An Bhruiséil,8.7.2024

COM(2024) 279 final

2024/0153(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann leis an deimhniú díolúine leictreonach ó CBL


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é is aidhm don togra seo Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) ón gComhairle Uimh. 282/2011 1 (an Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL) a oiriúnú chun an bealach a réiteach do thabhairt isteach deimhnithe díolúine leictreonaigh lena ndeimhnítear go gcáilíonn an tidirbheart do dhíolúine shonrach faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 151(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (an Treoir maidir le CBL).

Déantar foráil in Iarscríbhinn II den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL i ndáil le deimhniú díolúine páipéarbhunaithe le haghaidh CBL agus/nó le haghaidh dleacht mháil a bheidh le síniú de láimh. Chun go bhféadfadh Ballstáit coinneáil suas le héileamh méadaithe na haoise digití agus an tualach riaracháin ar ghnólachtaí a laghdú, cuirfear an deimhniú nua díolúine leictreonach in ionad an leagain reatha pháipéir chun ullmhú d’úsáid mhéadaithe sínithe leictreonacha ardleibhéil. Ina theannta sin, leis an aistriú go leagan leictreonach, beidh na Ballstáit in ann na hoibleagáidí a fhorchuireann reachtaíocht na mBallstát orthu a chomhlíonadh 2 lena gceanglófar orthu na modhanna teicniúla is gá a chur i bhfeidhm chun doiciméid atá sínithe go leictreonach a phróiseáil ar bhealach leictreonach nuair a úsáidtear seirbhís ar líne arna soláthar ag comhlacht poiblí, nó arna soláthar thar ceann údarás poiblí.

Faoin Airteagal nua, Airteagal 151(1a), den Treoir maidir le CBL, beidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, in ann bearta cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na sonraí teicniúla agus sonraíochtaí teicniúla a bhaineann le formáid leictreonach is infheidhme an deimhnithe nua díolúine agus leis an gcaoi a bpróiseálfar é go leictreonach. Cuirfear an deimhniú nua leictreonach in ionad an leagain pháipéir ón 1 Iúil 2030 ar aghaidh. Maidir le hidirbhearta a dhéanfar roimh an dáta sin, agus chun go dtabharfaí aird níos fearr ar thionscadail TF eile atá ar bun faoi láthair, d’fhéadfadh na Ballstáit leanúint den leagan páipéir a úsáid, ar leagan é a leagtar amach in Iarscríbhinn II den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL. Dá bhrí sin, leasaítear foclaíocht Airteagal 51(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL chun go bhféadfar deimhnithe leictreonach nó deimhnithe páipéir a úsáid ar bhonn malartach. h

Níl Iarscríbhinn II den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL cothrom le dáta a thuilleadh toisc go dtagraítear ann do Threoir 2008/118/CE a bhfuil Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle (athmhúnlú)  3 curtha ina ionad agus leasófar é dá réir.

Ar deireadh, scriosfar Airteagal 51 agus Iarscríbhinn II den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL an 1 Iúil 2030, is é sin an dáta a chuirfear an deimhniú díolúine leictreonach nua maidir le CBL in ionad an leagain pháipéir sin de bhun Airteagal 151(1a) den Treoir maidir le CBL.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis an togra d’fhéadfaí an deimhniú díolúine a aistriú go leagan leictreonach mar an chéad chéim eile i ndiaidh a oiriúnaithe in 2022 4 , rud a léiríonn raon feidhme leathnaithe na ndíolúintí faoi Airteagal 151(1) den Treoir maidir le CBL, chun gníomhaíochtaí faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) 5 agus bearta an Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 a chuimsiú 6 .

