An Bhruiséil,16.7.2024

COM(2024) 299 final

2024/0167(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Comhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Baineann an togra seo le tabhairt i gcrích Comhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla (dá ngairtear an ‘Comhaontú’ anseo feasta).

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Comhordaíonn Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) imscrúduithe agus ionchúisimh de choiriúlacht thromchúiseach trasteorann san Eoraip agus lasmuigh di. Mar mhol an Aontais Eorpaigh (AE) don chomhar breithiúnach in ábhair choiriúla, tacaíonn Eurojust leis na húdaráis náisiúnta imscrúdaithe agus ionchúisimh.

I saol domhandaithe, níl stad leis an ngá atá le comhar idir na húdaráis bhreithiúnacha a bhfuil baint acu le coireanna tromchúiseacha a imscrúdú agus a ionchúiseamh ag teorainneacha an Aontais. Leis an méadú ar an gcoireacht trasteorann, tá sé ríthábhachtach faisnéis a fháil ó lasmuigh de dhlínse aon Bhallstáit amháin. Dá bhrí sin, ba cheart Eurojust a bheith in ann dul i ndlúthchomhar le húdaráis bhreithiúnacha i dtríú tíortha roghnaithe agus sonraí pearsanta a mhalartú leo a mhéid is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1727 1 (dá ngairtear ‘Rialachán Eurojust’ feasta). An tráth céanna, tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil coimircí leormhaithe i bhfeidhm maidir le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint chun sonraí pearsanta a chosaint.

Is féidir le Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla a mhalartú le tríú tíortha i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 56(2), pointí (a) go (c) de Rialachán Eurojust:

·Chinn an Coimisiún de bhun Airteagal 57 go náirithíonn an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta atá i gceist leibhéal leordhóthanach cosanta, nó in éagmais cinneadh faoi leordhóthanacht den sórt sin, go ndéantar foráil maidir le coimircí iomchuí nó gur ann dóibh i gcomhréir le hAirteagal 58(1), nó in éagmais cinneadh faoi leordhóthanacht agus in éagmais coimircí iomchuí den sórt sin, tá feidhm ag maolú i gcomhair cásanna sonracha de bhun Airteagal 59(1);

·rinneadh comhaontú comhair lena dtugtar cead sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú a thabhairt i gcrích roimh an 12 Nollaig 2019 idir Eurojust agus an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 26a de Chinneadh 2002/187/CGB 2 ; nó

·rinneadh comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena ndéantar foráil maidir le coimircí leordhóthanacha i ndáil le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.

Faoi láthair, tá comhaontuithe comhair ag Eurojust bunaithe ar Airteagal 26a de Chinneadh 2002/187/CGB, lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta, atá i bhfeidhm le Montainéagró, leis an Úcráin, leis an Moldóiv, le Lichtinstéin, leis an Eilvéis, leis an Macadóin Thuaidh, le SAM, leis an Íoslainn, leis an Iorua, leis an tSeoirsia, leis an Albáin agus leis an tSeirbia. Faoi Airteagal 80(5) de Rialachán Eurojust, tá na comhaontuithe comhair sin fós bailí.

Ó tháinig Rialachán Eurojust i bhfeidhm an 12 Nollaig 2019 agus de bhun na gConarthaí, tá an Coimisiún freagrach, thar ceann an Aontais, as comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú le tríú tíortha maidir le comhar agus malartú sonraí pearsanta le Eurojust. A mhéid is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán Eurojust, féadfaidh Eurojust caidreamh comhair a bhunú agus a choinneáil ar bun le comhpháirtithe seachtracha trí shocruithe oibre. Mar sin féin, ní féidir iad sin amháin a bheith ina mbunús dlí chun sonraí pearsanta a mhalartú.

Chun an comhar breithiúnach idir Eurojust agus tríú tíortha roghnaithe a neartú, ghlac an Coimisiún Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena núdaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh Comhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus an Ailgéir, an Airméin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Éigipt, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, Maracó, an Túinéis agus an Tuirc maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus na húdaráis inniúla um chomhar breithiúnach in ábhair choiriúla na dtríú Stáit sin 3 .

Thug an Chomhairle an túdarú sin an 1 Márta 2021 agus ghlac sí tacar treoracha caibidlíochta agus chuir sí coiste speisialta ar bun chun cabhrú leis an gComhairle leis an gcúram sin 4 .

I mí an Mheithimh 2023, d’fhormhuinigh Comhairle Airí na Boisnia agus na Heirseagaivéine tús a chur le caibidlíocht leis an gCoimisiún Eorpach maidir le comhaontú idirnáisiúnta i ndáil le comhar le Eurojust. Bhí an chéad bhabhta caibidlíochta ar siúl an 25 Deireadh Fómhair 2023 agus bhí cruinniú leantach ar siúl an 13 Nollaig 2023. Tháinig na hidirbheartaithe ar réamh‑chomhaontú an 16 Eanáir 2024. D’fhormheas Ballstáit an Aontais Eorpaigh an téacs i Meitheal na Comhairle ar leibhéal teicniúil an 22 Márta 2024 agus roinnt leasuithe air. Tháinig an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ar a comhaontú deireadh an 10 Aibreán 2024. [Chuir na príomh‑idirbheartaithe inisealacha le dréacht‑téacs an Chomhaontaithe an xx.xx.xxxx].

Sula dtiocfaidh an comhaontú i bhfeidhm, ceanglaítear ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin dlí nua a ghlacadh maidir le cosaint sonraí pearsanta, i gcomhréir le acquis an Aontais, agus an acmhainneacht oibríochtúil agus an neamhspleáchas is gá a áirithiú i leith na Gníomhaireachta um Chosaint Sonraí Pearsanta.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Rinneadh an Comhaontú a chaibidliú agus na treoracha caibidlíochta cuimsitheacha a ghlac an Chomhairle mar aon leis an údarú caibidlíocht a dhéanamh an 1 Márta 2021 á gcur san áireamh. Tá an Comhaontú seo comhsheasmhach freisin le beartas an Aontais atá ann cheana sa réimse i ndáil le comhar an dlí.

Le blianta beaga anuas, rinneadh dul chun cinn chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise idir na Ballstáit agus idir gníomhaireachtaí an Aontais agus tríú tíortha. Le Rialachán (AE) 2023/2131 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 agus Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le malartú digiteach faisnéise i gcásanna sceimhlitheoireachta, 5 neartaítear an creat le haghaidh comhar le tríú tíortha ar thaobh Eurojust trí fhoráil a dhéanamh maidir le bunús láidir dlí chun ionchúisitheoir idirchaidrimh tríú tír a thabhairt ar iasacht do Eurojust agus chun dul i mbun comhair le Eurojust.

Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le fianaise a bhailiú, a chaomhnú agus a anailísiú i ndáil le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh ag Eurojust, 6 tá nasc láidir idir Rialachán (AE) 2022/838 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727, agus tríú tíortha. Leagtar béim sa dá ghníomh reachtacha ar a thábhachtaí atá dlúthchomhar le tríú tíortha chun coireanna tromchúiseacha a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le beartais eile an Aontais.

I mí na Nollag 2022 dheonaigh an Chomhairle Eorpach stádas tír is iarrthóir don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin. I mí na Nollag 2023, chinn an Chomhairle Eorpach go gcuirfeadh sí tús le caibidlíocht aontachais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, a luaithe a bhainfear amach an leibhéal comhlíonta is gá leis na critéir bhallraíochta. An 12 Márta 2024, mhol an Coimisiún Eorpach go gcuirfear tús le caibidlíocht aontachais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin6, agus thug sé dá aire maidir le glacadh an dlí nua maidir le cosaint sonraí pearsanta, gur réamhchoinníoll é chun go gcuirfear comhaontú comhair Eurojust i bhfeidhm agus mhol sé an comhar i measc gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí a neartú, agus cur chuige straitéiseach a ghlacadh i leith an choireacht thromchúiseach agus eagraithe a chomhrac sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin.

Leis an bPlean Comhpháirteach Gníomhaíochta maidir leis an bhFrithsceimhlitheoireacht do na Balcáin Thiar, plean a síníodh an 19 Samhain 2019, ceanglaítear ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin go n‑áiritheoidh sí go bhfuil na caighdeáin um chosaint sonraí is gá chun comhaontú idirnáisiúnta i ndáil le comhar le Eurojust a thabhairt i gcrích i bhfeidhm, agus ina dhiaidh sin go n‑áiritheoidh sí rannpháirtíocht éifeachtach maidir le comhar breithiúnach agus malartú faisnéise i leith cásanna frithsceimhlitheoireachta iltaobhacha arna gcomhordú ag Eurojust, agus maidir le gníomhaíochtaí Eurojust a bhaineann leis an bhfrithsceimhlitheoireacht i gcoitinne freisin.

An 21 Márta 2024, chinn an Chomhairle Eorpach tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus d’iarr sí ar an gCoimisiún an creat caibidlíochta a ullmhú chun go nglacfaidh an Chomhairle é agus na céimeanna ábhartha uile a leagtar amach sa mholadh ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2022 glactha.

Tá doiciméid straitéiseacha an Choimisiúin atá ann mar bhonn faoin ngá atá le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht ó thaobh fhorfheidhmiú an dlí agus ó thaobh an chomhair bhreithiúnaigh de san Aontas Eorpach (AE), chomh maith leis an gcomhar le tríú tíortha a leathnú. Áirítear orthu sin, as measc straitéisí eile, an Straitéis um Aontas Slándála 7 , an Clár Oibre frithsceimhlitheoireachta don Aontas 8 agus le Straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe 9 .

I gcomhréir leis na doiciméid straitéiseacha sin, feabhsaíodh an comhar idirnáisiúnta i réimse fhorfheidhmiú an dlí freisin. Ar bhonn an údaraithe ón gComhairle 10 , rinne an Coimisiún Comhaontú a chaibidliú leis an Nua-Shéalainn maidir le malartú sonraí pearsanta le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol).

An tráth céanna, tá sé ríthábhachtach go mbeadh comhar breithiúnach le tríú stáit go hiomlán i gcomhréir leis na cearta bunúsacha a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais Eorpaigh agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

I gcás tacar coimircí amháin atá thar a bheith tábhachtach, go háirithe na coimircí siúd a áirítear i gCaibidil II den Chomhaontú, baineann siad le cosaint sonraí pearsanta, ar ceart bunúsach é san Aontas Eorpach. I gcomhréir le hAirteagal 56(2), pointe (c) de Rialachán Europol, féadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 CFAE lena dtugtar coimircí leordhóthanacha i dtaobh príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.

