AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.6.2024
COM(2024) 253 final
2024/0143(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
An 4 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 agus chuir sí Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 (an ‘Treoir um Chosaint Shealadach’) i ngníomh le haghaidh catagóirí áirithe daoine a easáitíodh an 24 Feabhra 2022 nó ina dhiaidh sin, mar thoradh ar an ionradh míleata a rinne fórsaí armtha na Rúise ar an Úcráin a thosaigh ar an dáta sin. De bhun Airteagal 4(1) den Treoir um Chosaint Shealadach, bliain amháin is ea ré tosaigh na cosanta sealadaí, agus féadfar é a fhadú go huathoibríoch ar feadh sé thréimhse mhíosúla suas le bliain amháin ar a mhéad. Cuireadh síneadh bliana leis an gcosaint shealadach go huathoibríoch go dtí an 4 Márta 2024.
De bhun Airteagal 4(2) den Treoir um Chosaint Shealadach, i gcás ina mbeidh na cúiseanna le cosaint shealadach fós ann, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh síneadh suas le bliain amháin a chur leis an gcosaint shealadach, le tromlach cáilithe agus ar thogra ón gCoimisiún, a dhéanfaidh scrúdú freisin ar aon iarraidh ó Bhallstát go gcuirfeadh sé togra faoi bhráid na Comhairle. Cuireadh síneadh bliana eile leis an gcosaint sealadach, go dtí an 4 Márta 2025.
Is é is cuspóir don togra sin síneadh bliana eile a chur leis an gcosaint shealadach a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 ón gComhairle. Beidh sé d’éifeacht aige sin go leanfar de chosaint shealadach a thabhairt i leith na gcatagóirí daoine a shainaithnítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 ón gComhairle, le haghaidh na tréimhse ón 5 Márta 2025 go dtí an 4 Márta 2026.
Tá breis agus 4,19 milliún duine a easáitíodh ón Úcráin, ar leanaí iad aon trian díobh, ag fáil cosaint shealadach san Aontas Eorpach faoi láthair. Líon na gclárúchán gníomhach, a léiríonn an líon daoine a fhaigheann cosaint shealadach i mBallstáit an Aontais, lean sé de bheith cobhsaí agus thart ar 4 mhilliún clárúchán i gceist leis, agus méadú beag leanúnach air (ó 4 mhilliún i mí Mheán Fómhair 2023 go dtí 4,19 milliún i mí na Bealtaine 2024). Is iad an Ghearmáin, an Pholainn agus an tSeicia na Ballstáit ina bhfuil an líon is mó tairbhithe de chosaint shealadach fós (breis agus 1,2 milliún sa Ghearmáin, beagnach 1 milliún sa Pholainn, agus beagnach 400 000 sa tSeicia). Ó bhí mí Mheán Fómhair 2023 ann, lean an líon cinntí faoinar tugadh cosaint shealadach de bheith cobhsaí agus 65 000 cinneadh ann in aghaidh na míosa, bíodh gur léiríodh treocht bheag laghdaitheach.
Ó cuireadh an Treoir um Chosaint Shealadach i ngníomh, tá iarrachtaí suntasacha déanta ag na Ballstáit ar thacú leis na daoine a easáitíodh ón Úcráin ionas go mbeidh sé níos éasca dóibh páirt a ghlacadh sa tsochaí óstach agus sa mhargadh saothair. Ina theannta sin, lean siad dá n‑iarrachtaí ar an acmhainneacht ghlactha agus an phleanáil theagmhasach a mhéadú. Tá gné láidir dlúthpháirtíochta fós ag baint le freagairt an Aontais ar fhogha na Rúise faoin Úcráin, ar an gcéad dul síos i leith na hÚcráine agus a muintire mar a léirítear in iarrachtaí na mBallstát agus a saoránach a bhfuil daoine easáitithe á n‑óstáil acu, agus ar an dara dul síos i measc na mBallstát, mar a léirítear lena gcinneadh cur i bhfeidhm Airteagal 11 den Treoir um Chosaint Shealadach a tharscaoileadh.
