bun agus an t‑ualach riaracháin ar an gCoimisiún Eorpach, ar an Moldóiv agus ar chomhpháirtithe cur chun feidhme eile a íoslaghdú freisin. Trí chistí a threorú le haghaidh infheistíochtaí caipitiúla trí Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, soláthrófar deimhniú breise in aghaidh rioscaí muiníneacha, ós rud é go bhfuil córais rialaithe airgeadais seanbhunaithe ag Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta a bhraitheann freisin ar chaighdeáin rialaithe na n‑institiúidí airgeadais cur chun feidhme a bhfuil measúnú colúin déanta orthu. Cuireann Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta creat aonair comhair ar fáil i measc an Choimisiúin, deontóirí déthaobhacha agus institiúidí airgeadais Bhallstáit an Aontais. Beidh na hinfheistíochtaí uile bunaithe ar phrionsabal na neamhdhíobhála agus ar na prionsabail ‘gan aon dochar suntasach a dhéanamh’ agus ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’ agus rannchuideoidh siad leis an gcuspóir níos leithne maidir le cuidiú leis an réigiún aistriú chuig geilleagar glas, aeráidneodrach, aeráid-díonach, digiteach agus cuimsitheach atá ailínithe le rialacha agus caighdeáin an Aontais.  

Beidh eisíocaíochtaí díreacha leis an mbuiséad náisiúnta agus soláthar cistí le haghaidh tograí infheistíochta ag brath ar an dul chun cinn a dhéanfar maidir le cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus trí na coinníollacha íocaíochta a leagtar amach sa Chlár Oibre Athchóirithe a chomhlíonadh. Áireofar sna coinníollacha íocaíochta sraith céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla agus creat ama le haghaidh eisíocaíochtaí.

Is coinníollacha ginearálta iad cobhsaíocht mhacrairgeadais, bainistíocht fhónta airgeadais phoiblí, trédhearcacht agus formhaoirseacht an bhuiséid nach mór a chomhlíonadh chun go scaoilfear na híocaíochtaí.

Déanfar íocaíochtaí de réir sceideal leathbhliantúil seasta, bunaithe ar iarrataí a mbeidh údar cuí leo arna gcur isteach ag an Moldóiv, agus tar éis don Choimisiún a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha íocaíochta ábhartha. Mura gcomhlíontar na coinníollacha íocaíochta, déanfaidh an Coimisiún méid comhfhreagrach a chur ar fionraí nó a asbhaint ón íocaíocht.

Féadfar na cistí comhfhreagracha a cuireadh ar fionraí a eisíoc le linn an 12 mhí tar éis an sprioc-ama bhunaidh a leagtar amach sa Chlár Oibre Athchóirithe, ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha íocaíochta idir an dá linn.

Tacóidh cur chun feidhme na dtrí cholún a leagtar amach sa Phlean Fáis go láidir leis an bpróiseas aontachais trí dhlús a chur le hailíniú na Moldóive le luachanna, caighdeáin agus dlíthe an Aontais.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Beidh tacaíocht faoin tSaoráid seo comhsheasmhach le cineálacha eile tacaíochta déthaobhaí don Mholdóiv, agus le tacaíocht réigiúnach, arna soláthar trí ionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe ICFCI-An Eoraip Dhomhanda, agus comhlánóidh sí iad. Cuirfidh sí leis na hathchóirithe ar an gconair aontachais i dtreo an Aontais agus i gcomhréir leis an gClár Oibre Comhlachais. Neartóidh sí freisin an tacaíocht atá ann faoi láthair agus cuirfidh sí ar chumas na tíre dlús a chur le cur chun feidhme an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do Chomhpháirtíocht an Oirthir sa Mholdóiv. Chun a cuspóirí agus a spriocanna a bhaint amach, ba cheart béim ar leith a leagan ar earnálacha ar dócha a bheidh ina bpríomhiolraitheoirí don fhorbairt inbhuanaithe shóisialta agus eacnamaíoch amhail nascacht, iompar, fuinneamh, aistrithe digiteacha, nuálaíocht, oideachas ar gach leibhéal agus earnálacha forbartha scileanna.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Beidh cur chun feidhme an rialacháin comhsheasmhach le réimsí eile gníomhaíochta seachtraí agus le beartais sheachtracha (e.g. an beartas um méadú, an beartas comharsanachta, an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála). Comhlánóidh an tSaoráid na hiarrachtaí sin trí dhlús a chur le cóineasú socheacnamaíoch inbhuanaithe na Moldóive leis an Aontas agus í ag ullmhú dá ballraíocht san Aontas.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 16(212) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Déanann an Coimisiún é a thíolacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 294 CFAE.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tacóidh an tSaoráid atá beartaithe leis an Moldóiv cóineasú leis an Aontas i gcomhthéacs an bheartais um méadú. Dá bhrí sin, is é an tAontas Eorpach is fearr atá in ann cúnamh den sórt sin a chur ar fáil. Is ar leibhéal an Aontais is fearr a dhéanfar an Mholdóiv a ullmhú do bhallraíocht san Aontas.

I bhfianaise scála an chúnaimh atá ag teastáil, tá cumas uathúil ag an Aontas cúnamh seachtrach a chur ar fáil don Mholdóiv san fhadtéarma ar bhealach tráthúil comhordaithe comhsheasmhach. Is féidir leis an Aontas a chumas iasachtaíochta a ghiaráil agus iasachtaí a thairiscint don Mholdóiv ar théarmaí buntáisteacha, chomh maith le tacaíocht neamh-inaisíoctha agus ráthaíochtaí a sholáthar thar pheirspictíocht ilbhliantúil.

Is féidir le Toscaireacht an Aontais sa Mholdóiv rochtain chuimsitheach ar fhaisnéis a áirithiú maidir le forbairtí a dhéanann difear don Mholdóiv. Cuireann sé sin ar chumas an Aontais a bheith ar an eolas i gcónaí faoi riachtanais agus cúinsí nua agus a thacaíocht a oiriúnú de réir na riachtanas atá ag teacht chun cinn agus comhordú go dlúth le deontóirí déthaobhacha nó iltaobhacha eile.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ós rud é nach dtéann sé thar an íosmhéid is gá chun na cuspóirí sonraithe a bhaint amach ar an leibhéal Eorpach agus atá riachtanach chun na críche sin.

Tá an tSaoráid beartaithe mar ghníomhaíocht spriocdhírithe chun tacú le hathchóirithe brostaithe i dtír nach mór teacht suas leis an Aontas chun méadú réidh agus comhthairbheach ar an Aontas a áirithiú. Braitheann a struchtúr a mhéid is féidir ar an struchtúr tacaíochta atá ann cheana (ICFCI-An Eoraip Dhomhanda), agus ar na samhlacha cistiúcháin céanna (e.g. Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta), a bunaíodh ar ionstraimí atá ann cheana ach a simplíodh (ionstraimí feidhmíochtbhunaithe).

An rogha ionstraime

I gcomhréir le hAirteagal 212 CFAE, ina leagtar amach an gnáthnós imeachta reachtach atá le húsáid chun bearta a ghlacadh lena gcuirtear comhar le tíortha nach bhfuil san Aontas chun feidhme, is rialachán é an togra chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach é, go mbeidh sé ceangailteach ina iomláine, agus go mbeidh sé infheidhme go díreach.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Níorbh fhéidir comhairliúchán foirmiúil leis na páirtithe leasmhara a dhéanamh mar gheall ar an bpráinn a bhaineann leis an togra a ullmhú, ionas gur féidir le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle é a ghlacadh go tráthúil chun é a chur i bhfeidhm in 2025.

Áiritheoidh an tAontas cumarsáid agus infheictheacht iomchuí maidir leis na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a dhéantar laistigh de raon feidhme na Saoráide, sa Mholdóiv, san Aontas agus níos faide i gcéin.

Bailiú agus úsáid saineolais

Ní bhaineann le hábhar

Measúnú tionchair

Ullmhófar measúnú i bhfoirm doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a thacaíonn leis an togra laistigh de 3 mhí tar éis ghlacadh an rialacháin.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní bhaineann le hábhar

Cearta bunúsacha

Réamhchoinníoll i dtaca le tacaíocht a dheonú faoin ionstraim is ea go leanfaidh an Mholdóiv agus a hinstitiúidí de shásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú, lena n‑áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, agus go ráthóidh sí an urraim do chearta an duine, lena n‑áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comharthaí dearfacha iad tiomantas na Moldóive d’athchóirithe agus an toil láidir pholaitiúil a chuir na húdaráis in iúl, comharthaí a deimhníodh i measúnú an Choimisiúin mar a leagtar amach i dTeachtaireacht 2023 uaidh maidir leis an bPacáiste um Méadú.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is EUR 1 920 milliún a bheidh sna hacmhainní uasta a bheidh le soláthar tríd an tSaoráid le haghaidh 2025 go 2027 do gach cineál tacaíochta, a bhfuil EUR 420 milliún de i dtacaíocht neamh-inaisíoctha, lena n‑áirítear soláthar, arna chistiú ag an leithdháileadh déthaobhach don Mholdóiv le haghaidh 2025-2027 faoi ICFCI-An Eoraip Dhomhanda agus EUR 1 500 milliún in iasachtaí lamháltais arna soláthar ag an Aontas.

Soláthrófar na hiasachtaí sa Chiste don Soláthar Coiteann ag ráta soláthair 9 %. Tiocfaidh an soláthar ón tacaíocht neamh-inaisíoctha, a gheofar ón leithdháileadh déthaobhach don Mholdóiv le haghaidh 2025 go 2027 faoi ICFCI-An Eoraip Dhomhanda.

Leithdháilfear 1 % de chomhpháirt na tacaíochta neamh-inaisíoctha (EUR 4.2 milliún) ar chaiteachas cúnaimh theicniúil agus riaracháin a bhaineann le bainistiú na Saoráide, lena n‑áirítear faireachán, cumarsáid, iniúchadh agus meastóireacht.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Leagtar amach sa rialachán forálacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme, faireachán, tuairisciú agus meastóireacht.

Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme na Saoráide. I gcomhréir iomlán leis na Conarthaí, oibreoidh an Coimisiún leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) chun an tSaoráid a chur chun feidhme agus chun comhsheasmhacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú.

Ba cheart don Mholdóiv córas faireacháin a chur i bhfeidhm, bunaithe ar chritéir arna leagan amach ag an gCoimisiún, agus measfar go dtuairisceoidh sí don Choimisiún go bliantúil maidir le cur chun feidhme a Cláir Oibre Athchóirithe. Áireofar leis sin tuairisciú ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo cuspóirí sonraithe an Chláir Oibre Athchóirithe a bhaint amach, ar na feabhsuithe ar a córas rialaithe inmheánaigh, ar chur chun feidhme a buiséid, agus ar aon mhéideanna a íocadh go míchuí nó a mí-úsáideadh, agus a d’aisghabh an tAontas ar deireadh.

Cuirfidh an Coimisiún measúnú bliantúil ar chur chun feidhme na gcistiúchán arna soláthar faoin tSaoráid ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 27 den Rialachán.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ex-post ar an rialachán freisin.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní bhaineann le hábhar

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leagtar amach sa rialachán forálacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme, faireachán, tuairisciú agus meastóireacht.

Déanfar an cur chun feidhme faoin ionstraim faoi na foirmeacha agus na modhanna cur chun feidhme a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais.

Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme na Saoráide. I gcomhréir iomlán leis na Conarthaí, oibreoidh an Coimisiún leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) chun an tSaoráid a chur chun feidhme agus chun comhsheasmhacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú.

Ba cheart don Mholdóiv córas faireacháin a chur i bhfeidhm bunaithe ar chritéir arna leagan amach ag an gCoimisiún, agus beifear ag súil go dtuairisceoidh sí don Choimisiún go bliantúil maidir le cur chun feidhme a Cláir Oibre Athchóirithe. Áireofar leis sin tuairisciú ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo cuspóirí sonraithe an Chláir Oibre a bhaint amach, ar na feabhsuithe ar a córas rialaithe inmheánaigh, ar chur chun feidhme a buiséid, agus ar aon mhéideanna a íocadh go míchuí nó a mí-úsáideadh, agus a d’aisghabh an tAontas ar deireadh.

Cuirfidh an Coimisiún measúnú bliantúil ar chur chun feidhme na gcistiúchán arna soláthar faoin tSaoráid ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 27 den Rialachán.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ex-post ar an rialachán freisin.

   Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Bunaítear leis an rialachán an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis don Mholdóiv.

I gCaibidil I (Forálacha ginearálta) cumhdaítear ábhar na Saoráide (Airteagal 1), na sainmhínithe (Airteagal 2), cuspóirí ginearálta agus sonracha na Saoráide (Airteagal 3), na prionsabail ghinearálta (Airteagal 4) agus na réamhchoinníollacha le haghaidh tacaíochta (Airteagal 5).

Leagtar amach i gCaibidil II módúlachtaí maoinithe agus cur chun feidhme na Saoráide. Leagtar amach in Airteagal 6 Cur Chun Feidhme na Saoráide i bhfoirm tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha (arna cistiú leis an leithdháileadh déthaobhach don Mholdóiv le haghaidh 2025-2027 faoi ICFCI-An Eoraip Dhomhanda) agus an tacaíocht i bhfoirm iasachtaí. Déantar cur síos in Airteagal 7 ar incháilitheacht daoine agus eintiteas. Cumhdaítear le hAirteagal 8 an comhaontú Saoráide atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Mholdóiv lena leagtar síos go háirithe na forálacha iniúchóireachta agus rialaithe, chomh maith leis na hoibleagáidí agus na coinníollacha maidir le híocaíochtaí a eisíoc.

I gCaibidil III (an Clár oibre Athchóirithe) sonraítear na ceanglais agus an bunús le haghaidh fhoirmliú an chláir oibre Athchóirithe (Airteagal 9) agus na prionsabail maidir le maoiniú, lena n‑áirítear na coinníollacha íocaíochta le haghaidh eisíocaíochtaí (Airteagal 10). Sonraítear in Airteagal 11 ábhar an chláir oibre Athchóirithe atá le cur isteach ag an Moldóiv, an nós imeachta chun é sin a dhéanamh, agus na gnéithe ba cheart a bheith sa chlár oibre Athchóirithe, lena n‑áirítear athchóirithe agus réimsí infheistíochta atá le maoiniú ag an tSaoráid, agus na córais chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus úsáid á baint as na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gclár oibre Athchóirithe de réir na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 12. Glacfaidh sé cinneadh cur chun feidhme mar a thuairiscítear in Airteagal 13 ina leagfar amach méid táscach na tacaíochta iasachta a bheidh le heisíoc má comhlíonadh na coinníollacha íocaíochta agus an creat ama, chomh maith leis an réamh-mhaoiniú a mbeidh an Mholdóiv incháilithe ina leith. Le hAirteagal 14 ceadaítear don Mholdóiv clár oibre Athchóirithe leasaithe a mholadh agus a iarraidh ar an gCoimisiún a chinneadh cur chun feidhme a leasú.

Cumhdaítear le hAirteagal 15 na comhaontuithe iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Mholdóiv, agus na rialacha lena rialaítear iasachtaíocht an Choimisiúin ar na margaí. Leagtar amach in Airteagal 16 na diúscairtí a rinneadh maidir le soláthar. Leagtar amach in Airteagal 17 na rialacha maidir le réamh-mhaoiniú a íoc leis an Moldóiv, rud a bheidh ag brath ar an Moldóiv na réamhchoinníollacha a thuairiscítear in Airteagal 5 a chomhlíonadh. In Airteagal 18 tugtar tuairisc ar thionscadail faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta. Sonraítear in Airteagal 19 an nós imeachta maidir le heisíocaíochtaí a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha ginearálta maidir le cobhsaíocht macrairgeadais, bainistíocht fhónta airgeadais phoiblí, trédhearcacht agus maoirseacht bhuiséadach agus coinníollacha íocaíochta a leagtar amach sa Chlár Oibre Athchóirithe.

Déanfar íocaíochtaí ar bhonn leathbhliantúil, tar éis don Mholdóiv iarraidh a chur isteach chun na cistí a scaoileadh tar éis di na coinníollacha íocaíochta ábhartha a chomhlíonadh go sásúil i bhfoirm céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla atá le déanamh. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú diúltach, coinneofar siar cuid den mhéid a chomhfhreagraíonn do na coinníollacha íocaíochta nár comhlíonadh. Ní féidir na cistí a coinníodh siar a scaoileadh go dtí go mbeidh údar cuí tugtha ag an Moldóiv, mar chuid den iarraidh ina dhiaidh sin ar chistí a scaoileadh, go bhfuil na bearta is gá déanta aici chun a áirithiú gur comhlíonadh na coinníollacha íocaíochta ábhartha go sásúil. Leagtar amach in Airteagal 19 freisin nach n‑íocfar aon mhéid as céimeanna cáilíochtúla nó cainníochtúla nár comhlíonadh an 31 Nollaig 2028 agus údaraítear don Choimisiún leis méideanna a laghdú i gcás ina ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais nó i gcás oibleagáid sna comhaontuithe a tugadh i gcrích faoin tSaoráid a bheith á sárú go tromchúiseach ag an Moldóiv. Leagtar amach in Airteagal 20 na rialacha lena rialaítear trédhearcacht do dhaoine agus d’eintitis a fhaigheann cistiú chun an clár oibre Athchóirithe a chur chun feidhme.

I gCaibidil IV (Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint) leagtar síos na forálacha atá le leanúint ag an gCoimisiún agus ag an Moldóiv chun rialuithe éifeachtacha ar chur chun feidhme na Saoráide a áirithiú. Leagtar amach in Airteagal 21 na hoibleagáidí atá le léiriú sa chomhaontú Saoráide. Áirítear orthu sin bearta iomchuí chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc, a bhrath agus a cheartú; cistiú dúbailte a sheachaint; caingean dlí a thionscnamh chun cistí a míleithreasaíodh a aisghabháil; sonraí leordhóthanacha a bhailiú maidir le faighteoirí cistí faoin tSaoráid; agus na cearta atá le deonú don Choimisiún, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a leagan amach. Le hAirteagal 21 deonaítear an chumhacht don Choimisiún méideanna a laghdú nó a aisghabháil má dhéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais, i gcás céimeanna cáilíochtúla nó cainníochtúla a aisiompaíodh, nó i gcás oibleagáid a eascraíonn as na comhaontuithe a tugadh i gcrích faoin tSaoráid a bheith á sárú go tromchúiseach ag an Moldóiv. Leagtar amach in Airteagal 22 na forálacha maidir le córais rialaithe inmheánaigh na Moldóive.

Leagtar amach i gCaibidil VI (Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht) na táscairí agus na torthaí atá le húsáid san fhaireachán agus sa mheastóireacht (Airteagal 23), bunú scórchláir (Airteagal 24, an mheastóireacht ex post ar an tSaoráid (Airteagal 25) agus an tuairisciú a dhéanfaidh an Mholdóiv i gcomhthéacs an Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais (Airteagal 26).

Leagtar síos i gCaibidil VII (Forálacha críochnaitheacha) an nós imeachta coiste (Airteagal 27), na forálacha maidir le faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht (Airteagal 28) agus maidir le teacht i bhfeidhm (Airteagal 29).

