An Bhruiséil,20.9.2024

COM(2024) 426 final

2024/0234(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an sásra comhair le haghaidh iasachtaí don Úcráin agus lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá an tAontas ag leanúint de thacú go dílis leis an Úcráin, tír a bhfuil todhchaí aici laistigh den Aontas Eorpach. Tacaíonn an tAontas le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus tá sé diongbháilte ina thiomantas tacaíocht pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a chur ar fáil 1 . I bhfianaise fhogha na Rúise atá ag dul in olcas, is gá gníomhú go tapa chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an Úcráin ar na hacmhainní atá de dhíth go práinneach uirthi. Tá an togra seo ceaptha chun a áirithiú go mbunófar sásra nua roimh dheireadh na bliana seo chun cistí a shlógadh don Úcráin agus déantar foráil ann freisin maidir le Cúnamh Macrairgeadais eisceachtúil chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais phráinneacha sin.

An 24 Feabhra 2022 sheol an Rúis ionradh míleata iomlán ar an Úcráin, ionradh a raibh iarmhairtí tubaisteacha aige don Úcráin agus do mhuintir na hÚcráine. Leis an ngéarú atá déanta ag an Rúis le déanaí ar a cogadh foghach brúidiúil in aghaidh na hÚcráine, dearbhaítear go bhfuil rún daingean aici cearta bunúsacha na hÚcráine chun neamhspleáchais, ceannasachta agus iomláine críochaí laistigh dá teorainneacha, teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, a shárú agus a hinmharthanacht mar Stát a scriosadh. Tá meas agus buíochas as cuimse tuillte ag muintir na hÚcráine as an gcrógacht, an misneach agus an dhiongbháilteacht atá léirithe acu agus a tír á cosaint acu.

Cháin an tAontas, in éineacht lena Bhallstáit, go haonchiallach gníomhaíochtaí na Rúise agus thug sé tacaíocht gan fasach don Úcráin. Tá cúnamh forleathan curtha ar fáil ag an Aontas, a Bhallstáit agus Institiúidí Airgeadais na hEorpa le chéile don Úcráin agus dá muintir ó thús an chogaidh, cúnamh ar fiú EUR 118 mbilliún é. Léiríonn sé sin tiomantas an Aontais chun cuidiú leis an Úcráin a fhad agus a mhéad is gá.

Mar sin féin, tá méadú tagtha ar riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine mar gheall ar fhogha treisithe na Rúise. Is léir go mbeidh gá le foinsí breise maoiniúcháin ón Aontas agus ón gcomhphobal idirnáisiúnta araon. Le riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine le haghaidh 2025, sárófar na réamh-mheastacháin atá ann cheana ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), ar glacadh leis ina cheathrú hathbhreithniú ar Chlár CAI go dtabharfaí an cogadh chun críche faoi dheireadh 2024. Tá cuma ag teacht ar an toimhde sin nach dócha go dtarlódh sé, agus leis an dearbhú buiséid ón Úcráin a glacadh le déanaí, a forbraíodh i gcomhar le CAI, cuirtear USD 12 bhilliún breise réamh-mheasta lena riachtanais mhaoiniúcháin do 2025, rud a fhágann gurb é USD 38 mbilliún an t‑iomlán. Cé go bhfuil bearta á gcur chun feidhme ag an Úcráin chun ioncam a mhéadú agus chun caiteachas neamhriachtanach a laghdú, tá spás teoranta ann anois le haghaidh ciorruithe breise, agus is beag scóip atá ann le haghaidh bearta intíre chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais bhreise. D’fhéadfadh tuilleadh méaduithe leathana ar cháin dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht eacnamaíoch, atá i mbaol breise cheana féin tar éis ionsaithe leanúnacha ar phríomhbhonneagar fuinnimh agus eile, agus ganntanas lucht saothair de bharr easáitiú leanúnach daoine agus slógadh saighdiúirí. Tá tacaíocht airgeadais ghasta ríthábhachtach chun cuidiú leis an Úcráin feidhmeanna ríthábhachtacha stáit a choinneáil ar bun, cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a áirithiú agus bonneagar criticiúil a athshlánú. Tagann na riachtanais sin sa bhreis ar na riachtanais mhóra maidir le téarnamh meántéarmach agus atógáil mheántéarmach.

Sa ráiteas ón gcruinniú mullaigh an 14 Meitheamh 2024 2 , d’athdhearbhaigh ceannairí G7 go bhfuil rún daingean acu leanúint de thacaíocht mhíleata, bhuiséadach, dhaonnúil agus atógála a chur ar fáil don Úcráin. Chuige sin, d’fhógair Ceannairí G7 seoladh na nIasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Úrghnach don Úcráin, chun thart ar USD 50 billiún de chistiú breise a chur ar fáil faoi dheireadh 2024.

Leis an togra a cuireadh chun cinn inniu, tugtar an chéim sin chun cinn trína áirithiú gur féidir tacaíocht leanúnach don Úcráin a thabhairt trí chur chuige comhchoiteann ón gcomhphobal idirnáisiúnta. Cumasófar é sin trí shásra a chruthú lena gcuirfear tacaíocht ar fáil don Úcráin chun iasachtaí ó chomhpháirtithe G7 a sheirbhísiú agus a aisíoc in éineacht le hiasacht cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil nua ón Aontas.

Ioncam urghnách a ghiaráil chun tacú le hiasachtaí don Úcráin

Mar chuid de na smachtbhannaí a d’fhorchuir an tAontas ar an Rúis mar fhreagairt ar a gníomhaíochtaí san Úcráin, tá bac gluaiseachta curtha ar shócmhainní Bhanc Ceannais na Rúise atá i seilbh institiúidí airgeadais sna Ballstáit ó mhí Feabhra 2022 3 . Is iad na sócmhainní atá i seilbh san Aontas, ar fiú thart ar EUR 210 mbilliún iad, formhór na sócmhainní blocáilte sin ar fud an domhain. Leis an toirmeasc ar idirbhearta ar na sócmhainní sin gintear carnadh airgid urghnách gan choinne ar chláir chomhardaithe na dtaisclann lárnach urrús 4 . Ag brath ar leibhéal na rátaí úis, meastar an tioncam urghnách a bheith suas le EUR 4-5 bhilliún in aghaidh na bliana.

Ní gá ioncam urghnách gan choinne a chumhdaítear faoin gCinneadh seo a chur ar fáil do Bhanc Ceannais na Rúise faoi na rialacha is infheidhme, fiú nuair a thiocfaidh deireadh leis an mblocáil. Mar thoradh ar chur chun feidhme na mbeart sriantach 5 , ní féidir le taisclanna lárnacha urrús a bheith ag coinne le tairbhe a bhaint astu.

Le Cinneadh (CBES) 2024/577 6 ón gComhairle, rinneadh foráil maidir le bearta a mbeidh feidhm acu ón 15 Feabhra 2024, lena leagtar síos rialacha maidir leis an ioncam urghnách a eascraíonn as an díluailiú a chur i leataobh. Ina dhiaidh sin, i mí na Bealtaine 2024, rinneadh bearta chun na glanbhrabúis a tháinig ina dhiaidh sin a úsáid ar mhaithe leis an Úcráin 7 . Tá siad sin á núsáid faoi láthair i bhfoirm ranníocaíochta airgeadais chun tacú le cuspóirí míleata agus atógála araon. Faoi láthair, foráiltear le bearta sriantacha an Aontais go leithdháilfear 90 % den ranníocaíocht airgeadais ar an tSaoráid Eorpach Síochána agus 10 % ar an tSaoráid don Úcráin. Léiríonn sé sin riachtanais phráinneacha mhíleata na hÚcráine. Leis na rialacha ábhartha maidir le bearta sriantacha, áfach, is féidir athbhreithniú a dhéanamh ar an leithdháileadh sin.

Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin

I mí an Mheithimh 2024, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún, ar an Ardionadaí agus ar an gComhairle leanúint den obair chun cistiú breise a chur ar fáil don Úcráin faoi dheireadh na bliana. I gcomhréir le torthaí chruinniú mullaigh G7, is i bhfoirm iasachtaí a dhéanfaí é sin a sheirbhísiú agus a aisíoc le sreafaí ioncaim urghnách amach anseo. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go soiléir gur ceapadh an déantús sin le go bhféadfaí seirbhísiú agus aisíoc a dhéanamh ní hamháin ar iasacht ón Aontas Eorpach, ach ar iasacht ó chomhpháirtithe eile G7 freisin. Dúirt an Chomhairle Eorpach freisin gur cheart sócmhainní na Rúise a bheith doghluaiste go dtí go gcuirfidh an Rúis deireadh lena cogadh foghach in aghaidh na hÚcráine agus go gcúiteoidh sí í as an damáiste a rinne an cogadh sin. Is gealltanas é sin chun bac gluaiseachta na sócmhainní a choinneáil ar bun agus, dá bhrí sin, bailiú na ranníocaíochta airgeadais arna tiomsú ar na brabúis urghnácha, lena gcuirtear foinse cistí ar fáil chun iasachtaí na hÚcráine a sheirbhísiú agus a aisíoc go dtí go mbeidh cúiteamh ón Rúis ar fáil chun na hiasachtaí a íoc. 

Tacóidh an togra reatha le comhpháirtithe G7 iasachtaí a eisiúint don Úcráin i gcomhthráth le hiasacht cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil an Aontais, d’fhonn an méid iomlán atá beartaithe ag cruinniú mullaigh G7 a bhaint amach. Go sonrach, chruthódh an togra seo Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin chun tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a chur ar fáil don Úcráin chun cabhrú léi iasachtaí arna soláthar ag comhpháirtithe G7 a aisíoc. Thacófaí le haisíocaíocht na n‑iasachtaí le fáltais ó shreafaí amach anseo den bhrabús urghnách a eascraíonn as sócmhainní blocáilte na Rúise san Aontas, chomh maith le bheith oscailte d’fhoinsí eile, lena n‑áirítear ioncam urghnách a ghintear i ndlínsí ábhartha eile.

Dhéanfadh an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin na méideanna sin arna bhfáil a eisíoc ar bhonn rialta, ionas gur féidir leis an Úcráin príomhshuim agus ús iasachtaí incháilithe don Aontas agus iasachtóirí eile G7 a chumhdach ar bhonn pro rata de réir phríomhshuim gach iasachta.

Tugann gach iasachtóir riosca iarmharach ar aghaidh dá n‑iasachtaí faoi seach. Soiléireofar le comhaontú iasachta leis an Úcráin go n‑áiritheofar leis na cistí sin go n‑aisíocfaidh an Úcráin na hiasachtaí a luaithe a íocfaidh an t‑ionsaitheoir cúiteamh. Ós rud é go bhfuil an t‑ioncam ó shócmhainní blocáilte na Rúise mar bhonn taca faoi na hiasachtaí, ní chuirfidh siad le hualach fiachais na hÚcráine.

Chun an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin a oibríochtú, ní mór leithdháileadh an mhéid arna íoc ag taisclanna lárnacha urrús mar a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2024/1470 ón gComhairle agus in Iarscríbhinn XLI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle a choigeartú. Tá an Coimisiún agus an tArdionadaí ag ullmhú na dtograí dlíthiúla le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme lena modhnaítear an leithdháileadh. Thairis sin, chun próifíl íocaíochta thacaíocht bhuiséadach uile an Aontais don Úcráin a dhéanamh níos rianúla, féadfar sceideal íocaíochta na Saoráide don Úcráin a leasú. Tá faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar leibhéal iomlán na tacaíochta airgeadais don Úcráin agus féadfaidh sé togra a ullmhú chun an sceideal íocaíochta sin a leasú de réir mar is gá agus más gá.

Beidh na míonna atá le teacht cinntitheach chun tiomantas comhchoiteann G7 a léiriú i bhfoirm iasachtaí den sórt sin, rud a éilíonn iarracht chomhordaithe idirnáisiúnta agus dlúthchomhar i measc comhpháirtithe idirnáisiúnta. Tá sé práinneach na tograí a ghlacadh roimh dheireadh mhí Dheireadh Fómhair, ionas gur féidir an iasacht ón Aontas a scaoileadh roimh dheireadh 2024 le haghaidh eisíocaíochtaí amach anseo i dtráinsí agus chun gur féidir úsáid a bhaint as an ráthaíocht lamháilte a deonaíodh cheana féin.

Cúnamh airgeadais ón Aontas don Úcráin

Comhlánóidh an togra seo an tacaíocht atá ar siúl cheana féin. Chuir an tAontas, a Bhallstáit agus Institiúidí Airgeadais na hEorpa le chéile os cionn EUR 118 mbilliún ar fáil i ndeontais agus in iasachtaí a thacaíonn le hiarracht chogaidh na hÚcráine agus lena geilleagar, rud a chuidíonn le seirbhísí bunúsacha a choinneáil ar bun agus le hatógáil luath, cúnamh daonnúil agus cuidiú a chur ar fáil dóibh siúd atá ag teitheadh ón gcogadh. Mar chuid den chúnamh míleata, tá tacaíocht mhíleata dar luach EUR 6,1 billiún á cur ar fáil ag an Aontas tríd an tSaoráid Eorpach Síochána, rud a mhéadóidh in 2024 trí úsáid a bhaint as ioncam ó shócmhainní blocáilte na Rúise. Den mhéid iomlán, tá os cionn EUR 45 bhilliún curtha ar fáil nó ráthaithe ag buiséad an Aontais mar thacaíocht bhuiséadach, chomh maith le cúnamh daonnúil agus éigeandála. Áirítear leis sin eisíocaíochtaí dar luach EUR 25,2 billiún faoi cheithre oibríocht cúnaimh macrairgeadais chun cuidiú leis an Úcráin aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin, agus eisíocaíochtaí dar luach EUR 12,2 billiún go dtí seo faoin tSaoráid don Úcráin.

Leis an gcúnamh macrairgeadais substaintiúil a thug an tAontas don Úcráin in 2022 agus 2023, cuireadh go mór le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch na hÚcráine. Le cobhsú an airgeadais phoiblí, bhí an Úcráin in ann seirbhísí fíor-riachtanacha a choinneáil ar bun dá muintir, chomh maith le hacmhainní a shaoradh chun go mbeadh géarghá le cosaint mhíleata in aghaidh fhogha na Rúise. Chuidigh sé freisin le cur chun feidhme athchóirithe eacnamaíocha ríthábhachtacha a chur chun cinn. In 2024, le cuntas teiste cruthaithe na hÚcráine maidir le hathchóiriú, réitíodh an bealach chun an tSaoráid don Úcráin ar fiú EUR 50 billiún í a ghlacadh, ionstraim mheántéarmach chun foinse leanúnach intuartha sholúbtha maoiniúcháin a chur ar fáil don Úcráin go dtí 2027, agus a áirithiú ag an am céanna go leanfaidh an Úcráin d’athchóirithe riachtanacha a dhéanamh, go háirithe i bhfianaise a conaire aontachais. Sa chomhthéacs sin, ghlac údaráis na hÚcráine Plean na hÚcráine, an clár oibre uileghabhálach um athchóiriú don tréimhse 2024-2027. Cuideoidh maoiniú faoin tSaoráid leis an Úcráin a córas riaracháin a choinneáil ar bun, seirbhísí poiblí bunúsacha a chur ar fáil, agus tacú le téarnamh agus atógáil. Tá athchóirithe agus infheistíochtaí tábhachtacha i bPlean na hÚcráine lenar féidir borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch inbhuanaithe agus infheistíochtaí a mhealladh, chun acmhainneacht fáis na tíre a mhéadú sa mheántéarma agus san fhadtéarma. In 2024 amháin, tá coinne leis go n‑eisíocfaidh an tSaoráid EUR 16 bhilliún faoina Colún I, faoi réir bearta Phlean na hÚcráine a chur chun feidhme go tráthúil agus go rathúil den chuid is mó, rud a fhágfaidh ní hamháin gur foinse thábhachtach maoiniúcháin í, ach gur príomhchreat í freisin atá mar bhonn taca faoi iarrachtaí athchóirithe na hÚcráine.