Tá an tArdán um Chlárú le haghaidh Cosaint Shealadach i bhfeidhm ón 31 Bealtaine 2022 chun deis a thabhairt do na páirtithe faisnéis a mhalartú chun a áirithiú gur féidir le daoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoin dlí náisiúnta tairbhe éifeachtach a bhaint as a gcearta i ngach Ballstát agus, san am céanna, aon mhí‑úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann a theorannú. Chun a dhea-fheidhmiú a áirithiú, tá sé tábhachtach sonraí a uaslódáil ann go tráthrialta agus obair leantach thapa a dhéanamh, nuair is gá sin, i gcás clárúcháin dhúbailte a bheith ann. Leanfaidh sé de bheith i mbun a chuid oibríochtaí fad agus a bheidh an chosaint shealadach i bhfeidhm. I ndáil leis sin, níl aon athrú ar a fheidhmiúlacht ag teastáil le haghaidh an tsínidh leis an gcosaint shealadach.
Ina theannta sin, ós rud é nach féidir le duine na cearta a ghabhann leis an gcosaint shealadach a fháil i níos mó ná Ballstát amháin in aon am amháin, daoine faoi chosaint shealadach a bhogann go dtí Ballstát eile chun an chosaint shealadach a fháil ansin, níor cheart go dtairbheoidís den chúnamh sóisialta in dhá Bhallstát ag an am céanna.
Ós rud é gur gá leanúint de chosaint a chur ar fáil, in éineacht leis an bhféidearthacht atá ag na tairbhithe cosaint shealadach a fháil ina rogha Ballstát, tá tionchar ar an gcóras glactha i gcuid de na Ballstáit, go háirithe iad siúd a bhfuil líon mór daoine faoi chosaint shealadach á n‑óstáil acu, mar aon leis an tionchar atá orthu mar gheall ar iad a bheith ag déileáil go comhuaineach le líon mór iarrthóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó le ganntanais tithíochta. I ndáil leis sin, as seo amach, tá sé tábhachtach leanúint de bheith ag obair i dtreo cothromaíocht níos fearr ó thaobh iarrachtaí de ó na Ballstáit. Leanfaidh an Coimisiún le dlúthfhaireachán a dhéanamh ar thionchar na nuatheachtaithe amach anseo ar acmhainneacht ghlactha na mBallstát. Tá an Coimisiún réidh freisin leis an idirphlé riachtanach ar an ábhar seo agus an obair leantach iomchuí a éascú. Is tosaíocht fós é féintuilleamaí na ndaoine easáitithe agus a n‑aistriú chuig cóiríocht fhadtéarmach a áirithiú.
I dteannta rochtain ar shraith ceart comhchuibhithe a thabhairt do na tairbhithe de chosaint shealadach, mar gheall ar ghníomhachtú na Treorach um Chosaint Shealadach, leantar de mhaolú a dhéanamh ar an riosca nach mbeidh na córais tearmainn in ann an sreabhadh isteach a phróiseáil gan éifeachtaí díobhálacha a bheith ann dá n‑oibríocht éifeachtúil.
Ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise, i gcomparáid leis an 4,19 milliún clárúchán le haghaidh chosaint sealadach na ndaoine a easáitíodh ón Úcráin, níor chuir náisiúnaigh den Úcráin ach 53 000 iarratas ar chosaint idirnáisiúnta isteach i mBallstáit den Aontas, san Iorua agus san Eilvéis. Agus na hiarratais sin fós ar leibhéil ísle i gcomparáid leis an meastachán tosaigh go bhféadfadh sé go ndéanfadh idir 1,2 agus 3,2 milliún duine iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, breathnaíodh gur ann do mhéadú coibhneasta ar an líon iarratas ar thearmann ó náisiúnaigh den Úcráin go dtí seo in 2024 (méadú 50 % i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh). Mar sin féin, léiríonn an líon teoranta ar an iomlán go bhfuil cuspóir na cosanta sealadaí bainte amach, lena n‑áirítear a sheachaint go gclisfí ar chórais tearmainn na mBallstát.
