AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.6.2024
COM(2024) 264 final
2024/0150(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga, Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht reachta
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Leis an intleacht shaorga (IS) cuirtear deiseanna iontacha ar fáil, ach d’fhéadfadh feidhmeanna agus úsáidí áirithe dochar a dhéanamh agus rioscaí a chruthú do chearta bunúsacha daoine aonair agus do leasanna poiblí eile.
Le Rialachán (AE) 2024/[....] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (‘an Gníomh um an Intleacht Shaorga’), ghlac an tAontas an chéad rialachán cuimsitheach maidir leis an intleacht shaorga, lena leagtar síos caighdeán ar fud an domhain. Glacadh an Gníomh um an Intleacht Shaorga an 12 Meitheamh 2024 () agus tiocfaidh sé i bhfeidhm laistigh de 20 lá tar éis a fhoilsithe san Iris Oifigiúil. Leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, comhchuibhítear go hiomlán na rialacha maidir le córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid sna Ballstáit (), agus é ina chuspóir dó an nuálaíocht agus glacadh na hintleachta saorga iontaofa a chur chun cinn, agus san am céanna, sláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha, lena n‐áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus an comhshaol, á gcosaint.
Tá eagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla, lena n‑áirítear Comhairle na hEorpa, tar éis dlús a chur lena n‑iarrachtaí an intleacht shaorga a rialáil freisin, agus aitheantas á thabhairt acu do chineál trasteorann na hintleachta saorga agus don ghá atá le comhar idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna na dteicneolaíochtaí sin.
Ó bhí mí an Mheithimh 2022 ann, tá Creat-Choinbhinsiún atá ceangailteach ó thaobh dlí de (dá ngairtear ‘an Coinbhinsiún’ anseo feasta) á fhorbairt ag Coiste Chomhairle na hEorpa um an Intleacht Shaorga (CIS) () chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an intleacht shaorga do chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta. Rinne an tAontas an Coinbhinsiún a chaibidliú ar bhonn an cheathrú rogha mhalartach d’Airteagal 216(1) CFAE, ar dá réir a fhéadfaidh an tAontas comhaontú idirnáisiúnta a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích, ‘[...] más dóigh do chomhaontú a thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do chomhrialacha nó a raon feidhme a athrú.’. Rinne an Coimisiún Eorpach ionadaíocht thar ceann an Aontais sa chaibidlíocht maidir leis an gCoinbhinsiún, i gcomhréir le hAirteagal 218(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) agus bunaithe ar chinneadh ón gComhairle lena n‑údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh ().
Ghlac an tAontas páirt ghníomhach sa chaibidlíocht agus shaothraigh sé an sprioc comhoiriúnacht an Choinbhinsiúin le dlí an Aontais a áirithiú mar aon le comhsheasmhacht leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, chomh maith le cáilíocht agus breisluach an Choinbhinsiúin mar an chéad chonradh idirnáisiúnta maidir leis an intleacht shaorga. Sa chomhthéacs sin, bhí raon feidhme idirnáisiúnta an Choinbhinsiúin ina chuspóir de chuid an Aontais freisin.
Tar éis roinnt babhtaí caibidlíochta, d’fhormheas CIS téacs an Choinbhinsiúin ag an 10ú seisiún iomlánach a bhí aige, a bhí ar siúl ón 11 go dtí an 14 Márta 2024. An 17 Bealtaine 2024, ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa an Coinbhinsiún, d’aontaigh sé é a oscailt lena shíniú i Vilnias (an Liotuáin) an 5 Meán Fómhair 2024, tráth Chomhdháil neamhfhoirmiúil na nAirí Dlí agus Cirt agus d’iarr sé ar Bhallstáit Chomhairle na hEorpa, tríú tíortha eile a ghlac páirt ina dhréachtú agus an tAontas breithniú ar a shíniú an tráth sin, agus é á mheabhrú aige go bhfuil an Coinbhinsiún oscailte freisin d’aontachas ag Stáit eile nach Ballstáit iad ().
Sa chomhthéacs sin, is é is cuspóir don togra seo an próiseas a sheoladh chun go síneoidh an tAontas an Coinbhinsiún agus é beartaithe aige é a dhaingniú ina dhiaidh sin trína mholadh don Chomhairle cinneadh a ghlacadh chun údarú a thabhairt don Aontas an Coinbhinsiún a shíniú i gcomhréir le hAirteagal 218(5) CFAE. Tá an Coinbhinsiún go hiomlán comhoiriúnach le dlí an Aontais i gcoitinne, agus leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga go háirithe, agus cuirfear chun cinn leis príomhchoincheapa ó chur chuige an Aontais maidir le rialáil na hintleachta saorga ar fud an domhain i measc Ballstáit eile de Chomhairle na hEorpa agus príomh-chomhpháirtithe idirnáisiúnta a d’fhéadfadh teacht chun bheith ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún.
Ábhar an Choinbhinsiúin
Is é is cuspóir don Choinbhinsiún seo a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga iomlán comhsheasmhach le cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta.
Beidh ar na Páirtithe sa Choinbhinsiún é a chur chun feidhme trí bhearta iomchuí reachtacha, riaracháin nó eile chun éifeacht a thabhairt dá fhorálacha, de réir cur chuige céimnithe difreáilte, ag brath ar dhéine agus ar dhóchúlacht na ndrochthionchar. Ba cheart an Coinbhinsiún a chur chun feidhme san Aontas go heisiach tríd an nGníomh um an Intleacht Shaorga, lena gcomhchuibhítear go hiomlán na rialacha maidir le córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid, agus acquis ábhartha eile an Aontais, i gcás inarb infheidhme.
Cumhdaítear le raon feidhme an Choinbhinsiúin córais intleachta saorga a d’fhéadfadh cur isteach ar chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta, de réir cur chuige difreáilte. Beidh feidhm ag na prionsabail agus na hoibleagáidí atá beartaithe sa Choinbhinsiún maidir le gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga a ghabhann údaráis phoiblí orthu féin nó gníomhaithe príobháideacha ag gníomhú thar a gceann. Maidir leis an earnáil phríobháideach, tá sé d’oibleagáid ar na Páirtithe aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus tionchair, a eascraíonn as gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga a dhéanann gníomhaithe príobháideacha, ar bhealach atá i gcomhréir le cuspóir agus críoch an Choinbhinsiúin ach tá sé de rogha acu oibleagáidí an Choinbhinsiúin a chur i bhfeidhm nó bearta iomchuí eile a dhéanamh. Beidh ar na páirtithe dearbhú a dhéanamh maidir leis an rogha a dhéanfaidh siad ina leith sin tráth a shíneoidh siad an Coinbhinsiún nó tráth a aontóidh siad dó. Ba cheart don Aontas dearbhú a eisiúint ar thabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin go ndéanfaidh an tAontas, tríd an nGníomh um an Intleacht Shaorga agus trí acquis ábhartha eile de chuid an Aontais, na prionsabail agus na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidlí II go VI den Choinbhinsiún a chur chun feidhme maidir le gníomhaíochtaí gníomhaithe príobháideacha a chuireann córais intleachta saorga ar an margadh, a chuireann i mbun seirbhíse iad agus a úsáideann iad san Aontas.
Eisiatar gníomhaíochtaí intleachta saorga a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta ó raon feidhme an Choinbhinsiúin agus é le tuiscint nach mór iad a dhéanamh, in aon chás, ar bhealach atá comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cearta an duine agus le hurraim d’institiúidí daonlathacha agus do phróisis dhaonlathacha. Eisiatar ón gCoinbhinsiún freisin gníomhaíochtaí taighde agus forbartha maidir le córais intleachta saorga nár cuireadh ar fáil fós lena n‑úsáid, ach amháin más rud é go bhféadfadh gníomhaíochtaí tástála nó gníomhaíochtaí comhchosúla cur isteach ar chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta. I gcomhréir le Reacht Chomhairle na hEorpa, ní thagann ábhair a bhaineann le cosaint náisiúnta faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin.
Ina theannta sin, déantar foráil sa Choinbhinsiún maidir le sraith oibleagáidí ginearálta agus prionsabal bunúsach, lena n‑áirítear dínit an duine agus an neamhspleáchas aonair a chosaint, chomh maith leis an gcomhionannas agus an neamh-idirdhealú a chur chun cinn. Ina theannta sin, sainordaítear leis urraim don phríobháideachas agus do chosaint sonraí pearsanta mar aon le trédhearcacht agus formhaoirseacht chun cuntasacht agus freagracht a áirithiú. Tá prionsabal dírithe freisin ar an nuálaíocht shábháilte agus tástáil shábháilte i dtimpeallachtaí rialaithe.