I gCaibidil II den Chomhaontú déantar foráil maidir leis na coimircí sin, lena n‑áirítear, go háirithe, forálacha lena n‑áirithítear roinnt prionsabal agus oibleagáidí cosanta sonraí nach mór do na Páirtithe a urramú (Airteagail 10ff.), chomh maith le forálacha lena n‑áirithítear cearta aonair in‑fhorfheidhmithe (Airteagal 14ff.), maoirseacht neamhspleách (Airteagal 21) agus sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach i leith sáruithe ar na cearta agus na coimircí a aithnítear sa Chomhaontú mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta (Airteagal 22).

Is gá cothromaíocht a bhaint amach idir slándáil a fheabhsú agus cearta an duine a chosaint, lena n‑áirítear sonraí agus príobháideachas. D’áirithigh an Coimisiún go gcuireann an Comhaontú bunús dlí ar fáil chun sonraí pearsanta a mhalartú le haghaidh comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus, an tráth céanna, foráil a dhéanamh do choimircí leordhóthanacha i ndáil le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

In Airteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí ‘lena dtugtar i gcrích an comhaontú.’ Ós rud é go mbaineann an togra le réimsí ina gcuirtear an gnáthnós imeachta reachtach i bhfeidhm, tá gá le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa agus, dá bhrí sin, is é Airteagal 218(6), pointe (a)(v) CFAE an bunús dlí nós imeachta.

Braitheann an bunús dlí substainteach go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh sin nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna sin nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór gníomh dlíthiúil a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte. Tá dhá phríomhaidhm agus príomh‑chomhpháirt ag an togra, eadhon an comhar idir Eurojust agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin in ábhair choiriúla chomh maith le coimircí leordhóthanacha a bhunú maidir le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha eile daoine aonair a chosaint don chomhar sin. Dá bhrí sin, is gá Airteagal 16(2) agus Airteagal 85 CFAE a bheith ina mbunús dlí substainteach.

Dá bhrí sin, tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 16(2) agus ar Airteagal 85 CFAE, in éineacht le hAirteagal 218(6), pointe (a)(v) CFAE.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Leagtar síos i Rialachán Eurojust rialacha sonracha maidir le sonraí pearsanta a bheith á n‑aistriú ag Eurojust lasmuigh den Aontas. Liostaítear in Airteagal 56(2) de sin cásanna inar féidir le Eurojust sonraí pearsanta a aistriú go dleathach chuig údaráis bhreithiúnacha tríú tíortha. Fágann an fhoráil sin gur gá, i gcás aistrithe struchtúracha sonraí pearsanta ag Eurojust chuig an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, comhaontú ceangailteach idirnáisiúnta idir an tAontas agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a thabhairt i gcrích, lena dtugtar coimircí leordhóthanacha maidir le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha eile daoine aonair a chosaint. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) CFAE, tagann an Comhaontú faoi chuimsiú inniúlacht sheachtrach eisiach an Aontais. Dá bhrí sin, níl an togra seo faoi réir seiceáil coimhdeachta.

Comhréireacht

Cuspóirí an Aontais maidir leis an togra seo a leagtar amach thuas, ní féidir iad a bhaint amach ach amháin trí chomhaontú idirnáisiúnta ceangailteach a dhéanamh lena bhforáiltear maidir leis na bearta comhair is gá agus cosaint iomchuí ar chearta bunúsacha á háirithiú an tráth céanna. Tá forálacha an chomhaontaithe teoranta don mhéid is gá chun na príomhchuspóirí atá leis a bhaint amach. Ní rogha mhalartach í gníomhaíocht aontaobhach na mBallstát i leith na Boisnia agus na Heirseagaivéine, ós rud é go bhfuil ról uathúil ag Eurojust. Ina theannta sin, ní bheadh gníomhaíocht aontaobhach ina bonn leordhóthanach le haghaidh comhar breithiúnach idir Eurojust agus tríú tíortha agus ní áiritheofaí léi an chosaint is gá ar chearta bunúsacha.

An rogha ionstraime

I gcomhréir le hAirteagal 56 de Rialachán Eurojust, in éagmais cinneadh leordhóthanaigh, ní fhéadfaidh Eurojust páirt a ghlacadh in aistriú struchtúrach sonraí pearsanta oibríochtúla chuig tríú tír ach amháin má tá sé bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 218 CFAE lena bhforáiltear do choimircí leordhóthanacha i ndáil le príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint (Airteagal 56(2)(c)). I gcomhréir le hAirteagal 218(6) CFAE, údaraítear síniú an chomhaontaithe sin le cinneadh ón gComhairle.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach.

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Le linn na caibidlíochta, níor bhain an Coimisiún úsáid as saineolas seachtrach.

Measúnú tionchair

Neamhbhainteach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Is é atá i gceist le sonraí pearsanta a mhalartú agus a phróiseáil ag údaráis tríú tír sárú ar chearta bunúsacha chun príobháideachais agus chun cosanta sonraí. Áirithítear leis an gComhaontú, áfach, riachtanas agus comhréireacht aon sárú den sórt sin trí chur i bhfeidhm coimircí leordhóthanacha cosanta sonraí a ráthú maidir leis na sonraí pearsanta a aistrítear, i gcomhréir le dlí an Aontais.

Déantar foráil i gCaibidil II maidir le sonraí pearsanta a chosaint. Ar an mbonn sin, le hAirteagail 10 go 20, leagtar amach na prionsabail bhunúsacha maidir le cosaint sonraí, lena n‑áirítear teorannú de réir cuspóra, cáilíocht sonraí agus rialacha is infheidhme maidir le próiseáil catagóirí speisialta sonraí, oibleagáidí is infheidhme maidir le rialaitheoirí, lena n‑áirítear oibleagáidí maidir le tréimhsí coinneála, taifid a choimeád, an tslándáil agus a mhéid a bhaineann le haistrithe á gcur ar aghaidh, cearta aonair in‑fhorfheidhmithe, lena n‑áirítear cearta maidir le rochtain, ceartú agus cinnteoireacht uathoibrithe, maoirseacht neamhspleách éifeachtach mar aon le sásamh riaracháin agus breithiúnach.

Cumhdaíonn na coimircí gach cineál próiseála sonraí pearsanta i gcomhthéacs an chomhair idir Eurojust agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin. Is féidir feidhmiú ceart aonair áirithe a mhoilliú, a theorannú nó a dhiúltú i gcás inar gá agus inar comhréireach, agus cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí á gcur san áireamh, ar an bhforas tábhachtach a bhaineann le leas an phobail, go háirithe chun rioscaí d’imscrúdú coiriúil nó d’ionchúiseamh coiriúil leanúnach a chosc. Tá sé sin i gcomhréir le dlí an Aontais.

Ina theannta sin, áiritheoidh an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin araon go ndéanfaidh údarás poiblí neamhspleách atá freagrach as cosaint sonraí (údarás maoirseachta) maoirseacht ar ábhair a dhéanann difear do phríobháideachas daoine aonair d’fhonn cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta faoin gComhaontú.

I gcomhréir le hAirteagal 29(3) den Chomhaontú, ní bheidh feidhm ag an gComhaontú go dtí go mbeidh fógra tugtha ag an dá pháirtí dá chéile faoi chomhlíonadh na n‑oibleagáidí atá sa Chomhaontú, lena n‑áirítear na hoibleagáidí sin a bhaineann le sonraí pearsanta a chosaint, agus go dtí go nglacfar leis an bhfógra sin. Ina theannta sin, agus chun na coimircí maidir le cosaint sonraí pearsanta a neartú a thuilleadh, luaitear in Airteagal 29(4) den Chomhaontú go bhféadfaidh Páirtí an t‑aistriú sonraí pearsanta a chur ar atráth fad nach mbeidh foráil déanta sa dlí ag an bPáirtí eile, agus curtha chun feidhme aige, maidir leis na coimircí agus na hoibleagáidí atá i gCaibidil II den Chomhaontú (Malartú faisnéise agus cosaint sonraí).

Thairis sin, ráthaítear leis an gComhaontú go bhfuil an malartú sonraí pearsanta idir Eurojust agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin comhsheasmhach le prionsabal an neamh‑idirdhealaithe agus le hAirteagal 52(1) den Chairt araon, lena n‑áirithítear go mbeidh an sárú ar chearta bunúsacha a d’fhéadfadh teacht astu teoranta don mhéid sin amháin atá fíor-riachtanach chun cuspóirí an leasa ghinearálta atá á saothrú a chomhlíonadh, faoi réir phrionsabal na comhréireachta.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Níl aon ghá le plean cur chun feidhme, ós rud é go dtiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm ar an gcéad lá den dara mí tar éis na míosa ar lena linn a bheidh fógra tugtha ag an Aontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin  dá chéile go bhfuil na nósanna imeachta faoi seach curtha i gcrích.

Maidir le faireachán, déanfaidh an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin athbhreithniú comhpháirteach ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe bliain amháin tar éis dó teacht i bhfeidhm, agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, agus ina theannta sin, má iarrann ceachtar den dá pháirtí amhlaidh agus má chinntear go comhpháirteach é. 

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

In Airteagal 1 áirítear cuspóirí an Chomhaontaithe.

In Airteagal 2 sainmhínítear raon feidhme an chomhair.

In Airteagal 3 áirítear sainmhínithe ar théarmaí tábhachtacha an Chomhaontaithe.

In Airteagal 4 bunaítear oibleagáid na Boisnia agus na Heirseagaivéine pointe teagmhála amháin ar a laghad a ainmniú laistigh dá húdaráis inniúla náisiúnta, nach féidir a bheith comhionann leis an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh. Ainmneofar pointe teagmhála freisin le haghaidh gnóthaí sceimhlitheoireachta.

Déantar foráil in Airteagal 5 maidir leis an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh a thabhairt ar iasacht do Eurojust.

Déantar foráil in Airteagal 6 maidir leis na coinníollacha le haghaidh rannpháirtíocht ionadaithe na Boisnia agus na Heirseagaivéine i gcruinnithe oibríochtúla agus straitéiseacha ag Eurojust.

Foráiltear le hAirteagal 7 go bhféadfaidh Eurojust cabhrú leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin Foirne Comhpháirteacha um Imscrúdú a chur ar bun agus go bhféadfar iarraidh air cúnamh airgeadais nó teicniúil a sholáthar.

Déantar foráil in Airteagal 8 maidir leis an rogha atá ag Eurojust Giúistís Idirchaidrimh a phostú chun na Boisnia agus na Heirseagaivéine.

Leagtar amach in Airteagal 9 cuspóirí na próiseála sonraí faoin gComhaontú.