De réir an tsuirbhé ar rúin ó Ard Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) i mí Feabhra 2024, tá laghdú tagtha ar an sciar de dhaoine easáitithe a bhfuil sé beartaithe acu nó a bhfuil ag súil le filleadh ar an Úcráin amach anseo i gcomparáid leis an mbliain roimhe seo (ó 77 % go 64 %), agus tá méadú tagtha ar an sciar de dhaoine nach bhfuil cinnte faoi fhilleadh (ó 18 % go 24 %) agus ar an sciar de dhaoine nach bhfuil ag súil le filleadh (ó 5 % go 11 %). Tuairiscíonn an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) go bhfuil sé beartaithe ag tromlach mór na ndaoine a ndearna sé suirbhé orthu (74 %) filleadh ar an Úcráin nuair a bheidh sé sábháilte, má bhíonn sé sábháilte.
Ina theannta sin, de réir an staidéir chomhpháirtigh ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) agus ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíocha (ECFE), chuir 53 % de na freagróirí in iúl go raibh sé ar intinn acu filleadh ar an Úcráin tar éis an chogaidh, ach tá sciar suntasach díobh (30 %) fós neamhchinnte faoi. Tá 17 % díobh cinnte nach bhfillfidh siad agus bhí an imní maidir le sábháilteacht ina dtír thionscnaimh ina príomhchúis leis sin.
Deimhníonn na suirbhéanna sin nach féidir le daoine easáitithe ón Úcráin filleadh ar an Úcráin faoi dhálaí sábháilte marthanacha go fóill.
San Úcráin, leanann an Rúis dá cogadh foghach gan mhaolú. Ó bhí mí an Mhárta 2024 ann, cuimsíonn sé sin aer-ionsaithe iomadúla ar fud na tíre a bhí ina gcúis lena lán taismeach agus le damáiste suntasach, agus a raibh tionchar mór acu ar bhonneagar fuinnimh na tíre, rud a d’fhág go raibh gearrthacha cumhachta ann go forleathan agus gur scriosadh stáisiúin chumhachta.
Tá tionchar díreach ag na hionsaithe neamh‑idirdhealaitheacha a dhéanann an Rúis d’aon ghnó ar an bpobal sibhialta ar fud na tíre go léir agus ionsaithe aeir agus ladrann á ndéanamh thar na cathchriosanna seanbhunaithe nach n‑athraíonn mórán.
I mí an Mhárta 2024, measann IOM go bhfuil 3,6 milliúin duine easáitithe go hinmheánach (IDPanna) san Úcráin. Thuairiscigh 80 % de na teaghlaigh easáitithe go bhfuil siad easáitithe le bliain anuas ar a laghad. De réir na faisnéise a cuireadh ar fáil sa tríú Mearmheasúnú ar Dhamáiste agus ar Riachtanais (RDNA3), níl an clár stáit a thacaíonn le IDPanna inbhuanaithe go fioscach a thuilleadh. Ina theannta sin, tuairiscíodh gur tháinig méadú ar an mbochtaineacht agus ar neamhshlándáil bia in 2023. Tá iarmhairtí an chogaidh míchothrom, agus is iad mná, daoine faoi mhíchumas, leanaí agus daoine óga, daoine easáitithe go hinmheánach, agus daoine scothaosta is mó a bhíonn thíos leis.
Measann Ard‑Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA) go bhfuil, ó bhí mí na Nollag 2023 ann, cúnamh daonnúil práinneach ag teastáil ó breis agus 14,6 milliún duine sa tír in 2024.
D’fhéadfadh an staid mhíshocair mar aon leis an gcruachás daonnúil san Úcráin a bheith ina cúis freisin le tuilleadh daoine a bheith ag teacht isteach san Aontas ar scála mór, rud a d’fhágfadh go mbeadh an gá ann le cosaint a thabhairt do níos mó daoine easáitithe.
Léiríonn an éiginnteacht agus an mhíshocracht atá san Úcráin faoi láthair nach bhfuil aon réiteach i ndán do na tairbhithe de chosaint shealadach atá i mBallstáit an Aontais faoi láthair. Ní mór na daoine sin a chosaint fós laistigh den Aontas. Ar an gcaoi chéanna, dá dtiocfadh deireadh go luath leis an gcosaint shealadach agus dá n‑iarrfadh na daoine sin go léir cosaint idirnáisiúnta san am céanna, bheadh oibriú éifeachtúil na gcóras náisiúnta tearmainn i mbaol freisin.