Beartaítear freisin i gcaibidil thiomnaithe maidir le leigheasanna sraith beart arb é is aidhm dóibh a áirithiú go mbeidh leigheasanna inrochtana agus éifeachtacha ar fáil ar sháruithe ar chearta an duine mar thoradh ar na gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga. Áirítear leis freisin ráthaíochtaí agus coimircí nós imeachta éifeachtacha le haghaidh daoine a ndearna úsáid córas intleachta saorga difear mór dá gcearta. Ina theannta sin, ba cheart fógra a thabhairt do dhaoine aonair go bhfuil siad ag idirghníomhú le córas intleachta saorga seachas le duine.
Áirítear sa Choinbhinsiún freisin caibidil maidir le bearta chun measúnú agus maolú a dhéanamh ar rioscaí agus ar dhrochthionchair atá le déanamh ar bhealach atriallach, chun tionchair iarbhír agus fhéideartha ar chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a shainaithint agus chun bearta coisctheacha agus maolaithe iomchuí a dhéanamh.
Thairis sin, foráiltear sa Choinbhinsiún gur cheart do na Páirtithe measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le toirmisc nó moratóirí ar fheidhmeanna áirithe córas intleachta saorga a mheastar a bheith ar neamhréir le hurraim do chearta an duine, feidhmiú an daonlathais nó an smacht reachta.
Foráiltear leis an gCoinbhinsiún sásra leantach laistigh de Chomhdháil na bPáirtithe, ar a mbeidh ionadaithe na bPáirtithe a rachaidh i gcomhairle le chéile go tréimhsiúil d’fhonn úsáid agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin a éascú. Beartaítear leis freisin sásra le haghaidh comhar idirnáisiúnta idir Páirtithe sa Choinbhinsiún agus sa chaidreamh le tríú tíortha agus le páirtithe leasmhara ábhartha araon, chun cuspóir an Choinbhinsiúin a bhaint amach.
Thairis sin, ba cheart do gach Páirtí sásra éifeachtach amháin nó níos mó a bhunú nó a ainmniú ar an leibhéal náisiúnta chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí sa Choinbhinsiún, de réir mar a thugann na Páirtithe éifeacht dóibh.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Leis an gCoinbhinsiún, leagtar síos prionsabail agus oibleagáidí ginearálta maidir le cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chosaint, prionsabail agus oibleagáidí atá go hiomlán comhsheasmhach agus ailínithe le cuspóirí an Ghnímh um an Intleacht Shaorga agus leis na ceanglais mhionsonraithe maidir le córais intleachta saorga agus na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar sholáthraithe agus lucht cur in úsáid na gcóras sin.
Tá an sainmhíniú ar chóras intleachta saorga sa Choinbhinsiún ailínithe go hiomlán leis an sainmhíniú sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga, ós rud é go bhfuil an dá rud bunaithe ar an sainmhíniú ar na córais sin sna Prionsabail Intleachta Saorga ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (), rud a áirithíonn comhthuiscint ar cé na teicneolaíochtaí digiteacha is intleacht shaorga iad.
Leis an gCoinbhinsiún agus leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga araon leantar cur chuige rioscabhunaithe maidir le rialáil córas intleachta saorga agus áirítear iontu forálacha sonracha maidir le measúnuithe riosca agus tionchair agus bearta maolaithe riosca. Áirítear sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga, go háirithe, roinnt toirmisc ábhartha agus cásanna úsáide ardriosca le haghaidh córais intleachta saorga i ngach earnáil phoiblí agus phríobháideach, lena n‑áirítear i réimse an daonlathais agus an cheartais. Le rialacha agus nósanna imeachta mionsonraithe an Ghnímh um an Intleacht Shaorga maidir le córais intleachta saorga a fhorbairt, a chur ar an margadh agus a chur in úsáid sna réimsí sin, áiritheofar, dá bhrí sin, go n‑urramófar cearta bunúsacha, an daonlathas agus an smacht reachta ar feadh shaolré iomlán na hintleachta saorga.
Áirítear sa Choinbhinsiún prionsabail agus oibleagáidí a chumhdaítear cheana féin leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, amhail bearta chun cearta an duine a chosaint mar aon le sábháilteacht agus iontaofacht, cuntasacht agus freagracht, rialachas sonraí agus cosaint sonraí, trédhearcacht agus formhaoirseacht, an comhionannas agus an neamh-idirdhealú, scileanna digiteacha agus an litearthacht dhigiteach.
Is gné choiteann eile den dá ionstraim dlí í an trédhearcacht, lena n‑áirítear bearta maidir le hinneachar a ghintear leis an intleacht shaorga a shainaithint agus maidir le fógra a thabhairt do dhaoine a idirghníomhaíonn le córais intleachta saorga. Áirítear sa dá ionstraim dlí freisin forálacha ábhartha maidir le measúnuithe riosca agus tionchair agus bainistiú riosca, coimeád taifead, nochtadh (do chomhlachtaí agus údaráis údaraithe agus, de réir mar is iomchuí, do dhaoine a ndéantar difear dóibh), inrianaitheacht agus inmhínitheacht, an nuálaíocht shábháilte agus tástáil shábháilte i dtimpeallachtaí rialaithe, agus sraith beart chun leigheasanna éifeachtacha a chumasú, lena n‑áirítear an ceart chun faisnéis a iarraidh ar údarás inniúil, í a fháil uaidh agus gearán a dhéanamh leis, agus coimircí nós imeachta.
Tá an córas formhaoirseachta atá beartaithe sa Choinbhinsiún go hiomlán comhsheasmhach freisin le córas cuimsitheach rialachais agus forfheidhmithe an Ghnímh um an Intleacht Shaorga, arb é atá ann forfheidhmiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, le nósanna imeachta chun rialacha an Aontais a chur chun feidhme go comhsheasmhach ar fud na mBallstát. Go sonrach, beartaítear leis an gCoinbhinsiún sásra formhaoirseachta éifeachtach amháin nó níos mó ar an leibhéal náisiúnta nach mór dóibh a ndualgais a fheidhmiú go neamhspleách neamhchlaonta agus na cumhachtaí, an saineolas agus na hacmhainní is gá a bheith acu chun na cúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí sa Choinbhinsiún, de réir mar a thugann na Páirtithe éifeacht dóibh.
Cé go mbeidh feidhm ag an nGníomh um an Intleacht Shaorga maidir le córais intleachta saorga a chuirtear ar an margadh, a chuirtear i mbun seirbhíse nó a úsáidtear san Aontas, tá raon geografach níos leithne ag an gCoinbhinsiún lena gcuimsítear Ballstáit Chomhairle na hEorpa agus tríú stáit ar fud an domhain a d’fhéadfadh teacht chun bheith ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún. Dá bhrí sin, is deis uathúil é an Coinbhinsiún chun intleacht shaorga iontaofa a chothú lasmuigh den Aontas sa chéad chonradh idirnáisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá bunaithe ar chur chuige láidir maidir le cearta an duine i leith rialáil na hintleachta saorga.
Is comhpháirteanna lárnacha iad an Coinbhinsiún agus an Gníomh um an Intleacht Shaorga araon de chur chuige rialála maidir leis an intleacht shaorga, ag a bhfuil gealltanais chomhsheasmhacha a threisíonn a chéile ar an iliomad leibhéal idirnáisiúnta, agus a bhfuil sé de chuspóir coiteann acu intleacht shaorga iontaofa a áirithiú.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá cuspóirí coiteanna ag an gCoinbhinsiún freisin le beartais agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais a bhfuil sé d’aidhm acu cearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme ().
Go sonrach, tá prionsabal an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe a chumhdaítear sa Choinbhinsiún lán-chomhsheasmhach le reachtaíocht an Aontais maidir le neamh-idirdhealú agus cuirfidh sé comhtháthú breithnithe maidir leis an gcomhionannas chun cinn i ndearadh, i bhforbairt agus in úsáid córas intleachta saorga agus i gcur chun feidhme éifeachtach an toirmisc ar an idirdhealú, dá bhforáiltear faoi dhlí idirnáisiúnta agus náisiúnta na bPáirtithe is infheidhme.
Thairis sin, tá an Coinbhinsiún comhsheasmhach le acquis an Aontais maidir le cosaint sonraí, lena n‑áirítear an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí () i ndáil leis na cearta bunúsacha chun príobháideachais agus chun sonraí pearsanta a chosaint ag a bhfuil ráthaíochtaí agus coimircí éifeachtacha nach mór a bheith i bhfeidhm le haghaidh daoine aonair, i gcomhréir le hoibleagáidí dlíthiúla náisiúnta agus idirnáisiúnta na bPáirtithe is infheidhme.
Maidir leis na bearta a bheartaítear sa Choinbhinsiún chun próisis dhaonlathacha na bPáirtithe a chosaint i gcomhthéacs gníomhaíochtaí laistigh de shaolré córais intleachta saorga, tá siad lán-chomhsheasmhach leis na cuspóirí agus leis na rialacha mionsonraithe sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha (), lena rialaítear soláthar seirbhísí idirghabhálacha san Aontas agus arb é is aidhm dó timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne a áirithiú ina n‑urramaítear cearta bunúsacha, lena n‑áirítear an ceart chun tuairimí a nochtadh agus an ceart chun faisnéis a fháil agus a thabhairt. Chomh maith leis sin, tá siad comhsheasmhach leis an Rialachán maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla (), an Cód Cleachtais maidir le bréagaisnéis ()agus beartais an Aontais i réimse an Daonlathais agus i dtoghcháin shaora chóra athléimneacha(), lena n‑áirítear Plean Gníomhaíochta 2020 um an daonlathas(), an pacáiste toghchán agus sláine(), agus le déanaí, agus pacáiste 2023 maidir le Cosaint an Daonlathais().