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá tabhairt isteach an deimhnithe díolúine leictreonaigh maidir le CBL i gcomhréir leis na tionscnaimh atá ar bun mar chuid de bheartas digiteála an Aontais agus cuideoidh sé leis na Ballstáit tacú lena núdaráis chánach na ceanglais a chomhlíonadh maidir le húsáid sínithe leictreonacha ardleibhéil a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh 7 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 397 den Treoir maidir le CBL. Foráiltear leis an airteagal seo go nglacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, na bearta is gá chun an Treoir maidir le CBL a chur chun feidhme.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Ós rud é gur tugadh isteach an deimhniú díolúine leictreonach maidir le CBL faoi Airteagal 151(1a) den Treoir maidir le CBL, is gá an Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL a oiriúnú dá réir sin. Ní fhéadfadh na Ballstáit é sin a dhéanamh agus iad ag gníomhú ina n‑aonar. Chun an t‑oiriúnú a dhéanamh tá gá le togra ón gCoimisiún chun an Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL a leasú.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta toisc nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach agus toisc go bhfuil sé i gcomhréir leis an gcuspóir atá á shaothrú. Leis an tionscnamh sin tugtar isteach deimhniú díolúine leictreonach lena ndeimhnítear go gcáilíonn an t‑idirbheart do dhíolúine shonrach faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 151(1) den Treoir maidir le CBL. Ós rud é go bhfuil ualach méadaithe riaracháin agus easpa solúbthachta ag baint leis an nós imeachta díolúine bunaithe ar dhoiciméid pháipéir, beidh simpliú suntasach agus coigilteas costais san fhadtéarma mar thoradh ar na bearta atá beartaithe, agus tá na bearta sin comhréireach i bhfianaise a dtionchair bhuiséadaigh.

An rogha ionstraime

Beartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme d’fhonn leasú a dhéanamh ar an Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL.

3.TORTHAÍ MEASTÓIREACHTAÍ EX POST AGUS COMHAIRLIÚCHÁN LE GEALLSEALBHÓIRÍ

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ní dhearnadh aon chomhairliúchán le páirtithe leasmhara mar gheall ar a theicniúla atá cineál an tionscnaimh sin agus a ailíniú le hiarrachtaí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh idirghníomhaíochtaí digiteacha rialtais a chur chun cinn.

Bailiú agus úsáid saineolais

Rinne an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, staidéar teicniúil chun réitigh TF a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint chun deimhniú díolúine leictreonach agus nós imeachta comhfhreagrach a thabhairt isteach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Níl aon bhaint ag an togra seo leis an gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) agus níl aon tionchar ar leith aige ar mhicrifhiontair ná ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

Cearta bunúsacha

Maidir leis an nós imeachta díolúine CBL a aistriú go leagan leictreonach, mar atá beartaithe, tacaíonn an t‑aistriú sin le hoiriúnú na ré digití agus neartaítear leis cearta na saoránach maidir lena sonraí pearsanta a phróiseáil, mar a chosnaítear faoi Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh iad.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tugtar isteach leis an togra na hathruithe áirithe is gá chun an deimhniú díolúine maidir le CBL a aistriú go leagan leictreonach, ach ní dhéanann an togra difear do raon feidhme na ndíolúintí CBL dá dtagraíonn sé. Níl aon tionchar aige, dá bhrí sin, ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na mbeart atá beartaithe mar chuid dá fhreagrachtaí chun cur i bhfeidhm ceart reachtaíocht CBL an Aontais Eorpaigh a áirithiú.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

In Airteagal 1, mír 1, den togra leasaítear foclaíocht na chéad abairte in Airteagal 51(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL chun a áirithiú go bhféadfar an deimhniú díolúine leictreonach nua maidir le CBL dá dtagraítear in Airteagal 151(a) den Treoir maidir le CBL a úsáid mar rogha mhalartach.

Maidir leis an deimhniú díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL, cuirtear leagan nua in ionad an deimhnithe sin in Airteagal 1, mír 2 den togra, ar leagan nua é a léiríonn gur cuireadh Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle (athmhúnlú) in ionad Threoir 2008/118/CE.

Scriostar le hAirteagal 2 den Togra Airteagal 51 agus Iarscríbhinn II den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL chun a áirithiú nach mbeidh feidhm ón 1 Iúil 2030 ach ag an deimhniú díolúine leictreonach maidir le CBL dá dtagraítear in Airteagal 151(1a) den Treoir maidir le CBL.

2024/0153 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann leis an deimhniú díolúine leictreonach ó CBL

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 8 , agus go háirithe Airteagal 397 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tugtar isteach le hAirteagal 151(1a) de Threoir 2006/112/CE an deimhniú díolúine leictreonach nua maidir le CBL, mar aon leis an nós imeachta leictreonach atá ag teastáil chun an deimhniú sin a phróiseáil. Chun solúbthacht leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit an líon mór tionscadal TF a bhaineann le hábhar na Treorach sin agus atá ar bun faoi láthair, ceadaítear dóibh leanúint den deimhniú páipéir atá ann cheana a úsáid, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) ón gComhairle Uimh. 282/2011 9 , le haghaidh idirbhearta a dhéanfar go dtí an 30 Meitheamh 2030. Maidir le hAirteagal 51(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ba cheart é a leasú chun go bhféadfar deimhnithe leictreonacha nó deimhnithe páipéir a úsáid le linn idirthréimhse.

(2)Ba cheart leagan nua a chur in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 chun a léiriú gur cuireadh Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle 10 in ionad Threoir 2008/118/CE ón gComhairle 11 .

(3)I gcomhréir le Treoir 2006/112/CE, ón 1 Iúil 2030, níor cheart ach an deimhniú díolúine leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 151(1a) den Treoir sin a úsáid. Dá bhrí sin, maidir le hAirteagal 51 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011, agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, ina ndéantar foráil maidir leis an leagan páipéir den deimhniú díolúine, ba cheart iad a scriosadh ón dáta sin ar aghaidh.

(4)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 mar a leanas:

(1)in Airteagal 51, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.    I gcás ina bhfuil faighteoir soláthair earraí nó seirbhísí bunaithe laistigh den Aontas, ach nach ionann an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe agus an Ballstát ina ndéantar an soláthar, agus nuair nach núsáidtear an deimhniú díolúine leictreonach de bhun Airteagal 151(1a) de Threoir 2006/112/CE, úsáidfear an deimhniú díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, faoi réir na nótaí míniúcháin a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an deimhniú sin, lena ndeimhnítear go gcáilíonn an tidirbheart don díolúine faoi Airteagal 151(1) de Threoir 2006/112/CE.

Nuair a bheidh an deimhniú sin in úsáid aige, féadfaidh an Ballstát ina bhfuil an té a fhaigheann an soláthar earraí nó seirbhísí bunaithe cinneadh a dhéanamh comhdheimhniú de dhíolúine ó CBL agus ó dleacht mháil a úsáid nó dhá dheimhniú ar leithligh a úsáid.’;

(2)An téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, cuirtear é in ionad Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 mar a leanas:

(1)Scriostar Airteagal 51;

(2)Scriostar Iarscríbhinn II.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 1 Iúil 2026.

Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 1 Iúil 2030.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (athmhúnlú) ( IO L 77, 23.3.2011, lch. 1 ).
(2)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1506 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí i ndáil le sínithe leictreonacha ardleibhéil agus ríomhshéalaí ardleibhéil atá le haithint ag údaráis phoiblí de bhun Airteagail 27(5) agus 37(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach ( IO L 235, 9.9.2015, lch. 37 ).
(3)    Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (athmhúnlú) ( IO L 58, 27.2.2020, lch. 4 ).
(4)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/432 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann leis an deimhniú díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil ( IO L 88, 16.3.2022, lch. 1 5 )
(5)    Treoir (AE) 2019/2235 ón gComhairle an 16 Nollaig 2019 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha agus Treoir 2008/118/CE a bhaineann leis na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil a mhéid a bhaineann le hiarrachtaí cosanta laistigh de chreat an Aontais ( IO L 336, 30.12.2019, lch. 1 0 )
(6)    Treoir (AE) 2021/1159 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le díolúintí ar allmhairithe agus ar sholáthairtí áirithe, mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 ( IO L 250, 15.7.2021, lch. 1 )
(7)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1506 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí i ndáil le sínithe leictreonacha ardleibhéil agus ríomhshéalaí ardleibhéil atá le haithint údaráis phoiblí de bhun Airteagail 27(5) agus 37(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach ( IO L 235, 9.9.2015, lch. 37 ).
(8)    IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/282/oj .
(9)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 77, 23.3.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj ).
(10)    Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4 , ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/262/oj ).
(11)    Treoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena naisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO L 9, 14.1.2009, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/118/oj ).

