An Bhruiséil,29.2.2024

COM(2024) 301 final

2024/0059(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

Lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1148 a mhéid a bhaineann leis an imchlúdach airgeadais agus leis an leithdháileadh don tsaoráid théamach


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An 20 Meitheamh 2023, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 1 (CAI) arb é is aidhm dó buiséad fadtéarmach an Aontais a threisiú chun athléimneacht agus ceannaireacht an Aontais a mhéadú sna tosaíochtaí agus sna riachtanais is práinní, lena náirítear dul i ngleic le dúshláin phráinneacha a bhaineann leis an imirce agus le bainistiú teorainneacha chomh maith leis an gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme.

An 29 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 2 le toiliú Pharlaimint na hEorpa don athbhreithniú meántéarma ar CAI.

Áirítear san athbhreithniú ar CAI méaduithe ar acmhainní do roinnt clár de chuid an Aontais. Chun tionchar an athbhreithnithe ar CAI ar bhuiséid náisiúnta a mhaolú, cúiteofar na méaduithe sin go páirteach trí ath-imlonnuithe agus trí aththosaíochtaí laistigh de bhuiséad an Aontais. EUR 21 bhilliún atá sa ghlanmhéadú ar chistiú do thosaíochtaí nua go dtí deireadh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil seo.

Chuige sin, is gá na huasteorainneacha caiteachais a mhodhnú, mar aon le leasuithe, i gcásanna áirithe, ar fhorálacha buiséadacha ghníomhartha reachtacha na gclár nó na nionstraimí lena mbaineann, i gcomhréir le pointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 3 a mhéid a bhaineann le forálacha airgeadais a ionchorprú i ngníomhartha reachtacha. Go háirithe, ní mór Rialachán (AE) 2021/1148 a leasú toisc go dtéann an méadú iomchuí ar imchlúdach airgeadais an chláir thar an tsolúbthacht faoin gComhaontú Idirinstitiúideach sin 4 . Ina theannta sin, tá togra comhthreomhar ann lena leasaítear roinnt rialachán eile ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 .

Tá géarghá le cistiú iomchuí a sholáthar don Aontas agus deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil d’ullmhúcháin dhréachtbhuiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2025, agus don chlársceidealú airgeadais do na blianta 2026 agus 2027. Dá bhrí sin, iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle a áirithiú go nglacfar go pras é trí úsáid a bhaint as nós imeachta maidir le glacadh práinneach.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an Togra seo bunaithe ar Airteagal 2 agus Airteagal 79(2), pointe (d), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach) 

Tá an togra seo i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, toisc nach ndéanann sé difear ach amháin d’fhorálacha buiséadacha an Rialacháin atá le leasú, seachas dá raon feidhme, dá chuspóir ná dá mhodh seachadta.

Comhréireacht

Urramaítear leis an togra seo prionsabal na comhréireachta, ós rud é go bhfuil sé teoranta d’athruithe a bhfuil géarghá leo chun éifeacht a thabhairt don leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093.

An rogha ionstraime

Ba cheart Rialachán 2021/1148 a leasú le Rialachán chun éifeacht a thabhairt don leasú ar Rialachán 2020/2093 ón gComhairle.

3.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Áirítear sa leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 treisiú na gcistí le haghaidh roinnt clár de chuid an Aontais, lena n‑áirítear an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí.

Faoi Cheannteideal 4 ‘Imirce agus Bainistiú Teorainneacha’, tiocfaidh méadú EUR 1 000 000 000 i bpraghsanna reatha ar an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí faoin tsaoráid théamach.

Leithdháilfear an méid sin ar an tSaoráid Théamach ar féidir í a chur chun feidhme trí bhainistíocht dhíreach, indíreach agus chomhroinnte. Leis an athneartú, cuirfear cistiú ar fáil chun an Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme agus chun tacú leis na Ballstáit dúshláin phráinneacha agus riachtanais phráinneacha a bhaineann leis an imirce agus le bainistiú teorainneacha sna Ballstáit túslíne a bhainistiú, chomh maith leo siúd atá thíos leis na cogaí san Úcráin agus sa Mheánoirthear.