Tá an Coinbhinsiún comhsheasmhach le straitéis fhoriomlán dhigiteach an Aontais maidir lena rannchuidiú le teicneolaíocht a oibríonn do dhaoine a chur chun cinn, rud atá ar cheann de thrí phríomhcholún an treoshuímh bheartais agus na gcuspóirí a fógraíodh sa Teachtaireacht dar teideal ‘Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú’(). Tá sé d’aidhm ag Teachtaireacht sin a áirithiú go bhforbrófar an intleacht shaorga ar bhealaí ina dtugtar urraim do chearta an duine agus lena dtuilltear muinín na ndaoine, rud a fhágann go mbeidh an Eoraip oiriúnach don ré dhigiteach agus go ndéanfar an ‘Deacáid Dhigiteach’ de na blianta amach romhainn ().
Thairis sin, tá roinnt cearta digiteacha agus prionsabail dhigiteacha sa Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití () atá ailínithe le cuspóirí agus prionsabail an Choinbhinsiúin, agus cur chuige láidir i leith na teicneolaíochta atá bunaithe ar chearta an duine á chur chun cinn leis an dá ionstraim.
Tá an Coinbhinsiún comhsheasmhach freisin le Straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh (), agus leis an straitéis Eorpach i ndáil le hidirlíon níos fearr do leanaí (BIK+) (), arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéanfar leanaí a chosaint, a urramú agus a chumhachtú ar líne, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le domhain fhíorúla nua nó leis an Intleacht Shaorga.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Cuirtear an togra le haghaidh cinneadh lena n‑údaraítear síniú an Choinbhinsiúin thar ceann an Aontais faoi bhráid na Comhairle de bhun Airteagal 218(5) CFAE.
Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(5) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an chomhaontaithe. De réir an chásdlí, má léirítear le scrúdú ar bheart de chuid an Aontais go bhfuil dhá chuspóir á saothrú leis nó go bhfuil dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann amháin díobh sin a shainaithint mar phríomhchuspóir nó mar phríomh-chomhpháirt, agus an ceann eile mar chuspóir teagmhasach nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an beart sin a bhunú ar bhunús dlí aonair, mar atá, an bunús dlí a éilítear de réir an phríomhchuspóra nó na príomh-chomhpháirte.
Maidir leis an mbunús dlí substainteach, tá raon feidhme ábhartha an Choinbhinsiúin ag teacht le raon feidhme an Ghnímh um an Intleacht Shaorga (), lena n‐áirítear i ndáil leis an díolúine ón raon feidhme maidir le taighde agus forbairt, an tslándáil náisiúnta agus gníomhaíochtaí cosanta. Tá na prionsabail agus na hoibleagáidí sa Choinbhinsiún ag teacht leis na ceanglais níos mionsonraithe maidir le córais intleachta saorga agus leis na hoibleagáidí sonracha atá ar sholáthraithe agus lucht cur in úsáid na gcóras sin faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga agus faoi reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais. Má ghlacann an Chomhairle an cinneadh atá beartaithe agus má shíníonn an tAontas an Coinbhinsiún, is éard a bheidh sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga an reachtaíocht phríomha ag an Aontas chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme i ndlíchóras an Aontais ag a bhfuil rialacha lán-chomhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid san Aontas, rialacha a bheidh infheidhme go díreach i ngach Ballstát, mura bhforáiltear a mhalairt go sonrach leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga ().
Ós rud é go bhfuil raon feidhme agus cuspóirí an Choinbhinsiúin ailínithe agus go hiomlán comhsheasmhach lena bhfuil sa Gníomh um an Intleacht Shaorga agus go bhfuil raon feidhme pearsanta agus ábhartha an dá ionstraim dlí ag teacht le chéile, is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí substainteach chun an Coinbhinsiún a thabhairt i gcrích, arb é príomhbhunús dlí an Ghnímh um an Intleacht Shaorga é.
Tá cineál na gcomhaontuithe idirnáisiúnta (‘de chuid an Aontais amháin’ nó ‘measctha’) ag brath ar chomhoiriúnacht an ábhair shonraigh le hinniúlachtaí an Aontais.
Le hAirteagal 3(2) CFAE, foráiltear go bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas ‘comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích […] a mhéid ar dóigh dá thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do na comhrialacha nó a raon feidhme a athrú.’ D’fhéadfadh comhaontú idirnáisiúnta difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna nó a raon feidhme a athrú más rud é go gcumhdaítear réimse an chomhaontaithe den chuid is mó le dlí an Aontais ().
Tá raon feidhme pearsanta an Choinbhinsiúin ailínithe go hiomlán leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga sa mhéid go gcumhdaítear leis an dá ionstraim dlí, i bprionsabal, gníomhaithe poiblí agus príobháideacha araon (maille le cur i bhfeidhm roghnach phrionsabail agus oibleagáidí an Choinbhinsiúin maidir le gníomhaithe príobháideacha seachas iad siúd atá ag gníomhú thar ceann údaráis phoiblí), agus san am céanna déantar gníomhaíochtaí intleachta saorga a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta, an chosaint agus an taighde a eisiamh ó na rialacha is infheidhme i raon feidhme ábhartha an dá ionstraim dlí.
Ós rud é go bhfuil raon feidhme pearsanta agus ábhartha an Choinbhinsiúin ag teacht lena bhfuil ag an nGníomh um an Intleacht Shaorga, d’fhéadfadh tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin difear a dhéanamh do rialacha coiteanna an Aontais nó a raon feidhme a athrú de réir bhrí Airteagal 3(2) CFAE. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas go bhfuil inniúlacht sheachtrach eisiach ag an Aontas chun an Coinbhinsiún a thabhairt i gcrích agus ba cheart an Coinbhinsiún a shíniú thar ceann an Aontais mar chomhaontú ‘de chuid an Aontais amháin’, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.
•Comhréireacht
Ní théann an Coinbhinsiún thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí beartais a bhaint amach maidir le cur chuige comhleanúnach a fhorbairt i dtaca le rialáil na hintleachta saorga ar an leibhéal idirnáisiúnta.
Leagtar amach sa Choinbhinsiún creat dlíthiúil ardleibhéil le haghaidh na hintleachta saorga a fhágann go bhfuil solúbthacht ann, rud a chuireann ar a gcumas do na Páirtithe na creataí cur chun feidhme a dhearadh go nithiúil. Leis an gcur chuige rioscabhunaithe, áirithítear comhréireacht na rialacha freisin agus cumasaítear difreáil na mbeart cur chun feidhme ar bhealach atá comhréireach leis na rioscaí, ar chaoi atá cosúil leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga.
•An rogha ionstraime
Is í an ionstraim a roghnaíodh togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle de bhun Airteagal 218(5) CFAE.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Ní dhearna an Coimisiún Eorpach comhairliúchán sonrach le páirtithe leasmhara maidir leis an togra seo.
Iarracht chomhoibríoch ó Choiste Chomhairle na hEorpa um an Intleacht Shaorga a bhí i mionsaothrú an Choinbhinsiúin, ina raibh gach ceann de 46 Bhallstát Chomhairle na hEorpa rannpháirteach, chomh maith le stáit bhreathnóireachta lena n‑áirítear Ceanada, an tSeapáin, Meicsiceo, an Suí Naofa, Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus an tAontas Eorpach. Ina theannta sin, ghlac roinnt stát eile nach Ballstáit iad páirt ann, lena n‑áirítear an Astráil, an Airgintín, Cósta Ríce, Iosrael, Peiriú agus Uragua.
I gcomhréir le tiomantas Chomhairle na hEorpa dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara éagsúla, bhí ionchur ó 68 n‑ionadaí idirnáisiúnta ón tsochaí shibhialta, an saol acadúil, an tionscal agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile i gceist le forbairt an Choinbhinsiúin freisin, rud a áirithíonn cur chuige uileghabhálach cuimsitheach. Chomh maith leis sin, bhain forbairt an Choinbhinsiúin le dul i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla, lena n‑áirítear an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), agus Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO). Ina theannta sin, chuir comhlachtaí agus coistí ábhartha laistigh de Chomhairle na hEorpa leis an bpróiseas. Bhí rannpháirtíocht an Aontais faoi stiúir an Choimisiúin Eorpaigh. Bhí ionadaithe ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i láthair mar bhreathnóirí freisin.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Ullmhaíodh seasaimh chaibidlíochta an Aontais le haghaidh an Choinbhinsiúin i gcomhairle le coiste speisialta arna ainmniú ag an gComhairle (Meitheal na Comhairle um Theileachumarsáid agus um an tSochaí Faisnéise).