Déantar foráil sa togra seo maidir le cúnamh macrairgeadais eisceachtúil chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais mhéadaithe. Cuirfear an cúnamh sin ar fáil ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil agus tráthúil chun riachtanais láithreacha a mhaoiniú, chun bonneagar criticiúil a athshlánú, agus chun tacaíocht tosaigh a thabhairt d’atógáil inbhuanaithe iarchogaidh, ag tacú leis an Úcráin ar a bealach i dtreo lánpháirtiú na hEorpa. Beidh eisíocaíocht nasctha le réamhchoinníollacha agus coinníollacha beartais atá le leagan amach i Meabhrán Tuisceana idir an Coimisiún agus an Úcráin. Ba cheart na coinníollacha sin a bheith comhsheasmhach leis na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla atá i bPlean na hÚcráine.

Le ranníocaíocht an Aontais tríd an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil, cuirfear spás fioscach ar fáil don Úcráin chun a roghanna caiteachais a dhéanamh de réir na riachtanas is práinní atá aici, lena n‑áirítear a téarnamh agus a hatógáil chomh maith lena féinchosaint in aghaidh chogadh foghach na Rúise. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí go dtabharfaidh an Úcráin gealltanas an comhar leis an Aontas a chur chun cinn maidir le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú thionscal cosanta na hÚcráine, i gcomhréir le cuspóirí an Chláir Eorpaigh um an Tionscal Cosanta (EDIP) agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais.

Chun bonn taca airgeadais fónta a áirithiú, ba cheart ráthaíocht ó lamháil bhuiséad an Aontais a bheith mar thaca leis an iasacht cúnaimh macrairgeadais don Úcráin (ar an mbealach céanna leis an ionstraim cúnaimh macrairgeadais+ agus leis an gcuid iasachta den tSaoráid don Úcráin a chuir tacaíocht airgeadais ar fáil don Úcráin ó 2023), i.e. an spás buiséadach os cionn uasteorainn íocaíochtaí an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) suas go dtí uasteorainn na nacmhainní dílse. Sholáthródh sé sin ardleibhéal cosanta agus dearbhaithe d’infheisteoirí, agus sheachnófaí an gá le soláthar iasachtaí nó bunú ráthaíochtaí náisiúnta, gan athruithe ar mhéid ná ar uasteorainneacha CAI 8 . Dá bhrí sin, ba cheart an cinneadh maidir leis an iasacht cúnaimh macrairgeadais nua a scaoileadh a dhéanamh roimh dheireadh na bliana seo.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Beidh an tacaíocht faoin oibríocht cúnaimh macrairgeadais comhsheasmhach agus comhlántach le gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi Rialachán (AE) 2024/792 9 , Rialachán (CE) Uimh. 2021/947 10 agus Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 11 i gcomhréir le cuspóirí, loighic idirghabhála agus rialacha na nionstraimí sin.

Go sonrach, is rud breise é an iasacht cúnaimh macrairgeadais sin agus tá sí comhlántach leis an tacaíocht a sholáthraíonn an tAontas faoin tSaoráid don Úcráin. Tugtar aird ar leith ar chomhsheasmhacht agus ar atreisiú frithpháirteach na hoibríochta cúnaimh macrairgeadais agus ar chur chun feidhme na Saoráide. Go sonrach, beidh scaoileadh na hiasachta cúnaimh macrairgeadais nasctha le comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha beartais a leagtar síos i Meabhrán Tuisceana, a bheidh comhsheasmhach leis na céimeanna cáilíochtúla agus leis na céimeanna cainníochtúla atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine 12 , agus aon leasú air go dtí go dtiocfaidh an Meabhrán Tuisceana i bhfeidhm. Thairis sin, an sásra bainistíochta fónta airgeadais agus rialaithe arna bhunú faoin tSaoráid don Úcráin chomh maith leis na cearta, na freagrachtaí agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Chreat-Chomhaontú faoin tSaoráid lenar cheart leas airgeadais an Aontais a áirithiú, ba cheart iad a chur i bhfeidhm chun críoch na hiasachta cúnaimh macrairgeadais.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Beidh an tacaíocht faoin Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin comhsheasmhach le cur i bhfeidhm na mbeart sriantach (smachtbhannaí) in aghaidh na Rúise. Beidh sé comhsheasmhach freisin leis na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 27 Meitheamh 2024, ina n‑iarrtar ar an gCoimisiún, ar an Ardionadaí agus ar an gComhairle leanúint den obair chun cistiú breise a chur ar fáil don Úcráin faoi dheireadh na bliana, i bhfoirm iasachtaí a sheirbhíseofar agus a aisíocfar le sreafaí den ioncam urghnách amach anseo, in éineacht le comhpháirtithe G7, chun tacú le riachtanais mhíleata, bhuiséadacha agus atógála de chuid na hÚcráine atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

Thairis sin, an stádas mar iarrthóir a thug an Chomhairle Eorpach an 23 Meitheamh 2022 agus an cinneadh ón gComhairle Eorpach an 14-15 Nollaig 2023 tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin, rinne siad an Úcráin a dhaingniú go daingean ar a conair Eorpach. Is é sin an fáth a rannchuideoidh freagairt iomlán an Aontais chun tacú le hathléimneacht agus téarnamh na hÚcráine – lena n‑áirítear an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus an oibríocht cúnaimh macrairgeadais, a bheidh comhsheasmhach le cur chun feidhme na Saoráide don Úcráin agus a thacóidh léi – le luathchéim phróiseas réamhaontachais na hÚcráine.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is bunús dlí iomchuí é Airteagal 212 CFAE le haghaidh cláir chúnaimh airgeadais arna ndeonú ag an Aontas do thríú tíortha, nach tíortha forbartha iad, agus is bunús dlí é ar baineadh úsáid as le haghaidh iasachtaí cúnaimh macrairgeadais roimhe seo.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Urramaítear prionsabal na coimhdeachta mar ní féidir leis na Ballstáit freastal ina n‑aonair ar an ngá le freagairt chomhchoiteann a dhéanamh maidir le tacaíocht a sholáthar don Úcráin ar scála leormhaith, agus gur fearr is féidir leis an Aontas Eorpach an méid sin a bhaint amach mar gheall ar scála agus éifeacht na tacaíochta sin. Is iad na príomhchúiseanna atá leis sin na srianta acmhainne agus buiséadacha a gcaithfear aghaidh a tabhairt orthu ar an leibhéal náisiúnta agus an gá le deontóirí a chomhordú go láidir chun scála agus éifeachtacht na tacaíochta a uasmhéadú, agus san am céanna, an t‑ualach ar acmhainn riaracháin údaráis na hÚcráine, atá faoi bhrú mór sna cúinsí atá ann faoi láthair, a theorannú. Tá deis uathúil ag an Aontas cúnamh seachtrach a chur ar fáil don Úcráin chun riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin a chumhdach, go háirithe trí fhaoiseamh lamháltais gearrthéarmach agus fadtéarmach a sholáthar ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil agus tráthúil i bhfoirm iasachtaí agus tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha.

Comhréireacht

Tá Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus an oibríocht cúnaimh macrairgeadais beartaithe mar fhreagairt spriocdhírithe ar imthosca sonracha na hÚcráine mar gheall ar chogadh foghach na Rúise.

Mar thoradh ar an bhfogha leanúnach gan chúis atá á dhéanamh fós ag an Rúis, tá gá le cúnamh airgeadais breise a dheonú don Úcráin i gcomhréir leis na cuspóirí agus na módúlachtaí a ndéantar cur síos orthu faoin togra seo.

Meastar go bhfuil an tacaíocht airgeadais atá beartaithe don Úcráin leordhóthanach ó thaobh méide de, bunaithe ar na riachtanais chistiúcháin ardaithe, agus an éiginnteacht mhór a bhaineann le himthosca an chogaidh á cur san áireamh ag an am céanna.

Tá méid foriomlán an chistithe a chuirtear ar fáil don Úcráin tríd an oibríocht cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil agus trí iasachtaí déthaobhacha incháilithe, a dhéanfar a sheirbhísiú agus a aisíoc le sreafaí ioncaim urghnách amach anseo tríd an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin, i gcomhréir le tionscnamh ó G7 lena n‑áirithítear comhroinnt leathan idirnáisiúnta ualaigh le comhpháirtithe, agus nach dtéann thar a bhfuil riachtanach chun na críche atá á lorg chun tacú le riachtanais bhuiséadacha réamh-mheasta na hÚcráine.

An rogha ionstraime

Is é Rialachán an ionstraim iomchuí toisc go bhforáiltear leis rialacha is infheidhme go díreach maidir leis an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus an cúnamh macrairgeadais a chur chun feidhme.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Tagann an togra seo sna sála ar shraith oibríochtaí tacaíochta macrairgeadais a cuireadh ar fáil don Úcráin ó 2015 i leith. Léiríodh le meastóireachtaí ex post a rinneadh ar oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais roimhe seo don Úcráin go raibh siad an‑ábhartha i gcoitinne i dtéarmaí a gcuspóirí, a n‑imchlúdach airgeadais agus a gcoinníollacha beartais. Tharla go raibh na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais ríthábhachtach go háirithe mar thacaíocht don Úcráin chun aghaidh a thabhairt ar a fadhbanna maidir le comhardú na n‑íocaíochtaí agus athchóirithe struchtúracha tábhachtacha a chur chun feidhme chun an geilleagar a chobhsú agus chun inbhuanaitheacht a seasaimh sheachtraigh a fheabhsú. Cheadaigh siad coigilteas fioscach agus sochair airgeadais, agus spreagadh tacaíocht airgeadais bhreise agus muinín infheisteoirí mar thoradh orthu. An choinníollacht a bhí ag gabháil leis na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais, fuarthas go raibh sí comhlántach le cláir ghaolmhara CAI. Cruthaíodh léi éifeacht atreisitheach pholaitiúil a chuidigh le húdaráis na hÚcráine a shlógadh maidir le hathchóirithe bunriachtanacha, go háirithe i réimsí beartais struchtúracha nach gcumhdaítear an oiread sin le cláir idirnáisiúnta deontóirí eile.

Leis an ionstraim cúnaimh macrairgeadais+ in 2023, tugadh tacaíocht airgeadais iomlán suas go dtí an t‑uasleibhéal EUR 18 mbilliún, rud a chuidigh leis an Úcráin a riachtanais chistiúcháin láithreacha a chumhdach in 2023 trí bhíthin ionstraim tacaíochta airgeadais a bhí cobhsaí, intuartha agus suntasach. Bhí an cistiú sin ríthábhachtach chun cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a choinneáil ar bun agus leis an gcoinníollacht athchóirithe atá mar bhonn taca faoi, bhíothas in ann feabhsuithe leathana a dhéanamh ar chreatlach eacnamaíoch struchtúrach na tíre. Áiríodh leis sin, go háirithe, neamhspleáchas Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh Éilliú a neartú, feidhmiú institiúidí dlíthiúla a fheabhsú amhail trí cheann don údarás frithéillithe a cheapadh agus feabhas a chur ar an bpróiseas roghnúcháin do bhreithiúna. Thairis sin, chuir an Úcráin feabhas ar an gcreat féimheachta agus dócmhainneachta agus rinne sí dul chun cinn mór i dtreo córas fuinnimh níos éifeachtúla agus i dtreo timpeallacht ghnó níos fearr a chur chun cinn.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Leis an togra, comhlíontar na hiarrataí ón gcomhphobal idirnáisiúnta leanúint de bheith an-tiomanta cuidiú leis an Úcráin a riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin ghearrthéarmacha a chomhlíonadh, chomh maith le tacú lena tosaíochtaí fadtéarmacha maidir le téarnamh agus atógáil. Leanann sé an gealltanas a tugadh ag Cruinniú Mullaigh G7 in Apulia an 14 Meitheamh 2024 ‘Iasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Úrghnach don Úcráin’ a sheoladh, chun thart ar USD 50 billiún de chistiú breise a chur ar fáil don Úcráin faoi dheireadh na bliana 2024. Agus an togra sin á ullmhú, chuaigh seirbhísí an Choimisiúin i gcomhairle le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus le deontóirí déthaobhacha (lena n‑áirítear na Ballstáit agus comhaltaí G7) agus iltaobhacha eile, a bhfuil saineolas nach beag acu, lena n‑áirítear saineolas maidir le geilleagar na hÚcráine. Bíonn an Coimisiún i dteagmháil go tráthrialta freisin le húdaráis na hÚcráine.

Níorbh fhéidir comhairliúchán foirmiúil leis na páirtithe leasmhara a dhéanamh mar gheall ar an bpráinn a bhain leis an togra a ullmhú ionas gur féidir leis na comhreachtóirí é a ghlacadh go tráthúil chun é a chur i bhfeidhm faoi dheireadh 2024. Leis sin, beifear in ann leas a bhaint as deiseanna maoinithe a rachaidh in éag ag deireadh 2024, chomh maith le freagairt do na riachtanais eacnamaíocha agus airgeadais nua agus mhéadaitheacha a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise nach mór freastal orthu, chomh maith le téarnamh agus atógáil. Áiritheoidh an tAontas go mbeidh cumarsáid agus infheictheacht iomchuí ann maidir leis na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a dhéanfar laistigh de raon feidhme an tSásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais, san Úcráin, laistigh den Aontas, agus níos faide i gcéin.

Bailiú agus úsáid saineolais

Cuireann an togra le 30 bliain de thaithí fhairsing ar chúnamh macrairgeadais agus le taithí ar thacaíocht gníomhaíochta seachtraí an Aontais.

Bhunaigh an Coimisiún an togra seo ar anailís chúramach ar riachtanais airgeadais agus ar staid mhacrairgeadais níos leithne na hÚcráine, agus tógadh freisin ar ionchur ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus institiúidí idirnáisiúnta inniúla eile. Áirítear leis sin plé ar bhonn rialta ar na réamh-mheastacháin is déanaí maidir le riachtanais chistiúcháin na hÚcráine laistigh d’fhóraim idirnáisiúnta, amhail G7 agus Ardán Deontóirí na hÚcráine, chomh maith le teagmháil dhíreach leanúnach le húdaráis na hÚcráine.