An Bhruiséil,8.7.2024

COM(2024) 279 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an Togra

le haghaidh Rialachán Cur Chun Feidhme ón gComhairle

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann leis an deimhniú díolúine leictreonach ó CBL


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN II

Deimhniú díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil dá dtagraítear in Airteagal 51

AN tAONTAS EORPACH    DEIMHNIÚ DÍOLÚINE Ó CBL AGUS/NÓÓ DHLEACHT MHÁIL (*)

   (Treoir 2006/112/CE - Airteagal 151 – agus Treoir (AE) 2020/262 - Airteagal 11)

Sraithuimhir (roghnach):

     

1.    COMHLACHT/DUINE AONAIR INCHÁILITHE

     

Ainmniúchán/ainm

     

Sráid agus uimhir

     

Cód poist, áit

     

Ballstát (óstach)

2.    ÚDARÁS INNIÚIL ATÁ FREAGRACH AS STAMPÁIL (ainm, seoladh agus uimhir theileafóin)

     

3.    DEARBHÚ ÓN gCOMHLACHT NÓ ÓN DUINE AONAIR INCHÁILITHE

Dearbhaíonn an comhlacht nó an duine aonair incháilithe(1) leis seo

(a)    go bhfuil na hearraí agus/nó na seirbhísí a leagtar amach i mbosca 5 beartaithe(2)

   i gcomhair úsáid oifigiúil

   i gcomhair úsáid phearsanta

   misin eachtraigh taidhleoireachta

   ball de mhisean eachtrach taidhleoireachta

   ionadaíochta eachtraí consalaí

   ball d’ionadaíocht eachtrach chonsalach

   comhlacht Eorpach a bhfuil feidhm ag an bPrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh ina leith

   eagraíocht idirnáisiúnta

   ball foirne d’eagraíocht idirnáisiúnta

   fórsaí armtha Stáit is páirtí i gConradh an Atlantaigh Thuaidh (fórsa ECAT)

     fórsaí armtha Ballstáit atá ag glacadh páirt i ngníomhaíocht de chuid an Aontais faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC)

   fórsaí armtha na Ríochta Aontaithe atá lonnaithe ar oileán na Cipire

   i gcomhair úsáid an Choimisiúin Eorpaigh nó aon ghníomhaireachta nó aon chomhlachta a bhunaítear faoi dhlí an Aontais, i gcás ina gcuireann an Coimisiún nó an ghníomhaíocht nó an comhlacht a gcúraimí i gcrích mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19

     

(ainmniúchán na hinstitiúide) (féach bosca 4)

(b)    go gcomhlíonann na hearraí agus/nó na seirbhísí a dtugtar tuairisc orthu i mbosca 5 na coinníollacha agus na teorainneacha is infheidhme maidir leis an díolúine sa Bhallstát óstach a luaitear i mbosca 1, agus

(c)    go dtugtar an fhaisnéis thuas de mheon macánta.

Geallann an comhlacht nó an duine aonair incháilithe leis seo go n‑íocfaidh sé leis an mBallstát ónar soláthraíodh na hearraí nó na seirbhísí, an CBL agus/nó an dleacht mháil a bheadh dlite i gcás nach gcomhlíonfadh na hearraí agus/nó na seirbhísí na coinníollacha maidir le díolúine nó i gcás nach n‑úsáidfí na hearraí agus/nó na seirbhísí ar an mbealach a bhí beartaithe.