•Measúnú tionchair
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
•Cearta bunúsacha
Is é is aidhm don Choinbhinsiún aghaidh a thabhairt ar na rioscaí agus ar an díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta an duine trína áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga i gcomhréir le prionsabail na hurraime do chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta, agus aitheantas a thabhairt san am céanna d’acmhainneacht na hintleachta saorga feidhmiú na gceart sin sa timpeallacht dhigiteach a chosaint agus a éascú, agus folláine na sochaí agus an chomhshaoil a fheabhsú mar aon le dul chun cinn teicneolaíoch.
Tá sé beartaithe leis na prionsabail agus na hoibleagáidí coincréiteacha atá beartaithe sa Choinbhinsiún cearta an duine a chosaint agus a urramú, cearta a chumhdaítear san iliomad ionstraimí idirnáisiúnta agus réigiúnacha (), de réir mar is infheidhme maidir leis na Páirtithe, lena n‑áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais agus ionstraimí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine atá tugtha i gcrích ag an Aontas.
Dá bhrí sin, leagtar síos sa Choinbhinsiún íoschaighdeán coiteann maidir le cosaint chearta an duine a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs na hintleachta saorga, agus, an tráth céanna, na cosaintí atá ann faoi láthair maidir le cearta an duine a choimirciú agus a fhágáil gur féidir leis na Páirtithe cosaint níos leithne a sholáthar le coimircí níos déine.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Beartaítear leis an gCoinbhinsiúnranníocaíochtaí airgeadais ó Stáit nach Ballstáit iad le gníomhaíochtaí Chomhdháil na bPáirtithe. Cé go ndéanfaidh Ballstáit uile Chomhairle na hEorpa ranníocaíochtaí trí ghnáthbhuiséad Chomhairle na hEorpa i gcomhréir le Reacht Chomhairle na hEorpa, déanfaidh na Páirtithe nach Ballstáit iad ranníocaíochtaí seachbhuiséadacha. Déanfaidh an Coiste Airí agus an Páirtí nach Ballstáit de Chomhairle na hEorpa é ranníocaíocht an Pháirtí nach Ballstát é a bhunú go comhpháirteach.
Ní chuireann an Coinbhinsiún isteach ar dhlíthe agus rialacháin náisiúnta na bPáirtithe lena rialaítear inniúlachtaí agus nósanna imeachta buiséadacha le haghaidh leithreasuithe buiséadacha. Ceadaítear leis freisin do Stáit nach Ballstáit iad a ranníocaíochtaí a dhéanamh laistigh de na teorainneacha buiséid formheasta arna leagan síos ag a mbrainse reachtach, gan dochar d’aon chomhaontú a rinneadh roimhe sin.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Maidir le Comhdháil na bPáirtithe, arb é a bheidh ann ionadaithe na bPáirtithe, déanfaidh sí faireachán ar chomhlíonadh éifeachtach chuspóirí an Choinbhinsiúin agus ar chur chun feidhme a fhorálacha ag na Páirtithe.
Beidh ar gach Páirtí tuarascáil a chur faoi bhráid Chomhdháil na bPáirtithe a bheidh dlite laistigh den chéad 2 bhliain ó theacht isteach sa Choinbhinsiún agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, ina sonrófar na bearta a rinneadh chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme.
Moltar do na páirtithe a thuilleadh oibriú i gcomhar chun aidhmeanna an Choinbhinsiúin a chomhlíonadh. Féadfar a áireamh sa chomhar idirnáisiúnta sin comhroinnt faisnéise ábhartha maidir leis an intleacht shaorga agus an acmhainneacht atá aici drochthionchar nó tionchar dearfach a imirt ar chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta.
Chun faireachán agus cur chun feidhme éifeachtach a áirithiú, beidh ar gach Páirtí sásra formhaoirseachta éifeachtach amháin nó níos mó a ainmniú ar an leibhéal náisiúnta.
2024/0150 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga, Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht reachta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Thug an Chomhairle údarú don Choimisiún an 21 Samhain 2022 chun tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais ar choinbhinsiún ó Chomhairle na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga, cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta (‘an Coinbhinsiún’). Rinne an Coimisiún Eorpach an Coinbhinsiún a chaibidliú thar ceann an Aontais. Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil an 17 Bealtaine 2024 tríd an gCoinbhinsiún a inisiliú agus lena ghlacadh ag Coiste Airí Chomhairle na hEorpa ().
(2)Leis an gCoinbhinsiún, leagtar síos na prionsabail ghinearálta agus na hoibleagáidí ba cheart do na Páirtithe sa Choinbhinsiún a urramú chun cosaint chearta an duine, an daonlathais agus an smachta reachta a áirithiú i ndáil leis na gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga (IS).
(3)An 12 Meitheamh 2024, ghlac an tAontas Rialachán (AE) 2024/... (‘an Gníomh um an Intleacht Shaorga’)(), go príomha ar bhonn Airteagal 114 CFAE, lena soláthraítear rialacha atá comhchuibhithe go hiomlán lena rialaítear córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid san Aontas, ar rialacha is infheidhme go díreach sna Ballstáit, mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga. Tá an Coinbhinsiún le cur chun feidhme san Aontas go heisiach tríd an nGníomh um an Intleacht Shaorga agus trí acquis ábhartha eile de chuid an Aontais, i gcás inarb infheidhme.
(4)Ós rud é go bhfuil raon feidhme pearsanta agus ábhartha an Choinbhinsiúin ag teacht leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga agus le acquis ábhartha eile de chuid an Aontais, d’fhéadfadh tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin difear a dhéanamh do rialacha coiteanna an Aontais nó a raon feidhme a athrú de réir bhrí Airteagal 3(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, tá inniúlacht sheachtrach eisiach ag an Aontas chun an Coinbhinsiún a shíniú agus, dá bhrí sin, níor cheart ach an tAontas a bheith ina Pháirtí sa Choinbhinsiún, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.
(5)I gcomhréir leis na Conarthaí, is faoin gCoimisiún Eorpach atá sé a áirithiú go síneofar an Coinbhinsiún, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar síniú Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga, Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht Reachta (‘an Coinbhinsiún’) a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin sin.
Tá téacs an Choinbhinsiúin atá le síniú i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an .