Measúnú tionchair

Mar gheall ar a phráinní atá an togra, atá ceaptha chun cúnamh práinneach a chur ar fáil faoi dheireadh na bliana do thír atá i mbun cogaidh, ní fhéadfaí aon mheasúnú tionchair a dhéanamh. Sa mheasúnú ex-ante ar riachtanais atá beartaithe a chumhdach leis na hiasachtaí a dtacaítear leo faoin Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin (lena n‑áirítear an oibríocht cúnaimh macrairgeadais féin), tarraingítear inter alia ar shonraí a fuarthas le déanaí ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Leis an tacaíocht faoin oibríocht cúnaimh macrairgeadais, ba cheart cur leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais leis an Úcráin ó 2015 i leith agus leis an méid a baineadh amach leo, lena n‑áirítear na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais Éigeandála agus Eisceachtúla in 2022 agus an ionstraim cúnaimh macrairgeadais+ in 2023 in imthosca sonracha an chogaidh leanúnaigh. Thairis sin, ba cheart coinníollacht bheartais na hiasachta cúnaimh macrairgeadais a bheith comhsheasmhach leis na céimeanna i bPlean na hÚcráine agus ba cheart dreasachtaí a neartú a thuilleadh chun í a chur chun feidhme.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Níl aon nasc idir an togra seo agus oiriúnacht rialála agus simpliú.

Cearta bunúsacha

Réamhchoinníoll le tacaíocht a dheonú faoin iasacht cúnaimh macrairgeadais is ea go leanfaidh an Úcráin d’urraim a léiriú ar shásraí éifeachtacha daonlathacha agus ar a hinstitiúidí, lena n‐áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, agus d’urraim a ráthú maidir le cearta an duine, lena n‑áirítear cearta daoine a bhaineann le mionlaigh.

Is comhartha dearfach é an tiomantas don athchóiriú agus toil pholaitiúil láidir údaráis na hÚcráine, faoi mar a léiríodh go háirithe nuair a dheonaigh an Chomhairle Eorpach stádas mar iarrthóir don Úcráin i mí an Mheithimh 2022 agus leis an gcinneadh ón gComhairle Eorpach i mí na Nollag 2023 caibidlíochtaí aontachais a thionscnamh leis an Úcráin, agus nuair a cuireadh i gcrích go rathúil athnuachan na coinníollachta beartais struchtúraigh a ghabhann leis na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais don Úcráin a rinneadh le déanaí mar aon le tús chur chun feidhme Phlean na hÚcráine. Ó thosaigh fogha na Rúise, tá leibhéal suntasach athléimneachta léirithe ag údaráis na hÚcráine agus tá siad tiomanta fós do na hathchóirithe sin a shaothrú ar bhealach trédhearcach agus oibriú de réir chaighdeáin an Aontais agus i gcomhréir le conair na tíre i dtreo comhpháirtiú Eorpach.

Chuige sin, meastar an réamhchoinníoll polaitiúil le haghaidh oibríocht cúnaimh macrairgeadais a bheith comhlíonta faoi láthair. An tráth céanna, áiritheofar comhlíonadh leanúnach an réamhchoinníll sin a thuilleadh le coinníollacha sonracha sa chomhaontú iasachta a bheidh ann amach anseo le haghaidh na hoibríochta cúnaimh macrairgeadais. Tá an réamhchoinníoll céanna le haghaidh tacaíochta infheidhme maidir le cur chun feidhme Phlean na hÚcráine.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá an togra comhoiriúnach go hiomlán le huasteorainneacha chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027.

Chun an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin a chistiú, is gá coigeartú a dhéanamh ar na rialacha maidir le leithdháileadh na ranníocaíochta airgeadais ó thaisclanna lárnacha urrús arna mbunú faoi bhearta sriantacha an Aontais. Ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna méideanna a aistreofar chuig an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin. Ina theannta sin, féadfar an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin a chistiú le méideanna a fhaightear mar ranníocaíochtaí airgeadais breise ó na Ballstáit, ó thríú tíortha nó ó fhoinsí eile. Ioncam sannta seachtrach a bheidh sna ranníocaíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointí (a)(ii), (d) agus (e) den Rialachán Airgeadais.

Leis an iasacht cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil, cuirfear tacaíocht suas le EUR 35 bhilliún ar fáil in iasachtaí in aon tráthchuid amháin a bheidh ar fáil lena scaoileadh go dtí an 31 Nollaig 2024. Chuige sin, ní mór don Úcráin na coinníollachtaí ábhartha a chomhlíonadh in 2024.

Féadfar na cistí a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó ná sin. Déanfar na tráinsí sin uile a eisíoc faoin 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí.

Tá tuilleadh sonraí maidir leis na himpleachtaí buiséadacha ar fáil sa Ráiteas Airgeadais Reachtach atá i gceangal leis an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Chun an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún comhaontú leis an Úcráin ina leagfar amach na coinníollacha agus na hoibleagáidí maidir leis an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a fháil agus a úsáid.

Ina theannta sin, ba cheart don Aontas Eorpach an iasacht cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil a chur ar fáil don Úcráin, rud a chuirfidh le hiarrachtaí chomhpháirtithe idirnáisiúnta na hÚcráine, arna gcur in iúl go sonrach ag Ceannairí G7 i mí an Mheithimh 2024 in Apulia, chun a riachtanais bhuiséadacha a chumhdach. Rannchuideoidh an tacaíocht leis an mbearna iarmharach cistithe sheachtraigh san Úcráin in 2024-2025 a chumhdach agus tá sé beartaithe í a eisíoc in aon tráthchuid amháin is féidir a eisíoc i roinnt tráinsí éagsúla. Beidh scaoileadh na tráthchoda ag brath ar chomhlíonadh sásúil na gcoinníollacha beartais mar a comhaontaíodh sa Mheabhrán Tuisceana agus a dtagraítear dóibh sa togra seo. Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na húdaráis idirnáisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha agus ar chur i bhfeidhm na gceanglas agus na gcoinníollacha arna gcomhaontú sa Mheabhrán Tuisceana. Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an tacaíocht. Tá forálacha sonracha maidir le calaois agus neamhrialtachtaí eile a chosc, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, infheidhme, i gcomhréir leis an gCreat-Chomhaontú arna thabhairt i gcrích faoin tSaoráid don Úcráin. Ina theannta sin, na córais bhainistíochta agus rialaithe mar a mholtar faoi Phlean na hÚcráine arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin, cuirfear i bhfeidhm iad le haghaidh na hiasachta cúnaimh macrairgeadais.

Ar deireadh, cuirfidh an Coimisiún measúnú, lena n‑áireofar meastóireacht, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme thacaíocht an Aontais don Úcráin faoin Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus faoin oibríocht cúnaimh macrairgeadais. Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2027, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta ex post faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus ar éifeachtúlacht na tacaíochta ón Aontas a cuireadh i gcrích faoin oibríocht cúnaimh macrairgeadais agus ar a mhéid a rannchuidigh sí le haidhmeanna na tacaíochta a bhaint amach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Baineann Caibidil I den Rialachán lena fhorálacha ginearálta.

Le hAirteagal 1 déantar foráil maidir le hábhar an Rialacháin, is é sin an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin a bhunú agus cúnamh macrairgeadais eisceachtúil a sholáthar don Úcráin.

Le hAirteagal 2 déantar foráil maidir leis na sainmhínithe is infheidhme faoin Rialachán.

Baineann Caibidil II den Rialachán leis an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin.

Sainítear in Airteagal 3 cuspóir an tSásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin.

Tugtar tuairisc in Airteagal 4 ar mhaoiniú na tacaíochta faoi Shásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin, lena n‑áirítear an chaoi a bhféadfaidh na Ballstáit agus tríú tíortha agus páirtithe leasmhara rannchuidiú leis an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin.

Tugtar tuairisc in Airteagal 5 ar an tacaíocht atá ar fáil faoin Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin.

Leagtar amach in Airteagal 6 na critéir incháilitheachta a ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ina leith an bhfuil iasacht dhéthaobhach incháilithe faoin Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus foráiltear leis go bhformheasfaidh an Coimisiún incháilitheacht iasachtaí déthaobhacha don Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin.

Sonraítear in Airteagal 7 go dtabharfaidh an Coimisiún Comhaontú i gcrích leis an Úcráin maidir leis an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin a chur chun feidhme agus cuirtear faisnéis ar fáil san Airteagal sin maidir lena inneachar agus lena leasú.

Déantar foráil in Airteagal 8 maidir leis an gcaoi a scaoilfear an tacaíocht faoin Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin.

Baineann Caibidil III den Rialachán leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil.

In Airteagal 9 tugtar tuairisc ar an tacaíocht atá ar fáil faoi chúnamh macrairgeadais an Aontais, lena n‑áirítear foirm, cur chun feidhme agus infhaighteacht an chúnaimh sin.

Leagtar amach in Airteagal 10 méid an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas.

Déantar foráil in Airteagal 11 maidir le comhlíonadh na réamhchoinníollacha is gá chun cúnamh macrairgeadais a eisíoc.

Sonraítear in Airteagal 12 go dtabharfaidh an Coimisiún Meabhrán Tuisceana i gcrích leis an Úcráin agus go gcuirfidh sé faisnéis ar fáil maidir lena inneachar agus lena uainiú.

Leagtar amach in Airteagal 13 na coinníollacha agus an próiseas chun an iasacht cúnaimh macrairgeadais a scaoileadh.

Le hAirteagal 14, tugtar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, an t‐airgead is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais.

Rialaítear le hAirteagal 15 an comhaontú iasachta cúnaimh macrairgeadais mar aon le hábhar an chomhaontaithe.

Le hAirteagal 16 rialaítear an rialachas trí nósanna imeachta coiste.

Baineann Caibidil IV den Rialachán lena fhorálacha ginearálta.

Le hAirteagal 17 rialaítear an fhoráil faisnéise a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Le hAirteagal 18 rialaítear an teacht i bhfeidhm.

2024/0234 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an sásra comhair le haghaidh iasachtaí don Úcráin agus lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise gan chúis agus gan údar i gcoinne na hÚcráine an 24 Feabhra 2022, tá an tAontas, a Bhallstáit agus institiúidí airgeadais Eorpacha tar éis tacaíocht gan fasach a shlógadh d’athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na hÚcráine. Comhcheanglaítear leis an tacaíocht sin tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena náirítear cúnamh eisceachtúil macrairgeadais agus tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF), arna ráthú go hiomlán nó i bpáirt ag buiséad an Aontais, chomh maith le tacaíocht airgeadais bhreise ó na Ballstáit. 

(2)Maidir le cúnamh macrairgeadais suas le EUR 18 mbilliún a bheith á sholáthar ag an Aontas faoi Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 , measadh gur freagairt iomchuí é ar bhearna mhaoinithe na hÚcráine le haghaidh 2023 agus chuidigh sé le maoiniú mór a shlógadh ó dheontóirí eile agus ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta. Ba ghné thábhachtach é sin d’athléimneacht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais na hÚcráine ag tráth cinniúnach.

(3)An 29 Feabhra 2024, le Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 , bunaíodh an tSaoráid don Úcráin mar ionstraim mheántéarmach eisceachtúil lena dtugtar le chéile an tacaíocht dhéthaobhach a chuir an tAontas ar fáil don Úcráin, rud lena náirithítear comhordú agus éifeachtúlacht. Le linn na tréimhse 2024 go 2027, cuideoidh an tSaoráid don Úcráin le haghaidh a thabhairt ar riachtanais mhaoinithe na hÚcráine agus rannchuideoidh sí lena riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe, agus, an tráth céanna, tacóidh sí le hiarracht athchóirithe na hÚcráine mar chuid dá conair aontachais don Aontas. Leis an tSaoráid don Úcráin, cuireadh i ngníomh gealltanas buanseasmhach an Aontais chun tacaíocht airgeadais leanúnach a chur ar fáil don Úcráin agus dá muintir.

(4)Tá damáiste ollmhór déanta ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine san Úcráin, agus measadh ar an 31 Nollaig 2023 gurbh é USD 486 bhilliún a bhí sna costais téarnaimh 15 . Thairis sin, chaill an Úcráin rochtain ar mhargaí airgeadais idirnáisiúnta agus tháinig laghdú mór ar ioncam poiblí, agus an tráth céanna, tá méadú mór tagtha ar chaiteachas poiblí. I bhfianaise an mhéid sin, is féidir riachtanais chistiúcháin shubstainteacha a bhunú le haghaidh na mblianta atá amach romhainn.

(5)An 30 Márta 2023, chomhaontaigh an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) clár 4 bliana ar fiú USD 15.6 billiún é faoin tSaoráid Fhadaithe Chistiúcháin chun cobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais a chothú tráth a bhfuil éiginnteacht thar a bheith ard ann, chun inbhuanaitheacht fiachais a athbhunú, agus chun athchóirithe a chur chun cinn a thacaíonn le téarnamh na hÚcráine sa tréimhse iarchogaidh. Ceapadh an clár, mar aon le dearbhuithe maoiniúcháin ó Cheannairí G7, ón Aontas agus ó dheontóirí eile, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine maidir le comhardú na níocaíochtaí agus chun inmharthanacht sheachtrach mheántéarmach a athbhunú. Go dtí seo, d’éirigh leis an Úcráin ceithre athbhreithniú faoin tSaoráid Fhadaithe Chistiúcháin a chur i gcrích, rud a léiríonn tiomantas daingean údaráis na hÚcráine athchóirithe agus beartais stuama a dhéanamh. Measann CAI gurb é USD 121.9 billiún an bhearna mhaoiniúcháin iomlán bhunlíne le linn thréimhse an chláir.

(6)I bhfianaise na héiginnteachta thar a bheith ard a bhaineann leis an ionchas, chuir CAI cás nuashonraithe ar an taobh thíos i láthair freisin tráth an cheathrú hathbhreithniú ar an gclár, rud a chuireann an suaitheadh eacnamaíoch ó chogadh níos déine a bheidh ar siúl go dtí 2025 san áireamh. Mar thoradh ar an drochthionchar ar an meon eacnamaíoch, ar an imirce, ar an mbrú méadaitheach ar an soláthar fuinnimh, ar lagú na nacmhainneachtaí onnmhairiúcháin, agus go háirithe ar chaiteachas cosanta, bheadh an baol ann go méadódh an bhearna mhaoiniúcháin iomlán faoin gcás ar an taobh thíos sin go USD 140.7 billiún le linn chlárthréimhse CAI. I bhfianaise dhéine leanúnach an chogaidh, agus an damáiste do bhonneagar sibhialtach criticiúil na hÚcráine de dheasca ionsaithe méadaithe mórscála ag ionsaitheoir na Rúise, ní mór don Úcráin acmhainní móra breise a shlógadh dá tosaíochtaí buiséadacha agus dá tosaíochtaí téarnaimh fhadtéarmaigh agus dá tosaíochtaí atógála fadtéarmaí. Maidir leis sin agus ós rud é go bhfuil bearna mhaoiniúcháin iarmharach ann fós de bhreis ar na hacmhainní atá curtha ar fáil cheana féin ag an Aontas agus ag deontóirí agus institiúidí eile, lena náirítear CAI, ba cheart don Aontas leanúint de fhreagairt iomchuí a thabhairt.