2024/0258 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bunú na Saoráide Athchóirithe agus Fáis le haghaidh Phoblacht na Moldóive

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá an tAontas fothaithe ar luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), lena náirítear an daonlathas, an smacht reachta agus an urraim do chearta an duine. Is cuid iad na luachanna sin de na critéir aontachais a bunaíodh ag an gComhairle Eorpach i gCóbanhávan i mí an Mheithimh 1993 (‘critéir Chóbanhávan’), arb ionann iad agus na coinníollacha incháilitheachta do bhallraíocht an Aontais,

(2)Tá an próiseas um méadú bunaithe ar chritéir sheanbhunaithe, ar choinníollacht chothrom agus dhian agus ar phrionsabal na dtuillteanas dílis. Is ríthábhachtach i gcónaí tiomantas daingean don chur chuige ‘bunphrionsabail ar dtús’, lena néilítear béim láidir ar an smacht reachta, ar chearta bunúsacha, ar fheidhmiú na ninstitiúidí daonlathacha agus ar athchóiriú an riaracháin phoiblí, agus ar chritéir eacnamaíocha. Tá an dul chun cinn ag brath ar chur chun feidhme na nathchóirithe is gá ag Poblacht na Moldóive (dá ngairtear ‘an Mholdóiv’ anseo feasta) chun ailíniú le acquis an Aontais,

(3)Léirigh cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine freisin gur infheistíocht gheostraitéiseach sa tsíocháin, sa tslándáil agus sa chobhsaíocht é an méadú. Tá an tAontas tiomanta go hiomlán agus go haonchiallach do pheirspictíocht na Moldóive maidir le ballraíocht san Aontas. Is léiriú láidir é treoshuíomh agus tiomantas na Moldóive i leith an Aontais ar a rogha straitéiseach agus ar a háit i bpobal luachanna. Is gá conair na Moldóive i dtreo an Aontais a bheith fréamhaithe go daingean i ndul chun cinn inláimhsithe agus nithiúil i leith athchóirithe,

(4)Is chun leasa choitinn an Aontais agus na Moldóive dul chun cinn a dhéanamh leis na hathchóirithe ar a gcórais pholaitiúla, dhlíthiúla agus eacnamaíocha d’fhonn ballraíocht a bhaint amach san Aontas amach anseo agus tacú lena próiseas aontachais. Bíonn tionchar cumhachtach claochlaitheach ar stát de dhroim na féidearthachta go mbainfear ballraíocht san Aontas amach, rud a chothaíonn athruithe dearfacha daonlathacha, polaitiúla, eacnamaíocha agus sochaíocha,

(5)Is gá roinnt de na buntáistí a bhaineann le ballraíocht san Aontas a thabhairt chun cinn roimh aontachas. Tá cóineasú eacnamaíoch i gcroílár na dtairbhí sin. Faoi láthair, tá cóineasú na Moldóive i dtéarmaí OTI per capita arna shloinneadh ina chaighdeáin cumhachta ceannaigh fós íseal ag 29 % de mheán an Aontais, agus níl dul chun cinn tapa go leor á dhéanamh aige,

(6)Ós rud é gur cuireadh tús leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Moldóiv i mí an Mheithimh 2024, tá sé tábhachtach tacaíocht do chonair aontachais na Moldóive a thabhairt chuig leibhéil atá inchomparáide le tíortha eile is iarrthóirí atá i mbun caibidlíocht aontachais agus acmhainní comhréireacha a áirithiú.

(7)Chun an Plean Fáis don Mholdóiv a chur chun feidhme, tá gá leis an gcistiú iomchuí faoi ionstraim maoinithe thiomnaithe nua, an tSaoráid chun cúnamh a thabhairt don tír athchóirithe le haghaidh fás eacnamaíoch inbhuanaithe a chur chun feidhme agus dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na bunphrionsabail.

(8)Chun spriocanna an Phlean Fáis don Mholdóiv a bhaint amach, ba cheart, a mhéid a bhaineann le réimsí infheistíochta, béim a leagan ar earnálacha ar dócha go bhfeidhmeoidh siad mar phríomhiolraitheoirí don fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch: nascacht, lena náirítear iompar inbhuanaithe, dícharbónú, fuinneamh, an taistriú glas agus an taistriú digiteach, chomh maith le hoideachas, rannpháirtíocht i margadh an tsaothair agus forbairt scileanna, agus béim ar leith a leagan ar an óige.

(9)Ba cheart don tSaoráid cur leis an gClár Oibre Comhlachais leis an Moldóiv agus le hobair an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do Chomhpháirtíocht an Oirthir sa Mholdóiv a bhí i gceannas ar infheistíochtaí in earnálacha criticiúla amhail nascacht, éifeachtúlacht fuinnimh, forbairt gnó agus iomaíochas.

(10)Tá bonneagar iompair inbhuanaithe ríthábhachtach chun feabhas a chur ar an nascacht idir an Mholdóiv agus an tAontas. Ba cheart dó rannchuidiú le comhtháthú na Moldóive i ngréasán iompair an Aontais. Sa ghréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) athbhreithnithe, leathnaigh an Coimisiún Conair Iompair Eorpach Mhuir Bhailt – na Mara Duibhe – na Mara Aeigéiche chun na Moldóive. Is é gréasán TEN-T an tagairt chun bonneagar iompair inbhuanaithe a chistiú, lena náirítear le haghaidh modhanna iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, amhail iarnróid, chomh maith le digitiú an iompair.

(11)Ba cheart don tSaoráid tacú le hinfheistíochtaí agus le hathchóirithe lena gcuirtear chun cinn conair na Moldóive i dtreo chlaochlú digiteach an gheilleagair agus na sochaí i gcomhréir le fís an Aontais do 2030 a cuireadh i láthair sa teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach le haghaidh na Deacáide Digití’, lena gcothaítear geilleagar digiteach cuimsitheach a théann chun tairbhe do na saoránaigh uile. Ba cheart don tSaoráid féachaint le gnóthú chuspóirí ginearálta agus spriocanna digiteacha na Moldóive maidir leis an Aontas a éascú. Mar a leag an Coimisiún amach i dteachtaireacht uaidh an 15 Meitheamh 2023, dar teideal ‘Cur chun feidhme an Bhosca Uirlisí cibearshlándála 5G’, ba cheart an Bosca Uirlisí cibearshlándála 5G a bheith ina thagairt maidir le cistiú ón Aontas chun slándáil, athléimneacht, agus cosaint shláine thionscadail bonneagair dhigitigh sa réigiún a áirithiú.

(12)Ba cheart an tacaíocht faoin tSaoráid a chur ar fáil chun cuspóirí ginearálta agus sonracha a chomhlíonadh, cuspóirí atá bunaithe ar chritéir bhunaithe agus lena mbaineann coinníollacha soiléire íocaíochta. Ba cheart na cuspóirí ginearálta agus sonracha sin a shaothrú ar bhealach comhlántach. Ba cheart don tSaoráid tacú leis an bpróiseas um méadú trí dhlús a chur leis an ailíniú le luachanna, dlíthe, rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais (‘acquis’) d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas, dlús a chur le comhtháthú forásach na Moldóive i margadh aonair an Aontais, agus dlús a chur lena cóineasú socheacnamaíoch leis an Aontas. Ba cheart don tSaoráid dea-chaidreamh comharsanachta a chothú freisin.

(13)Chomh maith le borradh a chur faoin gcóineasú socheacnamaíoch, ba cheart don an tSaoráid freisin cuidiú le dlús a chur le hathchóirithe a bhaineann le bunphrionsabail an phróisis um méadú lena náirítear an smacht reachta, cearta bunúsacha, inter alia, cearta dídeanaithe, cearta daoine ar de mhionlaigh iad, lena náirítear mionlaigh náisiúnta agus Romaigh, chomh maith le cearta daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LADTI). Ba cheart di feabhas a chur ar fheidhmiú na ninstitiúidí daonlathacha, na riarachán poiblí agus na réimsí seo a leanas freisin; soláthar poiblí, rialú státchabhrach agus bainistíocht airgeadais phoiblí; an comhrac in aghaidh gach cineál éillithe agus coireachta eagraithe; oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán chomh maith le beartais fostaíochta; cuspóirí aistrithe ghlais, aeráide agus comhshaoil na tíre.

(14)Ba cheart don tSaoráid sin cuidiú leis an Moldóiv agus í ag ullmhú do bhallraíocht san Aontas agus i gcomhréir leis an modheolaíocht um méadú atá ann cheana 3 .

(15)Ba cheart don tSaoráid an tIdirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais atá ann cheana a chomhlánú gan a raon feidhme a chur i mbaol, lena bhfeabhsófar, dá bhrí sin, an comhtháthú eacnamaíoch agus faireachas iltaobhach an Aontais a dhéantar ar bheartais eacnamaíocha a ullmhú.

(16)Leis an tSaoráid, ba cheart prionsabail éifeachtacht na forbartha a chur chun cinn, agus urraim á tabhairt don bhreisíocht agus don chomhlántacht leis an tacaíocht a sholáthraítear faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais agus iarracht a dhéanamh dúbailt a sheachaint agus sineirgí a áirithiú idir cúnamh faoin Rialachán seo agus cúnamh eile, lena náirítear pacáistí comhtháite airgeadais ina bhfuil maoiniú onnmhairiúcháin agus forbartha araon arna sholáthar ag an Aontas, ag na Ballstáit, ag tríú tíortha, ag eagraíochtaí agus eintitis iltaobhacha agus réigiúnacha.

(17)I gcomhréir le prionsabal na gcomhpháirtíochtaí cuimsitheacha, ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh chun a áirithiú go rachfar i gcomhairle go cuí leis na páirtithe leasmhara ábhartha sa Mholdóiv, lena náirítear comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus go mbeidh rochtain thráthúil acu ar fhaisnéis ábhartha chun go mbeidh siad in ann ról fóinteach a bheith acu le linn cheapadh agus chur chun feidhme na gclár agus na bpróiseas gaolmhar faireacháin.

(18)Ba cheart cúnamh teicniúil, chomh maith le cúnamh comhair trasteorann, a sholáthar chun tacú le cuspóirí na Saoráide seo agus chun acmhainneachtaí ábhartha na Moldóive a neartú chun an Clár Oibre Athchóiriúcháin a chur chun feidhme.

(19)Leis an tSaoráid, ba cheart comhsheasmhacht agus tacaíocht a áirithiú le haghaidh chuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar síos in Airteagal 21 de CAE, lena náirítear urraim do chearta bunúsacha mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart di, go háirithe, a áirithiú go ndéanfar cearta an duine agus an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn.

(20)Leis an tSaoráid, ba cheart borradh a chur faoin nuálaíocht, faoin taighde agus faoin gcomhar idir institiúidí acadúla agus lucht an tionscail chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, tionscail áitiúla a chur chun cinn agus béim ar leith á leagan ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar ghnólachtaí nuathionscanta atá bunaithe go háitiúil;

(21)Ba cheart don Mholdóiv tiomantas inchreidte do luachanna Eorpacha a léiriú, lena náirítear trína hailíniú le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais, lena náirítear bearta sriantacha an Aontais.

(22)Agus an tSaoráid á cur chun feidhme, ba cheart uathriail straitéiseach an Aontais agus leasanna straitéiseacha an Aontais agus a Bhallstát agus na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe a chur san áireamh.

(23)Le gníomhaíochtaí faoin tSaoráid ba cheart tacú le dul chun cinn maidir le caighdeáin shóisialta, aeráide agus chomhshaoil an Aontais, agus tacú le dul chun cinn maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, le Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht agus le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac agus níor cheart di rannchuidiú le díghrádú comhshaoil ná díobháil a dhéanamh don chomhshaol ná don aeráid. Ba cheart bearta arna gcistiú faoin tSaoráid a bheith i gcomhréir le Pleananna Fuinnimh agus Aeráide na Moldóive, lena Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta agus lena nuaillmhian aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Ba cheart an tSaoráid a bheith ina cuidiú leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an gcumas oiriúnú dá éifeachtaí díobhálacha, agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chothú. Go háirithe, ba cheart don chistiú faoin tSaoráid an taistriú i dtreo geilleagar atá dícharbónaithe, aeráidneodrach, aeráid-díonach agus ciorclach a chur chun cinn.

(24)Ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin seo a bheith bunaithe ar phrionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe, de réir mar a fhorléirítear iad i straitéisí Aontas an Chomhionannais. Ba cheart, leis an Rialachán, comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne a chur chun cinn agus a chur chun tosaigh, rannpháirtíocht fhóinteach na mban i bpróisis chinnteoireachta agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a áirithiú, agus ba cheart féachaint ann le cearta na mban agus na gcailíní a chosaint agus a chur chun cinn, chomh maith le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a chosc agus a chomhrac, agus Pleananna Gníomhaíochta AE ábhartha maidir le hInscne agus conclúidí ábhartha ón gComhairle agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta á gcur san áireamh. Thairis sin, ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena náirítear maidir le cosaint leanaí agus cearta saothair. Ba cheart cur chun feidhme na Saoráide a bheith i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus leis an bprótacal a ghabhann leis, agus ba cheart inrochtaineacht ina cuid infheistíochtaí agus cúnamh teicniúil a áirithiú, i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(25)Mar léiriú ar an gComhaontú Glas don Eoraip mar straitéis fáis inbhuanaithe na hEorpa agus ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar chuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta i gcomhréir le gealltanais an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh, ba cheart an tSaoráid a bheith ina rannchuidiú le baint amach na sprice foriomláine 30 % de chaiteachas buiséadach an Aontais lena dtacaítear le cuspóirí aeráide agus 7.5 % in 2024 agus 10 % in 2026 agus 2027 le cuspóirí bithéagsúlachta. Ba cheart 37 % ar a laghad den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha, lena náirítear soláthar, a chuirtear ar fáil do thionscadail infheistíochta arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta (NIP), ceann de na hardáin réigiúnacha infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/947 4 , a bheith ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide. Ba cheart an méid sin a ríomh trí úsáid a bhaint as marcóirí Rio de réir na hoibleagáide chun maoiniú idirnáisiúnta aeráide an Aontais a thuairisciú don ECFE, chomh maith le comhaontuithe nó creataí idirnáisiúnta eile. Chomh luath le mí an Mheithimh 2025, déanfar comhéifeachtaí aeráide an Aontais, is infheidhme ar fud na gclár uile faoi Chreat Maoinithe Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 agus a leagtar amach i nDoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘Climate Mainstreaming Architecture in the 2021-2027 Multiannual Financial Framework’ [Ailtireacht Príomhshruthaithe Aeráide i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027] (SWD(2022) 225), a chur i bhfeidhm freisin maidir le caiteachas aeráide faoi Cheannteideal 6 CAI (‘an Chomharsanacht agus an Domhan’). Beidh an tSaoráid ag teacht le cur chuige ionstraimí eile Cheannteideal 6, chun tuairisciú comhsheasmhach aeráide a áirithiú sa réigiún. Ba cheart don tSaoráid tacú le gníomhaíochtaí lena nurramófar go hiomlán caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais agus an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(26)Déantar tionscadail a fhormheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh orthu agus faoi réir tuairim dhearfach ó na Ballstáit ar Bhord Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta.

(27)Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an Moldóiv, comhlíonadh, comhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht, trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaithe a áirithiú agus cúnamh á sholáthar, lena náirítear trí chórais rialaithe inmheánaigh iomchuí agus beartais frithchalaoise iomchuí a chur chun feidhme. Ba cheart an tacaíocht faoin tSaoráid a chur ar fáil faoi na réamhchoinníollacha go ndéanfaidh an Mholdóiv sásraí daonlathacha éifeachtacha a chaomhnú agus a urramú, lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, saorthoghcháin chóra, na meáin iolraíocha, breithiúnacht neamhspleách agus an smacht reachta, agus chun urraim d’oibleagáidí uile chearta an duine a ráthú, lena náirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.

(28)Ba cheart tacú leis an tSaoráid le hacmhainní ón Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda arb éard atá iontu EUR 420 milliún agus uasmhéid EUR 1 500 milliún in iasachtaí le haghaidh na tréimhse 2025-2027. Leis an méid sin, ba cheart an soláthar 9 % is gá a chumhdach le haghaidh na niasachtaí arb éard atá iontu EUR 135 mhilliún, tacaíocht arna soláthar ag an Aontas le haghaidh tionscadail arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, dá dtagraítear in Airteagal 18(2), agus tacaíocht chomhlántach, lena náirítear tacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cúnamh teicniúil. Ba cheart an tacaíocht neamh-inaisíoctha a mhaoiniú ón imchlúdach a leithdháileadh ar chlár geografach na Comharsanachta faoi Airteagal 6(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/947. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha uile faoi Rialachán (AE) 2021/947 mura luaitear a mhalairt sa Rialachán seo. Tá an tSaoráid atá beartaithe bunaithe go dlúth ar an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar.

(29)Cinntí maidir leis an scaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 19(3) le haghaidh na tacaíochta i bhfoirm iasachtaí, ba cheart iad a ghlacadh sa tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2029. Áirítear ar an dáta deiridh sin an tam is gá don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh rathúil na gcoinníollacha íocaíochta lena mbaineann agus chun an cinneadh maidir le scaoileadh ina dhiaidh sin a ghlacadh.

(30)Chun giaráil thacaíocht airgeadais an Aontais a uasmhéadú chun infheistíocht bhreise a mhealladh, agus chun rialú an Aontais ar an gcaiteachas a áirithiú, ba cheart na hinfheistíochtaí a thacaíonn leis an gClár Oibre Athchóiriúcháin a chur chun feidhme trí Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta. Ba cheart don Mholdóiv 25 % ar a laghad de mhéid na hiasachta a scaoiltear don Mholdóiv a chur ar fáil do thionscadail infheistíochta arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta. Tá sé sin sa bhreis ar an tacaíocht neamh-inaisíoctha a sholáthraíonn an tAontas do na tionscadail sin.

(31)Níor cheart an dliteanas airgeadais ó iasachtaí faoin tSaoráid a bheith ina chuid de mhéid na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha de réir bhrí Airteagal 31(4) de Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(32)Ba cheart feidhm a bheith ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach trí dheontais, soláthar, cúnamh airgeadais, oibríochtaí measctha agus aisíocaíocht saineolaithe seachtracha, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais.

(33)Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le srianta incháilitheachta i nósanna imeachta dámhachtana faoin tSaoráid, i gcás inarb ábhartha, mar gheall ar chineál sonrach na gníomhaíochta nó i gcás ina mbeadh tionchar ag an ngníomhaíocht ar an tslándáil nó ar an ord poiblí.

(34)Chun cur chun feidhme éifeachtúil na Saoráide a áirithiú, lena náirítear comhtháthú na Moldóive i slabhraí luacha Eorpacha a éascú, ba cheart na soláthairtí agus na hábhair uile a mhaoinítear agus a sholáthraítear faoin tSaoráid seo a bheith de thionscnamh na mBallstát, na Moldóive, tíortha is iarrthóirí agus páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus tíortha a sholáthraíonn leibhéal tacaíochta don Mholdóiv atá inchomparáide leis an leibhéal a sholáthraíonn an tAontas, agus méid a ngeilleagair á chur san áireamh, agus a mbunaíonn an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach sa Mholdóiv ina leith, ach amháin mura féidir na soláthairtí agus na hábhair a fháil faoi choinníollacha réasúnacha in aon cheann de na tíortha sin.

(35)Ba cheart Comhaontú Saoráide a thabhairt i gcrích leis an Moldóiv chun prionsabail an chomhair airgeadais idir an tAontas agus an Mholdóiv a bhunú, agus chun sonrú a dhéanamh ar na sásraí is gá a bhaineann le cistiú ón Aontas faoin tSaoráid a rialú agus chun maoirseacht, faireachán, meastóireacht, tuairisciú agus iniúchadh a dhéanamh air, rialacha maidir le cánacha, dleachtanna agus muirir agus bearta chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a cheartú. Dá bhrí sin, ba cheart comhaontú iasachta a thabhairt i gcrích leis an Moldóiv freisin ina leagtar amach forálacha sonracha maidir le bainistiú agus cur chun feidhme an chistithe a sholáthraítear i bhfoirm iasachtaí. Ba cheart an Comhaontú Saoráide agus an comhaontú iasachta araon a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, arna iarraidh sin.

(36)Tríd an gComhaontú Saoráide, ba cheart oibleagáid a chur ar an Moldóiv a áirithiú go mbaileofar sonraí, agus go mbeidh rochtain orthu, i gcomhréir le prionsabail an Aontais i ndáil le cosaint sonraí agus i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí, mar aon le sonraí leormhaithe ar dhaoine agus eintitis a fhaigheann cistiú, lena náirítear faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil, chun an Clár Oibre Athchóiriúcháin a chur chun feidhme.