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.6.2024
COM(2024) 264 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga, Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht reachta
Téacs Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga, Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht Reachta
Brollach
Tá Ballstáit Chomhairle na hEorpa agus na sínitheoirí eile a ghabhann leis seo,
Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag Comhairle na hEorpa aontacht níos mó a bhaint amach i measc a Ballstát, bunaithe go háirithe ar urramú chearta an duine, an daonlathais agus an smachta reatha;
Ag aithint dóibh an luach a bhaineann le comhar idir na Páirtithe sa Choinbhinsiún seo agus leis an gcomhar sin a leathnú go Stáit eile a bhfuil na luachanna céanna acu;
Ós feasach dóibh go bhfuil dlús á chur leis na forbairtí san eolaíocht agus sa teicneolaíocht agus na hathruithe ó bhonn a dhéantar le gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga, ar féidir leo rathúnas an duine a chur chun cinn chomh maith le folláine an duine aonair agus na sochaí, an fhorbairt inbhuanaithe, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní uile, mar aon le spriocanna agus leasanna tábhachtacha eile, tríd an dul chun cinn agus an nuálaíocht a fheabhsú;
Ag aithint dóibh go bhféadfaí, le gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga, deiseanna nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a chur ar fáil chun cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn;
Ós díol imní dóibh go bhféadfaí, le gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga, dochar a dhéanamh do dhínit an duine, an neamhspleáchas aonair, cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta;
Ós díol imní dóibh na rioscaí idirdhealaithe i gcomhthéacsanna digiteacha, go háirithe na comhthéacsanna sin a bhaineann le córais intleachta saorga, agus an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith acu neamhionannais a chruthú nó a ghéarú, lena n‑áirítear na neamhionannais sin a bhíonn ag mná agus ag daoine aonair i gcásanna leochaileacha, maidir le tairbhiú a gceart daonna agus maidir lena rannpháirtíocht iomlán, chomhionann agus éifeachtach i ngnóthaí eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha agus polaitiúla;
Ós díol imní dóibh mí-úsáid córas intleachta saorga agus go bhfuil siad i gcoinne úsáid na gcóras sin chun críoch diansmachta de shárú ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, lena n‑áirítear trí fhaireachas treallach nó neamhdhleathach agus cleachtais chinsireachta lena gcreimtear príobháideachas agus neamhspleáchas aonair;
Ós feasach dóibh go bhfuil cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta fite fuaite ina chéile go bunúsach;
Ós deimhin leo gur gá creat dlíthiúil is infheidhme ar fud an domhain a bhunú, mar ábhar tosaíochta, lena leagfar amach prionsabail agus rialacha ginearálta coiteanna lena rialaítear na gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga lena gcaomhnaítear go héifeachtach luachanna comhroinnte agus lena mbaintear leas as tairbhí na hintleachta saorga chun na luachanna sin a chur chun cinn ar bhealach a chuidíonn leis an nuálaíocht fhreagrach;
Ag aithint dóibh gur gá litearthacht dhigiteach a chur chun cinn mar aon le heolas faoi dhearadh, forbairt, úsáid agus díchoimisiúnú na gcóras intleachta saorga agus muinín as na nithe sin;
Ag aithint dóibh cineál creata an Choinbhinsiúin seo, a fhéadfar a fhorlíonadh le hionstraimí breise chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha a bhaineann le gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga;
Ag cur i dtábhacht dóibh go bhfuil sé beartaithe leis an gCoinbhinsiún seo aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha a eascraíonn le linn shaolré na gcóras intleachta saorga, agus breithniú a spreagadh ar na rioscaí agus na tionchair níos leithne a bhaineann leis na teicneolaíochtaí sin, lena n‑áirítear, ach gan bheith teoranta dóibh, sláinte an duine agus an comhshaol, agus gnéithe socheacnamaíocha, amhail fostaíocht agus saothar;
Ag tabhairt dá n‑aire dóibh na hiarrachtaí ábhartha atá á ndéanamh ag eagraíochtaí agus fóraim idirnáisiúnta agus fhornáisiúnta eile chun an tuiscint agus an comhar idirnáisiúnta maidir leis an intleacht shaorga a chur chun cinn;
Agus aird á tabhairt acu ar na hionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cearta an duine, amhail Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine 1948, Coinbhinsiún um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint 1950 (ETS Uimh. 5), an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla 1966, an Cúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha 1966, Cairt Shóisialta na hEorpa 1961 (ETS Uimh. 35), chomh maith lena bprótacail féin, agus Cairt Shóisialta na hEorpa 1996 (athbhreithnithe) (ETS Uimh. 163);
Agus aird á tabhairt acu freisin ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989 agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2006;
Agus aird á tabhairt acu freisin ar chearta príobháideachais daoine aonair agus ar chosaint sonraí pearsanta, de réir mar is infheidhme agus mar a thugtar, mar shampla, le Coinbhinsiún 1981 chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch (ETS Uimh. 108) agus na prótacail a ghabhann leis;
Ag dearbhú dóibh tiomantas na bPáirtithe cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chosaint, agus iontaofacht na gcóras intleachta saorga a chothú tríd an gCoinbhinsiún seo,
Tar éis an méid seo a leanas a chomhaontú:
Caibidil I – Forálacha ginearálta
Airteagal 1 — Cuspóir agus críoch
(1)Is é is aidhm d’fhorálacha an Choinbhinsiúin seo a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga iomlán comhsheasmhach le cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta.
(2)Glacfaidh gach Páirtí bearta iomchuí reachtacha, riaracháin nó eile nó coinneoidh sé ar bun iad chun éifeacht a thabhairt do na forálacha a leagtar amach sa Choinbhinsiún seo. Céimneofar na bearta sin agus déanfar iad a dhifreáil de réir mar is gá i bhfianaise dhéine agus dhóchúlacht tharlú na n‑iarmhairtí díobhálacha ar chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta ar feadh shaolré na gcóras intleachta saorga. D’fhéadfaí a áireamh leis sin bearta sonracha nó cothrománacha a mbeadh feidhm acu gan beann ar an gcineál teicneolaíochta a úsáidtear.
(3)Chun a áirithiú go gcuirfidh na Páirtithe forálacha an Choinbhinsiúin chun feidhme go héifeachtach, bunaítear leis an gCoinbhinsiún seo sásra leantach agus déantar foráil maidir le comhar idirnáisiúnta.
Airteagal 2 — Sainmhíniú ar chórais intleachta saorga
Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, ciallaíonn ‘córas intleachta saorga’ córas meaisínbhunaithe, le haghaidh cuspóirí sainráite nó intuigthe, lena dtugtar le tuiscint, leis an ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint amhail tuartha, ábhar, moltaí nó cinntí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúla. D’fhéadfadh córais intleachta saorga a bheith éagsúil maidir lena leibhéil neamhspleáchais agus oiriúnaitheachta tar éis a gcur in úsáid.
Airteagal 3 — Raon Feidhme
(1)Cumhdaíonn raon feidhme an Choinbhinsiúin seo gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga a d’fhéadfadh cur isteach ar chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta mar a leanas:
(a)Cuirfidh gach Páirtí an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm maidir leis na gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga a ghabhann údaráis phoiblí orthu féin nó gníomhaithe príobháideacha ag gníomhú thar a gceann.
(b)Tabharfaidh gach Páirtí aghaidh ar rioscaí agus tionchair a eascraíonn as gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga a dhéanann gníomhaithe príobháideacha a mhéid nach gcumhdaítear i bhfomhír ar bhealach atá i gcomhréir le cuspóir agus críoch an Choinbhinsiúin seo.
Sonróidh gach Páirtí i ndearbhú a chuirfear faoi bhráid Ardrúnaí Chomhairle na hEorpa tráth an tsínithe nó tráth a thaiscfear a ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha, formheasa nó aontachais, an chaoi a bhfuil sé beartaithe aige an oibleagáid sin a chur chun feidhme, trí na prionsabail agus na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidlí II go VI den Choinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí gníomhaithe príobháideacha nó trí bhearta iomchuí eile a dhéanamh chun an oibleagáid a leagtar amach san fhomhír seo a chomhlíonadh. Féadfaidh na páirtithe, tráth ar bith agus ar an mbealach céanna, a ndearbhuithe a leasú.
Agus an oibleagáid faoin bhfomhír seo á cur chun feidhme ag Páirtí, ní fhéadfaidh sé maolú ar chur i bhfeidhm na n‑oibleagáidí idirnáisiúnta a ghabh sé air féin chun cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chosaint, ná ní fhéadfaidh sé cur i bhfeidhm na n‑oibleagáidí sin a theorannú.
(2)Ní cheanglófar ar Pháirtí an Coinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga a bhaineann lena leasanna slándála náisiúnta a chosaint, ar an tuiscint go ndéantar na gníomhaíochtaí sin ar bhealach atá comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta is infheidhme, lena n‑áirítear oibleagáidí an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, agus le hurraim dá institiúidí daonlathacha agus dá phróisis dhaonlathacha.
(3)Gan dochar d’Airteagal 13 agus d’Airteagal 25, mír 2, ní bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir le gníomhaíochtaí taighde agus forbartha a bhaineann le córais intleachta saorga nár cuireadh ar fáil fós lena n‑úsáid, ach amháin má dhéantar tástáil nó gníomhaíochtaí comhchosúla ar bhealach a d’fhéadfadh cur isteach ar chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta.
(4)Ní thagann ábhair a bhaineann le cosaint náisiúnta faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo.
Caibidil II — Oibleagáidí ginearálta
Airteagal 4 — Cearta an duine a chosaint
Déanfaidh gach Páirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun chun a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga comhsheasmhach leis na hoibleagáidí chun cearta an duine a chosaint, mar a chumhdaítear sa dlí idirnáisiúnta is infheidhme agus ina dhlí náisiúnta.
Airteagal 5 — Sláine na bpróiseas daonlathach agus urraim don smacht reachta
(1)Déanfaidh gach Páirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena bhféachtar lena áirithiú nach n‑úsáidfear córais intleachta saorga chun dochar a dhéanamh do shláine, neamhspleáchas agus éifeachtacht institiúidí daonlathacha agus próiseas daonlathach, lena n‑áirítear prionsabal scaradh na gcumhachtaí, urraim do neamhspleáchas breithiúnach agus rochtain ar cheartas.
(2)Déanfaidh gach Páirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena bhféachtar lena phróisis dhaonlathacha a chosaint i gcomhthéacs gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga, lena n‑áirítear rochtain chothrom daoine aonair ar dhíospóireacht phoiblí agus a rannpháirtíocht inti, chomh maith lena gcumas tuairimí a cheapadh gan srian.
Caibidil III — Prionsabail a bhaineann le gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga
Airteagal 6 — Cur chuige ginearálta
Leagtar amach sa chaibidil seo prionsabail choiteanna ghinearálta a chuirfidh gach Páirtí chun feidhme maidir le córais intleachta saorga ar bhealach is iomchuí dá chóras dlí náisiúnta agus d’oibleagáidí eile an Choinbhinsiúin seo.
Airteagal 7— Dínit an duine agus neamhspleáchas aonair
Déanfaidh gach Páirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun chun dínit an duine agus neamhspleáchas aonair a urramú i ndáil le gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga.
Airteagal 8 — Trédhearcacht agus formhaoirseacht
Déanfaidh gach Páirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun chun a áirithiú go mbeidh ceanglais trédhearcachta agus formhaoirseachta leormhaithe atá saincheaptha do na comhthéacsanna agus na rioscaí sonracha curtha i bhfeidhm i leith gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga, lena n‑áirítear maidir le hinneachar arna ghiniúint ag córais intleachta saorga a shainaithint.