I bhfianaise na bhforbairtí thuasluaite, measann an Coimisiún go bhfuil na cúiseanna le cosaint shealadach ann i gcónaí agus gur cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an gcosaint shealadach mar fhreagairt riachtanach iomchuí ar an staid reatha. Ba cheart an síneadh ama a ghlacadh a luaithe is féidir agus go ceann bliana eile, i.e. don tréimhse ón 5 Márta 2025 go dtí an 4 Márta 2026, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Treoir um Chosaint Shealadach. Is é is aidhm don mhéid sin a áirithiú go gcuirfear an oiread cobhsaíochta agus ionchais agus is féidir ar fáil do dhaoine a easáitíodh ón Úcráin agus atá á n‑óstáil i mBallstáit an Aontais faoi na cúinsí atá ann faoi láthair.
Thairis sin, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit na bearta riaracháin agus dlíthiúla is gá dhéanamh (amhail ceadanna cónaithe a athnuachan) chun gur féidir leo ullmhú don síneadh leis an gcosaint shealadach.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra seo go hiomlán i gcomhréir le acquis tearmainn an Aontais Eorpaigh ós rud é gur dlúthchuid den Chomhchóras Eorpach Tearmainn í an Treoir um Chosaint Shealadach agus rinneadh foráil maidir leis chun aghaidh a thabhairt ar chás urghnách d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe mar atá faoi láthair de bharr ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin. Tá sé go hiomlán comhsheasmhach freisin le cuspóir an Aontais Eorpaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú a bheadh ar oscailt dóibh siúd, nach bhfuil an dara rogha acu, a lorgaíonn cosaint go dlisteanach san Aontas Eorpach.
Tá eilimintí an togra i gcomhréir freisin leis na gníomhartha dlí atá sa Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann arna nglacadh le déanaí. D’aontaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle an Treoir um Chosaint Shealadach a choinneáil mar chuid den bhosca uirlisí atá ar fáil don Aontas le haghaidh cásanna ina bhfuil líon ollmhór daoine ag teacht isteach. Is léir gur uirlis fhíor-riachtanach í an Treoir um Chosaint Shealadach chun cosaint láithreacht a chur ar fáil san Aontas. Ag an gcéim seo, leanann sí de bheith ar an ionstraim is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an easáitiú arb é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine is cúis leis.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo go hiomlán comhsheasmhach leis an ngá atá ann ligean do na Ballstáit iarratais ionchasacha ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil ar bhealach ordúil nach bhfágfadh go gclisfear ar a gcórais tearmainn agus leanúint d’fhoráil a dhéanamh do na bearta is gá i gcás insreabhadh ollmhór Úcránach easáitithe lena seachnófar cliseadh ar chórais tearmainn na mBallstát. Tá sé comhsheasmhach freisin le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais. Tá an togra seo i gcomhréir freisin le bearta srianta an Aontais agus gníomhaíochtaí eile a glacadh freisin mar fhreagairt ar fhogha na Rúise faoin Úcráin. Is cuid é an togra seo de shraith chuimsitheach gníomhaíochtaí de chuid an Aontais lena bhfreagraítear ar an gcogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 4(2) de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta i leith cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe an bunús dlí don togra, ós rud é gur ann go fóill do na cúiseanna le cosaint shealadach. Fágann sé sin gur féidir bearta a dhéanamh lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Bhallstáit ó thaobh na ndaoine sin a ghlacadh agus ó thaobh déileáil leis na hiarmhairtí a thagann as sin.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Le Teideal V de CFAE maidir leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, tugtar cumhachtaí áirithe don Aontas Eorpach i leith na n‑ábhar sin. Ní mór na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i.e. murar féidir, agus a mhéid nach féidir, leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe a ghnóthú go leordhóthanach ina n‑aonar, agus dá bhrí sin, gur fearr is féidir leis an Aontas Eorpach iad a ghnóthú de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe.