Liostaítear in Airteagal 10 na prionsabail ghinearálta cosanta sonraí is infheidhme faoin gComhaontú.

Ráthaítear le hAirteagal 11 coimircí breise maidir le próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta agus catagóirí éagsúla d’ábhair sonraí.

Teorannaítear le hAirteagal 12 cinnteoireacht lán‑uathoibrithe trí úsáid a bhaint as sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú.

Le hAirteagal 13 cuirtear srian leis na sonraí pearsanta a fhaightear a aistriú ar aghaidh.

Déantar foráil in Airteagal 14 maidir leis an gceart rochtana, lena n‑áirítear deimhniú a fháil an ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a phróiseáil faoin gComhaontú chomh maith le faisnéis riachtanach maidir leis an bpróiseáil.

Déantar foráil in Airteagal 15 maidir leis an gceart go ndéanfaí ceartú, léirscriosadh agus próiseáil a shrianadh, faoi choinníollacha áirithe.

Le hAirteagal 16 déantar foráil maidir le fógra a thabhairt faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú, ag áirithiú go dtabharfaidh na húdaráis inniúla faoi seach fógra dá chéile agus dá n‑údarás maoirseachta faoi seach faoin sárú sin gan mhoill, agus go ndéanfar bearta chun na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú sin a mhaolú.

Déantar foráil in Airteagal 17 maidir le sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí, ar sárú é ar dócha go mbeidh éifeacht thromchúiseach aige ar chearta agus ar shaoirsí an duine sin.

Le hAirteagal 18 áirítear rialacha a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a stóráil, a athbhreithniú, a cheartú agus a scriosadh.

Le hAirteagal 19 éilítear logaí a choinneáil i ndáil le sonraí pearsanta a bhailiú, a athrú, a rochtain, a nochtadh lena n‑áirítear aistrithe atá á gcur ar aghaidh, a chomhcheangal agus a scriosadh.

Le hAirteagal 20 áirítear oibleagáidí maidir le slándáil sonraí, lena n‑áirithítear go ndéantar bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun sonraí pearsanta a mhalartaítear faoin gComhaontú seo a chosaint.

Le hAirteagal 21 is gá formhaoirseacht agus forfheidhmiú comhlíontachta leis na coimircí a leagtar amach sa Chomhaontú, lena n‑áirithítear gur ann d’údarás poiblí neamhspleách atá freagrach as cosaint sonraí (údarás maoirseachta) chun maoirseacht a dhéanamh ar ábhair a dhéanann difear do phríobháideachas daoine aonair, lena n‑áirítear na rialacha intíre chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.

Le hAirteagal 22 déantar foráil maidir le sásamh riaracháin agus breithiúnach, lena n‑áirithítear go bhfuil an ceart ag ábhair sonraí sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach a fháil mar gheall ar sháruithe ar na cearta agus ar na coimircí a aithnítear sa Chomhaontú, sáruithe a eascraíonn as próiseáil a sonraí pearsanta.

Foráiltear le hAirteagal 23 go ndéanfar malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe agus faisnéise íogaire neamh‑rúnaicmithe an Aontais a rialú le socrú oibre maidir le rúndacht arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine.

Le hAirteagal 24 déantar foráil maidir le freagracht na n‑údarás inniúil. E.g. beidh na húdaráis inniúla faoi dhliteanas i leith aon damáiste a dhéanfar do dhuine mar thoradh ar earráidí dlíthiúla nó fíorasacha san fhaisnéis a mhalartaítear.

Foráiltear le hAirteagal 25 go n‑iompróidh gach Páirtí, i bprionsabal, a speansais féin a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.

Déantar foráil in Airteagal 26 maidir le socrú oibre a thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine.

Le hAirteagal 27 déantar foráil maidir leis an gcaidreamh le hionstraimí idirnáisiúnta eile, lena n‑áirithítear nach ndéanfaidh an Comhaontú dochar ná difear do na forálacha dlíthiúla maidir leis an malartú faisnéise dá bhforáiltear in aon chonradh, comhaontú, nó socrú idir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus aon Bhallstát den Aontas Eorpach.

Le hAirteagal 28 déantar foráil maidir leis an bhfógra um chur chun feidhme an Chomhaontaithe.

Déantar foráil in Airteagal 29 maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

Le hAirteagal 30 déantar foráil maidir le leasuithe ar an gComhaontú.

Le hAirteagal 31 déantar foráil maidir le hathbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar an gComhaontú.

Déantar foráil in Airteagal 32 maidir le díospóidí a réiteach agus maidir le clásal fionraí.

Le hAirteagal 33 áirítear forálacha maidir le foirceannadh an Chomhaontaithe.

Déantar foráil in Airteagal 34 maidir leis an gcaoi a bhfuil fógraí á dtabhairt i gcomhréir leis an gComhaontú seo.

Tagraítear in Airteagal 35 do na téacsanna barántúla.

2024/0167 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Comhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) agus Airteagal 85 i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus Airteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Foráiltear le hAirteagail 47 agus 52 de Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 go bhféadfaidh Eurojust comhar a bhunú agus a choinneáil le húdaráis tríú tíortha bunaithe ar straitéis chomhair.

(2)Le hAirteagal 56 de Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déantar foráil go bhféadfaidh Eurojust sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tír inter alia ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) lena leagtar amach coimircí leordhóthanacha i dtaobh príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.

(3)I gcomhréir le Cinneadh (AE) [XXXX] ón gComhairle 12 , , síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla (‘an Comhaontú’) an [XX.XX.XXXX], thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí.

(4)Leis an gComhaontú, is féidir sonraí pearsanta a aistriú idir Eurojust agus údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine, d’fhonn an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus slándáil an Aontais agus a chuid saoránach a chosaint.

(5)Áirithítear leis an gComhaontú go nurramófar ina niomláine cearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh 13 , go háirithe an ceart go nurramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, ceart a aithnítear in Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, ceart a aithnítear in Airteagal 8 agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, ar ceart é a aithnítear in Airteagal 47 den Chairt. Go háirithe, áirítear sa Chomhaontú coimircí leordhóthanacha chun sonraí pearsanta arna naistriú ag Eurojust faoin gComhaontú a chosaint.

(6)De bhun Airteagal 218(7) CFAE, is iomchuí don Chomhairle údarú a thabhairt don Choimisiún na modhnuithe ar Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an gComhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais, údarú a thabhairt don Choimisiún módúlachtaí a chomhaontú maidir le leanúint d’úsáid agus de stóráil na faisnéise a cuireadh in iúl cheana idir na Páirtithe de bhun an Chomhaontaithe agus údarú a thabhairt don Choimisiún an fhaisnéis faoi sheolaí na bhfógraí a thabhairt cothrom le dáta.

(7)Tá Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2018/1727 agus tá sí, dá bhrí sin, rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo.

(8)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(9)Thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a Thuairim [xxx] uaidh an [xx.xx.xxxx].

(10)Ba cheart an Comhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais,

(11)I gcomhréir leis na Conarthaí, is faoin gCoimisiún atá sé leanúint ar aghaidh, thar ceann an Aontais, leis an bhfógra dá bhforáiltear in Airteagal 29(2) den Chomhaontú a thabhairt chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú a chur in iúl,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla (‘an Comhaontú’) a fhormheas, thar ceann an Aontais.

Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

1.Chun críocha Airteagal 30(2) den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis na modhnuithe ar Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an gComhaontú a fhormheas.

2.Chun críoch Airteagal 33(3) den Chomhaontú, údarófar don Choimisiún módúlachtaí a chomhaontú maidir le leanúint d’úsáid agus stóráil na faisnéise a cuireadh in iúl cheana idir na Páirtithe de bhun an Chomhaontaithe.

3.Chun críoch Airteagal 34(2) den Chomhaontú, beidh údarás ag an gCoimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, an fhaisnéis faoi sheolaí na bhfógraí a thabhairt cothrom le dáta.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena naisghairtear an Cinneadh sin, IO L 295, lch. 138, 21.11.2018.
(2)    IO L 063 , 06/03/2002 P. 0001 – 0013.
(3)    Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh Comhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus an Ailgéir, an Airméin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Éigipt, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, Maracó, an Túinéis agus an Tuirc maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus na húdaráis inniúla le haghaidh comhar breithiúnach in ábhair choiriúla na dtríú Stát sin, an 19 Samhain 2020, COM(2020) 743 final.
(4)    Cinneadh ón gComhairle lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le Comhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus an Ailgéir, an Airgintín, an Airméin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Bhrasaíl, an Cholóim, an Éigipt, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, Maracó, an Túinéis agus an Tuirc maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus na húdaráis inniúla um chomhar breithiúnach in ábhair choiriúla na dtríú Stát sin, féach 6153/21 + ADD 1, Cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn an 1 Márta 2021 (CM 1990/21).
(5)    Rialachán (AE) 2023/2131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le malartú digiteach faisnéise i gcásanna sceimhlitheoireachta.
(6)    Rialachán (AE) 2022/838 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 a mhéid a bhaineann le fianaise a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil ag Eurojust, ar fianaise í a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara.
(7)    COM(2020) 605 final, 24.7.2020.
(8)    COM(2020) 795 final, 9.12.2020.
(9)    COM(2021) 170 final, 14.4.2021.
(10)    Cinneadh 7047/20 ón gComhairle an 23 Aibreán 2020, agus Doiciméad CM 2178/20 ón gComhairle, 13 Bealtaine 2020.
(11)    Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear an Cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).
(12)    Cinneadh (AE) [XXXXX] ón gComhairle an XX.XX.XXXX maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, maidir le comhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine um chomhar breithiúnach in ábhair choiriúla (XXXX).
(13)    IO C 326, 26.10.2012, lch. 391.

An Bhruiséil,16.7.2024

COM(2024) 299 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

Cinneadh ón gComhairle

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Comhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla


IARSCRÍBHINN

(dréacht)

Comhaontú

idir

an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

i ndáil leis an gcomhar idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine atá inniúil i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla

AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

agus

AN BHOISNIA AGUS AN HEIRSEAGAIVÉIN,

dá ngairtear ‘na Páirtithe’ anseo feasta,

AG FÉACHAINT do Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle 1 agus lena naisghairtear an Cinneadh sin, ‘Rialachán Eurojust’, mar a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 47, Airteagal 52(1) agus Airteagal 56(2) de Rialachán Eurojust,

AG FÉACHAINT, go háirithe, d’Airteagal 56(2), pointe (c) de Rialachán Eurojust, ina leagtar amach na prionsabail ghinearálta maidir le sonraí pearsanta a aistriú ó Eurojust chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus ar dá mbun a fhéadfaidh Eurojust sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

I bhFIANAISE leasanna Eurojust agus na Boisnia agus na Heirseagaivéine araon maidir le dlúthchomhar dinimiciúil breithiúnach a fhorbairt in ábhair choiriúla chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an gcoireacht thromchúiseach, go háirithe an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht, agus coimircí iomchuí á n‑áirithiú ag an am céanna maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair, lena n‑áirítear príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta,

ÓS DEIMHIN LEO go rachaidh comhar breithiúnach idir Eurojust agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin chun tairbhe don dá thaobh agus go gcuideoidh sé le limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais an Aontais a fhorbairt,

I bhFIANAISE an leibhéal ard chosaint sonraí pearsanta san Aontas agus sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, agus gur cheart prionsabal neodracht inscne a bheith ina threoir do chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, is é sin gur cheart na sonraí staidrimh a bhailítear, a thaifeadtar agus a phróiseáiltear le linn cur chun feidhme an Chomhaontaithe a imdhealú ó thaobh inscne de,

ÓS RUD É gur dhaingnigh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa (ETS Uimh. 108) maidir le Daoine Aonair a Chosaint i ndáil le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch, arna dhéanamh in Strasbourg an 28 Eanáir 1981, agus a Phrótacal leasaitheach (CETS Uimh. 223), arna dhéanamh in Strasbourg an 10 Deireadh Fómhair 2018, a bhfuil ról bunúsach ag an dá cheann acu i gcóras cosanta sonraí Eurojust,

AGUS URRAIM Á TABHAIRT ACU do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa (ETS Uimh. 5) chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, arna dhéanamh sa Roimh an 4 Samhain 1950, rud a léirítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, agus i mBunreacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:


Caibidil I

Cuspóirí, raon feidhme agus forálacha coiteanna

Airteagal 1

Cuspóirí

1.Is é cuspóir foriomlán an Chomhaontaithe seo feabhas a chur ar an gcomhar breithiúnach idir Eurojust agus údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine maidir leis an gcoireacht thromchúiseach a chomhrac.

2.Leis an gComhaontú seo ceadaítear sonraí pearsanta a aistriú idir Eurojust agus údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine, chun tacú le gníomhaíocht údaráis inniúla Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus chun an ghníomhaíocht sin a neartú, chomh maith lena gcomhar maidir leis an gcoireacht thromchúiseach a imscrúdú agus a ionchúiseamh, go háirithe an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht, agus coimircí iomchuí á náirithiú i ndáil le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair, lena náirítear príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta.

Airteagal 2

Raon feidhme

Áiritheoidh na Páirtithe go gcomhoibreoidh Eurojust agus údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine i réimsí gníomhaíochtaí Eurojust agus laistigh d’inniúlacht agus cúraimí Eurojust, mar a leagtar amach i Rialachán Eurojust, mar a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus sa Chomhaontú seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críoch an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)Ciallaíonn ‘Eurojust’ Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil, arna bunú le Rialachán Eurojust, lena náirítear aon leasú uirthi ina dhiaidh sin;

(2)ciallaíonn ‘Ballstáit’ Ballstáit an Aontais Eorpaigh;

(3)ciallaíonn ‘údarás inniúil’, i gcás an Aontais, Eurojust agus, i gcás na Boisnia agus na Heirseagaivéine, údarás náisiúnta ar a bhfuil freagrachtaí faoin dlí náisiúnta a bhaineann le cionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh, lena náirítear cur chun feidhme ionstraimí comhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla; mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo;

(4)ciallaíonn ‘comhlachtaí an Aontais’ institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, chomh maith le misin nó oibríochtaí arna mbunú faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta, arna gcur ar bun leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó arna gcur ar bun ar bhonn na gconarthaí sin, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú seo;

(5)ciallaíonn ‘coireacht thromchúiseach’ na saghsanna coireachta a bhfuil Eurojust inniúil ina leith, go háirithe iad sin a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo, lena náirítear cionta coiriúla gaolmhara;

(6)ciallaíonn ‘cionta coiriúla gaolmhara’ na cionta coiriúla a dhéantar chun modh a fháil le coireanna tromchúiseacha a dhéanamh, chun coireanna tromchúiseacha a éascú nó a dhéanamh nó chun saoirse ó phionós a áirithiú dóibh siúd a dhéanann coireanna tromchúiseacha;

(7)ciallaíonn ‘Cúntóir’ duine a fhéadfaidh cúnamh a thabhairt do Chomhalta Náisiúnta, dá dtagraítear i gCaibidil II, Roinn II, de Rialachán Eurojust, agus do LeasChomhalta an Chomhalta Náisiúnta, nó don Ionchúisitheoir Idirchaidrimh, dá dtagraítear i Rialachán Eurojust agus in Airteagal 5 den Chomhaontú seo faoi seach;

(8)ciallaíonn ‘Ionchúisitheoir Idirchaidrimh’ duine ag a bhfuil feidhm ionchúisitheora phoiblí nó breithimh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin i gcomhréir lena dlí náisiúnta agus atá ar iasacht ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin do Eurojust, dá dtagraítear in Airteagal 5 den Chomhaontú seo;

(9)ciallaíonn ‘Giúistís Idirchaidrimh’ giúistís dá dtagraítear i Rialachán Eurojust arna phostú ag Eurojust chuig an mBoisnia agus an Heirseagaivéin de bhun Airteagal 8 den Chomhaontú seo;

(10)ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó insainaitheanta (‘ábhar sonraí’); is é is duine nádúrtha insainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe faoi threoir aitheantóra amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh nó aitheantóir ar líne nó faoi threoir toisce amháin nó níos mó a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiciúil, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine sin;

(11)ciallaíonn ‘próiseáil’, aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

(12)ciallaíonn ‘sonraí géiniteacha’ na sonraí pearsanta a bhaineann le tréithe géiniteacha duine aonair, ar tréithe ó oidhreacht nó faighte iad, a thugann sainfhaisnéis faoi fhiseolaíocht nó sláinte an duine aonair sin, ar sonraí iad a fuarthas go háirithe mar thoradh ar anailís arna déanamh ar shampla bitheolaíoch a tugadh ón duine aonair atá i gceist;

(13)ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, ar sonraí iad lena gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha;

(14)ciallaíonn ‘faisnéis’ sonraí pearsanta agus neamhphearsanta;

(15)ciallaíonn ‘sonraí neamhphearsanta’ sonraí seachas sonraí pearsanta;

(16)ciallaíonn ‘sárú i ndáil le sonraí pearsanta’ sárú ar shlándáil as a dtagann díothú, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach;

(17)ciallaíonn ‘Údarás maoirseachta’ údarás poiblí neamhspleách intíre atá freagrach as cosaint sonraí i gcomhréir le hAirteagal 21, agus a bhí faoi réir fógra de bhun Airteagal 28(3).

Airteagal 4

Pointí teagmhála

1.Ainmneoidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin pointe teagmhála amháin ar a laghad laistigh dá húdaráis inniúla intíre chun an chumarsáid agus an comhar idir Eurojust agus údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine a éascú. Ainmneoidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin an pointe teagmhála sin mar a pointe teagmhála le haghaidh cúrsaí sceimhlitheoireachta freisin. Ní bheidh an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh ina phointe teagmhála.

2.Tabharfar fógra don Aontas faoi phointe teagmhála na Boisnia agus na Heirseagaivéine. Cuirfidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin Eurojust ar an eolas i gcás ina nathróidh sé pointe teagmhála.

Airteagal 5

An tIonchúisitheoir Idirchaidrimh agus an fhoireann

1.Chun an comhar dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo a éascú, tabharfaidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin Ionchúisitheoir Idirchaidrimh ar iasacht do Eurojust.

2.Is í an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, i gcomhaontú le Eurojust, a chinnfidh sainordú agus fad iasachta an Ionchúisitheora Idirchaidrimh.

3.Féadfaidh cúntóir amháin nó níos mó agus foireann tacaíochta eile cúnamh a thabhairt don Ionchúisitheoir Idirchaidrimh, ag brath ar an ualach oibre agus i gcomhaontú le Eurojust. I gcás inar gá, féadfaidh na Cúntóirí teacht in ionad an Ionchúisitheora Idirchaidrimh nó gníomhú thar a cheann.

4.Áiritheoidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin go mbeidh an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh agus Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh inniúil chun gníomhú i ndáil le húdaráis bhreithiúnacha eachtracha.

5.Beidh rochtain ag an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh agus ag Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh ar an bhfaisnéis atá sna taifid choiriúla náisiúnta, i gcláir na ndaoine gafa, i gcláir imscrúdúcháin, i gcláir ADN nó i gclár nó i gcláir eile d’údaráis phoiblí na Boisnia agus na Heirseagaivéine i gcás ina mbeidh gá leis an bhfaisnéis sin chun a gcúraimí a chomhlíonadh, i gcomhréir lena dlí náisiúnta.

6.Beidh an chumhacht ag an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh agus ag Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh dul i dteagmháil go díreach le húdaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine.

7.Cuirfidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin Eurojust ar an eolas faoi chineál agus méid beacht na gcumhachtaí breithiúnacha a thugtar don Ionchúisitheoir Idirchaidrimh agus do Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh laistigh den Bhoisnia agus den Heirseagaivéin chun a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an gComhaontú seo.

8.Beidh sonraí maidir le cúraimí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh, a gcearta agus a noibleagáidí agus na costais lena mbaineann do Eurojust faoi rialú socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine i gcomhréir le hAirteagal 26.

9.Cinnfidh Eurojust go mbeidh doiciméid oibre an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus Chúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh ina ndoiciméid oibre dosháraithe.


Airteagal 6

Cruinnithe oibríochtúla agus straitéiseacha

1.Féadfaidh an tIonchúisitheoir Idirchaidrimh, Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh agus ionadaithe eile ó údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine, lena náirítear na pointí teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 4, páirt a ghlacadh i gcruinnithe a bhaineann le cúrsaí straitéiseacha ar chuireadh ó Uachtarán Eurojust, agus i gcruinnithe oibríochtúla a bhaineann le cúrsaí straitéiseacha le formheas na gComhaltaí Náisiúnta lena mbaineann.

2.Féadfaidh Comhaltaí Náisiúnta, a LeasChomhaltaí agus a gCúntóirí, Stiúrthóir Riaracháin Eurojust agus foireann Eurojust freastal ar chruinnithe arna neagrú ag an Ionchúisitheoir Idirchaidrimh, nó ag Cúntóir/Cúntóirí an Ionchúisitheora Idirchaidrimh nó ag ionadaithe eile údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine, lena náirítear na pointí teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 4.

Airteagal 7

Foirne Comhpháirteacha Imscrúdaithe

1.Féadfaidh Eurojust cúnamh a thabhairt don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin foirne comhpháirteacha imscrúdaithe a bhunú le húdaráis náisiúnta Ballstáit de bhun an bhunúis dlí is infheidhme eatarthu lena gcumasaítear comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, amhail comhaontuithe maidir le cúnamh frithpháirteach.

2.D’fhéadfadh sé go niarrfaí ar Eurojust cúnamh airgeadais nó teicniúil a chur ar fáil chun foireann chomhpháirteach imscrúdaithe a oibriú, ar foireann í lena dtacaíonn sí go hoibríochtúil.

Airteagal 8

An Giúistís Idirchaidrimh

1.Chun comhar breithiúnach leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a éascú, féadfaidh Eurojust Giúistís Idirchaidrimh a phostú chun na Boisnia agus na Heirseagaivéine i gcomhréir le Rialachán Eurojust.

2.Beidh sonraí maidir le cúraimí an Ghiúistís Idirchaidrimh, cearta agus oibleagáidí an Ghiúistís sin agus na costais lena mbaineann faoi rialú socruithe oibre arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine dá dtagraítear in Airteagal 26.


Caibidil II

Malartú faisnéise agus cosaint sonraí

Airteagal 9

Cuspóirí na próiseála sonraí pearsanta

1.Ní dhéanfar sonraí pearsanta a iarrtar agus a fhaightear faoin gComhaontú seo a phróiseáil ach amháin chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorchur, laistigh de theorainneacha Airteagal 10(6) agus de shainorduithe féin na núdarás inniúil.

2.Léireoidh na húdaráis inniúla go soiléir, tráth aistriú na sonraí pearsanta ar a dhéanaí, an chríoch shonrach nó na críocha sonracha dá bhfuil na sonraí á naistriú.

Airteagal 10

Prionsabail ghinearálta cosanta sonraí

1.Déanfaidh gach Páirtí foráil, sonraí pearsanta a aistreofar agus a phróiseálfar ina dhiaidh sin faoin gComhaontú seo, maidir leis an méid seo a leanas i leith na sonraí sin:

(a)déanfar iad a phróiseáil go cóir, go dleathach agus ar bhealach trédhearcach chun na gcríoch dár aistríodh iad i gcomhréir le hAirteagal 9, agus chun na gcríoch sin amháin;

(b)beidh siad leordhóthanach, ábhartha agus ní bheidh siad iomarcach i ndáil leis na cuspóirí dá ndéantar próiseáil orthu;

(c)beidh siad cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar suas le dáta iad; forálfaidh gach Páirtí go ndéanfaidh na húdaráis inniúla gach beart réasúnta lena áirithiú go scriosfar nó go gceartófar gan moill mhíchuí sonraí pearsanta atá míchruinn, ag féachaint do na cuspóirí dá ndéantar iad a phróiseáil;

(d)déanfar iad a choinneáil i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach;

(e)déanfar iad a phróiseáil ar bhealach lena náirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, lena náirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, díothú nó damáiste de thaisme, agus úsáid á baint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla.

2.Féadfaidh an túdarás inniúil a aistríonn na sonraí pearsanta (‘an túdarás aistrithe’), tráth aistriú na sonraí pearsanta, aon srian ar rochtain orthu nó ar an úsáid atá le baint astu a shonrú i dtéarmaí ginearálta nó sonracha, lena náirítear a mhéid a bhaineann lena naistriú ar aghaidh, lena léirscriosadh nó lena scriosadh tar éis tréimhse áirithe ama, nó maidir leis an bpróiseáil bhreise a dhéanfar orthu. I gcás inar léir go bhfuil gá le srianta den sórt sin tar éis sonraí pearsanta a aistriú, cuirfidh an túdarás aistrithe an túdarás inniúil a fhaigheann na sonraí pearsanta (‘an túdarás is faighteoir’) ar an eolas dá réir sin.

3.Áiritheoidh gach Páirtí go gcomhlíonfaidh an túdarás is faighteoir aon srian ar rochtain nó ar úsáid na sonraí pearsanta arna gcur in iúl ag an údarás aistrithe dá dtagraítear i mír 2.

4.Forálfaidh gach Páirtí go gcuirfidh a údaráis inniúla bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun feidhme ionas go mbeifear in ann a thaispeáint go gcomhlíonann an phróiseáil sonraí an Comhaontú seo agus go gcosnófar cearta na nábhar sonraí lena mbaineann.

5.Comhlíonfaidh gach Páirtí na coimircí dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo gan beann ar náisiúntacht an ábhair sonraí lena mbaineann agus gan idirdhealú.

6.Áiritheoidh gach Páirtí nach bhfaighfear sonraí pearsanta arna naistriú faoin gComhaontú seo de shárú ar chearta an duine a aithnítear leis an dlí idirnáisiúnta atá ina cheangal ar na Páirtithe.

Áiritheoidh gach Páirtí nach mbainfear úsáid as na sonraí pearsanta a fhaightear chun pionós an bháis nó aon chineál íde atá cruálach nó mídhaonna a iarraidh, a thabhairt nó a chur i gcrích.

7.Áiritheoidh gach Páirtí go gcoimeádfar taifead de gach aistriú sonraí pearsanta faoin Airteagal seo agus de chríocha na naistrithe sin.

Airteagal 11

Catagóirí na n‑ábhar sonraí agus catagóirí speisialta sonraí pearsanta

1.Ní cheadófar aistriú sonraí pearsanta maidir le híospartaigh ciona choiriúil, finnéithe nó daoine eile ar féidir leo faisnéis a sholáthar faoi chionta coiriúla ach amháin i gcás ina bhfuil sé sin fíor-riachtanach agus comhréireach i gcásanna aonair chun coir thromchúiseach a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

2.Ní cheadófar aistriú sonraí pearsanta lena nochtar bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ná ballraíocht i gceardchumann, sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha a phróiseáiltear chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, sonraí a bhaineann leis an tsláinte, ná sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis agus ina bhfuil sé comhréireach i gcásanna aonair chun coir tromchúiseach a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

3.Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh próiseáil sonraí pearsanta faoi mhíreanna 1 agus 2 faoi réir coimircí breise, lena náirítear srianta ar rochtain, bearta slándála breise agus srianta ar aistrithe ar aghaidh.

Airteagal 12

Uathphróiseáil sonraí pearsanta

Toirmeascfar cinntí atá bunaithe go huile agus go hiomlán ar uathphróiseáil sonraí pearsanta a aistrítear, lena n‑áirítear próifíliú, a d’fhéadfadh éifeacht dhíobhálach dhlíthiúil a bheith aige ar an ábhar sonraí nó a d’fhéadfadh difear mór a dhéanamh dó, mura n‑údaraítear iad le dlí chun coir tromchúiseach a scrúdú agus a ionchúiseamh, dlí a sholáthraíonn coimircí iomchuí do chearta agus saoirsí an ábhair sonraí, lena n‑áirítear ar a laghad an ceart chun idirghabháil ón duine a fháil.

Airteagal 13

Na sonraí pearsanta a fhaightear a aistriú ar aghaidh

1.Áiritheoidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin go dtoirmeascfar sonraí pearsanta a fhaigheann a húdaráis inniúla faoin gComhaontú seo a aistriú ar aghaidh chuig údaráis eile na Boisnia agus na Heirseagaivéine, mura gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)tá údarú sainráite tugtha ag Eurojust roimh ré;

(b)nach ndéantar an taistriú ar aghaidh ach chun na críche dár aistríodh na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 9 agus chun na críche sin amháin; agus

(c)tá an taistriú faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis an aistriú bunaidh.

Gan dochar d’Airteagal 10(2), níl gá le réamhúdarú i gcás ina gcomhroinntear na sonraí pearsanta i measc údarás inniúil de chuid na Boisnia agus na Heirseagaivéine.

2.Áiritheoidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin go dtoirmeascfar sonraí pearsanta a fhaigheann a húdaráis inniúla faoin gComhaontú seo a aistriú ar aghaidh chuig údaráis tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)baineann an taistriú ar aghaidh le sonraí pearsanta seachas na sonraí a chumhdaítear le hAirteagal 11;

(b)tá údarú sainráite tugtha ag Eurojust roimh ré; agus

(c)is ionann cuspóir an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir an aistrithe ag Eurojust.

3.Ní thabharfaidh Eurojust a údarú de bhun mhír 2, pointe (b), ach amháin má tá cinneadh leordhóthanachta, comhaontú comhair, nó comhaontú idirnáisiúnta i bhfeidhm lena bhforáiltear do choimircí leordhóthanacha maidir le príobháideacht agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint, de réir bhrí Rialachán Eurojust, i ngach cás lena gcumhdaítear an taistriú ar aghaidh.

4.Áiritheoidh an tAontas go dtoirmeascfar sonraí pearsanta a fhaigheann Eurojust faoin gComhaontú seo a aistriú ar aghaidh chuig comhlachtaí an Aontais nach liostaítear in Iarscríbhinn III, chuig údaráis tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)baineann an taistriú le sonraí pearsanta seachas na sonraí a chumhdaítear le hAirteagal 11;

(b)tá údarú sainráite tugtha ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin roimh ré;

(c)is ionann cuspóir an aistrithe ar aghaidh agus cuspóir an aistrithe ag údarás aistrithe na Boisnia agus na Heirseagaivéine; agus

(d)i gcás aistriú ar aghaidh chuig údaráis tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, tá cinneadh leordhóthanachta, comhaontú comhair, nó comhaontú idirnáisiúnta i bhfeidhm lena bhforáiltear do choimircí leordhóthanacha maidir le príobháideacht agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint, de réir bhrí Rialachán Eurojust, i ngach cás lena gcumhdaítear an taistriú ar aghaidh.

Níl feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír nuair a chomhroinneann Eurojust na sonraí pearsanta le comhlachtaí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn III nó le húdaráis sna Ballstáit atá freagrach as coireacht thromchúiseach a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

Airteagal 14

Ceart rochtana

1.Déanfaidh na Páirtithe foráil maidir le ceart an ábhair sonraí deimhniú a fháil ó na húdaráis a phróiseálann na sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo i dtaobh an ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann leis a phróiseáil faoin gComhaontú seo agus, i gcás inarb amhlaidh, rochtain a fháil ar an bhfaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)críocha agus bunús dlí na próiseála, na catagóirí sonraí lena mbaineann, agus, i gcás inarb infheidhme, na faighteoirí nó na catagóirí faighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh;

(b)is ann don cheart sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh ag an údarás, nó próiseáil sonraí pearsanta a shrianadh;

(c)i gcás inar féidir, fad na tréimhse atá beartaithe ina stórálfar na sonraí pearsanta, nó i gcás nach féidir é sin a thabhairt, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;

(d)cumarsáid i bhfoirm intuigthe faoi na sonraí a bhfuil próiseáil á déanamh orthu agus faoi aon fhaisnéis atá ar fáil faoina gcuid foinsí;

(e)an ceart gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 21 agus a shonraí teagmhála.

I gcásanna ina bhfeidhmítear an ceart rochtana dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachfar i gcomhairle leis an údarás aistrithe ar bhonn neamhcheangailteach sula ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarraidh ar rochtain.

2.Déanfaidh na Páirtithe foráil go dtabharfaidh an túdarás lena mbaineann aghaidh ar an iarraidh gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de trí mhí ón iarraidh a fháil.

3.Féadfaidh na Páirtithe foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht moill a chur ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 nó í a dhiúltú nó a shrianadh a mhéid is gur beart é an mhoill, an diúltú nó an srianadh sin a bhfuil gá leis nó atá réasúnta agus comhréireach agus fad atá sin amhlaidh, agus cearta bunúsacha agus leasanna bunúsacha an ábhair sonraí á gcur san áireamh acu, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla a sheachaint;

(b)dochar do chosc, do bhrath, d’imscrúdú nó d’ionchúiseamh cionta coiriúla nó d’fhorghníomhú pionós coiriúil a sheachaint;

(c)an tslándáil phoiblí a chosaint;

(d)an tslándáil náisiúnta a chosaint; nó

(e)cearta agus saoirsí daoine eile, amhail íospartaigh agus finnéithe, a chosaint.

4.Forálfaidh na Páirtithe go gcuirfidh an túdarás lena mbaineann an tábhar sonraí ar an eolas i scríbhinn maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)aon mhoill, aon diúltú nó aon srian ar rochtain agus na cúiseanna atá leis sin; agus

(b)an deis gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta lena mbaineann nó an deis leigheas breithiúnach a lorg.

An fhaisnéis a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo, féadfar í a fhágáil ar lár i gcás ina mbainfeadh sin an bonn de chúis na moille, an diúltaithe nó an tsriain faoi mhír 3.

Airteagal 15

An ceart go ndéanfaí ceartúchán, léirscriosadh nó srianadh

1.Déanfaidh na Páirtithe foráil go mbeidh sé de cheart ag aon ábhar sonraí ceartú a fháil ó na húdaráis a phróiseálann sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo ar shonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis an ábhar sonraí. Agus cuspóirí na próiseála á gcur san áireamh, áirítear leis an gceart go ndéanfaí ceartúchán an ceart go gcomhlánófaí sonraí pearsanta atá neamhiomlána a aistrítear faoin gComhaontú seo, lena náirítear trí ráiteas forlíontach a sholáthar.

2.Déanfaidh na Páirtithe foráil go mbeidh sé de cheart ag aon ábhar sonraí léirscriosadh sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a fháil ó na húdaráis a phróiseálann sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo i gcás ina sáraíonn próiseáil na sonraí pearsanta Airteagal 10(1) nó Airteagal 11(2), nó i gcás nach mór na sonraí pearsanta a léirscriosadh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil na húdaráis faoina réir.

3.Féadfaidh na Páirtithe foráil a dhéanamh go bhféadfaidh na húdaráis srian ar phróiseáil a dheonú seachas sonraí pearsanta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a cheartú nó a léirscriosadh sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás ina gcuireann an tábhar sonraí i gcoinne chruinneas na sonraí pearsanta agus nach féidir a gcruinneas nó a míchruinneas a fhionnadh; nó

(b)i gcás inar gá na sonraí pearsanta a choimeád chun críoch fianaise.

4.Cuirfidh an túdarás aistrithe agus an túdarás a bheidh ag próiseáil na sonraí pearsanta a chéile ar an eolas faoi na cásanna dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3. Déanfaidh an túdarás a phróiseálfaidh na sonraí sin próiseáil na sonraí pearsanta lena mbaineann a cheartú, a scriosadh nó a shrianadh i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a dhéanfaidh an túdarás aistrithe.

5.Déanfaidh na Páirtithe foráil go gcuirfidh an túdarás a fuair iarraidh faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 in iúl don ábhar sonraí i scríbhinn gan moill mhíchuí gur ceartaíodh nó gur scriosadh na sonraí pearsanta, nó gur srianadh a bpróiseáil.

6.Déanfaidh na Páirtithe foráil go gcuirfidh an túdarás a fuair iarraidh faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 an tábhar sonraí ar an eolas i scríbhinn maidir leis an méid seo a leanas:

(a)aon diúltú ar an iarraidh agus na cúiseanna atá leis;

(b)an fhéidearthacht chun gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta lena mbaineann; agus

(c)an fhéidearthacht leigheas breithiúnach a lorg.

Féadfar an fhaisnéis a liostaítear sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo a fhágáil ar lár faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 14(3).

Airteagal 16

Fógra faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta a thabhairt do na húdaráis lena mbaineann

1.I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta a bhaineann le sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo, déanfaidh na Páirtithe foráil go dtabharfaidh a núdaráis faoi seach fógra dá chéile agus dá núdarás maoirseachta faoi seach faoin sárú sin gan mhoill, mura rud é nach dócha go mbeidh riosca do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha mar thoradh ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, agus go ndéanfaidh siad bearta chun na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith aige a mhaolú.

2.Tabharfar tuairisc san fhógra ar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)an cineál sáraithe atá ann i ndáil le sonraí pearsanta, lena náirítear, nuair is féidir, na catagóirí agus líon na nábhar sonraí lena mbaineann agus catagóirí agus líon na dtaifead sonraí pearsanta lena mbaineann;

(b)iarmhairtí dóchúla an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta;

(c)na bearta atá déanta ag an údarás a phróiseálann na sonraí, nó atá beartaithe aige a dhéanamh, chun aghaidh a thabhairt ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, lena náirítear na bearta atá déanta chun aon éifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú a mhaolú.

3.I gcás nach féidir, agus a mhéid nach féidir, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fáil an tráth céanna, féadfar an fhaisnéis a sholáthar i gcéimeanna gan tuilleadh moille míchuí.

4.Déanfaidh na Páirtithe foráil go ndéanfaidh a núdaráis faoi seach aon sárú i ndáil le sonraí pearsanta a dhéanann difear do na sonraí pearsanta a aistrítear faoin gComhaontú seo a dhoiciméadú, lena náirítear na fíricí a bhaineann leis an sárú, na héifeachtaí a bhaineann leis agus na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh, rud a chuirfidh ar a gcumas dá núdaráis mhaoirseachta faoi seach a fhíorú go bhfuil an tAirteagal seo á chomhlíonadh.

Airteagal 17

Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí

1.I gcás inar dócha go mbeidh riosca ard ann do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha de dheasca sárú ar shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 16, déanfaidh na Páirtithe foráil go gcuirfidh a núdaráis faoi seach an sárú i ndáil le sonraí pearsanta in iúl don ábhar sonraí gan moill mhíchuí.

2.Agus é sin á chur in iúl don ábhar sonraí de bhun mhír 1, tabharfar tuairisc i dteanga shoiléir shimplí ar chineál an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta agus áireofar ar a laghad na heilimintí dá bhforáiltear in Airteagal 16(2), pointe (b) agus pointe (c).

3.An teolas a chur in iúl don ábhar sonraí dá dtagraítear i mír 1, ní cheanglófar sin sna cásanna seo a leanas:

(a)má bhí na sonraí pearsanta a bhaineann leis an sárú faoi réir bearta cosanta teicneolaíocha agus eagraíochta iomchuí a fhágann nach mbeidh aon duine nach bhfuil údaraithe chun rochtain a fháil ar na sonraí in ann iad a thuiscint;

(b)má rinneadh bearta ina dhiaidh sin lena náirithítear, an riosca ard do chearta agus saoirsí na nábhar sonraí, nach dócha go dtiocfaidh an riosca sin chun cinn a thuilleadh;

(c)dá mbeadh iarracht dhíréireach ag baint leis an eolas sin a chur in iúl, go háirithe i ngeall ar líon na gcásanna lena mbaineann. Más amhlaidh atá, eiseoidh an túdarás teachtaireacht phoiblí nó déanfaidh sé beart comhchosúil trína dtabharfar fógra do na hábhair sonraí ar bhealach atá chomh héifeachtúil céanna.

4.An teolas a chur in iúl don ábhar sonraí, féadfar é sin a mhoilliú, a shrianadh nó a fhágáil ar lár faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 14(3).

Airteagal 18

Sonraí pearsanta a stóráil, a athbhreithniú, a cheartú agus a scriosadh

1.Déanfaidh na Páirtithe foráil go mbunófar teorainneacha ama iomchuí maidir le sonraí pearsanta a fhaightear faoin gComhaontú seo a stóráil nó maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an ngá atá leis na sonraí sin a stóráil, ionas nach stórálfar na sonraí sin ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na críche dá naistrítear iad.

2.In aon chás, déanfar athbhreithniú ar an ngá le stóráil leanúnach tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis aistriú na sonraí pearsanta.

3.I gcás ina bhfuil cúis ag an údarás aistrithe a chreidiúint go bhfuil sonraí pearsanta a d’aistrigh sé roimhe sin mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé an túdarás is faighteoir ar an eolas, agus ceartóidh nó scriosfaidh sé na sonraí pearsanta, agus tabharfaidh sé fógra ina leith don údarás aistrithe.

4.I gcás ina bhfuil cúis ag údarás inniúil a chreidiúint go bhfuil sonraí pearsanta a fuair sé roimhe sin mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé an túdarás aistrithe ar an eolas, a chuirfidh a sheasamh ar fáil maidir leis an ábhar.

I gcás ina gcinnfidh an t‑údarás is faighteoir go bhfuil na sonraí pearsanta mícheart, míchruinn, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó nár cheart iad a bheith aistrithe, cuirfidh sé an t‑údarás is faighteoir ar an eolas, a cheartóidh nó a scriosfaidh na sonraí pearsanta, agus tabharfaidh sé fógra ina leith d’údarás an aistrithe.