(37)Ba cheart sraith chomhleanúnach thosaíochta d’athchóirithe spriocdhírithe agus tosaíochtaí a bhaineann le hinfheistíocht sa Mholdóiv (‘an Clár Oibre Athchóiriúcháin’) a bheith mar bhonn taca le cur chun feidhme na Saoráide, lena soláthrófar creat chun borradh a chur faoin bhfás socheacnamaíoch inbhuanaithe cuimsitheach, agus é curtha in iúl agus ailínithe go soiléir le ceanglais aontachais an Aontais agus le bunphrionsabail an phróisis um méadú. Beidh an Clár Oibre Athchóiriúcháin ina chreat uileghabhálach chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach. Ba cheart an Clár Oibre Athchóiriúcháin a ullmhú i ndlúthchomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena náirítear na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ba cheart a nionchur a léiriú. Ba cheart eisíocaíocht thacaíocht an Aontais a bheith ag brath ar chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta agus ar dhul chun cinn intomhaiste maidir le cur chun feidhme na nathchóirithe a leagtar amach sa Chlár Oibre Athchóiriúcháin arna measúnú agus arna bhformheas go foirmiúil ag an gCoimisiún. Ba cheart scaoileadh na gcistí a struchtúrú dá réir sin, agus cuspóirí na Saoráide á léiriú.

(38)Is éard ba cheart a bheith sa Chlár Oibre Athchóiriúcháin bearta athchóirithe spriocdhírithe agus réimsí infheistíochta tosaíochta, mar aon le coinníollacha íocaíochta i bhfoirm céimeanna intomhaiste cáilíochtúla agus cainníochtúla lena léirítear dul chun cinn sásúil nó cur i gcrích sásúil na mbeart sin, agus tráthchlár le haghaidh chur chun feidhme na mbeart sin. Ba cheart réamhliosta de thionscadail infheistíochta atá beartaithe lena gcur chun feidhme faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta a áireamh sa Chlár Oibre Athchóiriúcháin freisin. Ba cheart na céimeanna sin a phleanáil lena gcur chun feidhme tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2027, cé gur cheart é a bheith indéanta cur i gcrích foriomlán na mbeart, dá dtagraíonn na céimeanna sin, a fhadú tar éis 2027 ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2028. Ba cheart a áireamh sa Chlár Oibre Athchóiriúcháin míniú ar chóras na Moldóive chun neamhrialtachtaí, éilliú, lena náirítear éilliú ardleibhéil, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach agus úsáid á baint as na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid, agus na socruithe arb é is aidhm dóibh cistiú dúbailte ón tSaoráid nó ó chláir eile an Aontais chomh maith le cistiú ó dheontóirí eile a sheachaint.

(39)Ba cheart a áireamh sa Chlár Oibre Athchóiriúcháin míniú ar an gcaoi a bhfuiltear ag dréim go rannchuideoidh na bearta leis na cuspóirí aeráide agus comhshaoil agus leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, agus leis an aistriú digiteach.

(40)Leis na bearta faoin gClár Oibre Athchóiriúcháin, ba cheart rannchuidiú le feabhas a chur ar chóras éifeachtúil bainistíochta agus rialaithe airgeadais phoiblí, sciúradh airgid, seachaint cánach, imghabháil cánach, calaois agus coireacht eagraithe agus le córas éifeachtach rialaithe Státchabhrach, agus é mar d’aidhm acu dálaí cothroma a áirithiú do gach gnóthas.

(41)Ba cheart tuairisc ar na córais sin a bheith sa Chlár Oibre Athchóiriúcháinchomh maith le céimeanna sonracha a bhaineann le Caibidil 32 chun tacú leis an Moldóiv a ceanglais iniúchóireachta agus rialúcháin a thabhairt i gcomhréir le caighdeáin an Aontais. I gcás ina náirítear in iarraidh ar chistí a scaoileadh céim a bhaineann le Caibidil 32, dá dtagraítear in Airteagal 19(2), ní fhéadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena núdaraítear scaoileadh na gcistí ach amháin má dhéanann sé measúnú dearfach ar an gcéim sin.

(42)Ba cheart táscairí a áireamh sa Chomhaontú Saoráide freisin chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo bhaint amach chuspóirí ginearálta agus sonracha na Saoráide a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart na táscairí sin a bheith bunaithe ar tháscairí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta. Ba cheart na táscairí a bheith comhleanúnach freisin, a mhéid is féidir, leis na príomhtháscairí feidhmíochta a áirítear sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena bhformheastar na Cláir Oibre Athchóiriúcháin le haghaidh na mBalcán Thiar faoi Rialachán (AE) 2024/1449 agus i gCreat Tomhais Torthaí CEFI+. Ba cheart na táscairí a bheith ábhartha, glactha, inchreidte, éasca agus láidir.

(43)Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gClár Oibre Athchóiriúcháin bunaithe ar an liosta critéar a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an Clár Oibre Athchóiriúcháin a fhormheas. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar Chinneadh 2010/427/AE (11) ón gComhairle agus ar ról na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), i gcás inarb iomchuí.

(44)Leis an gclár oibre de réir bhrí Airteagal 110(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 arna ghlacadh i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/947, ba cheart na méideanna arna gcistiú ón imchlúdach a leithdháiltear ar chlár geografach na Comharsanachta faoi Airteagal 6(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/947 a chumhdach.

(45)I bhfianaise an ghá atá le solúbthacht i gcur chun feidhme na Saoráide, ba cheart don Mholdóiv a bheith in ann iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún an cinneadh cur chun feidhme a leasú, i gcás nach féidir an Clár Oibre Athchóiriúcháin, lena náirítear coinníollacha ábhartha íocaíochta, a bhaint amach a thuilleadh, go páirteach nó go hiomlán, de bharr imthosca oibiachtúla. Ba cheart don Mholdóiv a bheith in ann iarraidh réasúnaithe a dhéanamh chun an Clár Oibre Athchóiriúcháin a leasú, lena náirítear trí aguisíní a mholadh, i gcás inarb ábhartha. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an cinneadh cur chun feidhme a leasú.

(46)Tríd an gComhaontú Saoráide, ba cheart oibleagáid a chur ar an Moldóiv a áirithiú go mbaileofar sonraí, agus go mbeidh rochtain orthu, i gcomhréir le prionsabail an Aontais i ndáil le cosaint sonraí agus i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí, mar aon le sonraí leormhaithe ar dhaoine agus eintitis a fhaigheann cistiú, lena náirítear faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil, chun an Clár Oibre Athchóiriúcháin a chur chun feidhme. Ba cheart go bhféadfaí tacaíocht airgeadais a thabhairt don Chlár Oibre Athchóiriúcháin i bhfoirm iasachta. I gcomhthéacs riachtanais mhaoiniúcháin na Moldóive, is iomchuí an cúnamh airgeadais a eagrú faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 224 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus é a bhunú mar mhodh cistiúcháin aonair ann, a bhfuil coinne leis go bhfeabhsóidh sé leachtacht bhannaí an Aontais agus tarraingteacht agus costéifeachtacht eisiúint an Aontais.

(47)Is iomchuí iasachtaí a chur ar fáil don Mholdóiv ar théarmaí ar ardleibhéal lamháltais a mhairfidh 40 bliain ar a mhéad agus gan tús a chur le haisíocaíocht an bhunairgid roimh 2034.

(48)Ós rud é go bhfuil na rioscaí airgeadais a bhaineann leis an tacaíocht don Mholdóiv i bhfoirm iasachtaí faoin tSaoráid inchomparáide leis na rioscaí airgeadais a bhaineann le hoibríochtaí iasachtaithe faoi Rialachán (AE) 2021/947, ba cheart soláthar don dliteanas airgeadais ó iasachtaí faoin Rialachán seo a chomhdhéanamh ag ráta 9 %, i gcomhréir le hAirteagal 214 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus ba cheart cistiú an tsoláthair a fháil ón imchlúdach a leithdháiltear ar chlár geografach na Comharsanachta faoi Airteagal 6(2)(a) de Rialachán (AE) 2021/947.

(49)Chun a áirithiú go mbeidh fáil ag an Moldóiv ar chistiú gnólachtaí nuathionscanta chun na chéad athchóirithe a chur chun feidhme, ba cheart rochtain a bheith aici ar suas le 7 % den mhéid iomlán dá bhforáiltear sa tSaoráid seo, tar éis tacaíocht chomhlántach a asbhaint, lena náirítear tacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cúnamh teicniúil, agus soláthar d’iasachtaí, i bhfoirm réamh-mhaoinithe, faoi réir cistiú a bheith ar fáil agus na réamhchoinníollacha le haghaidh tacaíocht faoin tSaoráid a urramú.

(50)Tá sé tábhachtach solúbthacht agus inchláraitheacht araon a ráthú maidir le tacaíocht ón Aontas a sholáthar don Mholdóiv. Ba cheart don Mholdóiv iarraidh chuí-réasúnaithe a chur isteach gach 6 mhí ar chistí a scaoileadh 2 mhí ar a dhéanaí tar éis na hamlíne maidir le comhlíonadh na gcéimeanna atá beartaithe, mar a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena bhformheastar an Clár Oibre Athchóiriúcháin. Chun na críche sin, ba cheart cistí faoin tSaoráid a scaoileadh de réir sceideal seasta leathbhliantúil, faoi réir cistiú a bheith ar fáil, ar bhonn iarraidh ar chistí a scaoileadh arna cur isteach ag an Moldóiv agus tar éis don Choimisiún fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh sásúil na gcoinníollacha ginearálta a bhaineann le cobhsaíocht macrairgeadais, le bainistíocht fhónta airgeadais phoiblí, le trédhearcacht agus formhaoirseacht an bhuiséid agus leis na coinníollacha íocaíochta ábhartha. I gcás nach gcomhlíontar coinníoll íocaíochta de réir na hamlíne táscach a leagtar síos sa chinneadh lena bhformheastar an Clár Oibre Athchóiriúcháin, d’fhéadfadh an Coimisiún scaoileadh na gcistí a chomhfhreagraíonn don choinníoll sin a choinneáil siar go hiomlán nó i bpáirt, de réir modheolaíocht maidir le híocaíochtaí páirteacha. D’fhéadfaí na cistí comhfhreagracha a coinníodh siar a scaoileadh le linn na chéad tréimhse eile chun cistí a scaoileadh agus suas le 12 mhí tar éis an sprioc-ama bhunaidh a leagtar amach san amlíne tháscach, ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha íocaíochta. Sa chéad bhliain den chur chun feidhme, ba cheart síneadh a chur leis an sprioc-am sin go 24 mhí ón measúnú diúltach tosaigh.

(51)De mhaolú ar Airteagal 116(2) agus (5) den Rialachán Airgeadais, is iomchuí an sprioc-am íocaíochta a shocrú le haghaidh ranníocaíochtaí le buiséid stáit ag tosú ón dáta a chuirtear an cinneadh lena núdaraítear an eisíocaíocht leis an Moldóiv in iúl agus chun íocaíocht úis mainneachtana ón gCoimisiún leis an Moldóiv a eisiamh.

(52)Ba cheart don Choimisiún, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa faoi chuimsiú an nós imeachta um urscaoileadh, faisnéis mhionsonraithe a sholáthar faoi chur chun feidhme bhuiséad an Aontais faoin tSaoráid, go háirithe a mhéid a bhaineann le hiniúchtaí a rinneadh, lena náirítear laigí a sainaithníodh agus bearta ceartaitheacha a rinneadh, agus a mhéid a bhaineann le tionscadail arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, lena náirítear, i gcás inarb infheidhme, méid chómhaoiniú na Moldóive chomh maith le foinsí eile ranníocaíochtaí lena náirítear ó ionstraimí maoiniúcháin eile de chuid an Aontais.

(53)Faoi chuimsiú bhearta sriantacha an Aontais, arna nglacadh ar bhonn Airteagal 29 CAE agus Airteagal 215 CFAE, ní fhéadfar aon chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine, d’eintitis nó do chomhlachtaí dlíthiúla ainmnithe nó chun a dtairbhe siúd. Dá bhrí sin, níor cheart don tSaoráid tacaíocht a thabhairt do na heintitis ainmnithe sin ná d’eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu.

(54)Ar mhaithe le trédhearcacht agus cuntasacht, ba cheart don Mholdóiv sonraí a fhoilsiú maidir le faighteoirí deiridh a fhaigheann méideanna cistithe ar mó iad ná coibhéis EUR 50 000 go carnach le linn chur chun feidhme na nathchóirithe agus na ninfheistíochtaí faoin tSaoráid seo.

(55)I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, Rialachán (AE, Euratom) 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (14), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (15) agus (AE) 2017/1939 (16) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena náirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí, calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa, cistiú dúbailte a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, agus aisghabháil na gcistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart.

(56)Go háirithe, i gcomhréir le rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, ba cheart an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) a bheith in ann imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

(57)I gcomhréir le hAirteagal 129 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, ba cheart na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), lena náirítear ag tríú páirtithe a bhfuil baint acu le cur chun feidhme chistí an Aontais.

(58)Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach faoin tSaoráid. I bhfianaise chuntas teiste fada an chúnaimh airgeadais a sholáthraítear don Mholdóiv faoi bhainistíocht indíreach freisin agus a ailíniú de réir a chéile le caighdeáin agus cleachtais rialaithe inmheánaigh an Aontais á chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún brath go mór ar oibriú chórais rialaithe inmheánaigh agus chórais coiscthe calaoise na Moldóive. Go háirithe, ba cheart an Coimisiún agus OLAF agus, i gcás inarb infheidhme, OIPE a chur ar an eolas gan mhoill maidir le gach cás amhrasta neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do chur chun feidhme cistí faoin tSaoráid.

(59)Thairis sin, ba cheart don Mholdóiv na neamhrialtachtaí a thuairisciú gan mhoill don Choimisiún, neamhrialtachtaí lena náirítear calaois arb iad ab ábhar do chinneadh príomha riaracháin nó breithiúnach, agus é a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn nósanna imeachta riaracháin agus dlí. Agus é mar chuspóir an tuairisciú a chur i gcomhréir le dea-chleachtais sna Ballstáit, ba cheart an tuairisciú sin a dhéanamh go leictreonach, tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachta, arna bhunú ag an gCoimisiún, a úsáid.

(60)Ba cheart don Mholdóiv córas faireacháin a bhunú a chuirfidh le tuarascáil leathbhliantúil maidir le comhlíonadh choinníollacha íocaíochta a Cláir Oibre Athchóiriúcháin a ghabhann leis an iarraidh leathbhliantúil ar chistí a scaoileadh. Ba cheart don Mholdóiv sonraí agus faisnéis a bhailiú agus rochtain orthu a sholáthar, ar sonraí agus faisnéis iad lenar féidir neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, i ndáil leis na bearta a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid.

(61)Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh sásraí faireacháin soiléire agus sásraí meastóireachta neamhspleáiche i bhfeidhm chun cuntasacht agus trédhearcacht éifeachtach a sholáthar agus buiséad an Aontais á chur chun feidhme, agus chun measúnú éifeachtach a áirithiú ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

(62)Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le baint amach chuspóirí an Rialacháin seo.

(63)Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an tSaoráid nuair a chuirfear i gcrích í.

(64)Ba cheart don Mholdóiv tacú le meáin iolraíocha shaora a dhéanann an tuiscint ar luachanna an Aontais, agus ar na tairbhí agus na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht ionchasach san Aontas a fheabhsú agus a chur chun cinn, agus gníomhaíochtaí cinntitheacha á ndéanamh acu ó thaobh dul i ngleic le hIonramháil agus Cur Isteach Eachtrach ar Fhaisnéis. Ba cheart dóibh cumarsáid phoiblí réamhghníomhach, shoiléir agus chomhsheasmhach a áirithiú freisin, lena náirítear cumarsáid maidir le tacaíocht an Aontais. Ba cheart d’fhaighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas gníomhach a thabhairt d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus infheictheacht an chistithe sin a áirithiú, i gcomhréir leis an Lámhleabhar Cumarsáide agus Infheictheachta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha an Aontais.

(65)Ba cheart cumarsáid straitéiseach agus taidhleoireacht phoiblí fheabhsaithe a bheith ag gabháil le cur chun feidhme na Saoráide freisin chun luachanna an Aontais a chur chun cinn agus chun béim a leagan ar an mbreisluach a bhaineann le tacaíocht an Aontais.

(66)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(67)Chun cistiú a chur ar fáil don Mholdóiv in am trátha gan a thuilleadh moille, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

1.Leis an Rialachán seo, bunaítear an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na Moldóive maidir leis an tréimhse 2025-2027 (an ‘tSaoráid’).

2.Leis an Rialachán, cuirfear cúnamh ar fáil don Mholdóiv chun athchóirithe a bhaineann leis an Aontas a chur i gcrích, go háirithe athchóirithe socheacnamaíocha cuimsitheacha agus inbhuanaithe agus athchóirithe a bhaineann le bunphrionsabail an phróisis um méadú, atá ailínithe le luachanna an Aontais, chomh maith le hinfheistíochtaí chun Clár Oibre Athchóiriúcháin na Moldóive a chur chun feidhme. 

3.Beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/947 maidir le cur chun feidhme na Saoráide, mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘an Mholdóiv’ Poblacht na Moldóive.

(2)ciallaíonn ‘Comhaontú Saoráide’ socrú arna thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Mholdóiv lena leagtar síos na prionsabail le haghaidh comhar airgeadais idir an Mholdóiv agus an Coimisiún faoin Rialachán seo; is éard atá sa socrú sin comhaontú maoiniúcháin de réir bhrí Airteagal 114(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509;

(3)ciallaíonn ‘creat beartais um méadú’ an creat beartais foriomlán chun an Rialachán seo a chur chun feidhme mar atá sainithe ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle, agus áirítear ann an mhodheolaíocht athbhreithnithe um méadú, comhaontuithe lena mbunaítear caidreamh atá ceangailteach ó thaobh dlí leis an Moldóiv, na creataí caibidlíochta lena rialaítear an chaibidlíocht aontachais le hiarrthóirí, i gcás inarb infheidhme, chomh maith le rúin ó Pharlaimint na hEorpa, teachtaireachtaí ábhartha ón gCoimisiún, lena náirítear, i gcás inarb infheidhme, teachtaireachtaí maidir leis an smacht reachta, agus teachtaireachtaí comhpháirteacha ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

(4)ciallaíonn ‘comhaontú iasachta’ comhaontú arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Mholdóiv lena leagtar síos téarmaí na tacaíochta iasachta faoin tSaoráid;

(5)ciallaíonn ‘Clár Oibre Athchóiriúcháin’ sraith chuimsitheach, chomhleanúnach agus thosaíochta d’athchóirithe spriocdhírithe agus de réimsí tosaíochta infheistíochta sa Mholdóiv, lena náirítear coinníollacha íocaíochta lena léirítear dul chun cinn sásúil nó tabhairt i gcrích sásúil na mbeart gaolmhar, agus tráthchlár táscach maidir lena gcur chun feidhme;

(6)ciallaíonn ‘bearta’ athchóirithe agus infheistíochtaí mar a leagtar amach sa Chlár Oibre Athchóiriúcháin faoi Chaibidil III;

(7)ciallaíonn ‘coinníollacha íocaíochta’ coinníollacha maidir le scaoileadh cistí atá i bhfoirm céimeanna inbhraite agus intomhaiste cáilíochtúla nó cainníochtúla atá le cur chun feidhme ag an Moldóiv, mar a leagtar amach sa Chlár Oibre Athchóiriúcháin faoi Chaibidil III;

(8)ciallaíonn ‘oibríocht mheasctha’ oibríocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena gcomhcheanglaítear cineálacha tacaíochta neamh-inaisíoctha ó bhuiséad an Aontais le cineálacha tacaíochta in-aisíoctha ó institiúidí forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí eile, lena náirítear gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin, nó ó institiúidí airgeadais tráchtála agus ó infheisteoirí;

(9)ciallaíonn ‘faighteoir deiridh’ duine nó eintiteas a fhaigheann cistiú faoin tSaoráid; maidir leis an gcuid sin den chistiú a chuirtear ar fáil mar chúnamh airgeadais, is é státchiste na Moldóive an faighteoir deiridh; maidir leis an gcuid den chistiú a chuirtear ar fáil trí Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, is é an conraitheoir nó an fochonraitheoir a chuirfidh an tionscadal infheistíochta chun feidhme an faighteoir deiridh;

(10)ciallaíonn an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ gan tacú le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ná gan iad a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad lena ndéantar dochar suntasach d’aon chuspóir comhshaoil, i gcás inarb ábhartha, de réir bhrí Airteagal 17 Rialachán (AE) 2020/852;

(11)tá ‘Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta’ ar cheann de na hardáin infheistíochta réigiúnacha dá dtagraítear faoi Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/947.

