An Bhruiséil,18.10.2024

COM(2024) 467 final

2024/0256(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2025 a ghlacadh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Stiúrtha Réigiúnach arna bhunú faoin gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (‘TCT’) i ndáil le cinneadh atá beartaithe a ghlacadh maidir le buiséad 2025 an Chomhphobail Iompair.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair

An 1 Bealtaine 2019, rinne Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht na Macadóine Thuaidh, an Chosaiv 1*, Montainéagró agus Poblacht na Seirbia (dá ngairtear Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa anseo feasta) TCT a dhaingniú. Is páirtí é an tAontas Eorpach in TCT, tar éis Cinneadh ón gComhairle a ghlacadh an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair 2 . Tháinig TCT i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019.

2.2.An Coiste Stiúrtha Réigiúnach

Bunaítear an Coiste Stiúrtha Réigiúnach le hAirteagal 24 de TCT. Tá an coiste freagrach as TCT a riar agus as a áirithiú go gcuirfear chun feidhme é mar is cuí. Chun na críche sin, déanann sé moltaí agus cinntí sna cásanna sin dá bhforáiltear in TCT. Go sonrach, déanann an Coiste Stiúrtha Réigiúnach an méid seo a leanas:

(a)ullmhaíonn sé obair na Comhairle Aireachta,

(b)déanann sé cinntí maidir le coistí teicniúla a bhunú,

(c)a mhéid a bhaineann le gníomhartha nuaghlactha de chuid an Aontais, gníomhaíonn sé de réir mar is iomchuí, go háirithe trí Iarscríbhinn I a ghabhann le TCT a athbhreithniú,

(d)ceapann sé Stiúrthóir na Buan-Rúnaíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle Aireachta,

(e)féadfaidh sé Leas-Stiúrthóir amháin nó níos mó a cheapadh ar an mBuan-Rúnaíocht,

(f)leagann sé síos rialacha na Buan-Rúnaíochta,

(g)féadfaidh sé, trí bhíthin cinnidh, leibhéal na ranníocaíochtaí buiséid a athbhreithniú,

(h)glacann sé buiséad bliantúil an Chomhphobail Iompair,

(i)glacann sé cinneadh lena sonraítear an nós imeachta um chur chun feidhme an bhuiséid, cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh agus cigireacht a dhéanamh,

(j)déanann sé cinntí faoi dhíospóidí a chuireann na Páirtithe Conarthacha ina láthair,

(k)glacann sé prionsabail ghinearálta ó thaobh rochtain a fháil ar dhoiciméid, i ndáil le doiciméid atá i seilbh comhlachtaí a bunaíodh le TCT, nó a bunaíodh faoi TCT,

(l)glacann sé tuarascálacha bliantúla a chuirtear faoi bhráid na Comhairle Aireachta, maidir le cur chun feidhme an Ghréasáin Chuimsithigh; agus

(m)i ndáil le gníomhartha áirithe de chuid an Aontais, bunaíonn sé teorainneacha ama agus bealaí i gcomhair thrasuí na ngníomhartha sin ag Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa.

Ionadaí amháin, agus ionadaí malartach amháin, thar ceann gach Páirtí Chonarthaigh, sin atá ar an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach. Is féidir le Ballstáit uile an Aontais a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí.

Is d’aon toil a ghníomhaíonn an Coiste Stiúrtha Réigiúnach.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach

In 2024, ag a sheisiún deireanach, tá an Coiste Stiúrtha Réigiúnach le cinneadh a ghlacadh maidir le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2025 (‘an gníomh atá beartaithe’).

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe buiséad bliantúil an Chomhphobail Iompair a chinneadh le haghaidh 2025.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 25(1) de TCT, lena bhforáiltear an méid seo a leanas: ‘Beidh cinneadh ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach ina cheangal ar na Páirtithe Conarthacha. Aon uair a bheidh ceanglas i gcinneadh arna dhéanamh ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach go ngníomhóidh Páirtí Conarthach, déanfaidh an Páirtí sin na bearta is gá agus cuirfidh sé an Coiste Stiúrtha Réigiúnach ar an eolas ina leith sin.’

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Leagtar amach an ranníocaíocht a dhéanfar le buiséad an Chomhphobail Iompair in Iarscríbhinn V a ghabhann le TCT. Is é 80 % an sciar den bhuiséad a sholáthraíonn an tAontas Eorpach agus soláthróidh Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa an 20 % eile.

Ba é EUR 3 121 200 méid iomlán an bhuiséid le haghaidh 2024. EUR 2 496 960 (80 %) de sin, is ón Aontas Eorpach a fuarthas é, agus fuarthas EUR 624 240 de ó Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa.

Le haghaidh 2025, tá sé beartaithe gur buiséad EUR 3 121 200 a bheidh ann go fóill. Is ón Aontas Eorpach a thiocfaidh 80 % de na creidmheasanna úra (EUR 2 496 960), agus an 20 % eile díobh (EUR 624 240), is ó Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa a thiocfaidh siad.

Le hais 2024, is ar an leibhéal céanna fós a bheidh an buiséad atá beartaithe le haghaidh 2025. Leis an méid sin cumhdófar costais reatha na Buan-Rúnaíochta agus eagrú chruinnithe chomhlachtaí éagsúla an Chomhphobail Iompair. Ina theannta sin, dírítear fócas láidir leanúnach le buiséad 2025 ar ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus ar chúnamh teicniúil le haghaidh na gComhpháirtithe Réigiúnacha.

Glacadh an chinnidh seo ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach, is rud é a bhfuil gá leis ar mhaithe le TCT a chur chun feidhme, agus chun go bhfeidhmeoidh an Bhuan-Rúnaíocht.