Airteagal 9 — Cuntasacht agus freagracht
Déanfaidh gach Páirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun chun cuntasacht agus freagracht a áirithiú maidir le drochthionchair ar chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a eascraíonn as gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga.
Airteagal 10 — An comhionannas agus an neamh-idirdhealú
(1)Déanfaidh gach Páirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun d’fhonn a áirithiú go n‑urramófar le gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga an comhionannas, lena n‑áirítear an comhionannas inscne, agus an toirmeasc ar idirdhealú, dá bhforáiltear faoin dlí idirnáisiúnta agus náisiúnta is infheidhme.
(2)Gabhann gach Páirtí air féin bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun arb é is aidhm dóibh neamhionannais a shárú chun torthaí córa, cothroma agus comhionanna a bhaint amach, i gcomhréir lena oibleagáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cearta an duine, i ndáil le gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga.
Airteagal 11 — Príobháideachas agus sonraí pearsanta a chosaint
Déanfaidh gach Páirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun chun an méid seo a leanas a áirithiú maidir le gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga:
(a)go gcosnaítear cearta príobháideachais daoine aonair agus a gcuid sonraí pearsanta, lena n‑áirítear trí dhlíthe, caighdeáin agus creataí náisiúnta agus idirnáisiúnta is infheidhme; agus
(b)go bhfuil ráthaíochtaí agus coimircí éifeachtacha curtha i bhfeidhm le haghaidh daoine aonair, i gcomhréir leis na hoibleagáidí dlíthiúla náisiúnta agus idirnáisiúnta is infheidhme.
Airteagal 12 — Iontaofacht
Déanfaidh gach Páirtí, de réir mar is iomchuí, bearta chun iontaofacht córas intleachta saorga agus muinín as a n‑aschuir a chur chun cinn, lena bhféadfaí ceanglais a áireamh a bhaineann le cáilíocht agus slándáil leormhaith ar feadh shaolré na gcóras intleachta saorga.
Airteagal 13 — Nuálaíocht shábháilte
D’fhonn nuálaíocht a chothú agus, san am céanna, drochthionchair ar chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a sheachaint, iarrtar ar gach Páirtí bunú timpeallachtaí rialaithe a chumasú, de réir mar is iomchuí, chun córais intleachta saorga a fhorbairt, a thriail agus a thástáil faoi mhaoirseacht a údarás inniúil.
Caibidil IV — Leigheasanna
Airteagal 14 — Leigheasanna
(1)Déanfaidh gach Páirtí, a mhéid a éilítear leigheasanna lena oibleagáidí idirnáisiúnta agus atá comhsheasmhach lena chóras dlí náisiúnta, bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun chun a áirithiú go mbeidh leigheasanna inrochtana agus éifeachtacha ar fáil ar sháruithe ar chearta an duine a eascraíonn as gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga.
(2)D’fhonn tacú le mír 1 thuas, déanfaidh gach Páirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena n‑áirítear an méid seo a leanas:
(a)bearta chun a áirithiú go ndéanfar faisnéis ábhartha maidir le córais intleachta saorga a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh do chearta an duine agus a n‑úsáid ábhartha a dhoiciméadú, a sholáthar do chomhlachtaí atá údaraithe chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus, i gcás inarb iomchuí agus inarb infheidhme, a chur ar fáil nó a chur in iúl do na daoine dá ndéantar difear;
(b)bearta chun a áirithiú gur leordhóthanach an fhaisnéis dá dtagraítear i bhfomhír a chun gur féidir leis na daoine dá ndéantar difear na cinntí a rinneadh a chonspóid, nó go gcuirtear ar an eolas go substaintiúil iad trí úsáid an chórais, agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb iomchuí, úsáid an chórais féin; agus
(c)deis éifeachtach le haghaidh na ndaoine lena mbaineann gearán a thaisceadh leis na húdaráis inniúla.
Airteagal 15 — Coimircí nós imeachta
(1)Áiritheoidh gach Páirtí, i gcás ina mbeidh tionchar mór ag córas intleachta saorga ar thairbhiú chearta an duine, go mbeidh ráthaíochtaí, coimircí agus cearta nós imeachta éifeachtacha ar fáil do dhaoine a ndéanann an córas sin difear dóibh, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus náisiúnta is infheidhme.
(2)Féachfaidh gach Páirtí lena áirithiú, de réir mar is iomchuí don chomhthéacs, go dtabharfar fógra do dhaoine a bhíonn ag idirghníomhú le córais intleachta saorga go bhfuil siad ag idirghníomhú leis na córais sin seachas le duine.
Caibidil V — Measúnú agus maolú rioscaí agus drochthionchar
Airteagal 16 — Creat bainistithe rioscaí agus tionchar
(1)Déanfaidh gach Páirtí, agus na prionsabail a leagtar amach i gCaibidil III á gcur san áireamh, bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun chun na rioscaí a bhaineann le córais intleachta saorga a shainaithint, a mheasúnú, a chosc agus a mhaolú trí thionchair iarbhír agus fhéideartha ar chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chur san áireamh.
(2)Céimneofar na bearta sin agus déanfar iad a dhifreáil, de réir mar is gá, agus:
(a)tabharfar aird chuí leo ar chomhthéacs agus ar úsáid bheartaithe na gcóras intleachta saorga, go háirithe maidir le rioscaí do chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta;
(b)tabharfar aird chuí leo ar dhéine agus ar dhóchúlacht na dtionchar féideartha;
(c)cuirfear san áireamh leo, i gcás inarb iomchuí, peirspictíochtaí na bpáirtithe leasmhara ábhartha, go háirithe daoine a bhféadfadh tionchar a bheith ar a gcearta;
(d)beidh feidhm leo go hatriallach ar feadh na ngníomhaíochtaí laistigh de shaolré an chórais intleachta saorga;
(e)áireofar leo faireachán le haghaidh rioscaí agus drochthionchar ar chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta;
(f)áireofar leo doiciméadú ar rioscaí, tionchair iarbhír agus ionchasacha, agus an cur chuige bainistithe riosca; agus
(g)ceanglófar leo, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfar córais intleachta saorga a thástáil sula gcuirfear ar fáil don chéad úsáid iad agus nuair a mhodhnófar go suntasach iad;
(3)Déanfaidh gach Páirtí bearta a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena bhféachtar lena áirithiú go dtabharfar aghaidh go leormhaith ar dhrochthionchair na gcóras intleachta saorga ar chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta. Na drochthionchair sin agus na bearta sin chun aghaidh a thabhairt orthu, ba cheart iad a dhoiciméadú agus bonn eolais a chur faoi na bearta bainistithe riosca ábhartha a dtugtar tuairisc orthu i mír 2.
(4)Déanfaidh gach Páirtí measúnú ar an ngá atá le moratóir nó toirmeasc nó bearta iomchuí eile i leith úsáidí áirithe córas intleachta saorga i gcás ina measfaidh sé go bhfuil na húsáidí sin ar neamhréir leis an urraim do chearta an duine, feidhmiú an daonlathais nó an smacht reachta.
Caibidil VI — Cur chun feidhme an Choinbhinsiúin
Airteagal 17 — Neamh-idirdhealú
Déanfar cur chun feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin seo ag na Páirtithe a áirithiú gan idirdhealú ar aon fhoras, i gcomhréir lena n‑oibleagáidí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine.
Airteagal 18 — Cearta daoine faoi mhíchumas agus leanaí
Déanfaidh gach Páirtí, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta agus leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme, aird chuí a thabhairt ar aon riachtanas agus leochaileacht shonrach i ndáil le cearta daoine faoi mhíchumas agus leanaí a urramú.
Airteagal 19 — Comhairliúchán poiblí
Féachfaidh gach Páirtí lena áirithiú go ndéanfar ceisteanna tábhachtacha a ardaítear i ndáil le córais intleachta saorga a bhreithniú go cuí, de réir mar is iomchuí, trí chomhairliúchán ilpháirtithe leasmhara i bhfianaise na n‑impleachtaí sóisialta, eacnamaíocha, dlíthiúla, eiticiúla, comhshaoil agus impleachtaí ábhartha eile.
Airteagal 20 — An litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha
Déanfaidh gach Páirtí an litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha leormhaithe a spreagadh agus a chur chun cinn le haghaidh gach cuid den daonra, lena n‑áirítear sainscileanna sonracha lena n‑aghaidh siúd atá freagrach as na rioscaí a bhaineann le córais intleachta saorga a shainaithint, a mheasúnú, a chosc agus a mhaolú.