     

Áit, dáta

     

Ainm agus stádas an tsínitheora

     

Síniú

4.    STAMPA AN CHOMHLACHTA (i gcás díolúine i gcomhair úsáid phearsanta)

     

Áit, dáta

     

Stampa

     

Ainm agus stádas an tsínitheora

Síniú

5.    TUAIRISC AR NA hEARRAÍ AGUS/NÓ NA SEIRBHÍSÍ, A bhFUILTEAR AG IARRAIDH NA DÍOLÚINE Ó CBL AGUS/NÓ Ó DHLEACHT MHÁIL INA LEITH

A. Faisnéis a bhaineann leis an soláthróir/leis an gcoimeádaí trádstórais údaraithe

(1) ainm agus seoladh

(2) Ballstát

(3) Uimhir CBL/uimhir mháil nó uimhir thagartha cánach

B. Faisnéis a bhaineann leis na hearraí agus/nó na seirbhísí:

Uimh.

Tuairisc mhionsonraithe ar na hearraí agus/nó na seirbhísí(3) (nó tagairt don fhoirm ordaithe atá i gceangal)

Cainníocht nó líon

Luach gan CBL
ná dleacht mháil a áireamh

Airgeadra

Luach in aghaidh an aonaid

Luach iomlán

Méid iomlán

6.    DEIMHNIÚ Ó ÚDARÁIS INNIÚLA AN BHALLSTÁIT ÓSTAIGH

Comhlíonann an choinsíneacht/soláthar earraí agus/nó seirbhísí a dtugtar tuairisc orthu i mbosca 5:

go hiomlán

suas le cainníocht      (líon)(4)

na coinníollacha i gcomhair díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil

     

Áit, dáta

Stampa

     

Ainm agus stádas an tsínitheora

Síniú

7.    CEAD CHUN AN STAMPA FAOI BHOSCA 6 A FHÁGÁIL AR LÁR (i gcás díolúine i gcomhair úsáid oifigiúil agus sa chás sin amháin)

De réir litir Uimh.:

     

Dar dáta:

     

Ainmniúchán na hinstitiúide incháilithe:

scaoilte ag

     

     

Údarás inniúil sa Bhallstát óstach:

ón oibleagáid faoi bhosca 6 stampa a fháil

     

     

Áit, dáta

Stampa

     

Ainm agus stádas an tsínitheora

Síniú

(*)    Scrios de réir mar is iomchuí.

(1)    Scrios de réir mar is iomchuí.

(2)    Cuir cros sa bhosca iomchuí.

(3)    Scrios an spás nach núsáidtear. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin freisin má tá foirmeacha ordaithe i gceangal.

(4)    Ba cheart earraí agus/nó seirbhísí nach bhfuil incháilithe a scriosadh i mbosca 5 nó ar an bhfoirm ordaithe atá i gceangal.



Nótaí míniúcháin

1.I gcás an tsoláthróra agus/nó an choimeádaí trádstórais údaraithe, is doiciméad tacaíochta é an deimhniú seo chun díolúine chánach a fháil ar na soláthairtí earraí agus seirbhísí nó na coinsíneachtaí earraí chuig na comhlachtaí/daoine aonair incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 151 de Threoir 2006/112/CE agus in Airteagal 11 de Threoir (AE) 2020/262. Dá réir sin, déanfar deimhniú amháin a tharraingt suas i gcomhair gach soláthróra/coimeádaí trádstórais. Thairis sin, ní mór don soláthróir/don choimeádaí trádstórais an deimhniú sin a choimeád mar chuid dá thaifid i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla is infheidhme ina Bhallstát.

2.(a)Sonraíocht ghinearálta an pháipéir atá le húsáid, is éard atá ann an tsonraíocht sin a leagtar síos in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach (C 164 an 1.7.1989, lch. 3).

Ar pháipéar bán a bheidh na cóipeanna uile agus ba cheart an páipéar a bheith 210 milliméadar faoi 297 milliméadar le lamháltas uasta 5 mhilliméadar níos lú nó 8 milliméadar níos mó maidir lena bhfad.

   I gcomhair díolúine ó dhleacht mháil déanfar an deimhniú díolúine a tharraingt suas i     ndúblach:

coinneoidh an coinsíneoir cóip amháin;

beidh cóip amháin ag gabháil le gluaiseacht na dtáirgí atá faoi réir dleacht mháil.