Airteagal 3

Cuspóirí na Saoráide

1. Beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an tSaoráid:

(a)tacú leis an bpróiseas um méadú trí dhlús a chur leis an ailíniú le luachanna, dlíthe, rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais (‘acquis’) an Aontais trí athchóirithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas amach anseo;

(b)tacú leis an Moldóiv a chomhtháthú de réir a chéile i margadh aonair an Aontais;

(c)dlús a chur le cóineasú socheacnamaíoch gheilleagar na Moldóive leis an Aontas;

(d)dea-chaidreamh comharsanachta a chothú, chomh maith le teagmháil idir dhaoine.

2. Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an tSaoráid:

(a)bunphrionsabail an phróisis um méadú a neartú a thuilleadh, lena náirítear an smacht reachta agus cearta bunúsacha, feidhmiú institiúidí daonlathacha, lena náirítear dípholarú, riarachán poiblí agus na critéir eacnamaíocha a chomhlíonadh; áirítear leis sin breithiúnacht neamhspleách a chur chun cinn, slándáil agus cobhsaíocht a threisiú, an comhrac in aghaidh na calaoise agus gach cineál éillithe a neartú, lena náirítear éilliú ardleibhéil agus finíochas, coireacht eagraithe, coireacht trasteorann agus sciúradh airgid chomh maith le maoiniú sceimhlitheoireachta, imghabháil cánach agus calaois chánach, seachaint cánach; comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta a mhéadú; saoirse agus neamhspleáchas na meán agus saoirse acadúil a neartú; an fhuathchaint a chomhrac; timpeallacht a chumasú don tsochaí shibhialta, lena gcothaítear idirphlé sóisialta; comhionannas inscne, príomhshruthú inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní, agus neamh-idirdhealú agus caoinfhulaingt a chur chun cinn chun urraim do chearta dídeanaithe agus daoine ar de mhionlaigh iad a áirithiú agus a neartú, lena náirítear mionlaigh náisiúnta agus Romaigh, chomh maith le cearta daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirinscneacha;

(b)dul i dtreo ailíniú iomlán na Moldóive le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais (CBES), lena náirítear bearta sriantacha an Aontais;

(c)an bhréagaisnéis agus Ionramháil agus Cur Isteach Eachtrach ar Fhaisnéis faoin Aontas agus a luachanna a chomhrac;

(d)dul i dtreo beartais víosaí a chomhchuibhiú leis an Aontas;

(e)éifeachtacht an riaracháin phoiblí a threisiú, acmhainneachtaí a fhorbairt agus infheistíocht a dhéanamh i bhfoireann riaracháin sa Mholdóiv; rochtain ar fhaisnéis, grinnscrúdú poiblí agus rannpháirteachas na sochaí sibhialta i bpróisis chinnteoireachta a áirithiú; tacú le trédhearcacht, cuntasacht, athchóirithe struchtúracha agus dea-rialachas ar gach leibhéal, lena náirítear a mhéid a bhaineann lena gcumhachtaí maoirseachta agus fiosrúcháin maidir le dáileadh cistí poiblí agus rochtain orthu agus i réimsí na bainistíochta airgeadais poiblí agus an tsoláthair phoiblí agus an rialaithe Státchabhrach; tacú le tionscnaimh agus comhlachtaí a bhfuil baint acu le tacú leis an gceartas idirnáisiúnta sa Mholdóiv agus é a fhorfheidhmiú;

(f)dlús a chur le haistriú na Moldóive chuig geilleagar inbhuanaithe, aeráidneodrach agus cuimsitheach, atá in ann brú margaidh iomaíoch mhargadh aonair an Aontais a sheasamh, agus chuig timpeallacht chobhsaí infheistíochta agus a spleáchas straitéiseach a laghdú;

(g)comhtháthú eacnamaíoch na Moldóive le margadh aonair an Aontais a chothú, go háirithe trí shreafaí méadaithe trádála agus infheistíochta, agus trí shlabhraí luacha athléimneacha;

(h)tacú le comhtháthú feabhsaithe le margadh aonair an Aontais trí nascacht fheabhsaithe agus inbhuanaithe i gcomhréir le gréasáin thras-Eorpacha chun dea-chaidreamh comharsanachta a threisiú, chomh maith le teagmháil idir dhaoine;

(i)dlús a chur leis an aistriú glas cuimsitheach agus inbhuanaithe chuig an aeráidneodracht faoi 2050, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an gComhaontú Glas agus lena gcumhdófar gach earnáil eacnamaíoch, go háirithe fuinneamh, lena náirítear an taistriú i dtreo geilleagar dícharbónaithe, aeráidneodrach, aeráid-díonach agus ciorclach, agus a áirithiú go nurramóidh infheistíochtaí an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ san am céanna;

(j)an claochlú digiteach agus scileanna digiteacha a chur chun cinn mar chumasóir don fhorbairt inbhuanaithe agus don fhás cuimsitheach;

(k)borradh a chur faoin nuálaíocht, faoin taighde agus faoin gcomhar idir institiúidí acadúla agus lucht an tionscail chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, tionscail áitiúla a chur chun cinn agus béim ar leith á leagan ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar ghnólachtaí nuathionscanta atá bunaithe go háitiúil;

(l)borradh a chur faoin oideachas ar ardchaighdeán, faoin oiliúint, faoin athsciliú agus faoin uas-sciliú ar gach leibhéal, agus béim ar leith á leagan ar an óige, lena náirítear dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc na hóige, imirce daoine oilte a chosc agus tacú le pobail leochaileacha, lena náirítear dídeanaithe, agus tacú le beartais fostaíochta, lena náirítear cearta saothair, i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus an bhochtaineacht a chomhrac.

Airteagal 4

Prionsabail ghinearálta

1.Bainisteoidh an Coimisiún an tacaíocht ón tSaoráid ar bhealach a bheidh comhsheasmhach le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí na nathchóirithe eacnamaíocha a leagtar amach sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv agus le beartas an Aontais um méadú.

2.Beidh an comhar faoin tSaoráid bunaithe ar riachtanais agus cuirfidh sé prionsabail éifeachtacht na forbartha chun cinn, is iad sin úinéireacht na dtosaíochtaí forbartha ag an Moldóiv ag díriú ar choinníollacht shoiléir agus ar thorthaí inláimhsithe, ar chomhpháirtíochtaí cuimsitheacha, ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht fhrithpháirteach. Beidh an comhar sin bunaithe ar leithdháileadh agus úsáid éifeachtach agus éifeachtúil acmhainní.

3.Ní thiocfaidh soláthar cúnaimh macrairgeadais faoi raon feidhme na Saoráide seo.

4.Beidh tacaíocht ón tSaoráid sa bhreis agus comhlántach ar thacaíocht arna cur ar fáil faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Féadfaidh gníomhaíochtaí atá incháilithe do chistiú faoin Rialachán seo tacaíocht a fháil ó chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin an costas céanna agus go náirithítear maoirseacht iomchuí agus rialú buiséadach iomchuí. Áiritheoidh an Coimisiún comhlántachtaí agus sineirgí idir an tSaoráid agus cláir eile de chuid an Aontais, d’fhonn dúbailt cúnaimh agus cistiú dúbailte a sheachaint.

5.Chun comhlántacht, comhleanúnachas agus éifeachtúlacht a ngníomhaíochtaí a chur chun cinn, oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhar agus féachfaidh siad le dúbailt a sheachaint agus sineirgí a áirithiú idir cúnamh faoin Rialachán seo agus cineálacha eile cúnaimh, lena náirítear pacáistí comhtháite airgeadais ina bhfuil maoiniú onnmhairiúcháin agus forbartha araon arna soláthar ag an Aontas, Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí agus eintitis iltaobhacha agus réigiúnacha, amhail eagraíochtaí idirnáisiúnta agus na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais, gníomhaireachtaí agus deontóirí nach deontóirí de chuid an Aontais iad, i gcomhréir leis na prionsabail sheanbhunaithe chun comhordú oibríochtúil a neartú i réimse an chúnaimh sheachtraigh, lena náirítear trí chomhordú feabhsaithe leis na Ballstáit ar an leibhéal áitiúil. Is é a bheidh i gceist leis an gcomhordú sin ar an leibhéal áitiúil comhairliúcháin rialta thráthúla agus malartuithe minice faisnéise le linn chur chun feidhme na Saoráide.

6.Leis na gníomhaíochtaí faoin tSaoráid, déanfar an daonlathas, cearta an duine agus comhionannas inscne a phríomhshruthú agus a chur chun cinn, ailíneofar de réir a chéile le caighdeáin shóisialta, aeráide agus chomhshaoil an Aontais, príomhshruthófar maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, i gcás inarb ábhartha, laghdú rioscaí tubaiste, cosaint an chomhshaoil agus caomhnú na bithéagsúlachta, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, trí mheasúnuithe tionchair ar an gcomhshaol, agus tacófar leis an dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, lena gcuirfear chun cinn gníomhaíochtaí comhtháite lenar féidir comhthairbhí a chruthú agus ilchuspóirí a bhaint amach ar bhealach comhleanúnach. Seachnófar sócmhainní tréigthe leis na gníomhaíochtaí sin, agus beidh siad á dtreorú ag na prionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’, chomh maith leis an gcur chuige príomhshruthaithe inbhuanaitheachta atá mar bhonn taca leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Ba cheart 37 % ar a laghad den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha, lena náirítear soláthar, a chuirtear ar fáil do thionscadail infheistíochta arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, a bheith ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide.

7.Áiritheoidh an Mholdóiv agus an Coimisiún go gcuirfear comhionannas inscne, príomhshruthú inscne agus comhtháthú ghné na hinscne san áireamh agus go gcuirfear chun cinn iad le linn ullmhú an Chláir Oibre Athchóiriúcháin agus chur chun feidhme na Saoráide. Glacfaidh an Mholdóiv agus an Coimisiún céimeanna iomchuí chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach a chosc. Tuairisceoidh an Coimisiún ar na bearta sin i gcomhthéacs an tuairiscithe rialta uaidh faoi na Pleananna Gníomhaíochta Inscne.

8.Ní thacóidh an tSaoráid le gníomhaíochtaí ná bearta atá ar neamhréir le Pleananna Fuinnimh agus Aeráide na Moldóive, lena Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras, ná leis an uaillmhian aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí nó lena gcuirtear infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise chun cinn, nó a bhfuil éifeachtaí díobhálacha suntasacha acu ar an gcomhshaol, ar an aeráid nó ar an mbithéagsúlacht.

9.I gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta cuimsithí, féachfaidh an Coimisiún lena áirithiú go ndéanfar grinnscrúdú daonlathach, de réir mar is iomchuí, i bhfoirm comhairliúcháin a dhéanfaidh rialtas na Moldóive lena pharlaimint agus le páirtithe leasmhara ábhartha, lena náirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta, lena náirítear grúpaí leochaileacha, dídeanaithe, agus gach mionlach agus pobal, de réir mar is ábhartha, ionas go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach i múnlú dhearadh agus chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá incháilithe do chistiú faoin tSaoráid, agus sna próisis ghaolmhara faireacháin, ghrinnscrúdaithe agus mheastóireachta, de réir mar is ábhartha. Leis an gcomhairliúchán sin, féachfar le hiolrachas shochaí na Moldóive a léiriú.

10.Áiritheoidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an Moldóiv, go gcuirfear gealltanais de chuid an Aontais maidir le trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaithe chun feidhme agus tacaíocht á soláthar, lena náirítear trí chur chun feidhme agus atreisiú na gcóras rialaithe inmheánaigh agus na mbeartas frithchalaoise a chur chun cinn. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis maidir le méid agus leithdháileadh na tacaíochta ar fáil go poiblí tríd an Scórchlár dá dtagraítear in Airteagal 24. Foilseoidh an Mholdóiv sonraí cothrom le dáta maidir le faighteoirí deiridh a fhaigheann cistí ón Aontas chun athchóirithe agus infheistíochtaí faoin tSaoráid seo a chur chun feidhme, mar a thuairiscítear in Airteagal 20.

Airteagal 5

Réamhchoinníollacha le haghaidh tacaíocht ón Aontas

1.Is iad na réamhchoinníollacha don tacaíocht faoin tSaoráid go ndéanfaidh an Mholdóiv sásraí éifeachtacha daonlathacha a chaomhnú agus a urramú, lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, saorthoghcháin chóra, meáin iolraíocha, breithiúnacht neamhspleách agus an smacht reachta, agus go ráthóidh sí urraim d’oibleagáidí uile chearta an duine, lena náirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.

2.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhlíonadh na réamhchoinníollacha a leagtar amach i mír 1 sula scaoilfear cistí, lena náirítear réamh-mhaoiniú, chuig an Moldóiv faoin tSaoráid agus le linn thréimhse na tacaíochta arna soláthar faoin tSaoráid, agus aird chuí á tabhairt ar an gcreat beartais um méadú. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin na moltaí ábhartha ó chomhlachtaí idirnáisiúnta, amhail Comhairle na hEorpa agus Coimisiún na Veinéise dá cuid, nó an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), sa phróiseas faireacháin.

3.Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena gcinnfear nach bhfuil cuid de na réamhchoinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh, agus go háirithe, scaoileadh na gcistí dá dtagraítear in Airteagal 19 a choinneáil siar, gan beann ar chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 10.

CAIBIDIL II

Maoiniú agus cur chun feidhme

Airteagal 6

Cur chun feidhme

1.Tacófar leis an tSaoráid le hacmhainní ón Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda arb éard atá iontu EUR 420 milliún agus uasmhéid EUR 1 500 milliún in iasachtaí. Ní bheidh an méid le haghaidh iasachtaí ina chuid de mhéid na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha de réir bhrí Airteagal 31(4) de Rialachán (AE) 2021/947.

2.Déanfar an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a mhaoiniú don tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2027 ón imchlúdach a leithdháiltear ar chlár geografach na Comharsanachta faoi Airteagal 6(2), pointe (a) de Rialachán (AE) 2021/947. Cumhdófar léi an soláthar le haghaidh iasachtaí dar luach EUR 135 mhilliún, tacaíocht arna soláthar ag an Aontas do thionscadail arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, dá dtagraítear in Airteagal 18(2) agus tacaíocht chomhlántach, lena náirítear tacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cúnamh teicniúil. Cuirfear an cistiú sin chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/947.

Cinntí maidir leis an scaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 19(3) le haghaidh na tacaíochta i bhfoirm iasachtaí, déanfar iad a ghlacadh sa tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2029.

3.Bainisteoidh an Coimisiún scaoileadh chúnamh an Aontais ar bhealach a bheidh comhsheasmhach le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí na nathchóirithe a leagtar amach sa Chlár Oibre Athchóiriúcháin. Soláthrófar na cistí uile, cé is moite den tacaíocht chomhlántach dá dtagraítear i mír 2, agus na hacmhainní dá dtagraítear i mír 5, i dtráthchodanna dhá uair sa bhliain bunaithe ar chur i gcrích na nathchóirithe is gá sna hamlínte sonraithe mar a comhaontaíodh sa chlár oibre athchóiriúcháin agus mar a comhaontaíodh sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún.

4.Cuirfidh an Mholdóiv 25 % ar a laghad den chomhpháirt iasachta a scaoiltear leis an Moldóiv ar fáil do thionscadail infheistíochta arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, ceann de na hardáin réigiúnacha infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/947. Sonrófar sa Chomhaontú Saoráide, dá dtagraítear in Airteagal 8, an oibleagáid sin, chomh maith leis na rialacha agus na prionsabail mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme. Mura gcomhlíonfar an oibleagáid sin, cuirfear oibríochtaí breise faoin tSaoráid seo ar fionraí agus gnóthófar na méideanna sin ón Moldóiv, dá dtagraítear in Airteagal 19.

5.Féadfar méid suas le 1 % den tacaíocht neamh-inaisíoctha dá dtagraítear i mír 2 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin chun an tSaoráid a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, a bhfuil gá leo chun an tSaoráid a bhainistiú agus a cuspóirí a bhaint amach, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, comhairliúcháin oiliúna le húdaráis na Moldóive, comhdhálacha, comhairliúchán le páirtithe leasmhara, lena náirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena náirítear gníomhaíochtaí cuimsitheacha for-rochtana, agus cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo, speansais a bhaineann le líonraí TF a dhíríonn ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha, chomh maith le gach caiteachas eile ag an gceanncheathrú agus ag toscaireacht an Aontais le haghaidh na tacaíochta riaracháin agus comhordúcháin is gá le haghaidh na Saoráide. Féadfaidh speansais costais a chumhdach freisin a bhaineann le gníomhaíochtaí lena dtacaítear le trédhearcacht agus le gníomhaíochtaí eile amhail rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail nó ar chláir ar an láthair agus costais a bhaineann le piarchomhairleoireacht agus le saineolaithe chun athchóirithe agus infheistíochtaí a mheasúnú agus a chur chun feidhme.

Airteagal 7

Rialacha maidir le hincháilitheacht daoine agus eintiteas, maidir le tionscnamh an tsoláthair agus na n‑ábhar agus maidir le srianta faoin tSaoráid

1.De mhaolú ar Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/947, beidh an deis a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta maidir le soláthar dámhachtain deontas le haghaidh gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin tSaoráid oscailte d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus do na daoine nádúrtha uile ar náisiúnaigh iad de na tíortha seo a leanas, nó ar daoine dlítheanacha iad atá bunaithe go héifeachtach iontu:

(a)na Ballstáit, an Mholdóiv, tíortha is iarrthóirí agus páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)tíortha a chuireann leibhéal tacaíochta ar fáil don Mholdóiv atá inchomparáide leis an leibhéal a chuireann an tAontas ar fáil, agus méid a ngeilleagair á cur san áireamh, agus a mbunaíonn an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach sa Mholdóiv ina leith.

2.Féadfar an rochtain chómhalartach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a dheonú le haghaidh tréimhse theoranta bliain amháin ar a laghad, i gcás ina ndeonóidh tír incháilitheacht ar choinníollacha comhionanna le heintitis ón Aontas agus ó thíortha atá incháilithe faoin tSaoráid.

Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an rochtain chómhalartach tar éis dó dul i gcomhairle leis an Moldóiv.

3.Beidh na soláthairtí agus na hábhair uile arna maoiniú agus arna soláthar faoin tSaoráid seo de thionscnamh aon tíre dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), murar féidir na soláthairtí agus na hábhair sin a fháil faoi dhálaí réasúnacha in aon cheann de na tíortha sin. Ina theannta sin, beidh feidhm ag na rialacha um shrianta a leagtar síos i mír 6.

4.Ní bheidh feidhm ag na rialacha incháilitheachta faoin Airteagal seo maidir le daoine nádúrtha atá fostaithe nó atá ar conradh go dleathach ar bhealach eile ag conraitheoir incháilithe nó, i gcás inarb infheidhme, ag fochonraitheoir incháilithe, ná ní chruthófar leo srianta náisiúntachta dóibh, ach amháin i gcás ina bhfuil na srianta náisiúntachta bunaithe ar na rialacha dá bhforáiltear i mír 6.

5.I gcás gníomhaíochtaí arna gcómhaoiniú go comhpháirteach ag eintiteas nó arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach le heintitis dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, beidh feidhm freisin ag na rialacha is infheidhme maidir leis na heintitis sin de bhreis ar na rialacha a bhunaítear faoin Airteagal seo, lena náirítear, i gcás inarb infheidhme, na srianta dá bhforáiltear faoi mhír 6 den Airteagal seo agus a léirítear go cuí sna comhaontuithe maoiniúcháin agus sna doiciméid chonarthacha arna síniú leis na heintitis sin.

