An Bhruiséil,30.7.2024

COM(2024) 343 final

2024/0202(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar Phrótacal 4 i dtaca le rialacha tionscnaimh a ghabhann leis an gComhaontú sin, i ndáil leis an tréscaoilteacht idir an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gCinneadh lena leagfar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste Chomhaontú LEE i ndáil le Cinneadh a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh, Cinneadh lena leasófar Prótacal 4 de Chomhaontú LEE.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Comhaontú LEE)

Is é is aidhm do Chomhaontú LEE 1 neartú an chaidrimh trádála agus eacnamaíoch idir na Páirtithe Conarthacha a chur chun cinn ar bhealach leanúnach cothrom, ar neartú é lena mbeidh coinníollacha comhionanna iomaíochta agus lena nurramófar na rialacha céanna, d’fhonn Limistéar Eorpach Eacnamaíoch aonchineálach a chruthú, dá ngairtear LEE anseo feasta. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

2.2.An Comhchoiste

Féadfaidh an Comhchoiste, arna bhunú i gcomhréir le forálacha Airteagal 92 de Chomhaontú LEE, a chinneadh forálacha Phrótacal 4 maidir le rialacha tionscnaimh a leasú. Is iad ionadaithe de chuid na bPáirtithe LEE atá ar an gComhchoiste. Is trí chomhaontú idir an tAontas Eorpach, ar thaobh amháin, agus Stáit CSTE ag labhairt d’aon ghuth, ar an taobh eile, a tharraingíonn an Comhchoiste suas a chuid cinntí agus moltaí.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhchoiste

Sa chéad chruinniú eile a bheidh ag an gComhchoiste, nó trí mhalartú litreacha, tá sé le Cinneadh a ghlacadh maidir le leasú a dhéanamh ar fhorálacha Phrótacal 4 a bhaineann le rialacha tionscnaimh (an gníomh atá beartaithe).

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Le linn an chéad chruinnithe theicniúil maidir le Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh a tionóladh sa Bhruiséil an 5 Feabhra 2020, chomhaontaigh tromlach na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (an Coinbhinsiún) 2 rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin (na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh 3 ) a chur chun feidhme i gcomhthráth le rialacha an Choinbhinsiúin, ar bhonn déthaobhach idirthréimhseach, go dtí go nglacfaí rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin.

Tá líonra prótacal déthaobhach i bhfeidhm maidir le rialacha tionscnaimh idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún ó bhí an 1 Meán Fómhair 2021 ann, rud a fhágann go bhfuil feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha, lena n‑áirítear feidhm a bheith acu faoi chuimsiú Chomhaontú LEE.

Is é is cuspóir do na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh rialacha níos maolaithe a thabhairt isteach chun cáiliú an stádais tionscnaimh fhabhraigh maidir le hearraí a éascú. Ós rud é go bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh níos maolaithe i gcoitinne ná na rialacha atá sa Choinbhinsiún, d’fhéadfaí earraí lena gcomhlíontar rialacha an Choinbhinsiúin a cháiliú mar earraí tionscnaimh faoi na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh freisin, cé is moite de roinnt táirgí talmhaíochta a aicmítear faoi Chaibidlí 2, 4 go 15, agus 16 (seachas táirgí iascaigh próiseáilte) agus faoi Chaibidlí 17 go 24 den Chóras Comhchuibhithe, ós rud é, i gcás na dtáirgí sin, go bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh éagsúil le rialacha an Choinbhinsiúin nó níos déine ná iad.

Tá na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh infheidhme i gcomhthráth le rialacha tionscnaimh an Choinbhinsiúin, rud lena gcruthaítear dhá limistéar shainiúla carntha.

Déantar foráil leis na Rialacha idirthréimhseacha maidir le tréscaoilteacht idir an dá shraith rialacha tionscnaimh, trí chead a thabhairt cruthúnas cúlghabhálach tionscnaimh a eisiúint ar bhonn cruthúnais arna eisiúint i gcomhréir le rialacha Choinbhinsiún, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na táirgí atá i gceist ceanglais an dá shraith rialacha.

Leis an bhforáil atá ann faoi láthair sna Rialacha idirthréimhseacha maidir le tréscaoilteacht idir an dá shraith rialacha tionscnaimh (Airteagal 21(1), pointe (d) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann leis an bPrótacal maidir le rialacha tionscnaimh), cruthaíodh nós imeachta custaim anásta lena gcuirtear bac ar na hoibreoirí eacnamaíocha tairbhiú go hiomlán de na buntáistí a thagann as na Rialacha idirthréimhseacha a chur i bhfeidhm i gcomhthráth leis an gCoinbhinsiún.

Tá sé comhaontaithe ag na páirtithe na Rialacha idirthréimhseacha a chur i bhfeidhm roimh ré, chun na sreafaí trádála agus na cleachtais chustaim a oiriúnú do theacht i bhfeidhm an leasaithe ar an gCoinbhinsiún (ar a bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha bunaithe), leasú atá ar na bacáin. Is iomchuí, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm na tréscaoilteachta a éascú don tréimhse atá fágtha de chur i bhfeidhm na Rialacha idirthréimhseacha, go dtí go dtiocfaidh an leasú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm.

Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 8 d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 4 a leasú chun cur i bhfeidhm na tréscaoilteachta atá ann cheana idir an Coinbhinsiún agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh a éascú.

An seasamh atá le glacadh ag an Aontas laistigh den Chomhchoiste, ba cheart don Chomhairle an seasamh sin a bhunú.

Is de chineál teicniúil é an leasú atá beartaithe agus baineann sé leis na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh is infheidhme faoi láthair idir na Páirtithe agus ní dhéanann sé difear do shubstaint an phrótacail maidir le rialacha tionscnaimh. Dá bhrí sin, ní gá measúnú tionchair a dhéanamh ina leith.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 4 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Comhchoiste a bunaíodh le comhaontú, mar atá, Comhaontú LEE.

An gníomh a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 103, mír 1 de Chomhaontú LEE.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach Chomhaontú LEE.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, mar atá, an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.

Dá bhrí sin, is í an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is í an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) ba cheart a bheith ina bunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Impleacht Bhuiséadach

An simpliú maidir le tréscaoilteacht idir an Coinbhinsiún agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh, níl aon tionchar intomhaiste aige ar bhuiséad an Aontais ós rud é go mbaineann a raon feidhme go príomha le héascú na trádála agus comhdhlúthú cleachtas nua-aimseartha na n‑údarás custaim. Dírítear leis an simpliú ar na réimsí atá fós faoi inniúlacht na n‑údarás gan é tionchar a imirt ar shubstaint na rialacha óna bhfaigheann earraí stádas tionscnaimh fabhrach, agus éascaítear leis cur i bhfeidhm phrionsabal na tréscaoilteachta atá ann cheana.

6.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é, leis an ngníomh ón gComhchoiste, go leasófar Prótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2024/0202 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar Phrótacal 4 i dtaca le rialacha tionscnaimh a ghabhann leis an gComhaontú sin, i ndáil leis an tréscaoilteacht idir an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rinne an tAontas Comhaontú LEE (an Comhaontú) a thabhairt i gcrích le Cinneadh 94/1/CEGC, CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún 5 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)Áirítear sa Chomhaontú Prótacal 4 maidir le rialacha tionscnaimh. De bhun Airteagal 98 den Chomhaontú, féadfaidh an Comhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 92 den Chomhaontú sin (an Comhchoiste) cinneadh a dhéanamh forálacha an Phrótacail sin a leasú.

(3)Tá an Comhchoiste le Cinneadh a ghlacadh le linn an chéad chruinnithe eile dá chuid maidir le Prótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú a leasú.

(4)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste, is iomchuí é a leagan síos, ós rud é go mbeidh an Cinneadh ón gComhchoiste ina cheangal ar an Aontas.

(5)Le linn an chéad chruinnithe theicniúil maidir le Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh a tionóladh sa Bhruiséil an 5 Feabhra 2020, chomhaontaigh tromlach na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (an Coinbhinsiún) 6 rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin 7 (na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh 8 ) a chur chun feidhme i gcomhthráth le rialacha an Choinbhinsiúin, ar bhonn déthaobhach idirthréimhseach, go dtí go nglacfaí rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin.

(6)Le cur i bhfeidhm na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh, áirithítear oiriúnú na sreafaí trádála agus na gcleachtas custaim go dtí go dtiocfaidh rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025, rialacha ar a bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh bunaithe.

(7)Tháinig líonra prótacal déthaobhach i bhfeidhm cheana maidir le rialacha tionscnaimh idir Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún 9 , rud a fhágann go bhfuil feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh 10 ó bhí an 1 Meán Fómhair 2021 ann.

(8)Is é is cuspóir do na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh rialacha níos maolaithe a thabhairt isteach chun cáiliú an stádais tionscnaimh fhabhraigh le haghaidh earraí a éascú. Ós rud é go bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh níos maolaithe i gcoitinne ná na rialacha atá sa Choinbhinsiún, d’fhéadfaí earraí lena gcomhlíontar rialacha an Choinbhinsiúin a cháiliú mar earraí tionscnaimh faoi na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh freisin, cé is moite de roinnt táirgí talmhaíochta a aicmítear faoi Chaibidlí 2, 4 go 15, agus 16 (seachas táirgí iascaigh próiseáilte) agus faoi Chaibidlí 17 go 24 den Chóras Comhchuibhithe. Tá na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh infheidhme i gcomhthráth le rialacha tionscnaimh an Choinbhinsiúin, rud lena gcruthaítear dhá limistéar shainiúla carntha. Dá bhrí sin, chun cur i bhfeidhm na tréscaoilteachta idir an Coinbhinsiún agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh dá bhforáiltear le hAirteagal 21(1), pointe (d) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 4 den Chomhaontú a éascú, ba cheart Airteagal 8 d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 4 den Chomhaontú a leasú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú sin, beidh an seasamh sin bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.
(2)    IO L 54, 26.2.2013, lch. 4.
(3)    IO L 246, 22.9.2022, lgh. 133–221.
(4)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(5)    Cinneadh ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 13 Nollaig 1993 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch idir na Comhphobail Eorpacha, a mBallstáit agus Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne, Poblacht na hÍoslainne, Prionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, Ríocht na Sualainne agus Cónaidhm na hEilvéise (IO L 1, 3.1.1994, lch. 1).
(6)    IO L 54, 26.2.2013, lch. 4.
(7)    Cinneadh (AE) 2019/2198 ón gComhairle an 25 Samhain 2019 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara a mhéid a bhaineann leis an gCoinbhinsiún a leasú (IO L 339, 30.12.2019, lch. 1.
(8)    IO L 246, 22.9.2022, lch. 133.
(9)    An tAontas Eorpach, an Íoslainn, an Eilvéis (lena náirítear Lichtinstéin), an Iorua, Oileáin Fharó, Iosrael, an Iordáin, an Phalaistín (ní dhéanfar an tainmniú seo a fhorléiriú mar aitheantas gur ann do Stát na Palaistíne agus tá sé gan dochar do sheasaimh éagsúla na mBallstát maidir leis an gceist sin), an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv (ní dochar an tainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive), an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, Montainéagró, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin
(10)    IO C, C/2024/1637, 20.2.2024.    

An Bhruiséil,30.7.2024

COM(2024) 343 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar Phrótacal 4 i dtaca le rialacha tionscnaimh a ghabhann leis an gComhaontú sin, i ndáil leis an tréscaoilteacht idir an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh


IARSCRÍBHINN

[Dréacht-]CHINNEADH Uimh. ... Ó CHOMHCHOISTE LEE

an XX XX 2024

lena leasaítear Prótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch,

is é sin, an prótacal maidir le rialacha tionscnaimh

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch 1 (an Comhaontú), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas,

(1)Le linn an chéad chruinnithe theicniúil maidir le Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh a tionóladh sa Bhruiséil an 5 Feabhra 2020, chomhaontaigh tromlach na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (an Coinbhinsiún) 2 rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin (na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh 3 ) a chur chun feidhme i gcomhthráth le rialacha an Choinbhinsiúin, ar bhonn déthaobhach idirthréimhseach, go dtí go nglacfaí rialacha athbhreithnithe an Choinbhinsiúin.

(2)Tháinig líonra prótacal déthaobhach i bhfeidhm cheana maidir le rialacha tionscnaimh idir Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún, rud a fhágann go bhfuil feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh 4 ó bhí an 1 Meán Fómhair 2021 ann.

(3)Is é is cuspóir do na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh rialacha níos maolaithe a thabhairt isteach chun cáiliú an stádais tionscnaimh fhabhraigh maidir le hearraí a éascú. Ós rud é go bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh níos maolaithe i gcoitinne ná na rialacha atá sa Choinbhinsiún, d’fhéadfaí earraí lena gcomhlíontar rialacha an Choinbhinsiúin a cháiliú mar earraí tionscnaimh faoi na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh freisin, cé is moite de roinnt táirgí talmhaíochta a aicmítear faoi Chaibidlí 2, 4 go 15, agus 16 (seachas táirgí iascaigh próiseáilte) agus faoi Chaibidlí 17 go 24 den Chóras Comhchuibhithe.

(4)Tá na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh infheidhme i gcomhthráth le rialacha tionscnaimh an Choinbhinsiúin, rud lena gcruthaítear dhá limistéar shainiúla carntha. Dá bhrí sin, chun cur i bhfeidhm na tréscaoilteachta idir an Coinbhinsiún agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh dá bhforáiltear le hAirteagal 21(1), pointe (d) d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 4 a éascú, ba cheart Airteagal 8 d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 4 a leasú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH

Airteagal 1

In Airteagal 8 d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 4 den Chomhaontú, cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:

‘1a.    D’ainneoin mhír 1, pointe (b), féadfar an carnadh dá bhforáiltear in Airteagal 7 a chur i bhfeidhm maidir le hearraí a aicmítear faoi Chaibidlí 1, 3, 16 (i gcás táirgí iascaigh próiseáilte) agus faoi Chaibidlí 25 go 97 den Chóras Comhchuibhithe a bhfuil stádas tionscnaimh faighte acu trí rialacha tionscnaimh a chur i bhfeidhm de réir Fhoscríbhinn I agus de réir na bhforálacha ábhartha d’Fhoscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara, ar choinníoll gur de thionscnamh na bPáirtithe Conarthacha a chuirfidh na rialacha i bhfeidhm iad na hábhair agus na táirgí ar féidir carnadh a dhéanamh ina leith.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeifear tar éis na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE a thabhairt 5 .

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i/in/sa/san…

Thar ceann an Chomhchoiste

An tUachtarán

Rúnaithe

Chomhchoiste LEE

(1)    IO CE L 1, 3.1.1994, lch. 3.
(2)    IO L 54, 26.2.2013, lch. 4.
(3)    IO L 246, 22.9.2022, lgh. 133–221 
(4)    IO C, C/2024/1637, 20.2.2024.    
(5)    Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.