(b)Cuirfear líne trí aon spás nach núsáidfear i mbosca 5.B ionas nach féidir aon rud a chur leis.

(c)Ní mór an doiciméad a líonadh isteach ar bhealach inléite agus ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh na hiontrálacha doscriosta. Ní cheadaítear aon scriosadh ná forscríobh. Déanfar é a líonadh isteach i dteanga a aithníonn an Ballstát óstach.

(d)Má thagraíonn an tuairisc ar na hearraí agus/nó seirbhísí (bosca 5.B den deimhniú) d’fhoirm ordaithe ceannaigh a tarraingíodh suas i dteanga seachas teanga a aithníonn an Ballstát óstach, ní mór don chomhlacht/duine aonair incháilithe aistriúchán a chur i gceangal.

(e)Os a choinne sin, má tharraingítear suas an deimhniú i dteanga seachas teanga a aithníonn Ballstát an tsoláthróra/an choimeádaí trádstórais, ní mór don chomhlacht/duine aonair incháilithe aistriúchán ar an bhfaisnéis a bhaineann leis na hearraí agus seirbhísí i mbosca 5.B a chur i gceangal.

(f)Ciallaíonn ‘teanga aitheanta’ ceann de na teangacha atá in úsáid go hoifigiúil sa Bhallstát nó aon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais a dhearbhaíonn an Ballstát mar theanga is féidir a úsáid chun na críche sin.

3.Tríd an dearbhú uaidh i mbosca 3 den deimhniú, cuireann an comhlacht/duine aonair incháilithe an fhaisnéis is gá ar fáil chun meastóireacht a dhéanamh ar an iarraidh ar dhíolúine sa Bhallstát óstach.

4.Trína dhearbhú i mbosca 4 den deimhniú, deimhníonn an comhlacht na sonraí i mbosca 1 agus i mbosca 3(a) den doiciméad agus deimhníonn sé gur ball foirne den chomhlacht é an duine aonair incháilithe.

5.(a)Ní mór an dáta agus an uimhir ordaithe ar a laghad a bheith sa tagairt don fhoirm ordaithe ceannaigh (bosca 5.B den deimhniú). Ba cheart na heilimintí ar fad atá i mbosca 5 den deimhniú a bheith ar an bhfoirm ordaithe. Más gá d’údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh an deimhniú a stampáil, stampálfar an fhoirm ordaithe freisin.

(b)An uimhir aitheantais mháil, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Rialachán (AE) Uimh 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004, tá an rogha ann an uimhir sin a lua nó gan í a lua; ní mór an uimhir aitheantais CBL nó an uimhir thagartha cánach a lua.

(c)Ba cheart na hairgeadraí a lua trí bhíthin cód trí litir i gcomhréir le caighdeán chód ISO 4217 arna bhunú ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú*.

6.Maidir leis an dearbhú thuasluaite ón gcomhlacht/duine aonair incháilithe, déanfar é a fhíordheimhniú ag bosca 6 le stampa údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh. Is féidir leis an údarás a shocrú go mbraithfeadh a fhormheas ar chomhaontú údaráis eile ina Bhallstát. Is faoin údarás inniúil cánach é an comhaontú sin a fháil.

7.Chun an nós imeachta a shimpliú, is féidir leis an údarás inniúil scaoileadh leis an oibleagáid a bhíonn ar an gcomhlacht incháilithe an stampa a iarraidh i gcás díolúine i gcomhair úsáid oifigiúil. Ba cheart don chomhlacht incháilithe an dispeansáid sin a lua i mbosca 7 den deimhniú.

____________________________________________________________________________________

* Mar léiriú, seo a leanas roinnt cód a bhaineann le hairgeadraí atá in úsáid faoi láthair: EUR (euro), BGN (lev), CZK (koruna Phoblacht na Seice), DKK (krone na Danmhairge), GBP (punt steirling), HUF (forint), LTL (litas), PLN (zloty), RON (leu na Rómáine), SEK (krona na Sualainne), USD (dollar na Stát Aontaithe).’