6.Na rialacha incháilitheachta agus na rialacha maidir le tionscnamh na soláthairtí agus na nábhar a leagtar amach i míreanna 1 agus 3 agus na rialacha maidir le náisiúntacht na ndaoine nádúrtha a leagtar amach i mír 4, féadfar iad a shrianadh i dtaca le náisiúntacht, suíomh geografach nó cineál na neintiteas dlítheanach atá rannpháirteach i nósanna imeachta dámhachtana agus i dtaca le tionscnamh geografach na soláthairtí agus na nábhar i gcás:

(a)ina gceanglaítear na srianta sin mar gheall ar chineál sonrach nó cuspóirí sonracha na gníomhaíochta nó an nós imeachta sonrach dámhachtana nó i gcás ina bhfuil gá leis na srianta sin chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme go héifeachtach;

(b)ina ndéanann an ghníomhaíocht nó na nósanna imeachta dámhachtana sonracha difear don tslándáil nó don ord poiblí, go háirithe maidir le sócmhainní straitéiseacha agus leasanna an Aontais, na mBallstát, nó na Moldóive, lena náirítear slándáil, athléimneacht agus cosaint shláine an bhonneagair dhigitigh, lena náirítear bonneagar líonra 5G, córais chumarsáide agus faisnéise, agus slabhraí soláthair gaolmhara.

7.Féadfar glacadh le hiarratasóirí ar thairiscintí agus le hiarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe i gcás práinne nó i gcás nach mbeidh seirbhísí ar fáil i margaí na dtíortha nó na gcríoch lena mbaineann, nó i gcásanna eile cuí-réasúnaithe ina mbeadh sé dodhéanta nó thar a bheith deacair gníomhaíocht a chur i gcrích dá ndéanfaí na rialacha incháilitheachta a chur i bhfeidhm.

8.Faoi chuimsiú bhearta sriantacha an Aontais, arna nglacadh ar bhonn Airteagal 29 CAE agus Airteagal 215 CFAE, ní fhéadfar aon chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais nó chun a dtairbhe siúd. Ní thabharfaidh an tSaoráid tacaíocht dhíreach ná indíreach do dhaoine ná d’eintitis den sórt sin, ná d’eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, lena náirítear mar úinéirí indíreacha, fochonraitheoirí sa slabhra soláthair nó tairbhithe deiridh.

Airteagal 8

Comhaontú Saoráide

1.Tabharfaidh an Coimisiún Comhaontú Saoráide i gcrích leis an Moldóiv chun an Rialachán seo a chur chun feidhme ina leagfar amach na hoibleagáidí agus na coinníollacha íocaíochta maidir le cistiú a eisíoc.

2.Comhlánófar an Comhaontú Saoráide le comhaontú iasachta i gcomhréir le hAirteagal 15, ina leagfar amach forálacha sonracha maidir le bainistiú agus cur chun feidhme an chistithe a sholáthraítear i bhfoirm iasachta. Cuirfear an Comhaontú Saoráide, lena náirítear aon doiciméadacht ghaolmhar, ar fáil, arna iarraidh sin, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach agus gan mhoill.

3.Ní dheonófar cistiú don Mholdóiv go dtí go mbeidh an Comhaontú Saoráide agus an comhaontú iasachta tagtha i bhfeidhm.

4.Leis an gComhaontú Saoráide agus leis an gcomhaontú iasachta arna dtabhairt i gcrích leis an Moldóiv, áiritheofar go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

5.Leagfar síos sa Chomhaontú Saoráide na forálacha mionsonraithe is gá maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)tiomantas na Moldóive dul chun cinn cinntitheach a dhéanamh i dtreo creat láidir dlíthiúil chun an chalaois a chomhrac, agus córais rialaithe níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a bhunú, lena náirítear sásraí iomchuí chun sceithirí eolais a chosaint chomh maith le sásraí agus bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú ar bhealach éifeachtach chomh maith leis an gcomhrac a neartú in aghaidh an sciúrtha airgid, na coireachta eagraithe, míleithreasú cistí poiblí, maoiniú na sceimhlitheoireachta, agus seachaint cánach, calaois chánach nó imghabháil cánach, agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile lena ndéantar difear do chistí arna soláthar faoin tSaoráid;

(b)na rialacha maidir le scaoileadh, coinneáil siar agus laghdú cistí i gcomhréir le hAirteagal 19;

(c)na rialacha mionsonraithe agus an oibleagáid atá ar an Moldóiv cuid de mhéid iomlán na hiasachta a sholáthar le haghaidh tionscadail arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, de bhun Airteagal 6(4).

(d)na gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú, rialú, maoirseacht, faireachán, meastóireacht, tuairisciú agus iniúchadh, chomh maith le hathbhreithnithe córais, imscrúduithe, bearta frithchalaoise agus comhar;

(e)na rialacha maidir le tuairisciú don Choimisiún i dtaobh an gcomhlíontar na coinníollacha íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 10 agus an chaoi a gcomhlíontar iad;

(f)na rialacha maidir le cánacha, dleachtanna agus muirir i gcomhréir le hAirteagal 27(9) agus (10) de Rialachán (AE) 2021/947;

(g)na bearta chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach, agus an oibleagáid ar dhaoine nó ar eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme faoin Rialachán fógra a thabhairt gan mhoill don Choimisiún, do OLAF agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE, faoi chásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachta leasa amhrasta nó iarbhír agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do na cistí arna soláthar faoin tSaoráid agus faoi na bearta leantacha ina leith;

(h)na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagail 21 agus 22, lena náirítear na rialacha beachta agus tráthchlár maidir le bailiú sonraí arna dhéanamh ag an Moldóiv agus rochtain ar na sonraí sin ag an gCoimisiún, ag OLAF, ag an gCúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, ag OIPE;

(i)nós imeachta chun a áirithiú go dtagann iarratais ar eisíocaíocht ar thacaíocht iasachta faoi mhéid na hiasachta atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 6(1);

(j)an ceart atá ag an gCoimisiún an tacaíocht a sholáthraítear faoin Rialachán a laghdú go comhréireach agus aon mhéid dá dtagraítear in Airteagal 6(1) a caitheadh chun cuspóirí an Rialacháin a bhaint amach a aisghabháil, nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh, i gcásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an Moldóiv, i gcás aisiompú céimeanna cáilíochtúla nó cainníochtúla, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid dá bhforáiltear sa Chomhaontú Saoráide;

(k)rialacha agus módúlachtaí don Mholdóiv maidir le tuairisciú chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Saoráide agus measúnú a dhéanamh ar ghnóthú na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

(l)an oibleagáid atá ar an Moldóiv na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 20 a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún.

CAIBIDIL III

An Clár Oibre Athchóiriúcháin

Airteagal 9

Tíolacadh an Chláir Oibre Athchóiriúcháin

1.Chun aon tacaíocht a fháil faoin Rialachán seo, cuirfidh an Mholdóiv Clár Oibre Athchóiriúcháin le haghaidh 2025-2027 faoi bhráid an Choimisiúin, clár oibre athchóiriúcháin a bheidh bunaithe ar phríomhphrionsabail agus ar phríomhchuspóirí na nathchóirithe socheacnamaíocha agus bunúsacha a leagtar amach sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv, arna chomhaontú faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, agus sa chreat beartais um méadú.

2.Leis an gClár Oibre Athchóiriúcháin, soláthrófar creat uileghabhálach chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, ina leagfar amach na hathchóirithe atá le déanamh ag an Moldóiv, chomh maith leis na réimsí infheistíochta. Is é a bheidh sa Chlár Oibre Athchóiriúcháin bearta chun athchóirithe a chur chun feidhme trí phacáiste cuimsitheach agus comhleanúnach. I réimsí bhunphrionsabal an phróisis um méadú, lena náirítear an smacht reachta, an comhrac in aghaidh an éillithe, lena náirítear an téilliú ardleibhéil, cearta bunúsacha agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, léireofar sna Cláir Oibre Athchóiriúcháin na measúnuithe sa chreat beartais um méadú.

3.Beidh na Cláir Oibre Athchóiriúcháin comhsheasmhach leis an gcreat beartais mhaicreacnamaíoch agus fhioscaigh is déanaí arna chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhthéacs an Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais leis an Aontas.

4.Beidh an Clár Oibre Athchóiriúcháin comhsheasmhach leis na tosaíochtaí athchóiriúcháin arna sainaithint i gcomhthéacs chonair aontachais na Moldóive, agus i ndoiciméid ábhartha eile, leis an Rannchuidiú arna Chinneadh go Náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras agus leis an uaillmhian aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus tacóidh sé leo.

5.Leis an gClár Oibre Athchóiriúcháin, urramófar na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 4.

6.Déanfar an Clár Oibre Athchóiriúcháin a ullmhú ar bhealach cuimsitheach agus trédhearcach, i gcomhairle le comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta.

7.Iarrfaidh an Coimisiún ar an Moldóiv a Clár Oibre Athchóiriúcháin a thíolacadh laistigh de 3 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tarchuirfidh an Coimisiún Clár Oibre Athchóiriúcháin na Moldóive chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a luaithe a gheofar é.

Airteagal 10

Prionsabail maidir le maoiniú faoin gClár Oibre Athchóiriúcháin

8.Leis an Rialachán, soláthrófar dreasachtaí chun an Clár Oibre Athchóiriúcháin a chur chun feidhme trí choinníollacha íocaíochta a leagan síos maidir le scaoileadh cistí. Beidh feidhm ag na coinníollacha íocaíochta sin maidir le cistí faoi Airteagal 6(1), cé is moite de thacaíocht chomhlántach lena náirítear tacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cúnamh teicniúil. Beidh na coinníollacha íocaíochta sin i bhfoirm céimeanna intomhaiste cáilíochtúla nó cainníochtúla. Léireofar sna céimeanna sin an dul chun cinn atá déanta maidir le hathchóirithe socheacnamaíocha sonracha agus le bunphrionsabail an phróisis um méadú atá nasctha le baint amach chuspóirí éagsúla na Saoráide a leagtar amach in Airteagal 3, i gcomhréir leis an gcreat beartais um méadú.

9.Spreagfaidh comhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta sin scaoileadh iomlán nó páirteach cistí, ag brath ar a mhéid a chuirfear i gcrích iad.

10.Is coinníollacha ginearálta iad cobhsaíocht macrairgeadais, bainistíocht fhónta airgeadais phoiblí, trédhearcacht agus formhaoirseacht ar an mbuiséad le haghaidh íocaíochtaí nach mór a chomhlíonadh chun aon chiste a scaoileadh.

Ní thacóidh cistí faoin tSaoráid le gníomhaíochtaí ná le bearta a bhaineann an bonn de chomhaontuithe síochána sa réigiún.

Airteagal 11

Ábhar an Chláir Oibre Athchóiriúcháin

1.Leagfar amach sa Chlár Oibre Athchóiriúcháin go háirithe na gnéithe seo a leanas, a mbeidh réasúnú agus bunús ag dul leo:

(a)bearta is freagairt chomhleanúnach, chuimsitheach agus chothromaithe go leordhóthanach ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, lena náirítear athchóirithe struchtúracha, infheistíochtaí agus bearta chun comhlíonadh réamhchoinníollacha a áirithiú dá dtagraítear in Airteagal 5, i gcás inarb iomchuí;

(b)míniú ar an gcaoi a bhfuil na bearta comhsheasmhach leis na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 4, chomh maith leis na ceanglais, na straitéisí, na pleananna agus na cláir dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 10;

(c)míniú ar conas a mheastar go ndéanfaidh na bearta bunphrionsabail an phróisis um méadú dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (n), a neartú a thuilleadh, lena náirítear an smacht reachta, cearta bunúsacha agus an comhrac in aghaidh an éillithe;

(d)liosta táscach de thionscadail agus de chláir infheistíochta a bhfuil sé beartaithe iad a phlé agus a fhormheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, lena náirítear méideanna foriomlána infheistíochta faoi seach agus amlínte atá beartaithe don chur chun feidhme;

(e)míniú ar a mhéid a mheastar a rannchuideoidh na bearta le cuspóirí aeráide agus comhshaoil agus ar a gcomhoiriúnacht don phrionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’;

(f)míniú ar a mhéid a mheastar a rannchuideoidh na bearta leis an gclaochlú digiteach;

(g)míniú ar a mhéid a mheastar a rannchuideoidh na bearta le cuspóirí oideachais, oiliúna agus fostaíochta agus sóisialta;

(h)míniú ar a mhéid a mheastar a rannchuideoidh na bearta le comhionannas inscne agus le cumhachtú na mban agus na gcailíní, agus le cur chun cinn chearta na mban agus na gcailíní;

(i)i gcás na nathchóirithe agus na ninfheistíochtaí, tráthchlár táscach, agus na coinníollacha íocaíochta atá beartaithe maidir le scaoileadh cistí i bhfoirm céimeanna intomhaiste cáilíochtúla agus cainníochtúla a phleanáiltear a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2027 ar a dhéanaí;

(j)míniú ar conas a mheastar a rannchuideoidh na bearta le hailíniú forásach agus leanúnach le CBES, lena náirítear bearta sriantacha an Aontais;

(k)na socruithe chun go ndéanfaidh an Mholdóiv faireachán, tuairisciú agus meastóireacht éifeachtach ar an gClár Oibre Athchóiriúcháin, lena náirítear na céimeanna intomhaiste cáilíochtúla agus cainníochtúla atá beartaithe agus na táscairí ábhartha a leagtar amach i mír 2;

(l)míniú ar chóras na Moldóive chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú, lena náirítear éilliú ardleibhéil, agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach agus chun rialacha maidir le rialú Státchabhrach a fhorfheidhmiú, agus ar na bearta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá ann cheana i mblianta tosaigh chur chun feidhme an Chláir Oibre Athchóiriúcháin;

(m)maidir le hullmhú an Chláir Oibre Athchóiriúcháin agus, i gcás ina mbeidh fáil air, maidir le cur chun feidhme an Chláir Oibre Athchóiriúcháin, achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin, a rinneadh i gcomhréir le creat dlíthiúil na Moldóive, le páirtithe leasmhara ábhartha, lena náirítear parlaimint na Moldóive, comhlachtaí agus údaráis ionadaíocha áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus an chaoi a léirítear ionchur na bpáirtithe leasmhara sin sa Chlár Oibre Athchóiriúcháin;

(n)plean cumarsáide agus infheictheachta maidir leis an gClár Oibre Athchóiriúcháin do phobail áitiúla na Moldóive;

(o)aon fhaisnéis ábhartha eile.

2.Beidh an Clár Oibre Athchóiriúcháin bunaithe ar thorthaí agus áireofar iontu táscairí chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. Bunófar na táscairí sin, i gcás inarb iomchuí agus inarb ábhartha, ar tháscairí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta agus ar na táscairí sin atá ar fáil cheana a bhaineann le beartais na Moldóive. Beidh na táscairí comhleanúnach freisin, a mhéid is féidir, leis na príomhtháscairí feidhmíochta a áirítear sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena bhformheastar na Cláir Oibre Athchóiriúcháin le haghaidh na mBalcán Thiar faoi Rialachán (AE) 2024/1449 agus i gCreat Tomhais Torthaí CEFI+.

Airteagal 12

Measúnú ón gCoimisiún ar an gClár Oibre Athchóiriúcháin

1.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, cuimsitheacht agus oiriúnacht Chlár Oibre Athchóiriúcháin na Moldóive nó, i gcás inarb infheidhme, ar aon leasú ar an gClár Oibre sin, gan moill mhíchuí. Agus a mheasúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún, gníomhóidh sé i ndlúthchomhar leis an Moldóiv, agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt, faisnéis bhreise a lorg nó a cheangal ar an Moldóiv a Clár Oibre Athchóiriúcháin a athbhreithniú nó a mhodhnú.

2.Maidir leis an gcuspóir a leagtar amach in Airteagal 11(1)(j) den Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE, ról agus rannchuidiú SEGS a chur san áireamh go cuí.

3.Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an gClár Oibre Athchóiriúcháin, cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis anailíseach ábhartha atá ar fáil faoin Moldóiv, lena náirítear a staid mhaicreacnamaíoch agus a hinbhuanaitheacht fiachais, an bonn cirt agus na gnéithe a sholáthair an Mholdóiv dá dtagraítear in Airteagal 13, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile amhail an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 11.

4.Ina mheasúnú, breithneoidh an Coimisiún na critéir seo a leanas:

(a)cé acu atá nó nach bhfuil an Clár Oibre Athchóiriúcháin ina fhreagairt ábhartha, chuimsitheach, chomhleanúnach agus chothromaithe go leordhóthanach ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 agus na heilimintí a leagtar amach in Airteagal 11;

(b)cé acu atá nó nach bhfuil an Clár Oibre Athchóiriúcháin agus a bhearta comhsheasmhach leis na prionsabail, na straitéisí, na pleananna agus na cláir dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 11;

(c)an féidir coinne a bheith leis go gcuirfidh an Clár Oibre Athchóiriúcháin dlús leis an dul chun cinn i dtreo an bhearna shocheacnamaíoch idir an Mholdóiv agus an tAontas a dhúnadh, agus ar an gcaoi sin a bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a fheabhsú agus tacú leis an gcóineasú i dtreo chaighdeáin an Aontais, neamhionannais a laghdú agus an comhtháthú sóisialta a threisiú;

(d)an féidir coinne a bheith leis go ndéanfaidh an Clár Oibre Athchóiriúcháin bunphrionsabail an phróisis um méadú dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (a) a neartú a thuilleadh;

(e)an féidir coinne a bheith leis go gcuirfidh an Clár Oibre Athchóiriúcháin dlús le haistriú na Moldóive i dtreo geilleagar cuimsitheach a bheidh inbhuanaithe, aeráidneodrach agus aeráid-díonach trí nascacht a fheabhsú, dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach, lena náirítear an bhithéagsúlacht, spleáchais straitéiseacha a laghdú agus borradh a chur faoin taighde agus faoin nuálaíocht, faoin oideachas, faoin oiliúint, faoin bhfostaíocht agus faoi scileanna agus faoin margadh saothair i gcoitinne, agus aird ar leith á tabhairt ar an óige;

(f)cé acu atá nó nach bhfuil na bearta a áirítear sa Chlár Oibre Athchóiriúcháin comhoiriúnach leis na prionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’;

(g)cé acu a thugtar nó nach dtugtar aghaidh iomchuí leis an gClár Oibre Athchóiriúcháin ar na rioscaí féideartha i gcomhréir le réamhchoinníollacha agus coinníollacha íocaíochta;

(h)cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha íocaíochta atá molta ag an Moldóiv iomchuí agus uaillmhianach, i gcomhréir leis an gcreat beartais um méadú, agus cé acu atá nó nach bhfuil siad fóinteach agus soiléir go leor chun gur féidir cistí a scaoileadh i gcás ina gcomhlíontar iad agus cé acu atá nó nach bhfuil na táscairí tuairiscithe atá beartaithe iomchuí agus leordhóthanach chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo na gcuspóirí foriomlána;

(i)cé acu atá nó nach bhfuil coinne leis go ndéanfaidh na socruithe atá beartaithe ag an Moldóiv neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa, coireacht eagraithe agus sciúradh airgid a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach chomh maith le cionta coiriúla a dhéanann difear do na cistí faoin tSaoráid a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach;

(j)cé acu a léiríonn nó nach léiríonn an Clár Oibre Athchóiriúcháin go héifeachtach ionchur na bpáirtithe leasmhara ábhartha, lena náirítear parlaimint na Moldóive, comhlachtaí agus údaráis ionadaíocha áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

5.Chun críoch an mheasúnaithe ar an gClár Oibre Athchóiriúcháin arna chur isteach ag an Moldóiv, féadfaidh saineolaithe neamhspleácha cúnamh a thabhairt don Choimisiún. 

Airteagal 13

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún

1.1. I gcás measúnú dearfach, formheasfaidh an Coimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, an Clár Oibre Athchóiriúcháin arna chur isteach ag an Moldóiv, i gcomhréir le hAirteagal 12 nó, i gcás inarb infheidhme, an Clár Oibre leasaithe arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14. Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 25(2) maidir le glacadh an chinnidh cur chun feidhme sin.

2.Sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún, dá dtagraítear i mír 1, leagfar amach na hathchóirithe lena mbaineann a bheidh le cur chun feidhme ag an Moldóiv, na réimsí infheistíochta a mbeidh tacaíocht le tabhairt dóibh agus na coinníollacha íocaíochta a eascraíonn as an gClár Oibre Athchóiriúcháin, lena náirítear an tráthchlár.