An staid san Úcráin mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise, tá tionchar aici fós ar an Aontas ina iomláine. Mar gheall air sin, thug an tAontas Eorpach freagairt aontaithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Léiríonn sé sin go bhfuil gá fós le réitigh ón Aontas agus le tacaíocht ón Aontas chomh maith le comhordú láidir ar leibhéal an Aontais, ós rud é go bhfuil gá leanúnach ann do na Ballstáit uile an staid a fhreagairt go héifeachtach le chéile agus a áirithiú go gcuirfear na caighdeáin chéanna agus sraith chomhchuibhithe ceart i bhfeidhm ar fud an Aontais le haghaidh an 4,19 milliún duine atá á n‑óstáil san Aontas faoi láthair. I dteannta an insreabhaidh mhóir atá ann i gcónaí, ní féidir a chur as an áireamh go dtiocfaidh tuilleadh daoine isteach ar scála mór mar gheall ar mhíshocracht na staide atá ann san Úcráin faoi láthair. Is léir nach leor bearta a ghlacfadh Ballstáit aonair chun aghaidh a thabhairt go sásúil ar an ngá atá le cur chuige coiteann ar fud an Aontais i leith dúshlán ar léir gur dúshlán coiteann é don Aontas ar fad.
Ní féidir leis na Ballstáit cur chuige coiteann den sórt sin a bhaint amach go leordhóthanach ina n‑aonar agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Chinnidh Cur Chun Feidhme seo ón gComhairle atá beartaithe, is fearr is féidir é a bhaint amach agus a chomhordú ar leibhéal an Aontais, mar atá curtha in iúl ag na Ballstáit féin freisin. Dá bhrí sin ní mór don Aontas gníomhú, agus féadfaidh sé bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
•Comhréireacht
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach é, foráiltear sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle atá beartaithe maidir le síneadh ar an gcosaint shealadach le haghaidh tréimhse teoranta ama, i.e. bliain amháin maidir leis an ngrúpa sonrach daoine a bhfuil feidhm aige maidir leis cheana féin.
Tá an beart atá beartaithe teoranta don mhéid is gá i bhfianaise scála agus thromchúis na staide san Úcráin, staid a fhágann nach féidir le thart ar 4,19 milliún duine easáitithe atá i mBallstáit an Aontais faoi láthair filleadh ar an Úcráin i ndálaí sábháilte marthanacha. Ina theannta sin, is freagairt chomhréireach é an síneadh sin freisin i bhfianaise na staide reatha, ós rud é gur a bhuí leis an gcosaint shealadach a cosnaíodh córais tearmainn na mBallstát ar ró‑ualach a bheith orthu mar gheall ar líon mór iarratas ó dhaoine atá ag teacht isteach i mBallstáit an Aontais.
•An rogha ionstraime
Le hAirteagal 4(2) den Treoir um Chosaint Shealadach, ní mór Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle a ghlacadh chun síneadh suas le bliain amháin a chur leis an gcosaint shealadach, i gcás ina bhfuil cúiseanna le cosaint shealadach fós ann.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Ceapadh beartais fianaise-bhunaithe
Leanann Líonra AE an Treoirphlean um Ullmhacht agus Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an imirce, agus fócas ar leith aige ar an Úcráin, agus an tArdán Dlúthpháirtíochta don Úcráin de bheith i mbun a gcuid oibríochtaí agus é mar aidhm acu faoi seach feasacht staide choiteann a chur ar fáil maidir leis na himpleachtaí imirce a bhaineann le hionradh mórscála na Rúise ar an Úcráin agus maidir le hullmhacht na mBallstát, agus freagairt chomhordaithe a chur ar fáil ar an ngéarchéim trí mhalartuithe rialta. Sa chomhthéacs sin, pléadh sa dá fhóram an chaoi le méadú a dhéanamh ar an ullmhacht fhoriomlán ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear pleanáil theagmhasach. Tá faisnéis agus sonraí maidir leis an staid atá ann faoi láthair agus maidir le gluaiseachtaí daoine á mbailiú an t‑am ar fad. Leanann an tArdán um Chlárúchán le haghaidh Cosaint Shealadach de bheith ag plé conas is féidir faisnéis a mhalartú ar bhealach cuí idir na Ballstáit maidir le tairbhithe de chosaint shealadach agus tairbhithe den chosaint leordhóthanach atá ar fáil faoin dlí náisiúnta, agus, san am céanna, clárúcháin dhúbailte a bhrath laistigh den Bhallstát céanna agus ar fud Bhallstáit an Aontais.