Sloinntear an méadú thuas i bpraghsanna reatha agus socraítear leis teorainn ar mhéideanna na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas atá le cur san áireamh sna buiséid bhliantúla do na blianta 2025, 2026 agus 2027.

4.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Eascraíonn na leasuithe atá beartaithe as an athbhreithniú meántéarma ar CAI agus ní mhodhnaítear leo oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe Rialachán (AE) 2021/1148. 

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1148 chun an t‑imchlúdach airgeadais a mhéadú le haghaidh chur chun feidhme na hIonstraime le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí trí mhéadú EUR 1 000 000 000 i bpraghsanna reatha a chur ar leithdháileadh na saoráide téamaí. Go sonrach:

In Airteagal 7, leasaítear mír 1 chun imchlúdach airgeadais na hionstraime a shocrú ag EUR 6 241 000 000.

In Airteagal 7, leasaítear pointe (b) de mhír 3 chun an leithdháileadh don tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8 a shocrú ag EUR 2 573 000 000.

2024/0059 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

Lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1148 a mhéid a bhaineann leis an imchlúdach airgeadais agus leis an leithdháileadh don tsaoráid théamach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2) agus Airteagal 79(2), pointe (d) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis di an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 6 ,

Tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún 7 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Ó glacadh Rialachán (AE) 2021/1148 ón bParlaimint agus ón gComhairle 8 , tharla imeachtaí geopholaitiúla nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo mar gheall ar chogadh foghach neamhdhleathach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, an ghéarchéim fuinnimh a lean as sin agus an tardú tobann gaolmhar ar bhoilsciú agus ar rátaí úis. Tá éigeandálaí nua ann de bharr na néabhlóidí geopholaitiúla agus eacnamaíocha sin ar cheart aghaidh a thabhairt orthu chun tosaíochtaí agus riachtanais chomhroinnte an Aontais a bhaint amach. Agus na solúbthachtaí buiséadacha teoranta agus na teorainneacha a baineadh amach trí dheiseanna ath-imlonnaithe á gcur san áireamh, ba ghá an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (‘CAI’) a bunaíodh le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 9 ón gComhairle a atreisiú don tréimhse 2024-2027 chun foráil a dhéanamh don chistiú is riachtanaí chun freagairt do dhúshláin phráinneacha choiteanna lena náirítear bainistiú imirce agus teorainneacha.

(2)Tar éis an togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú spriocdhírithe ar CAI 10 , leasaíodh Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle le Rialachán 224/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 11 .

(3)Chun éifeacht a thabhairt don athbhreithniú ar CAI, ba cheart Rialachán (AE) 2021/1148 a leasú chun imchlúdach airgeadais na hionstraime a mhéadú. Ba cheart an méadú sin a leithdháileadh ar an tsaoráid théamach, chun na dúshláin a bhaineann le himirce agus bainistiú teorainneacha a mhaolú, agus chun an Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme.

(4)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis 12 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, rud a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointí A agus B de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 13 .

(5)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 14  Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointí A agus B de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 15 .

(6)A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 16 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 17

(7)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, ba cheart don Danmhairg a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(8)Níl an Rialachán seo ina fhorbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 18 . dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(9)I bhfianaise na práinne a bhaineann le hacmhainní airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit chun déileáil le dúshláin choiteanna lena náirítear an imirce, bainistiú teorainneacha, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 a agairt maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(10)I bhfianaise na práinne a bhaineann le cistiú iomchuí a sholáthar don Aontas agus leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/1148 mar a leanas:

(1)    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Is é EUR 6 241 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais le haghaidh chur chun feidhme na hIonstraime don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.’

(2)    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) déanfar EUR 2 573 000 000 a leithdháileadh ar an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

Ábhar

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Comhréireacht

An rogha ionstraime

3.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

4.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Eascraíonn na leasuithe atá beartaithe as an athbhreithniú meántéarma ar CAI agus ní mhodhnaítear leo oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe Rialachán (AE) 2021/1148.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil coinne leo

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2021/1148 a mhéid a bhaineann leis an imchlúdach airgeadais agus leis an leithdháileadh don tsaoráid théamach

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

11 Bainistiú teorainneacha

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 19  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

An 29 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 le toiliú Pharlaimint na hEorpa don athbhreithniú meántéarma ar CAI.

Áirítear san athbhreithniú ar CAI méaduithe ar acmhainní do roinnt clár de chuid an Aontais. Chun tionchar an athbhreithnithe ar CAI ar bhuiséid náisiúnta a mhaolú, cúiteofar na méaduithe sin go páirteach trí ath-imlonnuithe agus trí aththosaíochtaí laistigh de bhuiséad an Aontais. EUR 21 bhilliún atá sa ghlanmhéadú ar chistiú do thosaíochtaí nua go dtí deireadh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil seo.

Chuige sin, is gá na huasteorainneacha caiteachais a mhodhnú, mar aon le leasú ar fhorálacha buiséadacha an ghnímh reachtaigh lena mbunaítear an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, i gcomhréir le forálacha phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 a mhéid a bhaineann le forálacha airgeadais a ionchorprú i ngníomhartha reachtacha.

Maidir le ranna 1.4, 1.5 agus 1.6, tá faisnéis faoi na cuspóirí ginearálta le fáil sna tograí reachtacha ábhartha:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817.

Togra le haghaidh Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin, agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, (COM(2018) 375 final).

Is é cuspóir beartais na hionstraime bainistiú comhtháite teorainneacha láidir éifeachtach san Eoraip ag na teorainneacha seachtracha a áirithiú, agus ar an gcaoi sin, rannchuidiú le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh den Aontas, agus, ag an am céanna, saorghluaiseacht na ndaoine atá laistigh de á cosaint agus acquis ábhartha an Aontais á urramú go hiomlán, mar aon le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as na hionstraimí idirnáisiúnta eile a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, rannchuidíonn an Ionstraim leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a) tacú le bainistiú comhtháite teorainneacha éifeachtach san Eoraip ag na teorainneacha seachtracha arna chur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach mar fhreagracht chomhroinnte idir an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as teorainneacha a bhainistiú, trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú, an inimirce neamhdhlíthiúil agus coireacht trasteorann a bhrath agus a chosc agus sreabha imirce a bhainistiú go héifeachtach;

(b) tacú leis an gcomhbheartas víosaí chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú i ndáil le víosaí a eisiúint agus chun taisteal dlisteanach a éascú agus, chun cuidiú le rioscaí imirce agus slándála a chosc ag an am céanna.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil coinne leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Leis an togra le haghaidh leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1148, méadófar imchlúdach airgeadais na hIonstraime, trí mhéadú EUR 1 000 000 i bpraghsanna reatha ar an leithdháileadh don tSaoráid Théamach.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Neamhbhainteach

1.5.Foras an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Neamhbhainteach

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Neamhbhainteach

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Is é is aidhm don togra na forálacha buiséadacha a ailíniú leis na gníomhartha reachtacha lena mbunaítear na cláir agus na hionstraimí lena mbaineann leis an athbhreithniú ar Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 mar a leagtar amach sa leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle a ghlac an Chomhairle an 29 Feabhra 2024.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Neamhbhainteach

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

tréimhse theoranta

X    i bhfeidhm ó 2025 go 2027

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 20   

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

XBainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

X Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V CAE, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Maidir le roinn 2, is féidir faisnéis a fháil i Ráitis Airgeadais Reachtacha na dtograí reachtacha ábhartha, mar a léirítear i roinn 1.4.1, COM(2018)473 agus COM(2018)375.