Airteagal 21 — Coimirce le haghaidh chearta an duine atá ann cheana
Ní fhorléireofar aon ní sa Choinbhinsiún seo mar ní a chuireann teorainn le cearta an duine ná le cearta agus oibleagáidí dlíthiúla gaolmhara eile, ná a mhaolaíonn orthu nó a dhéanann difear dóibh ar shlí eile, cearta agus oibleagáidí dlíthiúla a d’fhéadfaí a ráthú faoi dhlíthe ábhartha Páirtí nó faoi aon chomhaontú idirnáisiúnta ábhartha eile ar Páirtí ann é.
Airteagal 22 — Cosaint níos leithne
Ní léirmhíneofar aon fhoráil den Choinbhinsiún seo mar fhoráil lena dteorannaítear ná lena ndéantar difear ar shlí eile don fhéidearthacht atá ag Páirtí beart cosanta níos leithne a dheonú ná mar a shonraítear sa Choinbhinsiún seo.
Caibidil VII — Sásra leantach agus comhar
Airteagal 23 — Comhdháil na bPáirtithe
(1)Is éard a bheidh i gComhdháil na bPáirtithe ionadaithe de chuid na bpáirtithe sa Choinbhinsiún seo.
(2)Rachaidh na Páirtithe i gcomhar le chéile go tréimhsiúil d’fhonn an mhéid seo a leanas a dhéanamh:
a. cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin seo a éascú, lena n‑áirítear aon fhadhb a shainaithint agus éifeachtaí aon fhorchoimeádais a dhéanfar de bhun Airteagal 34, mír 1, nó aon dearbhaithe a dhéanfar faoin gCoinbhinsiún seo;
b. breithniú ar an bhféidearthacht an Coinbhinsiún seo a fhorlíonadh nó a leasú;
c. ábhair a bhreithniú agus moltaí sonracha a dhéanamh maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo;
d. malartú faisnéise a éascú maidir le forbairtí suntasacha dlíthiúla, beartais nó teicneolaíocha ábhartha, lena n‑áirítear chun na cuspóirí a shainítear in Airteagal 25 a shaothrú, chun an Coinbhinsiún seo a chur chun feidhme;
e. réiteach dea-mhéiniúil a éascú, i gcás inar gá, maidir le díospóidí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo; agus
f. comhar a éascú le páirtithe leasmhara ábhartha maidir le gnéithe ábhartha de chur chun feidhme an Choinbhinsiúin seo, lena n‑áirítear trí éisteachtaí poiblí i gcás inarb iomchuí.
(3)Is é Ardrúnaí Chomhairle na hEorpa a dhéanfaidh Comhdháil na bPáirtithe a chomóradh aon uair is gá agus, in aon chás, nuair a iarrfaidh tromlach na bPáirtithe nó an Coiste Airí í a chomhghairm.
(4)Glacfaidh Comhdháil na bPáirtithe a rialacha nós imeachta féin de chomhthoil laistigh de 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo.
(5)Tabharfaidh Rúnaíocht Chomhairle na hEorpa cúnamh do na Páirtithe a bhfeidhmeanna de bhun an Airteagail seo a chomhlíonadh.
(6)Féadfaidh Comhdháil na bPáirtithe bealaí iomchuí a mholadh don Choiste Airí chun leas a bhaint as saineolas ábhartha chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin seo.
(7)Aon Pháirtí nach Ballstát de Chomhairle na hEorpa é, ranníocfaidh sé le maoiniú ghníomhaíochtaí Chomhdháil na bPáirtithe. Déanfaidh an Coiste Airí agus an Páirtí nach Ballstáit de Chomhairle na hEorpa é ranníocaíocht an Pháirtí nach Ballstát a bhunú go comhpháirteach.
(8)Féadfaidh Comhdháil na bPáirtithe a chinneadh srian a chur le rannpháirtíocht Páirtí ina cuid oibre, ar Páirtí é nach Ballstát de Chomhairle na hEorpa a thuilleadh faoi Airteagal 8 de Reacht Chomhairle na hEorpa (ETS Uimh. 1) i gcás sárú tromchúiseach ar Airteagal 3 den Reacht. Ar an gcaoi chéanna, is féidir bearta a dhéanamh i leith aon Pháirtí nach Ballstát de Chomhairle na hEorpa é, le cinneadh ón gCoiste Airí, chun deireadh a chur lena chaidreamh leis an Stát sin ar fhorais atá comhchosúil leis na forais a luaitear in Airteagal 3 den Reacht.
Airteagal 24 — Oibleagáid tuairiscithe
(1)Cuirfidh gach Páirtí tuarascáil ar fáil do Chomhdháil na bPáirtithe laistigh den chéad 2 bhliain tar éis dó teacht chun bheith ina Pháirtí, agus ansin go tréimhsiúil ina dhiaidh sin le mionsonraí na ngníomhaíochtaí a rinneadh chun éifeacht a thabhairt d’Airteagal 3, mír 1, fomhíreanna a agus b.
(2)Cinnfidh Comhdháil na bPáirtithe formáid agus próiseas na tuarascála i gcomhréir lena rialacha nós imeachta.
Airteagal 25 — Comhar idirnáisiúnta
(1)Comhoibreoidh na Páirtithe chun cuspóir an Choinbhinsiúin seo a bhaint amach. Moltar a thuilleadh do na páirtithe, de réir mar is iomchuí, cúnamh a thabhairt do Stáit nach Páirtithe sa Choinbhinsiún seo chun gníomhú go comhsheasmhach le téarmaí an Choinbhinsiúin seo agus teacht chun bheith ina bPáirtithe ann.
(2)De réir mar is iomchuí, malartóidh na Páirtithe faisnéis ábhartha úsáideach eatarthu féin maidir le gnéithe a bhaineann leis an intleacht shaorga a bhféadfadh éifeachtaí móra dearfacha nó diúltacha a bheith acu ar thairbhiú chearta an duine, feidhmiú an daonlathais agus urramú an smachta reachta, lena n‑áirítear rioscaí agus éifeachtaí a tháinig chun cinn i gcomhthéacsanna taighde agus i ndáil leis an earnáil phríobháideach. Moltar do na Páirtithe páirt a thabhairt, de réir mar is iomchuí, do pháirtithe leasmhara ábhartha agus do Stáit nach Páirtithe iad sa Choinbhinsiún seo i malartuithe faisnéise den sórt sin.
(3)Moltar do na Páirtithe an comhar a neartú, lena n‑áirítear le páirtithe leasmhara ábhartha i gcás inarb iomchuí, chun rioscaí agus drochthionchair ar chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chosc agus a mhaolú i gcomhthéacs gníomhaíochtaí laistigh de shaolré na gcóras intleachta saorga.
Airteagal 26 — Sásraí formhaoirseachta éifeachtacha
(1)Déanfaidh gach Páirtí sásra éifeachtach amháin nó níos mó a bhunú nó a ainmniú chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí sa Choinbhinsiún seo.
(2)Áiritheoidh gach Páirtí go bhfeidhmeoidh na sásraí sin a ndualgais go neamhspleách agus go neamhchlaonta agus go mbeidh na cumhachtaí, an saineolas agus na hacmhainní is gá acu chun a gcúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí sa Choinbhinsiún seo, de réir mar a thugann na Páirtithe éifeacht dóibh.
(3)Más rud é go ndéanann Páirtí foráil maidir le níos mó ná sásra amháin den sórt sin, déanfaidh sé bearta, i gcás inarb indéanta, chun comhar éifeachtach a éascú eatarthu.
(4)Más rud é go ndéanann Páirtí foráil maidir le sásraí atá éagsúil le struchtúir i dtaca le cearta an duine atá ann cheana, déanfaidh sé bearta, i gcás inarb indéanta, chun comhar éifeachtach a chur chun cinn idir na sásraí dá dtagraítear i mír 1 agus na struchtúir náisiúnta sin i dtaca le cearta an duine atá ann cheana.
Caibidil VIII — Clásail chríochnaitheacha
Airteagal 27 — Éifeachtaí an Choinbhinsiúin
(1)Má tá comhaontú nó conradh tugtha i gcrích cheana féin ag dhá Pháirtí nó níos mó maidir leis na hábhair a ndéileáiltear leo sa Choinbhinsiún seo, nó má tá caidreamh bunaithe acu ar shlí eile maidir leis na hábhair sin, beidh siad i dteideal freisin an comhaontú nó an conradh sin a chur i bhfeidhm nó an caidreamh sin a rialáil dá réir sin, fad a dhéanfaidh siad amhlaidh ar bhealach nach mbeidh ar neamhréir le cuspóir agus críoch an Choinbhinsiúin seo.
(2)Maidir leis na Páirtithe ar Ballstáit den Aontas Eorpach iad, cuirfidh siad, ina gcaidreamh frithpháirteach, rialacha an Aontais Eorpaigh chun feidhme lena rialaítear na hábhair a thagann faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin seo gan dochar do chuspóir ná do chríoch an Choinbhinsiúin seo agus gan dochar dá chur i bhfeidhm iomlán le Páirtithe eile. Tá feidhm ag an méid sin maidir le Páirtithe eile a mhéid atá siad faoi cheangal ag na rialacha sin.