(7)Sa Communiqué ó Cheannairí G7 an 14 Meitheamh 2024, d’athdhearbhaigh siad a dtacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin, agus a ngealltanas láidir cabhrú leis an Úcráin a riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin ghearrthéarmacha a chomhlíonadh, agus tacaíonn siad freisin lena tosaíochtaí fadtéarmacha téarnaimh agus atógála.. Chuige sin, d’fhógair Ceannairí G7 seoladh na niasachtaí ‘lena nGéaraítear an tIoncam Úrghnach’ don Úcráin, chun thart ar USD 50 billiún de chistiú breise a chur ar fáil le haghaidh riachtanais mhíleata, bhuiséadacha agus atógála na hÚcráine faoi dheireadh 2024. D’fhógair Ceannairí G7 go bhfuil sé ar intinn acu maoiniú a chur ar fáil a ndéanfar seirbhísiú air agus a aisíocfar le sreafaí ioncaim urghnácha amach anseo a eascraíonn as blocáil shócmhainní ceannasacha na Rúise atá á sealbhú san Aontas Eorpach agus i ndlínsí ábhartha eile.

(8)Sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 27 Meitheamh 2024, d’iarr sí ar an gCoimisiún, ar an Ardionadaí agus ar an gComhairle leanúint den obair, agus aghaidh á tabhairt san am céanna ar na gnéithe ábhartha dlíthiúla agus airgeadais uile, chun cistiú breise a chur ar fáil don Úcráin faoi dheireadh na bliana i bhfoirm iasachtaí a ndéanfar seirbhísiú orthu agus a aisíocfar le sreafaí amach anseo den ioncam urghnách in éineacht le comhpháirtithe G7 mar a phléigh Ceannairí G7, chun tacú le riachtanais mhíleata, bhuiséadacha agus atógála na hÚcráine atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Dúirt an Chomhairle Eorpach freisin, faoi réir dhlí an Aontais, leanúint de shócmhainní na Rúise a bhlocáil go dtí go gcuirfeadh an Rúis deireadh lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus go gcúiteodh sí an Úcráin as an damáiste a rinne an cogadh sin.

(9)I gcomhthéacs fhogha leanúnach na Rúise faoin Úcráin, is gá a áirithiú go gcuirfear tacaíocht airgeadais leordhóthanach leanúnach ar fáil don Úcráin. Chuige sin, ba cheart an sásra comhair le haghaidh iasachtaí don Úcráin a bhunú chun tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a chur ar fáil don Úcráin d’fhonn cabhrú leis an tír na hiasachtaí a cuireadh ar fáil chun tacú leis an Úcráin a aisíoc. Ba cheart an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin acmhainní a fháil, lena náirítear acmhainní ó shreafaí amach anseo de bhrabúis urghnácha a eascraíonn as sócmhainní blocáilte na Rúise, agus na hacmhainní sin a eisíoc ar bhonn rialta leis an Úcráin chun an phríomhshuim, an tús agus aon chostas gaolmhar eile a bhaineann le hiasachtaí a chumhdach. Thairis sin, chun go mbeidh an tAontas féin in ann cabhrú go díreach leis an Úcráin chun freastal ar a riachtanais mhaoiniúcháin, ba cheart don Aontas Cúnamh Macrairgeadais eisceachtúil a sholáthar don Úcráin, i gcás inar cheart tacaíocht a thabhairt don chúnamh macrairgeadais eisceachtúil sin tríd an sásra comhair le haghaidh iasachtaí don Úcráin.

(10)Le Cinneadh (CBES) 2024/1470 ón gComhairle 16 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2014/512 ón gComhairle sonraítear gur ‘cheart na bearta sriantacha a bhaineann leis an toirmeasc ar idirbhearta a bhaineann le bainistiú shócmhainní agus chúlchistí Bhanc Ceannais na Rúise a bheith i bhfeidhm go dtí go gcuirfidh an Rúis deireadh lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus go gcúiteoidh sí an Úcráin as an damáiste a rinne an cogadh sin.’

(11)An 21 Bealtaine 2024, rinne an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle 17 a leasú, rud lena dtugtar éifeacht do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2024/1470. Is éard atá sna bearta sin na rialacha maidir leis an gcaoi ar cheart an glanbhrabús a eascraíonn as na hioncaim urghnácha gan choinne a fhabhraítear i dtaisclanna lárnacha urrús de thoradh chur chun feidhme an toirmisc a leagtar síos in Airteagal 1a(4) de Chinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle 18 agus in Airteagal 5a(4) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt don Úcráin, lena náirítear tacaíocht trí chláir ón Aontas, arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais, i gcomhréir leis na hoibleagáidí conarthacha is infheidhme, agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta, i gcomhar le comhpháirtithe. Go sonrach, tá taisclanna lárnacha urrús a shealbhaíonn sócmhainní agus cúlchistí Bhanc Ceannais na Rúise ar mó a luach iomlán ná EUR 1 mhilliún le ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leis an Aontas arb ionann í agus 99.7 % de an glanbhrabúis urghnácha a eascraíonn as blocáil shócmhainní na Rúise agus atá ag carnadh ó bhí 15 Feabhra 2024 ann.

(12)Tá an ranníocaíocht sin dlite fad atá na bearta sriantacha a bhaineann leis an toirmeasc ar idirbhearta a bhaineann le bainistiú shócmhainní agus chúlchistí Bhanc Ceannais na Rúise i bhfeidhm, agus, dá bhrí sin, go dtí go gcuirfidh an Rúis deireadh lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus go gcúiteoidh sí an Úcráin as an damáiste a rinne an cogadh sin.

(13)An [...], rinneadh an céatadán de mhéideanna na ranníocaíochta airgeadais atá dlite ó thaisclanna lárnacha urrús a úsáidfear chun tacú leis an Úcráin trí chláir de chuid an Aontais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2014/512 a choigeartú go [...] %. An dáta céanna, rinneadh leithdháileadh mhéideanna na ranníocaíochta airgeadais a íocadh le buiséad an Aontais mar ioncaim shannta sheachtracha, a leagtar amach in Iarscríbhinn XLI a ghabhann le Rialachán (AE) 833/2014 ón gComhairle, a choigeartú chun [...] % den ranníocaíocht sin a leithdháileadh ar an sásra comhair le haghaidh iasachtaí don Úcráin. Dá bhrí sin, tá na bearta is gá déanta ag an Aontas chun a áirithiú go leanfar d’úsáid a bhaint as an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh an tsásra comhair le haghaidh iasachtaí don Úcráin.

(14)Féadfar ioncam urghnách a eascraíonn as blocáil shócmhainní ceannasacha na Rúise atá á sealbhú i ndlínsí ábhartha eile seachas an tAontas Eorpach a chur ar fáil chun tacú leis an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin. Chuige sin, ba cheart do thríú tíortha nó d’fhoinsí eile a bheith in ann rannchuidiú leis an sásra comhair le haghaidh iasachtaí don Úcráin. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit rannchuidiú ar bhonn deonach leis an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin, go háirithe ó ioncam a fhabhraíonn don Stát a eascraíonn as blocáil shócmhainní ceannasacha na Rúise. Ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(2), pointí (a)(ii), (d) agus (e), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 (‘an Rialachán Airgeadais’) ba cheart a bheith sna ranníocaíochtaí sin. Thairis sin, féadfaidh tríú tíortha úsáid dhíreach a bhaint as ioncaim urghnácha a eascraíonn as blocáil shócmhainní ceannasacha na Rúise laistigh dá ndlínse chun riachtanais aisíocaíochta aon iasachta déthaobhaí a thugtar don Úcráin a laghdú, agus ar an gcaoi sin tacú leis an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin tríd an leibhéal iomlán tacaíochta a bheadh ag teastáil don iasacht sin a laghdú.

(15)Ba cheart tacaíocht faoin Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin a bheith ar fáil chun méid foriomlán na príomhshuime, an úis agus aon chostas gaolmhar eile a bhaineann leis an iasacht arna tógáil ag an Úcráin trí shíniú an chomhaontaithe iasachta cúnaimh macrairgeadais, agus trí chomhaontuithe iasachta déthaobhaí le hiasachtóirí ag gníomhú dóibh faoi choimirce thionscnamh G7 ‘Iasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Úrghnach don Úcráin’ mar a chumhdaítear i Communiqué G7 a glacadh an 14 Meitheamh 2024 in Apulia.

(16)Ba cheart an tacaíocht faoin Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin a bheith ar fáil agus curtha ar fáil ar bhealach lena náiritheofar rochtain chomhionann d’iasachtóirí déthaobhacha agus don iasacht eisceachtúil cúnaimh macrairgeadais ón Aontas araon. Le soláthar iasachtaí déthaobhacha trí idirghabhálaí, níor cheart bac a chur ar a nincháilitheacht chun críocha an Rialacháin seo. Ba cheart an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a leithdháileadh ar an Úcráin chun an iasacht cúnaimh macrairgeadais agus na hiasachtaí déthaobhacha incháilithe a aisíoc i gcomhréir le príomhshuim na hiasachta faoi seach in aghaidh shuim phríomhshuim na hiasachta cúnaimh macrairgeadais agus na niasachtaí déthaobhacha incháilithe uile. Ba cheart an leithdháileadh a athchoigeartú a luaithe a bheidh na hiasachtaí faoi seach, lena náirítear ús agus aon chostas gaolmhar eile, aisíoctha go hiomlán ag an Úcráin, sa chaoi go leithdháilfear aon acmhainn amach anseo ar na hiasachtaí atá fágtha i gcomhréir le príomhshuim na hiasachta cúnaimh macrairgeadais nó na hiasachta déthaobhaí incháilithe in aghaidh shuim phríomhshuim na niasachtaí uile atá fágtha. Ba cheart príomhshuim gach iasachta a mheas mar an phríomhshuim tosaigh a gealladh i ndoiciméadacht na hiasachta faoi seach agus níor cheart tosca eile a chur san áireamh léi, amhail aisíocaíochtaí, maoiniú breise nó aon suim chaipitlithe.

(17)Chun a áirithiú gur féidir leis an sásra comhair le haghaidh iasachtaí don Úcráin tacú go tapa agus go héifeachtúil le hiasachtaí déthaobhacha arna soláthar ag iasachtóirí déthaobhacha, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na hiasachtaí déthaobhacha atá le soláthar ag iasachtóirí atá ag gníomhú faoi choimirce ‘Iasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Úrghnach don Úcráin’ G7 agus, i gcás inarb ábhartha, iad a fhormheas le haghaidh tacaíochta. I gcás ina bhfuil comhaontuithe iasachta déthaobhaí den sórt sin i bhfoirm dréachta nó i gcás nach bhfuil siad tagtha i bhfeidhm go fóill, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar theacht i bhfeidhm comhaontuithe den sórt sin. Chun eisíocaíocht thráthúil iasachtaí déthaobhacha don Úcráin a áirithiú, ba cheart comhaontuithe iasachta déthaobhaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Meitheamh 2025 agus ba cheart iad a theacht i bhfeidhm faoin 30 Meitheamh 2025.

(18)Ba cheart scaoileadh na tacaíochta faoin sásra comhair le haghaidh iasachtaí don Úcráin a bheith ag brath ar chomhaontú a thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin maidir leis na forálacha mionsonraithe chun an Sásra sin a chur chun feidhme, agus ar mheasúnú dearfach ón gCoimisiún ar iarraidh ar thacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha arna tíolacadh ag an Úcráin. Ba cheart don Úcráin an fhaisnéis is gá a chur ar fáil don Choimisiún chun a áirithiú go dtacaíonn an sásra comhair le haghaidh iasachtaí don Úcráin le hiasachtaí déthaobhacha suas leis an méid iomlán atá dlite don iasachtóir déthaobhach lena mbaineann. Go heisceachtúil, d’fhéadfadh an Coimisiún measúnú a dhéanamh freisin, ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, ar iarrataí ar íocaíochtaí ó iasachtóirí déthaobhacha.

(19)Sa bhreis ar an tacaíocht faoin sásra comhair le haghaidh iasachtaí don Úcráin, ba cheart iasacht cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil a chur ar fáil chun tacú le cobhsaíocht macrairgeadais san Úcráin, agus chun srianta na hÚcráine maidir le maoiniú seachtrach a éascú, go háirithe d’fhonn riachtanais mhaoiniúcháin na tíre a chumhdach. I bhfianaise a phráinní atá na riachtanais mhaoiniúcháin sin, ba cheart an iasacht cúnaimh macrairgeadais a bheith ar fáil in 2024.

(20)Ba cheart tacaíocht i bhfoirm iasachta suas le EUR 35 bhilliún a bheith ar fáil leis an gcúnamh macrairgeadais. Chun freastal ar na hiarrataí a d’fhéadfadh a bheith ann ar thacaíocht d’iasachtaí déthaobhacha faoin Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus bainistiú fónta airgeadais thacaíocht an Aontais atá ar fáil faoin Rialachán seo á áirithiú ag an am céanna, ba cheart méid na hiasachta cúnaimh macrairgeadais a choigeartú agus iasachtaí déthaobhacha don Úcráin arna bhformheas mar iasachtaí incháilithe faoin Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin á gcur san áireamh, mar aon leis an bpríomhshuim a léirítear in rúin shonraithe tríú tíortha a cuireadh in iúl don Choimisiún faoi choimirce thionscnamh G7 ‘Iasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Úrghnach don Úcráin’. Ba cheart an coigeartú sin a dhéanamh ar choinníoll go sáródh méid iomlán na niasachtaí uile ar lorgaíodh tacaíocht ina leith faoin Rialachán seo EUR 45 bhilliún.

(21)Ba cheart an tacaíocht don Úcráin faoin iasacht cúnaimh macrairgeadais a bheith sa bhreis ar an tacaíocht ón Aontas arna soláthar faoi Rialachán (AE) 2024/792 agus ba cheart í a bheith comhlántach léi. Ba cheart don Choimisiún, i gcás inar féidir, féachaint leis an ualach riaracháin agus leis an ualach tuairiscithe ar an Úcráin a íoslaghdú.

(22)Ba cheart an tacaíocht faoin iasacht cúnaimh macrairgeadais a chur ar fáil faoin réamhchoinníoll go leanfadh an Úcráin de shásraí agus institiúidí éifeachtacha daonlathacha a chaomhnú agus a urramú, lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine a ráthú, lena náirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Ba cheart feidhm a bheith ag an réamhchoinníoll sin freisin maidir le hiarrataí ar eisíocaíocht ón sásra comhair le haghaidh iasachtaí don Úcráin mar a bhaineann siad leis an iasacht cúnaimh macrairgeadais. Tá feidhm ag an réamhchoinníoll céanna maidir leis an tacaíocht dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2024/792 agus ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a dhéanamh ar an dá ionstraim i dteannta a chéile.

(23)Ba cheart don Choimisiún Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle 20 agus ról na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí a chur san áireamh i gcás inarb iomchuí.

(24)Ba cheart an iasacht cúnaimh macrairgeadais a sholáthraítear faoin Rialachán seo a bheith nasctha le coinníollacha beartais atá le leagan amach i Meabhrán Tuisceana idir an Coimisiún agus an Úcráin. Ba cheart na coinníollacha sin a bheith comhsheasmhach leis na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle 21 , agus le haon leasú orthu a dhéanfar faoin tráth a ghlacfar an Meabhrán Tuisceana. Ina theannta sin, ba cheart a áireamh sa Mheabhrán Tuisceana gealltanas ón Úcráin comhar leis an Aontas a chur chun cinn maidir le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú thionscal cosanta na hÚcráine, i gcomhréir le cuspóirí an Chláir um an Tionscal Cosanta Eorpach agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais. Ba cheart na bearta is gá a dhéanamh freisin chun comhordú agus comhlántacht na niasachtaí déthaobhacha a áirithiú, lena náirítear an iasacht cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil, leis na deontóirí eile. I ndáil leis an méid sin, ba cheart an tArdán Deontóirí don Úcráin a úsáid mar fhóram atá bunaithe cheana féin le haghaidh an mhalartaithe sin.

(25)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an gcur chun feidhme agus ar chúiseanna a bhaineann leis an éifeachtúlacht, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha sin a chaibidliú le húdaráis na hÚcráine faoi mhaoirseacht choiste ionadaithe na mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 . I bhfianaise an tionchair thábhachtaigh a d’fhéadfadh a bheith ag cúnamh ós cionn EUR 90 milliún, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh oibríochtaí os cionn na tairsí sin. I bhfianaise mhéid an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas don Úcráin, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le glacadh an Mheabhráin Tuisceana, agus maidir le haon chás ina ndéanfaí an cúnamh a laghdú nó a chur ar ceal.

(26)Ba cheart scaoileadh na tráthchoda aonair faoin iasacht cúnaimh macrairgeadais a bheith ag brath ar mheasúnú dearfach arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar iarraidh ar chistí arna tíolacadh ag an Úcráin. Ba cheart an measúnú ar na coinníollacha beartais a leagtar amach sa Mheabhrán Tuisceana a bheith gan dochar don mheasúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha ailínithe faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais.

(27)I bhfianaise phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, agus chun bainistiú leachtachta údaráis na hÚcráine a éascú agus chun intuarthacht a áirithiú, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go neisíocfar na tráinsí le linn 2024 agus 2025, chun éagsúlachtaí móra idir méideanna ó ráithe go ráithe á seachaint a mhéid is féidir. Ba cheart eisíocaíocht na dtráinsí sin a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, le huainiú eisíocaíochtaí na hiasachta nó na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha faoi Cholún I den tSaoráid don Úcráin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/792. Thairis sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht athmheasúnú a dhéanamh ar riachtanais chistiúcháin na hÚcráine agus an tacaíocht iasachta a laghdú nó a chur ar ceal má thagann laghdú bunúsach ar na riachtanais sin le linn thréimhse infhaighteachta na tacaíochta faoin gcúnamh macrairgeadais i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh.

(28)Ba cheart forálacha a bheith sa chomhaontú iasachta a thabharfar i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis na hÚcráine atá ailínithe leis na cearta, na freagrachtaí agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Chreat-Chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/792 a síníodh idir an tAontas agus an Úcráin agus a tháinig i bhfeidhm an 20 Meitheamh 2024. Leis sin, áiritheofar go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, agus go soláthrófar na bearta iomchuí a bhaineann le calaois, éilliú agus aon neamhrialtacht eile a chosc agus a chomhrac i dtaca leis an gcúnamh sin. Ina theannta sin, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tabharfaidh sé na cearta agus an rochtain is gá don Choimisiún, do OLAF, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, i gcás inarb infheidhme, d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, lena náirítear ó thríú páirtithe a bhfuil baint acu le cur chun feidhme chistí an Aontais le linn agus i ndiaidh na tréimhse ina mbeidh an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ar fáil. Ba cheart don Úcráin neamhrialtachtaí maidir le húsáid na gcistí a thuairisciú don Choimisiún freisin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Chreat-Chomhaontú.

(29)I gcomhthéacs riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine, is iomchuí an cúnamh airgeadais a eagrú faoin straitéis chistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 220a den Rialachán Airgeadais agus a bhunaítear mar mhodh cistiúcháin aonair ann, rud a bhfuil coinne leis go bhfeabhsóidh sé leachtacht bhannaí an Aontais agus tarraingteacht agus costéifeachtúlacht eisiúint an Aontais.

(30)De mhaolú ar Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 , níor cheart tacú leis an dliteanas airgeadais ó iasachtaí faoin Rialachán seo leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, arna bunú leis an Rialachán sin. Ba cheart tacaíocht i bhfoirm iasachtaí faoin Rialachán seo a bheith ina cúnamh airgeadais de réir bhrí Airteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais. Ós rud é go bhfuil cúnamh airgeadais na hiasachta cúnaimh macrairgeadais ar fáil in 2024 agus go núdaraítear é i gcomhréir le hAirteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais, is iomchuí an ráthaíocht le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) agus suas le teorainneacha na nuasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle 24 i gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle 25 . Agus na rioscaí airgeadais agus an cumhdach buiséadach á mbreithniú, níor cheart aon soláthar a dhéanamh don tacaíocht i bhfoirm iasachtaí faoin Rialachán seo, a bheadh le ráthú de bhreis ar na huasteorainneacha CAI agus, de mhaolú ar Airteagal 211(1) den Rialachán Airgeadais, níor cheart aon ráta soláthair a shocrú.

(31)I bhfianaise staid dheacair na hÚcráine mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise agus chun tacú leis an Úcráin ar a conair fhadtéarmach cobhsaíochta, is iomchuí don Aontas iasacht a chur ar fáil don Úcráin ar ardleibhéal lamháltais a mhairfidh ar feadh tréimhse sách fada chun freastal ar acmhainneachtaí na ráthaíochta os cionn na nuasteorainneacha.

(32)Ba cheart don Choimisiún an tacaíocht ón Aontas don Úcráin faoin Rialachán seo a bhainistiú.

(33)Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Rialacháin seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go rialta faoi aon dul chun cinn a dhéantar maidir leis an tacaíocht sin, agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh.

(34)Chun éifeachtacht leanúnach na socruithe a bhunaítear leis an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar leordhóthanacht na socruithe sin agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, agus ar an gcaoi sin, trédhearcacht agus cuntasacht a ráthú.

(35)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(36)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leormhaith, is é sin, tacaíocht a thabhairt don Úcráin chun riachtanais mhaoiniúcháin a chumhdach, go háirithe trí fhaoiseamh gearrthéarmach agus fadtéarmach lamháltais a sholáthar i bhfoirm iasachta agus i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha, ach, de bharr a bhfairsinge agus a néifeachta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(37)I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla atá ann mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a agairt.

(38)I bhfianaise na staide san Úcráin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin (‘an Sásra’) agus cuirtear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ar fáil don Úcráin d’fhonn tacú leis an Úcráin a riachtanais mhaoiniúcháin a chumhdach.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘tacaíocht ón Aontas’ an iasacht cúnaimh macrairgeadais agus an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha atá ar fáil faoin Rialachán seo;

(2)ciallaíonn ‘iasacht dhéthaobhach’ iasacht a thugann tríú tír go díreach nó go hindíreach mar iasachtóir (‘iasachtóir déthaobhach’ freisin) chun tairbhe na hÚcráine;

(3)ciallaíonn ‘iasacht dhéthaobhach incháilithe’ iasacht dhéthaobhach arna formheas ag an gCoimisiún mar iasacht atá incháilithe faoin Sásra;

(4)ciallaíonn ‘Iasacht cúnaimh macrairgeadais’ an tacaíocht airgeadais eisceachtúil a chuireann an tAontas ar fáil don Úcráin i bhfoirm iasachta faoi Chaibidil III;

(5)ciallaíonn ‘Comhaontú Iasachta cúnaimh macrairgeadais’ an comhaontú iasachta arna shíniú ag an gCoimisiún, thar ceann an Aontais, agus ag an Úcráin faoi Chaibidil III;

(6)ciallaíonn ‘costais ghaolmhara eile’ aon chostas nó táille atá dlite faoin iasacht cúnaimh macrairgeadais agus faoin iasacht dhéthaobhach, faoi seach.

Caibidil II

Sásra comhair le haghaidh iasachtaí don Úcráin

Airteagal 3

Cuspóir

Is é is cuspóir don Sásra tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a sholáthar don Úcráin d’fhonn cúnamh a thabhairt don Úcráin an iasacht cúnaimh macrairgeadais agus iasachtaí déthaobhacha incháilithe a aisíoc. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, gheobhaidh an Sásra acmhainní agus eisíocfaidh sé leis an Úcráin iad ar bhonn rialta chun príomhshuim, ús agus aon chostas gaolmhar eile a bhaineann leis an iasacht cúnaimh macrairgeadais agus le hiasachtaí déthaobhacha incháilithe a chumhdach. Le hoibríochtaí an tSásra, áiritheofar lgo mbeidh rochtain chomhionann ag iasachtóirí déthaobhacha agus ag an Aontas araon.

Airteagal 4

Maoiniú

(1)Tabharfar acmhainní don Sásra a chuirfear ar fáil tríd an méid seo a leanas:

(a)méideanna arna naistriú i gcomhréir le hIarscríbhinn XLI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle, arb é a bheidh iontu ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais; agus

(b)méideanna arna bhfáil mar ranníocaíochtaí airgeadais ó Bhallstáit, ó thríú tíortha nó ó fhoinsí eile. Ioncam sannta seachtrach a bheidh sna ranníocaíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointí (a)(ii), (d) agus (e), den Rialachán Airgeadais.

(2)Le haghaidh na ranníocaíochtaí uile dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), tabharfar comhaontú ranníocaíochta i gcrích idir an Coimisiún, thar ceann an Aontais, agus an ranníocóir. Go sonrach, beidh forálacha maidir le coinníollacha íocaíochta sa chomhaontú ranníocaíochta. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go comhuaineach agus gan mhoill faoi na comhaontuithe ranníocaíochta arna dtabhairt i gcrích.

Airteagal 5

Tacaíocht atá ar fáil

(1)Beidh an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha faoin Sásra ar fáil faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 6 go 8 chun cúnamh a thabhairt don Úcráin an phríomhshuim, an tús agus aon chostas gaolmhar eile a bhaineann leis na nithe seo a leanas a aisíoc:

(a)an iasacht cúnaimh macrairgeadais; agus

(b)na hiasachtaí déthaobhacha incháilithe.

(2)Ba cheart an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a leithdháileadh ar an Úcráin chun cúnamh a thabhairt na hiasachtaí dá dtagraítear i mír 1 a aisíoc i gcomhréir le príomhshuim gach iasachta arna sloinneadh in euro in aghaidh shuim phríomhshuim na hiasachta cúnaimh macrairgeadais agus na niasachtaí déthaobhacha incháilithe uile arna sloinneadh in euro. A luaithe a bheidh an iasacht cúnaimh macrairgeadais nó iasacht dhéthaobhach incháilithe aisíoctha go hiomlán ag an Úcráin, lena náirítear ús agus aon chostas gaolmhar eile, déanfar an leithdháileadh sin a choigeartú ionas go leithdháilfear aon acmhainn amach anseo ar iasachtaí atá fágtha i gcomhréir le príomhshuim gach iasachta arna sloinneadh in euro in aghaidh shuim phríomhshuim na niasachtaí uile atá fágtha arna sloinneadh in euro.

(3)Glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena mbunófar an leithdháileadh dá bhforáiltear i mír 2 idir an iasacht cúnaimh macrairgeadais agus iasachtaí déthaobhacha incháilithe. Úsáidfidh an Coimisiún príomhshuim gach iasachta déthaobhaí incháilithe arna sloinneadh in euro dá dtagraítear in Airteagal 6(5)(b). Leasóidh an Coimisiún an cinneadh sin chun gach iasacht dhéthaobhach a áireamh gan mhoill ar theacht i bhfeidhm na hiasachta déthaobhaí faoi seach. Féadfaidh an Coimisiún an cinneadh sin a leasú chun an leithdháileadh ar iasacht dhéthaobhach a laghdú go comhréireach i gcás nach neisíocfar an iasacht dhéthaobhach sin go hiomlán laistigh den sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 6(2)(c).

(4)Ní rachaidh méid foriomlán phríomhshuim na niasachtaí dá dtagraítear i mír 1 thar EUR 45 bhilliún.

(5)Is in euro a thabharfar an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha faoin Sásra.

(6)Beidh gach íocaíocht faoi réir infhaighteacht na nacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 4(1).

(7)Ní ghabhfaidh an tAontas aon dliteanas air féin maidir le haisíoc na niasachtaí déthaobhacha incháilithe.

Airteagal 6

Cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún maidir le hincháilitheacht na n‑iasachtaí déthaobhacha

(1)Más mian leis an Úcráin tacaíocht a iarraidh faoin Sásra chun cúnamh a thabhairt don Úcráin iasacht dhéthaobhach a aisíoc, cuirfidh an Úcráin téacs an chomhaontaithe iasachta déthaobhaí ábhartha faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Meitheamh 2025 ar a dhéanaí.

(2)Déanfaidh an Coimisiún measúnú gan mhoill ar incháilitheacht na hiasachta déthaobhaí faoin Sásra i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a)níor síníodh an comhaontú iasachta déthaobhaí roimh an [dáta glactha an togra];

(b)tá contrapháirtí na hiasachta déthaobhaí ag gníomhú faoi choimirce thionscnamh G7 ‘Iasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Úrghnach don Úcráin’; agus

(c)tá an iasacht dhéthaobhach le heisíoc go hiomlán chun tairbhe na hÚcráine roimh an 31 Nollaig 2027. Féadfaidh eisíocaíochtaí den sórt sin a bheith nasctha le cur i gcrích na gcoinníollacha beartais.

Chun críocha an mheasúnaithe, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a lorg ón Úcráin.

(3)Coinníoll fionraíochta i gcomhaontú iasachta déthaobhaí lena bhforáiltear nach dtiocfaidh comhaontú den sórt sin i bhfeidhm sula bhformheasfaidh an Coimisiún incháilitheacht na hiasachta déthaobhaí nó sula dtiocfaidh an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 7 i bhfeidhm, ní chuirfidh an coinníoll sin cosc ar mheasúnú dearfach na hiasachta déthaobhaí.

(4)Déanfaidh an Coimisiún incháilitheacht na hiasachta déthaobhaí a fhormheas trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme.

(5)Leagfar amach an méid seo a leanas sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún faoi mhír 4:

(a)an tiasachtóir déthaobhach;

(b)príomhshuim na hiasachta déthaobhaí arna sloinneadh in euro; a mhéid is gá, sloinnfear príomhshuim na hiasachta déthaobhaí in airgeadra na hiasachta déthaobhaí faoi seach, i gcás inarb é ráta comhshó na hiasachta déthaobhaí go euro ráta malairte laethúil an euro arna fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an [dáta glactha an togra]; agus

(c)an túdar leis an measúnú dearfach ar an iasacht dhéthaobhach.

(6)Le suim phríomhshuimeanna na niasachtaí déthaobhacha uile arna bhformheas ag an gCoimisiún de réir an Airteagail seo agus na hiasachta cúnaimh macrairgeadais, déanfar an méid dá dtagraítear in Airteagal 5(4) a urramú i gcónaí.

(7)Féadfaidh an Coimisiún an cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4 a aisghairm mura dtiocfaidh an comhaontú iasachta déthaobhaí i bhfeidhm faoin 30 Meitheamh 2025.

(8)I gcás measúnú diúltach, cuirfidh an Coimisiún measúnú a bhfuil údar cuí leis in iúl don Úcráin.

Airteagal 7

Comhaontú maidir leis an Sásra comhair le haghaidh iasachtaí don Úcráin a chur chun feidhme

(1)Ní dheonófar an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha dá dtagraítear in Airteagal 5 don Úcráin go dtí go mbeidh comhaontú tugtha i gcrích ag an gCoimisiún leis an Úcráin (‘Comhaontú ULCM’).