Ina theannta sin, déanann an Coimisiún Eorpach agus eagraíochtaí amhail an Banc Domhanda agus na Náisiúin Aontaithe, chomh maith le Rialtas na hÚcráine measúnú rialta ar an staid san Úcráin. Foilsíonn an Banc Domhanda tuarascálacha ar Mear-mheasúnú ar Dhamáiste agus ar Riachtanais na hÚcráine.
Ó thosaigh an cogadh, tá obair déanta ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce chun tuiscint níos fearr a chur ar fáil ar chás na ndaoine easáitithe agus chun easáitiú inmheánach san Úcráin agus sreabha soghluaisteachta a rianú, chomh maith le faireachán a dhéanamh trí shuirbhéanna ar a bhfuil ar intinn acu siúd atá ag teitheadh ón gcogadh agus acu siúd a thrasnaíonn an teorainn ar ais go dtí an Úcráin, agus trí mheasúnú ar dhálaí fillidh. Tá faisnéis á foilsiú go rialta ag UNHCR maidir lena bhfuil ar intinn ag daoine a easáitíodh ón Úcráin agus a bpeirspictíochtaí (tá daoine a easáitíodh go hinmheánach san áireamh san fhaisnéis sin freisin). Léiríonn suirbhéanna agus cáipéisí ó na heagraíochtaí idirnáisiúnta thuasluaite go bhfuil an staid reatha fós míshocair agus éiginnte, rud a fhágann nach féidir filleadh i ndálaí sábháilte marthanacha. I mí Aibreáin 2024, measann UNHCR go ndearnadh 6,4 milliún duine ar a dteitheadh ón Úcráin a thaifeadadh ar fud an domhain.
•Comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, agus bailiú agus úsáid saineolais
Chun faisnéis atá bunaithe ar fhianaise a bhailiú, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go tráthrialta leis an Líonra AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce, le húdaráis Bhallstáit an Ardáin Dlúthpháirtíochta, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus le Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, le húdaráis na hÚcráine agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus malartuithe á gcoinneáil ar bun acu le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ag an am céanna.
I gcomhar le huachtaránachtaí rothlacha Chomhairle an Aontais Eorpaigh, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit maidir lena bhfuil i ndán don chosaint shealadach tar éis mhí an Mhárta 2025, agus rinne sé amhlaidh ar leibhéal na n‑airí agus i gCoiste Straitéiseach na Comhairle um Inimirce, Teorainneacha agus Tearmann (SCIFA) chomh maith i mí na Samhna 2023, agus sa Mheitheal um Thearmann i mí an Mhárta 2024, áit ar chuir na Ballstáit i dtábhacht go raibh gá le síneadh a chur leis an gcosaint shealadach a luaithe is féidir. Tharla idirphlé comhthreomhar agus comhlántach san Ardán Dlúthpháirtíochta agus chuir na Ballstáit in iúl d’aon toil gur gá síneadh a chur leis an gcosaint shealadach go ceann bliain bhreise chun freagairt choiteann Eorpach a choinneáil ar bun, chun soiléireacht a thabhairt do thairbhithe agus chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit tabhairt faoi na céimeanna riaracháin agus dlíthiúla is gá ar an leibhéal náisiúnta (amhail ceadanna cónaithe a athnuachan). Go comhthreomhar, bhí teagmháil rialta ag an Coimisiún le húdaráis na hÚcráine chun faisnéis a bhailiú maidir leis an staid mar atá ar an láthair. San am céanna, tá machnamh fós á dhéanamh ar an ngá atá leis na dálaí a chruthú chun aistriú rianúil ó chosaint shealadach go stádais dhlíthiúla náisiúnta mhalartacha a áirithiú. Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir um Chosaint Shealadach, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go sonrach le UNHCR, a rinne measúnú ar an staid agus a chuir ionchur ábhartha ar fáil, agus a rinne suirbhéanna ar a bhfuil ar intinn ag daoine easáitithe. I mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2024, d’fhoilsigh an Chomhairle Eorpach um Dhídeanaithe agus um Dheoraithe (ECRE) agus 140 eagraíocht eile de chuid na sochaí sibhialta tuarascáil agus ráiteas comhpháirteach faoi seach maidir le staid na ndaoine easáitithe ón Úcráin, inar iarradh, i measc nithe eile, ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar shíneadh breise a chur leis an gcosaint shealadach.