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 21

ó thíortha de chuid CSTE 22

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 23

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

4 Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

Teideal 11: Bainistiú Teorainneacha

11 02 01 An ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais don bhainistiú teorainneacha agus don bheartas víosaí

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

[XX.YY.YY.YY]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

Uimhir

4

Ard-Stiúrthóireacht: BAILE

Bliain 2025

Bliain 2026

Bliain
2027

I ndiaidh 2027

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Uimhir na líne buiséid 11 02 01 24

Gealltanais

(1a)

150

100

750

1000

Íocaíochtaí

(2a)

10,575

21,286

100,692

867,447

1000

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1b)

Íocaíochtaí

(2b)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 25  

Líne bhuiséid

(3)

IOMLÁN leithreasuithe
do AS HOME

Gealltanais

=1a+1b +3

150

100

750

1000

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

10,575

21,286

100,692

867,447

1000

Bliain 2025

Bliain 2026

Bliain
2027

I ndiaidh 2027

IOMLÁN



IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

150

100

750

1000

Íocaíochtaí

(5)

10,575

21,286

100,692

867,447

1000

• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

150

100

750

1000

Íocaíochtaí

=5+ 6

10,575

21,286

100,692

867,447

1000





Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Measfar na hiarmhairtí ar chaiteachas riaracháin i gcreat an nós imeachta bhuiséidigh bhliantúil.EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: <…….>

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN AS <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 26

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 1 go 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

Íocaíochtaí

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 27

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 28

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁIN

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

Áiríodh san Athbhreithniú Meántéarma ar CAI méaduithe ar imchlúdaigh bhuiséadacha áirithe, mar a chuirtear i láthair sa ghníomh seo, ach laghduithe suntasacha ar imchlúdaigh eile freisin. Ní bheidh aon tionchar ag glanéifeacht na leasuithe sin ar chostais riaracháin ná ar acmhainní an Choimisiúin. Sa chomhthéacs sin, leanfaidh an Coimisiún d’úsáid éifeachtach agus éifeachtúil a chuid acmhainní daonna a lorg, agus prionsabal na foirne cobhsaí á chur san áireamh, trí mheasúnú leanúnach a dhéanamh ar dheiseanna ath-imlonnaithe inmheánacha.

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 29

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 30
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán 
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

IOMLÁN

Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (in aonad de Choibhéis Lánaimseartha: FTE) 31

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz   32

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (AC, INT, SNE – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Eascraíonn an togra seo as an gcomhaontú maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 33

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 34

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    COM(2023)337, 20.06.2023
(2)    Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 2024/765, 29.2.2024).
(3)    Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28.
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 48).
(5)    Rialachán 2021/522, Rialachán 2021/1057, Rialachán 2021/1060, Rialachán 2021/1139, Rialachán 2021/1229 agus Rialachán 2021/1755.
(6)    IO C , , lch. .
(7)    IO C , , lch. .
(8)    Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO AE L 251, 15.7.2021, lch. 48 ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2021/1148/oj ).
(9)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj ).
(10)    COM(2023)337, 20.6.2023
(11)    Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj ).
(12)    IO L 176, 10.7.1999, lch. 36, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/agree_internation/1999/439(1)/oj .
(13)    Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec/1999/437/oj ).
(14)    IO L 53, 27.2.2008, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2008/178(1)/oj.
(15)    Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec/2008/146/oj ).
(16)    IO L 160, 18.6.2011, lch. 21, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/prot/2011/350/oj
(17)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec/2011/350/oj ).
(18)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 29 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj ).
(19)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(20)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget-implementation/Pages/implementation-methods.aspx .
(21)    Difreáilte = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(22)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(23)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
(24)    Ós rud é nach ríomhtar go fóill an deighilt idir líne oibríochtúil 11 02 01 agus líne tacaíochta riaracháin 11 01 01, leithdháiltear an méid ina iomláine go sealadach ar líne oibríochtúil 11 02 01 amháin. Saineofar an dáileadh beacht de réir líne buiséid sa nós imeachta buiséadach bliantúil. Leithdháiltear an méid ar an tSaoráid Théamach.
(25)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(26)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta ina dhiaidh sin.
(27)    Aschuir, is iadsan táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a mhaoinítear, iomlán km de bhóithre a thógtar, etc.).
(28)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
(29)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta ina dhiaidh sin.
(30)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(31)    AC= Ball foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Gairmithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(32)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(33)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta ina dhiaidh sin.
(34)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.