Airteagal 19

Logáil agus doiciméadacht

1.Déanfaidh na Páirtithe foráil maidir le logaí nó doiciméadacht eile a choimeád i ndáil le bailiú, athrú, rochtain, nochtadh, lena náirítear aistriú ar aghaidh, comhcheangal agus scriosadh sonraí pearsanta. Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, áiritheoidh siad gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cad iad na sonraí pearsanta a bhfuarthas rochtain orthu, cé a rinne an rochtain sin agus cathain a rinneadh an rochtain sin.

2.Cuirfear na logaí nó an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don údarás maoirseachta arna iarraidh sin dó agus ní úsáidfear iad ach chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun sláine agus slándáil iomchuí sonraí a áirithiú.

Airteagal 20

Slándáil sonraí

1.Áiritheoidh na Páirtithe go gcuirfear bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun sonraí pearsanta a aistreofar faoin gComhaontú seo a chosaint.

2.Maidir le huathphróiseáil sonraí, áiritheoidh na Páirtithe go gcuirfear bearta chun feidhme a bheidh ceaptha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)rochtain ar threalamh próiseála sonraí a úsáidtear le haghaidh próiseáil sonraí pearsanta (‘rialú rochtana ar threalamh’) a shéanadh ar dhaoine neamhúdaraithe;

(b)cosc a chur ar mheáin sonraí a bheith á léamh, á modhnú nó á mbaint ar bhealach neamhúdaraithe (‘rialú meán sonraí’);

(c)ionchur neamhúdaraithe sonraí pearsanta a chosc chomh maith le cigireacht neamhúdaraithe, modhnú neamhúdaraithe nó scriosadh neamhúdaraithe na sonraí pearsanta stóráilte (‘rialú stórála’);

(d)cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu úsáid a bhaint as córais uathphróiseála sonraí (‘rialú úsáideoirí’);

(e)a áirithiú nach mbeidh rochtain ag daoine atá údaraithe chun córas uathphróiseála sonraí a úsáid ach ar na sonraí atá cumhdaithe faoina núdarú rochtana (‘rialú rochtana sonraí’);

(f)a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cén eintiteas a bhféadfaí sonraí pearsanta a tharchur chucu nó a bhfuil sonraí pearsanta tarchurtha chucu agus úsáid á baint as trealamh cumarsáide sonraí (‘rialú cumarsáide’);

(g)a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé acu na sonraí pearsanta a cuireadh isteach i gcórais uathphróiseála sonraí, cén uair a cuireadh isteach na sonraí agus cé a chuir isteach iad (‘rialú ionchuir’);

(h)cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn a naistriú nó le linn meáin sonraí a aistriú (‘rialú iompair’);

(i)a áirithiú gur féidir córais atá suiteáilte, i gcás idirbhriste, a aischur láithreach (‘athshlánú’);

(j)a áirithiú go bhfeidhmeoidh feidhmeanna an chórais gan locht, go ndéanfar lochtanna a thiocfaidh aníos sna feidhmeanna a thuairisciú láithreach (iontaofacht) agus nach bhféadfar mífheidhmeanna córais sonraí pearsanta stóráilte a thruailliú (‘sláine’).

Airteagal 21

An t‑údarás maoirseachta

1.Déanfaidh na Páirtithe foráil maidir le húdarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó atá freagrach as cosaint sonraí chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar é, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.

2.Áiritheoidh na Páirtithe an méid seo a leanas:

(a)gníomhóidh an túdarás maoirseachta ar bhealach a bheidh go hiomlán neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige;

(b)tá gach údarás maoirseachta saor ó thionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus ní fhéachann sé le treoracha ná ní ghlacann sé le treoracha;

(c)beidh téarma oifige slán ag comhaltaí gach údaráis maoirseachta, lena náirítear coimircí i gcoinne baint threallach.

3.Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an táitreabh agus an bonneagar is gá ag gach údarás maoirseachta chun a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach.

4.Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh cumhachtaí éifeachtacha imscrúdaithe agus idirghabhála ag gach údarás maoirseachta chun maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí a ndéanann sé maoirseacht orthu agus chun dul i mbun imeachtaí dlíthiúla.

5.Áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh cumhachtaí ag gach údarás maoirseachta gearáin a éisteacht ó dhaoine aonair maidir le húsáid a sonraí pearsanta agus aghaidh a thabhairt ar na gearáin sin.

Airteagal 22

Ceart chun leigheas éifeachtach breithiúnach

1.Áiritheoidh na Páirtithe, gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach eile, go mbeidh an ceart ag gach ábhar sonraí leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcás ina measann sé nó sí gur sáraíodh a chearta nó a cearta a ráthaítear faoin gComhaontú seo mar thoradh ar phróiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta i neamhchomhlíonadh an Chomhaontaithe seo.

2.Áireofar leis an gceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil an ceart chun cúiteamh a fháil as aon damáiste a rinneadh don ábhar sonraí leis an bpróiseáil sin mar thoradh ar shárú ar an gComhaontú agus faoi na coinníollacha a leagtar amach i gcreat dlíthiúil gach Páirtí faoi seach.


Caibidil III

Rúndacht faisnéise

Airteagal 23 
Faisnéis rúnaicmithe AE nó faisnéis íogair neamhrúnaicmithe a mhalartú

Déanfar malartú faisnéise rúnaicmithe nó faisnéise íogaire neamh‑rúnaicmithe de chuid an Aontais agus de chuid na Boisnia agus na Heirseagaivéine, más gá faoin gComhaontú seo, agus cosaint na faisnéise sin a rialú le socrú oibre arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine.


Caibidil IV

Dliteanas

Airteagal 24

Dliteanas agus cúiteamh

1.Beidh na húdaráis inniúla faoi dhliteanas, i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla faoi seach, i leith aon damáiste a dhéanfar do dhuine mar thoradh ar earráidí dlíthiúla nó fíorasacha san fhaisnéis a mhalartaítear. Chun dliteanas a sheachaint faoina gcreataí dlíthiúla faoi seach i leith duine aonair díobhálaithe, ní fhéadfaidh Eurojust ná údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine a phléadáil go raibh faisnéis mhíchruinn aistrithe ag an údarás eile.

2.Má d’íoc údarás inniúil cúiteamh le duine aonair faoi mhír 1, agus má bhí a dhliteanas mar thoradh ar an úsáid a bhain sé as faisnéis a chuir an túdarás inniúil eile in iúl go hearráideach, nó a cuireadh in iúl mar thoradh ar mhainneachtain an údaráis inniúil eile a oibleagáidí a chomhlíonadh, aisíocfaidh an túdarás inniúil eile an méid a íocadh mar chúiteamh, mura rud é gur úsáideadh an fhaisnéis de shárú ar an gComhaontú seo.

3.Ní chuirfidh Eurojust ná údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine ceangal ar a chéile cúiteamh a aisíoc as damáistí pionósacha nó neamhchúiteacha.


Caibidil V

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 25

Costais

Áiritheoidh na Páirtithe go n‑iompróidh na húdaráis inniúla a gcostais féin, ar costais iad a thagann chun cinn le linn an Comhaontú seo a chur chun feidhme, mura sonraítear a mhalairt sa Chomhaontú seo nó sa socrú oibre.

Airteagal 26

Socrú oibre

1.Beidh mionsonraí an chomhair idir na Páirtithe chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme faoi rialú socrú oibre arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine i gcomhréir le Rialachán Eurojust.

2.Cuirfear an socrú oibre in ionad aon socrú oibre atá ann cheana arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine.

Airteagal 27

Ceangal le hionstraimí idirnáisiúnta eile

Tá an Comhaontú seo gan dochar d’aon chomhaontú déthaobhach nó iltaobhach maidir le comhar nó aon chonartha maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, d’aon chomhaontú nó socrú comhair eile, ná do chaidreamh comhair bhreithiúnaigh ar leibhéal oibre in ábhair choiriúla idir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus aon Bhallstát, agus ní dhéanfaidh an Comhaontú seo difear ná tionchar ar bith eile dóibh.

Airteagal 28

Fógra a thabhairt maidir le cur chun feidhme

1.Déanfaidh na Páirtithe foráil go gcuirfidh gach údarás inniúil a shonraí teagmhála ar fáil go poiblí mar aon le doiciméad ina leagfar amach, agus teanga shoiléir shimplí á húsáid, faisnéis maidir leis na coimircí le haghaidh sonraí pearsanta a ráthaítear faoin gComhaontú seo, lena náirítear faisnéis lena gcumhdaítear ar a laghad na míreanna dá dtagraítear in Airteagal 14(1), pointí (a) agus (c), agus na modhanna atá ar fáil chun cearta na nábhar sonraí a fheidhmiú. Áiritheoidh gach Páirtí go soláthrófar cóip den doiciméad don Pháirtí eile.

2.Mura bhfuil siad i bhfeidhm cheana, glacfaidh na húdaráis inniúla rialacha lena sonraítear conas a dhéanfar comhlíonadh na bhforálacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta a fhorfheidhmiú go praiticiúil. Seolfar cóip de na rialacha sin don Pháirtí eile agus dá núdaráis mhaoirseachta faoi seach.

3.Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile maidir leis an údarás maoirseachta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus as a áirithiú go gcomhlíonfar an Comhaontú seo i gcomhréir le hAirteagal 21.

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.Déanfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin.

2.Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis na míosa ina mbeidh fógra tugtha ag an dá Pháirtí dá chéile gur cuireadh na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 i gcrích.

3.Beidh feidhm ag an gComhaontú ón gcéad lá tar éis an dáta a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)tá socrú oibre sínithe ag na Páirtithe dá dtagraítear in Airteagal 26;

(b)tá fógra tugtha ag na Páirtithe dá chéile go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chomhaontú seo curtha chun feidhme, lena náirítear na cinn a leagtar síos in Airteagal 28; agus

(c)chuir gach Páirtí in iúl don Pháirtí a thugann fógra gur glacadh leis an bhfógra de bhun phointe (b) den fhomhír seo.

Tabharfaidh na Páirtithe fógra i scríbhinn dá chéile lena ndaingneofar comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír.

4.Cuirfidh Páirtí aistriú sonraí pearsanta ar atráth i gcás ina scoirfidh an Páirtí eile, agus fad a scoirfidh sé, d’fhoráil a dhéanamh maidir leis na coimircí agus na hoibleagáidí atá i gCaibidil II (Malartú faisnéise agus cosaint sonraí) den Chomhaontú seo agus de na coimircí agus na hoibleagáidí sin a chur chun feidhme.

Airteagal 30

Leasuithe

1.Féadfar an Comhaontú seo a leasú i scríbhinn aon tráth trí chomhthoil idir na Páirtithe trí fhógra i scríbhinn a dhéanfar a mhalartú eatarthu.