3.Sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún, dá dtagraítear i mír 1, leagfar síos an méid seo a leanas freisin:

(a)méid táscach na gcistí foriomlána atá ar fáil don Mholdóiv in aghaidh chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 10(1), agus na tráthchodanna sceidealaithe atá le scaoileadh, lena náirítear réamh-mhaoiniú, arna struchtúrú i gcomhréir le hAirteagal 11, a luaithe a chomhlíonfaidh an Mholdóiv go sásúil na coinníollacha íocaíochta ábhartha i bhfoirm céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla arna sainaithint i ndáil le cur chun feidhme an Chláir Oibre Athchóiriúcháin;

(b)an miondealú de réir tráthchuid den mhaoiniú idir tacaíocht iasachta agus tacaíocht neamh-inaisíoctha;

(c)an teorainn ama faoinar gá na coinníollacha íocaíochta deiridh le haghaidh na nathchóirithe a chur i gcrích;

(d)na socruithe agus an tráthchlár chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an gClár Oibre Athchóiriúcháin agus é a chur chun feidhme, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin grinnscrúdú daonlathach dá dtagraítear in Airteagal 4 agus, i gcás inarb ábhartha, na bearta is gá chun Airteagal 23 a chomhlíonadh.

(e)na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 11(2) chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo bhaint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 14

Leasuithe ar an gClár Oibre Athchóiriúcháin

1.I gcás nach féidir leis an Moldóiv an Clár Oibre Athchóiriúcháin, lena náirítear coinníollacha íocaíochta ábhartha, a bhaint amach a thuilleadh, go páirteach nó go hiomlán, mar gheall ar imthosca oibiachtúla, féadfaidh an Mholdóiv Clár Oibre Athchóiriúcháin leasaithe a mholadh. Sa chás sin, féadfaidh an Mholdóiv iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún a chinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a leasú.

2.Féadfaidh an Coimisiún an cinneadh cur chun feidhme a leasú, go háirithe chun athrú ar na méideanna atá ar fáil a chur san áireamh i gcomhréir leis na prionsabail faoi Airteagal 19.

3.I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil údar le leasú a dhéanamh ar a Chlár Oibre Athchóiriúcháin de bharr na gcúiseanna arna gcur ar aghaidh ag an Moldóiv, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gClár Oibre Athchóiriúcháin leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 12 agus féadfaidh sé an cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a leasú gan moill mhíchuí.

4.I leasú, féadfaidh an Coimisiún glacadh le hamlínte le haghaidh coinníollacha íocaíochta a leanann go dtí an 31 Nollaig 2028.

Airteagal 15

Comhaontú iasachta, oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí

1.Chun an tacaíocht faoin tSaoráid i bhfoirm iasachtaí a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 224 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

2.Déanfaidh an Coimisiún comhaontú iasachta leis an Moldóiv. Leagfar síos sa chomhaontú iasachta uasmhéid na hiasachta, an tréimhse infhaighteachta agus téarmaí agus coinníollacha mionsonraithe na tacaíochta faoin tSaoráid i bhfoirm iasachtaí. Mairfidh na hiasachtaí ar feadh 40 bliain ar a mhéad ó dháta shíniú an chomhaontaithe iasachta. Beidh méid an réamh-mhaoinithe agus na rialacha maidir le himréiteach an réamh-mhaoinithe sa chomhaontú iasachta.

Sa bhreis ar Airteagal 220(5) den Rialachán Airgeadais agus de mhaolú air, beidh méid an réamh-mhaoinithe agus na rialacha maidir le himréiteach an réamh-mhaoinithe sa chomhaontú iasachta.

3.Déanfar an comhaontú iasachta a chur ar fáil, arna iarraidh sin, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Airteagal 16

Soláthar

1.    Bunófar soláthar do na hiasachtaí ag ráta 9 % ón imchlúdach a leithdháiltear ar chlár geografach na Comharsanachta faoi Airteagal 6(2), pointe (a) de Rialachán (AE) 2021/947 agus úsáidfear é mar chuid d’fhorálacha lena dtacaítear le rioscaí comhchosúla.

2.    De mhaolú ar an abairt dheireanach d’Airteagal 211(2) den Rialachán Airgeadais, déanfar an soláthar a íoc de réir a chéile agus a bhunú go hiomlán ar a dhéanaí nuair a eisíocfar na hiasachtaí ina niomláine.

3. Déanfar athbhreithniú ar an ráta soláthair gach 3 bliana ar a laghad ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear faoi Airteagal 31(5), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/947.

Airteagal 17

Réamh-mhaoiniú

1.Tar éis don Mholdóiv an Clár Oibre Athchóiriúcháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, féadfaidh sí a iarraidh go scaoilfí réamh-mhaoiniú suas le 7 % den mhéid iomlán dá bhforáiltear faoin tSaoráid seo i gcomhréir le hAirteagal 6(1), tar éis tacaíocht chomhlántach a asbhaint, lena náirítear tacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cúnamh teicniúil, agus soláthar d’iasachtaí.

2.Féadfaidh an Coimisiún an réamh-mhaoiniú a iarradh a scaoileadh tar éis ghlacadh a chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 13 agus tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Saoráide agus an chomhaontaithe iasachta dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 15 faoi seach. Scaoilfear na cistí i gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 19(3), agus faoi réir urramú na réamhchoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5.

3.Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an tréimhse ama le haghaidh eisíocaíocht an réamh-mhaoinithe, a fhéadfar a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.

Airteagal 18

Cur chun feidhme tionscadal infheistíochta faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta

1.Chun tairbhe a bhaint as giaráil thacaíocht airgeadais an Aontais chun infheistíocht bhreise a mhealladh, cuirfear infheistíochtaí a thacaíonn leis an gClár Oibre Athchóiriúcháin chun feidhme i gcomhar le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta i bhfoirm tionscadail infheistíochta arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta.

2.Tar éis na coinníollacha íocaíochta a chomhlíonadh go sásúil, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena núdarófar scaoileadh cistí, dá dtagraítear in Airteagal 19(3). Socrófar leis an gcinneadh sin, i gcomhréir le hAirteagal 6(1), méid na gcistí atá le cur ar fáil i bhfoirm tacaíochta neamh-inaisíoctha arna soláthar ag an Aontas le haghaidh tionscadail arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, agus méid an chúnaimh airgeadais i bhfoirm tacaíochta iasachta atá le scaoileadh leis an Moldóiv. Leagfar amach sa chinneadh sin freisin, i gcomhréir leis an gcóimheas a shocraítear sa Chomhaontú Saoráide dá dtagraítear in Airteagal 8(5)(c), an sciar den tacaíocht iasachta sin atá le cur ar fáil ag an Moldóiv mar chómhaoiniú le haghaidh tionscadail arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta.

Airteagal 19

Measúnú ar chomhlíonadh coinníollacha íocaíochta, cistí a choinneáil siar agus a laghdú, rialacha maidir le híocaíochtaí

1.Dhá uair in aghaidh na bliana, cuirfidh an Mholdóiv iarraidh chuí-réasúnaithe isteach ar scaoileadh cistí dhá mhí ar a dhéanaí tar éis na hamlíne a shocraítear sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún maidir le coinníollacha íocaíochta comhlíonta a bhaineann leis na céimeanna cainníochtúla agus cáilíochtúla a leagtar amach sa Chlár Oibre Athchóiriúcháin.

2.Déanfaidh an Coimisiún measúnú gan moill mhíchuí ar cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an Mholdóiv na réamhchoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 agus na prionsabail maidir le maoiniú a leagtar amach in Airteagal 10(3) agus cé acu a bhain nó nár bhain sí comhlíonadh sásúil amach maidir leis na coinníollacha íocaíochta a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 13. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur aisiompaigh an Mholdóiv na coinníollacha íocaíochta ar íoc sé astu roimhe sin, laghdóidh an Coimisiún eisíocaíochtaí amach anseo de mhéid coibhéiseach. Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a fháil ó shaineolaithe, lena náirítear saineolaithe ó na Ballstáit. I gcás ina náirítear in iarraidh ar scaoileadh cistí nó in iarraidh ar íocaíocht céim a bhaineann le Caibidil 32, dá dtagraítear in Airteagal 19(2), ní fhéadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena núdarófar scaoileadh na gcistí ach amháin má dhéanann sé measúnú dearfach ar chéim den sórt sin.

3.I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú dearfach ar chomhlíonadh sásúil na gcoinníollacha uile is infheidhme, glacfaidh sé cinneadh gan moill mhíchuí lena núdarófar scaoileadh na gcistí a chomhfhreagraíonn do na coinníollacha sin. Maidir leis na méideanna sin, is é a bheidh sa chinneadh an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 10.

4.I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú diúltach ar chomhlíonadh aon choinníollacha de réir an tráthchláir, déanfar scaoileadh na gcistí a chomhfhreagraíonn do na coinníollacha sin a choinneáil siar. Ní scaoilfear na méideanna a coinníodh siar ach amháin nuair a bheidh údar cuí tugtha ag an Moldóiv, mar chuid den iarraidh ar scaoileadh cistí ina dhiaidh sin, go ndearna sí na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha comhfhreagracha go sásúil.

5.I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach ndearna an Mholdóiv na bearta is gá laistigh de thréimhse 12 mhí ón measúnú diúltach tosaigh dá dtagraítear i mír 4, laghdóidh an Coimisiún méid na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus méid na hiasachta i gcomhréir leis an gcuid a chomhfhreagraíonn do na coinníollacha íocaíochta ábhartha. Le linn na chéad bhliana den chur chun feidhme, beidh feidhm ag sprioc-am 24 mhí, arna ríomh ón measúnú diúltach tosaigh dá dtagraítear i mír 4. Féadfaidh an Mholdóiv a barúlacha a chur isteach laistigh de 2 mhí tar éis conclúidí an Choimisiúin a bheith curtha in iúl di.

6.Aon mhéid a chomhfhreagraíonn do choinníollacha íocaíochta nár comhlíonadh faoin 31 Nollaig 2028, ní bheidh sé dlite don Mholdóiv agus déanfar é a shaoradh, nó a chealú ón méid tacaíochta iasachta atá ar fáil, de réir mar is iomchuí.

7.Féadfaidh an Coimisiún méid na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha a laghdú agus aon mhéid a caitheadh chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach a aisghabháil ón Moldóiv, lena náirítear trí fhritháireamh, nó chun méid na hiasachta atá le heisíoc leis an Moldóiv a laghdú nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh i gcomhréir leis an gcomhaontú iasachta, i gcás cistí a íocadh go míchuí, i gcás cásanna sainaitheanta neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, nó i gcás ina bhfuil údar imní thromchúiseach ann i ndáil leis na cásanna sin, ar cásanna iad nár cheartaigh an Mholdóiv, nó i gcás aisiompú céimeanna cáilíochtúla nó cainníochtúla nó i gcásanna ina bhfaightear amach, tar éis an íocaíocht a bheith déanta, nár comhlíonadh na céimeanna go sásúil, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascraíonn as na Comhaontuithe Saoráide nó as na comhaontuithe iasachta, lena náirítear ar bhonn faisnéis arna soláthar ag OLAF nó tuarascálacha ón gCúirt Iniúchóirí. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas sula ndéanfaidh sé aon chinneadh maidir leis na laghduithe sin.

8.De mhaolú ar Airteagal 116(2) den Rialachán Airgeadais, cuirfear tús leis an sprioc-am íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 116(1), pointe (a), den Rialachán Airgeadais ón dáta a chuirfear an cinneadh lena núdaraítear an eisíocaíocht leis an Moldóiv in iúl de bhun mhír 3 den Airteagal seo.

9.Ní bheidh feidhm ag Airteagal 116(5) den Rialachán Airgeadais maidir le híocaíochtaí a dhéantar mar chúnamh airgeadais, a chuirtear go díreach chuig státchiste na Moldóive de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 23 den Rialachán seo.

10.Déanfar íocaíochtaí na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus na niasachtaí faoin Airteagal seo i gcomhréir leis na leithreasuithe buiséadacha, mar a shocraítear sa nós imeachta buiséadach bliantúil, agus faoi réir an chistithe atá ar fáil, faoi seach. Íocfar na cistí i dtráthchodanna. Féadfar tráthchuid a íoc i dtráinse amháin nó níos mó.

11.Íocfar na méideanna tar éis an chinnidh dá dtagraítear i mír 3 i gcomhréir leis an gcomhaontú iasachta.

12.Beidh íocaíocht aon mhéid den tacaíocht i bhfoirm iasachtaí faoi réir iarraidh ar íocaíocht a bheith curtha isteach ag an Moldóiv san fhoirm a leagtar amach sa chomhaontú iasachta, agus i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach sa Chomhaontú Saoráide. Ní bheidh feidhm ag an méid sin maidir le réamh-mhaoiniú a íoc.

Airteagal 20

Trédhearcacht maidir le daoine agus maidir le heintitis a fhaigheann cistiú chun an Clár Oibre Athchóiriúcháin a chur chun feidhme

1.Foilseoidh an Mholdóiv sonraí cothrom le dáta maidir le faighteoirí deiridh a fhaigheann méideanna cistithe ar mó iad ná coibhéis EUR 50 000 go carnach thar an tréimhse 3 bliana chun athchóirithe agus infheistíochtaí faoin tSaoráid seo a chur chun feidhme.

2.I gcás na bhfaighteoirí deiridh dá dtagraítear i mír 1, foilseofar an fhaisnéis seo a leanas i bhformáid mheaisín-inléite ar leathanach gréasáin, in ord na gcistí iomlána a fuarthas, agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais maidir le rúndacht agus slándáil, go háirithe cosaint sonraí pearsanta:

(a)i gcás duine dlítheanach, ainm dlíthiúil iomlán agus uimhir aitheantais CBL nó uimhir aitheantais cánach an fhaighteora, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, nó aitheantóir uathúil eile arna bhunú leis an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine dlítheanach;

(b)i gcás duine nádúrtha, céadainm agus sloinne nó céadainmneacha agus sloinnte an fhaighteora;

(c)an méid a fuair an faighteoir, agus na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí faoi Shaoráid na Moldóive a rannchuidíonn an méid sin lena gcur chun feidhme.

3.Ní fhoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 i gcás inar baol nochtadh na faisnéise sin do chearta agus do shaoirsí na bhfaighteoirí deiridh lena mbaineann nó i gcás ina ndéanfaidh sí dochar tromchúiseach dá leasanna tráchtála. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún.

4.Tarchuirfidh an Mholdóiv go leictreonach na sonraí maidir leis na faighteoirí deiridh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chuig an gCoimisiún uair sa bhliain ar a laghad, i bhformáid mheaisín-inléite atá le sainiú sa Chomhaontú Saoráide, dá dtagraítear in Airteagal 8(5)(l).

CAIBIDIL IV

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

Airteagal 21

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.Agus an tSaoráid á cur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún agus an Mholdóiv na bearta iomchuí uile chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus prionsabal na comhréireachta agus na coinníollacha sonracha faoina bhfeidhmeoidh an tSaoráid, na réamhchoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus na coinníollacha a leagtar amach sna Comhaontuithe Saoráide sonracha á gcur san áireamh, go háirithe maidir le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú, chomh maith le cionta a dhéanann difear do na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Geallfaidh an Mholdóiv go ndéanfaidh sí dul chun cinn i dtreo córais bhainistíochta agus rialúcháin atá éifeachtach agus éifeachtúil agus áiritheoidh sí gur féidir méideanna a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil.

2.Déanfar foráil sa Chomhaontú Saoráide maidir leis na hoibleagáidí seo a leanas atá ar an Moldóiv:

(a)a sheiceáil go rialta gur úsáideadh an maoiniú arna chur ar fáil i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, go háirithe maidir le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(b)sceithirí a chosaint;

(c)bearta iomchuí a dhéanamh chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú, chomh maith le cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, cistiú dúbailte a bhrath agus a sheachaint agus caingne dlí a thionscnamh chun cistí a míleithreasaíodh a aisghabháil, lena náirítear i ndáil le haon bheart chun athchóirithe agus tionscadail nó cláir infheistíochta faoin gClár Oibre Athchóiriúcháin a chur chun feidhme agus bearta iomchuí a dhéanamh chun déileáil le hiarrataí ar chúnamh frithpháirteach dlí ó OIPE agus ó údaráis inniúla na mBallstát maidir le cionta coiriúla a dhéanann difear do na cistí faoin tSaoráid, i gcás inarb infheidhme agus gan mhoill;

(d)a áirithiú, chun críoch mhír 1, go háirithe maidir le seiceálacha ar úsáid na gcistí i ndáil le cur chun feidhme athchóirithe sa Chlár Oibre Athchóiriúcháin, go mbaileofar sonraí leordhóthanacha, agus go mbeidh rochtain orthu, i gcomhréir le prionsabail an Aontais i ndáil le cosaint sonraí agus leis na rialacha is infheidhme i ndáil le cosaint sonraí, maidir le daoine agus maidir le heintitis a fhaigheann cistiú, lena náirítear faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil, chun bearta an Chláir Oibre Athchóiriúcháin faoi Chaibidil III a chur chun feidhme;

(e)údarú sainráite a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE, a gcearta a fheidhmiú dá bhforáiltear in Airteagal 129 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

3.Déanfar foráil sa Chomhaontú Saoráide freisin maidir le ceart an Choimisiúin méid na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha a sholáthraítear faoin tSaoráid a laghdú go comhréireach agus aon mhéid a caitheadh chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach a aisghabháil ón Moldóiv, lena náirítear trí fhritháireamh, agus chun méid na hiasachta atá le heisíoc leis an Tairbhí a laghdú nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh i gcomhréir leis an gcomhaontú iasachta, i gcás cistí a íocadh go míchuí, i gcásanna sainaitheanta neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, nó i gcás ina bhfuil údar imní thromchúiseach ann i ndáil leis na cásanna sin, ar cásanna iad nár cheartaigh an Mholdóiv, nó i gcásanna ina bhfaightear amach, tar éis an íocaíocht a bheith déanta, nár comhlíonadh na céimeanna go sásúil, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascraíonn as an gComhaontú Saoráide nó as an gcomhaontú iasachta. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na haisghabhála agus an laghdaithe, nó maidir leis an méid atá le haisíoc go luath, urramóidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta agus cuirfidh sé san áireamh tromchúis na neamhrialtachta, na calaoise, an éillithe nó na coinbhleachta leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, nó an tsáraithe ar oibleagáid. Tabharfar an deis don Mholdóiv a barúlacha a thíolacadh sula ndéanfar an laghdú nó sula niarrfar aisíocaíocht luath.

4.Na daoine agus na heintitis a chuireann cistí chun feidhme faoin tSaoráid, déanfaidh siad aon chás amhrasta calaoise, éillithe, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a thuairisciú gan mhoill don Choimisiún agus do OLAF.

Airteagal 22

Ról chórais inmheánacha agus údarás iniúchóireachta na Moldóive

1.Maidir leis an gcuid den chistiú ón tSaoráid a chuirtear ar fáil mar chúnamh airgeadais, is féidir leis an gCoimisiún brath ar na húdaráis iniúchóireachta arna mbunú ag an Moldóiv chun caiteachas poiblí a rialú. De réir mar is iomchuí, beidh an Coimisiún ag brath freisin ar ghrinnscrúdú daonlathach breise dá dtagraítear in Airteagal 4(9).

2.Tabharfar tosaíocht sa Chlár Oibre Athchóiriúcháin sna chéad bhlianta dá gcur chun feidhme d’athchóirithe a bhaineann le Caibidil idirbheartaíochta 32, go háirithe maidir le bainistíocht airgeadais phoiblí agus rialú inmheánach, chomh maith leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise, mar aon le Caibidlí 23 agus 24, go háirithe a mhéid a bhaineann le ceartas, éilliú agus coireacht eagraithe agus Caibidil 8, go háirithe maidir le rialú Státchabhrach.

3.Déanfaidh an Mholdóiv gan mhoill aon neamhrialtachtaí, lena náirítear calaois, arb iad ab ábhar do chinneadh príomha riaracháin nó breithiúnach, a thuairisciú don Choimisiún agus coinneoidh sí an Coimisiún ar an eolas maidir le dul chun cinn aon imeachtaí riaracháin agus dlí i ndáil leis na neamhrialtachtaí sin. Déanfar an tuairisciú sin go leictreonach, trí úsáid a bhaint as an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachta, arna bhunú ag an gCoimisiún.

4.Beidh idirphlé rialta ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1 leis an gCúirt Iniúchóirí, le OLAF agus, i gcás inarb iomchuí, le OIPE.

5.Féadfaidh an Coimisiún athbhreithnithe mionsonraithecóras a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséad na Moldóive bunaithe ar mheasúnú riosca agus ar idirphlé le húdaráis iniúchóireachta, agus moltaí a eisiúint maidir le feabhsuithe ar na córais.

6.Féadfaidh an Coimisiún moltaí don Mholdóiv a ghlacadh maidir le gach cás nach ndearna na húdaráis inniúla, dar leis, na bearta ba ghá chun na nithe seo a leanas a chosc, a bhrath agus a cheartú: calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a rinne difear do bhainistíocht fhónta airgeadais an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid, nó a bhfuil baol mór ann go ndéanfaí difear di, agus i ngach cás ina sainaithníonn sé laigí i gceapadh agus i bhfeidhmiú an chórais rialúcháin a chuir na húdaráis sin i bhfeidhm. Cuirfidh an Mholdóiv na moltaí sin chun feidhme nó tabharfaidh sí bonn cirt maidir leis an bhfáth nach ndearna sí amhlaidh.

CAIBIDIL V

FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 23

Faireachán agus tuairisciú

1.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Saoráide agus déanfaidh sé measúnú ar ghnóthú na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3. Beidh an faireachán ar an gcur chun feidhme spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gComhaontú Saoráide, agus beidh sé gan dochar do na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2021/947. Beifear ag súil leis go rannchuideoidh na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 11(2) leis an bhfaireachán a dhéanfaidh an Coimisiún ar an tSaoráid.

2.Leagfar amach sa Chomhaontú Saoráide dá dtagraítear in Airteagal 8 rialacha agus módúlachtaí don Mholdóiv chun tuairisciú don Choimisiún chun críoch mhír 1 den Airteagal seo.

3.Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le baint amach chuspóirí an Rialacháin seo. Déanfar an tuarascáil bhliantúil a chomhlánú dhá uair in aghaidh na bliana le cur i láthair ar staid na himeartha maidir le cur chun feidhme na Saoráide.

4.Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 3 ar fáil don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 27(1).

5.Tuairisceoidh an Coimisiún ar dhul chun cinn chur chun feidhme Chlár Oibre Athchóiriúcháin na Moldóive i gcomhthéacs an scórchláir a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2024/1449.

Airteagal 24

Scórchlár Saoráide

6.Taispeánfaidh an Coimisiún dul chun cinn chur chun feidhme an Chláir Oibre Athchóiriúcháin sa scórchlár Saoráide, arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2024/1449.

Airteagal 25

Meastóireacht ar an tSaoráid

1.Tar éis an 31 Nollaig 2027 agus faoin 31 Nollaig 2031 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht neamhspleách ex-post ar an Rialachán. Déanfar measúnú sa mheastóireacht ex-post sin ar rannchuidiú an Aontais le baint amach chuspóirí an Rialacháin seo.

2.Bainfear úsáid sa mheastóireacht ex-post as prionsabail dea-chleachtais Choiste Cúnaimh Forbartha ECFE, lena bhféachfar ar baineadh amach na cuspóirí agus le moltaí a cheapadh d’fhonn gníomhaíochtaí a fheabhsú sa todhchaí.

3.Déanfaidh an Coimisiún torthaí agus conclúidí na meastóireachta ex-post, i dteannta a thuairimí agus a chuid beart leantach, a chur in iúl chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig na Ballstáit. Féadfar an mheastóireacht ex-post sin a phlé arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó do na Ballstáit. Cuirfear torthaí na meastóireachtaí sin san áireamh nuair a bheidh cláir agus gníomhaíochtaí amach anseo á nullmhú agus acmhainní á leithdháileadh. Cuirfear an mheastóireacht ex-post sin agus na bearta leantacha ar fáil go poiblí.

4.Déanfaidh an Coimisiún na páirtithe leasmhara ábhartha uile a chomhlachú a oiread is iomchuí, lena náirítear an Mholdóiv, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, i bpróiseas meastóireachta an chistithe ón Aontas a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo, agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, féachaint le meastóireachtaí comhpháirteacha a dhéanamh i gcomhar leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe eile i ndlúthpháirt leis an Moldóiv.

Airteagal 26

Tuairisciú ón Moldóiv i gcomhthéacs an Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais

1.Tuairisceoidh an tairbhí uair sa bhliain i gcomhthéacs an Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais ar an dul chun cinn atá déanta le linn an chuid sin dá Chlár Oibre Athchóiriúcháin a bhaineann le hathchóiriú a bhaint amach.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 27

Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh an Coiste, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/947, cúnamh don Choimisiún.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.Maidir le gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 13(1) agus 14(2), i gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 28

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.Gan dochar do na ceanglais a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2021/947, rachaidh an Coimisiún i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide chun infheictheacht an chistithe ón Aontas don tacaíocht airgeadais atá beartaithe sa Chlár Oibre Athchóiriúcháin a áirithiú, lena náirítear trí bhíthin gníomhaíochtaí cumarsáide comhpháirteacha leis an Moldóiv. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar tacaíocht faoin tSaoráid a chur in iúl agus go dtabharfar aitheantas di trí ráiteas cistiúcháin. Gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin tSaoráid, déanfar iad i gcomhréir le ceanglais chumarsáide agus infheictheachta i ngníomhaíochtaí seachtracha arna maoiniú ag an Aontas agus i dtreoirlínte ábhartha eile.

2.Tabharfaidh faighteoir cistiú ón Aontas aitheantas go gníomhach d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh sé infheictheacht an chistithe, lena náirítear, i gcás inarb infheidhme, trí fheathal an Aontais a léiriú agus trí bhíthin ráiteas cistithe iomchuí ar a mbeidh na focail ‘arna chistiú ag an Aontas Eorpach’, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

3.Cuirfear faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht ar fáil i bhformáid inrochtana.

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán



RÁITEAS AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH3

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh3

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann3

1.3.Cuspóirí3

1.3.1.Cuspóirí ginearálta3

1.3.2.Cuspóirí sonracha3

1.3.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo3

1.3.4.Táscairí feidhmíochta3

1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:4

1.5.Forais an togra/tionscnaimh4

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh4

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.4

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart4

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile5

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh5

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige6

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme6

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA8

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe8

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe8

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe8

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú8

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)8

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc9

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH10

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar10

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe12

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí12

3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar12

3.2.1.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha17

3.2.2.An taschur a mheastar a cistíodh ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí22

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin24

3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar24

3.2.3.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha24

3.2.3.3.Leithreasuithe Iomlána24

3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach25

3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar25

3.2.4.2.Nithe arna maoiniú ó ioncaim shannta sheachtracha26

3.2.4.3.Iomlán na nacmhainní daonna a bheidh riachtanach26

3.2.5.Forbhreathnú ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha28

3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha28

3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe28

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam29

4.Gnéithe digiteacha29

4.1.Riachtanais a bhaineann le hábhar maidir le cúrsaí digiteacha30

4.2.Sonraí30

4.3.Réitigh dhigiteacha31

4.4.Measúnú idir-inoibritheachta31

4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach32

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú na Saoráide Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na Moldóive.

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

An caidreamh idir an tAontas agus an chuid eile den domhan 

1.3.Cuspóirí

1.3.1.Cuspóirí ginearálta

Is iad cuspóirí straitéiseacha na Saoráide Athchóirithe agus Fáis (dá ngairtear an tSaoráid anseo feasta) (a) tacú le próiseas an mhéadaithe trí dhlús a chur leis an ailíniú le luachanna, dlíthe, rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais (‘acquis’) trí athchóirithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas amach anseo; (b) tacú le comhtháthú na Moldóive de réir a chéile i margadh aonair an Aontais; agus (c) dlús a chur le cóineasú socheacnamaíoch gheilleagar na Moldóive leis an Aontas. Cuideoidh sé sin leis an Moldóiv leibhéal tacaíochta a fháil a bheidh inchomparáide le hiarrthóirí eile, go háirithe ós rud é nach gcumhdaítear an Mholdóiv leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais. 

1.3.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach

Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an tSaoráid:  

a)    bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe a neartú a thuilleadh, lena náirítear an smacht reachta agus cearta bunúsacha, feidhmiú institiúidí daonlathacha, lena náirítear dípholarú, riarachán poiblí agus na critéir eacnamaíocha a chomhlíonadh; áirítear leis sin breithiúnacht neamhspleách a chur chun cinn, slándáil agus cobhsaíocht a threisiú, an comhrac in aghaidh na calaoise agus gach cineál éillithe a neartú, lena náirítear éilliú ardleibhéil agus finíochas, coireacht eagraithe, coireacht trasteorann agus sciúradh airgid chomh maith le maoiniú sceimhlitheoireachta, imghabháil cánach agus calaois chánach, seachaint cánach; comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta a mhéadú; saoirse agus neamhspleáchas na meán agus saoirse acadúil a neartú; an fhuathchaint a chomhrac; timpeallacht a chumasú don tsochaí shibhialta, lena gcothaítear idirphlé sóisialta; comhionannas inscne, príomhshruthú inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní, agus neamh-idirdhealú agus caoinfhulaingt a chur chun cinn chun urraim do chearta dídeanaithe agus daoine ar de mhionlaigh iad a áirithiú agus a neartú, lena náirítear mionlaigh náisiúnta agus Romaigh, chomh maith le cearta daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirinscneacha;

b)    dul i dtreo ailíniú iomlán na Moldóive le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais (CBES), lena náirítear bearta sriantacha an Aontais;

c)    an bhréagaisnéis agus Ionramháil agus Cur Isteach Eachtrach ar Fhaisnéis faoin Aontas agus a luachanna a chomhrac;

d)    dul i dtreo beartais víosaí a chomhchuibhiú leis an Aontas;

e)    éifeachtacht an riaracháin phoiblí a threisiú, acmhainneachtaí a fhorbairt agus infheistíocht a dhéanamh i bhfoireann riaracháin sa Mholdóiv; rochtain ar fhaisnéis, grinnscrúdú poiblí agus rannpháirteachas na sochaí sibhialta i bpróisis chinnteoireachta a áirithiú; tacú le trédhearcacht, cuntasacht, athchóirithe struchtúracha agus dea-rialachas ar gach leibhéal, lena náirítear a mhéid a bhaineann lena gcumhachtaí maoirseachta agus fiosrúcháin maidir le dáileadh cistí poiblí agus rochtain orthu agus i réimsí na bainistíochta airgeadais poiblí agus an tsoláthair phoiblí agus an rialaithe Státchabhrach; tacú le tionscnaimh agus comhlachtaí a bhfuil baint acu le tacú leis an gceartas idirnáisiúnta sa Mholdóiv agus é a fhorfheidhmiú;

f)    dlús a chur le haistriú na Moldóive chuig geilleagar inbhuanaithe, aeráidneodrach agus cuimsitheach, atá in ann brú margaidh iomaíoch mhargadh aonair an Aontais a sheasamh, agus chuig timpeallacht chobhsaí infheistíochta agus a spleáchas straitéiseach a laghdú;

g)    comhtháthú eacnamaíoch na Moldóive le margadh aonair an Aontais a chothú, go háirithe trí shreafaí méadaithe trádála agus infheistíochta, agus trí shlabhraí luacha athléimneacha;

h)    tacú le comhtháthú feabhsaithe le margadh aonair an Aontais trí nascacht fheabhsaithe agus inbhuanaithe i gcomhréir le gréasáin thras-Eorpacha chun dea-chaidreamh comharsanachta a threisiú, chomh maith le teagmháil idir dhaoine;

i)    dlús a chur leis an aistriú glas cuimsitheach agus inbhuanaithe chuig an aeráidneodracht faoi 2050, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an gComhaontú Glas agus lena gcumhdófar gach earnáil eacnamaíoch, go háirithe fuinneamh, lena náirítear an taistriú i dtreo geilleagar dícharbónaithe, aeráidneodrach, aeráid-díonach agus ciorclach, agus a áirithiú go nurramóidh infheistíochtaí an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ san am céanna;

j)    an claochlú digiteach agus scileanna digiteacha a chur chun cinn mar chumasóir don fhorbairt inbhuanaithe agus don fhás cuimsitheach;

k) borradh a chur faoin nuálaíocht, faoin taighde agus faoin gcomhar idir institiúidí acadúla agus lucht an tionscail chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, tionscail áitiúla a chur chun cinn agus béim ar leith á leagan ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar ghnólachtaí nuathionscanta atá bunaithe go háitiúil;

l)    borradh a chur faoin oideachas ardcháilíochta, faoin oiliúint, faoin athsciliú agus faoin uas-sciliú ar gach leibhéal, agus béim ar leith a leagan ar an óige, lena náirítear dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc na hóige, imirce daoine oilte a chosc agus tacú le pobail leochaileacha, lena náirítear dídeanaithe, agus tacú le beartais fostaíochta, lena náirítear cearta saothair, i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus an bhochtaineacht a chomhrac.

1.3.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Meastar go gcuirfidh tacaíocht faoin tSaoráid ar chumas na Moldóive na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí is gá a chur chun feidhme chun a geilleagar a dhéanamh níos iomaíche agus a cóineasú leis an Aontas a mhéadú. Le cur chun feidhme na Saoráide, ba cheart córais rialaithe inmheánaigh agus bainistíochta airgeadais phoiblí sa Mholdóiv a threisiú freisin, chomh maith le bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis an smacht reachta agus an comhrac i gcoinne an éillithe, na calaoise agus na coireachta eagraithe. Meastar go dtacóidh sí leis an Moldóiv rochtain a fháil níos luaithe ar thairbhí mhargadh aonair an Aontais agus a lánpháirtiú san Aontas a éascú.  

1.3.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Saineofar táscairí sonracha sa Chlár Oibre Athchóiriúcháin. Ba cheart na táscairí sin a bheith bunaithe ar tháscairí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta. Ba cheart na táscairí a bheith ábhartha, glactha, inchreidte, éasca agus láidir. 

1.4.Baineann an togra/tionscnamh le: 

beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart 5  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Tá aschur eacnamaíoch agus iomaíochas na Moldóive chun deiridh ar aschur eacnamaíoch agus iomaíochas mheán an Aontais in ainneoin an dul chun cinn atá déanta aici ar an gconair aontachais leis an Aontas. Tá géarghá lena áirithiú go bhfaighidh sí tacaíocht a bheidh inchomparáide leis an tacaíocht do thíortha aontachais eile atá i mbun caibidlíochta leis an Aontas chun tacú leis an gcóineasú socheacnamaíoch agus le cur chun feidhme an chláir oibre níos leithne um méadú araon. 

Chun tairbhe iomlán a bhaint as deiseanna an Phlean Fáis, ullmhóidh an Mholdóiv Clár Oibre Athchóirithe, ina leagfar amach na príomhbhearta atá beartaithe ag an tír a dhéanamh le linn na tréimhse 2025-2027 chun dlús a chur leis an gcóineasú socheacnamaíoch leis an Aontas. Rachfar i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir leis an gClár Oibre Athchóirithe, déanfaidh sé measúnú air agus é a fhormheas freisin.  

Beidh an Clár Oibre Athchóirithe comhsheasmhach le straitéis fáis na tíre agus beidh sé ailínithe leis an gconair um méadú. Tabharfaidh sé chun cinn na príomh-athchóirithe bunúsacha a sainaithníodh sa phróiseas aontachais chomh maith le hathchóirithe socheacnamaíocha lárnacha lena dtugtar aghaidh ar easnaimh struchtúracha i gconair fáis na tíre, a chomhtháthófar sa Chlár Oibre Athchóirithe.   

Agus í mar chroílár an Phlean Fáis, tabharfar coinníollacht láidir isteach leis an tSaoráid ansin toisc go mbeidh an dul chun cinn a dhéanfar, go háirithe i ndáil le cóineasú socheacnamaíoch agus iomaíochas a fheabhsú, agus i réimse na mbunphrionsabal chomh maith, ina gcoinníollacha le haghaidh eisíocaíochtaí chistiú an Aontais.  

Maidir leis an bPlean Fáis do na Balcáin Thiar, cuirfear an tSaoráid nua chun feidhme trí shásraí seachadta a roghnaíodh chun gnóthú tapa na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí gaolmhara a uasmhéadú, agus na rialuithe riachtanacha a choinneáil agus an t‑ualach riaracháin ar an gCoimisiún, ar an Moldóiv agus ar chomhpháirtithe cur chun feidhme eile a íoslaghdú freisin. Cuirfear an tacaíocht ar fáil trí bhíthin trí shásra seachadta: 1) Tacaíocht dhíreach do bhuiséid náisiúnta na Moldóive 2) Tacaíocht d’infheistíochtaí trí Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta agus 3) fuílleach na tacaíochta neamh-inaisíoctha. 

Beidh eisíocaíochtaí díreacha leis na buiséid náisiúnta agus soláthar cistí chun tograí infheistíochta a chur isteach faoi réir dhul chun cinn agus chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta a shonraítear sa Chlár Oibre Athchóirithe. Beidh na coinníollacha íocaíochta i bhfoirm sraith céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla agus amlíne ghaolmhar le haghaidh eisíocaíochtaí a nascfar le hathchóirithe socheacnamaíocha sonracha chun fás a spreagadh, an tír a chur ar chonair chóineasaithe inbhuanaithe agus í a dhíriú i dtreo athchóirithe sonracha a bhaineann le bunphrionsabail phróiseas an mhéadaithe lena n‑áirítear an smacht reachta agus an comhrac i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe. Tar éis an chinnidh maidir leis na Cláir Oibre Athchóirithe a bheith formheasta ag an gCoimisiún (trí Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún) agus Comhaontú Saoráide agus Comhaontú Iasachta a thabhairt i gcrích, beidh an Mholdóiv incháilithe chun réamh-mhaoiniú a fháil. 

Is coinníollacha ginearálta iad cobhsaíocht mhacrairgeadais, bainistíocht fhónta airgeadais phoiblí, trédhearcacht agus formhaoirseacht ar an mbuiséad le haghaidh íocaíochtaí nach mór iad a chomhlíonadh chun cistí a scaoileadh. Déanfar íocaíochtaí de réir sceideal leathbhliantúil seasta, bunaithe ar iarrataí a bhfuil údar cuí leo ar chistí a scaoileadh arna gcur isteach ag an Moldóiv agus tar éis don Choimisiún a fhíorú gur baineadh amach na coinníollacha íocaíochta ábhartha. I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha íocaíochta, déanfaidh an Coimisiún méid comhfhreagrach ón íocaíocht a chur ar fionraí nó a asbhaint.  

Féadfar na cistí comhfhreagracha a cuireadh ar fionraí a eisíoc le linn na 12 mhí tar éis an sprioc-ama bhunaidh a leagtar amach sa Chlár Oibre Athchóirithe, ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha íocaíochta. 

Tacófar leis na hinfheistíochtaí dá bhforáiltear sna Cláir Oibre Athchóirithe trí NIP. Ní chuirfear tionscadail nó cláir ghaolmhara faoi bhráid Bhord Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta chun tuairim a iarraidh go dtí go mbeidh measúnú déanta ag an gCoimisiún ar chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta ábhartha.  

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.

Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun dlús a chur le cóineasú eacnamaíoch na Moldóive leis an Aontas agus í ar a bealach i dtreo ballraíocht ionchasach san Aontas. Fágann méid an chúnaimh a theastaíonn go bhfuil tacaíocht sheachtrach leanúnach ag teastáil ón Moldóiv i gcónaí, tacaíocht nach bhféadfadh aon Bhallstát, ná deontóir aonair, a sholáthar as féin. Tá deis uathúil ag an Aontas cúnamh seachtrach ilbhliantúil a sholáthar don Mholdóiv ar bhealach tráthúil comhordaithe intuartha. Is féidir leis an Aontas a chumas iasachtaíochta a ghiaráil freisin chun iasachtaí a thabhairt don Mholdóiv ar théarmaí buntáisteacha agus deontais a sholáthar i bpeirspictíocht ilbhliantúil.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Cuirfidh an tSaoráid leis na ceachtanna a foghlaimíodh ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a bunaíodh in 2020, agus ón tSaoráid don Úcráin a moladh le déanaí agus a glacadh i mí Feabhra 2024. Níos tábhachtaí fós, tá an tSaoráid ag teacht leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta do na Balcáin Thiar, a moladh i mí na Samhna 2023 agus a glacadh i mí na Bealtaine 2024. D’fhonn caitheamh go cothrom leis na hiarrthóirí uile, is léiriú í, chomh dílis agus is féidir, ar an Rialachán lena mbunaítear an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar ina fhoirm dheiridh, chun na barúlacha agus breisithe uile ó na comhreachtóirí agus ó sheirbhísí eile de chuid an Choimisiúin a chur san áireamh cheana féin a oiread agus ab fhéidir. Úsáideann an tSaoráid sásraí atá ann cheana, eadhon cúnamh airgeadais díreach cosúil le tacaíocht bhuiséadach agus Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta le haghaidh infheistíochtaí. Tá sé cruthaithe ag an dá ionstraim sin gur féidir le cistiú ón Aontas giaráil shuntasach a dhéanamh nuair a úsáidtear iad in éineacht le cistiú ó dheontóirí eile i gcomhthéacsanna cumaisc.

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Is é is aidhm don tSaoráid atá beartaithe ionstraim dlí a thabhairt don Aontas lena gcuirfear ar a chumas tacú leis an Moldóiv cóineasú socheacnamaíoch níos fearr a dhéanamh ar a bealach i dtreo ballraíocht san Aontas. Cuirfear méid foriomlán na Saoráide ar fáil trí iasachtaí agus trí thacaíocht neamh-inaisíoctha. Ba cheart an tacaíocht neamh-inaisíoctha a mhaoiniú ón imchlúdach a leithdháiltear ar chlár geografach na Comharsanachta faoi Airteagal 6(2)(a) de Rialachán (AE) 2021/947. Leanfaidh na forálacha uile faoi ICFCI-An Eoraip Dhomhanda d’fheidhm a bheith acu, mura luaitear a mhalairt sa Rialachán seo.   Beidh tacaíocht i bhfoirm iasachtaí ar mhéid suas le EUR 1 500 milliún ar fáil don tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2029. Ní bheidh an méid sin ina chuid de mhéid na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha de réir bhrí Airteagal 31(4) de Rialachán (AE) 2021/947. Ráthófar na hiasachtaí tríd an gCiste don Soláthar Coiteann ag ráta soláthair 9 %. 

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Cuireann buiséad an Aontais tacaíocht ar fáil cheana féin don ullmhúchán d’aontachas féideartha leis an Aontas do thíortha eile is iarrthóirí tríd an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), lena gcumhdaítear na Balcáin Thiar agus an Tuirc, agus atá bunaithe ar dheontais, ar chumasc agus ar ráthaíochtaí buiséadacha. Ag an am céanna, díríonn an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar ar chóineasú socheacnamaíoch luathaithe na mBalcán Thiar amháin, agus í bunaithe ar chur chuige difriúil, lena mbunaítear nasc láidir idir comhlíonadh na ngealltanas um athchóiriú agus rochtain ar chistiú.  

Tá an Mholdóiv i mbun caibidlíocht aontachais faoi láthair, ach tá sí á cumhdach ag ICFCI-An Eoraip Dhomhanda i gcónaí, agus í gan ionstraim thiomnaithe lena dtugtar aghaidh ar na riachtanais bhreise ar leith a eascraíonn as an gcúnamh réamhaontachais. Leis an móiminteam nua don mhéadú, tá sé tábhachtach leibhéal inchomparáide tacaíochta a chur ar fáil don Mholdóiv chun í a ullmhú dá haontachas féideartha amach anseo. Mar gheall ar an dul chun cinn atá déanta le cur chun feidhme na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais, ní féidir an ionstraim a athoscailt d’iarrthóirí eile, d’ainneoin nach féidir iasachtaí a sholáthar faoin ionstraim. Sin an fáth a bhfuil gá le hionstraim nua chun leibhéal tacaíochta a chur ar fáil a bheidh ar aon dul ó thaobh maoiniú agus módúlachtaí de lena chuirtear ar fáil do na Balcáin Thiar agus don Úcráin.  

Chun cur chun feidhme rianúil agus trédhearcach aon infheistíochtaí a shainaithnítear faoin gClár Oibre Athchóirithe a áirithiú, tá beartaithe ag an gCoimisiún úsáid a bhaint as modheolaíocht Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, modheolaíocht a tástáladh, agus na coinníollachtaí thuasluaite a choinneáil freisin.  

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   tionchar airgeadais ó 2025 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2025 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 6   

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)

an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais

comhlachtaí dlí poiblí

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais

comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha

comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Saineofar céimeanna cainníochtúla agus cáilíochtúla sonracha sa Chlár Oibre Athchóirithe (arna bhformheas ag an gCoimisiún i gcinneadh cur chun feidhme), ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta. Cuirfidh an Mholdóiv iarraidh leathbhliantúil a mbeidh údar cuí léi isteach ar an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus an iasacht a scaoileadh, ina leagfar amach conas a baineadh amach comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha sin, bunaithe ar chéimeanna cainníochtúla agus cáilíochtúla a sainaithníodh sa chinneadh cur chun feidhme. Ina theannta sin, leagfar amach sa Chomhaontú Saoráide arna tabhairt i gcrích leis an Moldóiv táscairí tuairiscithe agus faireacháin lenar cheart go bhféadfaí faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn chuspóirí ginearálta agus sonracha na Saoráide ar bhonn níos leithne. Tuairisceoidh an Coimisiún go bliantúil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 27 maidir le cur chun feidhme na gcistí a sholáthraítear faoin tSaoráid chomh maith leis an gcur chun cinn i dtreo cuspóirí. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ex-post ar an Rialachán freisin. 

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Cuirfear an tSaoráid chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach. Bainistíocht dhíreach a bheidh i gcuid di faoina ndéanfar cistí a aistriú go díreach chuig buiséad stáit na Moldóive, agus cuirfidh an Mholdóiv cuid shonrach ar fáil do thionscadail infheistíochta arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta.  

Cuirfear an straitéis rialaithe in oiriúint don chur chun feidhme faoi gach ceann de na colúin sin le húsáid faireacháin, meastóireachta agus iniúchtaí. Tabharfar aird ar leith ar chur chun feidhme na gcistí a chuirtear ar fáil don Mholdóiv mar chúnamh airgeadais díreach agus ar fhaireachán a dhéanamh ar an oibleagáid ar an Moldóiv céatadán réamhshainithe a sholáthar do thionscadail arna bhformheas faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta. Déanfar Cistí a Scaoileadh de réir sceideal leathbhliantúil seasta, bunaithe ar iarrataí arna gcur isteach ag an Moldóiv agus tar éis don Choimisiún comhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta ábhartha a fhíorú. Soláthraíonn struchtúr ilsrathach na sásraí rialaithe atá i bhfeidhm creat comhtháite chun a áirithiú go mbeidh na bearta iomchuí uile i bhfeidhm chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Ráthófar leis na coinníollacha sonracha faoina bhfeidhmeoidh an tSaoráid agus go gcuirfear prionsabal na comhréireachta san áireamh. Ina theannta sin, leis na bearta faoin gClár Oibre Athchóirithe, ba cheart rannchuidiú le feabhas a chur ar chóras éifeachtúil bainistíochta agus rialaithe airgeadais phoiblí, sciúradh airgid, seachaint cánach, imghabháil cánach, calaois agus coireacht eagraithe agus le córas éifeachtach rialaithe Státchabhrach, agus é mar aidhm leo dálaí cothroma a áirithiú do gach gnóthas. Beidh tuairisc sa Chlár Oibre Athchóirithe ar na córais sin chomh maith le céimeanna sonracha a bhaineann le Caibidil 32 chun tacú leis an Moldóiv a ceanglais iniúchóireachta agus rialaithe a thabhairt i gcomhréir le caighdeáin an Aontais. I gcás ina n‑áirítear céim a bhaineann le Caibidil 32 in iarraidh ar chistí a scaoileadh, ní ghlacfaidh an Coimisiún cinneadh lena n‑údarófar scaoileadh na gcistí ach amháin má dhéanann sé measúnú dearfach ar an gcéim sin.  

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Baineann an príomhriosca a sainaithníodh i ndáil leis an maoiniú le neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta a bhaineann le heisíocaíocht cistithe. Is iad seo a leanas na bearta a chuirfear i bhfeidhm chun an riosca sin a mhaolú:  

-measúnú ag an gCoimisiún ar chomhlíonadh na gcoinníollacha íocaíochta ábhartha roimh eisíocaíocht cistí, agus an fhéidearthacht ann na cistí a choinneáil siar;  

-an tacaíocht arna soláthar a laghdú nó a choinneáil siar, nó aon mhéid a caitheadh chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach a aisghabháil i gcásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nár cheartaigh an Mholdóiv, nó i gcás sárú tromchúiseach oibleagáide a eascróidh as na comhaontuithe a tugadh i gcrích leis an Moldóiv;  

-cistiú a chur ar fionraí i gcás nach gcomhlíonann an Mholdóiv na réamhchoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5. 

-i gcás ina n‑áirítear céim a bhaineann le Caibidil 32 in iarraidh ar chistí a scaoileadh, ní ghlacfaidh an Coimisiún cinneadh lena n‑údarófar scaoileadh na gcistí ach amháin má dhéanann sé measúnú dearfach ar an gcéim sin. 

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár) 

Déanfar ranníocaíocht a sholáthar don Mholdóiv i bhfoirm mhaoinithe nach bhfuil nasctha leis an gcostas dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.  

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Tá forálacha sonracha sa togra maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Beidh córas láidir iniúchóireachta agus rialuithe sa tSaoráid a leagfar amach i sásra ilsraitheach: áireofar athchóiriú chórais iniúchóireachta agus rialaithe na Moldóive ina chuid de na hathchóirithe faoi na Cláir Oibre Athchóirithe; ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún athbhreithnithe mionsonraithe um chórais a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid náisiúnta bunaithe ar mheasúnú riosca agus ar idirphlé leis na hÚdaráis Iniúchóireachta Náisiúnta, agus moltaí a eisiúint maidir le feabhsuithe ar na córais. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, beidh na cearta agus an rochtain is gá ag OLAF, ag an gCúirt Iniúchóirí agus ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) chun a róil faoi seach a chomhlíonadh. Cuirfear cuid infheistíochta na Saoráide chun feidhme i gcomhar le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta bunaithe ar mheasúnuithe na gcolún agus ar chreat-chomhaontuithe leo.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil 

Líne bhuiséid 

Cineál  
caiteachais 

Ranníocaíocht  

Uimhir  
 

Difreáilte/Neamhdhifreáilte3 

ó thíortha CSTE4 

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha5 

ó thríú tíortha eile 

ioncam sannta eile 

14.01.01.01 Caiteachas tacaíochta le haghaidh na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda 

14.02.01.11 Comharsanacht an Oirthir 

14.02.01.70 ICFCI — an Eoraip Dhomhanda — Soláthar an chiste don soláthar coiteann 

 

Neamhdhifreáilte 

Difreáilte 

Difreáilte 

NÍL 

NÍL 

NÍL 

NÍL 

NÍL 

NÍL 

NÍL 

NÍL 

NÍL 

NÍL 

NÍL 

NÍL 

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos

3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil

6

An Chomharsanacht agus an Domhan

AS: NEAR

Bliain
2025 7

Bliain
2026

Bliain
2027

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

14.02.01.11 8

Gealltanais

(1a)

93 600

93 600

93 600

280 800

Íocaíochtaí

(2a)

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

14.02.01.70

Gealltanais

(1b)

45 000

45 000

45 000

135 000

Íocaíochtaí

(2b)

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 9  

14.01.01.01

(3)

1 400

1 400

1 400

4 200

IOMLÁN leithreasuithe
i gcomhair AS NEAR

Gealltanais

=1a+1b +3

140 000

140 000

140 000

420 000

Íocaíochtaí

=2a+2b

+ 3

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.



IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Gealltanais

(4)

138 600

138 600

138 600

415 800

Íocaíochtaí

(5)

p.m.

p.m.

p.m.

IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 

(6)

1 400

1 400

1 400

4 200

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 6
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

140 000

140 000

140 000

420 000

Íocaíochtaí

=5+ 6

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.



Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’ 10

AS NEAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

Acmhainní daonna 

0.000

0.356

0.356

0.356

1.068

Caiteachas riaracháin eile 

0.000

0.000

0.000

0.000

0.000

IOMLÁN AS NEAR

Leithreasuithe

0.000

0.356

0.356

0.356

1.068

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)

0.000

0.356

0.356

0.356

1.068

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7

Gealltanais

0.000

140 356

140 356

140 356

421 068

den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Íocaíochtaí

0.000

140 356

140 356

140 356

421 068

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (nach bhfuil le comlánú i gcás gníomhaireachtaí díláraithe)

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Cuspóirí ginearálta

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

IOMLÁN

(a) Tacú le próiseas an mhéadaithe trí dhlús a chur leis an ailíniú le luachanna, dlíthe, rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais (‘acquis’) an Aontais trí athchóirithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas amach anseo

138 600

138 600

138 600

415 800

(b) Tacú leis an Moldóiv a chomhtháthú de réir a chéile i margadh aonair an Aontais

(c) Dlús a chur le cóineasú socheacnamaíoch gheilleagar na Moldóive leis an Aontas

IOMLÁN leithreasuithe

138 600

138 600

138 600

415 800

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos

3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN 2021 - 2027

2024

2025

2026

2027

CEANNTEIDEAL 7

Acmhainní daonna

0.000

0.356

0.356

0.356

1.068

Caiteachas riaracháin eile

0.000

0.000

0.000

0.000

0.000

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7

0.000

0.356

0.356

0.356

1.068

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

Acmhainní daonna

0.000

0.661

0.661

0.661

1.983

Caiteachas eile de chineál riaracháin

0.000

0.739

0.739

0.739

2.217

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

0.000

1.400

1.400

1.400

4.200

 

IOMLÁN

0.000

1.756

1.756

1.756

5.268

Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ó na hArd-Stiúrthóireachtaí a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh de na hArd-Stiúrthóireachtaí, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt do na hArd-Stiúrthóireachtaí atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Léiríonn na figiúirí thuas riachtanais bhreise AS NEAR.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Oibreoidh na FTEnna ar fhorbairt beartais, saincheisteanna dlí, agus béim ar leith á leagan ar chúrsaí soláthair, bainistíocht airgeadais, bainistíocht conarthaí, iniúchadh, faireachán, tuairisciú agus meastóireacht. 2 AD

Foireann sheachtrach

3 sa Cheanncheathrú agus 2 i dToscaireacht na Moldóive. Oibreoidh na FTEnna ar fhorbairt beartais, saincheisteanna dlí, agus béim ar leith á leagan ar chúrsaí soláthair, bainistíocht airgeadais, bainistíocht conarthaí, iniúchadh, faireachán, tuairisciú agus meastóireacht.

3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos

3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha (FTEnna) 11

LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

2024

2025

2026

2027

 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

0

0

0

0

20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais)

0

0

0

0

01 01 01 01(Taighde indíreach)

0

0

0

0

01 01 01 11 (Taighde díreach)

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh)

0

0

0

0

• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha)

20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

0

0

0

0

20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)

0

0

0

0

Riarachán Líne tacaíochta
[14.01.01.01]

- sa Cheanncheathrú

0

0

0

0

- i dToscaireachtaí AE

0

0

0

0

01 01 01 02(AC, END - Taighde indíreach)

0

0

0

0

01 01 01 12 (AC, END – Taighde díreach)

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 7

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 7

0

0

0

0

IOMLÁN

0

0

0

0

An fhoireann is gá chun an togra a chur chun feidhme (in aonaid de choibhéis lánaimseartha):

Le cumhdach ag baill foirne reatha atá ar fáil i seirbhísí an Choimisiúin

Foireann bhreise eisceachtúil*

Le maoiniú faoi Cheannteideal 7

Le maoiniú ó líne BA

Le maoiniú ó tháillí

Poist sa phlean bunaíochta

N/B

N/B

2

N/B

Foireann sheachtrach (CA, SNEnna, INT)

N/B

N/B

5

N/B

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag:

Oifigigh agus foireann shealadach

Oibreoidh na FTEnna ar fhorbairt beartais, saincheisteanna dlí, agus béim ar leith á leagan ar chúrsaí soláthair, bainistíocht airgeadais, bainistíocht conarthaí, iniúchadh, faireachán, tuairisciú agus meastóireacht. 2 AD

Foireann sheachtrach

3 sa Cheanncheathrú agus 2 i dToscaireacht na Moldóive. Oibreoidh na FTEnna ar fhorbairt beartais, saincheisteanna dlí, agus béim ar leith á leagan ar chúrsaí soláthair, bainistíocht airgeadais, bainistíocht conarthaí, iniúchadh, faireachán, tuairisciú agus meastóireacht.

3.2.5.Forbhreathnú ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha

Éigeantach: na hinfheistíochtaí atá i gceist leis an togra/tionscnamh seo arb infheistíochtaí iad a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha, ba cheart meastachán chomh maith agus is féidir ina dtaobh a chur sa tábla thíos.

Go heisceachtúil, ba cheart na leithreasuithe faoi Cheannteideal 7 a chur sa líne atá ainmnithe chuige sin, i gcásanna inar gá sin chun an togra/tionscnamh a chur chun feidhme.

Is mar ‘Chaiteachas beartais ar TF i dtaca le cláir oibríochtúla’ is ceart na leithreasuithe faoi Cheannteidil 1-6 a chur in iúl. Tagraíonn an caiteachas sin don bhuiséad oibríochtúil atá le húsáid i gcomhair athúsáid/ceannach/forbairt ardán/uirlisí TF atá nasctha go díreach le cur chun feidhme an tionscnaimh, agus i gcomhair na n‑infheistíochtaí a bhaineann leis na hardáin/uirlisí sin (e.g. ceadúnais, staidéir, stóráil sonraí etc). An fhaisnéis a sholáthraítear sa tábla seo, ba cheart í a bheith comhsheasmhach leis na mionsonraí a chuirtear i láthair faoi Roinn 4 ‘Gnéithe digiteacha’.

IOMLÁN Na leithreasuithe digiteacha agus TF

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021 ‑ 2027

2024

2025

2026

2027

CEANNTEIDEAL 7

Caiteachas TF (corparáideach) 

0.000

0.000

0.000

0.000

0.000

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7

0.000

0.000

0.000

0.000

0.000

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

Caiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla

0.000

0.000

0.000

0.000

0.000

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

0.000

0.000

0.000

0.000

0.000

 

IOMLÁN

0.000

0.000

0.000

0.000

0.000

3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI)

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI

3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2024

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

   má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 12

Bliain 2024

Bliain 2025

Bliain 2026

Bliain 2027

Airteagal ….

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

4.Gnéithe digiteacha

4.1.Riachtanais a bhaineann le hábhar maidir le cúrsaí digiteacha

4.2.Sonraí

4.3.Réitigh dhigiteacha

4.4.Measúnú idir-inoibritheachta

4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach

(1)    Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú
(2)    COM(2020) 57 final
(3)    Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, IO L 239, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.
(4)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2), pointe (a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(5)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget-implementation/Pages/implementation-methods.aspx .
(6)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta ina dhiaidh sin.
(7)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(8)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(9)    Is trí úsáid a bhaint as na figiúirí maidir le meánchostas bliantúil atá le fáil ar an leathanach gréasáin iomchuí de chuid BUDGpedia ba cheart na leithreasuithe is gá a chinneadh.
(10)    Sonraigh thíos cá mhéad de FTEnna arna gcur in iúl a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar féidir iad a ath-imlonnú laistigh de d’Ard-Stiúrthóireacht, maille leis na glanriachtanais atá agat.
(11)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis 20 % a bhaint díobh le haghaidh costais bhailiúcháin.