(2)Beidh na heilimintí seo a leanasi gComhaontú ULCM, go háirithe:

(a)an oibleagáid atá ar an Úcráin an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a úsáid chun an phríomhshuim, an tús agus aon chostas gaolmhar eile a bhaineann leis an iasacht cúnaimh macrairgeadais nó le hiasachtaí déthaobhacha incháilithe a aisíoc;

(b)cuntais bhainc na niasachtóirí déthaobhacha uile, lena níocfaidh an Coimisiún íocaíochtaí na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha a bhaineann lena niasachtaí déthaobhacha;

(c)maidir le híocaíochtaí na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha a bhaineann leis an iasacht cúnaimh macrairgeadais, forálacha lena náirithítear go núsáidfidh an tAontas na méideanna sin chun an iasacht cúnaimh macrairgeadais a aisíoc go díreach;

(d)forálacha tiomnaithe lena léirítear Airteagal 5(7) agus lena náirithítear nach mbeidh an tAontas faoi dhliteanas i leith aon damáiste arb í an Úcráin nó aon tríú páirtí is cúis leis agus na hiasachtaí déthaobhacha incháilithe á gcur chun feidhme, lena náirítear damáiste mar thoradh ar chur chun feidhme an tSásra, agus go sonrach i gcás ina nathraíonn na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 4(1) le himeacht ama nó ina scoireann siad de bheith ann;

(e)an oibleagáid atá ar an Úcráin cruthúnas a fháil ó na hiasachtóirí déthaobhacha agus an cruthúnas seo a leanas a sholáthar don Choimisiún gan mhoill:

(a)teacht i bhfeidhm gach comhaontaithe iasachta déthaobhaí; agus

(b)gach oibleagáid aisíocaíochta a urscaoileadh, lena náirítear, a mhéid is gá, an ráta comhshó is infheidhme a úsáideadh.

(f)an oibleagáid atá ar an Úcráin aontú le gach iasachtóir déthaobhach go mbeidh aon mhéid arna soláthar ag an Úcráin chun an iasacht a aisíoc nach nurscaoileann na hoibleagáidí aisíocaíochta láithreach, go mbeidh siad fós ar fáil go dtí go mbeidh na hoibleagáidí aisíocaíochta dlite, agus go mbeidh aon ús atá fabhraithe ar an méid sin ar fáil freisin lena úsáid chun na hoibleagáidí faoin gcomhaontú iasachta déthaobhaí a urscaoileadh;

(g)an oibleagáid atá ar an Úcráin an méid seo a leanas a chur le gach iarraidh ar íocaíocht:

(a)mionsonraí na méideanna atá fágtha atá dlite faoi gach comhaontú iasachta déthaobhaí; agus

(b)mionsonraí maidir leis na méideanna dá dtagraítear i bpointe (f).

(h)an túdarú sainráite d’iasachtóirí déthaobhacha iarraidh ar íocaíocht a dhéanamh go heisceachtúil i gcomhréir le hAirteagal 8(6), ar choinníoll go dtíolacfaidh na hiasachtóirí déthaobhacha an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (g) den mhír seo; agus

(i)aon cheanglas eile is gá chun an Sásra a chur chun feidhme.

(3)A mhéid is gá, leasófar Comhaontú ULCM tar éis theacht i bhfeidhm aon chinneadh ón gCoimisiún arna ghlacadh de bhun Airteagal 6(4).

Airteagal 8

An tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a eisíoc

(1)Féadfaidh an Úcráin iarraidh ar thacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha i leith na hiasachta cúnaimh macrairgeadais agus i leith iasachtaí déthaobhacha incháilithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi dhó sa bhliain.

(2)Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar iarraidh na hÚcráine ar bhonn na gceanglas seo a leanas:

(a)comhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach in Airteagal 11, réamhchoinníoll nach mbeidh infheidhme ach amháin a mhéid a bhaineann leis an iasacht cúnaimh macrairgeadais;

(b)deimhniú nach mó luach iomlán na neisíocaíochtaí i leith na hiasachta cúnaimh macrairgeadais nó i leith gach iasachta déthaobhaí incháilithe, mar aon le haon ús a fabhraíodh ina leith, ná an méid iomlán atá dlite don iasachtóir sin; agus

(c)comhlíonadh oibleagáidí Chomhaontú ULCM.

(3)Faoi réir infhaighteacht na nacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 4(1), i gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú dearfach, glacfaidh sé cinneadh gan moill mhíchuí lena núdarófar an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a eisíoc, lena náirítear an méid a eisíocadh chun tacú le haisíoc gach iasachta déthaobhaí incháilithe agus an méid a cuireadh ar fáil chun tacú le haisíoc na hiasachta cúnaimh macrairgeadais. Beidh an méid a eisíocfar cothrom le méid na nacmhainní atá ar fáil ar bhonn Airteagal 4(1). Déanfar an méid a eisíocfar a leithdháileadh i gcomhréir leis an gcinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

(4)I gcás ina mbeidh an méid a chuirfear ar fáil don Úcráin chun tacú le haisíoc na hiasachta cúnaimh macrairgeadais níos mó ná an méid atá dlite le haisíoc, féadfar an méid barrachais a úsáid chun an iasacht a aisíoc go luath de réir Airteagal 15(2), pointe (e), nó féadfaidh an tAontas é a choinneáil chun tacú le haisíoc na hiasachta cúnaimh macrairgeadais amach anseo, agus chun na críche sin amháin. Aon ús a fhabhraítear air sin, beidh sé ar fáil freisin chun tacú leis an gcuspóir sin.

(5)I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú diúltach ar an iarraidh, cuirfidh sé an Úcráin ar an eolas, gan mhoill, agus tabharfaidh sé cúiseanna lena mheasúnú.

(6)Gan dochar do mhíreanna 1 ná 2, féadfaidh an Coimisiún, ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, measúnú eisceachtúil a dhéanamh ar iarrataí ar íocaíocht arna dtíolacadh ag na hiasachtóirí déthaobhacha, go háirithe i gcás ina mbeadh cinneadh déanta ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 11(4) nó i gcás nach mbeadh an Úcráin i gcomhréir le hoibleagáidí Chomhaontú ULCM.

Caibidil III

Cúnamh Macrairgeadais

Airteagal 9

An cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a chur ar fáil

(1)Cuirfidh an tAontas cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ar fáil don Úcráin d’fhonn tacú leis an Úcráin riachtanais mhaoiniúcháin a chumhdach. Is i bhfoirm iasachtaí a sholáthrófar an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas don Úcráin. Rannchuideoidh an cúnamh le bearna mhaoinithe na hÚcráine a chumhdach mar a shainaithnítear í i gcomhar le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais.

(2)Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an chaoi a scaoilfear an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas bunaithe ar a mheasúnú ar an réamhchoinníoll dá dtagraítear in Airteagal 11 agus ar chur chun feidhme na gcoinníollacha beartais a áirítear sa Mheabhrán Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 12(1).

(3)Beidh an iasacht cúnaimh macrairgeadais don Úcráin ar fáil go dtí an 31 Nollaig 2024. Cuirfidh an Coimisiún an iasacht sin ar fáil in aon tráthchuid amháin, tráthchuid a fhéadfar a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó. Déanfar na tráinsí sin uile a eisíoc faoin 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí.

Airteagal 10

Méid

(1)Uasmhéid EUR 35 bhilliún a bheidh san iasacht cúnaimh macrairgeadais don Úcráin. Mar sin féin, tráth a ghlacfar an cinneadh ón gCoimisiún maidir le scaoileadh na tráthchoda dá dtagraítear in Airteagal 13, más mó ná EUR 45 bhilliún suim an uasmhéid sin agus phríomhshuim na niasachtaí déthaobhacha incháilithe a d'fhormheas an Coimisiún cheana féin de réir Airteagal 6, agus na príomhshuime a léirítear i rúin shonraithe tríú tíortha a cuireadh in iúl don Choimisiún faoi choimirce thionscnamh G7 ‘Iasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Úrghnach don Úcráin’, déanfar uasmhéid na hiasachta cúnaimh macrairgeadais a laghdú faoi luach an bharrachais.

(2)Má thagann laghdú suntasach ar riachtanais mhaoinithe na hÚcráine le linn na tréimhse ina mbeidh an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas ar fáil, lena náirítear laghdú i gcás réiteach ar dhamáistí cogaidh na hÚcráine arna ndéanamh ag an Rúis, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16, méid an chúnaimh a laghdú nó é a chur ar ceal.

(3)Is é 45 bliana an uastréimhse a bheidh ag an iasacht cúnaimh macrairgeadais.

Airteagal 11

Réamhchoinníoll maidir leis an tacaíocht

(1)Mar réamhchoinníoll chun an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil a dheonú don Úcráin, ní mór don Úcráin leanúint de shásraí éifeachtacha daonlathacha a choinneáil ar bun agus a urramú, lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, agus urraim a ráthú do chearta an duine, lena náirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.

(2)Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1, go háirithe sula scaoilfear an tráthchuid agus sula ndéanfar tráinsí a eisíoc, agus aird chuí á tabhairt, de réir mar is iomchuí, ar thuarascáil rialta an Choimisiúin maidir le méadú. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar na moltaí ábhartha ó chomhlachtaí idirnáisiúnta, amhail Comhairle na hEorpa agus Coimisiún na Veinéise, sa phróiseas sin. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas go bhfuil an réamhchoinníoll a leagtar amach i mír 1 á chomhlíonadh sula scaoilfear an tráthchuid agus sula ndéanfar tráinsí a eisíoc leis an Úcráin.

(3)Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle 26 .

(4)Déanfar an measúnú dá dtagraítear i mír 2 in éineacht leis an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/792 27 .

(5)I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil an réamhchoinníoll á chomhlíonadh nó nach bhfuil sé á chomhlíonadh a thuilleadh, cuirfidh sé eisíocaíochtaí an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil agus scaoileadh na tacaíochta neamh-inaisíoctha dá dtagraítear in Airteagal 8 ar fionraí a mhéid a bhaineann sé leis an asacht cúnaimh macrairgeadais.

Airteagal 12

Meabhrán Tuisceana

(1)Comhaontóidh an Coimisiún i gcomhar leis an Úcráin coinníollacha beartais a bhfuil an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas nasctha leo. Déanfar na coinníollacha beartais sin a leagan amach i Meabhrán Tuisceana.

(2)Beidh na coinníollacha beartais sa Mheabhrán Tuisceana comhsheasmhach leis na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine, agus aon leasú air. Ina theannta sin, ba cheart a áireamh sna coinníollacha beartais sa Mheabhrán Tuisceana gealltanas chun comhar leis an Aontas a chur chun cinn maidir le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú thionscal cosanta na hÚcráine, i gcomhréir le cuspóirí an Chláir um an Tionscal Cosanta Eorpach agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais.

(3)Déanfaidh an Coimisiún síniú an Mheabhráin Tuisceana agus na leasuithe air a fhormheas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 13

Cinneadh maidir le scaoileadh

(1)Tíolacfaidh an Úcráin iarraidh ar chistí sula scaoilfear an tráthchuid, agus beidh tuarascáil ag gabháil léi i gcomhréir le forálacha an Mheabhráin Tuisceana.

(2)Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le scaoileadh na tráthchoda faoi réir a mheasúnaithe ar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 11 a chomhlíonadh; agus

(b)comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha beartais a leagtar amach sa Mheabhrán Tuisceana.

(3)Féadfaidh eisíocaíocht na dtráinsí a ailíniú le huainiú eisíocaíochtaí na hiasachta nó na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha faoi Cholún I den tSaoráid don Úcráin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/792.

Airteagal 14

Oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí

(1)Chun an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 220a den Rialachán Airgeadais.

(2)De mhaolú ar Airteagal 31(3), an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/947, ní thacóidh an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha leis an gcúnamh airgeadais a thugtar don Úcráin i bhfoirm iasachtaí. Ní dhéanfar aon soláthar don iasacht cúnaimh macrairgeadais agus, de mhaolú ar Airteagal 211(1) den Rialachán Airgeadais, ní shocrófar aon ráta soláthair mar chéatadán den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo.

(3)Méideanna a chuirtear ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 11(4), beidh siad ar fáil, a mhéid is gá, chun tacú le haisíocaíocht oibríochtaí iasachtaíochta an Aontais. Má úsáidtear acmhainní den sórt sin ar an gcaoi sin, ní scaoilfear an Úcráin óna dliteanas an iasacht a aisíoc de réir théarmaí an Chomhaontaithe Iasachta cúnaimh macrairgeadais.

Airteagal 15

Comhaontú Iasachta cúnaimh macrairgeadais

(1)Leagfar síos téarmaí airgeadais mionsonraithe an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas sa Chomhaontú Iasachta cúnaimh macrairgeadais.

(2)Sa bhreis ar na heilimintí a leagtar síos in Airteagal 220(5) den Rialachán Airgeadais, beidh na ceanglais seo a leanas sa Chomhaontú Iasachta cúnaimh macrairgeadais:

(a)go mbeidh feidhm ag na cearta, na freagrachtaí agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Chreat-Chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/792 maidir leis an gComhaontú Iasachta cúnaimh macrairgeadais agus leis na cistí ann;

(b)go núsáidfidh an Úcráin na córais bhainistíochta agus rialaithe chéanna leo siúd a mholtar i bPlean na hÚcráine a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2024/792;

(c)ceanglais lena náirithítear go mbeidh an tAontas i dteideal luath-aisíocaíocht na hiasachta i gcás ina mbeidh sé suite, i ndáil le bainistiú an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, gur thug an Úcráin faoi aon ghníomh calaoise nó éillithe nó faoi aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais;

(d)go leanfaidh an Úcráin de na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 11(1) a urramú;

(e)go bhféadfar an méid barrachais dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a úsáid go hiomlán nó go páirteach chun an iasacht cúnaimh macrairgeadais a aisíoc go luath ar thionscnamh an Choimisiúin nó, faoi réir fhormheas an Choimisiúin, ar iarraidh ón Úcráin; agus

(f)ceanglais lena sainítear módúlachtaí na haisíocaíochta, bunaithe ar struchtúr cascáide. Ar an gcéad dul síos, go núsáidfear an tacaíocht neamh-inaisíoctha a chuirtear ar fáil don iasacht cúnaimh macrairgeadais ón Sásra arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 8 chun an iasacht cúnaimh macrairgeadais a aisíoc go díreach. Ar an dara dul síos, mura soláthraítear aon tacaíocht neamh-inaisíoctha nó mura soláthraítear ach tacaíocht neamh-inaisíoctha pháirteach ar chúiseanna méideanna neamh-leordhóthanacha, úsáidfear méideanna atá á gcoinneáil ag an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 8(4), chun an iasacht cúnaimh macrairgeadais a aisíoc go díreach. Ar an tríú dul síos, mura leor na méideanna thuas, i gcás ina dtiocfar ar chomhaontú chun cúiteamh cogaidh nó aon socrú airgeadais coibhéiseach i leith damáistí cogaidh a sholáthar don Úcráin, go mbainfidh an Úcráin leas as na hacmhainní sin chun an iasacht cúnaimh macrairgeadais a sheirbhísiú. Ar an gceathrú dul síos, mura leor na méideanna thuas, leanfaidh an Úcráin de bheith faoi dhliteanas fós maidir le haon mhéid a bheidh dlite fós.