2.Féadfar comhaontú na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo a thabhairt cothrom le dáta ach nótaí taidhleoireachta a mhalartú.

Airteagal 31

Athbhreithniú agus meastóireacht

1.Déanfaidh na Páirtithe cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a athbhreithniú go comhpháirteach bliain amháin tar éis an dáta teacht i bhfeidhm, agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, agus nuair a iarrann ceachtar Páirtí amhlaidh agus má tháinig na Páirtithe ar chomhaontú maidir leis.

2.Déanfaidh na Páirtithe meastóireacht chomhpháirteach ar an gComhaontú seo 4 bliana tar éis a dháta teacht i bhfeidhm.

3.Déanfaidh na Páirtithe cinneadh roimh ré maidir le mionsonraithe an athbhreithnithe agus cuirfidh siad comhdhéanamh a bhfoirne féin in iúl dá chéile. Áireofar ar gach foireann saineolaithe ábhartha ar chosaint sonraí agus ar an gcomhar breithiúnach. Faoi réir na ndlíthe is infheidhme, ceanglófar ar na rannpháirtithe uile san athbhreithniú rúndacht na bpléití a urramú agus imréitigh shlándála iomchuí a bheith acu. Chun críocha aon athbhreithnithe, áiritheoidh na Páirtithe go mbeidh rochtain ar dhoiciméadacht, ar chórais agus ar fhoirne ábhartha.

Airteagal 32

Díospóidí a réiteach agus fionraíocht

1.Má thagann díospóid chun cinn i ndáil le léirthuiscint, feidhmiú nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus aon ábhar a bhaineann leis, rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúchán agus caibidlíochtaí d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh comhaontaithe go frithpháirteach.

2.D’ainneoin mhír 1, i gcás sárú ábhartha nó neamhchomhlíonadh oibleagáidí faoin gComhaontú seo nó, má tá tásc ann gur dócha go dtarlóidh sárú ábhartha nó neamhchomhlíonadh oibleagáidí den sórt sin go luath amach anseo, féadfaidh ceachtar Páirtí cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile.

Ní thabharfar fógra i scríbhinn den sórt sin go dtí go mbeidh na Páirtithe páirteach i gcomhairliúcháin le linn tréimhse réasúnta gan teacht ar réiteach.

Gabhfaidh éifeacht leis an bhfionraí fiche lá tar éis an dáta a fhaightear an fógra. Féadfaidh an Páirtí a chuirfidh an Comhaontú seo ar fionraí deireadh a chur leis an bhfionraí sin tráth a thabharfar fógra i scríbhinn don Pháirtí eile. Cuirfear deireadh leis an bhfionraí láithreach a luaithe a gheofar an fógra sin.

3.D’ainneoin cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí, leanfar d’fhaisnéis a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo agus a aistrítear roimh a fionraí a phróiseáil i gcomhréir leis an gComhaontú seo.

Airteagal 33

Foirceannadh

1.Féadfaidh ceachtar Páirtí fógra a thabhairt i scríbhinn don Pháirtí eile go bhfuil sé ar intinn aige an Comhaontú seo a fhoirceannadh. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh 3 mhí tar éis an dáta a fhaightear an fógra.

2.Maidir le faisnéis a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo agus a aistrítear sula ndéantar í a fhoirceannadh, leanfar de bheith á próiseáil i gcomhréir leis an gComhaontú seo mar atá i bhfeidhm dáta an fhoirceanta.

3.I gcás ina gcuirfear deireadh leis an gComhaontú, tiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le húsáid leanúnach agus stóráil na faisnéise atá curtha in iúl dá chéile acu cheana. Mura dtagtar ar chomhaontú, tá ceachtar Páirtí i dteideal a éileamh go ndéanfaí an fhaisnéis a chuir sé in iúl a scriosadh nó a thabhairt ar ais dó.

Airteagal 34

Fógraí a thabhairt

1.Seolfar fógraí a thugtar i gcomhréir le hAirteagal 29(2):

(a)thar ceann na Boisnia agus na Heirseagaivéine, chuig Aireacht Dlí agus Cirt na Boisnia agus na Heirseagaivéine;

(b)thar ceann an Aontais, chuig Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Seolfar aon fhógra eile a thugtar i gcomhréir leis an gComhaontú seo:

(a)thar ceann na Boisnia agus na Heirseagaivéine, chuig Aireacht Dlí agus Cirt na Boisnia agus na Heirseagaivéine;

(b)thar ceann an Aontais, chuig an gCoimisiún Eorpach.

2.D’fhéadfadh an fhaisnéis faoi sheolaí na bhfógraí dá dtagraítear i mír 1 a nuashonrú trí bhealaí taidhleoireachta.

Airteagal 35

Téacsanna barántúla

Dréachtófar an Comhaontú seo i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris agus sna teangacha agus na scripteanna atá in úsáid oifigiúil sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin freisin, agus comhúdarás ag na téacsanna uile. I gcás easaontais, beidh tús áite ag an téacs Béarla.

DÁ FHIANÚ SIN, tá na Lánchumhachtaigh thíos‑sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú.

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Thar ceann na Boisnia agus na Heirseagaivéine



IARSCRÍBHINN I

Saghsanna coireachta tromchúisí (Airteagal 3, pointe (5))

sceimhlitheoireacht,

coireacht eagraithe,

gáinneáil ar dhrugaí,

gníomhaíochtaí sciúrtha airgid,

coireacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha,

smuigleáil inimirceach,

gáinneáil ar dhaoine,

coireacht mhótarfheithicle,

dúnmharú agus mórdhíobháil choirp,

trádáil aindleathach in orgáin agus i bhfíochán an duine,

fuadach, srianadh neamhdhleathach agus tógáil giall,

ciníochas agus seineafóibe,

robáil agus tromghoid,

gáinneáil neamhdhleathach ar earraí cultúrtha, lena náirítear ársaíochtaí agus saothair ealaíne,

caimiléireacht agus calaois,

coireacht i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais,

déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaí airgeadais,

cambheartaíocht agus sracadh,

góchumadh agus píoráideacht táirgí,

brionnú doiciméad riaracháin agus gáinneáil orthu,

brionnú airgid agus modhanna íocaíochta,

coireacht ríomhaire,

éilliú,

gáinneáil aindleathach ar airm, ar armlón agus ar pléascáin,

gáinneáil aindleathach i speicis ainmhithe i mbaol,

gáinneáil aindleathach ar speicis agus cineálacha plandaí atá i mbaol,

coireacht chomhshaoil, lena náirítear truailliú ó longfhoinsí,

gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí eile fáis,

míúsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach, lena náirítear ábhar a bhaineann le míúsáid ar leanaí agus sirtheoireacht leanaí chun críoch collaíochta,

cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh.

Déanfaidh údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine na saghsanna coireachta dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo a mheasúnú i gcomhréir le dlí na Boisnia agus na Heirseagaivéine.


IARSCRÍBHINN II

Údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus a n‑inniúlachtaí

(Airteagal 3, pointe (3))

Is iad seo a leanas údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine a bhféadfaidh Eurojust sonraí a aistriú chucu:

Údarás

Tuairisc ar na hinniúlachtaí

Aireacht Dlí agus Cirt na Boisnia agus na Heirseagaivéine

Údarás comhordúcháin lárnach maidir le comhar breithiúnach idirnáisiúnta agus idir-eintiteas in ábhair choiriúla (e.g. cúnamh dlíthiúil frithpháirteach agus teagmhálacha le binsí idirnáisiúnta);

Eiseachadadh;

Feidhmeanna riaracháin a bhaineann le comhlachtaí breithiúnacha ar leibhéal an stáit.

Oifig Ionchúisitheora na Boisnia agus na Heirseagaivéine 

Oifig Ionchúisitheora Chónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine, oifigí ionchúisitheoirí na gcantún

Oifig Ionchúisitheora Cheantar Brčko na Boisnia agus na Heirseagaivéine

Oifig Ionchúisitheora Cheantar Brčko na Boisnia agus na Heirseagaivéine

Údaráis náisiúnta atá inniúil chun cionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh;

Údarás náisiúnta atá inniúil ar chomhar breithiúnach a chur chun feidhme;

Cúirt na Boisnia agus na Heirseagaivéine

Cúirt Uachtarach Chónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine, cúirteanna cantúnacha agus cúirteanna bardasacha i gCónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine

Cúirt Uachtarach Republika Srpska, cúirteanna dúiche agus cúirteanna bunúsacha in Republika Srpska

Cúirt Bhunúsach Cheantar Brčko na Boisnia agus na Heirseagaivéin agus Cúirt Achomhairc Cheantar Brčko na Boisnia agus na Heirseagaivéin

Údaráis náisiúnta atá inniúil chun gníomhú i leith iarrataí agus rún ionchúisitheoirí le linn cionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh;

Údaráis náisiúnta atá inniúil comhar breithiúnach a chur chun feidhme in ábhair choiriúla;

Gníomhaireacht Stáit um Imscrúdú agus um Chosaint,

Póilíní Teorann na Boisnia agus na Heirseagaivéine,

Stiúrthóireacht um Chomhordú Chomhlachtaí Póilíneachta na Boisnia agus na Heirseagaivéine

Aireacht Gnóthaí Baile Chónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine (Riarachán póilíneacht Chónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine), aireachtaí gnóthaí baile na gcantún (riaracháin phóilíneachta na gcantún) i gCónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine

Aireacht Gnóthaí Baile Republika Srpska (Riarachán Póilíneacht, Riarachán na Póilíneachta maidir le Coiriúlacht, Riarachán um Choireacht Thromchúiseach agus Eagraithe, Riarachán um Chomhrac na Sceimhlitheoireachta agus an Antoisceachais)

Póilíní Cheantar Brčko na Boisnia agus na Heirseagaivéine

Údaráis náisiúnta atá inniúil chun bearta imscrúdaitheacha a thionscnamh faoi mhaoirseacht an ionchúisitheora inniúil;


IARSCRÍBHINN III

Liosta comhlachtaí de chuid an Aontais

(Airteagal 3, pointe (4))

Comhlachtaí de chuid an Aontais lenar féidir le Eurojust sonraí pearsanta a chomhroinnt:

An Banc Ceannais Eorpach (BCE)

An Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF)

An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)

Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Misin nó oibríochtaí arna mbunú faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta, atá teoranta do ghníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí agus do ghníomhaíochtaí breithiúnacha

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol)

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)

(1)    Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinnidh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena naisghairtear an Cinneadh sin (IO AE, 21.11.2018, L 295, lch. 138).