Airteagal 28 — Leasuithe
(1)Féadfaidh aon Pháirtí, Coiste Airí Chomhairle na hEorpa nó Comhdháil na bPáirtithe leasuithe ar an gCoinbhinsiún seo a mholadh.
(2)Cuirfidh Ardrúnaí Chomhairle na hEorpa aon togra le haghaidh leasaithe in iúl do na Páirtithe.
(3)Aon leasú a mholfaidh Páirtí nó an Coiste Airí, cuirfear in iúl do Chomhdháil na bPáirtithe é agus cuirfidh an Chomhdháil a tuairim maidir leis an leasú atá beartaithe faoi bhráid an Choiste Airí.
(4)Breithneoidh an Coiste Airí an leasú atá beartaithe agus an tuairim a thíolaic Comhdháil na bPáirtithe agus féadfaidh sé an leasú a fhormheas.
(5)Maidir le téacs aon leasaithe a d’fhormheas an Coiste Airí i gcomhréir le mír 4, déanfar é a chur ar aghaidh chuig na páirtithe lena ghlacadh.
(6)Aon leasú a fhormheastar i gcomhréir le mír 4, tiocfaidh sé i bhfeidhm an 30ú lá tar éis do na Páirtithe uile a chur in iúl don Ardrúnaí gur fhormheas siad é.
Airteagal 29 — Réiteach díospóidí
I gcás díospóid idir na Páirtithe maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo, féachfaidh na Páirtithe sin leis an díospóid a réiteach trí chaibidlíocht nó trí aon mhodh síochánta eile dá rogha féin, lena n‑áirítear trí Chomhdháil na bPáirtithe, dá bhforáiltear in Airteagal 23, mír 2, fomhír e.
Airteagal 30 — Síniú agus teacht i bhfeidhm
(1)Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt le go síneoidh Ballstáit Chomhairle na hEorpa é mar aon leis na Stáit nach Ballstáit iad a bhí rannpháirteach ina dhréachtú agus an tAontas Eorpach.
(2)Tá an Coinbhinsiún seo faoi réir a dhaingnithe, a ghlactha nó a fhormheasta. Déanfar ionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasa a thaisceadh le hArdrúnaí Chomhairle na hEorpa.
(3)Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí i ndiaidh deireadh tréimhse 3 mhí tar éis an dáta a léireoidh cúig sínitheoir, lena n‑áirítear trí Bhallstát ar a laghad de Chomhairle na hEorpa, go dtoilíonn siad a bheith faoi cheangal ag an gCoinbhinsiún i gcomhréir le mír 2.
(4)Maidir le haon sínitheoir a chuirfidh in iúl ina dhiaidh sin go dtoilíonn sé a bheith faoi cheangal aige, tiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm an chéad lá den mhí i ndiaidh deireadh tréimhse 3 mhí tar éis an dáta a thaiscfear a ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó fhormheasa.
Airteagal 31 — Aontachas
(1)Tar éis don Choinbhinsiún seo teacht i bhfeidhm, féadfaidh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe sa Choinbhinsiún seo agus tar éis toiliú gach páirtí díobh a fháil, a iarraidh ar aon Stát nach Ballstát de Chomhairle na hEorpa é agus nach raibh páirteach i ndréachtú an Choinbhinsiúin, aontú don Choinbhinsiún seo trí chinneadh arna ghlacadh ag an tromlach dá bhforáiltear in Airteagal 20.d de Reacht Chomhairle na hEorpa, agus trí vóta d’aon toil ó ionadaithe na bpáirtithe atá i dteideal suí ar an gCoiste Airí.
(2)Maidir le haon Stát a aontaíonn don Choinbhinsiún, tiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí i ndiaidh deireadh tréimhse 3 mhí tar éis an dáta a thaiscfear an ionstraim aontachais le hArdrúnaí Chomhairle na hEorpa.
Airteagal 32 — Cur i bhfeidhm críochach
(1)Féadfaidh aon Stát nó an tAontas Eorpach, tráth an tsínithe nó tráth taiscthe a ionstraime daingniúcháin, glactha, formheasa nó aontachais, an chríoch nó na críocha a shonrú a mbeidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir leo.
(2)Féadfaidh aon Pháirtí, ar dháta níos déanaí, trí dhearbhú a bheidh dírithe chuig Ardrúnaí Chomhairle na hEorpa, cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo a leathnú chuig aon chríoch eile a bheidh sonraithe sa dearbhú. Maidir leis an gcríoch sin, tiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí i ndiaidh deireadh tréimhse 3 mhí tar éis an dáta a gheobhaidh an tArdrúnaí an dearbhú sin.
(3)Aon dearbhú a dhéanfar faoin dá mhír roimhe seo, féadfar é a tharraingt siar i ndáil le haon chríoch a shonraítear sa dearbhú sin trí fhógra arna dhíriú ar Ardrúnaí Chomhairle na hEorpa. Tiocfaidh an tarraingt siar in éifeacht an chéad lá den mhí i ndiaidh deireadh tréimhse 3 mhí tar éis an dáta a gheobhaidh an tArdrúnaí an fógra sin.
Airteagal 33 — Clásal cónaidhme
(1)Féadfaidh Stát cónaidhme an ceart a fhorchoimeád oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún seo a ghlacadh air féin, i gcomhréir lena phrionsabail bhunúsacha lena rialaítear an caidreamh idir an rialtas láir agus na comhstáit den chónaidhm nó eintitis chríochacha eile den sórt sin, ar choinníoll go mbeidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir le rialtas láir an Stáit cónaidhme.
(2)Maidir le forálacha an Choinbhinsiúin seo a dtagann a gcur i bhfeidhm faoi dhlínse comhstáit nó eintiteas críochach den chineál sin nach bhfuil sé d’oibleagáid orthu de réir chóras bunreachtúil na cónaidhme bearta reachtacha a ghlacadh, cuirfidh an rialtas cónaidhme údaráis inniúla na gcomhstát sin ar an eolas faoi na forálacha thuasluaite agus tabharfaidh sé a thuairim fhabhrach, agus spreagfaidh sé iad chun gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt leo.
Airteagal 34 — Forchoimeádais
(1)Trí fhógra i scríbhinn a bheidh dírithe ar Ardrúnaí Chomhairle na hEorpa, tráth an tsínithe nó tráth taiscthe a ionstraime daingniúcháin, glactha, formheasta nó aontachais, a dhearbhú go mbaineann sé leas as an bhforchoimeádas dá bhforáiltear in Airteagal 33, mír 1.
(2)Ní fhéadfar aon fhorchoimeádas eile a dhéanamh i leith an Choinbhinsiúin seo.
Airteagal 35 — Séanadh
(1)Féadfaidh aon Pháirtí, tráth ar bith, an Coinbhinsiún seo a shéanadh trí bhíthin fógra arna dhíriú ar Ardrúnaí Chomhairle na hEorpa.
(2)Tiocfaidh an séanadh sin in éifeacht an chéad lá den mhí i ndiaidh deireadh tréimhse 3 mhí tar éis an dáta a gheobhaidh an tArdrúnaí an fógra sin.
Airteagal 36 — Fógra
Tabharfaidh Ardrúnaí Chomhairle na hEorpa fógra faoin méid seo a leanas do Bhallstáit Chomhairle na hEorpa, na Stáit nach Ballstáit iad a ghlac páirt i ndréachtú an Choinbhinsiúin seo, an tAontas Eorpach, aon sínitheoir, aon Stát conarthach, aon Pháirtí agus aon Stát eile ar iarradh air aontú don Choinbhinsiún seo:
(a)aon síniú;
(b)taisceadh aon ionstraime daingniúcháin, glactha, formheasa nó aontachais;
(c)aon dáta a thagann an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 30, míreanna 3 agus 4, agus Airteagal 31, mír 2;
(d)aon leasú arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 agus an dáta a thiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm;
(e)aon dearbhú arna dhéanamh de bhun Airteagal 3, mír 1, fomhír b;
(f)aon fhorchoimeádas agus aon tarraingt siar forchoimeádais a dhéanfar de bhun Airteagal 34;
(g)aon séanadh a dhéanfar de bhun Airteagal 35;
(h)aon ghníomh, dearbhú, fógra nó teachtaireacht eile a bhaineann leis an gCoinbhinsiún seo.
Dá fhianú sin, chuir na daoine a bhfuil a síniú leis seo thíos, agus iad údaraithe go cuí chuige sin, a lámh leis an gComhaontú seo.
Arna dhéanamh [áit], an ... [mí] 202[4], i mBéarla agus i bhFraincis, agus an dá théacs chomh barántúil le chéile, in aon chóip amháin a thaiscfear i gcartlann Chomhairle na hEorpa. Tarchuirfidh Ardrúnaí Chomhairle na hEorpa cóipeanna deimhnithe do gach Ballstát de Chomhairle na hEorpa, na Stáit nach Ballstáit iad a ghlac páirt i ndréachtú an Choinbhinsiúin seo, an tAontas Eorpach, agus aon Stát a n‑iarrfar air aontú don Choinbhinsiún seo