4.An bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a dfhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 3 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Comhlacht a bunaíodh le conradh, mar atá TCT, is ea an Coiste Stiúrtha Réigiúnach.

An gníomh a iarrtar ar an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 25(1) TCT. Ní dhéantar creat institiúideach TCT a fhorlíonadh ná a leasú leis an ngníomh atá beartaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe agus a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.

Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí éagsúla á saothrú leis an tráth céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad atá i ndlúthnasc do-scartha le chéile gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an chinn eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis chomhfhreagracha dlí éagsúla a áireamh sa bhunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

An gníomh atá beartaithe, tá sé riachtanach chun go bhfeidhmeoidh TCT mar is cuí. Dá réir sin, le TCT saothraítear cuspóirí i réimse an iompair de bhóthar, d’iarnród agus d’uiscebhealaí intíre, ar modhanna iompair iad a chumhdaítear le hAirteagal 91 CFAE, agus i réimse an iompair de mhuir freisin, modh iompair a chumhdaítear le hAirteagal 100(2) CFAE, agus tá comhpháirteanna de TCT sna réimsí sin. Ós gníomh cothrománach é, baineann an gníomh atá beartaithe leis na heilimintí sin uile. Tá na heilimintí sin uile i ndlúthnasc do-scartha le chéile gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an chinn eile.

Dá bhrí sin, is iad na forálacha seo a leanas bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe: Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) CFAE.

4.3.Conclúid

Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

I gcomhréir le hAirteagal 25(2) den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, foilseofar na cinntí ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2024/0256 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2025 a ghlacadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rinneadh an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair 4 (TCT) a fhormheas thar ceann an Aontais trí bhíthin Chinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle 5 . Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019.

(2)De bhun Airteagal 35 de TCT, tá Coiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair (an Coiste Stiúrtha) le buiséad an Chomhphobail Iompair a ghlacadh gach bliain. Ina theannta sin, le hAirteagal 35 de TCT tugtar de chumhacht don Choiste Stiúrtha cinntí a ghlacadh lena sonraítear an nós imeachta um chur chun feidhme an bhuiséid.

(3)Tá an Coiste Stiúrtha Réigiúnach le cinneadh a ghlacadh maidir le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2025 ag a sheisiún deireanach in 2024.

(4)An buiséad atá beartaithe i gcomhair an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2025, tá gá leis chun go bhfeidhmeoidh comhlachtaí an Chomhphobail Iompair mar is cuí. Cumhdaítear leis na costais a bhaineann le hacmhainní daonna, taisteal, trealamh agus bogearraí TF, chomh maith le caiteachas oibríochtúil, mar atá staidéir, fothú acmhainneachta, cúnamh teicniúil agus eagrú comhdhálacha agus cruinnithe.

(5)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Choiste Stiúrtha i ndáil leis an gcinneadh maidir le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2025 a ghlacadh, is iomchuí an seasamh sin a leagan síos, ós rud é go mbeidh an cinneadh sin ina cheangal ar an Aontas, ar cinneadh é a bhfuil gá leis chun go bhfeidhmeoidh Bhuan-Rúnaíocht an Chomhphobail Iompair.

(6)Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais laistigh den Choiste Stiúrtha a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2025 a ghlacadh, is seasamh é a bheidh bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1) *    Ní dochar an tainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(2)    Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 71, 13.3.2019, lch. 1).
(3)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4)    IO L 278, 27.10.2017, lch. 3.
(5)    Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 71, 13.3.2019, lch. 1).

An Bhruiséil,18.10.2024

COM(2024) 467 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2025 a ghlacadh









IARSCRÍBHINN

DRÉACHT

CINNEADH UIMH. .../2024 
Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH

AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

an …

maidir le glacadh bhuiséad an Chomhphobail Iompair

le haghaidh na bliana 2025

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair 1 , agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 35 de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal Aonair

Glactar leis seo buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2025, atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Arna dhéanamh i/sa…, an… 2024.

   Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

   An tUachtarán



BUISÉAD AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR LE hAGHAIDH 2025

Líne Bhuiséid

Méid

(EUR)

1.An Bhuan-Rúnaíocht

1.1.Acmhainní Daonna

1 456 805

1.2.Costais Taistil

132 239

1.3.Costais Oifige, Trealamh agus Bogearraí

414 920

1.4.Costais agus Seirbhísí Eile, lena náirítear:

Seirbhísí Seachfhoinsithe agus Seirbhísí Eile (Iniúchadh, Infheictheacht, Oiliúint Foirne, Muirir bhainc)

Fothú Acmhainneachta

Costais Cruinnithe agus Chomhdhála

Costais Teicneolaíochta Faisnéise agus Chumarsáide

Costais Earcaíochta

743 650

1.5.Staidéir, Cúnamh Teicniúil chun tacú le cur chun feidhme Acquis agus Phleananna Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh

130 000

2.An Chomhairle Aireachta

2.1.Costais Cruinnithe agus Chomhdhála

17 000

3.An Coiste Stiúrtha Réigiúnach

3.1.Costais Cruinnithe agus Chomhdhála

17 944

4.Coistí Teicniúla

4.1.Costais Cruinnithe agus Chomhdhála

192 384

5.An Fóram Sóisialta

5.1.Costais Cruinnithe agus Chomhdhála

9 808

6.An Coiste um an mBuiséad

6.1.Costais Cruinnithe agus Chomhdhála

6 450

An Comhiomlán

3 121 200

Ranníocaíocht ón Aontas Eorpach (80 % den chomhiomlán)

2 496 960

Ranníocaíocht ó Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa (20 % den chomhiomlán: tugtar an dáileadh de réir tíre in Iarscríbhinn V a ghabhann le TCT)

624 240

(1)    IO AE L 278, 27.10.2017, lch. 3.