•Cearta bunúsacha
Leis an togra seo, urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear Coinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 maidir le stádas dídeanaithe, arna leasú le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ó thosaigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, freastalaíodh ar na riachtanais chistiúcháin a bhaineann le cur i bhfeidhm na Treorach um Chosaint Shealadach laistigh de bhuiséad na n‑ionstraimí cistiúcháin AE atá ann cheana faoin tréimhse 2014-2020 agus 2021-2027, go háirithe faoin mBeartas Comhtháthaithe.
Chuir sé sin ar chumas na mBallstát rochtain a bheith acu ar chistí nár caitheadh agus iad a atreorú go pras faoi chláir 2014-2020 i dtreo riachtanais phráinneacha imirce agus bainistithe teorann a d’eascair as an líon mór daoine ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin a bhí ag teacht isteach san Aontas. Ina theannta sin, chomhaontaigh an t‑údarás buiséadach treisiú spriocdhírithe EUR 152 mhilliún agus úsáideadh é mar chuid den phacáiste cúnaimh éigeandála dar luach EUR 400 milliún chun tacú leis na Ballstáit is mó a bhí buailte le riachtanais ghlactha tosaigh a bhí nasctha leis an sreabhadh ard daoine easáitithe ón Úcráin. Rannchuidíonn cláir Chistí Gnóthaí Baile 2021-2027 faoi AMIF, IBTV agus ISF freisin ó thaobh riachtanais mhaoiniúcháin na mBallstát atá nasctha le cur i bhfeidhm na Treorach um Chosaint Shealadach a chomhlíonadh. Ar an iomlán, leithdháileadh EUR 9,4 billiún ar na cláir náisiúnta ar dtús, agus leithdháilfear cionroinnt bhreise EUR 1,9 billiún in 2025 de thoradh athbhreithniú meántéarma na gclár. Ar deireadh, i mí Feabhra 2024, comhaontaíodh méadú EUR 2 bhilliún ar na hacmhainní le haghaidh Cheannteideal 4 don tréimhse 2025-2027 i gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI). Leis na hacmhainní breise sin, tacófar leis na Ballstáit ó thaobh dúshláin agus riachtanais phráinneacha a bhainistiú i ndáil leis an imirce agus bainistiú teorainneacha sna Ballstáit atá ar an líne thosaigh agus sna Ballstáit a bhfuil tionchar orthu mar gheall ar an gcogadh san Úcráin agus sa Mheánoirthear, agus ó thaobh chur chun feidhme an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann de, lena n‑áirítear nósanna imeachta nua um theorainneacha.
5.EILIMINTÍ EILE
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Le hAirteagal 1 bunaítear an síneadh bliana amháin (ón 5 Márta 2025 go dtí an 4 Márta 2026) a chuirfear le cosaint shealadach do dhaoine atá easáitithe ón Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle.
Le hAirteagal 2, bunaítear dáta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.
2024/0143 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Bhallstáit ó thaobh na daoine sin a ghlacadh agus ó thaobh déileáil leis na hiarmhairtí a thagann as sin, agus go háirithe Airteagal 4(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An 4 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach.
(2)I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Threoir 2001/55/CE, bhí feidhm ag an gcosaint shealadach den chéad uair ar feadh tréimhse tosaigh bliana, go dtí an 4 Márta 2023, agus ansin cuireadh síneadh bliana breise léi go huathoibríoch go dtí an 4 Márta 2024.
(3)An 19 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 lena mbunaítear an síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 go dtí an 4 Márta 2025, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Treoir.
(4)I gcomhthéacs chur i ngníomh Threoir 2001/55/CE, chomhaontaigh na Ballstáit d’aon toil i ráiteas gan Airteagal 11 den Treoir a chur i bhfeidhm maidir le daoine a bhfuil cosaint shealadach acu i mBallstát ar leith i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 ón gComhairle agus a bhogann go dtí Ballstát eile gan údarú, ach amháin má chomhaontaíonn na Ballstáit a mhalairt ar bhonn déthaobhach.
(5)Ós rud é nach féidir le duine na cearta a ghabhann leis an gcosaint shealadach a fháil i níos mó ná Ballstát amháin in aon am amháin, daoine faoi chosaint shealadach a bhogann go dtí Ballstát eile chun an chosaint shealadach a fháil ansin, níor cheart go dtairbheoidís den chúnamh sóisialta in dhá Bhallstát ag an am céanna.
(6)Tá thart ar 4,19 milliún duine easáitithe ón Úcráin ag fáil cosaint shealadach san Aontas faoi láthair. D’fhan líon foriomlán na gclárúchán de dhaoine a bhfuil cosaint shealadach acu cobhsaí ag thart ar 4,19 milliún duine agus é ag dul i méid beagán an t‑am ar fad, agus is beag duine a thuairiscigh go ndeachaigh sé abhaile chun na hÚcráine ar bhonn buan. Ní fhágann an staid san Úcráin gur féidir leis na daoine easáitithe filleadh ar an Úcráin i ndálaí sábháilte marthanacha. Measann an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, i mí an Mhárta 2024, go bhfuil 3,6 milliún duine easáitithe laistigh den Úcráin. Thuairiscigh 80 % de na daoine a easáitíodh go hinmheánach go raibh siad easáitithe le bliain amháin nó níos mó anuas. Mheas Ard‑Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA) go bhfuil cúnamh daonnúil práinneach ag teastáil ó breis agus 14,6 milliún duine san Úcráin in 2024.
(7)Thairis sin, ní féidir a chur as an áireamh go dtiocfaidh tuilleadh daoine isteach ar scála mór mar gheall ar an gcruachás daonnúil, ar an míshocracht i gcoitinne agus ar éiginnteacht na staide san Úcráin de thoradh gníomhaíochtaí naimhdeacha na Rúise, lena n‑áirítear aerionsaithe níos géire atá á ndéanamh go mion minic ar fud na tíre in aghaidh sibhialtach. Tá baol ann go dtiocfaidh géarú ar chúrsaí fós. An tráth céanna, dá dtiocfadh deireadh go luath leis an gcosaint shealadach agus dá ndéanfadh na tairbhithe sin go léir iarratas ar chosaint idirnáisiúnta san am céanna, bheadh oibriú éifeachtúil na gcóras náisiúnta tearmainn i mbaol.
(8)Ós rud é nach dócha go dtiocfaidh laghdú ar líon ard na ndaoine easáitithe san Aontas a thairbhíonn de chosaint shealadach fad a leanfaidh an cogadh in aghaidh na hÚcráine ar aghaidh, is gá síneadh a chur leis an gcosaint shealadach chun aghaidh a thabhairt ar chás na ndaoine sin a fhaigheann cosaint shealadach san Aontas faoi láthair nó a mbeidh cosaint den sórt sin de dhíth orthu ón 5 Márta 2025 ar aghaidh, toisc go bhforáiltear léi maidir le cosaint láithreach agus do rochtain láithreach ar thacar comhchuibhithe ceart agus, ag an am céanna, go laghdaítear léi foirmiúlachtaí a mhéid is féidir i gcás insreabhadh ollmhór san Aontas. Le síneadh a chur leis an gcosaint shealadach, cuideofar freisin lena áirithiú nach gclisfear ar chórais tearmainn na mBallstát mar gheall ar mhéadú suntasach ar líon na n‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a d’fhéadfadh daoine a fhaigheann cosaint shealadach go dtí an 4 Márta 2025 a chur isteach, dá dtiocfadh deireadh le cosaint shealadach faoin am sin nó a d’fhéadfadh daoine ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin a thiocfadh isteach san Aontas tar éis an dáta sin agus roimh an 4 Márta 2026 a chur isteach.
(9)Dá bhrí sin, i bhfianaise gur ann fós do na cúiseanna leis an gcosaint shealadach, ba cheart síneadh a chur leis an gcosaint shealadach i gcás na gcatagóirí daoine easáitithe dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 go dtí an 4 Márta 2026.
(10)Urramaíonn an Cinneadh seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
(11)Tá Éire faoi cheangal ag Treoir 2001/55/CE agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh agus i gcur chun feidhme an Chinnidh Cur Chun Feidhme seo.
(12)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh Cur Chun Feidhme seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An chosaint shealadach a thugtar do dhaoine a easáitíodh ón Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 agus ar cuireadh síneadh léi le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409, cuirtear síneadh bliana amháin eile léi go dtí an 4 Márta 2026.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán