AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.7.2024
COM(2024) 321 final
2024/0183(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
maidir le comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha a bhunú i dtaca le híocaíocht na chéad tráthchoda den tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha agus den tacaíocht iasachta faoi Phlean na hÚcráine den tSaoráid don Úcráin
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
-
2024/0183 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
maidir le comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha a bhunú i dtaca le híocaíocht na chéad tráthchoda den tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha agus den tacaíocht iasachta faoi Phlean na hÚcráine den tSaoráid don Úcráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin, agus go háirithe Airteagal 26(4) de,
Ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Colún I den tSaoráid don Úcráin (‘an tSaoráid’), cuirtear tacaíocht airgeadais suas le EUR 38 270 000 000 ar fáil don Úcráin i bhfoirm tacaíochta neamh‑inaisíoctha agus iasachtaí le haghaidh na tréimhse 2024-2027. Déantar maoiniú faoi Cholún I a leithdháileadh go príomha ar bhonn Phlean na hÚcráine. Leagtar amach i bPlean na hÚcráine clár oibre athchóirithe agus infheistíochta don Úcráin, agus na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla a bhfuil nasc acu leis an gcistiú faoi Cholún I den tSaoráid.
(2)I gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2024/792, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine. Leagtar amach an tráthchlár chun faireachán a dhéanamh ar Phlean na hÚcráine agus chun é a chur chun feidhme, lena n‑áirítear na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla, san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle.
(3)Is é méid foriomlán na n‑acmhainní airgeadais a chuirtear ar fáil do Phlean na hÚcráine (‘an Plean’) le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle EUR 32 270 000 000, is i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh‑inaisíoctha atá EUR 5 270 000 000 den mhéid sin agus is i bhfoirm iasachta atá suas le EUR 27 000 000 000 de.
(4)I gcomhréir le hAirteagail 25 agus 24 de Rialachán (AE) 2024/792, cuireadh EUR 6 000 000 000 ar fáil don Úcráin mar mhaoiniú idirlinne eisceachtúil agus EUR 1 890 000 000 i bhfoirm réamh‑mhaoiniúcháin, ar réamhíocaíocht 7 % den tacaíocht iasachta é a bhfuil an Úcráin incháilithe lena fáil faoi Phlean na hÚcráine.
(5)I gcomhréir le hAirteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2024/792, an 9 Iúil 2024, rinne an Úcráin iarraidh a bhfuil bonn cirt cuí léi a chur isteach ar íocaíocht na chéad tráthchoda den tacaíocht airgeadais neamh‑inaisíoctha agus den tacaíocht iasachta, méid dar luach EUR 4 365 691 244, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle. Bhí na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 12 den Chreat‑Chomhaontú, Airteagal 5 den Chomhaontú Maoiniúcháin agus Airteagal 6 den Chomhaontú Iasachta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Úcráin de bhun Airteagail 9, 10 agus 22 de Rialachán (AE) 2024/792 ag gabháil leis an iarraidh.
(6)Dheimhnigh an Úcráin ina hiarraidh ar íocaíocht gur comhlíonadh go sásúil na naoi gcéim a bhí dlite faoi R2-2024 i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle. Baineann na naoi gcéim a comhlíonadh go sásúil le hathchóirithe éagsúla ar Phlean na hÚcráine faoi na caibidlí maidir le Bainistiú airgeadais phoiblí, an Comhrac i gcoinne an éillithe agus an sciúrtha airgid, Bainistiú sócmhainní poiblí, an Timpeallacht Ghnó, an Earnáil Fuinnimh, agus an earnáil Agraibhia. Glacadh an Dearbhú Buiséid le haghaidh 2025-2027, an plean straitéiseach um dhigitiú Sheirbhís Custaim an Stáit, an doiciméad straitéiseach maidir le Gníomhaíocht Mianach le haghaidh na tréimhse suas le 2033, an straitéis agus an plean gníomhaíochta um nuachóiriú teirmeach foirgneamh go dtí 2050, agus an Plean Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, ceapadh ceann nua ar an nGníomhaireacht Náisiúnta um Éilliú a Chosc, agus tháinig na dlíthe i bhfeidhm maidir le rialachas corparáideach fiontar faoi úinéireacht stáit agus maidir le bunús dlí athbhreithnithe Bhiúró Slándála Eacnamaíche na hÚcráine.
(7)I gcomhréir le hAirteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2024/792, rinne an Coimisiún measúnú mionsonraithe ar an iarraidh ar íocaíocht a chuir an Úcráin isteach agus rinne sé measúnú dearfach ar chomhlíonadh sásúil na naoi gcéim cháilíochtúla agus chainníochtúla le haghaidh na chéad tráthchoda mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
(8)Mheas an Coimisiún go leanann an Úcráin den réamhchoinníoll a chomhlíonadh maidir le tacaíocht ón Aontas mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/792. Go háirithe, leanann an Úcráin de shásraí éifeachtacha daonlathacha a choinneáil ar bun agus a urramú, lena n‑áirítear córas parlaiminteach ilpháirtíoch agus an smacht reachta, agus urraim a ráthú do chearta an duine, lena n‑áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.
(9)Dá bhrí sin, ba cheart a shuí leis an gCinneadh seo gur comhlíonadh go sásúil na coinníollacha ábhartha i dtaca le híocaíocht na chéad tráthchoda.
(10)I bhfianaise na staide fioscaí deacra atá os comhair na hÚcráine, tá sé ríthábhachtach na cistí a eisíoc a luaithe is féidir. I bhfianaise phráinn na staide agus chun dlús a chur leis an bpróiseas, ba cheart an cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ó dháta a ghlactha,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunaítear leis seo comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha ábhartha i dtaca le híocaíocht na chéad tráthchoda i gcomhréir leis an measúnú arna sholáthar ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/792.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlactha]*.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán