AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.7.2024
COM(2024) 295 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Moladh le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le Prótacal cur chun feidhme nua a ghabhfaidh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh le Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe, agus leasuithe féideartha ar an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh nó ar théacs nua de Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe
{SWD(2024) 177 final} - {SWD(2024) 178 final}
IARSCRÍBHINN
Treoracha caibidlíochta
–Is é is cuspóir don chaibidlíocht prótacal cur chun feidhme a ghabhfaidh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe a thabhairt i gcrích i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh.
–Ba cheart a leagan síos leis an bprótacal cur chun feidhme sin an creat ginearálta maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí an Aontais in uiscí São Tomé agus Príncipe agus maidir le comhar an Aontais le São Tomé agus Príncipe san iascach.
–Chun iascaireacht inbhuanaithe fhreagrach a chur chun cinn agus, an tráth céanna, tairbhí frithpháirteacha a áirithiú don Aontas agus do São Tomé agus Príncipe, ba cheart cuspóirí caibidlíochta an Choimisiúin a bheith bunaithe ar an méid seo a leanas:
·rochtain ar limistéar iascaireachta São Tomé agus Príncipe agus na húdaruithe is gá a áirithiú do shoithí an Aontais chun iascaireacht a dhéanamh sa limistéar sin, agus, ar an gcaoi sin, forbairt a dhéanamh, inter alia, ar an líonra de Chomhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe atá ar fáil d’oibreoirí an Aontais san Aigéan Atlantach;
·na pleananna bainistíochta ábhartha a ghlac eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) a chur chun feidhme go hiomlán ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil, chun inbhuanaitheacht chomhshaoil na ngníomhaíochtaí iascaireachta a áirithiú agus rialachas na n‑aigéan a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta. Le gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí an Aontais, ba cheart díriú go heisiach ar an mbarrachas acmhainní atá ar fáil, agus acmhainneacht iascaireachta an chabhlaigh áitiúil á cur san áireamh, agus aird ar leith á tabhairt an tráth céanna ar chineál mórimirceach na stoc lena mbaineann. Sa chás sin, déantar an barrachas atá ar fáil in uiscí São Tomé agus Príncipe de chuid na speiceas a chumhdaítear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh a shainiú trí na bearta caomhnaithe agus bainistíochta le haghaidh speicis mhórimirceacha san Aigéan Atlantach a ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú;
·díriú ar sciar iomchuí d’acmhainní iascaigh a fháil, a fhreagraíonn do leasanna chabhlach an Aontais,
·díriú ar chur i bhfeidhm na gcoinníollacha teicniúla céanna a áirithiú maidir le gach cabhlach eachtrach i limistéar iascaireachta Sao Tomé-et-Príncipe, trí chlásal a chur isteach maidir le neamh-idirdhealú idir cabhlaigh agus trédhearcacht maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta údaraithe in Sao Tomé-et-Príncipe.
·a áirithiú go bhfuil rochtain ar limistéar iascaigh bunaithe ar ghníomhaíocht stairiúil chabhlach an Aontais agus ar ghníomhaíocht chabhlach an Aontais lena bhfuil coinne amach anseo sa réigiún, i bhfianaise na meastóireachtaí eolaíocha is déanaí agus is fearr atá ar fáil, agus leasanna na réigiún is forimeallaí san Aontas á gcur san áireamh;
·idirphlé a bhunú chun an beartas earnálach a threisiú d’fhonn cur chun feidhme beartais fhreagraigh iascaigh a spreagadh, i ndáil le cuspóirí forbartha Sao Tomé-et-Príncipe, go háirithe a mhéid a bhaineann le rialachas iascaigh, an comhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, rialú, faireachán agus faireachas ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, comhairle eolaíoch a chur ar fáil, cearta sóisialta na n‑iascairí agus, ina theannta sin, tacú leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch;
·clásal i dtaca le hiarmhairtí sáruithe ar chearta an duine (lena n‑áirítear cearta sóisialta) agus ar phrionsabail dhaonlathacha a áireamh;
·a áirithiú go rannchuideoidh an Prótacal le fás inbhuanaithe agus obair chuibhiúil a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta a chur chun cinn, agus Coinbhinsiúin ábhartha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) á gcur san áireamh;
–Go háirithe, ba cheart an méid seo a leanas a shainiú sa phrótacal:
·na deiseanna iascaireachta atá le deonú do shoithí an Aontais;
·an cúiteamh airgeadais agus na coinníollacha maidir le híoc an chúitimh sin;
·sásraí chun tacaíocht earnála a chur chun feidhme.
–I gcás inar éiligh an tír chomhpháirtíochta go ndéanfaí leasú ar an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh, nó go gcuirfí Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe nua ina ionad, ceadófar caibidlíocht maidir le leasuithe den sórt sin nó maidir le téacs nua, i gcomhréir leis na treoracha thuas.