(3)Is foras don Choimisiún é neamhchomhlíonadh théarmaí an Chomhaontaithe Iasachta cúnaimh macrairgeadais chun scaoileadh na tráthchoda nó na dtráinsí a chur ar fionraí nó a chealú, nó, i gcás inar gá sin, chun aisíoc luath na hiasachta cúnaimh macrairgeadais a éileamh.

(4)Déanfar an Comhaontú Iasachta Cúnaimh Macrairgeadais a chur ar fáil, arna iarraidh sin, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

Airteagal 16

Nós imeachta Coiste

(1)Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(2)I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Caibidil IV

Forálacha Críochnaitheacha

Airteagal 17

Faisnéis a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle

(1)Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí maidir cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena náirítear eisíocaíochtaí faoin Sásra agus faoin iasacht cúnaimh macrairgeadais, agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do na hinstitiúidí sin in am trátha. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar i gcomhréir leis na socruithe idirinstitiúideacha a comhaontaíodh faoin tSaoráid don Úcráin, lena náirítear an tIdirphlé maidir leis an tSaoráid don Úcráin.

(2)Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo sa bhliain roimhe sin, lena náirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil sin, déanfar an méid seo a leanas: (a) scrúdófar an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a chur chun feidhme; agus (b) déanfar staid eacnamaíoch agus ionchais na hÚcráine a mheas, mar aon leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagal 12(1) a chur chun feidhme. I gcás inarb iomchuí, go háirithe tar éis don iasacht cúnaimh macrairgeadais agus do na comhaontuithe iasachta déthaobhaí incháilithe uile dul in éag, áireoidh an Coimisiún sa tuarascáil sin athbhreithniú ar leordhóthanacht na socruithe atá sa Rialachán seo.

(3)Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2027, tar éis dheireadh na tréimhse infhaighteachta, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus ar éifeachtúlacht an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas arna thabhairt i gcrích, dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, agus ar a mhéid a rannchuidigh sé le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1 Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais don Úcráin

1.2 Réimsí beartais lena mbaineann (Braisle chlár)

Réimse beartais: Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Gníomhaíocht: Gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais idirnáisiúnta 1.3 Baineann an togra/tionscnamh leis an méid seo a leanas:

 gníomhaíocht nua 

 gníomhaíocht nua a thagann i ndiaidh treoirthionscadail/réamhghníomhaíochta 28  

 síneadh le gníomhaíocht atá ann cheana 

 gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí a chumasc nó a atreorú i dtreo gníomhaíocht eile/gníomhaíocht nua

1.4 Cuspóirí sonracha

1.4.1 Cuspóirí ginearálta

An Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin a bhunú agus cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil don Úcráin d’fhonn tacú leis an Úcráin maidir lena riachtanais mhaoiniúcháin a chumhdach.

1.4.2 Cuspóirí ginearálta

Tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a sholáthar don Úcráin d’fhonn cabhrú léi an iasacht cúnaimh macrairgeadais agus na hiasachtaí déthaobhacha a soláthraíodh chun tacú leis an Úcráin a aisíoc agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú leis an gcobhsaíocht mhacrairgeadais, agus leis na srianta seachtracha agus inmheánacha atá ar an tír maidir le maoiniú a mhaolú.

1.4.3 An toradh agus an tionchar a bhfuil coinne leo

Sonraigh an tionchar ba cheart a bheith ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

   Tacú le hathléimneacht eacnamaíoch agus cobhsaíocht na hÚcráine faoi dhálaí an chogaidh.

   Rannchuidiú le riachtanais chistiúcháin sheachtraigh na hÚcráine a chumhdach, i gcomhthéacs a cuntais sheachtracha a bheith ag dul in olcas go mór de dheasca ionradh gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin.

   Riachtanais mhaoiniúcháin bhuiséadacha na hÚcráine a mhaolú, chun leanúint den chúnamh éigeandála a soláthraíodh cheana féin.

   Rannchuidiú, tríd an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin, le haisíoc na hiasachta cúnaimh macrairgeadais a soláthraíodh don Úcráin faoin Rialachán seo agus le haisíoc iasachtaí déthaobhacha.

1.4.4 Táscairí feidhmíochta

Na táscairí a shonrú lena ndéanfar faireachán ar dhul chun cinn agus ar a bhfuil bainte amach.

Ceanglófar ar údaráis na hÚcráine tuarascáil a sholáthar maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha beartais a comhaontaíodh, sula n‑eisíocfar tráthchuid na hiasachta cúnaimh macrairgeadais. Fanfaidh seirbhísí an Choimisiúin i ndlúth-theagmháil le hArdán Deontóirí na hÚcráine chun tairbhiú de na léargais a thiocfaidh as gníomhaíochtaí leantacha gach ceann de na deontóirí.

Leanfaidh seirbhísí an Choimisiúin d’fhaireachán a dhéanamh ar bhainistíocht airgeadais phoiblí, tar éis an mheasúnaithe oibríochtúil a rinneadh ar na scagchuarda airgeadais agus na nósanna imeachta riaracháin san Úcráin, measúnú a cuireadh ar fáil i mí an Mheithimh 2020.

Ina theannta sin, tuairisceoidh Toscaireacht an Aontais go tráthrialta ar shaincheisteanna a bhaineann le faireachán ar an gcúnamh. Tá foráil déanta maidir le tuarascáil bhliantúil a sheoladh chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n‑áirítear eisíocaíochtaí an tSásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus na hiasachta cúnaimh macrairgeadais. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ex post ar chúnamh macrairgeadais ón Aontas arna thabhairt i gcrích.

1.5 Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1 Na ceanglais atá le comhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Chun an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún comhaontú leis an Úcráin ina leagfar amach na coinníollacha agus na hoibleagáidí maidir leis an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a fháil agus a úsáid. Maidir le tacaíocht chun cabhrú leis an Úcráin iasachtaí arna soláthar ag tríú tíortha faoin Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin a aisíoc, beidh sé sin ag brath ar mheasúnú dearfach ón gCoimisiún ar incháilitheacht na n‑iasachtaí déthaobhacha arna dtíolacadh ag an Úcráin. Ní scaoilfear an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha faoin Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin go dtí go bhformheasfaidh an Coimisiún na hiarrataí ar thacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a thíolacfaidh an Úcráin nó, ar bhonn eisceachtúil, a thíolacfaidh iasachtóirí déthaobhacha.

Beidh an iasacht cúnaimh macrairgeadais ag brath ar chomhlíonadh an réamhchoinníll agus na gcoinníollacha beartais a liostaítear i Meabhrán Tuisceana idir an Coimisiún agus údaráis na hÚcráine. Is éard a bheidh sa chúnamh aon tráthchuid amháin, a fhéadfar a eisíoc i roinnt tráinsí.

Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an cúnamh macrairgeadais. Tá feidhm ag forálacha sonracha maidir le calaois agus neamhrialtachtaí eile a chosc, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, lena n‑áirítear na forálacha ábhartha maidir le leas airgeadais an Aontais a áirithiú mar a leagtar síos sa Chreat-Chomhaontú faoi Rialachán (AE) 2024/792. Bheadh an Coimisiún agus údaráis na hÚcráine ar aon fhocal faoi na ceanglais maidir le tuairisciú a bheith leagtha amach sa Mheabhrán Tuisceana. Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus leis na húdaráis náisiúnta, agus oibreoidh sé freisin le tríú tíortha atá rannpháirteach san Ardán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí don Úcráin, chun na tosaíochtaí agus coinníollacht a dtacaíochta, faoi seach, a chomhordú agus chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha agus ar chur i bhfeidhm na gceanglas agus na gcoinníollacha mar a comhaontaíodh sa Mheabhrán Tuisceana.

1.5.2 Breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordaithe, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht nó comhlántachtaí breise). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Freagraíonn an togra seo don ghá le freagairt chomhchoiteann maidir le tacaíocht a chur ar fáil don Úcráin ar scála leordhóthanach, rud is fearr is féidir leis an Aontas a bhaint amach ná na Ballstáit agus iad ag feidhmiú as a stuaim féin. Is iad na príomhchúiseanna atá leis sin na srianta cumais fhioscaigh agus buiséadacha a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu ar an leibhéal náisiúnta agus an gá atá le deontóirí a chomhordú go láidir chun scála agus éifeachtacht na tacaíochta a uasmhéadú, agus san am céanna, an t‑ualach ar acmhainn riaracháin údaráis na hÚcráine, atá faoi bhrú mór sna cúinsí atá ann faoi láthair, a theorannú.

Tá an tionscnamh ina chuid de chuspóir an Aontais tacaíocht leachtachta ghearrthéarmach a sholáthar don Úcráin. Daingnítear leis freisin gníomhaíochtaí an Aontais a bhaineann le tacaíocht dhíreach dhaonnúil, eacnamaíoch agus cosanta, chomh maith le tionscnaimh an Aontais chun gníomhaíochtaí iltaobhacha a chomhordú.

Is é an breisluach is mó a bhaineann leis an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin, i gcomparáid le hionstraimí eile de chuid an Aontais, cabhrú leis an Úcráin an iasacht cúnaimh macrairgeadais agus na hiasachtaí déthaobhacha incháilithe a soláthraíodh chun tacú léi a aisíoc. Agus an méid sin á dhéanamh, tá freagra á thabhairt aige ar an iarraidh ón gComhairle Eorpach i gconclúidí ón 27 Meitheamh 2024 leanúint den obair agus aghaidh á tabhairt san am céanna ar na gnéithe ábhartha dlíthiúla agus airgeadais uile, chun cistiú breise a chur ar fáil don Úcráin faoi dheireadh na bliana i bhfoirm iasachtaí a sheirbhíseofar agus a aisíocfar le sreafaí amach anseo den ioncam urghnách.

Is é an breisluach is mó a bhaineann leis na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais i gcomparáid le hionstraimí eile de chuid an Aontais go maolófar na srianta airgeadais seachtracha go gasta agus go mbeidh siad ina gcuidiú chun creat macrairgeadais cobhsaí leantach a áirithiú, lena n‑áirítear an méid sin a dhéanamh trí chomhardú íocaíochtaí agus staid bhuiséadach mharthanach inbhuanaithe a chur chun cinn, laistigh de chreat a oireann do na ceanglais tuairiscithe.

1.5.3 Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am atá thart

Tá oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais faoi réir meastóireacht ex post. Maidir leis na meastóireachtaí ex post a rinneadh san am atá thart ar oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais don Úcráin roimhe seo, is léir go raibh siad an-ábhartha i dtéarmaí a gcuspóirí, a mbuiséid agus a gcuspóirí beartais. Bhí ríthábhacht leo maidir le tacú leis an Úcráin agus aghaidh á tabhairt aici ar a fadhbanna i ndáil le comhardú na n‑íocaíochtaí agus athchóirithe struchtúracha tábhachtacha a chur chun feidhme chun an geilleagar a chobhsú agus chun inbhuanaitheacht a seasaimh sheachtraigh a fheabhsú. Cuireadh coigilteas fioscach agus sochair airgeadais san áireamh iontu, agus ina theannta sin, spreagadh tacaíocht airgeadais bhreise agus muinín infheisteoirí mar thoradh orthu.

I bhfianaise a nuálaí atá an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin, ní rabhthas in ann aon cheacht foghlamtha a shainaithint. 1.5.4 Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá an togra comhoiriúnach d’uasteorainneacha Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027.

Maoineofar an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin le hioncam sannta seachtrach.

Beidh an tacaíocht cúnaimh macrairgeadais i bhfoirm iasachtaí ar fáil go dtí an 31 Nollaig 2024, agus eisíocfar na tráinsí faoin 31 Nollaig 2025. Is trí iasachtaíocht a mhaoineofar na hacmhainní le haghaidh na hiasachta cúnaimh macrairgeadais.

Agus na rioscaí airgeadais agus an cumhdach buiséadach á mbreithniú, níor cheart aon soláthar a dhéanamh don tacaíocht i bhfoirm iasachtaí faoin Rialachán seo, a bheadh le ráthú de bhreis ar na huasteorainneacha, agus, de mhaolú ar Airteagal 211(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, níor cheart aon ráta soláthair a shocrú.

1.5.5 Measúnú ar na roghanna éagsúla maoiniúcháin atá ar fáil, lena náirítear an fhéidearthacht ath-leithdháileadh a dhéanamh

Trí iasachtaí a úsáid, méadaítear éifeachtacht bhuiséad an Aontais leis an oibríocht cúnaimh macrairgeadais seo tríd an éifeacht ghiarála agus déantar foráil maidir leis an rogha is costéifeachtaí. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún cistí a fháil ar iasacht ó mhargaí caipitil thar ceann an Aontais Eorpaigh agus Euratom araon trí úsáid a bhaint as ráthaíocht bhuiséad an Aontais. Is é is aidhm dó sin cistí a fháil ón margadh ag na rátaí is fearr atá ar fáil mar gheall ar an stádas creidmheasa is airde.

Ba cheart tuilleadh brú ar bhuiséad an Aontais a sheachaint, ós rud é go bhfuil sé faoi bhrú cheana mar gheall ar cheanglais soláthair agus socruithe casta lena mbaineann an iliomad ráthaíochtaí náisiúnta ad hoc. Dá bhrí sin, ráthófar an iasacht cúnaimh macrairgeadais de bhreis ar uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil. I gcomhthéacs an mhargaidh atá ann faoi láthair, is mór iad na buntáistí ata ag córas aontaithe éifeachtúil chun na coinníollacha iasachtaíochta is fearr a ghnóthú agus chun rochtain ar an margadh a leathnú le haghaidh tacaíocht iasachta.

1.6 Tréimhse agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm idir BBBB agus BBBB;

 Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cur chun feidhme ag a bhfuil tréimhse thionscanta dar tosach an 1 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025,

agus feidhmiú iomlán ina dhiaidh sin.

29 1.7 Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe 

 Bainistíocht dhíreach arna déanamh ag an gCoimisiún

 ag a ranna, lena n‑áirítear a fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

 tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

 eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (le sonrú);

 an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

 comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

 comhlachtaí dlí phoiblí;

 comhlachtaí arna rialú leis an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh;

 comhlachtaí arna rialú le dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme, agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha;

 daoine a gcuirtear de chúram orthu gníomhaíochtaí sonracha de chuid an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES) a chur chun feidhme de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a shainaithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

Ní bhaineann le hábhar

2. BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1 Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh an mhinicíocht agus na coinníollacha.

Tá feidhm ag na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe faoi Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin faireachán ar an ngníomhaíocht ar bhonn na mbeart sonrach atá le comhaontú le húdaráis na hÚcráine i Meabhrán Tuisceana.

Áireofar sa Mheabhrán Tuisceana coinníollacha beartais ar cheart iad a bheith comhsheasmhach leis na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle maidir leis an measúnú ar Phlean na hÚcráine, agus aon leasú air, a fhormheas.

Déanfaidh an Coimisiún comhlíonadh na gcoinníollacha beartais a leagtar amach sa Mheabhrán Tuisceana a fhíorú. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi thorthaí an fhíoraithe sin.

Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo sa bhliain roimhe sin, lena n‐áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Déanfar an méid seo a leanas sa tuarascáil sin: (a) scrúdófar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur chun feidhme; agus (b) déanfar staid eacnamaíoch agus ionchais na hÚcráine a mheas, mar aon leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na coinníollacha beartais a chuimsítear sa Mheabhrán Tuisceana a chur chun feidhme. I gcás inarb iomchuí, go háirithe tar éis an iasacht cúnaimh macrairgeadais agus na comhaontuithe iasachta déthaobhacha uile a dhul in éag, cuimseoidh an Coimisiún sa tuarascáil sin athbhreithniú ar leordhóthanacht na socruithe atá sa Rialachán seo.

Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2027, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta ex post faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus ar éifeachtúlacht na tacaíochta ón Aontas a cuireadh i gcrích faoin oibríocht cúnaimh macrairgeadais agus ar a mhéid a rannchuidigh sí le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.

2.2 Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1 An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí atá le maoiniú faoin togra seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, mar go mbaineann siad le tacaíocht airgeadais atá á soláthar go díreach don Stát.

Cuirfidh an Coimisiún an tacaíocht neamh-inaisíoctha faoin Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin ar fáil, faoi réir méideanna a bheith ar fáil sa Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin.

Is féidir scaoileadh na dtráinsí a eagrú ar bhealach solúbtha tapa le linn 2024 agus 2025. Chun bainistiú leachtachta údaráis na hÚcráine a éascú agus chun intuarthacht a áirithiú, tá rún ag an gCoimisiún a áirithiú go scaoilfear na tráinsí le linn 2024 agus 2025, chun éagsúlachtaí móra idir méideanna ó ráithe go ráithe a sheachaint a mhéid is féidir. Féadfar eisíocaíochtaí na dtráinsí a ailíniú le huainiú eisíocaíochtaí na tacaíochta iasachta nó na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha faoi Cholún I de Shaoráid na hÚcráine i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/792. 

Ba cheart an iasacht cúnaimh macrairgeadais a scaoileadh faoi réir urramú na réamhchoinníollacha agus faoi réir chomhlíonadh sásúil na gcoinníollacha beartais.

2.2.2 Faisnéis faoi na rioscaí a sainaithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Is ann do rioscaí polaitiúla, muiníneacha agus beartais i dtaca leis an oibríocht atá beartaithe. Príomhriosca don oibríocht is ea ionradh leanúnach gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin, ionradh a d’fhéadfadh tionchar diúltach breise a imirt ar chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus ar acmhainn riaracháin na hÚcráine.

Ar an dara dul síos, maidir le sreafaí amach anseo d’ioncam urghnách a eascraíonn as blocáil shócmhainní ceannasacha na Rúise atá á sealbhú san Aontas Eorpach, tá na sreafaí sin faoi réir roinnt toimhdí. Mura dtagann na toimhdí sin chun cinn, d’fhéadfadh sé nach mbainfeadh an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin barr a chumais amach ó thaobh a thionchair de.

Ar an tríú dul síos, tá riosca ann go bhféadfaí na hiasachtaí a úsáid ar bhealach calaoiseach. Ós rud é nach bhfuil an togra sannta do chaiteachas ar leith (murab ionann agus maoiniú tionscadail, mar shampla), tá baint ag an riosca sin le tosca amhail caighdeán ginearálta na gcóras bainistíochta i mBanc Ceannais na hÚcráine agus san Aireacht Airgeadais, na nósanna imeachta riaracháin, na feidhmeanna rialaithe agus formhaoirseachta, slándáil na gcóras TF agus oiriúnacht na n‑inniúlachtaí iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí.

Ar an gceathrú dul síos, i gcás nach leor an tacaíocht neamh-inaisíoctha ón Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin chun an iasacht cúnaimh macrairgeadais a aisíoc agus i gcás nach bhfuil foinsí aisíocaíochta eile indéanta, is riosca é an fhéidearthacht go dteipfidh ar an Úcráin an iasacht cúnaimh macrairgeadais a sheirbhísiú, rud a d’fhéadfadh tarlú, mar shampla, mar thoradh ar an gcomhardú íocaíochtaí agus staid fhioscach an chomhpháirtí a dhul in olcas go mór.

Córais rialaithe inmheánaigh

Beidh na hoibríochtaí faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin, rialaithe agus iniúchóireachta faoi fhreagracht an Choimisiúin, lena n‑áirítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa mar a fhoráiltear in Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais. Tá an íocaíocht faoi réir faireachán arna dhéanamh ag foireann an Choimisiúin. An eisíocaíocht a bhaineann leis na hoibríochtaí, féadfaidh sí a bheith faoi réir fíorúcháin neamhspleácha bhreise ex post (fíorúcháin dhoiciméadacha agus/nó ar an láthair) arna ndéanamh ag oifigigh na foirne rialaithe ex post i roinn ábhartha an Choimisiúin. Féadfar fíorúcháin den sórt sin a thionscnamh freisin arna iarraidh sin ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach trí fhotharmligean. Is féidir úsáid a bhaint as briseadh íocaíochtaí agus íocaíochtaí a chur ar fionraí, ceartúcháin airgeadais (arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún) agus aisghabhálacha i gcás inar gá (níor tharla sé go dtí seo), agus tá foráil le déanamh go sainráite maidir leo sna comhaontuithe leis an Úcráin. 

2.2.3 Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costas rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus tráth an dúnta)

Leis na córais rialaithe atá i bhfeidhm, tá ráta earráide éifeachtach de 0 % á áirithiú go dtí seo i dtaca le híocaíochtaí den chineál cúnaimh macrairgeadais. Ní heol aon chás calaoise, éillithe ná gníomhaíochta mídhleathaí a bheith ann. Tá loighic shoiléir idirghabhála ag na hoibríochtaí, loighic a fhágann go bhfuil an Coimisiún in ann meastóireacht a dhéanamh ar a dtionchar. A bhuí leis na rialuithe, táthar in ann a dheimhniú go bhfuil leibhéal muiníne ann agus go bhfuil na cuspóirí agus na tosaíochtaí beartais á mbaint amach.

2.3 Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe a shonrú, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Chun na rioscaí a bhaineann le mí‑úsáid chalaoiseach a mhaolú, tá roinnt beart déanta cheana agus déanfar bearta eile amach anseo. Leagfar amach i gcomhaontú dlíthiúil idir an Coimisiún agus an Úcráin, arna shíniú acu araon, na téarmaí mionsonraithe a ghabhann leis an tacaíocht neamh-inaisíoctha faoin Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin. Bunófar leis an gcomhaontú dlíthiúil oibleagáid na hÚcráine an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a úsáid chun an phríomhshuim, an t‑ús agus aon chostas gaolmhar eile i dtaca leis an iasacht cúnaimh macrairgeadais nó na hiasachtaí déthaobhacha incháilithe a aisíoc, chomh maith lena hoibleagáid cruthúnas a fháil ó na hiasachtóirí déthaobhacha, agus a sholáthar don Choimisiún gan mhoill, gur urscaoileadh gach oibleagáid íocaíochta.

Thairis sin, tá Comhaontú Iasachta le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 220 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Soláthrófar leis an gComhaontú Iasachta tacar forálacha maidir le cigireacht, cosc calaoise, iniúchtaí agus aisghabháil cistí i gcás calaoise nó éillithe. Go sonrach, cuirfear san áireamh sa Chomhaontú Iasachta forálacha go ndéanfadh an Coimisiún seiceálacha, go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí agus go bhfeidhmeodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a cuid inniúlachtaí, i gcomhréir le hAirteagail 129 agus 220 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Beidh an oibríocht cúnaimh macrairgeadais faoi réir na bhforálacha sonracha maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint mar a leagtar amach faoin gCreat-Chomhaontú faoi Shaoráid na hÚcráine.

3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1 Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid dá ndéantar difear

Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál 
caiteachais

Ranníocaíocht

 

Difreáilte/Neamhdhifreáilte

ó thíortha CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

6

Líne bhuiséid maidir le caiteachas oibríochtúil: 14 11 01An Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin

Difreáilte

IS EA

IS EA

IS EA

IS EA

3.2 An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1 Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Is é is cuspóir don Sásra tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a sholáthar don Úcráin d’fhonn cabhrú léi an iasacht cúnaimh macrairgeadais agus na hiasachtaí déthaobhacha a soláthraíodh chun tacú leis an Úcráin a aisíoc.

Leis an Sásra gheofar acmhainní agus eisíocfar leis an Úcráin iad ar bhonn rialta chun príomhshuim, ús agus aon chostas gaolmhar eile i dtaca leis an iasacht cúnaimh macrairgeadais agus leis na hiasachtaí déthaobhacha a chumhdach.

Méideanna a aistrítear chuig an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin trí aon leasú féideartha ar Iarscríbhinn XLI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle, chomh maith le méideanna a eascraíonn as ranníocaíochtaí deonacha sonracha ó na Ballstáit, ó thríú tíortha nó ó fhoinsí eile, úsáidfear iad chun tacaíocht neamh-inaisíoctha a sholáthar don Úcráin d’fhonn cabhrú leis an Úcráin an iasacht cúnaimh macrairgeadais agus na hiasachtaí déthaobhacha a soláthraíodh chun tacú léi a aisíoc. 

An Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin

(bonn toimhde: tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas cothrom leis na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí)

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

·Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (lena gcuimsítear)

14 11 01 – An Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.



Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Ba cheart an roinn seo a líonadh isteach agus úsáid á baint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha), a uaslódáladh ar an gcóras DECIDE chun críoch comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a bhfuil gá leo le tréimhse an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>

□ Acmhainní daonna

□ Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN don Ard‑Stiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN na leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)

   

3.2.2 Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfí leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfí leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 30
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile  
de chineál riaracháin

Fo-iomlán  
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

Na leithreasuithe a bhfuil gá leo le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a sannadh cheana féin do bhainistiú na gníomhaíochta agus/nó a ath-leithdháileadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, chomh maith le haon leithdháileadh breise, i gcás inar gá, a fhéadfar a dheonú don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoin nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfí acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfí acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:

Tá an meastachán le sloinneadh in aonad coibhéise lánaimseartha

2024

2025

2026

2027

Iontráil na blianta ar fad a bhfuil gá leo le tréimhse an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

□ Poist sa phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (in aonad Coibhéise Lánaimseartha: FTE) 31

20 02 01 (AC, SNI, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (AC, AL, SNI, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz  32

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, SNI, INT - Taighde indíreach)

01 01 01 12 (AC, SNI, INT – Taighde díreach)

Línte buiséid eile

IOMLÁN

Foireann sheachtrach (in aonad coibhéise lánaimseartha: FTE) - AC, AL, SNI, INT agus JED  33

Líne bhuiséid eile: Ioncam sannta

Maoinithe ó ioncam sannta – sa Cheanncheathrú

Maoinithe ó ioncam sannta – i dToscaireacht

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Na hacmhainní daonna a bhfuil gá leo, is é a bheidh iontu foireann ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, chomh maith le haon leithdháileadh breise, i gcás inar gá, a fhéadfar a dheonú don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoin nós imeachta bliantúil maidir le leithdháileadh agus i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Tuairisc ar na cúraimí atá le déanamh:

Oifigigh agus foireann shealadach

Foireann sheachtrach

3.2.3 Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair

Maoineofar na hiasachtaí ó iasachtaíochtaí an Aontais ar na margaí airgeadais.

inmhaoinithe ina iomláine trí athleithdháileadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a úsáid mar a shainítear sa Rialachán maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

3.2.4 Ranníocaíochtaí tríú páirtí

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

ní dhéantar foráil ann maidir le cómhaoiniú ó thríú páirtithe 34

 déantar foráil ann maidir leis an gcómhaoiniú ó thríú páirtithe a réamh-mheastar thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Bliain 
N 35

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a bhfuil gá leo le tréimhse an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

IOMLÁN na leithreasuithe arna gcómhaoiniú

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

3.3 An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar ioncam

   Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

ar ioncam eile

sonraigh, i gcás ina bhfuil an tioncam sannta do línte caiteachais    

EUR milliúin (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Líne bhuiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 36

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a bhfuil gá leo le tréimhse an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Ítim 6642 An Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin — Ioncam Sannta

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

I gcás ioncam sannta, sonraigh an líne/na línte caiteachais buiséid dá ndéantar difear.

Féach roinn 3.2.1 thuas.

(1)    Conclúidí na Comhairle Eorpaí, 27 Meitheamh 2024; EUCO 15/24.
(2)    Communiqué Cheannairí Apulia G7, an 14 Meitheamh 2024.
(3)    Cinneadh (CBES) 2022/335 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, IO L 57, 28.2.2022, lch. 4.
(4)    Sainmhínítear taisclanna lárnacha urrús faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012, IO L 257, 28.8.2014, lch. 1.
(5)    Go sonrach, an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 1a(4) de Chinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine agus in Airteagal 5a(4) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, IO L 229, 31.7.2014, lch. 1.
(6)    Cinneadh (CBES) 2024/577 ón gComhairle an 12 Feabhra 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, IO L, 2024/577, 14.2.2024.
(7)    Cinneadh (CBES) 2024/1470 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, IO L, 2024/1470, 22.5.2024.
(8)    Tá sé sin indéanta a bhuí leis an leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027, IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11. D’fhág sé sin gurbh fhéidir caitheamh le dliteanais theagmhasacha a d’eascair as cúnamh airgeadais a bhí ar fáil don Úcráin le haghaidh 2023 agus 2024 ar an mbealach céanna le cúnamh airgeadais do na Ballstáit.
(9)    Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin.
(10)    Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle, (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).
(11)    Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lch. 1).
(12)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine, IO L, 2024/1447, 24.5.2024.
(13)    Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +) (IO L 322, 16.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2463/oj).
(14)    Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj).
(15)    Ukraine - Third Rapid Damage and Needs Assessment (RDNA3) [‘An Úcráin - An Tríú Mearmheasúnú ar Dhamáiste agus ar Riachtanais san Úcráin (RDNA3)]; Mí Feabhra 2022 - Mí na Nollag 2023.
(16)    Cinneadh (CBES) 2024/1470 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L, 2024/1470, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1470/oj).
(17)    Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/833/oj).
(18)    Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/512/oj).
(19)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena naisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj).
(20)    Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/427/oj).
(21)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine (IO L, 2024/1447, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1447/oj). 
(22)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(23)    Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj).
(24)    Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena naisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2053/oj).
(25)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj).
(26)    Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).
(27)    Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear Saoráid na hÚcráine (IO L, 2024/792, 29.2.2024).
(28)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(29)    Tá mionsonraí faoi na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(30)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(31)    AC = Foireann ar Conradh; AL = Foireann Áitiúil; SNI = Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; INT = Foireann Gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe Sóisearacha i dToscaireachtaí.
(32)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(33)    AC = Foireann ar Conradh; AL = Foireann Áitiúil; SNI = Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; INT = Foireann Gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe Sóisearacha i dToscaireachtaí.
(34)    Is i bhfoirm ioncaim shannta mar a chuirtear i láthair sa roinn thíos a bheidh ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe.
(35)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. In ionad ‘N’, cuir isteach an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann (mar shampla: 2021). Déan an rud céanna i gcás na mblianta ina dhiaidh sin.
(36)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. tar éis 25 % a bhaint le haghaidh costais bhailithe.